29 1968


Uimhir 29 de 1968


AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1968

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1939 GO 1966. [23 Iúil, 1968.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Míniú.

1959, Uimh. 27 .

1. —San Acht seo ciallaíonn “Acht 1959” an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1959 .

Méadú ar dheontais neamhinaisíoctha áirithe do Bhord Fáilte Éireann.

1966, Uimh. 3 .

2. —Ní rachaidh méiid comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire Iompair agus Cumhachta a íoc le Bord Fáilte Éireann chun Bord Fáilte Éireann do thabhairt deontais le haghaidh cóiríocht saoire a fhorbairt thar £5,500,000 agus, dá réir sin, déanfar alt 2 (1) (b) d'Acht 1959 a fhorléiriú ionann is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime £3,000,000 a luaitear sa mhír sin agus a cuireadh isteach le halt 6 (1) (b) den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1966 .

Aisghairm ar alt 2 (4) d'Acht 1959.

3. —Aisghairtear leis seo alt 2 (4) d'Acht 1959.

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1968 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1968, a ghairm de na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1966, agus den Acht seo le chéile.