|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 25 de 1969 | ||
[EN] |
AN tACHT GRAÍ NÁISIÚNTA, 1969 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT GRAÍ NÁISIÚNTA, 1945 AGUS 1953. [30 Iúil, 1969.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Groighe Náisiúnta, 1945 . |
[EN] | (2) Forléireofar na hAchta Graí Náisiúnta, 1945 agus 1953, agus an tAcht seo mar aon Acht amháin. | |
[EN] |
Scairchaipiteal na Cuideachta a mhéadú. |
2. —Méadaítear leis seo scairchaipiteal na Cuideachta go dtí dhá mhilliún punt, agus beidh éifeacht dá réir sin ag fo-alt (2) d'alt 11 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 2 den Acht Graí Náisiúnta, 1953 , ach tagairt don tsuim sin a chur in ionad na tagartha do chúig céad míle punt. |
[EN] |
Méadú ar an teorainn leis an méid a gheobhaidh an Chuideachta ar iasacht. |
3. —(1) Ní mó ná dhá chéad míle punt an méid iomlán a gheofar ar iasacht faoi alt 24 den Phríomh-Acht agus a bheidh gan aisíoc. |
[EN] | (2) Beidh éifeacht dá réir sin ag an alt sin ach tagairt do dhá chéad míle punt a chur in ionad na tagartha do chéad míle punt nó don mhéid de scairchaipiteal údaraithe na Cuideachta nach bhfuil eisithe (cibé acu is lú). | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
4. —(1) Féadfar an tAcht Graí Náisiúnta, 1969 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Graí Náisiúnta, 1945 go 1969, a ghairm de na hAchta Graí Náisiúnta, 1945 agus 1953, agus den Acht seo le chéile. |