|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 31 de 1969 | ||
[EN] |
AN tACHT IOMPAIR, 1969 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE I dTAOBH IOMPAIR. | ||
[24 Nollaig, 1969.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Leasú ar alt 4 den Acht Iompair, 1964 . |
1. —Leasaítear leis seo alt 4 (1) den Acht Iompair, 1964 , trí “seacht milliún déag punt” a chur in ionad “sé mhilliún punt”. |
[EN] |
Deontais neamhinaisíoctha a íoc le Córas Iompair Éireann. |
2. —Íocfaidh an tAire Iompair agus Cumhachta, cibé tráthanna a chinnfidh an tAire Airgeadais, le Córas Iompair Éireann, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontais neamhinaisíoctha a mbeidh cibé méid iontu a chinnfidh an tAire Airgeadais agus nach mó ná £642,460 sa chomhiomlán. |
[EN] |
Caiteachais. |
3. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Iompair agus Cumhachta ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
[EN] |
Gearrtheideal. |
4. —Féadfar an tAcht Iompair, 1969 , a ghairm den Acht seo. |