32 1969


Uimhir 32 de 1969


AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1969

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM AN ÚDARÁS FORBARTHA TIONSCAIL, 1950 , NA nACHTANNA UM LIMISTÉIR NEAMHFHORBARTHA, 1952 GO 1969, AGUS NA nACHTANNA UM DHEONTAIS TIONSCAIL, 1959 GO 1969, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [24 Nollaig, 1969.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1969 , a ghairm den Acht seo.

Mínithe.

1950, Uimh. 29 .

1952, Uimh. 1 .

1966, Uimh. 12 .

1941, Uimh. 23 .

2. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1950” an tAcht um an Údarás Forbartha Tionscail, 1950 ;

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht um Limistéirí Neamhfhorbartha, 1952 ;

ciallaíonn “Acht 1966” an tAcht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1966 ;

ciallaíonn “an tUdarás” an tUdarás Forbartha Tionscail;

ciallaíonn “sócmhainní dochta” innealra, gléasra, trealamh, talamh, foirgnimh, seirbhísí agus oibreacha eile de chuid nó le haghaidh gnóthais tionscail;

folaíonn “gnóthas tionscail” gnóthas atá coimhdeach do thionscal;

folaíonn “talamh” measaístí, tionóntáin agus oidhreachtáin, tithe agus foirgnimh faoi aon tionacht;

tá le “údarás áitiúil” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.

Tosach feidhme.

3. —(a) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó orduithe ón Aire, i gcoitinne nó faoi threoir críche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo.

(b) Aon ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

Aisghairm.

4. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear i gcolún (1) den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin.

Caiteachais.

5. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Limistéir ainmnithe.

6. —(1) Is limistéar ainmnithe chun críocha an Achta seo gach limistéar acu seo a leanas—

(a) na limistéir chúnga mar a mhínítear in alt 3 d'Acht 1952,

(b) limistéar ar dearbhaíodh, roimh thosach feidhme an ailt seo, le hordú faoi alt 3 d'Acht 1952 gur limistéar é lenar bhain an tAcht sin,

(c) limistéar a ndearbhóidh an tAire ó am go ham le hordú, le toiliú an Aire Airgeadais, gur limistéar ainmnithe é.

(2) Féadfaidh ordú faoin alt seo a dhearbhú gur limistéar ainmnithe ar feadh cibé tréimhse a shonrófar san ordú aon limistéar áirithe.

(3) Aon ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

CUID II

Forálacha a Bhaineann Leis an bhForas Tionscal a Dhíscaoileadh

An Foras Tionscal a dhíscaoileadh.

7. —Díscaoiltear leis seo de bhua an ailt seo An Foras Tionscal (dá ngairtear an Bord díscaoilte sa Chuid seo den Acht agus sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo).

Cumhachtaí, feidhmeanna, etc., a aistriú chun an Údaráis Forbartha Tionscail.

8. —Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, aistrítear leis seo chun an Údaráis na cumhachtaí, na feidhmeanna agus na cearta a tugadh don Bhord díscaoilte leis na hAchtanna um Limistéir Neamhfhorbartha, 1952 go 1969, agus leis na hAchtanna um Dheontais Tionscail, 1959 go 1969, agus na dualgais agus na dliteanais a d'fhorchuir na hAchtanna sin ar an mBord díscaoilte.

Forálacha a leanfaidh an díscaoileadh.

9. —Beidh éifeacht ag an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir leis an díscaoileadh a dhéantar leis an gCuid seo den Acht seo.

Scéimeanna aoisliúntas a fhoirceannadh.

10. —(1) Féadfaidh an tAire, ar thosach feidhme agus tar éis tosach feidhme na Coda seo den Acht seo le rialacháin arna ndéanamh le toiliú an Aire Airgeadais, socrú a dhéanamh chun scéim a rinneadh faoi alt 6 d'Acht 1966 a fhoirceannadh.

(2) Féadfaidh cibé forálacha iarmartacha nó coimhdeacha is dóigh leis an Aire is gá a bheith i rialacháin faoin alt seo.

(3) Aon rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

CUID III

An tÚdarás Forbartha Tionscail

Caibidil I

Forálacha Ginearálta

Feidhmeanna breise de chuid an Údaráis.

11. —I dteannta na bhfeidhmeanna a shanntar dó le halt 3 d'Acht 1950, beidh na feidhmeanna ginearálta seo a leanas ag an Údarás—

(i) gníomhú faoin Aire mar chomhlacht ar a bhfuil freagracht náisiúnta chun forbairt tionscail a chur ar aghaidh;

(ii) cibé deontais agus saoráidí airgeadais eile le hagaidh tionscail a sholáthar agus a riaradh a bheidh údaraithe dó ag an Oireachtas a sholáthar agus a riaradh;

(iii) eastáit tionscail agus foirgnimh mhonarchan (seachas cinn ag Aerfort Neamhchustam na Sionna) mar aon le saoráidí comhlacha na n-eastát agus na bhfoirgneamh sin a fhorbairt, a dhéanamh, a chothabháil agus a riaradh;

(iv) tithíocht a sholáthar agus shocrú d'fhostaithe tionscail i gcás inar dóigh leis an Údarás gur gá sin;

(v) an cuspóir náisiúnta, forbairt réigiúnach tionscail, a chothú.

Forbairt réigiúnach a chur chun cinn.

12. —Féadfaidh an tUdarás, ag feidhmiú a fheidhmeanna dó, aird a bheith aige ar a mhéid a fhónfaidh gnóthas tionscail cuspóirí náisiúnta i leith forbartha réigiúnaigh a chur chun cinn.

Srian le halt 5 d'Acht 1950.

13. —Ní bhainfidh alt 5 d'Acht 1950, a bhaineann le cumhacht an Údaráis finnéithe a thoghairm, leis na feidhmeanna a thugtar don Údarás leis an Acht seo.

Ní thabharfaidh an tUdarás deontais i leith gnóthas ag Aerfort Neamhchustam na Sionna.

14. —Ní thabharfaidh an tUdarás deontas i leith gnóthas tionscail a bhunú, a fhorbairt nó a chothabháil ag Aerfort Neamhchustam na Sionna.

An tUdarás do sholáthar láithreán agus seirbhísí le haghaidh forbartha tionscail.

15. —(1) Féadfaidh an tUdarás láithreáin, foirgnimh, seirbhísí agus saoráidí a sholáthar in aon chuid den Stát (seachas ag Aerfort Neamhchustam na Sionna) a measann an tUdarás nó a bhfuil coinne ag an Údarás go dtiocfaidh nó gur dóigh go dtiocfaidh forbairt tionscail chun cinn ann.

(2) Féadfaidh an tUdarás na cumhachtaí a thugtar don Fhoras Tionscal le halt 5 d'Acht 1952 agus atá dílsithe don Údarás de bhua Chuid II den Acht seo a fheidhmiú chun críocha fho-alt (1) den alt seo in aon chuid den Stát seachas Aerfort Neamhchustam na Sionna.

An tUdarás do sholáthar tithíochta d'oibrithe tionscail.

16. —(1) Féadfaidh an tUdarás tithíocht a sholáthar, agus socrú a dhéanamh chun tithíocht a sholáthar, a bheidh ceaptha chun a áitithe ag oibrithe tionscail agus, chun na críche sin, tailte a cheannach, a léasadh nó a dhíol, fóirdeontais a thabhairt i leith cíosanna agus gach ní a dhéanamh is gá nó atá coimhdeach maidir leis an soláthar sin.

(2) Féadfaidh an tUdarás a fheidhmeanna a fheidhmiú faoin alt seo trí chomhshocraíocht leis an nGníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta, le húdarás áitiúil nó le tionscal arb i ndáil leis a bheifear ag soláthar na tithíochta nó iad a fheidhmiú trí mheán na Gníomhaireachta Foirgníochta Náisiúnta Teoranta, údaráis áitiúil nó thionscail den sórt sin.

Deontais a íoc leis an Údarás.

1956, Uimh. 48 .

1959, Uimh. 26 .

17. —(1) Féadfaidh an tAire, gach bliain airgeadais, deontais a mbeidh cibé méid iontu a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais a íoc leis an Údarás as airgead a sholáthróidh an tOireachtas chun a chumasú don Údarás—

(a) a chaiteachais riaracháin agus a chaiteachais ghinearálta a íoc, agus

(b) chun na hoibleagáidí agus na dliteanais a ghlanadh a thabhóidh an tUdarás faoin Acht seo nó ar shlí eile, lena n-áirítear aon oibleagáidí nó dliteanais a thabhófar de dhroim aon aistriú faoin Acht seo ar chumhachtaí nó feidhmeanna.

(2) Ní rachaidh comhiomlán na ndeontas ón Údarás faoin Acht um Dheontais Tionscail, 1956, agus na ndeontas (seachas deontais faoi alt 12 d'Acht 1952) ón bhForas Tionscal agus ón Aire faoi na hAchtanna um Limistéir Neamhfhorbartha, 1959 go 1969, agus na hAchtanna um Dheontais Tionscail, 1959 go 1969, agus ón Údarás faoin Acht seo, agus na n-íocaíochtaí ón bhForas Tionscal agus ón Aire ar scór ráthaíochtaí a thug an Foras Tionscal agus an tAire faoin Acht um Dheontais Tionscail, 1959 , agus na n-íocaíochtaí ón Údarás ar scór ráthaíochta faoin Acht seo agus na n-íocaíochtaí ón bhForas Tionscal nó ón Údarás faoi alt 4 d'Acht 1966 agus na n-íocaíochtaí ón Údarás faoi alt 15 den Acht seo, thar £100,000,000.

(3) Ní rachaidh comhiomlán na ndeontas faoi alt 12 d'Acht 1952, faoi alt 3 den Acht um Dheontais Tionscail, 1952, agus faoi fho-alt (1) (b) den alt seo thar £100,000,000.

Cumhachtaí áirithe a aistriú chun na Comhairle Oiliúna.

18. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú, arna dhéanamh le toiliú an Aire Saothair, socrú a dhéanamh cinn áirithe nó gach ceann (de réir mar a shonrófar san ordú) de na cumhachtaí a thugtar don Údarás le halt 39 den Acht seo a aistriú chun na Comhairle Oiliúna.

(2) Féadfaidh ordú faoin alt seo cibé forálacha iarmartacha agus cibé forálacha coimhdeacha agus cibé oiriúnuithe a dhéanamh is dóigh leis an Aire is gá.

(3) Aon ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

Cumhacht an Údaráis chun bronntanais a ghlacadh.

19. —(1) Féadfaidh an tUdarás bronntanas airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha a shonróidh an deontóir.

(2) Ní ghlacfaidh an tUdarás bronntanas má bhíonn coinníoll a chuirfidh an deontóir le glacadh an bhronntanais ar neamhréir le feidhmeanna an Údaráis.

An tUdarás d'fháil airgid ar iasacht go sealadach.

20. —Féadfaidh an tUdarás, le toiliú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a bheidh ag teastáil ón Údarás faoi chomhair caiteachais reatha a fháil ar iasacht go sealadach trí chomhshocraíocht le baincéirí.

Cumhacht an Údaráis chun comhairleoirí a hostú.

21. —Féadfaidh an tUdarás, as airgead a bheith faoina réir, cibé comhairleoirí is dóigh leis is gá chun a fheidhmeanna a fheidhmiú a fhostú ó am go ham.

Feidhm an Dara Sceideal.

22. —Bainfidh an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo leis an Údarás.

Díolúine ó dhleacht stampa.

23. —Ní bheidh aon dleacht stampa iníoctha ar aon ionstraim faoina bhfaighidh an tUdarás aon talamh, éasúint, cead slí, ceart uisce nó aon cheart eile ar aon chor thar thalamh nó uisce nó i leith talún nó uisce.

Caibidil II

Forálacha a Bhaineann le Comhaltaí agus Foireann

Luach saothair, etc., comhaltaí an Údaráis.

24. —Féadfar luach saothair, téarmaí ceapacháin agus coinníollacha seirbhíse an Chathaoirligh, na Leas-Chathaoirleach agus na gcomhaltaí eile a shocrú trí chonarthaí a dhéanfaidh an tAire leo le toiliú an Aire Airgeadais.

Comhalta den Údarás a bheith ina iarrthóir ar bheith ina chomhalta de Theach den Oireachtas.

25. —Leasaítear leis seo alt 4 d'Acht 1950 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (9) (a):

“(a) Má ainmnítear comhalta den Údarás mar iarrthóir lena thoghadh le haghaidh ceachtar Teach den Oireachtas nó mar chomhalta de Sheanad Éireann, scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Údarás.”

Oifigigh agus seirbhísigh an Údaráis.

1956, Uimh. 45 .

26. —(1) Féadfaidh an tUdarás cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis an Údarás a cheapadh ó am go ham chun bheith ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Údarás.

(2) Sealbhóidh oifigeach nó seirbhíseach don Údarás oifig nó fostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tUdarás ó am go ham.

(3) Aon duine ar dhuine é, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, a cheap an tAire faoi alt 6 (3) d'Acht 1950 tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Údarás ar agus ó dháta thosach feidhme an ailt seo.

(4) Aon duine a ceapadh ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Fhoras Tionscal faoi alt 5 (1) d'Acht 1966 tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Údarás ar agus ó dháta thosach feidhme an ailt seo.

(5) Aon duine a cheap an tAire de bhun ordaithe faoi alt 5 (1) d'Acht Choimisinéirí na Státsheirbhíse, 1956, chun fónamh don Údarás tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, ar agus ó dháta thosach feidhme an ailt seo, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Údarás agus scoirfidh aon ordú den sórt sin d'éifeacht a bheith aige ar agus ó dháta thosach feidhme an fho-ailt seo.

(6) Íocfar le hoifigeach nó seirbhíseach don Údarás cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an tUdarás ó am go ham le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

Aoisliúntas don fhoireann dá dtagraítear in alt 26.

1963, Uimh. 24 .

27. —(1) Ullmhóidh an tUdarás agus cuirfidh faoi bhráid an Aire scéim ranníocach nó scéimeanna ranníocacha chun pinsin, aiscí agus liúntais mar is cuí leis an Údarás a dheonú, ar scor dóibh, do na hoifigigh agus na seirbhísigh sin, nó i leith na n-oifigeach agus na seirbhíseach sin, dá dtagraítear in alt 26 den Acht seo.

(2) Socróidh gach scéim den sórt sin an tráth agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir lenarb iníoctha, nó arb iníoctha in a leith, faoin scéim pinsin, aiscí nó liúntais ar scor dóibh, agus féadfar tráthanna agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(3) Féadfaidh an tUdarás aon tráth scéim a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire do leasú scéime a cuireadh faoi bhráid an Aire agus a ceadaíodh roimhe sin faoin alt seo.

(4) Cuirfidh an tUdarás i bhfeidhm de réir a téarmaí aon scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(5) Má éiríonn aon aighneas i dtaobh éileamh aon duine ag éileamh, nó méid, aon phinsin, aisce nó liúntais is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, cuirfear an t-aighneas sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun an Aire Airgeadais é, agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadh-sin.

(6) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

(7) Aon oifigeach nó seirbhíseach don Údarás a thiocfaidh chun bheith i dteideal sochar aoisliúntais faoin alt seo ní bheidh sé, má cheaptar ina chomhalta lánaimsire den Údarás é, i dteideal na sochar aoisliúntas a mbeadh, mura mbeadh an t-alt seo teideal aige chucu faoi alt 28 den Acht Aoisliúntas agus Pinsean, 1963 .

Doiciméid a nochtadh.

28. —Ní nochtfaidh an tUdarás gan toiliú an Aire aon doiciméad a bheidh faoina choimeád nó faoina rialú ag an Údarás agus a n-iarrfar é a thabhairt ar aird maidir le haon imeacht dlíthiúil, agus féadfaidh an tAire an phribhléid chéanna a éileamh i leith an doiciméid agus dá mba dhoiciméad faoina choimeád féin é.

Eolas a nochtadh.

29. —(1) Ní dhéanfaidh aon duine is oifigeach, seirbhíseach nó comhairleoir don Údarás aon eolas a nochtadh a gheobhaidh sé agus é ag comhlíonadh dualgas mar oifigeach, seirbhíseach nó comhairleoir den sórt sin.

(2) Beidh aon duine a sharóidh fo-alt (1) den alt seo ciontach i gcion agus ar an chiontú go hachomair dlífear fineáil nach mó ná £50 a chur air.

(3) Ní choiscfidh aon nó i bhfo-alt (1) den alt seo—

(a) eolas a nochtadh i dtuarascáil chun an Údaráis nó (thar ceann an Údaráis) chun an Aire,

(b) an-tUdarás do nochtadh eolais chun críche scéime taighde nó forbartha.

(4) Ní bheidh cosc ar chomhalta den Údarás eolas a nochtadh chun críche scéim taighde nó forbartha.

Oifigeach nó seirbhíseach don Údarás a theacht chun bheith ina chomhalta de Theach den Oireachtas.

30. —(1) Má thagann duine is oifigeach nó seirbhíseach i bhfostaíocht faoin Údarás chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas—

(a) beidh sé ar iasacht ón bhfostaíocht sin ar feadh na tréimhse (dá ngairtear tréimhse na hiasachta san alt seo) a thosóidh ar é a theacht i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin, suí sa Teach sin agus a chríochnóidh nuair a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó, más túisce a tharlóidh, ar é éirí as nó do scor as an bhfostaíocht sin ag an Údarás,

(b) ní íocfaidh an tUdarás leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón Údarás, aon luach saothair ná liúntais in aghaidh tréimhse na hiasachta,

(c) má bhíonn scéim a rinneadh faoi alt 27 den Acht i bhfeidhm agus go mbunaíonn an scéim ciste lena n-íocann an tUdarás agus an duine ranníocaí—

(i) measfar, chun críocha na scéime, gur seirbhís de chuid an duine sin is ináirithe le haghaidh sochair aoisliúntais faoin scéim í tréimhse na hiasachta, ach sin más rud é agus amháin más rud é—

(I) go raibh sé i mbuan-fhostaíocht faoin Údarás agus ina ranníocóir faoin scéim díreach roimh thosach tréimhse na hiasachta,

(II) go roghnóidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don Údarás laistigh de thrí mhí tar éis tosach tréimhse na hiasachta, ranníocaí a íoc faoin scéim in aghaidh tréimhse na hiasachta de réir forálacha an ailt seo, agus

(III) go n-íocfaidh sé, cibé tráthanna agus i cibé slí a shonróidh an duine a bheidh ceaptha go cuí chun an scéim a riaradh, ranníocaí faoin scéim in aghaidh tréimhse na hiasachta ar cóimhéid le comhshuim na ranníocaí a bheadh íoctha aige féin agus na ranníocaí a bheadh íoctha ag an Údarás in aghaidh tréimhse na hiasachta dá bhfanadh sé, gan dul ar iasacht faoin bhfo-alt seo, i seirbhís an Údaráis i gcaitheamh tréimhse na hiasachta agus é go mbeadh luach saothair á fháil aige ón Údarás i gcaitheamh na tréimhse sin,

(ii) ní íocfaidh an tUdarás aon ranníocaí faoin scéim in aghaidh tréimhse na hiasachta, ach measfar, chun críocha na scéime, an chuid sin de na ranníocaí a bheith íoctha ag an Údarás is cuid is iníoctha ag an duine sin mar a dúradh agus is comhionann le méid na ranníocaí a bheadh íoctha ag an Údarás faoin scéim in aghaidh tréimhse na hiasachta dá bhfanadh sé, gan dul ar iasacht faoin bhfo-alt seo, i seirbhís an Údaráis i gcaitheamh tréimhse na hiasachta agus go mbeadh luach saothair á fháil aige ón Údarás i gcaitheamh na tréimhse sin,

(iii) má fhoirceannann tréimhse na hiasachta trí é d'éag nó trí é do scor as an bhfostaíocht sin, measfar, chun críocha na scéime, é d'éag i seirbhís nó é do scor as seirbhís an Údaráis, de réir mar a bheidh, agus luach saothair a bheith á fháil aige ón Údarás díreach roimh an éag nó an scor sin, de réir mar a bheidh,

(iv) mura n-íocfaidh sé nó más rud é, tar éis dó ranníocaí a íoc faoin scéim de réir forálacha an fho-ailt seo, go scoirfidh sé de ranníocaí a íoc mar a dúradh, measfar, chun críocha na scéime, gur éirigh sé as an bhfostaíocht sin,

(I) i gcás ina scoirfidh sé de ranníocaí a íoc mar a dúradh—ar dháta na híocaíochta deiridh, agus

(II) in aon chás eile—díreach roimh thosach tréimhse na hiasachta.

(2) I gcás duine atá nó a bhí ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Údarás a theacht chun bheith i dteideal pinsin faoi na hAchta um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1968—

(a) ní bheidh sé i dteideal an t-iomlán ná aon chuid dá thréimhse sheirbhíse inphinsin de réir brí na nAchtanna sin a ríomh le haghaidh aon sochair aoisliúntais is iníoctha faoi scéim arna déanamh de bhun alt 27 den Acht seo,

(b) má bhíonn aon ranníocaí íoctha aige de réir forálacha fho-alt (1) den alt seo in aghaidh na tréimhse sin, déanfar an oiread sin díobh agus is comhionann le méid na ranníocaí a bheadh íoctha aige in aghaidh na tréimhse sin faoin scéim dá bhfanadh sé, gan dul ar iasacht faoin bhfo-alt sin (1), i seirbhís an Údaráis i gcaitheamh na tréimhse sin agus go mbeadh luach saothair á fháil aige ón Údaráis i gcaitheamh na tréimhse sin a thabhairt ar ais dó má dhéantar agus nuair a dhéanfar sochar a íoc leis nó ranníocaí eile a thabhairt ar ais dó faoin scéim.

(3) Aon tagairt atá i bhfo-alt (1) ón (2) den alt seo do dhuine d'fháil luach saothair ón Údarás measfar gur tagairt í don duine sin d'fháil luach saothair ón Údarás de réir ráta a luach saothair ón Údarás lá deiridh a fhostaíochta lánaimsire faoin Údarás roimh dhul ar iasacht dó faoin bhfo-alt sin (1).

(4) Aon duine a mbeidh teideal aige de thuras na huaire faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, an fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Údarás.

Comhairleoirí teicniúla a aistriú chun an Údaráis.

31. —Na daoine go léir a bhí, díreach thosach feidhme an ailt seo, ar fostú ag an Aire faoin mhír 9 (3) den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad, ar agus ó thosach feidhme an ailt seo, chun bheith ina bhfostaithe don Údarás, agus sealbhóidh siad an fhostaíocht sin ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tUdarás ó am go ham.

Leasú ar alt 28 den Acht Aoisliúntas agus Pinsean, 1963 .

32. —Leasaítear leis seo alt 28 den Acht Aoisliúntas agus Pinsean, 1963 , tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5) (a) (ii)—

“agus

(iii) i gcás duine a ceapadh mar chomhalta lánaimsire den Údarás i gcéadóir an 19ú lá de Mhárta, 1965, le héifeacht ón lú lá d'Aibreán, 1965, an tréimhse ón lú lá d'Eanáir, 1960, go dtí an 31ú lá de Mhárta, 1965”.

Caibidil III

Forálacha a Bhaineann le Deontais

Cumhacht ghinearálta an Údaráis deontais a thabhairt.

33. —(1) Féadfaidh an tUdarás deontas a thabhairt, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, faoi chomhair costas sócmhainní dochta de chuid nó le haghaidh gnóthais tionscail lena mbaineann an t-alt seo.

(2) Ní rachaidh méid deontais faoin alt seo thar 40 faoin gcéad de chostas na sócmhainní dochta i gcás gnóthas tionscail i limistéar ainmnithe, nó 25 faoin gcéad de chostas na sócmhainní dochta i gcás gnóthas tionscail in áit seachas i limistéar ainmnithe.

(3) Baineann an t-alt seo le gnóthas tionscail ar deimhin leis an Údarás ina thaobh—

(a) gur dhóigh dó fostaíocht a sholáthar nó a chothabháil sa Stát,

(b) gur gá cúnamh airgid chun a áirithiú go ndéanfar é a bhunú, a chothabháil nó a fhorbairt, agus

(c) go bhfuil buanadas réasúnach ann agus go seolfar go héifeachtúil é.

Tuilleadh deontas ón Údarás.

34. —(1) I gcás ina mbeidh deontas tugtha ar an Údarás faoi alt 33 den Acht seo i leith sócmhainní dochta féadfaidh sé deontas breise a thabhairt, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, i leith na sócmhainní sin más gnóthas tionscail lena mbaineann an t-alt seo an gnóthas tionscail.

(2) Ní rachaidh méid deontais faoin alt seo thar 20 faoin gcéad de chostas na sócmhainní dochta.

(3) Baineann an t-alt seo le gnóthas tionscail ar deimhin leis an Údarás ina thaobh—

(a) gur dóigh don fhostaíocht a sholáthróidh an gnóthas gur fostaíocht chomh tábhachtach agus de chineál í gur ceart deontas breise a thabhairt,

(b) go dtiocfaidh den ghnóthas ábhair áitiúla, táirgí talmhaíochta áitiúla nó acmhainní aiceanta áitiúla eile a fhorbhairt nó a úsáid nó go ndéanfaidh sé comhcheangail thábhachtacha le gnólachtaí atá ann cheana nó le fiontair nua a thiocfadh a bheith ann,

(c) go mbeidh airíona iomaí teicniúla nó eolaíochta ag gabháil leis an ngnóthas, nó

(d) gur dóigh don tionscal dá bhfuil an gnóthas an gabháil cumas fíormhór fáis a bheith ann.

Deontais ón Údarás i leith sócmhainní dochta ar léas.

35. —(1) Féadfaidh an tUdarás deontas a thabhairt ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis a leith sócmhainní a léasadh chun críche gnóthais tionscail a chomhlíonann ceanglais alt 33 (3) den Acht seo.

(2) Ní rachaidh méid deontais faoi fho-alt (1) den alt seo thar 40 faoin gcéad de chostas na sócmhainní doctha i gcás gnóthas tionscail i limistéar ainmnithe nó 25 faoin gcéad de chostas na sócmhainní dochta i gcás gnóthas tionscail in áit seachas i limistéar ainmnithe.

(3) I gcás ina mbeidh an tUdarás tar éis deontas a thabhairt faoi fho-alt (1) den alt seo i leith costas sócmhainní dochta, féadfaidh sé deontas breise a thabhairt, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, i leith costas na sócmhainní sin má chomhlíonann an gnóthas ceanglais alt 34 (3) den Acht seo.

(4) Ní rachaidh méid deontais faoi fho-alt (3) den alt seo thar 20 faoin gcéad de chostas sócmhainní dochta an ghnóthais tionscail.

(5) I gcás inarb iníoctha deontas faoin alt seo ina thráthchodanna thar thréimhse blianta, measfar chun críocha fho-ailt (2) agus (4) den alt seo, gurb é méid an deontais luach caipitiúil na dtráthchodanna sin arna chinneadh ag an Údarás.

Deontais ón Údarás faoi chomhair ús a laghdú.

36. —(1) Féadfaidh an tUdarás, i gcás gnóthas tionscail a chomhlíonann ceanglais ailt 33 (3) agus 34 (3) den Acht seo, deontas a thabhairt ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis faoi chomhair an t-ús a laghdú is iníoctha ar iasacht a cruinníodh chun sócmhainní dochta a sholáthar don gnóthas sin.

(2) Ní dhéanfar deontas faoin alt seo a áireamh le linn na deontais uasta a ríomh is iníoctha leis an ngnóthas iomchuí chun críocha ailt 33 (2) agus 34 (2) den Acht seo.

(3) Nuair a thabharfaidh an tUdarás deontas faoi fho-alt (1) den alt seo, is i cibé foirm a bheidh an deontas, agus is ar cibé coinníollacha a thabharfar é, a shonrófar i scéim do rialú tabhairt deontas den sórt sin arna ceadú ag an Aire le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

An tUdarás do ráthú iasachtaí.

37. —(1) Féadfaidh an tUdarás a ráthú go n-aisíocfar go cuí iomlán nó cuid de phríomhshuim aon airgid (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a gheofar ar iasacht i leith sócmhainní dochta gnóthais tionscail nó go n-íocfar ús ar airgead den sórt sin nó go n-aisíocfar an phríomhshuim agus go n-íocfar an t-ús sin, más rud é (i ngach cás den sórt sin) go gcomhlíonann an gnóthas ceanglais ailt 33 (3) agus 34 (3) den Acht seo.

(2) Aon uair a ráthófar iasacht faoin alt seo tabharfar an ráthaíocht i cibé foirm agus slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a shonrófar i scéim do rialú tabhairt ráthaíochtaí den sórt sin arna ceadú ag an Aire le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(3) Déanfar an t-airgead a theastóidh ón Údarás faoi chomhair suimeanna a bheidh iníoctha ag an Údarás faoi ráthaíocht a íoc as cistí a bheidh faoina réir ag an Údarás agus ní áireofar iad le linn na deontais uasta a ríomh is iníoctha leis an ngnóthas iomchuí chun críocha ailt 33 (2) agus 34 (2) den alt seo.

(4) Maidir le ráthaíocht faoin alt seo in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, measfar gur tagairtí don méid arb é, in airgead reatha an Stáit, costas an airgid iarbhír é is iníoctha ag an Údarás na tagairtí d'airgead i bhfo-alt (3) den alt seo.

Deontais ón Údarás i leith atrealmhú, etc.

38. —(1) Féadfaidh an tUdarás deontas a thabhairt, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, faoi chomhair costais sócmhainní dochta a bheidh ag teastáil le haghaidh gnóthas tionscail a atrealmhú, a fhreacnairciú, a fheabhsú nó a mhéadú, nó i leith sócmhainní a léasfaidh gnóthas tionscail le haghaidh an gnóthas a atrealmhú, a fhreacnairciú, a fheabhsú nó a mhéadú.

(2) Ní rachaidh méid deontais faoin alt seo thar 35 faoin gcéad de chostas na sócmhainní dochta i gcás gnóthas tionscail i limistéar ainmnithe, nó 25 faoin gcéad de chostas na sócmhainní dochta i gcás gnóthas tionscail in áit seachas i limistéar ainmnithe.

(3) Ní rachaidh an méid iomlán airgid a íocfar ina dheontais faoin alt seo i leith gnóthais thionscail thar £350,000.

(4) D'ainneoin aon ní san alt seo, féadfaidh an Rialtas, maidir le gnóthas tionscail áirithe, a cheadú don Údarás deontais is mó ná £350,000 ar méid a thabhairt faoi fho-alt (1) den alt seo, ach are choinníoll nach rachfar i ngach cás den sórt thar na teorainneacha céatadáin a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo.

(5) I gcás inarb iníoctha deontas faoin alt seo ina thráthchodanna thar thréimhse blianta, measfar gurb é méid an deontais luach caipitiúil na dtráthchodanna sin arna chinneadh ag an Údarás.

Deontais oiliúna ón Údarás.

39. —(1) Féadfaidh an tUdarás deontais (dá ngairtear deontais oiliúna san Acht seo) a thabhairt, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis chun oiliúint a thabhairt (sa Stát nó in áit eile) do dhaoine ar phróiseanna gnóthais tionscail más deimhin leis an Údarás—

(a) gur dhóigh don ghnóthas fostaíocht a sholáthar nó a chothabháil sa Stát,

(b) gur gá cúnamh airgid chun a áirithiú go ndéanfar an gnóthas a bhunú, a chothabháil nó a fhorbairt, agus

(c) go bhfuil buanadas réasúnach sa ghnóthas agus go seolfar go héifeachtúil é.

(2) Féadfar deontas oiliúna a thabhairt chun daoine a oiliúint do phoist mhaoirseachta nó bainistí i ngnóthas tionscail nó chun teagascóirí, comhairleoirí teicniúla a fhruiliú le hoiliúint a thabhairt (nó cabhrú le hoiliúint a thabhairt) do dhaoine le haghaidh post den sórt sin.

(3) Ní rachaidh méid na ndeontas oiliúna a thabharfar i leith gnóthais tionscail áirithe thar shuim mhéid an phá nó na dtuarastal a íocfaidh an gnóthas i gcaitheamh tréimhse oiliúna na ndaoine a bheidh á n-oiliúint, mhéid na gcostas a íocfaidh an gnóthas leis na daoine sin i leith taistil agus cothaithe agus an mhéid a íocfaidh an gnóthas i leith táillí (lena n-áirítear táillí agus luach saothair teagascóirí agus comhairleoirí) a bhainfidh leis an oiliúint.

Deontais taighde ón Údarás.

40. —(1) Féadfaidh an tUdarás deontais (dá ngairtear deontais taighde san Acht seo) a thabhairt, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, faoi chomhair tionscadal taighde agus forbartha lena mbaineann an t-alt seo.

(2) Baineann an t-alt seo le tionscadail taighde agus forbartha—

(a) arb é a bpríomh-chuspóir próiseanna, modhanna nó táirgí tionscail nua nó feabhsaithe a chur chun cinn nó a fhorbairt sa Stát, agus, go háirithe, próiseanna, modhanna nó táirgí de shórt ar dóigh dóibh go ngabhfaidh leo ábhair áitiúla, toradh talmhaíochta áitiúil nó acmhainní aiceanta áitiúla a úsáid nó a fhorbairt nó taispeánadh a thabhairt ar mhéadú a theacht ar thionscail atá ann nó ar thionscail nua a chur chun cinn, agus

(b) a sheoltar go hiomlán nó go formhór sa Stát agus atá urraithe go hiomlán nó go formhór ag gnóthas tionscail amháin nó níos mó sa Stát.

(3) Féadfaidh an tUdarás, chun críche deontais taighde, dul i gcomhairle le cibé comhairleoir, institiúid nó eagras nó duine eile is cuí leis.

(4) (a) Faoi réir mhír (b), ní rachaidh méid deontais taighde thar 50 faoin gcéad de chostais cheadaithe an tionscadail iomchuí nó £15,000, cibé suim acu is lú.

(b) Féadfaidh méid deontais taighde dul, le ceadú an Rialtais i gcás áirithe, thar £15,000 de cibé suim a shonróidh an Rialtas sa chás ach ar choinníoll nach rachfar thar an teorainn chéatadáin a shonraítear i mír (a) den fho-alt seo.

(c) San fho-alt seo ciallaíonn “costais cheadaithe”, maidir le deontas taighde molta áirithe, an cáiteachas sin ag an ngnóthas tionscail nó ag na gnóthais tionscail áirithe is deimhin leis an Údarás a tabhaíodh chun an tionscadal iomchuí a chur chun cinn agus gur caitheadh é—

(i) ag soláthar láithreán nó áitreabh (lena n-áirítear talamh a fháil), ag foirgniú agus ag oiriúnú foirgneamh, agus ag soláthar seirbhísí agus oibreacha eile;

(ii) ag soláthar gléasra, innealra, trealamh agus ábhar;

(iii) ag íoc tuarastal agus pá le daoine a bhí ag gabháil don tionscadal;

(iv) ag íoc táillí nó luach saothair eile le comhairleoirí teicniúla lena ndeachthas i gcomhairle i ndáil leis an tionscadal.

Teorainneacha céatadáin le comhiomlán deontas áirithe.

41. —(1) I gcás ina mbeidh, maidir le gnóthas tionscail, deontais tugtha faoi dhá alt nó níos mó lena mbaineann an t-alt seo, ní rachaidh comhiomlán na ndeontas sin thar mhéid na ndeontas is iníoctha faoi ailt 33 agus 34 den Acht seo.

(2) Baineann an t-alt seo le hailt 33, 34, agus 35 agus 46 den Acht seo.

Méid uasta deontas áirithe.

42. —(1) Ní rachaidh an méid iomlán airgid a dheonófar faoi alt nó ailt acu seo a leanas den Acht seo, is é sin, ailt 33, 34, 35 agus 46, do ghnóthas tionscail áirithe nó ina leith thar £350,000.

(2) D'ainneoin aon ní san alt seo, féadfaidh an Rialtas, maidir le gnóthas tionscail áirithe, a cheadú deontas nó deontais is mó ná £350,000 a thabhairt faoi cheann amháin nó níos mó de na hailt sin den Acht seo, ach ar choinníoll nach rachfar i ngach cás den sórt sin thar na teorainneacha céatadáin a shonraítear in ailt 33 (2), 34 (2), 35 (2) agus 35 (4) den Acht seo (de réir mar is iomchuí).

Cumhacht an Údaráis luach sócmhainní, etc., a mheas.

43. —Chun deontas nó íocaíocht eile a thabhairt faoin gCuid seo den Acht seo, féadfaidh an tUdarás costas nó luach sócmhainní gnóthais tionscail nó luach caipitiúil aon íocaíochtaí a rinneadh leis an ngnóthas sin nó sochair a fuair sé nó is infhaighte aige a chinneadh as a chonlán féin.

Cumhacht an Údaráis scaireanna i ngnóthais tionscail áirithe a cheannach.

44. —(1) I gcás inarb é tuairim an Údaráis go gcomhlíonann gnóthas tionscail ceanglais ailt 33 (3) agus 34 (3) den Acht seo, féadfaidh an tÚdarás, as cistí faoina réir, scaireanna sa chomhlacht ar leis an gnóthas, a rialaíonn nó a bhainistíonn an gnóthas a cheannach nó a thógáil.

(2) Is in ainm an Aire Airgeadais a chlárófar scaireann a cheannóidh nó a thógfaidh an tUdarás faoin alt seo a cheannach nó a thógáil.

(3) Déanfar na suimeanna in ionannas díbhinní nó airgid eile a gheobhaidh an tAire Airgeadais i leith scaireanna a cheannófar nó a thógfar faoin alt a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

Sárú ar choinníoll a bheidh ag gabháil le deontas.

45. —Aon uair a shárófar téarma nó coinníoll a bheidh ag gabháil le deontas nó íocaíocht eile faoin gCuid seo den Acht seo, beidh méid an deontais nó na híocaíochta sin inaisíoctha leis an Údarás agus mura n-aisíocfar amhlaidh é féadfaidh an tUdarás é a aisghabháil mar fhiach conartha shimplí.

Deontais chun laghdú ar chíosanna monarchan.

46. —(1) I gcás ina bhféadfar, i dtuairim an Údaráis, deontas a thabhairt faoi alt 9 d'Acht 1966 do dhuine, féadfaidh an tUdarás, in ionad deontas a thabhairt don duine sin, an deontas a thabhairt, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, don duine a bheidh (nó a bheartaíonn dul) ag seoladh an ghnóthais tionscail iomchuí.

(2) Ní rachaidh méid deontais faoin alt sin 9 (arna leathnú leis an alt seo den Acht seo) a thabharfar tar éis tosach feidhme an ailt seo thar mhéid an deontais a fhéadfar a thabhairt i leith foirgnimh mhonarchan faoi alt 33 nó ailt 33 agus 34 den Acht seo (de réir mar a bheidh).

(3) D'ainneoin aon ní san alt sin 9, féadfar deontas faoin alt sin (arna leathnú leis an alt seo) a thabhairt do ghnóthas tionscail nó ina leith i limistéar nach eastát tionscail.

(4) I gcás inarb iníoctha deontas faoin alt sin 9 (arna leathnú amhlaidh) ina thráthchodanna thar thréimhse blianta, measfar gurb é méid an deontais luach caipitiúil na dtráthchodanna sin arna chinneadh ag an Údarás.

An tUdarás do léasadh talún ar chíos comhaltais.

47. —I gcás talamh a bheith ar léas ag an Údarás chun nó le haghaidh gnóthais tionscail ar chíos is lú ná cíos eacnamaíoch arna chinneadh ag an Údarás, measfar gur deontas chun críocha alt 35 den Acht seo luach caipitiúil an difir idir an cíos is iníoctha amhlaidh agus an cíos eacnamíoch arna chinneadh amhlaidh.

AN CHEAD SCEIDEAL

Forálacha de Dhroim an Foras Tionscal a Dhíscaoileadh

Alt 9.

Maoin a aistriú.

1. (1) Aon mhaoin réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean a bhí, díreach roimh thosach feidhme alt 7 den Acht seo, dílsithe don Bhord díscaoilte nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas dó agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad ar an tosach feidhme sin, gan tíolacadh ná sannadh ar bith, ach faoi réir a n-aistrithe, más gá sin, i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, dá chuid féin ag an Údarás nó ar teachtadh ar iontaobhas agus dílsithe dó (de réir mar a dhlífidh an cás) ar feadh an eastáit, an téarma nó an leasa uile a raibh an céanna, díreach roimh an tosach feidhme sin, dílsithe don Bhord díscaoilte, dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas dó, ach faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas uile a dhéanann difear don chéanna agus a bheidh ann agus infheidhmithe an tráth sin.

(2) Aon mhaoin a aistrítear leis an mír seo agus a bhí, díreach roimh thosach feidhme alt 7 den Acht seo, ar seasamh i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta in ainm an Bhoird dhíscaoilte, déanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta sin, ar an Údarás á iarraidh sin aon tráth tar éis an tosach feidhme sin, í a aistriú sna leabhair sin chun ainme an Údaráis.

(3) Tar éis tosach feidhme alt 7 den Acht seo, gach ábhar i gcaingean a aistreofar de réir na míre seo chun an Údaráis féadfaidh an tUdarás agra a dhéanamh ina leith nó é ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm ina ainm féin agus ní gá don Údarás fógra i dtaobh an aistrithe a dhéantar leis an mír seo don duine ar a bhfuil an t-ábhar i gcaingean ina cheangal.

Dliteanais a aistriú.

2. (1) Aon fhiach agus dliteanas eile (lena n-áirítear fiacha stoic agus morgáiste, agus dliteanais neamhleachtaithe de dhroim tort nó sáruithe conartha) a bhí, díreach roimh thosach feidhme alt 7 den Acht seo, dlite den Bhord díscaoilte agus gan íoc aige nó tabhaithe agus gan ghlanadh aige tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, ar an tosach feidhme sin, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an Údarás agus dá réir sin íocfaidh nó comhlíonfaidh an tUdarás iad agus féadfar iad a ghnóthú uaidh nó a chur i bhfeidhm ina choinne dá réir sin.

(2) An díscaoileadh a dhéantar le halt 7 den Acht seo ní dhéanfaidh sé neamhbhailí aon ordú íoca nó seic, ná ní dhéanfaidh sé difear d'aon ordú íoca nó seic, a bheidh eisithe ag an mBord díscaoilte agus nach mbeidh tíolaicthe le haghaidh íocaíochta roimh thosach feidhme an ailt sin ná ní dhéanfaidh sé neamhbhailí aon údarás, ná ní dhéanfaidh sé difear d'aon údarás, a bheidh tugtha ag an mBord díscaoilte le go n-íocfaí méid an ordaithe íoca nó na seice, agus déanfaidh an tUdarás socruithe le go n-íocfar méid gach ordaithe íoca nó seice den sórt sin arna thíolacadh go cuí laistigh d'am réasúnach tar éis an tosach feidhme sin.

Conarthaí leanúnacha a bhuanchoimeád.

3. Aon bhanna, ráthaíocht, nó urrús eile de shaghas leanúnach a bheidh tugtha ag an mBord díscaoilte do dhuine eile nó ag aon duine don Bhord díscaoilte agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme alt 7 den Acht seo agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn a rinneadh idir an Bord díscaoilte agus duine eile agus nach raibh forghníomhaithe agus comhlíonta go hiomlán roimh an tosach feidhme sin leanfaidh sé, d'ainneoin an díscaoileadh, de bheith i bhfeidhm tar éis an tosach feidhme sin ach forléireofar é agus beidh éifeacht aige ionann is dá gcuirfí ainm an Údaráis ann in ionad ainme an Bhoird dhíscaoilte agus beidh an t-urrús, an conradh nó an comhaontú sin inchurtha i bhfeidhm dá réir sin ag an Údarás nó ina choinne.

Leanúint d'imeachtaí dlí a bheidh ar feitheamh.

4. Tiocfaidh an tUdarás chun bheith agus beidh sé, ar an dáta feidhme, ina pháirtí, in ionad an Bhoird dhíscaoilte, in aon chaingean, agra, ionchúiseamh nó imeacht a bhí ar feitheamh roimh thosach feidhme alt 7 den Acht seo in aon chúirt nó binse agus ar pháirtí ann an Bord díscaoilte, agus leanfar de na himeachtaí sin idir an tUdarás agus na páirtithe eile sna himeachtaí sin dá réir sin agus ní thitfidh aon imeachtaí den sórt sin ar lár ná ní thiocfaidh deireadh leo ná ní dhéanfar dochar dóibh de dhroim an díscaoilte.

Conarthaí seirbhíse a bhuanchoimeád.

5. Aon chonradh seirbhíse (sainráite nó intuigthe) a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme alt 7 den Acht seo idir an Bord díscaoilte agus aon duine nach oifigeach ná seirbhíseach don Bhord díscaoilte leanfaidh sé i bhfeidhm ar dháta an tosach feidhme sin agus dá éis sin, ach forléireofar é agus beidh éifeacht aige ionann is dá gcuirfí ainm an Údaráis ann in ionad ainme an Bhoird dhíscaoilte agus beidh gach conradh den sórt sin inchurtha i bhfeidhm dá réir sin ag an Údarás nó ina choinne.

AN DARA SCEIDEAL

An tÚdarás Forbartha Tionscal

Alt 22 .

1. Beidh an Bord ina chomhlacht corpraithe le comharbas suthain agus gnáthshéala agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

2. (i) Naonúr comhaltaí ar a mhéid a bheidh ar an Údarás a mbeidh comhalta acu ina Chathaoirleach agus a bhféadfaidh beirt chomhaltaí eile acu a bheith ina Leas-Chathaoirligh.

(ii) Is é an tAire le toiliú an Aire Airgeadais a cheapfaidh comhaltaí an Údaráis.

(iii) Ainmneoidh an tAire comhalta amháin den Údarás mar Chathaoirleach agus féadfaidh an tAire beirt chomhaltaí eile den Údarás a ainmniú mar Leas-Chathaoirligh.

3. (1) Féadfaidh an tUdarás gníomhú trí aon triúr dá líon.

(2) Féadfaidh an tUdarás a nós imeachta féin a rialáil.

4. Ní bheidh aon chomhalta den Údarás ina chomhalta d'údarás áitiúil.

5. Féadfaidh an tUdarás aon chuid dá fheidhmeanna a chomhlíonadh trí aon chomhalta dá oifigigh nó dá sheirbhísigh a bheidh údaraithe go cuí ag an Údarás chuige sin.

6. (1) Déanfar gnáthshéala an Údaráis, nuair a chuirfear ar dhoiciméad é, a fhianú le síniú beirt chomhaltaí nó le síniú comhalta agus oifigigh nó seirbhísigh don Údarás a bheidh údaraithe ag an Údarás gníomhú chuige sin.

(2) Tabharfaidh na cúirteanna breithiúnais go léir aird bhreithiúnach ar ghnáthshéala an Údaráis agus gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an tUdarás agus a bheith séalaithe leis an ngnáthshéala agus a bheith fianaithe de réir na míre seo glacfar i bhfianaise é, agus measfar gurb í an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais, mura suitear a mhalairt.

7. Aon chonradh nó ionstraim nár ghá a bheith faoi shéala dá mba aonaí a rinne nó a d'fhorghníomhaigh é nó í, féadfar é nó í a dhéanamh nó a fhorghníomhú thar ceann an Údaráis ag aon duine a bheidh údaraithe go ginearalta nó go speisialta ag an Údarás chuige sin.

8. (a) Tabharfaidh an tUdarás, i cibé foirm a ordóidh an tAire, tuarascáil bhliantúil ar a ghníomhaíochtaí a luaithe is féidir tar éis deireadh na bliana airgeadais lena mbainfidh an tuarascáil agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(b) Coimeádfaidh an tUdarás, i cibé foirm a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnáth ar an airgead a gheobhaidh sé agus a chaithfidh sé agus, go háirithe, coimeádfaidh sé i bhfoirm den sórt sin a dúradh na cuntais speisialta sin go léir a ordóidh an tAire ó am go ham.

(c) Cuirfidh an tUdarás cuntais an Údaráis faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go bliantúil lena n-iniúchadh cibé tráthanna a ordóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, agus, nuair a bheidh siad iniúchta amhlaidh, tíolaicfear iad, mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna den chéanna a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

9. Tabharfaidh an tUdarás don Aire cibé eolas a iarrfaidh sé ó am go ham i dtaobh gníomhaíochtaí an Údaráis.

AN TRIU SCEIDEAL

Achtacháin a Aisghairtear

Alt 4.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 29 de 1950

An tAcht um an Údarás Forbartha Tionscal, 1950.

Ailt 2 (3), 2 (4), 4 (5), 4 (6), 6, 7, 8 agus 9.

Uimh. 1 de 1952

An tAcht um Limistéirí Neamhfhorbartha, 1952 .

Ailt 4 agus 6, 7 (1), 7 (2), 8 (1) (b) agus an Chéad Sceideal.

Uimh. 30 de 1961

An tAcht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1961 .

Alt 2.

Uimh. 3 de 1963

An tAcht um Limistéirí Neamhfhorbartha (Leasú), 1963

Ailt 2 agus 3.

Uimh. 4 de 1963

An tAcht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1963 .

Ailt 2, 3, 5 agus 6 (1) (b).

Uimh. 37 de 1964

An tAcht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1964 .

Ailt 3 agus 4.

Uimh. 12 de 1966

An tAcht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1966 .

Alt 5 (4).

Uimh. 8 de 1969

An tAcht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1969 .

Alt 1.