|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 5 de 1970 | ||
[EN] |
AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1970 | |
[An tiontú oifigiúil,] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927 GO 1968. | ||
[26 Bealtaine, 1970.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Míniú. |
1. —San Acht seo ciallaíonn “Acht 1942” Acht Bhord Soláthair an Leictreachais (Aois-liúntas), 1942 . |
[EN] |
Méadú ar an gcaiteachas iomlán chun críocha ginearálta. |
2. —Ní rachaidh caiteachas iomlán an Bhoird chun críocha ginearálta, is é sin le rá chun críocha caipitiúla seachas leictriú tuath-limistéar, thar dhá chéad agus nócha milliún punt agus, dá réir sin, forléireofar alt 2 (1) den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1954 , ionann is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime a luaitear ansin. |
[EN] |
Leasú ar alt 7 d'Acht 1942. |
3. —Leasaítear leis seo alt 7 d'Acht 1942 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis an alt: |
[EN] | “(8) (a) San fho-alt seo ciallaíonn ‘seirbhís roimh ré’, maidir le duine, seirbhís leanúnach ag an duine i bhfostaíocht faoin mBord suas go dtí deireadh mí iomlán deiridh na seirbhíse sin roimh dháta a ligthe isteach i scéim aoisliúntais na lámh-oibrithe. | |
[EN] | (b) D'ainneoin aon ní sna forálacha sin roimhe seo den alt seo, aon scéim (dá ngairtear an scéim leasaitheach san fho-alt seo) do leasú scéim aoisliúntais na lámh-oibrithe féadfaidh sí, maidir le haon sochar aoisliúntais, a shocrú go ndéanfaidh an Bord, má thagann duine nach raibh i seirbhís an Bhoird an lú lá d'Aibreán, 1943, chun bheith ina chomhalta ranníocach, chun críocha an tsochair sin, laistigh de thrí mhí tar éis an lae a dhaingneoidh an tAire an scéim, íocaíochtaí i leith seirbhís roimh ré an duine leis an gciste a bunaíodh chun críocha scéim aoisliúntais na lámh-oibrithe, agus beidh an duine i dteideal leath, agus sin an méid, dá sheirbhís roimh ré a áireamh le haghaidh an tsochair aoisliúntais sin.” | |
[EN] |
Liúntais fhorlíontacha do lámh-oibrithe áirithe. |
4. —Féadfaidh an Bord, más oiriúnach leo, liúntas forlíontach ar feadh a shaoil a dheonú do dhuine, agus a íoc le duine— |
[EN] | (a) lena mbaineann fo-alt (8) (a chuirtear isteach leis an Acht seo) d'alt 7 d'Acht 1942, | |
[EN] | (b) a íocfaidh leis an mBord ranníoc ar cóimhéid le 1% den luach saothair a d'íoc an Bord leis in imeacht na dtrí bliana díreach sular scoir sé d'fhostaíocht faoin mBord, agus | |
[EN] | (c) atá ag fáil phinsin faoi scéim aoisliúntais na lámh-oibrithe (de réir brí Acht 1942), | |
[EN] | is liúntas forlíontach ar comhionann a mhéid iomlán i dteannta méid bhliantúil an phinsin réamhráite agus— | |
[EN] | (i) leath ráta bhliantúil an luach saothair a d'íoc an Bord leis an duine díreach sular scoir sé d'fhostaíocht faoin mBord, nó | |
[EN] | (ii) leath méid an phinsin ab iníoctha leis an duine réamhráite dá ndéanfaí iomlán a sheirbhíse leanúnaí i bhfostaíocht faoin mBord a áireamh chuige sin, | |
[EN] | cibé acu is lú. | |
[EN] |
Feidhm Acht 1942 a leathnú. |
5. —(1) Féadfaidh an Bord, más oiriúnach leo, liúntas forlíontach a dheonú do dhuine, agus a íoc le duine, faoi alt 14 d'Acht 1942 is duine— |
[EN] | (a) lena mbaineann mireanna (a), (c) agus (d) den alt sin, | |
[EN] | (b) atá i bhfostaíocht faoin mBord ar dháta an Achta seo a rith nó a bhí, an 22ú lá d'Iúil, 1967, nó dá éis, ag fáil phinsin faoi scéim a ullmhaíodh agus a daingníodh faoin Acht sin, agus | |
[EN] | (c) a íocfaidh leis an mBord ranníocaí ar cóimhéid le haon faoin gcéad den luach saothair iomlán a d'íoc an Bord leis in imeacht na dtrí bliana díreach sular scoir sé d'fostaíocht faoin mBord, | |
[EN] | faoi réir na teorann ach rachaidh comhiomlán méid bliantúil iomlán an phinsin faoi scéim mar a dúradh a bhfuil sé nó a dtiocfaidh sé chun bheith ina theideal agus an liúntais thar— | |
[EN] | (i) leath ráta bhliantúil an luach saothair a d'íoc an Bord leis an duine díreach sular scoir sé d'fhostaíocht faoin mBord, nó | |
[EN] | (ii) méid iomlán bliantúil an phinsin ab iníoctha leis an duine faoi scéim mar a dúradh dá ndéanfaí iomlán a sheirbhíse leanúnaí i bhfostaíocht faoin mBord a áireamh chuige sin, | |
[EN] | cibé acu is lú. | |
[EN] | (2) Aon duine lena bhféadfaidh an Bord, de bhua an ailt seo, liúntas forlíontach a íoc faoi alt 14 d'Acht 1942 agus a íocann nó a d'íoc ranníocaí faoi scéim a ullmhaíodh agus a daingníodh faoin Acht sin i leith aon seirbhíse réamh-aimseartha (abairt lena bhfuil an bhrí chéanna san alt seo atá léi in alt 7 d'Acht 1942) féadfaidh sé a roghnú liúntas forlíontach faoin alt sin a ghlacadh in ionad an phinsin ab iníoctha leis faoin scéim sin i leith a sheirbhise réamhaimseartha agus, má roghnaíonn sé amhlaidh, aisíocfar leis as an gciste a bunaíodh chun críocha na scéime cibé suim is inchurtha i leith na ranníoc réamhráite agus ús uirthi is iomchuí, i dtuairim chomhairleoir achtúireach iontaobhaithe na scéime, ag féachaint do na himthosca uile. | |
[EN] | (3) Má bhíonn, roimh dháta an Achta seo a rith, duine lena bhféadfaidh an Bord liúntas forlíontach faoi alt 14 d'Acht 1942 a íoc de bhua an ailt seo— | |
[EN] | (a) tar éis scor as fostaíocht faoin mBord, agus é san aois a cheadaigh an Bord dó scor ar chúiseanna seachas éiglíocht aigne nó choirp, agus | |
[EN] | (b) tar éis a chur in iúl don Bhord go bhfuil sé chun iomlán an liúntais, nó cuid den liúntas, ab iníoctha leis faoin alt sin 14 a fhorghéilleadh faoi alt 15 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1958 , | |
[EN] | beidh, agus measfar go raibh, éifeacht ag an bhforghéilleadh amhail ar agus ó dháta an scoir sin. | |
[EN] | (4) D'ainneoin aon ní in aon scéim a ullmhaíodh agus a daingníodh faoi Acht 1942, má bhíonn, roimh dháta an Achta seo a rith, duine lena bhféadfaidh an Bord liúntas forlíontach faoi alt 14 d'Acht 1942 a íoc de bhua an ailt seo— | |
[EN] | (a) tar éis scor as fostaíocht faoin mBord, agus é san aois a cheadaigh an Bord dó scor ar chúiseanna seachas éiglíocht aigne nó choirp, agus | |
[EN] | (b) atá, ó dháta an scoir sin, le toiliú coiste aon scéime den sórt sin, tar éis rogha a dhéanamh, nó a cealú nó leasú a dhéanamh ar rogha, cuid dá phinsean a fhorghéilleadh faoi aon scéim den sórt sin i gcomaoin pinsean a dheonú dá bhanchéile nó do chleithíúnach, | |
[EN] | beidh, agus measfar go raibh, éifeacht ag an rogha, ag an gcealú nó ag a leasú amhail ar agus ó dháta an scoir sin. | |
[EN] | (5) Aon liúntas forlíontach faoi alt 14 d'Acht 1942 is iníoctha le duine de bhua an ailt seo tosóidh sé chun bheith iníoctha— | |
[EN] | (a) an 22ú lá d'Iúil, 1967, nó | |
[EN] | (b) ar dháta an duine scor as fostaíocht faoin mBord, | |
[EN] | cibé acu is déanaí. | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
6. —(1) Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1970 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Leictreachais (Sóláthar), 1927 go 1970, a ghairm de na hAchtanna Leictreachais, 1927 go 1968, agus den Acht seo le chéile. |