|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 16 de 1970 | ||
[EN] |
AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1970 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1939 GO 1968. | ||
[5 Lúnasa, 1970.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1952 ; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1966” an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1966 . | |
[EN] | (2) Chun críocha na nAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1970, folóidh “iostán saoire” teach saoire, teaghlach saoire agus villa saoire. | |
[EN] |
Méadú ar dheontais neamhinaisíoctha áirithe do Bhord Fáilte Éireann. |
2. —Ní rachaidh méid comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire Iompair agus Cumhachta a íoc le Bord Fáilte Éireann chun Bord Fáilte Éireann do thabhairt deontas le haghaidh cóiríocht saoire a fhorbairt thar £11,000,000 agus, dá réir sin, forléireofar alt 2 (1) (b) den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1959 , agus beidh éifeacht aige ionann is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime £5,500,000 a luaitear ann agus a cuireadh isteach le halt 2 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1968 . |
[EN] |
Méadú ar chomhiomlán na ráthaíochtaí faoi Chuid III d'Acht 1952. |
3. —Leasaítear leis seo alt 18 d'Acht 1952 trí “ocht milliún punt” a chur in ionad “cúig mhilliún punt” i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach le halt 3 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1961 ). |
[EN] |
Síneadh ar an teorainn ama atá le tabhairt ráthaíochtaí faoi Chuid III d'Acht 1952. |
4. —Leasaítear leis seo alt 21 d'Acht 1952 trí “cúig bliana is fiche ó dháta an Achta seo a rith” a chur in ionad “fiche bliain ó dháta an Achta seo a rith” (a cuireadh isteach le halt 5 d'Acht 1966). |
[EN] |
Leasú ar alt 5 d'Acht 1952. |
5. —Leasaítear leis seo alt 5 (2) (a) d'Acht 1952 trí “iostáin saoire cheadaithe,” a chur isteach i ndiaidh “láithreáin champála,” (a cuireadh isteach le halt 2 (2) d'Acht 1966). |
[EN] |
Leasú ar an Acht um Thrácht Cuartaíochta 1939. |
6. —Leasaítear leis seo an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1939 — |
[EN] | (a) trí “naonúr” a chur in ionad “seachtar” (a cuireadh isteach le halt 16 d'Acht 1952) in alt 4 (3) (a bhaineann le líon comhaltaí Bhord Fáilte Éireann), | |
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 24 (1) (g) (a cuireadh isteach le halt 2 (1) (b) d'Acht 1966)— | |
[EN] | “(h) clár ar a dtabharfar agus dá ngairfear an clár d'iostáin saoire cheadaithe agus dá dtagraítear san Acht seo faoin teideal sin.”, | |
[EN] | (c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 25 (g) (a cuireadh isteach le halt 2 (1) (c) d'Acht 1966)— | |
[EN] | “(h) an carachtar ginearálta is gá a bheith ag aon áitreabh agus an saghas cóiríochta agus seirbhísí is gá a bheith ar fáil ann, agus na cáilíochtaí eile is gá a bheith aige chun é bheith inchláraithe sa chlár d'iostáin saoire cheadaithe.”, | |
[EN] | (d) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 37B (a cuireadh isteach le halt 2 (1) (e) d'Acht 1966): | |
[EN] | “37C. (1) Ní dleathach do dhílseánach ná d'áititheoir aon áitribh a thabhairt de thuairisc ar an áitreabh sin ná a thabhairt le tuiscint faoin áitreabh sin gur iostán saoire ceadaithe, teach saoire ceadaithe, teaghlach saoire ceadaithe nó villa saoire ceadaithe é nó gur d'aon tuairisc eile é a bheidh forordaithe chun críocha an ailt seo ná a cheadú d'aon duine eile sin a dhéanamh, mura mbeidh an t-áitreabh cláraithe sa chlár d'íostáin saoire cheadaithe agus go mbeidh an dílseánach nó an t-áititheoir sin cláraithe sa chlár sin mar dhílseánach cláraithe an áitribh sin. | |
[EN] | (2) Beidh aon duine a ghníomhóidh contrártha don alt seo ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná dhá phunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion. | |
[EN] | (3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfar chuige sin le hordú ón Aire.”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (e) trí “áitribh a bheidh cláraithe sa chlár d'iostáin saoire chláraithe,” a chur isteach in alt 45 (1) i ndiaidh “láithreáin champála,” a cuireadh isteach le halt 2 (1) (f) d'Acht 1966. | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
7. —(1) Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1970 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1970, a ghairm de na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1968, agus den Acht seo le chéile. |