20 1970


Uimhir 20 de 1970


AN tACHT LEITHREASA, 1970

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO CHUR SUIM ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CHRÍOCH AN 31ú LÁ DE MHÁRTA, 1969, AGUS DO LEITHREASÚ SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA), 1965 , AGUS A DHEONAÍTEAR LEIS AN ACHT SEO, CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ. [23 Nollaig, 1970]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Deontas as an bPríomh-Chiste

£3,846 a eisiúint as an bPríomh-Chiste le haghaidh na bliana 1968-69.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim trí mhíle, ocht gcéad, sé phunt is daichead a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánú an tsoláthair a deonaíodh le haghaidh seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1969.

Deontais a Leithreasú

Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon, £462,023,676, a leithreasú.

1965, Uimh. 26 .

1891, c. 24.

2. —(1) Na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste leis an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 , agus leis an Acht seo chun slánú an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán suim cheithre chéad seasca is dhá mhilliún, fiche is trí mhíle, sé chéad seachtó is sé phunt agus atá comhdhéanta den tsuim trí mhíle, ocht gcéad daichead is sé phunt le haghaidh seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1969, den tsuim tríocha is cúig mhilliún, seasca is cúig mhíle, trí chéad is seachtó punt le haghaidh seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1970, agus den tsuim cheithre chéad fiche is sé mhilliún, naoi gcéad caoga is ceithre mhíle, ceithre chéad is seasca punt le haghaidh seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1971, déantar iad a leithreasú le haghaidh na seirbhísí agus na críocha a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis seo.

(2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt roimhe sin seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deiridh den Sceideal a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim fiche is naoi milliún, seacht gcéad seasca is sé mhíle, dhá chéad tríocha is ceithre phunt a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais le haghaidh na seirbhísí agus na críocha a shonraítear sa Sceideal sin.

Gearrtheideal.

3. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1970 , a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

Cuid I

BARRACHAS DON BHLIAIN 1968-69

Suimeanna nach mó ná

Deontais Soláthair

Leithreasaí-i-gCathair

£

£

Suimeanna a deonaíodh chun barrachas ar an deontas le haghaidh Príosún don bhliain dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1969, a shlánú     ..

3,846

8,632*

Cuid II

Sceideal de shuimeanna Forlíontacha a deonaíodh, agus de shuimeanna a fhéadfar a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair ina dteannta sin, chun íoctha muirear na Seirbhísí Poiblí uile agus ar leithligh a luaitear anseo go sonrach, don bhliain dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1970.

Suimeanna nach mó ná

Vóta Uimh.

Teideal

Deontais Soláthair

Leithreasaí-i-gCabhair

(1)

(2)

(3)

(4)

3

Le haghaidh tuarastail agus costais Roinn

£

£

an Taoisigh     ..     ..     ..     ..     ..

10

-

7

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, lena n-áirítear seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin     ..     ..     ..     ..     ..

80,000

20,000

8

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig na nOibreacha Poiblí; le haghaidh caiteachais i leith Foirgneamh Poiblí; chun Páirceanna agus Oibreacha Poiblí áirithe a chothabháil; agus chun Oibreacha Siltin agus Oibreacha Innealtóireachta eile a dhéanamh agus a chothabháil; agus chun deontais-i-gcabhair a íoc     ..     ..     ...

250,000

44,000

10

Le haghaidh tuarastail agus costais Choimisiún na Státseirbhíse agus an Choimisiúin um Cheapacháin Áitiúla     ..     ..     ..

28,500

-

11

Le haghaidh deontais (deontas-i-gcabhair) don Chomhairle Ealaíon     ..     ..

10,000

-

15

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Ard-Aighne, etc., agus le haghaidh costais ionchúiseamh coiriúil agus Dlí-Mhuirear eile     ..     ..     ..     ..     ..     ..

25,000

-

16

Le haghaidh Costais Ilghnéitheacha áirithe, lena n-áirítear deontais-i-gcabhair áirithe

10

-

20

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Dlí agus Cirt, agus seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear deontas-i-gcabhair; agus na hOifige Irisí Poiblí agus Choimeádaí na Stát-Pháipéar, agus chun Doiciméid Stairiúla, etc., a cheannach     ..     ..     ..

10

-

21

Le haghaidh tuarastail agus costais an Gharda Síochána, lena n-áirítear pinsin, etc.; le haghaidh íocaíochtaí cúitimh agus costais eile i leith seirbhíse sna Caomhnóirí Áitiúla; chun costais finnéithe áirithe a íoc; agus chun deontas-i-gcabhair a íoc..

1,157,000

90,000*

26

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Rialtais Áitiúil, lena n-áirítear deontais d'Údaráis Áitiúla, deontais agus costais eile i ndáil le Tithíocht, agus scéimeanna agus deontais ilghnéitheacha lena n-áirítear deontas-i-gcabhair     ..

10

-

27

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Oideachais (lena n-áirítear Forais Ealaíochta agus Ealaíon), le haghaidh seirbhísí ilghnéitheacha áirithe oideachais agus cultúir, agus chun ildeontais-i-gcabhair a íoc     ..     ..     ..     ..

155,000

-

28

Le haghaidh Bunoideachais, lena n-áirítear Aoisliúntas Múinteoirí Scoile Náisiúnta, etc.     ..     ..     ..     ..     ..     ..

1,443,000

36,000*

29

Le haghaidh Meánoideachais     ..     ..

879,000

-

30

Le haghaidh Gairmoideachais, lena n-áirítear deontas-i-gcabhair     ..     ..     ..     ..

2,024,000

-

31

Le haghaidh costais i ndáil le Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair, lena n-áirítear Áiteanna Coinneála     ..     ..     ..

81,000

-

32

Le haghaidh deontais-i-gcabhair d'Ollscoileanna agus do Choláistí agus d'Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath     ..     ..

848,400

-

37

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun fóirdheontais áirithe agus ildeontais-i-gcabhair a íoc     ..     ..     ..     ..

8,938,000

593,000

40

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Tionscail agus Tráchtála, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun ildeontais-i-gcabhair a íoc     ..     ..     ..     ..

3,121,000

47,000*

41

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Iompair agus Cumhachta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun ildeontais-i-gcabhair a íoc     ..     ..     ..     ..

1,171,010

380,000

42

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Poist agus Telegrafa agus seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun deontas-i-gcabhair a íoc     ..

750,000

235,000

43

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Cosanta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin; le haghaidh pá agus costais Óglaigh na hÉireann; agus chun deontas-i-gcabhair a íoc     ..     ..     ..     ..     ..

1,644,010

264,000*

44

Le haghaidh pá scoir, pinsin, cúiteamh, liúntais agus aiscí is iníoctha faoi reachtanna éagsúla le comhaltaí d'Oglaigh na hÉireann agus d'Eagraíochtaí áirithe Míleata eile, etc., nó ina leith sin, agus le haghaidh ranníocaí agus costais éagsúla i ndáil leo sin; le haghaidh liúntais eisreachtúla áirithe leanaí agus le haghaidh ildeontas     ..     ..     ..     ..     ..

10,000

-

45

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Gnóthaí Eachtracha agus seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirí tear deontas-i-gcabhair     ..     ..

40,400

1,000

46

Le haghaidh ranníocaí do Chomhairle na hEorpa, don Eagras um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, do na Náisiúin Aontaithe, do Dhlí-Chomhlachtaí Idir-Rialtasacha agus don Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil; agus le haghaidh costais eile i ndáil leis an gcéanna

45,500

-

47

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh, le haghaidh seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, le haghaidh íocaíochtaí leis an gCiste Árachais Shóisialaigh, agus le haghaidh ildeontas     ..     ..     ..     ..     ..

7,542,010

119,670

48

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Sláinte (lena n-áirítear Oifig an Ard-Chláraitheora), agus seirbhísí airithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear deontais d'Údaráis Áitiúla, deontais ilghnéitheacha agus deontais-i-gcabhair áirithe     ..     ..     ..     ..

1,500,000

-

49

Le haghaidh costais chothabhála, etc., Othar sa Phríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar     ..

6,500

-

51

Le haghaidh Luach Saothair..     ..     ..

3,316,000

-

Iomlan Chuid II     ..     ..

35,065,370

955,670

Cuid III

Sceideal de shuimeanna a deonaíodh, agus de shuimeanna a fhéadfar a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair ina dteannta sin, chun íoctha muirear na Seirbhísí Poiblí uile agus ar leithligh a luaitear anseo go sonrach agus a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1971.

Suimeanna nach mó ná

Vóta Uimh.

Teideal

Deontais Soláthair

Leithreasaí-i-gCabhair

(1)

(2)

(3)

(4)

£

£

1

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig Rúnaí an Uachtaráin agus le haghaidh costais áirithe eile a bhaineann le Teaghlachas an Uachtaráin, lena n-áirítear deontas-i-gcabhair     ..     ..     ..     ..

19,300

-

2

Le haghaidh tuarastail agus costais Thithe an Oireachtais, lena n-áirítear deontais-i-gcabhair áirithe     ..     ..     ..     ..

838,000

-

3

Le haghaidh tuarastail agus costais Roinn an Taoisigh     ..     ..     ..     ..

79,300

-

4

Le haghaidh tuarastail agus costais na Príomh-Oifige Staidrimh     ..     ..     ..

483,000

2,400

5

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste     ..

84,000

18,000

6

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Airgeadais, lena n-áirítear Oifig an Phámháistir Ghinearálta, agus chun deontais-i-gcabhair áirithe a íoc     ..     ..

2,343,000

14,000

7

Le haghaidh tuarastail agus costais oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, lena n-áirítear seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin     ..     ..     ..     ..     ..

5,735,000

155,000

8

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig na nOibreacha Poiblí; le haghaidh caiteachais i leith foirgneamh poiblí; chun páirceanna agus oibreacha poiblí áirithe a chothabháil; agus chun oibreacha siltin agus otbreacha innealtóireachta eile a dhéanamh agus a chothabháil; agus chun deontais-i-gcabhair áirthe a íoc     ..     ..

10,599,000

1,400,517

9

Le haghaidh tuarastail agus costais na Saotharlainne Stáit     ..     ..     ..

64,200

1,800

10

Le haghaidh tuarastail agus costais Choimisiún na Státseirbhíse agus an Choimisiúin um Cheapacháin Áitiúla     ..     ..     ..

87,000

109,000

11

Le haghaidh deontais (deontas-i-gcabhair) don Chomhairle Ealaíon     ..     ..     ..

70,000

-

12

Le haghaidh pinsin, aoisliúntais, cúiteamh (lena n-áirítear cúiteamh do lucht oibre), agus liúntais agus aiscí, breise agus eile, faoi na hAchtanna Aoisliúntais, 1834 go 1963, agus faoi reachtanna éagsúla eile; pinsin, liúntais agus aiscí eisreachtúla arna ndámhachtain ag an Aire Airgeadais; táillí do lia-réiteoirí agus corrtháillí do dhochtuírí; cúiteamh agus íocaíochtaí eile i leith díobhálacha pearsanta; etc..     ..

2,606,000

518,500

13

Le haghaidh Seirbhís Sicréideach     ..     ..

11,500

-

14

Le haghaidh deontais d'Údaráis Áitiúla mar fhaoiseamh i leith rátaí ar thalamh talmhaíochta     ..     ..     ..     ..

20,740,000

-

15

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Ard-Aighne, etc., agus le haghaidh costais ionchúiseamh coiriúil agus dlí-mhuirir eile     ..     ..     ..     ..     ..     ..

332,000

10,000

16

Le haghaidh Costais Ilghnéitheacha áirithe, lena n-áirítear deontais-i-gcabhair áirithe

1,789,400

-

17

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an tSoláthar; le haghaidh clódóireacht agus ceangaltóireacht, agus páipéar, foilseacháin, innealra oifige agus soláthairtí eile oifige a sholáthar do na Seirbhísí Poiblí; agus le haghaidh ilchuspóirí ilghnéitheacha     ..     ..     ..     ..     ..     ..

1,481,000

260,400

18

Le haghaidh tuarastail agus costais na hOifige Luachála, Shuirbhéireacht an Ordanáis agus mionseirbhísí áirithe     ..

429,000

63,950

19

Le haghaidh rátaí agus ranníocaí in ionad rátaí, etc., i leith maoin Rialtais, agus le haghaidh ranníocaí i leith rátaí ar áitribh i seilbh Ionadaithe do Rialtais Eachtracha

1,089,900

157,300

20

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Dlí agus Cirt, agus seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear deontas-i-gcabhair; agus na hOifige Irisí Poiblí agus Choimeádaí na Stát-Pháipéar, agus chun doiciméid stairiúla, etc., a cheannach     ..     ..     ..

349,000

1,525

21

Le haghaidh tuarastail agus costais an Gharda Síochána, lena n-áirítear pinsin, etc.; le haghaidh íocaíochtaí cúitimh agus costais eile i leith seirbhíse sna Caomhnóirí Áitiúla; chun costais finnéithe áirithe a íoc; agus chun deontas-i-gcabhair a íoc..

12,662,000

756,800

22

Le haghaidh costais phríosún, Foras Naomh Pádraig, Sean-Chonnacht; agus chun príosúnaigh a chothabháil a choinnítear in Ospidéil Mheabhair-Ghalar Cheantair, agus chun deontas-i-gcabhair a ioc     ..     ..     ..     ..     ..     ..

630,000

44,800

23

Le haghaidh na dtuarastal agus na gcostas sin de chuid na Cúirte Uachtaraí, na hArd-Chúirte, na Cúirte Cuarda agus na Cúirte Dúiche nach muirear ar an bPríomh-Chiste     ..     ..     ..     ..     ..

785,000

70,600

24

Le haghaidh tuarastail agus costais Chlárlann na Talún agus Chlárlann na nGníomhas..

376,000

-

25

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla     ..     ..     ..     ..     ..

14,300

43

26

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Rialtais Áitiúil, lena n-áirítear deontais d'Údaráis Áitiúla, deontais agus costais eile i ndáil le tithíocht, agus scéimeanna agus deontais ilghnéitheacha lena n-áirítear deontas-i-gcabhair     ..

11,590,000

398,200

27

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Oideachais (lena n-áirítear Forais Eolaíochta agus Ealaíon), le haghaidh seirbhísí ilghnéitheacha áirithe oideachais agus cultúir, agus chun ildeontais-i-gcabhair a íoc     ..     ..     ..     ..

5,899,000

18,700

28

Le haghaidh Bunoideachais, lena n-áirítear Aoisliúntas Múinteoirí Scoile Náisiúnta, etc.     ..     ..     ..     ..     ..     ..

25,258,000

279,650

29

Le haghaidh Meánoideachais     ..     ..

19,626,000

156,700

30

Le haghaidh Gairmoideachais, lena n-áirítear deontas-i-gcabhair     ..     ..     ..     ..

10,318,000

61,450

31

Le haghaidh costais i ndáil le Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair, lena n-áirítear Áiteanna Coinneála     ..     ..     ..

382,000

2,000

32

Le haghaidh deontais-i-gcabhair d'Ollscoileanna agus do Choláistí agus d'Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath     ..     ..

7,537,000

-

33

Le haghaidh tuarastail agus costais na Dánlainne Náisiúnta, lena n-áirítear deontais-i-gcabhair áirithe     ..     ..     ..     ..

65,000

900

34

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Tailte agus Oifig Choimisiún Talún na hÉireann     ..     ..     ..     ..

3,955,000

294,820

35

Le haghaidh tuarastail agus costais i ndáil le Foraoiseacht, lena n-áirítear deontas-i-gcabhair     ..     ..     ..     ..     ..

5,084,000

950,000

36

Le haghaidh tuarastail agus costais Roinn na Gaeltachta, maille le Deontais le haghaidh tithe agus ildeontais-i-gcabhair..

2,070,000

500

37

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun fóirdheontais áirithe agus ildeontais-i-gcabhair a íoc     ..     ..     ..     ..

69,476,000

4,469,376

38

Le haghaidh tuarastail agus costais i ndáil le hIascach Mara agus Intíre, lena n-áirítear ildeontais-i-gcabhair     ..     ..     ..

1,834,000

28,960

39

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Saothair, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun deontais-i-gcabhair áirithe a íoc     ..

2,768,000

617,500

40

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Tionscail agus Tráchtála, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun ildeontais-i-gcabhair a íoc     ..     ..     ..     ..

23,555,000

575,785

41

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Iompair agus Cumhachta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun ildeontais-i-gcabhair a íoc     ..     ..     ..     ..

20,363,460

3,359,467

42

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Poist agus Telegrafa agus seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun deontas-i-gcabhair a íoc     ..

30,547,000

11,133,000

43

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Cosanta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin; le haghaidh pá agus costais Óglaigh na hÉireann; agus chun deontas-i-gcabhair a íoc     ..     ..     ..     ..     ..

14,308,000

776,000

44

Le haghaidh pá scoir, pinsin, cúiteamh, liúntais agus aiscí is iníoctha faoi reachtanna éagsúla le comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann agus d'Eagraíochtaí áirithe Míleata eile, etc., nó ina leith sin, agus le haghaidh ranníocaí agus costais éagsúla i ndáil leo sin; le haghaidh liúntais eisreachtúla áirithe leanaí agus le haghaidh ildeontas     ..     ..     ..     ..     ..

3,557,400

32,778

45

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Gnóthaí Eachtracha agus seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear deontas-i-gcabhair     ..     ..

1,234,000

14,025

46

Le haghaidh ranníocaí do Chomhairle na hEorpa, don Eagras um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, do na Náisiúin Aontaithe, do Dhlí-Chomhlachtaí Idir-Rialtasacha agus don Chomhaontú Ginearálta um Tharaifi agus Trádáil; agus le haghaidh costais eile i ndáil leis an gcéanna

337,000

100

47

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh, le haghaidh seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, le haghaidh íocaíochtaí leis an gCiste Árachais Shóisialaigh, agus le haghaidh ildeontas     ..     ..     ..     ..     ..

64,158,000

2,024,150

48

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Sláinte (lena n-áirítear Oifig an Ard-Chláraitheora), agus seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear deontais d'Údaráis Áitiúla, deontais ilghnéitheacha agus deontais-i-gcabhair áirithe     ..     ..     ..     ..

37,921,000

37,000

49

Le haghaidh costais chothabhála, etc., othar sa Phríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar     ..

109,700

3,500

50

Le haghaidh méadú ar phinsin, liúntais agus pá scoir áirithe i leith seirbhíse poiblí agus pinsin d'fhoireann neamhbhunaithe áirithe agus aiscí méadaithe d'fhoireann páirtaimsire a íoc     ..     ..     ..     ..

1,305,000

-

Iomlan Chuid III     ..     ..£

426,954,460

28,819,196

Iomlan an Sceidil     ..     ..£

462,023,676

29,766,234

*Easnamh

* Easnamh

* Easnamh

* Easnamh

* Easnamh