21 1970


Uimhir 21 de 1970


AN tACHT UM AIRGEAD REATHA DEACHÚIL, 1970

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE CHUN AIRGEAD REATHA DEACHÚIL A THABHAIRT ISTEACH AGUS I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LENA THABHAIRT ISTEACH. [23 Nollaig, 1970]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1969, Uimh. 23 .

1879, c. 11.

1959, Uimh. 21 .

1966, Uimh. 8 .

1937, Uimh. 38 .

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1969” an tAcht um Airgead Reatha Deachúil, 1969 ;

ciallaíonn “an lá ceaptha” an lá a ceapadh de bhun alt 2 (2) d'Acht 1969;

tá le “banc” agus “baincéir” an bhrí a shonraítear do “bank” agus “banker” in alt 9 den Bankers“Books Evidence Act, 1879, arna leasú le halt 2 den Acht um Fhianaise Leabhar Baincéirí (Leasú), 1959 , agus arna oiriúnú le halt 8 den Acht um Aistriú an Bhainc Náisiúnta, 1966 , ach, ina theannta sin, folóidh siad Banc Ceannais na hÉireann;

ciallaíonn “lá na deachúla” an 15ú lá d'Fheabhra, 1971;

ciallaíonn “an t-airgead reatha nua” an t-airgead reatha dá ndéanann Acht 1969 socrú;

ciallaíonn “an sean-airgead reatha” an t-airgead reatha a bheidh i bhfeidhm roimh lá na deachúla;

tá an bhrí chéanna le “reacht” atá leis san Acht Léiriúcháin, 1937 ;

ciallaíonn “ionstraim reachtúil” aon ordú, rialachán, riail, scéim, fodhlí, barántas nó ionstraim eile dá shamhail a rinneadh faoi chumhacht nó údarás a thug reacht.

(2) Forléireofar Acht 1969 agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.

Billí malairte agus nótaí geallúna.

2. —(1) Beidh aon bhille malairte nó nóta geallúna a tharraingeofar nó a dhéanfar lá na deachúla nó dá éis neamhbhailí más méid i scillingí nó i bpinginí go hiomlán nó go páirteach an tsuim is iníoctha.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo d'ainneoin aon ní in aon Acht eile.

(3) Aon bhille malairte nó nóta geallúna ar shuim is scillingí nó pinginí go hiomlán nó go páirteach dar dáta an 15ú lá d'Fheabhra, 1971, nó aon lá dá éis sin, measfar gur roimh an 15ú lá d'Fheabhra, 1971, a tarraingíodh nó a rinneadh é má bhíonn deimhniú scríofa ó bhaincéir air gur mar sin a tarraingíodh nó a rinneadh é.

Modhnuithe speisialta ar an Bills of Exchange Act, 1882.

1882, c. 61.

1959, Uimh. 19 .

3. —(1) Is laethanta neamhghnó chun críocha an Bills of Exchange Act, 1882, an 11ú lá, an 12ú lá agus an 13ú lá d'Fheabhra, 1971, ach na laethanta sin—

(a) féadfaidh baincéir (cibé acu is eisean nó nach eisean an duine ar a mbeidh sé tarraingthe) seic nó ionstraim eile lena mbainfidh alt 4 den Acht Seiceanna, 1959 , a thíolacadh do bhaincéir le haghaidh íocaíochta, agus

(b) féadfaidh baincéir dá mbeidh seic nó ionstraim den sórt sin arna thíolacadh amhlaidh aon tráth le haghaidh íocaíochta é a íoc agus méid an tseic sin a fhéichiúnú ar chuntas a chustaiméara,

ionann is dá mba laethanta gnó na laetheanta sin.

(2) D'ainneoin aon ní in alt 14 den Bills of Exchange Act, 1882. beidh bille malairte nó nóta geallúna—

(a) dlite agus iníoctha an 10ú lá d'Fheabhra, 1971, más é an 11ú lá nó an 12ú lá d'Fheabhra, 1971, an lá breise deiridh dó faoin alt sin, agus

(b) beidh sé dlite agus iníoctha lá na deachúla más é an 13ú lá nó an 14ú lá d'Fheabhra, 1971, an lá breise deiridh sin.

Tagairtí do scillingí agus do phinginí i seiceanna, etc., a athrú.

4. —(1) Déanfar, lá na deachúla agus dá éis, aon tagairt do shuim airgid sa sean-airgead reatha in aon ionstraim lena mbaineann an t-alt seo a léamh, a mhéid gur tagairt í do shruim i scillingí nó i bpinginí, mar thagairt don tsuim chomhréire san airgead reatha nua arna ríomh de réir an Sceidil a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Má dhéantar tagairt do shuim airgid sa sean-airgead reatha in ionstraim lena mbaineann an t-alt seo a athrú le go léifidh sé mar bheadh sé, mura mbeadh sin, le léamh de réir fho-alt (1) den alt seo, ní dhéanfaidh an t-athrú aon difear do bhailíocht na hionstraime agus, i gcás bille malairte nó nóta geallúna, ní mheasfar gur athrú ábhartha é chun críocha alt 64 den Bills of Exchange Act, 1882.

(3) Baineann an t-alt seo le hionstraimí d'aon tuairisc acu seo a leanas a bheidh arna dtarraingt, arna ndéanamh nó arna n-eisiúint roimh lá na deachúla:

(a) seiceanna agus ionstraimí eile lena mbaineann alt 4 den Acht Seiceanna, 1959 ,

(b) billí malairte seachas seiceanna,

(c) nótaí geallúna,

(d) orduithe airgid agus orduithe poist (lena n-áirítear orduithe poist dar greamaíodh stampaí lena n-aghluach a mhéadú).

(e) aon bharántas a bheidh arna eisiúint faoi údarás an Aire Poist agus Telegrafa chun suim airgid a íoc,

(f) aon doiciméad a bheidh arna eisiúint faoi údarás an Aire Leasa Shóisialaigh agus é beartaithe chun a chumasú do dhuine íoc na suime a luaitear sa doiciméad a fháil ach nach bille malairte,

(g) aon doiciméad nach luaitear sna míreanna sin roimhe seo agus a bheidh beartaithe chun a chumasú do dhuine íoc aon suime a luaitear sa doiciméad a fháil trí bhaincéir.

Comharduithe bainc a shóinseáil.

5. —I gcás nach slán-uimhir punt suim an chomhardaithe a bheidh chun sochair nó chun dochair cuntais i mbanc lá na deachúla nó dá éis, féadfar déileáil leis an oiread sin den tsuim sin is scillingí nó pinginí mar an tsuim chomhréire san airgead reatha nua arna ríomh de réir an Sceidil a ghabhann leis an Acht seo.

Ioc trí sheic, trí bhille malairte nó trí nóta geallúna i gcásanna áirithe.

6. —I gcás ina ndéanfar suim airgid sa sean-airgead reatha ar scillingí nó pinginí cuid di agus—

(a) má bhíonn sí tagtha chun bheith dlite í a íoc roimh lá na deachúla, nach mbeidh íoctha ar an lá sin tosú, nó

(b) a thiocfaidh chun bheith dlite í a íoc an lá sin nó dá éis agus roimh an lá ceaptha,

a íoc trí sheic, trí bhille malairte seachas seic nó trí nóta geallúna, is í an tsuim chomhréire san airgead reatha nua arna ríomh de réir an Sceidil a ghabhann leis an Acht seo an tsuim a bheidh iníoctha i leith na coda di is scillingí nó pinginí.

Iocaíochtaí tréimhsiúla áirithe a íoc.

7. —(1) Baineann an t-alt seo le haon suim airgid sa sean-airgead reatha is iníoctha lá na deachúla nó dá éis mar cheann de shraith íocaíochtaí a cóimhéid is iníoctha go tréimhsiúil, de bhun comhaontú scríofa nó comhaontú eile nó ar shlí eile, agus nach suim a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo.

(2) Faoi réir forálacha an Achta seo, i gcás nach slán-uimhir punt suim airgid lena mbaineann an t-alt seo, féadfar an oiread sin den tsuim sin is scillingí nó pinginí a íoc tríd an tsuim chomhréire san airgead reatha nua arna ríomh de réir an Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a íoc.

(3) Ní bhaineann an t-alt seo—

(a) le suim is iníoctha le fostaí nó le sealbhóir aon oifige ar mhodh pá, tuarastail nó luach saothair eile, ná

(b) le suim aon íocaíochta lena mbaineann alt 8 den Acht seo.

Iocaíochtaí faoi chonarthaí cara-chumann agus árachais tionscail.

1936, Uimh. 45 .

8. —(1) Baineann an t-alt seo le gach íocaíocht is iníoctha le nó ag cara-chumann cláraithe nó cuideachta árachais tionscail, faoi aon chonradh cara-chumainn nó cuideachta árachais tionscail arna dhéanamh roimh lá na deachúla.

(2) Féadfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála rialacháin a dhéanamh do shonrú na modhanna a fheidhmeofar chun na suimeanna san airgead reatha nua is iníoctha i leith íocaíochtaí lena mbaineann an t-alt seo agus a thiocfaidh chun bheith dlite lá na deachúla nó dá éis a chinneadh.

(3) Féadfaidh rialacháin faoi fho-alt (2) den alt seo—

(a) socrú éagsúil a dhéanamh d'íocaíochtaí is iníoctha i gceann eatramh éagsúil, d'íocaíochtaí is iníochta faoi aicmí éagsúla conarthaí agus do thosca éagsúla eile,

(b) cibé forálacha eatramhacha, foghabhálacha agus forlíontacha a bheith iontu is dóigh leis an Aire Tionscail agus Tráchtála is gá nó is foirsteanach chun críche na rialachán,

(c) socrú a bheith iontu chun rialacha cara-chumann cláraithe a athrú.

(4) Féadfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála rialacháin a dhéanamh ina mbeidh foráil chun ráitis a cheadóidh sé a chur i leabhair admhála préimheanna, nó chun fógraí ina mbeidh ráitis den sórt sin a chur go dtí sealbhóirí polasaithe agus go dtí comhaltaí de chara-chumainn chláraithe le míniú a thabhairt ar éifeacht aon rialachán faoi fho-alt (2) den alt seo.

(5) San alt seo—

tá le “cuideachta árachais” agus le “gnó árachais tionscail” na bríonna céanna atá leo san Acht Arachais, 1936 , agus tá le “leabhar admhála préimheanna” an bhrí atá le “leabhar admhála praemium” san Acht sin;

ciallaíonn “conradh cara-chumainn” conradh arna dhéanamh ag cara-chumann cláraithe i gcúrsa a ghnó sa Stát, bíodh sé i rialacha an chumainn nó ná bíodh;

ciallaíonn “cuideachta árachais tionscail” cuideachta árachais a sheolann gnó árachais tionscail sa Stát;

ciallaíonn “conradh árachais tionscail” conradh árachais arna dhéanamh ag duine a sheolann gnó árachais tionscail i gcúrsa a ghnó árachais tionscail sa Stát;

ciallaíonn “cara-chumann cláraithe” cumann atá cláraithe sa Stát faoi Achtanna na gCara-Chumann, 1896 go 1953.

Leasú ar na tagairtí do scillingí agus do phinginí i reachtanna agus in ionstraimí reachtúla.

9. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo agus aon ordaithe faoi alt 10 den Acht seo, i gcás tagairt do shuim airgid sa sean-airgead reatha nach slán-uimhir punt in aon reacht nó ionstraim reachtúil a ritheadh nó a rinneadh roimh lá na deachúla, déanfar an tagairt sin, a mhéid is tagairt í do shuim scillingí nó pinginí, a léamh lá na deachúla agus dá éis mar thagairt do shuim san airgead reatha nua arna ríomh ar an bhforas gur comhionann scilling agus cúig phingin nua agus pingin a bheith comhionann le cúig dóú cuid déag de phingin nua.

(2) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo—

(a) le tagairt san Acht seo nó in aon ionstraim reachtúil a rinneadh faoin Acht seo nó in aon reacht nó ionstraim reachtúil eile a bhaineann le monaíocht nó le airgead reatha, ná

(b) le tagairt i reacht nó in ionstraim reachtúil más léir a mhalairt d'intinn i reacht nó in ionstraim reachtúil a ritheadh nó a rinneadh tar éis Acht 1969 a rith.

Cumhacht fhorlíontach chun tagairtí do scillingí agus do phinginí i reachtanna agus in ionstraimí reachtúla a leasú.

10. —(1) I gcás ina bhfuil tagairt do shuim airgid sa sean-airgead reatha nach slán-uimhir punt i reacht nó in ionstraim reachtúil a ritheadh nó a rinneadh roimh lá na deachúla, féadfaidh an tAire Airgeadais, nó féadfaidh aon Aire eile Stáit le toiliú an Aire Airgeadais, le hordú—

(a) murar pingin nua iolrú ar phingin nua cóimhéid na suime sin san airgead reatha nua, tagairt do cibé suim san airgead reatha nua ar dóigh leis gurb é an t-iolrú iomchuí é ar leathphingin nua (nó má dhlíonn an cás é, tagairt do leathphingin nua) a chur in ionad na tagartha sin,

(b) cibé leasú eile a dhéanamh ar an reacht nó ar an ionstraim reachtúil sin is dóigh leis is iomchuí chun a áirithiú gur leathphingin nua nó iolrú a leathphingin nua aon suim is iníoctha faoin gcéanna de bhua na tagartha sin nó gur pingin nua nó iolrú ar phingin nua aon suim den sórt sin.

(c) más cuid de ráta, de chéatadán, de chionúireacht, d'fhoirmle nó d'fhoras ríofa eile an tagairt sin, cibé leasú a dhéanamh ar an reacht nó ar an ionstraim reachtúil sin is dóigh leis is iomchuí chun a áirithiú gur san airgead reatha nua agus i dtéarmaí caothúla a luafar foras an ríofa.

(2) Aon ordú faoin alt seo—

(a) féadfaidh sé cibé forálacha iarmartacha, forlíontacha agus eatramhacha a bheith ann is oiriúnach le hAire dhéanta an ordaithe,

(b) féadfar é a chúlghairm nó é a leasú le hordú ina dhiaidh sin.

(3) Ní thiocfaidh ordú faoin alt seo i ngníomh roimh lá na deachúla.

(4) Ní dhéanfar aon ordú faoin alt seo a athróidh ráta aon chánach.

(5) Ní dhéanfaidh aon fhoráil a leasú le hordú faoin alt seo dochar d'aon chumhacht chun an fhoráil sin a leasú nó a athrú a thugtar ar shlí seachas leis an alt seo.

Foirmeacha a mhodhnú.

11. —(1) (a) I gcás ina n-eiseofar roimh lá na deachúla aon fhoirm atá leagtha amach i reacht nó in ionstraim reachtúil a ritheadh nó a rinneadh roimh lá na deachúla agus tagairt inti do shuim airgid sa sean-airgead reatha seachas slán-uimhir punt, féadfaidh an t-údarás a eiseoidh an fhoirm í a mhodhnú ionas go dtaispeáinfidh sí freisin an tsuim iomchuí san airgead reatha nua.

(b) Sa mhír sin roimhe seo forléireofar an tagairt don tsuim iomchuí san airgead reatha nua mar thagairt don tsuim sin atá ar comhréir, ag féachaint d'alt 9 den Acht seo, d'ordú faoi alt 10 den Acht seo nó d'aon reacht nó ionstraim reachtúil eile (de réir mar is gá sa chás), don tsuim airgid sa sean-airgead reatha dá mbeidh tagairt san fhoirm.

(2) Aon fhoirm atá leagtha amach i reacht nó in ionstraim reachtúil a ritheadh nó a rinneadh roimh lá na deachúla agus is foirm atá deartha chun freastal do thagairtí do shuimeanna airgid is scillingí nó pinginí go hiomlán nó go páirteach, féadfaidh an t-údarás a eiseoidh í nó an duine a úsáidfidh an fhoirm í a mhodhnú ionas go bhfeadfaidh sí freastal do thagairtí do shuimeanna airgid is pinginí nua go hiomlán nó go páirteach.

(3) Ní dochar d'aon fhoráil eile a údaraíonn aon fhoirm den sórt sin a mhodhnú fo-ailt (1) agus (2) den alt seo.

Stoc cláraithe a bheith inaistrithe in iolruithe ar phingin amháin.

12. —(1) Aon stoc cláraithe is inaistrithe in iolruithe ar phingin amháin díreach roimh lá na deachúla beidh sé, lá na deachúla agus dá éis, inaistrithe ina ionad sin in iolruithe ar phingin nua amháin ach amháin a mhéid a dhéanfar nó a rinneadh, i bhfeidhmiú aon chumhachta chuige sin, aon socrú eile i dtaobh na suimeanna ina mbeidh an stoc sin inaistrithe amhail ón lá sin nó ó aon lá dá éis sin.

(2) Déanfar, maidir le haon réamheolaire nó doiciméad eile a eisíodh roimh lá na deachúla agus ina bhfuil na téarmaí ar a n-eiseofar nó ar a sealbhfófar aon stoc cláraithe den sórt sin, aon tagairt ann do phingin amháin mar an tsuim arb in iolruithe uirthi a bheidh an stoc inaistrithe a fhorléiriú, lá na deachúla agus dá éis, mar thagairt do phingin nua amháin.

(3) I gcás nach slán-uimhir punt méid an iarmhéid d'aon stoc cláraithe den sórt sin a bheidh in ainm aon duine díreach roimh lá na deachúla i gcuntas sa chlár, déileálfar, lá na deachúla agus dá éis, leis an oiread sin den iarmhéid sin is scillingí nó pinginí mar a shuim chomhréire san airgead reatha nua arna ríomh de réir forálacha an Sceidil a ghabhann leis an Acht seo.

(4) San alt seo folaíonn “stoc cláraithe” stoc inscríofa agus ciallaíonn “an clár”, maidir le haon stoc cláraithe, aon chlár nó leabhar ina bhfuil an stoc sin cláraithe nó inscríofa.

Suimeanna sa sean-airgead reatha is iníoctha an lá ceaptha nó dá éis.

13. —I gcás suim airgid sa sean-airgead reatha nach slánuimhir punt—

(a) a bheidh tagtha chun bheith dlite í a íoc roimh an lá ceaptha agus nach mbeidh íoctha ar an lá sin tosú, nó

(b) a thiocfaidh chun bheith iníoctha an lá ceaptha nó dá éis,

is í an tsuim chomhréire san airgead reatha nua arna ríomh de réir an Sceidil a ghabhann leis an Acht seo an tsuim a bheidh iníoctha i leith na coda di is scillingí nó pinginí.

Tagairtí do shuimeanna airgid sa sean-airgead reatha.

14. —(1) (a) Acht amháin mar a fhoráiltear le halt 2 den Acht seo, ní mheasfar aon ionstraim a bheith neamhbhailí mar gheall ar thagairt do shuim airgid san sean-airgead reatha a bheith inti.

(b) San fho-alt seo folaíonn “ionstraim” uachtanna, doiciméid agus gach scríbhinn eile de ghné dhlíthiúil fhoirmiúil.

(2) Tiocfaidh fo alt (1) den alt seo i ngníomh an lá ceaptha agus beidh éifeacht aige d'ainneoin aon ní in aon Acht eile.

Dlíthairiscint.

15. —(1) Má thairgtear airgead, lá na deachúla nó dá éis, i monaí darb ainmluach reul, leath-reul nó pingin, is monaí a eisíodh faoi Acht 1950 nó faoi na hachtacháin aisghairthe, is dlíthairiscint é sin suim a íoc nach mó, sa sean-airgead reatha, ná ceithre scilling nó nach mó, san airgead reatha nua, ná fiche pingin nua ach ní hea i gcás aon suim is mó ná sin.

(2) Má thairgtear airgead, lá na deachúla nó dá éis, i monaí (seachas monaí créumha) a eisíodh faoi Acht 1969 agus ainmluach is mó ná deich bpingin nua ar gach mona díobh, is dlíthairiscint é sin suim sa sean-airgead reatha nach mó ná deich bpunt a íoc, ach ní hea i gcás aon suim is mó ná sin.

(3) Má thairgtear airgead, lá na deachúla nó dá éis, i monaí (seachas monaí créumha) a eisíodh faoi Acht 1969, agus ainmluach nach mó ná deich bpingin nua ar gach mona díobh, is dlíthairiscint é sin suim sa sean-airgead reatha nach mó ná cúig phunt a íoc ach ní hea i gcás aon suim is mó ná sin.

(4) Má thairgtear airgead, lá na deachúla nó dá éis, i monaí créumha a eisíodh faoi Acht 1969, is dlíthairiscint é sin suim sa sean-airgead reatha nach mó ná ceithre scilling a íoc ach ní hea i gcás aon suim is mó ná sin.

(5) Má thairgtear airgead, lá na deachúla nó dá éis, go páirteach i monaí darb ainmluach reul, leath-reul nó pingin is monaí a eisíodh faoi Acht 1950 nó faoi na hachtacháin aisghairthe, agus go páirteach i monaí créumha a eisíodh faoi Acht 1950, is dlíthairiscint suim a íoc nach mó, sa sean-airgead reatha, ná ceithre scilling nó, san airgead reatha nua, ná fiche pingin nua ach ní hea i gcás suim is mó ná sin.

(6) Chun críocha na bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo—

(a) féadfar déileáil le mona den sean-airgead reatha mar mhona reatha den airgead reatha nua arna ríomh ar an bhforas a shonraítear in alt 9 (1) den Acht seo, agus

(b) féadfar déileáil le mona den airgead reatha nua mar mhona reatha den sean-airgead reatha arna ríomh ar an bhforas sin.

(7) Lá na deachúla agus dá éis, measfar gur monaí darb ainmluach caoga pingin nua a eisíodh faoi Acht 1969 monaí airgid darb ainmluach deich scilling a eisíodh faoi na hAchtanna Monaíochta, 1950 agus 1966.

(8) Ní bhainfidh fo-ailt (1), (2), (3), (4), (5) agus (7) den alt seo le monaí a bheidh glaoite isteach faoi Acht 1969.

(9) Beidh éifeacht ag fo-ailt (2), (3) agus (4) den alt seo d'ainneoin alt 8 d'Acht 1969.

Aisghairm.

16. —(1) Aisghairtear leis seo alt 12 d'Acht 1950.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh lá na deachúla.

Gearrtheideal agus comhlua.

17. —(1) Féadfar an tAcht um Airgead Reatha Deachúil, 1970 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Airgead Reatha Deachúil, 1969 agus 1970, a ghairm d'Acht 1969 agus den Acht seo le chéile.

AN SCEIDEAL

An Modh ar a Ríofar i gCásanna áirithe an tSuim i bPinginí Nua atá ar Comhréir le Suim i Scillingí agus Pinginí.

Ailt 4 , 5 , 6 , 7 , 12 agus 13 .

Déanfar an tsuim san airgead reatha nua atá ar comhréir le suim i scillingí, i scillingí agus pinginí nó i bpinginí a ríomh mar a leanas:

(a) maidir le haon dhá scilling iomlán nó iolrú ar dhá scilling iomlán, measfar gur deich bpingin nua nó an t-iolrú sin ar dheich bpingin nua an tsuim chomhréire san airgead reatha nua,

(b) maidir le haon suim nó suim iarmhair is lú ná dhá scilling a thaispeántar i gcolún (1) den Tábla seo a leanas measfar gurb í an tsuim chomhréire san airgead reatha nua an tsuim (más ann) i bpinginí nua a thaispeántar os coinne na suime sin i gcolún (2) den Tábla sin (agus dá réir sin déanfar neamhshuim de shuim is pingin nó pingin iarmhair).

AN TABLA

(1)

(2)

An tsuim sa sean-airgead reatha

An tsuim chomhréire san airgead reatha nua

 1d.

--

 2d.

1p

 3d.

1p

 4d.

2p

 5d.

2p

 6d.

3p

 7d.

3p

 8d.

3p

 9d.

4p

10d.

4p

11d.

5p

1s.

 0d.

5p

1s.

 1d.

5p

1s.

 2d.

6p

1s.

 3d.

6p

1s.

 4d.

7p

1s.

 5d.

7p

1s.

 6d.

7p

1s.

 7d.

8p

1s.

 8d.

8p

1s.

 9d.

9p

1s.

10d.

9p

1s.

11d.

10p