22 1970


Uimhir 22 de 1970


AN tACHT FÁN gCOISTE UM CHUNTAIS PHOIBLÍ DHÁIL ÉIREANN (PRIBHLÉID AGUS NÓS IMEACHTA), 1970

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH PRIBHLÉIDE, DÍOLÚINE AGUS NÓS IMEACHTA MAIDIR LEIS AN gCOISTE UM CHUNTAIS PHOIBLÍ DHÁIL ÉIREANN I gCOMHLÍONADH FEIDHMEANNA ÁIRITHE DÁ CHUID.

[23 Nollaig, 1970.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an coiste” an Coiste um Chuntais Phoiblí Dháil Éireann le linn dó a bheith ag comhlíonadh na bhfeidhmeanna atá sannta dó le hordú ó Dháil Éireann a rinneadh an lú lá de Nollaig, 1970.

Pribhléid agus díolúine an choiste.

2. —(1) Cibé caint a dhéanfaidh comhaltaí an choiste sa choiste ní inchúisithe iad mar gheall uirthi in aon chúirt ná ag údarás ar bith ach amháin Dáil Éireann féin.

(2) (a) Beidh doiciméid an choiste agus na doiciméid de chuid a chomhaltaí a bhainfidh leis an gcoiste nó lena fheidhmeanna,

(b) beidh tuarascálacha agus foilseacháin oifigiúla uile an choiste, agus

(c) beidh cibé caint a dhéanfaidh comhaltaí, comhairleoirí, oifigigh agus gníomhairí an choiste sa choiste,

cibé áit a bhfoilseofar an céanna, faoi phribhléid.

Cumhacht an choiste finnéithe a thoghairm.

3. —(1) Féadfaidh an coiste, chun críocha a fheidhmeanna gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh—

(a) finnéithe a thoghairm, trí litreacha a sheachadfar dóibh féin go pearsanta nó leis an bpost cláraithe, chun freastal os comhair an Choiste,

(b) na finnéithe a fhreastalóidh os a chomhair a scrúdú,

(c) a cheangal ar aon fhinné den sórt sin aon doiciméad ina chumhacht nó faoina urláimh a thabhairt ar aird don choiste nó a cheangal ar aon duine, trí litir a sheachadfar dó go pearsanta nó leis an bpost cláraithe aon doiciméad ina chumhacht nó faoina urláimh a chur chun an choiste.

(2) Beidh finné os comhair an choiste agus duine a chuirfidh doiciméad chun an choiste i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna ionann is dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é.

(3) Ní mór toghairm a bheith sínithe ag comhalta amháin ar a laghad den choiste.

(4) Más rud é—

(a) go mainneoidh duine ar bith freastal os comhair an choiste tar éis é a thoghairm go cuí chun freastal mar fhinné, nó

(b) go ndiúltóidh duine ar bith, agus é ag freastal mar fhinné os comhair an choiste, mionn a ghlacadh nó dearbhasc a dhéanamh nuair a cheanglóidh an coiste go dleathach sin air, nó aon doiciméad ina chumhacht nó faoina urláimh a thabhairt ar aird a cheanglóidh an coiste go dleathach air a thabhairt ar aird nó aon cheist a fhreagairt a cheanglóidh an coiste go dleathach air a fhreagairt, nó

(c) go mainneoidh nó go ndiúltóidh duine ar bith aon doiciméad ina chumhacht nó faoina urláimh a chur chun an choiste a cheanglóidh an coiste go dleathach ar an duine a chur chun an choiste, nó

(d) go ndéanfaidh duine ar bith aon ní arb é a bheadh ann, dá mba chúirt bhreithiúnais agus cumhacht chimithe aici i leith díspeagadh cúirte an coiste, díspeagadh ar an gcúirt sin,

féadfaidh an coiste cion an duine sin a dheimhniú faoi lámh chathaoirleach an choiste don Ard-Chúirt agus féadfaidh an Ard-Chúirt, tar éis di cibé fiosrúchán a dhéanamh is dóigh léi is cuí, an duine sin a phionósú nó bearta a dhéanamh chun go bpionósófar an duine sin, ionann is dá mba i ndíspeagadh ar an Ard-Chúirt a bhí sé ciontach.

Gearrtheideal.

4. —Féadfar an tAcht fán gCoiste um Chuntais Phoiblí Dháil Éireann (Pribhléid agus Nós Imeachta), 1970 , a ghairm den Acht seo.