|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 23 de 1970 | ||
[EN] |
AN tACHT UM RIALÚ IOMLAOIDE (BUANÚ), 1970 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO CHOIMEÁD AN ACHTA UM RIALÚ IOMLAOIDE, 1954 , I nGNÍOMH. [26 Nollaig, 1970.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
An tAcht um Rialú Iomlaoide, 1954 , a choimeád i ngníomh. |
1. —Déantar leis seo an méid seo a leanas a chur in ionad alt 2 (2) den Acht um Rialú Iomlaoide, 1954 , arna leasú le halt 1 den Acht um Rialú Iomlaoide (Buanú), 1966 : |
[EN] | “(2) Leanfaidh an tAcht seo i ngníomh go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1974, agus éagfaidh sé ansin”. | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht um Rialú Iomlaoide (Buanú), 1970 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Rialú Iomlaoide, 1954 go 1970, a ghairm de na hAchtanna um Rialú Iomlaoide, 1954 go 1966, agus den Acht seo le chéile. |