|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 24 de 1970 | ||
[EN] |
AN tACHT IOMPAIR, 1970 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE MAIDIR LE hIOMPAR. [26 Nollaig, 1970] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Deontais neamhinaisíoctha do Chóras Iompair Éireann. |
1. —(1) Féadfaidh an tAire Iompair agus Cumhachta deontais neamhinaisíoctha a thabhairt ina méideanna nach mó ná £2,980,000 sa chomhiomlán don Bhord i mbliain airgeadais an Bhoird dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1971, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, agus is deontais i dteannta aon deontais is iníoctha leis an mBord faoi aon achtacháin roimhe seo aon deontais den sórt sin. |
[EN] | (2) San alt seo ciallaíonn “an Bord” Córas Iompair Éireann. | |
[EN] |
Caiteachais. |
2. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Iompair agus Cumhachta ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
[EN] |
Gearrtheideal. |
3. —Féadfar an tAcht Iompair, 1970 , a ghairm den Acht seo. |