25 1970


Uimhir 25 de 1970


AN tACHT AIRGEADAIS (Uimh. 2), 1970

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO MHUIREARÚ AGUS D'FHORCHUR DLEACHTANNA ÁIRITHE IONCAIM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL), DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE hIONCAM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL) AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁLACHA I dTAOBH AIRGEADAIS.

[26 Nollaig, 1970]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Deireadh le hasbhaintí i leith cánach brabús corparáide.

1967, Uimh. 6 .

1. —Maidir le ríomh ioncaim chun críocha cánach ioncaim don bhliain 1970-71 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin—

(a) ní bheidh feidhm ag alt 64 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a mhéid a fhorálann sé go lamhálfar cáin bhrabús corparáide a d'íoc cuideachta in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta a asbhaint mar chostas a tabhaíodh an tréimhse chuntasaíochta sin le linn brabúis nó gnóchain na cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach ioncaim;

(b) beidh éifeacht ag mír 4 de Sceideal 7 den Acht sin ionann is dá scriosfaí clásal (ii) d'fhomhír (c);

(c) beidh éifeacht ag mír 8 de Sceideal 10 a ghabhann leis an Acht sin ionann is dá ndéanfaí, i gclásal (c) d'fhomhír (3) “nach féidir aon chuid áirithe” a chur in ionad “aon chuid” agus “a bheith le lamháil mar chreidmheas i gcoinne cánach brabús corparáide ní nach féidir í” a scriosadh.

Leasú ar an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 .

1952, Uimh. 24 .

1961, Uimh. 24 .

1920, c. 72.

2. —Beidh an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , arna leasú, amhail ar an agus ón lú lá de Shamhain, 1970, trí “£1 10s.”, “£3”, “£4 10s.”, “£7”, “£9 10s.”, “£2 10s.” “£12 10s.”. “£9 10s.” agus “£3” a chur mar na rátaí dleachta in ionad “£1 5s.”, “£2 10s.”, “£3 15s.”, “£5 12s. 6d.”, “£7 10s.”, “£1 17s. 6d.”, “£10”, “£7 10s.” agus £2 10s.” faoi seach i mír (1) de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis.

(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, beidh an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , arna leasú amhail ar an agus ón 1ú lá de Shamhain, 1970, tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (d) de mhír 6 i gCuid 1 den Sceideal a ghabhann leis:

“(d) feithiclí eile lena mbaineann a mhír seo—

£

feithiclí nach bhfuil thar 8 n-each-chumhacht iontu nó a thiomáintear le leictreachas     ...     ...     ...

20

feithiclí a bhfuil thar 8 n-each-chumhacht iontu ach nach bhfuil thar 9 n-each-chumhacht iontu     ...     ...     ...

23

feithiclí a bhfuil thar 9 n-each-chumhacht iontu ach nach bhfuil thar 10 n-each-chumhacht iontu     ...     ...     ...

26

feithiclí thar 10 n-each-chumhacht     ...

26

móide £4 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta de bhreis ar 10 n-each - chumhacht faoi réir suime uasta £50 don dleacht iomlán.”

(3) Ní bheidh éifeacht ag fo-alt (2) den alt seo maidir le haon fheithicil—

(a) a úsáidtear mar fheithicil bheag sheirbhíse poiblí de réir brí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , agus nach n-úsáidtear chun aon chríche eile, nó

(b) a bhfuil taximhéadar feistithe uirthi agus a úsáidtear go dleathach de réir brí an Achta um Thrácht ar Bhoithre, 1961 , nó chun críocha a ghabhann leis an úsáid sin agus nach n-úsáidtear chun aon chríche eile, nó

(c) a úsáidtear mar eileatram agus nach n-úsáidtear chun aon chríche eile.

(4) D'ainneoin alt 3 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , déanfar neamhshuim den sochar ó na méaduithe a dhéantar ar dhleachtanna leis an alt seo, arna ríomh i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais, le linn aon suim a chinneadh a bheidh le heisiúint as an bPríomh-Chiste faoi alt 2 (1) den Roads Act, 1920.

Rátaí cánach mórdhíola.

1966, Uimh. 22 .

3. —Déanfar, le héifeacht ar an agus ón 1ú lá de Shamhain, 1970, an cháin mhórdhíola a fhorchuirtear le halt 2 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1966 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir fiche faoin gcéad i gcás na n-earraí a shonraítear sa Tábla a ghabhann le halt 7 (1) den Acht sin, agus, dá réir sin, déantar leis seo “fiche faoin gcéad” a chur in ionad “cúig déag faoin gcéad” san alt sin 7 (1) le héifeacht ar an agus ón dáta sin, agus déantar leis seo “fiche faoin gcéad” a chur in ionad “cúig déag faoin gcéad” in alt 11 (1) den Acht sin i leith earraí arna n-allmhairiú ar an dáta sin nó dá éis.

Breis le híocaíochtaí áirithe.

4. —I gcás inarb airgead a íocadh faoi chonradh a rinneadh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1966, nó dá éis agus roimh an lú lá de Shamhain, 1970, iomlán láimdeachais nó cuid de láimhdeachas duine fhreagraigh, féadfaidh an duine freagrach, mura mbeidh comhaontú a mhalairt ann, suim is comhionann le haon mhéid breise is iníoctha aige i leith an airgid mar gheall ar an méadú a dhéantar le halt 3 den Acht seo ar an ráta cánach mordhíola a ghnóthú mar bhreis leis an íocaíocht a sonraíodh sa chonradh.

Us a íoc ar airgead fuascailte áirithe.

5. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, maidir leis an airgead fuascailte lena mbaineann an t-alt seo, ús a íoc ar an airgead sin in aghaidh na tréimhse dar tosach an lú lá d'Iúil, 1970, agus dar críoch an 30ú lá de Shamhain, 1970, de réir ocht faoin gcéad sa bhliain agus tabharfar na híocaíochtaí do na daoine arbh iad sealbhóirí cláraithe na mbannaí iomchuí iad an 1ú lá de Bhealtaine, 1970.

(2) Is é an t-airgead fuascailte lena mbaineann an t-alt seo an t-airgead is iníoctha ar na bannaí talún a tarraingíodh le fuascailt sa tarraingt le haghaidh bannaí talún a fhuascailt a thosaigh an 27ú lá de Dheireadh Fómhair, 1970.

(3) Íocfar amach as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis an t-airgead is gá chun ús a íoc faoin alt seo.

Leasú ar alt 54 den Acht Airgeadais, 1970 .

1970, Uimh. 14 .

6. —Leasaítear leis seo alt 54 den Acht Airgeadais, 1970 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(4) Muirearófar ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis na caiteachais a thabhóidh an tAire ag déanamh socruithe go mbeidh airgead ar fáil le fáil ar iasacht aige cibé tráth is oiriúnach leis.”

Cúram agus bainistí cánach agus dleachtanna.

7. —(1) Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile (seachas na dleachtanna máil ar fheithiclí inneallghluaiste) a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisineirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

1963, Uimh. 23 .

8. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 1970 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar alt 1 den Acht seo i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim.

(3) Forléireofar alt 2 den Acht seo i dteannta na Reacht a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna máil.

(4) Forléireofar ailt 3 agus 4 den Acht seo i dteannta Chuid VI den Acht Airgeadais, 1963 , an Achta Airgeadais (Uimh. 2), 1966 , agus na n-achtachán a leasaíonn nó a leathnaíonn an Chuid sin agus an tAcht sin is déanaí a luaitear.

(5) Measfar gur tháinig alt 1 den Acht seo i bhfeidhm agus glacfaidh sé éifeacht amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1970.

(6) Déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile a fhorléiriú, ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi, lena n-áirítear an tAcht seo.