1 1972


Uimhir 1 de 1972


AN tACHT UM FHÓIR TEORANTA, 1972

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE FÓIR TEORANTA AGUS MAIDIR LE TAISCÍ STÁIT TEORANTA A DHÍSCAOILEADH. [26 Eanáir. 1972]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

tá le “an Chuideachta” an bhrí a shonraítear in alt 2;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais.

Foirmiú agus clárú na Cuideachta.

1963, Uimh. 33 .

2. —Cuirfidh an tAire faoi deara cuideachta theoranta (dá ngairtear an Chuideachta san Acht seo) a bheidh de réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Acht seo a fhoirmiú agus a chlárú faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 .

Ainm agus caipiteal.

3. —(1) Fóir Teoranta ainm na Cuideachta.

(2) Céad punt arna roinnt i scaireanna punt an ceann scairchaipiteal na Cuideachta.

Meabhrán comhlachais.

4. —(1) Is i cibé foirm ar comhréir leis an Acht seo a cheadóidh an tAire a bheidh meabhrán comhlachais na Cuideachta.

(2) (a) Beidh cuspóirí na Cuideachta curtha síos ar shlí sa mheabhrán comhlachais gurb iad príomh-fheidhmeanna na Cuideachta:

(i) scaireanna agus bintiúir arna n-eisiúint ag gnólachtaí ar deimhin leis an gCuideachta gur gnólachtaí cáilithe iad de réir brí an fho-ailt seo a fháil, a shealbhú agus a dhíol, a shannadh agus déileáil iontu thairis sin,

(ii) iasachtaí faoi urrús nó gan urrús a thabhairt, faoi réir cibé coinníollacha a cheanglóidh an Chuideachta má cheanglaíonn, do ghnólachtaí den sórt sin,

(iii) airgeadas gearr-théarma, lena n-áirítear bille-airgeadas, a sholáthar do ghnólachtaí den sórt sin, agus

(iv) a ráthú go n-aisíocfar go cuí maille le hús airgead a gheobhaidh gnólachtaí den sórt sin ar iasacht.

(b) Is gnólacht cáilithe chun críocha an fho-ailt seo gnólacht más é tuairim na Cuideachta—

(i) go bhfuil sí ag gabháil do ghníomhaíocht tionscail (lena n-áirítear aon ghníomhaíocht atá coimhdeach do thionscal),

(ii) gurb ionchomharthaí maidir leis an náisiún nó maidir le ceantar an fhostaíocht atá ann agus an méid caipitil iomlán atá gafa leis,

(iii) gur cion réasúnach dá chaipiteal iomlán ranníoc a úinéirí,

(iv) go bhfuil ionchas réasúnach ann le brabús ar buan-fhoras uaidh, mar atá sé comhdhéanta faoi láthair nó ar bheith oiriúnaithe dó,

(v) amhras a bheith ann faoina bhuaine mar gheall ar é a bheith éagumasach ar a riachtanais airgeadais a fháil ó fhoinsí tráchtála, agus

(vi) go mbeadh ainiarmairtí tromaí ann don náisiún nó do cheantar mura bhfaigheadh sé cúnamh airgeadais.

Airteagail chomhlachais.

5. —(1) Is i cibé foirm ar comhréir leis an Acht seo a cheadóidh an tAire a bheidh airteagail chomhlachais na Cuideachta.

(2) Forálfaidh na hairteagail chomhlachais—

(a) nach mó ná seachtar líon stiúrthóirí na Cuideachta (agus an cathaoirleach a áireamh),

(b) gurb é an tAire, le toiliú an Aire Tionscail agus Tráchtála, a cheapfaidh an cathaoirleach agus na stiúrthóirí eile agus go bhféadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Tionscail agus Tráchtála, an cathaoirleach agus na stiúrthóirí eile a chur as oifig,

(c) gurb é an tAire a chinnfidh luach saothair an chathaoirligh agus na stiúrthóirí eile, agus

(d) nach n-ainmneofar aon duine mar iniúchóir don Chuideachta gan toiliú an Aire.

Srian le meabhrán nó airteagail chomhlachais a athrú.

6. —D'ainneoin aon ní in Acht na gCuideachtaí, 1963 , ní bheidh aon athrú ar mheabhrán comhlachais nó ar airteagail chomhlachais na Cuideachta bailí ná éifeachtach mura gceadóidh an tAire é roimh ré.

Eisiúint scairchaipitil.

7. —(1) Déanfar scair amháin de scairchaipiteal na Cuideachta a leithroinnt agus a eisiúint chun gach duine faoi leith de shuib-scríobhaithe mheabhrán comhlachais na Cuideachta agus déanfar iarmhar an scairchaipitil a leithroinnt agus a eisiúint chun an Aire.

(2) Is é an tAire a sholáthróidh an t-airgead is iníoctha ag suibscríobhaithe mheabhrán comhlachais na Cuideachta i gcomaoin scaireanna a leithroinnt agus a eisiúint chucu de bhun fho-alt (1) den alt seo.

An tAire d'fháil scaireanna.

8. —Féadfaidh an tAire scaireanna sa Chuideachta a thógáil trí shuibscríobh.

An tAire d'fheidhmiú cirt is infheidhmithe ag sealbhóir scaireanna.

9. —Féadfaidh an tAire, faoi réir an Achta seo, maidir leis na scaireanna sa Chuideachta a bheidh aige cearta agus cumhachtaí uile shealbhóir na scaireanna sin a fheidhmiú agus, i gcás ceart nó cumhacht a bheith infheidhmithe trí aturnae, féadfaidh an tAire é a fheidhmiú trína aturnae.

An tAire d'aistriú scaireanna.

10. —(1) Féadfaidh an tAire, ó am go ham de réir mar is gá chun an méid sin d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , a chomhlíonadh a cheanglaíonn seachtar comhaltaí ar a laghad a bheith sa Chuideachta i gcónaí, ceann dá scaireanna sa Chuideachta a aistriú chun aon duine.

(2) Ach amháin mar a údaraítear le fo-alt (1) den alt seo, ní aistreoidh ná ní choimhtheoidh an tAire aon cheann dá scaireanna sa Chuideachta.

E d'oibleagáid ar scairshealbhóir (seachas an tAire) scair a theachtadh ar iontaobhas don Aire.

11. —(1) Is ar iontaobhas don Aire a theachtfaidh comhalta den Chuideachta (seachas an tAire) a scair sa Chuideachta agus dá réir sin beidh de cheangal ar an gcomhalta sin na díbhinní agus an t-airgead eile go léir a gheobhaidh sé i leith na scaire sin a íoc leis an Aire chun tairbhe don Státchiste agus an scair sin a aistriú, mar a cheanglóidh agus nuair a cheanglóidh an tAire air é, chun an Aire nó chun duine arna ainmniú chuige sin ag an Aire.

(2) Ach amháin nuair a cheanglófar sin air de bhun fo-alt (1) den alt seo, ní dhéanfaidh comhalta den Chuideachta (seachas an tAire) a scair sa Chuideachta a aistriú ná a choimhthiú.

Cumhacht na Cuideachta chun iasacht a fháil.

12. —Féadfaidh an Chuideachta, trí bhintiúir a eisiúint nó ar shlí eile, airgead a fháil ar iasacht ach—

(a) mura iasacht ón Aire í, ní mór a thoiliú a fháil chuige, agus

(b) ní rachaidh comhiomlán na n-iasachtaí (lena n-áirítear iasachtaí ón Aire agus iasacht a fuarthas chun aon cheann de chríocha na Cuideachta a thig de dhroim alt 19 den Acht seo, ach gan iasachtaí a fuair Taiscí Stáit Teoranta a áireamh) a bheidh gan aisíoc aon tráth áirithe thar £7,500,000.

Airleacain ón Aire.

13. —(1) Féadfaidh an tAire airleacain a thabhairt don Chuideachta.

(2) Is ar cibé téarmaí maidir le haisíoc, ús agus nithe eile a chinnfidh an tAire a thabharfar airleacain faoin alt seo.

(3) Ní rachaidh comhiomlán na n-airleacan faoin alt seo aon tráth áirithe (lena n-áirítear airleacain chun críocha aon cheann d'fheidhmeanna na Cuideachta a thig de dhroim alt 19 den Acht seo, ach gan aon airleacain a tugadh do Thaiscí Stáit Teoranta a áireamh) a bheidh gan aisíoc thar £7,500,000.

An tAire do ráthú airgid a gheobhaidh an Chuideachta ar iasacht.

14. —(1) Féadfaidh an tAire ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus modh agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, go n-aisíocfaidh an Chuideachta go cuí príomhshuim aon airgid a gheobhaidh an Chuideachta ar iasacht nó go n-íocfar ús ar an airgead sin nó go ndéanfar an phríomhshuim a aisíoc agus an t-ús a íoc.

(2) I gcás ina dtabharfar nó inar tugadh ráthaíocht faoin alt seo, tabharfaidh an Chuideachta don Aire, má cheanglaíonn an tAire é, cibé urrús (lena n-áirítear, go sonrach, bintiúir) a shonrófar sa cheanglas chun aisíoc aon airgid a dhlífidh an tAire a íoc, nó a bheidh íoctha aige, faoin ráthaíocht a urrú don Aire.

(3) Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, ráiteas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ina luafar maidir le gach ráthaíocht faoin alt seo a tugadh i rith na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach, na bliana sin—

(a) sonraí na ráthaíochta,

(b) i gcás ina ndearna an tAire aon íocaíocht faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (má b'ann) a aisíocadh leis an Aire ar scór na híocaíochta,

(c) an méid príomhshuime a bhí faoi réim na ráthaíochta agus a bhí gan aisíoc i ndeireadh na bliana sin.

(4) Déanfaidh an Chuideachta airgead a d'íoc an tAire faoi ráthaíocht faoin alt seo a aisíoc leis an Aire (mar aon le hús de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh sé) laistigh de dhá bhliain ón dáta ar airleacadh an t-airgead as an bPríomh-Chiste.

(5) I gcás ina mbeidh an t-airgead go léir nó aon chuid den airgead a cheanglaítear le fo-alt (4) den alt seo a aisíoc leis an Aire gan íoc de réir an fho-ailt sin, déanfar an tsuim a bheidh gan aisíoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(6) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (5) den alt seo chun an suim a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an Chuideachta de bheith faoi dhliteanas ag an Aire i leith na suime sin agus aisíocfaidh an Chuideachta an tsuim sin (mar aon le hús uirthi de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire) leis an Aire cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh sé agus, mura ndéanfar aisíoc mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, féadfar í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Díbhinní, etc., a íoc isteach sa Státchiste.

15. —Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire na suimeanna go léir in ionannas díbhinní nó airgead eile a gheobhaidh an tAire i leith scaireanna sa Chuideachta, nó in ionannas aisíocaíochtaí nó úis a gheobhaidh an tAire nó a ghnóthóidh an tAire ón gCuideachta.

Cuntais agus iniúchadh.

16. —(1) Coimeádfaidh an Chuideachta i cibé foirm a cheadóidh an tAire gach cuntas is cuí agus is gnáth ar an airgead go léir a gheobhaidh sí nó a chaithfidh sí, lena n-áirítear cuntas sochair agus dochair agus clár comhardaithe, agus, go háirithe, coimeádfaidh sí san fhoirm sin a dúradh gach cuntas speisialta a ordóidh an tAire ó am go ham.

(2) Cuirfidh an Chuideachta na cuntais a bheidh á gcoimeád de bhun an ailt seo faoi bhráid iniúchóra go bliantúil lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip den chuntas sochair agus dochair agus den chlár comhardaithe agus de cibé cuid eile (más ann) de na cuntais a ordóidh an tAire agus cóip de thuarascáil an iniúchóra ar na cuntais a thíolacadh don Aire agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna díobh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil bhliantúil agus eolas a thabhairt don Aire.

17. —(1) A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta, tabharfaidh an Chuideachta don Aire tuarascáil ar a himeachtaí i gcaitheamh na bliana sin agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Tabharfaidh an Chuideachta don Aire, má iarrann an tAire uirthi é cibé eolas a iarrfaidh sé maidir le haon chlár comhardaithe, cuntas nó tuarascáil de chuid na Cuideachta nó i dtaobh polasaí agus oibríochtaí na Cuideachta.

Stiúrthóirí na Cuideachta a bheith ina gcomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas.

18. —(1) Má dhéantar duine is stiúrthóir ar an gCuideachta a ainmniú mar iarrthóir le toghadh chun ceachtar Teach den Oireachtas nó mar chomhalta de Sheanad Éireann, scoirfidh sé air sin de bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachta.

(2) I gcás duine is oifigeach nó seirbhíseach i bhfostaíocht faoin gCuideachta teacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas—

(a) beidh sé ar iasacht ón bhfostaíocht sin i gcaitheamh na tréimhse dar tosach an tráth a thiocfaidh sé i dteideal faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin suí sa Teach sin agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó, más túisce a tharlóidh, a éireoidh sé as an bhfostaíocht sin, a scoirfidh sé di nó a fhoirceannfaidh an Bord an fhostaíocht sin,

(b) ní íocfaidh an Chuideachta leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón gCuideachta, aon tuarastal nó pá, de réir mar a bheidh, i leith na tréimhse sin.

(3) Aon duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, an fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachta.

Taiscí Stáit Teoranta a dhíscaoileadh agus a mhaoin, etc., a aistriú.

1895, c. 16.

19. —(1) Beidh Taiscí Stáit Teoranta arna dhíscaoileadh an lá ceaptha de bhua an ailt seo.

(2) An mhaoin uile, réadach nó pearsanta (agus ábhair i gcaingean a áireamh), a bhí, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe do Thaiscí Stáit Teoranta nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha dó, agus gach ceart, cumhacht agus pribhléid a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad, an lá ceaptha, gan tíolacadh ná sannadh ar bith ach faoi réir a n-aistrithe, más gá sin, i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, dílsithe don Chuideachta, dá cuid féin aici nó ar seilbh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha don Chuideachta, de réir mar is gá sa chás.

(3) An mhaoin go léir a aistrítear leis an alt seo agus a bhí, díreach roimh an lá ceaptha, i leabhair aon bhainc nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta in ainm Taiscí Stáit Teoranta, déanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta, ar an gCuideachta á iarraidh sin, aon tráth an lá ceaptha nó dá éis, í a aistriú sna leabhair sin chun ainm na Cuideachta.

(4) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear leis an alt seo, féadfaidh an Chuideachta, an lá ceaptha nó dá éis, agairt ina leith, é a ghnóthú, nó a chur i bhfeidhm ina hainm féin agus ní gá don Chuideachta fógra faoin aistriú a dhéantar leis an alt seo a thabhairt don duine atá faoi cheangal ag aon ábhar i gcaingean den sórt sin.

(5) Gach fiach agus gach dliteanas eile (lena n-áirítear dliteanais neamhleachtaithe as tortanna nó as sáruithe conartha) a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dlite de Thaiscí Stáit Teoranta agus gan íoc aige nó tabhaithe agus gan urscaoileadh aige, tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad ina bhfiach nó ina ndliteanas ar an gCuideachta agus íocfaidh nó urscaoilfidh an Chuideachta iad nó féadfar iad a ghnóthú ón gCuideachta nó iad a chur i bhfeidhm i gcoinne na Cuideachta dá réir sin.

(6) Gach conradh a rinneadh agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha idir Taiscí Stáit Teoranta agus aon duine leanfaidh sé i bhfeidhm an lá ceaptha agus dá éis, ach forléireofar é agus beidh éifeacht aige ionann is dá gcuirfí an Chuideachta ann in ionad Taiscí Stáit Teoranta agus féadfaidh an Chuideachta é a chur i bhfeidhm, nó féadfar é a chur i bhfeidhm i gcoinne na Cuideachta, dá réir sin.

(7) I gcás ina mbeidh aon imeachtaí dlíthiúla ar páirtí iontu Taiscí Stáit Teoranta ar feitheamh díreach roimh an lá ceaptha, cuirfear ainm na Cuideachta iontu in ionad ainm Taiscí Stáit Teoranta agus ní laghdóidh na himeachtaí mar gheall ar an gcur-in-ionad sin.

(8) Ní bhainfidh alt 12 den Finance Act, 1895, leis an maoin nó na cearta a aistrítear leis an alt seo a dhílsiú don Chuideachta.

(9) San alt seo ciallaíonn “an lá ceaptha” an lá sin a cheapfaidh an tAire le hordú ina lá ceaptha chun críocha an ailt seo.

Airgead a sholáthar le haghaidh íocaíochtaí faoin Acht seo as an bPríomh-Chiste.

20. —(1) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis an t-airgead go léir a theastóidh ón Aire faoi chomhair suimeanna a bheidh iníoctha aige faoin Acht seo.

(2) Féadfaidh an tAire, d'fhonn soláthar a dhéanamh d'airleacain as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, aon suimeanna a theastóidh chun na críche sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus féadfaidh sé, chun an céanna a fháil ar iasacht, urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi réir cibé ráta úis agus cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca, nó fuascailte nó cibé ábhair eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh.

(3) Muirearófar ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis príomhshuim agus ús na n-urrús go léir a eiseofar faoin alt seo agus an caiteachas a thabhófar i ndáil leis na hurrúis a eisiúint.

Caiteachas an Aire.

21. —Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas an caiteachas a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo.

Aisghairm.

1963, Uimh. 16 .

22. —(1) Aisghairtear leis seo an tAcht um Thaiscí Stáit Teoranta, 1963 .

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den Acht seo i ngníomh an lá a cheapfar faoi alt 19 (9) den Acht seo.

Gearrtheideal.

23. —Féadfar an tAcht um Fhóir Teoranta, 1972 , a ghairm den Acht seo.