8 1972


Uimhir 8 de 1972


AN tACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA (ORDUITHE A DHAINGNIÚ), 1972

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHAINGNIÚ AN ORDAITHE UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA (FEARAIS AGUS TREALAMH LEICTREACH), 1971, AGUS AN ORDAITHE UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA (FEARAIS AGUS TREALAMH LEICTREACH) (LEASÚ), 1971, A RINNE AN tAIRE TIONSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA FAOI ALT 9 DEN ACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA, 1953 .

[13 Meitheamh, 1972]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Orduithe a dhaingniú.

1971, I.R. Uimh. 151.

1971, I.R. Uimh. 313.

1953, Uimh. 14 .

1. —Daingnítear leis seo an tOrdú um Chleachtais Srianta Trádála (Fearais agus Trealamh Leictreach), 1971, agus an tOrdú um Chleachtais Srianta Trádála (Fearais agus Trealamh Leictreach) (Leasú), 1971, a rinne an tAire Tionscail agus Tráchtála faoi alt 9 den Acht um Chleachtais Srianta Trádála, 1953 .

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht um Chleachtais Srianta Trádála (Orduithe a Dhaingniú), 1972 , a ghairm den Acht seo.