22 1972


Uimhir 22 de 1972


AN tACHT CÁNACH BREISLUACHA, 1972

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO MHUIREARÚ AGUS d'FHORCHUR DLEACHTANNA ÁIRITHE IONCAIM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL), DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE hIONCAM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL) AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁLACHA I dTAOBH AIRGEADAIS. [26 Iúil, 1972]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1967, Uimh. 6 .

1947, Uimh. 5 .

1946, Uimh. 9 .

1941, Uimh. 23 .

1970, Uimh. 1 .

1920, c. 18.

1. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “duine cuntasach” duine is duine cuntasach de réir alt 8;

ciallaíonn “Coimisinéirí Achomhairc” daoine arna gceapadh de réir alt 156 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , chun bheith ina gCoimisinéirí Achomhairc dhun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim;

ciallaíonn “comhlacht daoine” aon chomhlacht polaiteach, corpraithe nó coláisteach, agus aon chuideachta, comhpháirtíocht, bráithreachas, comhaltacht agus cumann daoine, corpraithe nó neamhchorpraithe;

folaíonn “gnó” feirmeoireacht, damhsaí a sheoladh agus aon trádáil, tráchtáil, monaraíocht, nó aon fhiontar nó gnóthas de ghné thrádála thionscail nó mhonaraíochta, agus aon ghairm, le haghaidh brabúis nó eile;

ciallaíonn “Ard-Bhailitheoir” an tArd-Bhailitheoir a ceapadh faoi alt 162 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “an t-aerfort neamhchustam” an talamh arb é an t-aerfort Neamhchustam é de thuras na huaire faoin Acht Aerphoirt Neamhchustam, 1947 ;

ciallaíonn “forbairt”, maidir le haon talamh—

(a) aon fhoirgneamh ar an talamh a fhoirgniú, a scartáil, a mhéadú, a athrú nó a athfhoirgniú, nó

(b) aon oibríocht innealtóireachta nó aon oibríocht eile sa talamh, ar an talamh, os cionn na talún nó faoin talamh lena oiriúnú le haghaidh malairt ábhartha úsáide,

agus forléireofar “forbartha” dá réir sin;

ciallaíonn “bunaithe” buan-fhoras a bheith ag duine:

ciallaíonn “gníomhaíocht díolmhaithe”—

(a) seachadadh earraí do-chorraithe nach bhfuil, de bhun alt 4 (6), cáin inmhuirir ina leith, agus

(b) seachadadh aon earraí nó déanamh aon seirbhíse de chineál a shonraítear sa Chéad Sceideal nó a mbeidh dearbhaithe ag an Aire le hordú a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoi alt 6 gur gníomhaíocht díolmhaithe í;

ciallaíonn “earraí” gach ábhar so-chorraithe agus gach ábhar dochorraithe ach ní fholaíonn sé nithe i gcaingean ná airgead agus folaíonn tagairtí d'earraí tagairtí d'earraí nua agus tagairtí d'earraí réchaite;

tá le “údarás cuain” an bhrí a shanntar dó le halt 2 den Acht Cuanta, 1946 ;

folaíonn an briathar “fruiliú”, maidir le hearraí so-chorraithe, ligean ar aon tearmaí lena n-áirítear léasadh;

folaíonn “óstán” aon teach aíochta, brú saoire, campa saoire, mótar-óstán, mótar-lios, cóist-óstán, mótar-ósta. mótar-chúirt, cuairtlios, páirc charbhán nó láithreán campála;

ciallaíonn “earraí do-chorraithe” talamh;

ciallaíonn “cigire cánach” cigire cánach arna cheapadh faoi alt 161 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “beostoc” bólacht, caoirigh, muca agus capaill, agus iad beo;

tá le “údarás áitiúil” an bhrí a shanntar dó le halt 2 (2) den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 , agus folaíonn sé bord sláinte arna bhunú faoin Acht Sláinte, 1970 ;

ciallaíonn “monaróir” duine a sheolann sa Stát gnó déanta nó cóimeála earraí;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “earraí so-chorraithe” earraí seachas earraí dochorraithe;

ciallaíonn “buan-fhoras” aon bhuan-áit ghnó, ach ní fholaíonn sé áit ghnó gníomhaire duine mura bhfuil ag an ngníomhaire, agus mura bhfeidhmíonn an gníomhaire de ghnáth údarás ginearálta chun téarmaí an duine a iomairliú agus comhaontuithe a dhéanamh thar ceann an duine nó mura bhfuil aige stoc earraí as a gcomhlíonann sé go rialta thar ceann an duine comhaontuithe chun earraí a sholáthar;

ciallaíonn “duine cláraithe” duine atá cláraithe sa chlár a chothabháiltear faoi alt 9;

ciallaíonn “rialacháin” rialacháin faoi alt 32;

tá leis an mbriathar “déanamh”, maidir le seirbhís, an bhrí a shanntar dó le halt 5;

ciallaíonn “cónaí” maidir le haonaí, cónaí chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim;

ciallaíonn “réchaite”, maidir le hearraí, earraí a úsáideadh agus nach bhfuil nua;

folaíonn “rúnaí” daoine den sórt a luaitear in alt 207 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus in alt 55 (1) den Finance Act, 1920;

ciallaíonn “an lá sonraithe” an lá a cheapfaidh an tAire le hordú chun bheith ina lá sonraithe chun críocha an Achta seo;

ciallaíonn “cáin” cáin bhreisluacha is inmhuirir de bhua an Achta seo;

ciallaíonn “earraí inchánach”, maidir le haon seachadadh nó allmhairiú, earraí nach gníomhaíocht díolmhaithe a seachadadh;

ciallaíonn “tréimhse inchánach” tréimhse dhá mhí dar tosach an chéad lá d'Eanáir, de Mhárta, de Bhealtaine, d'Iúil, de Mheán Fómhair nó de Shamhain;

ciallaíonn “seirbhísí inchánach” seirbhísí nach gníomhaíocht díolmhaithe a ndéanamh;

(2) San Acht seo folaíonn tagairtí d'airgead a fuair duine—

(a) tagairtí d'airgead a taisceadh nó a creidiúnaíodh do chuntas an duine in aon bhanc, banc taisce, cumann foirgníochta, gnólacht airgeadais fruilcheannaigh nó gnólacht airgeadais dá shamhail, agus

(b) tagairtí d'airgead, seachas airgead dá dtagraítear i mir (a), a bhfuil scortha aige faoi chomhaontú, seachas comhaontú ina bhfuil socrú le haghaidh lascaine nó coigeartú praghais arna dhéanamh i ngnáthchúrsa gnó nó comhshocraíocht le creidiúnaithe, de bheith dlite don duine sin,

agus aon airgead a taisceadh nó a creidiúnaíodh do chuntas duine mar a dúradh measfar go bhfuair an duine sin é ar an dáta a rinneadh an taisceadh nó an creidiúnú agus aon airgead a mbeidh scortha aige de bheith dlite do dhuine mar a dúradh measfar go bhfuair an duine sin é ar dháta an scoir.

(3) Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán iardain.

(4) San Acht seo—

(a) aon tagairt d'alt nó do Sceideal is tagairt í d'alt nó do Sceideal den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe, agus

(b) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó do fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil (lena n-áirítear Sceideal) ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Cáin bhreisluacha a mhuirearú.

2. —(1) Faoi réir an Achta seo agus rialacháin, déanfar, le héifeacht ar an lá sonraithe agus uaidh sin amach, cáin ar a dtabharfar cáin bhreisluacha a mhuirearú, a thobhach agus a íoc—

(a) ar sheachadadh earraí agus ar dhéanamh seirbhísí a sheachadfaidh nó a dhéanfaidh duine cuntasach i gcúrsa gnó, agus

(b) ar earraí a allmhaireofar isteach sa Stát.

(2) I gcás duine a bheidh údaraithe de réir alt 14 an t-airgead a bheidh faighte aige as seirbhísí inchánach a dhéanamh nó as earraí inchánach a sheachadadh agus seirbhísí inchánach (más ann) a dhéanamh a áireamh mar an chomaoin i leith aon déanamh nó seachadadh den sórt sin, beidh feidhm ag fo-alt (1), maidir le haon déanamh seirbhísí nó aon seachadadh earraí agus déanamh seirbhísí a bhfuil sé údaraithe amhlaidh ina leith, ionann is dá mba éard tagairtí san fho-alt sin do sheachadadh earraí nó déanamh seirbhísí tagairtí d'airgead a fháil i leith an seachadadh sin nó na seirbhísí sin a dhéanamh, cibé acu roimh an lá sonraithe sin nó an lá sonraithe sin nó dá éis a rinneadh nó a dhéanfar an seachadadh sin nó na seirbhísí sin.

Seachadadh earrai.

3. —(1) San Acht seo folóidh “seachadadh”, maidir le hearraí—

(a) úinéireacht na n-earraí a aistriú trí chomhaontú,

(b) na hearraí a thabhairt do dhuine de bhun comhaontú a dhéanann socrú chun na hearraí a ligean ar cíos ar feadh tréimhse áirithe faoi réir coinníll go n-aistreofar úinéireacht na n-earraí chun an duine ar dháta nach déanaí ná an dáta a íocfar an tsuim deiridh faoin gcomhaontú,

(c) tabhairt na n-earraí ag duine (dá ngairtear an conraitheoir sa mhír seo) do dhuine eile, arb earraí iad a d'fhorbair sé, a rinne sé, a mhonaraigh nó a tháirg sé nó a bhain sé as earraí a chuir an duine eile sin ar a iontaobh chun críche aon oibríochta acu sin, cibé acu a sholáthraigh nó nár sholáthraigh an conraitheoir cuid de na hearraí a úsáideadh,

(d) úinéireacht na n-earraí a aistriú—

(i) de bhun an Stát nó údarás áitiúil dá bhfáil nó de bhun a bhfáil thar ceann an Stáit nó údaráis áitiúil, ar shlí seachas trí chomhaontú, nó

(ii) de bhun a n-urghabhála ag aon duine ag gníomhú dó faoi údarás reachtúil,

(e) úsáid a dhéanamh ag duine cuntasach chun críocha a ghnó, seachas mar stoc trádála (de réir brí alt 34), de na hearraí is earraí a d'fhorbair, a rinne, a mhonaraigh, a tháirg, a d'asbhain nó a d'allmhairigh sé féin nó a d'fhorbair, a rinne, a mhonaraigh, a tháirg, a d'asbhain nó a d'allmhairigh duine eile thar a cheann, agus

(f) duine cuntasach do leithreasú na n-earraí chun aon chríche seachas críoch a ghnó is earraí a seachadadh dó nó a d'fhorbair, a rinne, a mhonaraigh, a tháirg, a d'asbhain nó a d'allmhairigh sé i gcúrsa gnó,

agus léireofar focail ghaolmhara dá réir sin.

(2) I gcás ina ndéanfaidh triúr daoine nó níos mó comhaontuithe i dtaobh na n-earraí céanna agus na comhaontuithe sin a chomhalladh tríd an gcéad duine sa réim díoltóirí agus ceannaitheoirí do sheachadadh na n-earraí don cheannaitheoir deiridh go díreach, ansin measfar chun críocha an Achta seo gur seachadadh comhuaineach ag gach díoltóir sa réim an seachadadh don cheannaitheoir deiridh sin.

(3) Measfar chun críocha an Achta seo gurb ionann earraí, ar glasraí, torthaí, bláthanna, éanlaith clóis, uibheacha nó iasc iad, a dhíol ar ceant agus na hearraí a sheachadadh ag an gceantálaí agus go comhuaineach don cheantálaí.

(4) Measfar chun críocha an Achta seo gurb ionann earraí a dhíol trí dhuine (dá ngairtear an gníomhaire san fho-alt seo) a dhéanann, agus é á airbheartú gur dó féin a ghníomhaíonn sé, comhaontuithe ina ainm féin ach ar orduithe, agus do chuntas duine eile, agus na hearraí a sheachadadh don ghníomhaire agus go comhuaineach ag an ngníomhaire.

(5) (a) Measfar chun críocha an Achta seo nach ionann úinéireacht earraí a aistriú de bhun conartha den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b) agus na hearraí a sheachadadh.

(b) Measfar chun críocha an Achta seo nach ionann úinéireacht earraí a aistriú—

(i) mar urrús d'iasacht nó d'fhiach, nó

(ii) i gcás na hearraí a bheith ar teachtadh mar urrús d'iasacht nó d'fhiach, ar an iasacht nó an fiach a aisíoc, nó

(iii) i ndáil le gnó nó cuid de ghnó a aistriú chuig duine cuntasach eile,

agus na hearraí a sheachadadh mura de chineál a shonraítear sa Cheathrú Sceideal na hearraí agus gur seachadadh arb inmhuirir cáin de réir 30. 26 faoin gcéad ina leith seachadadh na n-earraí.

(6) Measfar chun críocha an Achta seo gurb é an áit a seachadtar earraí—

(a) i gcás inar gá na hearraí a iompar lena seachadadh, an áit a dtosaíonn an t-iompar, agus

(b) in aon chás eile, an áit a mbíonn na hearraí tráth a seachadta.

Foralacha speisialta maidir le hearraí dochorraithe a sheachadadh.

4. —(1) (a) Baineann an t-alt seo le hearraí do-chorraithe—

(i) arb é duine a seachadta a d'fhorbair iad nó ar thar a cheann a forbraíodh iad, nó

(ii) a raibh duine a seachadta, nó a mbeadh duine a seachadta, mura mbeadh oibriú alt 3 (5) (b) (iii), aon tráth i dteideal ina leith asbhaint faoi alt 12 a éileamh i leith aon chánach a iompraíodh nó a íocadh maidir lena seachadadh nó a bhforbairt.

(b) San alt seo ciallaíonn “leas”, maidir le hearraí dochorraithe, eastát nó leas sna hearraí sin arbh eastat nó ar leas ar feadh tréimhse deich mbliana é nuair a bunaíodh é ach ní fholaíonn sé morgáiste agus folaíonn tagairt do leas a dhiúscairt tagairt do leas a bhunú.

(2) Faoi réir alt 2 (2), míreanna (c), (d), (e) agus (f) d'alt 3 (1), alt 19 (2) agus fo-ailt (3), (4) agus (5), measfar chun críocha an Achta seo seachadadh earraí do-chorraithe tarlú má dhéanann duine agus amháin ar an gcúntar go ndéanfaidh duine, ag a bhfuil leas in earraí do-chorraithe lena mbaineann an t-alt seo, an leas sin nó leas a dhíorthaigh ón leas sin a dhiúscairt maidir leis na hearraí sin go léir nó aon chuid díobh.

(3) (a) Faoi réir mhír (b), i gcás ina ndéanfaidh duine ag a mbeidh leas in earraí do-chorraithe lena mbaineann an t-alt seo seilbh na n-earraí sin nó aon choda díobh a ghéilleadh in imthosca nach ionann an géilleadh agus na hearraí a sheachadadh chun críocha fho-ailt (2), measfar, chun críocha alt 3 (1) (f), gurb ionann an géilleadh agus na hearraí nó an chuid díobh, de réir mar a bheidh, a leithreasú chun críche seachas críoch a ghnó.

(b) Ní bhainfidh an fo-alt seo—

(i) le haon ghéilleadh seilbhe den sórt sin arna dhéanamh de réir comhaontú chun na hearraí a léasadh nó a ligean más duine is inmhuirir i leith cánach maidir leis an gcíos nó an íocaíocht eile faoin gcomhaontú duine géillte na seilbhe, ná

(ii) le géilleadh i ndáil le haistriú a mbeidh dearbhaithe, de réir alt 3 (5), chun críocha an Achta seo, nach seachadadh é.

(4) Má bhíonn duine ann a mbeidh leas aige in earraí dochorraithe lena mbaineann an t-alt seo agus go ndiúscróidh sé, maidir leis na hearraí sin go léir nó aon chuid díobh, leas a dhíorthaíonn ón leas sin in imthosca go mbeidh an frithdhílse ar an leas a bheidh diúscartha coimeádta aige, ansin, maidir leis an bhfrithdhílse a bheidh coimeádta amhlaidh, measfar, chun críocha alt 3 (1) (f), leithreasú a bheith déanta aige ar na hearraí nó ar an gcuid díobh, de réir mar a bheidh, chun críche seachas críoch a ghnó.

(5) I gcás ina ndiúscróidh duine cuntasach leas in earraí dochorraithe lena mbaineann an t-alt seo nó ina ndéanfaidh sé aon fhorbairt maidir leis na hearraí do-chorraithe sin agus i ndáil leis an diúscairt sin nó le déanamh na forbartha sin, go ndéanfaidh duine éigin eile nach n-áireofaí, ar leith ón alt seo, mar dhuine cuntasach, leas maidir leis na hearraí a bheidh i gceist a dhiúscairt—

(a) measfar gur duine cuntasach an duine eile sin maidir leis an diúscairt a rinne sé, agus

(b) measfar gur ionann an diúscairt agus seachadadh a rinneadh, i gcúrsa gnó, ar earraí a d'fhorbair an duine eile sin.

(6) D'ainneoin aon ní san alt seo nó in alt 2 ní mhuirearófar cáin ar earraí do-chorraithe a sheachadadh ar earraí do-chorraithe iad—

(a) nár éirigh, agus nach n-éireodh, ar leith ó alt 3 (5) (b) (iii), ceart maidir leo i bhfabhar an duine a rinne an seach adadh chun asbhainte faoi alt 12 i leith aon chánach a iompraíodh nó a íocadh ar na hearraí a sheachadadh nó a fhorbairt, nó

(b) a áitíodh roimh an lá sonraithe agus nár forbraíodh idir an dáta sin agus dáta an tseachadta.

(7) Ní bheidh feidhm ag forálacha alt 8 (3) maidir le duine a dhéanfaidh seachadadh earraí lena mbaineann an t-alt seo.

Seirbhísi a dhéanamh.

5. —(1) San Acht seo ciallaíonn an briathar “déanamh”, maidir le seirbhís, aon ghníomh a dhéanamh nó a fhágáil gan déanamh nó glacadh le haon dáil, seachas seachadadh earraí.

(2) Faoi réir rialachán, measfar, chun críocha an Achta seo, gur seirbhís a dhéanamh i gcúrsa gnó seirbhís a dhéanamh ag duine chun críocha aon ghníomhaíochta gnó dá mbeidh sé ag gabháil.

(3) Measfar chun críocha an Achta seo gurb é an áit a ndéanfar seirbhís an áit a ndéantar an gníomh nó a nglactar leis an dáil nó, i gcás gníomh a fhágáil gan déanamh, an áit a gcónaíonn an duine atá freagrach sa ghníomh a fhágáil gan déanamh nó an áit a bhfuil sé bunaithe :

Ar choinníoll, i gcás seirbhís a dhéanfaidh duine ar duine é, nach duine cuntasach, de bhua alt 8 (8), do duine neamhchláraithe a chónaíonn sa Stát nó atá bunaithe sa Stát, go mbeidh feidhm ag na forálacha seo a leanas más chun críocha aon ghníomhaíochtaí gnó de chuid an duine neamhchláraithe a sheoltar sa Stát a dhéanfar an tseirbhís :

(a) measfar gurb é an áit a ndearnadh an tseirbhís an áit a gcónaíonn an duine dá ndearnadh í nó an áit a bhfuil an duine sin bunaithe, agus

(b) beidh an duine dá ndearnadh an tseirbhís ina dhuine cuntasach maidir leis an tseirbhís sin agus beidh sé cuntasach sa cháin, agus dlífidh sé an cháin a íoc, a mhuirearófar faoi alt 2 (1) (a) i leith an tseirbhís sin a dhéanamh.

(4) (a) Aon duine a shásóidh na Coimisinéirí Ioncaim—

(i) go seolann sé gnó,

(ii) nach duine cuntasach é de bhua alt 8 (8),

(iii) gur fhulaing sé cáin ar sheirbhísí a rinneadh dó sa Stát chun críocha an ghnó sin, agus

(iv) nach ina cháil mar ghníomhaire do dhuine eile, ná ar aon slí thar ceann duine eile, a rinneadh na seirbhísí sin dó agus nár úsáid sé iad i gcúrsa seirbhísí a dhéanamh do dhuine eile, a chónaíonn nó atá bunaithe sa Stát agus nach mbeadh, dá mba díreach don duine eile sin a dhéanfaí na seirbhísí céadluaite sin, teideal aige chun asbhainte faoi alt 12 i leith na cánach a iompraíodh nó a íocadh ina leith,

beidh sé i dteideal, faoi réir mhír (b) agus alt 20, go n-aisíocfar leis an cháin a iompraíodh ar na seirbhísí.

(b) Beidh feidhm ag forálacha alt 12 (3) maidir le ríomh a dhéanamh faoin alt seo ar an méid cánach is inaisíoctha le duine ionann agus dá mba dhuine cuntasach an duine agus gur le héileamh ar asbhaint faoin alt sin 12 a bhain an ríomh.

(5) (a) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1), má bhíonn luach na n-earraí so-chorraithe a sholáthrófar faoi chomhaontú chun seirbhísí a dhéanamh níos mó ná dhá thrian na comaoine iomláine faoin gcomhaontú as ucht na hearraí sin a sholáthar agus na seirbhísí, seachas seirbhísí iompair, a dhéanamh maidir leo, measfar, chun críocha an Achta seo, an chomaoin sin a bheith inchurtha go haonraic i leith seachadadh na n-earraí agus muirearófar cáin de réir an ráta nó na rátaí iomchuí a shonraítear in alt 11 ar fhoras aon chionroinnt ar an gcomaoin iomlán sin a dhéanfar de réir mhír (b).

(b) I gcás ina soláthrófar cineálacha éagsúla earraí faoi chomhaontú den chineál dá dtagraítear i mír (a) déanfar an méid comaoine is inchurtha i leith seachadadh earraí de gach cineál a fhionnadh chun críocha na míre sin tríd an gcomaoin iomlán a chionroinnt de réir luach na n-earraí de gach cineál a soláthraíodh faoin gcomhaontú.

Díolúine.

6. —(1) Ní bheidh cáin inmhuirir i leith aon ghníomhaíocht díolmhaithe.

(2) (a) Féadfaidh an tAire, le hordú a dhearbhú gur gníomhaíocht díolmhaithe earraí d'aon chineál a sheachadadh nó seirbhís d'aon chineál a dhéanamh.

(b) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin bhfo-alt seo, lena n-airítear ordú faoin mír seo, a leasú nó a chúlghairm.

(c) Leagfar ordú faoin bhfo-alt seo faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an t-ordú a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Díolúine a tharscaoileadh.

7. —(1) I gcás ina mbeadh, mura mbeadh forálacha alt 6, cáin inmhuirir i leith déanamh aon cheann de na seirbhísí a shonraítear i míreanna (iv) agus (x) den Chéad Sceideal féadfaidh aon duine a dhéanfaidh aon seirbhísí den sórt sin a cheart chun díolúine ó cháin ina leith a tharscaoileadh de réir rialachán. Sroichfidh aon tarscaoileadh den sórt sin na seirbhísí go léir, a shonraítear sa mhír nó sna míreanna, a dhéanfaidh an duine.

(2) Beidh éifeacht ag tarscaoileadh díolúine faoi fho-alt (1) ó thosach cibé tréimhse inchánach ar a gcomhaontófar idir an duine a dhéanfaidh an tarscaoileadh agus na Coimisinéirí Ioncaim agus scoirfidh sé d'éifeacht a bheith aige i ndeireadh na tréimhse inchánach a gcealófar é lena linn de réir fho-alt (3).

(3) Féadfar socrú a dhéanamh le rialacháin le go gcealófar, ar dhuine dá iarraidh sin, tarscaoileadh a rinne sé faoi fho-alt (1) agus go n-íocfaidh sé leis na Coimisinéirí Ioncaim mar choinníoll cealaithe cibé suim (más ann) a bheidh, ar é a chur le glanmhéid iomlán na cánach (má b'ann) a d'íoc sé de réir alt 19 maidir le seirbhísí a dhéanamh aige sa tréimhse a raibh éifeacht ina haghaidh ag an tarscaoileadh, comhionann leis an méid cánach a aisíocadh leis in imeacht na tréimhse sin i leith cánach a iompraíodh nó a íocadh maidir le déanamh na seirbhísí sin.

(4) I gcás díolúine a bheith tarscaoilte faoi fho-alt (1) i leith aon seirbhíse áirithe a dhéanamh, muireofar cáin maidir le duine déanta an tarscaoilte sin in imeacht na tréimhse a mbeidh éifeacht ag an tarscaoileadh sin ina haghaidh ionann is nach mbeadh an tseirbhís lena mbainfidh an tarscaoileadh sonraithe sa Chéad Sceideal.

Daoine cuntasacha,

8. —(1) San alt seo ní fholaíonn tagairtí do ghnó feirmeoireachta nó do ghnó iascaireachta tagairtí—

(a) do phlandlann nó gairdín a oibriú chun an toradh a dhíol,

(b) do tháirgeadh tráchtála éanlaithe clóis nó uibheacha,

(c) d'fheirmeoireacht fionnaidh, nó

(d) d'fheirmeoireacht éisc.

(2) Faoi réir fho-alt (3), aon duine a rachaidh, ar bhealach seachas mar fhostaí do dhuine eile, ag gabháil do sheachadadh earraí inchánach nó ag déanamh seirbhísí inchánach i gcúrsa gnó cibé acu le haghaidh brabúis é nó nach ea, is duine cuntasach eisean mar aon leis na daoine dá dtagraítear in alt 4 (5) agus beidh sé cuntasach sa cháin, agus dlífidh sé an cháin a íoc, a mhuirearófar faoi alt 2 (1) (a) i leith earraí inchánach a sheachadadh amhlaidh nó seirbhísí inchánach a dhéanamh amhlaidh. Measfar chun críocha an Achta seo gur daoine cuntasacha freisin an Stát agus údarás áitiúil maidir le haon seirbhís dá sonraítear i mír (x) den Dara Sceideal a sholáthar acu.

(3) Ní mheasfar, chun críocha an Achta seo, gur daoine cuntasacha na daoine seo a leanas mura roghnaí siad a mhalairt agus ní mheasfar sin ach amháin in imeacht na tréimhse a bheidh feidhm ag an rogha sin—

(a) duine arb é a bheidh go heisiatach in earraí inchánach a sheachadadh aige, nó i seirbhísí inchánach a dhéanamh aige, i gcúrsa gnó—

(i) seachadadh earraí de chineál a shonraítear i míreanna (i) go (iv), (vi), i bhfomhíreanna (d) agus (r) de mhír (x) agus i míreanna (xv), (xxii) agus (xxiii) de Chuid I den Tríú Sceideal a tháirg sé i gcúrsa gnó feirmeoireachta nó a ghaibh sé i gcúrsa gnó iascaireachta,

(ii) seachadadh innealra, gléasra nó trealamh eile a d'úsáid sé i gcúrsa gnó feirmeoireachta nó gnó iascaireachta,

(iii) déanamh seirbhísí aradóireachta, leasaithe, curaíochta, deanamh fómhair nó déanamh seirbhísí talmhaíochta dá samhail sin, agus

(iv) seachadadh earraí agus déanamh seirbhísí seachas iad siúd dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i) go (iii) nach ndeachaigh an chomaoin iomlán ina leith, agus nach dóigh di dul, thar £1,800 in aon tréimhse arb é atá inti sé thréimhse inchánach chomhleanúnacha;

(b) (i) faoi réir fhomhir (ii), duine nach ndeachaigh agus nach dóigh go rachaidh an chomaoin iomlán i leith seachadadh earraí inchánach agus déanamh seirbhísí inchánach aige thar £2,000 in aon tréimhse inchánach,

(ii) beidh feidhm ag fomhír (i) más rud é, agus ní bheidh ach ar an gcuntar sin amháin, gur ó sheachadadh earraí inchánach a fhaightear cuid nach lú ná 90 faoin gcéad den chomaoin iomlán dá dtagraítear ansin ar earraí iad a ndearna an duine dá dtagraítear ansin iad a allmhairiú nó a sheachaid daoine cuntasacha eile chuige agus gur ó sheachadadh earraí agus ó dhéanamh seirbhísí is inmhuirir i leith cánach de réir ráta 5·26 faoin gcéad a fhaightear cuid nach lú ná 50 faoin gcéad den chomaoin sin;

(c) (i) faoi réir fhomhír (ii), duine nach ndeachaigh agus nach dóigh go rachaidh an chomaoin iomlán i leith seachadadh earraí inchánach agus déanamh seirbhísí inchánach aige thar £1,000 in aon tréimhse inchánach,

(ii) beidh feidhm ag fomhír (i) más rud é, agus ní bheidh ach ar an gcuntar sin amháin, nach lú ná 90 faoin gcéad den chomaoin iomlán dá dtagraítear ann an méid a fhaightear ó sheachadadh earraí inchánach;

(d) duine, seachas duine lena mbaineann mír (a), (b) nó (c), nach ndeachaigh agus nach dóigh go rachaidh an chomaoin iomlán i leith seachadadh earraí inchánach agus déanamh seirbhísí inchánach aige thar £300 in aon tréimhse inchánach.

(4) Más rud é, de bhua fho-alt (3) nó (6), nach raibh duine ina dhuine cuntasach, agus go dtarlóidh athrú imthoscaí a leanfaidh thar dheireadh na tréimhse inchánach díreach i ndiaidh na tréimhse inchánach nó na tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (a) (iv), cibé acu é, ina dtarlóidh an t-athrú sin agus gurb é a thiocfaidh de nach féidir a mheas a thuilleadh, chun críocha an Achta seo, nach duine cuntasach é de bhua ceachtar de na fo-ailt sin, measfar, chun na gcríocha sin, gur duine cuntasach é díreach tar éis deireadh na tréimhse inchánach sin is túisce a luaitear.

(5) Féadfar le rialachán foráil a dhéanamh le go gcealófar, ar iarratas ó dhuine, rogha a bheidh déanta aige faoin alt seo agus i leith é d'íoc cibé suim leis na Coimisinéirí Ioncaim mar choinníoll cealaithe agus a bheidh, ar í a chur le glan-iomlán na cánach (más ann) a bheidh íoctha aige de réir alt 19 i ndáíl le seachadadh earraí nó déanamh seirbhísí aige sa tréimhse a raibh éifeacht ina leith ag an rogha, comhionann le méid na cánach a bheidh aisíoctha leis i gcaitheamh na tréimhse sin i leith cáin a iompraíodh nó a íocadh i ndáil le seachadadh na n-earraí sin nó déanamh na seirbhísí sin.

(6) Maidir le duine lena mbaineann fo-alt (5) féadfar, de réir rialachán, ar iarratas uaidh, é a áireamh, chun críocha an Achta seo, mar dhuine nach duine cuntasach más rud é—

(a) go sásóidh sé na Coimisinéiri Ioncaim i dtaobh a láimhdeachais—

(i) go bhfuil sé go buan ina láimhdeachas de shórt nach mbeadh seisean, mura ndéanadh sé rogha chuige sin, ina dhuine cuntasach de réir forálacha fho-alt (3) (a), nó

(ii) go bhfuil sé tite faoi bhun agus ag fanúint go buan faoi bhun cibé méid is iomchuí sa chás áirithe ag féachaint d'fho-alt (3) (b), (3 (c) nó (3) (d),

agus

(b) go n-íocfaidh sé leis na Coimisinéirí Ioncaim cibé suim a bheidh, ar í a chur le glan-iomlán na cánach (más ann) a bheidh íoctha aige de réir alt 19 i ndáil le seachadadh earraí nó déanamh seirbhísí aige i leith na tréimhse ar dhuine cuntasach é ina haghaidh, comhionann le méid na cánach a bheidh aisíoctha leis i gcaitheamh na treimhse sin i leith cáin a iompraíodh nó a íocadh i ndáil le seachadadh na n-earraí sin nó déanamh na seirbhísí sin,

agus áireofar é, chun críocha an Achta seo, mar dhuine nach duine cuntasach díreach tar éis deireadh na tréimhse ar ina leith a bheidh sé tar éis forálacha an fho-ailt seo a chomhlíonadh.

(7) I gcás earraí a bheith á soláthar nó seirbhísí a bheith á gcur ar fáil ag club nó eagraíocht eile dá shamhail i ndáil le híocaíocht airgid ag aon duine dá chomhaltaí, ansin, chun críocha an Achta seo—

(a) measfar chun críocha an Achta seo gurb é atá i soláthar na n-earraí seachadadh ar na hearraí i gcúrsa gnó, measfar, chun na gcríocha sin, gurb é atá san airgead comaoin leith an tseachadta agus measfar, chun na gcríocha sin, gurb é an club nó an eagraíocht eile an duine atá ag déanamh an tseachadta, agus

(b) measfar, chun na gcríocha sin, gurb é atá i soláthar na seirbhísí, déanamh na seirbhísí i gcúrsa gnó.

(8) D'ianneoin aon ní atá san alt seo ní duine cuntasach duine ar bith—

(a) nach seachadann earraí inchánach nó nach ndéanann seirbhísí inchánach sa Stát, agus

(b) nach bhfuil ina chónaí nó bunaithe sa Stát.

(9) Féadfar foráil a dhéanamh le rialachán, más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil gníomhaíochtaí gnó beirt daoine cuntasacha nó níos mó chomh hidircheangailte go mbeadh sé foirstineach déanamh amhlaidh, ar mhaithe le riaradh éifeachtúil na cánach, ansin, ar na daoine cuntasacha lena mbaineann dá iarraidh sin—

(a) trína bhféadfar a mheas, chun críocha an Achta seo, go bhfuil na gníomhaíochtaí sin á seoladh ag aon duine áirithe de na daoine agus áireofar gur idirbhearta ag an duine áirithe sin na hidirbhearta go léir ag na daoine sin nó eatarthu agus cinnfear dá réir sin na cearta agus na hoibleagáidí eile go léir faoin Acht seo, agus

(b) trína bhféadfar gach duine den sórt sin a chur faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach déanamh de réir forálacha uile an Achta seo agus na rialachán (lena n-áirítear na forálacha á cheangal go n-íocfaí cáin) a bhaineann leis na daoine sin agus faoi réir na bpionós faoin Acht seo a mbeidís faoina réir, dá mbeadh sé dlite de gach duine den sórt sin iomlán na cánach is inmhuirir a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim, ar leithligh ó rialacháin faoin bhfo-alt seo, i leith na ndaoine sin go léir.

Clárú.

1963, Uimh. 23 .

9. —(1) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim clár a bhunú agus a chothabháil de dhaoine a d'fhéadfadh teacht chun a bheith, nó atá, ina ndaoine cuntasacha agus tabharfaidh siad do gach uile dhuine den sórt sin a chlárófar amhlaidh uimhir chláraithe agus cealóidh siad an uimhir sin mura dtiocfaidh an duine chun bheith, nó má scoireann sé de bheith, ina dhuine cuntasach.

(2) Gach duine a bheadh ar an lá ceaptha nó aon lá ina dhiaidh sin ina dhuine cuntasach dá mbeadh cáin inmhuirir le héifeacht amhail ar an lá ceaptha agus dá éis déanfaidh sé, laistigh den tréimhse tríocha lá dar tosach an lá ceaptha nó an lá ina dhiaidh sin a thiocfaidh an duine i gcéaduair chun bheith ina dhuine cunta sach nó a thiocfadh sé chun bheith ina dhuine den sórt sin dá mba rud é go raibh cáin inmhuirir mar a dúradh, na sonraí sin a thabhairt i scríbhinn do na Coimisinéirí Ioncaim a shonrófar i rialacháin mar shonraí is gá d'fhonn an duine sin a chlárú le haghaidh cánach.

(3) Duine ar bith a bhí cláraithe ar an lá ceaptha chun críocha cánach láimhdeachais ar fhoras sonraí a tugadh de réir alt 49 (2) den Acht Airgeadais, 1963 , measfar go mbeidh na sonraí a cheanglaítear le fo-alt (2) tugtha aige mura rud é go gcuirfidh sé in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim i scríbhinn nach dteastaíonn uaidh go measfaí amhlaidh é.

(4) San alt seo ciallaíonn “an lá ceaptha” an lá a cheapfaidh an tAire le hordú chun bheith ina lá ceaptha chun críocha an ailt seo.

An méid ar ar inmhuirir cáin.

10. —(1) Faoi réir an ailt seo, is é an méid ar a mbeidh cáin inmhuirir de bhua alt 2 (1) (a) an chomaoin iomlán a dtiocfaidh an duine a sheachadann earraí nó a dhéanann seirbhísí chun bheith i dteideal é a fháil maidir nó i ndáil leis an seachadadh earraí nó an déanamh seirbhísí sin, lena n-áirítear gach uile cháin, coimisiún, costas agus muirear ar bith, ach gan cáin bhreisluacha a áireamh is inmhuirir i leith an idirbhirt.

(2) Murab é a bheidh sa chomaoin dá dtagraítear i bhfo-alt (1), nó murab é a bheidh ann go hiomlán, suim airgid, ansin, faoi réir fho-alt (6), is é an méid ar ar inmhuirir cáin méid iomlán an airgid a bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnach a mhuirearófaí dá mba é a bhí go huile sa chomaoin suim airgid is comhionann leis an margadh-phraghas oscailte:

Ar choinníoll nuair a bheidh an méid iomlán ar ar inmhuirir cáin mar a dúradh á ríomh go bhféadfar asbhaint a dhéanamh don mhargadh-phraghas oscailte ar earraí so-chorraithe a thabharfar mar mhalairt nó mar pháirt-mhalairt ar earraí den sórt céanna.

(3) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) nó (2)—

(a) más rud é ar aon chúis nach cúis ghnó gur lú an chomaoin iarbhír i ndáil le seachadadh aon earraí nó déanamh aon seirbhísí ná é sin a bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnach a gheofaí dá mba é a bhí sa chomaoin méid ba chomhionann leis an margadh-phraghas oscailte nó más rud é nach bhfuil comaoin ar bith ann, is é an méid ar a mbeidh cáin inmhuirir an margadh-phraghas oscailte,

(b) más mó an chomaoin a fuarthas iarbhír ná an méid a bhí an duine a bhí ag seachadadh na n-earraí nó ag déanamh na seirbhísí i dteideal a fháil, is é an méid ar ar inmhuirir cáin an méid a fuarthas iarbhír, ach gan áireamh a dhéanamh ar cháin bhreisluacha is inmhuirir i leith an idirbhirt, agus

(c) más rud é, i gcás nach dtagann faoi réim mhír (a), gur lú an chomaoin a fuarthas iarbhír i ndáil le seachadadh aon earraí nó déanamh aon seirbhísí ná an méid ar ar inmhuirir cáin nó nach bhfuarthas aon chomaoin ina leith iarbhír, féadfar cibé faoiseamh dá bhforáiltear ie rialachán a thabhairt trí aisíocaíocht nó eile i leith an easnaimh.

(4) Is é an méid ar ar inmhuirir cáin maidir le seachadadh dá dtagraítear i míreanna (d) (ii), (e) agus (f) d'alt 3 (1) an costas a thit ar an duine ag déanamh an tseachadta agus a bhain le fáil nó táirgeadh na n-earraí gan an cháin a áireamh ab inasbhainte faoi alt 12 dá mba rud é gur i gcúrsa gnó a rinneadh an seachadadh atá i gceist.

(5) Is é an méid ar ar inmhuirir cáin i leith déanamh na seirbhísí dá dtagraítear in alt 5 (2) an costas, gan cáin a áireamh, a bhain le soláthar na seirbhísí.

(6) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (2), más é amháin a bheidh sa chomaoin i leith seachadadh aon earraí nó déanamh aon seirbhísí stampaí, cúpóin nó airíochtaí a thabhairt suas, agus gur earraí nó seirbhísí iad de shórt nach seachadann nó nach ndéanann an duine dá dtugtar suas na stampaí, na cúpóin nó na hairíochtaí eile ach amháin i ndáil le hoibriú scéime a ndéantar an tabhairt suas sin faoi, is é an méid ar ar inmhuirir cáin an costas, gan cáin a áireamh, a thit ar an duine a dúradh agus a bhain leis na hearraí a tháirgeadh nó a fháil nó leis na seirbhísí a dhéanamh, cibé acu é.

(7) Is é an méid ar ar inmhuirir cáin de bhua alt 2 (1) (a) ar bheostoc a sheachadadh 19.20 faoin gcéad den chomaoin iomlán dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

(8) Ar earraí do-chorraithe a sheachadadh, seachas seachadadh lena mbaineann alt 4 (6), agus ar sheirbhísí a dhéanamh arb é a bheidh iontu earraí do-chorraithe a fhorbairt, lena n-áirítear daingneáin a fheistiú, nó na hearraí sin a chothabháil agus a dheisiú—

(a) áireofar sa chomaoin luach aon leasa sna hearraí a diúscraíodh i ndáil lena seachadadh nó le déanamh na seirbhísí mar a dúradh,

(b) más rud é nach mó ná dhá thrian den chomaoin iomlán dá dtagraítear i bhfo-alt (1) luach earraí so-chorraithe a soláthraíodh de bhun an chomhaontaithe i leith an seachadadh a dúradh nó aon cheann de na seirbhísí a dúradh a dhéanamh, is é an méid ar ar inmhuirir cáin 60 faoin gcéad den chomaoin iomlán sin, agus

(c) (i) más rud é gur mó ná dhá thrian den chomaoin iomlán luach earraí so-chorraithe a soláthraíodh faoin gcomhaontú a dúradh, ansin, chun críocha an Achta seo, measfar an chomaoin sin a bheith inchurtha i leith seachadadh na n-earraí sin agus ina leith sin amháin, agus muirearófar cáin de réir an ráta nó na rátaí iomchuí a shonraítear in alt 11 ar fhoras aon chionroinnt den chomaoin iomlán sin a dhéanfar de réir fho-mhír (ii), agus

(ii) i gcás ina ndéanfar earraí de chineálacha éagsúla a sholáthar faoin gcomhaontú dá dtagraítear i bhfomhír (i), déanfar méid na comaoine is inchurtha i leith seachadadh na n-earraí de gach cineál den sórt sin a fhionnadh sa tslí a shonraítear in alt 5 (5) (b).

(9) (a) Is é luach aon leasa in earraí do-chorraithe margadhphraghas oscailte an leasa sin.

(b) San alt seo—

déanfar “leas”, i ndáil le hearraí do-chorraithe agus “diúscairt”, i ndáil le haon leas den sórt sin, a fhorléiriú de réir alt 4 (1), agus

ciallaíonn “an margadh-phraghas oscailte”, i ndáil le seachadadh aon earraí nó déanamh aon seirbhísí, an praghas, gan cáin a áireamh, a mbeifí ag súil leis go réasúnach a gheofaí ar na hearraí nó a mbeifí ag súil leis go réasúnach a mhuirearófaí i leith na seirbhísí dá ndéantaí iad a dhíol nó a dhéanamh sa mhargadh oscailte tráth an teagmhais atá i gceist.

Rátaí cánach.

11. —(1) Faoi réir fho-alt (2), déanfar cáin a mhuirearú de réir cibé ceann de na rataí seo a leanas is iomchuí in aon chás áirithe—

(a) 5·26 faoin gcéad de mhéid iomchuí aon chomaoine, seachas comaoin a bhfuil feidhm ina leith ag mír (b), a bhaineann le seachadadh earraí nó le déanamh seirbhísí de chineál a shonraítear sa Tríú Sceideal,

(b) 11·11 faoin gcéad de mhéid iomchuí aon chomaoine a bhaineann le rincí a sheoladh agus le seachadadh (más aon seachadadh é) earraí de chineál a shonraítear sa Tríú Sceideal agus le déanamh (más aon déanamh é) seirbhísí ab inmhuirir, mura mbeadh an mhír seo, de réir ráta 5·26 faoin gcéad arna seachadadh nó arna ndéanamh i ndáil le rincí, i gcás íocaíocht na comaoine don seachadadh nó don déanamh sin a bheith ar áireamh sa chomaoin i leith dul isteach go dtí an rince nó a bheith ina choinníoll ar dhul isteach.

(c) 30·26 faoin gcéad de mhéid iomchuí aon chomaoine a bhaineann le seachadadh earraí de chineál a shonraítear sa Cheathrú Sceideal,

(d) zero faoin gcéad de mhéid iomchuí aon chomaoine a bhaineann le seachadadh aon earraí sna himthosca a shonraítear i mír (i) nó (v) den Dara Sceideal nó le seachadadh earraí de chineál a shonraítear i míreanna (vi) go (viii) den Sceideal sin nó le déanamh seirbhísí de chineál a shonraítear sa Sceideal sin, agus

(e) 16·37 faoin gcéad de mhéid iomchuí aon chomaoine a bhaineann le seachadadh aon earraí eile nó le déanamh aon seirbhísí eile.

(2) I gcás earraí is de chineál a shonraítear sa Cheathrú Sceideal agus—

(a) a allmhairíodh, nó a díoladh sa Stát, roimh an lá sonraithe in imthosca a thabharfadh gurbh inmhuirir cáin mhórdhíola nó gurbh inmhuirir í dá mba rud é go raibh an cháin sin i bhfeidhm ar dháta an allmhairithe nó an díola, nó

(b) a allmhairíodh nó a seachadadh ar aon ócáid roimhe sin ar an dáta sin nó dá éis in imthosca a thug gurbh inmhuirir cáin de réir ráta 30·26 faoin gcéad i ndáil leis an allmhairiú nó leis an seachadadh sin,

a sheachadadh laistigh den Stát an lá sonraithe nó dá éis ag duine seachas monaróir earraí is earraí den chineál a sheachadtar amhlaidh, muirearófar cáin de réir ráta 5·26 faoin gcéad de mhéid iomchuí na comaoine i leith an tseachadta sin.

(3) Faoi réir ailt 5 (5) agus 10 (8) (c), más rud é—

(a) go seachadfar nó go ndéanfar, nó go seachadfar agus go ndéanfar, earraí de chineálacha éagsúla nó seirbhísí de chineálacha éagsúla, nó earraí, cibé acu ar de chineálacha éagsúla iad nó nach ea, agus seirbhísí, cibé acu ar de chineálacha éagsúla iad nó nach ea, ar chomaoin is inchurtha i leith an idirbhirt go hiomlán agus nach inchurtha ar leithligh i leith na gcineálacha éagsúla earraí nó earraí agus seirbhísí, agus

(b) mura mbeadh an fo-alt seo, go mbeadh cáin le muirearú de réir dhá ráta nó níos mó i leith an idirbhirt,

beidh cáin inmhuirir i leith an idirbhirt de réir an ráta is airde ab inmhuirir, mura mbeadh an fo-alt seo, i ndáil le haon chuid de na hearraí nó de na seirbhísí, cibé acu é.

(4) I gcás monaróir do sheachadadh earraí do dhuine ar bith is earraí a ndearna an duine sin, nó a ndearnadh thar a cheann, ábhair lena monarú a sholáthar agus gur mó an ráta cánach is inmhuirir i leith seachadadh na n-earraí ná an ráta is inmhuirir i leith seachadadh na n-ábhar, beidh sé de dhliteanas ar an duine a sheachadfaidh na hearraí, i dteannta aon dliteanais eile a fhorchuirfear air leis an Acht seo, cáin a íoc ar luach na n-earraí a soláthraíodh dó, de réir ráta is ionann agus an difríocht idir an dá ráta a luaitear roimhe seo.

(5) Más rud é, maidir le comhaontú den chineál dá dtagraítear in alt 3 (1) (b), gur duine seachas an duine a sheachaid na hearraí lena mbaineann an comhaontú an duine cuntasach i leith na cánach is inmhuirir ar aon chuid den chomaoin, is é an ráta cánach ar an inmhuirir an chuid sin a dúradh den chomaoin an ráta is infheidhme maidir le seachadadh na n-earraí a bheidh i gceist.

(6) I gcás earraí do-chorraithe arb é atá iontu inneallra nó feistiucháin ghnó a ligean ar leithligh ó earraí do-chorraithe eile ar cuid díobh iad, beidh cáin inmhuirir i leith an idirbhirt de réir an ráta ab inmhuirir dá mba é a bheadh ann earraí so-chorraithe den chineál céanna a fhruiliú.

(7) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas chun críocha fho-alt (1) (b) :

(a) ní bheidh feidhm ag ailt 8 (3) agus 14 maidir le duine a mhéid is inmhuirir é i leith cánach de réir an ráta a shonraítear san fho-alt sin (1) (b);

(b) is é “méid iomchuí aon chomaoine” an méid iomlán airgid, gan cáin a áireamh, a gheofar nó is infhaighte ó dhaoine a ligfear isteach go dtí rince i leith dul isteach, agus ina theannta sin, i gcás earraí a sheachadadh nó seirbhísí a

dhéanamh, nó earraí a sheachadadh agus seirbhísí a

dhéanamh araon, in ndáil leis an rinnce, agus gur coinníoll ar dhul isteach íoc na comaoine ina leith sin agus nach bhfuil sé ar áireamh sa chomaoin i leith dul isteach, méid iomlán an airgid a fuarthas nó is infhaighte ina leith sin;

(c) gach duine a bheartaíonn rince nó sreath rincí a sheoladh cuirfidh sé in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim de réir rialachán go bhfuil sé ar intinn aige sin a dhéanamh;

(d) ní dhéanfaidh dílseánach aon áitribh rince a sheoladh ann, ná ní cheadóidh sé go ndéanfadh aon duine eile rince a sheoladh ann, mura mbeidh fógra faighte aige ó na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuair siad scéala de réir mhír (c);

(e) ní bheidh feidhm ag míreanna (a) go (d) ná ag fo-alt (1) (b) maidir le haon chás inar céad ar a mhéid an líon daoine a bheidh le ligean isteach go dtí an rince agus nach mó ná fiche pingin nua an chomaoin i leith dul isteach.

(8) (a) Féadfaidh an tAire a dhearbhú le hordú gurb é an ráta ar a muirearófar cáin ar earraí d'aon chineál a sheachadadh nó a allmhairiú, nó ar sheirbhísí d'aon chineál a dhéanamh, ráta a shonraítear i bhfo-alt (1) agus is ísle ná an ráta ar dá réir a dhéanfaí, mura mbeadh an t-ordú, cáin a mhuirearú.

(b) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin bhfo-alt seo, lena n-áirítear ordú faoin mír seo, a leasú nó a chúlghairm.

(c) Déanfar ordú faoin bhfo-alt seo a leagan faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann Dáil Éireann laistigh den lá agus fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an t-ordú a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a bheidh déanta roimhe sin faoin ordú.

(9) Faoi réir fho-alt (7), san alt seo ciallaíonn “méid iomchuí aon chomaoine” an méid, arna fhionnadh de réir alt 10, ar ar inmhuirir cáin.

Asbhaint i leith cáin a iompraíodh nó a íocadh.

12. —(1) Nuair a bheidh méid na cánach is iníoctha ag duine cuntasach i leith aon tréimhse inchánach á ríomh féadfar iad seo a leanas a asbhaint—

(a) an cháin a muirearaíodh air i gcaitheamh na tréimhse sin ag daoine cuntasacha eile trí shonraisc, arna n-ullmhú mar a fhorordaítear le rialacháin, i leith earraí a seachadadh nó seirbhísí a rinneadh dó,

(b) an cháin a muirearaíodh air i gcaitheamh na tréimhse sin trí shonraisc, arna n-ullmhú mar a fhorordaítear le rialacháin agus arna n-éisiúint ag daoine a bhí údaraithe de réir alt 13 chun sonraisc den sórt sin a éisiúint, i leith earraí a seachadadh nó seirbhísí a rinneadh dó,

(c) an cháin a d'íoc sé i gcaitheamh na tréimhse sin i leith earraí a d'allmhairigh sé,

(d) an cháin is inmhuirir i gcaitheamh na tréimhse sin i leith earraí a úsáideadh chun críocha a ghnó agus a áiríodh mar earraí arna seachadadh de réir alt 3 (1) (e), agus

(e) an cháin is inmhuirir i gcaitheamh na tréimhse sin i leith seirbhísí a rinne sé chun críocha a ghnó féin agus a meastar, faoi alt 5 (2), chun críocha an Achta seo, gur i gcúrsa gnó a rinneadh iad:

Ar choinníoll, i ndáil le seachadadh nó allmhairiú aon earraí de chineál a shonraítear sa Cheathrú Sceideal, nach rachaidh an méid is inasbhainte faoin alt seo ag duine, seachas monaróir earraí den chineál a sheachadfar nó a allmhaireofar amhlaidh, thar suim a ionadaíonn, i gcás seachadadh na n-earraí sin dó, 5·26 faoin gcéad den chomaoin is iníoctha aige, gan áireamh a dhéanamh ar an gcáin is iníoctha i leith an tseachadta ag an duine a dhéanann an seachadadh nó, i gcás allmhairithe, 5·26 faoin gcéad de luach na n-earraí arna ríomh de réir alt 15 (4).

(2) Más rud é, i ndáil le haon tréimhse inchánach, go rachaidh an méid iomlán is inasbhainte faoin alt seo thar an méid a bheadh, mura mbeadh an t-alt seo, iníoctha i leith na tréimhse sin, aisíocfar an bhreis leis an duine cuntasach.

(3) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1), ní dhéanfar cáin a asbhaint más rud é go mbaineann agus a mhéid go mbaineann an cháin sin leis na nithe seo a leanas—

(a) bia, deoch, cóiríocht nó seirbhísí pearsanta eile a sholáthar don duine cuntasach, dá ghníomhairí nó dá fhostaithe,

(b) caiteachais siamsaíochta a thabhaigh an duine cuntasach, a ghníomhairí nó a fhostaithe,

(c) mótar-fheithiclí de chineál a shonraítear sa Cheathrú Sceideal a fháil (lena n-áirítear iad a fhruiliú) ar mhodh seachas mar stoc trádála (de réir brí alt 34) nó chun críocha gnó arb é atá ann go hiomlán nó go páirteach feithiclí den sórt sin a fhruiliú,

(d) peitreal a cheannach ar mhodh seachas mar stoc trádála (de réir brí an alt sin 34).

(e) aon ghníomhaíocht de chuid an duine chuntasaigh is gníomhaíocht díolmhaithe nó atá lasmuigh dá réim gnó.

(4) Aon chionroinnt is gá idir cáin a fhéadfar a asbhaint de réir an ailt seo agus cáin nach cead a asbhaint is de réir rialachán a dhéanfar é.

Forálacha speisialta i leith cánach arna sonrú ag feirmeoirí agus iascairí.

13. —(1) Faoi réir fho-alt (2), má dhéanann duine ag a mbíonn gnó feirmeoireachta nó iascaireachta ar siúl agus—

(a) nach duine cuntasach faoi fhorálacha alt 8 (3) (a), agus

(b) nach duine cuntasach trí rogha a ghlacadh,

earraí a sheachadadh nó seirbhísí a dhéanamh do dhuine cuntasach, ansin, faoi réir alt 17 (2), eiseoidh an duine céadluaite sonrasc don duine cuntasach, agus beidh teideal ag an duine cuntasach méid is comhionann le 1 faoin gcéad den chomaoin a bheidh luaite sa tsonrasc, lena n-áirítear aon cháin a bheidh luaite ar leithligh ann, a áireamh mar cháin is inasbhainte faoi alt 12.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) más rud é, agus beidh feidhm aige ar an gcuntar sin amháin—

(a) gur earraí de chineál a shonraítear i bhfomhír (i) nó (ii) d'alt 8 (3) (a) na hearraí atá i gceist nó gur seirbhísí de chineál a shonraítear i bhfomhír (iii) den alt sin 8 (3) (a) na seirbhísí atá i gceist, agus

(b) go bhféadfadh an duine cuntasach asbhaint a éileamh faoi alt 12 dá mba rud é gur duine cuntasach eile a sheachaid na hearraí sin nó a rinne na seirbhísí sin dó agus gur eisíodh de réir rialachán sonrasc ag muirearú na cánach iomchuí.

(3) (a) Féadfaidh an tAire le hordú athrú a dhéanamh ar chéatadán na comaoineach a bhféadfar, de réir fho-alt (1), é a áireamh mar cháin is inasbhainte faoi alt 12 agus féadfaidh sé le hordú athruithe comhréireacha a dhéanamh sa chéatadán den chomaoin iomlán a shonraítear in alt 10 (7) ar ar inmhuirir cáin ar bheostoc a sheachadadh agus sa chéatadán luacha a shonraítear in alt 15 (4) (b) ar ar inmhuirir cáin ar bheostoc a allmhairiú.

(b) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin bhfo-alt seo, lena n-áirítear an mhir seo, a leasú nó a chúlghairm.

(c) Déanfar ordú faoin bhfo-alt seo a leagan faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den lá agus fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an t-ordú a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a bheidh déanta roimhe sin faoin ordú.

(4) Chun críocha an ailt seo ní fholaíonn “feirmeoireacht nó iascaireacht”—

(a) plandlann nó garraí a oibriú chun an toradh a dhíol,

(b) éanlaith clóis nó uibheacha a tháirgeadh chun tráchtála,

(c) feirmeoireacht fionnaidh, nó

(d) feirmeoireacht éisc,

ag duine seachas duine lena mbaineann mír (c) nó (d) d'alt 8 (3).

Íocaiocht ar fhoras fáltas airgid.

14. —(1) (a) Aon duine a chruthaíonn do na Coimisinéirí Ioncaim go bhfaigheann sé, ó sheachadadh earraí inchánach do dhaoine nach daoine cláraithe nó ó dhéanamh seirbhísí inchánach do dhaoine den sórt sin, agus tréimhse inchánach amháin a ghlacadh le tréimhse inchánach eile, go bhfaigheann sé cuid nach lú ná 90 faoin gcéad den méid iomlán ar a mbeadh cáin is iníoctha aige inmhuirir de bhua alt 2 (1) (a), mura mbeadh an t-alt seo, féadfar a údarú dó de réir rialachán an t-airgead a fuair sé i leith earraí inchánach a sheachadadh nó seirbhísí inchánach a dhéanamh a áireamh mar chomaoin i leith seachadadh na n-earraí sin nó déanamh na seirbhísí sin agus, i gcaitheamh na tréimhse a bheidh sé údaraithe amhlaidh, déanfar, chun críocha alt 10 (1), tagairtí san Acht seo do chomaoin a fhorléiriú, i ndáil leis an duine a bheidh údaraithe amhlaidh, mar thagairtí d'airgead a fuair sé iarbhír.

(b) Féadfar, de réir rialachán, a údarú do dhuine, seachas duine lena mbaineann mír (a), an t-airgead a bheidh faighte aige i leith déanamh seirbhísí inchánach a áireamh mar chomaoin i leith na seirbhísí sin a dhéanamh, agus i gcaitheamh na tréimhse a bheidh sé údaraithe amhlaidh, déanfar, chun críocha alt 10 (1), tagairtí san Acht seo do chomaoin a fhorléiriú, i ndáil le seirbhísí a rinne an duine a bheidh údaraithe amhlaidh, mar thagairtí d'airgead a fuair sé iarbhír.

(2) Más rud é, maidir le duine a bheidh údaraithe i gcaitheamh aon tréimhse ama faoi fho-alt (1) an t-airgead a bheidh faighte aige i leith seachadadh earraí nó déanamh seirbhísí a áireamh mar chomaoin i leith an tseachadta nó an déanta sin, go scoirfidh sé de bheith údaraithe amhlaidh nó go scoirfidh sé de bheith ina dhuine cuntasach, ansin, déanfar, de réir rialachán, a dhliteanas in aghaidh na tréimhse inchánach inar tharla an scor a choigeartú faoi threoir na méideanna, más ann, a bheidh dlite dó ag tosach agus deireadh na tréimhse ama sin i leith an tseachadta sin agus an déanamh seirbhísí sin.

Cáin a mhuirearú ar earraí allmhairithe.

876, c 30.

1958, Uimh. 28 .

1879, c. 21.

1933, Uimh. 21 .

1952, Uimh. 14 .

15. —(1) Faoi réir fho-alt (2), ní bheidh feidhm ag ailt 3 go 10, 12, 14, 16 go 19, 21 go 26, 32 go 37, 39, 40 agus 42 maidir le cáin dá bhforáiltear le halt 2 (1) (b) agus, amhail ar an agus ón lá sonraithe muirearófar an cháin sin—

(a) ar earraí de chineál a shonraítear i gCuid I den Tríú Sceideal de réir ráta 5·26 faoin gcéad de luach na n-earraí,

(b) ar earraí de chineál a shonraítear sa Cheathrú Sceideal de réir ráta 30·26 faoin gcéad de luach na n-earraí, agus

(c) ar gach uile earra eile de réir ráta 16·37 faoin gcéad de luach na n-earraí.

(2) (a) Faoi réir mhír (b), ní hinmhuirir cáin mar a dúradh—

(i) ar earraí a d'allmhairigh duine cláraithe chun críocha a ghnó, ná

(ii) ar earraí de chineál a shonraítear i míreanna (vi) go (viii) den Dara Sceideal nó de chineál ar ghníomhaíocht díolmhaithe a seachadadh.

(b) I gcás duine d'allmhairiú earraí de chineál a shonraítear sa Cheathrú Sceideal, ní bheidh feidhm ag mír (a) maidir leis na hearraí mura monaróir earraí den chineál atá á n-allmhairiú an t-allmhaireoir.

(3) Faoi réir na bhforálacha roimhe seo den alt seo beidh feidhm i gcás cáin dá dtagraítear san alt seo, amhail agus dá mba dhleacht chustam í, ag forálacha an Customs Consolidation Act, 1876, agus ag na hachtacháin ag leasú an Achta sin agus ag achtacháin eile a bhaineann le custaim (ach gan alt 11 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958 , a áireamh):

Ar choinníoll áfach nach mbeidh feidhm amhlaidh ag alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879, ná ag alt 25 (2) den Acht Airgid, 1933 , ach amháin i gcás earraí atá á n-athallmhairiú ag an duine a d'onnmhairigh iad.

(4) (a) Faoi réir mhír (b), is é luach aon earraí chun críocha an ailt seo a luach arna fhionnadh de réir alt 15 den Acht Airgeadais, 1952 , agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, arna mhéadú de mhéid aon dleacht chustam is iníoctha ar an gcéanna.

(b) Is é is luach beostoic chun críocha an ailt seo 19·20 faoin gcéad dá luach arna fhionnadh de réir mhír (a).

Dualgas taifid a choimeád.

1963, Uimh. 33 .

16. —(1) Déanfaidh gach duine cuntasach, de réir rialachán, taifid iomlána fíora a choimeád de gach idirbheart a bhaineann, nó a fhéadfadh baint, lena dhliteanas cánach.

(2) Gach duine, seachas duine cuntasach, a sheachadann earraí i gcúrsa gnó nó a dhéanann seirbhísí i gcúrsa gnó, coimeádfaidh sé na sonraisc go léir a eisíodh chuige i ndáil le seachadadh na n-earraí nó déanamh na seirbhísí dó chun críche an ghnó sin.

(3) Taifid agus sonraisc a choimeádfaidh duine de bhun an ailt seo agus aon leabhar, nótaí sochair, nótaí dochair, admhálacha, cuntais, dearbháin, ráitis bainc nó doiciméid eile ar bith a bhaineann le seachadadh earraí ag an duine nó le déanamh seirbhísí ag an duine agus atá faoi urláimh, i seilbh nó ar fáil ag an duine agus, i gcás aon leabhar, sonrasc, nóta sochair, nóta dochair, admháil, cuntas, dearbhán nó doiciméad eile a d'eisigh an duine chun duine eile, aon chóip den chéanna atá faoi urláimh, i seilbh nó ar fáil ag an duine coimeádfar é faoi urláimh nó ar seilbh nó ar fáil ag an duine sin go ceann tréimhse sé bliana ó dháta an idirbhirt dheiridh lena mbaineann na taifid nó na sonraisc nó aon cheann de na doiciméid eile:

Ar choinníoll nach gceanglóidh an t-alt seo taifid nó sonraisc ná aon cheann de na doiciméid a choimeád a gcuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim in iúl don duine lena mbaineann nach gá iad a choimeád, ná nach mbainfidh sé le leabhair ná páipéir chuideachta a diúscraíodh de réir alt 305 (1) d'Acht na gCuideachtaí, 1963 .

Sonraisc.

17. —(1) Aon duine cuntasach a sheachadfaidh earraí nó a dhéanfaidh seirbhísí do dhuine cuntasach eile in imthosca gurbh inmhuirir cáin eiseoidh sé chun an duine chuntasaigh eile sin i leith gach seachadadh earraí nó déanamh seirbhísí acu sin sonrasc i cibé foirm agus ina mbeidh cibé sonraí a shonrófar le rialacháin.

(2) Aon duine a gceanglaítear air de réir alt 13 (1) sonrasc a eisiúint maidir le hearraí a sheachadadh nó seirbhísí a dhéanamh do dhuine cuntasach déanfaidh sé, i leith gach seachadadh earraí nó déanamh seirbhísí de chineál a shonraítear in alt 13 (2) sonrasc a eisiúint i cibé foirm agus ina mbeidh cibé sonraí a shonrófar le rialacháin más rud é, agus amháin más rud é, go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) go n-iarrfaidh an duine cuntasach go n-eiseofaí sonrasc,

(b) go soláthróidh an duine cuntasach an fhoirm chun críche an tsonraisc agus go dtaifeadfaidh sé na sonraí iomchuí inti, agus

(c) go dtabharfaidh an duine cuntasach cóip den sonrasc don duine a sheachaid na hearraí nó a rinne na seirbhísí.

(3) Más rud é, tar éis do dhuine sonrasc a eisiúint do dhuine cuntasach de réir fho-alt (1), go méadófar nó go laghdófar an chomaoin mar a luaitear é sa sonrasc, nó go lamhálfar lascaine, beidh éifeacht ag cibé foráil acu seo a leanas is iomchuí:

(a) má mhéadaítear an chomaoin, eiseoidh an duine don duine cuntasach sonrasc eile i cibé foirm agus ina mbeidh cibé sonraí a shonrófar le rialacháin i leith an mhéadaithe sin,

(b) má laghdaítear an chomaoin nó má lamháiltear lascaine, eiseoidh an duine don duine cuntasach doiciméad (da ngairtear nóta sochair san Acht seo) ina mbeidh sonraí ar an laghdú nó ar an lascaine i cibé foirm agus ina mbeidh cibé sonraí eile a shonrófar le rialacháin, agus déanfar an méid a fhéadfaidh an duine cuntasach a asbhaint faoi alt 12 a laghdú, de réir rialachán, de mhéid na cánach a thaispeántar ar an nóta sochair.

(4) Más rud é, tar éis do dhuine sonrasc a eisiúint do dhuine cuntasach de réir fho-alt (2), go méadófar nó go laghdófar an chomaoin mar a bheidh luaite sa sonrasc, nó má lamháiltear lascaine, beidh éifeacht ag cibé foráil acu seo a leanas is iomchuí:

(a) má mhéadaítear an chomaoin agus go gcomhlíonfar na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (2) maidir leis an sonrasc a luaitear anseo ina dhiaidh seo, eiseoidh an duine don duine cuntasach sonrasc eile i leith an mhéadaithe i cibé foirm agus ina mbeidh cibé sonraí a shonrófar le rialacháin, agus

(b) má laghdaítear an chomaoin nó má lamháiltear lascaine, leasóidh an duine cuntasach an sonrasc tríd an chomaoin a bheidh luaite ansin a laghdú de mhéid an laghdaithe nó na lascaine agus trí laghdú comhréire a dhéanamh, de réir rialacháin, sa mhéid is inasbhainte faoi alt 12.

(5) Má eisíonn duine cuntasach sonrasc ina luafar méid cánach is mó ná an méid is inchurtha go cuí i leith na comaoine a bheidh luaite ann, nó má eisíonn sé nóta sochair ina luafar méid cánach is lú ná an méid is inchurtha go hiomchuí i leith an laghdú ar an gcomaoin nó i leith na lascaine a bheidh luaite ann, dlífear de an méid cánach breise a bheidh luaite sa sonrasc nó an t-easnamh cánach a bheidh luaite sa nóta sochair a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim.

(6) Duine nach duine cláraithe agus a dhéanfaidh, ar shlí seachas mar a cheanglaítear le halt 13, sonrasc a eisiúint ina luafar méid cánach, measfar, i ndáil leis an méid cánach a bheidh luaite, gur duine cuntasach é chun críocha an Achta seo, agus dlífear de an méid sin a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim.

(7) Eiseofar sonrasc nó nóta sochair laistigh de cibé am tar éis dáta na n-earraí a sheachadadh nó na seirbhísí a dhéanamh a shonrófar le rialacháin agus déanfar leasú ar shonrasc de bhun fho-alt 4 (b) laistigh de cibé am a shonrófar le rialacháin.

(8) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (7), i gcás ina ndéanfar íocaíocht i leith earraí a sheachadadh nó seirbhísí a dhéanamh le duine, go hiomlán nó ina thráthchodanna, sula mbeidh an seachadadh nó an déanamh críochnaithe, eiseoidh an duine sonrasc de réir fho-alt (1) nó fho-alt (2), mar is iomchuí, laistigh de cibé am tar éis an dáta a bheidh an lán-íocaíocht nó an tráthchuid, mar a bheidh sonraithe le rialacháin, faighte iarbhír.

(9) (a) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (3), más rud é, tar éis sonrasc a eisiúint do dhuine cláraithe de réir fho-alt (1), go laghdófar an chomaoin a bheidh luaite sa sonrasc nó go lamhálfar lascaine in imthosca a thabharfadh, trí chomhaontú idir na daoine lena mbaineann, go mbeidh an méid cánach a luafar sa sonrasc gan athrú, ní bheidh feidhm ag mír (b) den fho-alt sin (3) maidir leis an duine a d'eisigh an sonrasc.

(b) I gcás lena mbaineann mír (a)—

(i) ní chuirfear san áireamh an laghdú nó an lascaine a bheidh i gceist nuair a bheidh dliteanas an duine a bheidh ag déanamh an laghdaithe nó ag lamháil na lascaine á ríomh i leith cánach,

(ii) ní bheidh feidhm ag fo-alt (5), agus

(iii) ní laghdófar an méid a fhéadfaidh an duine, ar ina fhabhar a dhéantar laghdú nó a lamháiltear lascaine, a asbhaint i leith an idirbhirt iomchuí faoi alt 12.

(10) Más rud é—

(a) go seachadfar earraí nó go ndéanfar seirbhísí do dhuine cláraithe ag duine cláraithe eile nó go seachadfar earraí nó go ndéanfar seirbhísí de chineál a shonraítear in alt 13 (2) do dhuine den sórt sin ag duine nach duine cláraithe ach is duine ar gá dó faoi alt 13 (1) sonrasc a eisiúint do dhuine cláraithe, agus

(b) go ndéanfaidh an duine ar dó a sheachadfar na hearraí nó a dhéanfar na seirbhísí, doiciméad (dá ngairtear dearbhán socraíochta san Acht seo) i cibé foirm agus ina mbeidh cibé sonraí a shonrófar le rialacháin, a eisiúint don duine eile, roimh an dáta a eiseoidh an duine eile sin sonrasc, ansin, chun críocha an Achta seo—

(i) measfar go bhfuair an duine a d'eisigh an dearbhán socraíochta, má ghlacann an duine é ar dó a eisíodh é, go bhfuair sé, ón duine a ghlac an dearbhán, sonrasc ina raibh na sonraí a bhí leagtha amach sa dearbhán, agus

(ii) measfar go ndearna an duine ar dó a eisíodh an dearbhán socraíochta, má ghlacann sé leis, sonrasc ina raibh na sonraí a bhí leagtha amach sa dearbhán a eisiúint don duine óna bhfuarthas an dearbhán.

(11) Más rud é go ndéanfaidh duine atá i dteideal nóta sochair faoi fho-alt (3) (b) a fháil ó dhuine eile, roimh an dáta ar a n-eiseoidh an duine eile sin nóta sochair, doiciméad (dá ngairtear nóta dochair san fho-alt seo) a eisiúint don duine eile sin i cibé foirm agus ina mbeidh cibé sonraí a shonrófar le rialacháin, ansin, chun críocha an Achta seo—

(a) measfar go bhfuair an duine a d'eisigh an nóta dochair, má ghlacann an duine é ar dó a eisíodh é, go bhfuair sé, ón duine a ghlac an nóta, nóta sochair ina raibh na sonraí a bhí leagtha amach sa nóta dochair sin, agus

(b) measfar go ndearna an duine ar dó a eisíodh an nóta dochair sin, má ghlacann sé leis, nóta sochair ina raibh na sonraí a bhí leagtha amach sa nóta dochair sin a eisiúint don duine óna bhfuarthas an nóta dochair.

(12) (a) Déanfaidh duine cuntasach—

(i) má iarrann duine eile air i scríbhinn agus má deirtear san iarratas go bhfuil an duine eile i dteideal aisíoc cánach faoi alt 20 (3), na sonraí a thabhairt i scríbhinn don duine eile sin ar mhéid na cánach is inmhuirir ar an duine cuntasach i leith na n-earraí a shonraítear san iarratas a sheachadadh aige nó i leith na seirbhísí a shonraítear amhlaidh a dhéanamh aige,

(ii) má iarrann duine eile air i scríbhinn agus má deirtear san iarratas go bhfuil an duine eile sin i dteideal aisíoc cánach faoi alt 5 (4), na sonraí a shonraítear i rialacháin chun críocha fho-alt (1) i leith na seirbhísí a rinne an duine cuntasach don duine eile sin agus a shonraítear san iarratas a thabhairt i scríbhinn don duine eile sin, agus

(iii) má iarrann duine eile air i scríbhinn agus má deirtear san iarratas go bhfuil an duine eile sin i dteideal aisíoc cánach faoi alt 20 (2), na sonraí a thabhairt i scríbhinn don duine eile sin ar mhéid na cánach is inmhuirir ar an duine cuntasach i leith an ghairis ghlactha radio-chraolacháin agus codanna de a shonraítear san iarratas a sheachadadh dó.

(b) Aon duine a gheobhaidh iarratas faoi mhír (a) déanfaidh sé dá réir laistigh de thríocha lá tar éis an dáta a bheidh an t-iarratas faighte aige.

Taifid a iniúchadh agus a thabhairt chun siúil.

18. —(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe, d'fhonn aon fhiosrú a dhéanamh is dóigh leis is gá maidir le dliteanas aon duine i leith cánach, dul isteach in aon áitreabh a bhfuil cúis ag an oifigeach chun a chreidiúint go bhfuil an duine sin ag seoladh gnó ann agus féadfaidh an t-oifigeach a iarraidh go dtabharfar ar aird aon leabhair, sonraisc, nótaí sochair, nótaí dochair, admhálacha, cuntais, raitis bainc, dearbháin nó doiciméid ar bith eile a bhaineann le seachadadh earraí nó déanamh seirbhísí nó féadfaidh sé cuardach don chéanna agus iad a iniúchadh, agus féadfaidh sé aon leabhair, sonraisc, nótaí sochair, nótaí dochair, admhálacha, cuntais, dearbháin, ráitis bainc nó doiciméid eile a thabhairt leis agus a choimeád go ceann cibé tréimhse is réasúnach chun iad a scrúdú nó le haghaidh aon imeachtaí chun pionós faoin Acht seo a ghnóthú.

(2) Ar oifigeach údaraithe dá iarraidh sin ag aon áitreabh ina mbíonn gnó á sheoladh ag duine tabharfaidh an duine nó tabharfaidh aon duine a bheidh fostaithe aige ar aird don oifigeach údaraithe na leabhair, na sonraisc, na nótaí sochair, na nótaí dochair, na hadmhálacha, na cuntais, na dearbháin, na ráitis bainc nó doiciméid eile ar bith a bhaineann leis an ngnó sin agus atá faoi urláimh, i seilbh nó ar fáil ag an duine a ndéanfar an t-iarratas chuige agus ceadóidh sé don oifigeach aon doiciméid a thabharfar ar aird amhlaidh a iniúchadh agus a thabhairt leis.

(3) Ní dhéanfaidh duine ar bith oifigeach údaraithe a bhac ná a mhoilliú go toiliúil agus é ag feidhmiú a chumhachtaí faoin alt seo.

(4) Más rud é, de bhun an ailt seo, go rachaidh oifigeach údaraithe isteach in aon áitreabh, go ndéanfaidh sé aon chuardach nó go n-iarrfaidh sé go dtabharfaí aon doiciméid ar aird, déanfaidh sé, ar sin dá iarraidh air, a údaraíocht chun críche an ailt seo a thaispeáint don duine lena mbaineann.

(5) San alt seo ciallaíonn “oifigeach údaraithe” oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe acu i scríbhinn chun críocha an ailt seo.

Cáin atá dlite agus iníoctha.

19. —(1) Beidh cáin is inmhuirir faoi alt 2 (1) (a) dlite—

(a) i gcás inar gá sonrasc a eisiúint faoi alt 17, tráth eisiúna an tsonraisc, nó mura n-eisítear an sonrasc i dtráth cui, ar bheith caite don tréimhse ar laistigh di ba chóir an sonrasc a eisiúint;

(b) i gcás é a bheith dlite de dhuine faoi fho-alt (5) nó (6) d'alt 17 méid cánach a íoc faoi threoir sonraisc nó nóta sochair a d'eisigh sé, tráth eisiúna an tsonraisc nó an nóta sochair sin, agus

(c) in aon chás eile, tráth ná n-earraí a sheachadadh nó na seirbhísí a dhéanamh:

Ar choinníoll maidir le haon seachadadh earraí inchánach nó déanamh seirbhísí inchánach a n-údaraítear an t-airgead a fhaightear ina leith a áireamh mar chomaoin don seachadadh nó don déanamh sin—

(i) nach mbeidh feidhm ag mír (a), agus

(ii) go mbeidh an cháin is inmhuirir i leith seachadadh na n-earraí nó déanamh na seirbhísí do dhaoine eile dlite nuair a bheidh an t-airgead i leith na n-idirbheart sin faighte.

(2) D'ainneoin aon ní san Acht seo, tiocfaidh an cháin is inmhuirir faoi alt 2 (1) (a) nó tiocfaidh an chuid iomchuí di, chun bheith dlite tráth nach déanaí ná an t-am a bheidh an méid sin ar ina leith is iníoctha í faighte go hiomlán nó go páirteach agus i gcás an méid sin a fháil go hiomlán nó go páirteach roimh sheachadadh na n-earraí nó déanamh na seirbhísí lena mbaineann sé, measfar, chun críocha an Achta seo, go ndearnadh, tráth a fuarthas amhlaidh é, seachadadh nó déanamh ar chomaoin is comhionann leis an méid a fuarthas den chuid sin de na hearraí nó de na seirbhísí ar comhionann a luach leis an méid a fuarthas.

(3) Laistigh de naoi lá díreach i ndiaidh an deichiú lae den mhí díreach i ndiaidh tréimhse inchánach, tabharfaidh duine cuntasach don Ard-Bhailitheoir tuairisceán ceart cruinn arna ullmhú de réir rialachán den mhéid cánach a tháinig chun bheith dlite de faoi alt 2 (1) (a) i gcaitheamh na tréimhse inchánach agus an méid, más ann, a fhéadfar a asbhaint de réir alt 12 nuair a bheidh an méid cánach á ríomh is iníoctha aige i leith na tréimhse inchánach sin, agus cuirfidh sé ag an am céanna chun an Ard-Bhailitheora an méid cánach, más ann, is iníoctha aige i leith na tréimhse inchánach sin.

Aisíoc cánach.

20. —(1) Más rud é, ar éileamh a dhéanamh de réir rialacháin, go gcruthófar do na Coimisinéirí Ioncaim, maidir le haon tréimhse inchánach, gur mó an méid cánach a íocadh iarbhír leis an Ard-Bhailitheoir de réir alt 19 mar aon leis an méid cánach a bhí cáilithe i leith asbaint faoi alt 12 ná an cháin, más ann, ab iníoctha go cuí dá mba rud é nach ndearnadh aon asbhaint faoin alt sin 12, féadfaidh siad an bhreis a aisíoc agus féadfaidh siad aon ús a bheidh íoctha faoi alt 21 a áireamh sa mhéid a aisíocfar.

(2) D'ainneoin aon ní san Acht seo féadfar an cháin a íocadh i leith gairis ghlactha radio-chraolacháin agus codanna de is le foras nó cumann a aisíoc leis an bhforas nó leis an gcumann más rud é, agus ar an gcuntar sin amháin—

(a) go bhfuil de phríomh-chuspóir aige, dar leis na Coimisinéirí Ioncaim, feabhas a chur ar chor daoine dalla, agus

(b) go gcruthóidh sé do na Coimisinéirí Ioncaim gur le haghaidh úsáid daoine dalla na hearraí sin atá i gceist.

(3) (a) Féadfaidh an tAire le hordú a fhoráil go mbeidh teideal ag duine a chomhlíonann chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim cibé coinníollacha a shonrófar san ordú maidir le hearraí a sheachadadh don duine sin de chineál a shonraítear san ordú nó maidir le seirbhísí a dhéanamh dó de chineál a shonraítear amhlaidh go n-aisíocfar leis cibe méid, mar a shonrófar san ordú, d'aon cháin a d'iompair nó a d'íoc sé maidir leis an seachadadh nó an déanamh sin is cáin nach bhfuil cáilithe i leith asbhaint faoi alt 12 agus a dhliteanas cánach á ríomh.

(b) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin bhfo-alt seo, lena n-áirítear ordú faoin mír seo, a leasú nó a chulghairm.

(c) Déanfar ordú faoin bhfo-alt seo a leagan faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den lá agus fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an t-ordú a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(4) Ní dhéanfar aon aisíoc faoin alt seo ná faoi alt 5 (4) mura ndéantar an t-éileamh laistigh den tréimhse deich mbliana ó dheireadh na tréimhse inchánach lena mbaineann an t-éileamh.

Ús.

21. —(1) I gcás aon mhéid cánach a theacht chun bheith iníoctha faoi alt 19 (3) agus gan é a bheith íoctha, íocfaidh an duine cuntasach ús simplí ar an méid sin agus ríomhfar an t-ús sin ón dáta a tháinig an méid sin chun bheith iníoctha agus sin de réir ráta 1 faoin gcéad in aghaidh gach míosa nó cuid de mhí a bheidh an méid gan íoc:

Ar choinníoll, más lú ná £5 méid an úis arna ríomh amhlaidh, gur £5 méid an úis is iníoctha.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1)—

(a) maidir le cáin is inghnóthaithe de bhua fógra faoi alt 22 ionann agus dá mba é a bhí sa cháin cáin a raibh sé dlite den duine í a íoc i leith na tréimhse nó na dtréimhsí inchánach faoi seach a bheidh ar áireamh san fhógra, agus

(b) maidir le cáin is inghnóthaithe de bhua fógra faoi alt 23 ionann agus dá mba é a bhí sa cháin cáin a raibh sé dlite den duine í a íoc i leith na tréimhse inchánach ar lena linn a d'éag an tréimhse cheithre lá dhéag ó dháta seirbheála an fhógra nó a cinneadh trí chomhaontú nó ar shlí eile an t-achomharc dá bhfóráiltear san alt sin, cibe tréimhse inchánach acu is déanaí.

Meastachán ar an gcáin a bheidh dlite in aghaidh tréimhse inchánach.

22. —(1) Más rud é laistigh den am a fhorodaítear le halt 19 (3) go mainneoidh duine cuntasach tuairisceán a thabhairt de réir na rialachán iomchuí ar an gcáin is iníoctha aige i leith aon tréimhse inchánach, ansin, gan dochar d'aon bheart eile a fhéadfar a dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim de réir rialachán, ach faoi réir alt 30, an méid cánach is iníoctha aige a mheas i leith na tréimhse inchánach sin agus fógra a sheirbheáil air i leith an mhéid mheasta.

(2) I gcás fógra a sheirbheáil faoi fho-alt (1) ar dhuine, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) féadfaidh an duine, má éilíonn sé nach duine cuntasach é, trí fhógra i scríbhinn chuig na Coimisinéirí Ioncaim laistigh den tréimhse lá agus fiche ó dháta seirbheála an fhógra, a iarraidh go ndéanfaí an t-éileamh a tharchur chun na gCoimisinéirí Ioncaim lena chinneadh agus, faoi réir alt 25, is cinneadh críochnaitheach dochloíte a bheidh ina gcinneadh,

(b) ar bheith caite don tréimhse a dúradh, mura gá aon éileamh den sórt sin a tharchur amhlaidh nó más gá éileamh den sórt sin a tharchur amhlaidh, ar chinneadh críochnaitheach in aghaidh an éilimh, beidh an cháin mheasta a shonrófar san fhógra inghnóthaithe sa tslí chéanna agus trí na himeachtaí céanna agus bheadh dá mba rud é go raibh an duine tar éis tuairisceán ceart cruinn a thabhairt, laistigh den tréimhse fhorordaithe, de réir rialachán, in aghaidh na tréimhse inchánach lena mbaineann an meastachán agus an cháin mheasta sin á thaispeáint ann mar cháin atá dlite de,

(c) más rud é tráth ar bith tar éis seirbheáil an fhógra go dtabharfaidh an duine tuairisceán, de réir rialachán, i leith na tréimhse inchánach a shonraítear san fhógra agus go n-íocfaidh sé cáin de réir an tuairisceáin, i dteannta aon úis agus costais a fhéadfadh a bheith tabhaithe i ndáil leis an mainneachtain, ansin, faoi réir mhír (d), beidh an fógra urscaoilte agus aisíocfar aon bhreis cánach a fhéadfadh a bheith íoctha,

(d) i gcás ina mbeifear tar éis beart a ghlacadh le haghaidh gnóthú cánach a shonraítear i bhfógra faoi fho-alt (1), is beart ar mhodh imeachtaí a thionscnamh in aon chúirt nó deimhniú a eisiúint faoi alt 485 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ní bheidh feidhm ag mír (c) maidir leis an bhfógra sin, mura n-ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim a mhalairt, go dtí go mbeidh an bheart a dúradh críochnaithe.

(3) Féadfaidh feidhm a bheith ag fógra ó na Coimisinéirí Ioncaim faoi fho-alt (1) maidir le dhá thréimhse inchánach nó níos mó.

An cháin a dhlitear i leith aon tréimhse a mheas.

23. —(1) Má bhíonn cúis ag na Coimisinéirí Ioncaim lena chreidiúint gur mó an méid iomlán cánach is iníoctha ag duine cuntasach, maidir le haon tréimhse arb é atá inti tréimhse inchánach amháin nó dhá thréimhse inchánach nó níos mó as a chéile, ná an méid iomlán cánach (más ann) a d'íoc sé i leith na tréimhse sin, ansin, gan dochar d'aon bheart eile a fhéadfar a dhéanamh, féadfaidh siad, de réir rialachán ach faoi réir alt 30, meastachán a dhéanamh in aon tsuim amháin den mhéid iomlán cánach is dóigh leo ba cheart a bheith íoctha i leith na tréimhse nó na dtréimhsí inchánach a áirítear sa tréimhse sin agus féadfaidh siad fógra a sheirbheáil ar an duine ina sonrófar—

(a) an méid iomlán cánach arna mheas amhlaidh,

(b) an méid iomlán cánach (más ann) a d'íoc an duine maidir leis an tréimhse sin, agus

(c) an t-iarmhéid cánach a bheidh gan íoc.

(2) I gcás ina seirbheálfar fógra ar dhuine cuntasach faoi fho-alt (1), beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas :

(a) féadfaidh an duine, má éilíonn sé gur méid iomarcach an méid iomlán cánach nó an t-iarmhéid cánach atá gan íoc, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh den tréimhse lá agus fiche ó dháta an fhógra a sheirbheáil, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc,

(b) ar bheith caite don tréimhse sin, mura mbeidh aon fhógra achomhairc faighte nó, má fhaightear fógra achomhairc, ar an achomharc a chinneadh trí chomhaontú nó eile, tiocfaidh an t-iarmhéid cánach a bheidh gan íoc mar a shonrófar san fhógra nó tiocfaidh an t-iarmhéid leasaithe cánach arna chinneadh i ndáil leis an achomharc chun bheith dlite agus iníoctha ionann agus dá mba é a bhí sa cháin cáin a raibh sé dlite ar an duine í a íoc i leith na tréimhse inchánach ar lena linn a chuaigh an tréimhse cheithre lá dhéag ó dháta seirbheála an fhógra faoi fho-alt (1) in éag nó a cinneadh an t-achomharc trí chomhaontú nó eile, cibé tréimhse inchánach acu is déanaí.

Cáin a ghnóthú.

1945, Uimh. 25 .

24. —(1) (a) Gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, beidh feidhm ag forálacha aon achtacháin i dtaobh gnóthú cánach ioncaim agus ag forálacha aon rialach cúirte i dtaobh an chéanna maidir le gnóthú aon chánach is iníoctha de réir an Achta seo agus na rialachán faoi amhail mar atá feidhm acu maidir le gnóthú cánach ioncaim.

(b) Go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), feidhmíonn an mhír sin forálacha ailt 480, 485, 486, 487, 488 agus 491 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(c) Aon fhorálacha arna bhfeidhmiú leis an Acht seo beidh feidhm acu amhlaidh faoi réir aon mhodhnuithe a shonrófar le rialacháin faoin Acht seo.

(2) In imeachtaí a thionscnófar faoin alt seo nó faoi aon rialacháin le haghaidh gnóthú aon mhéid cánach—

(a) beidh deimhniú arna shíniú ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim á dheimhniú go bhfuil méid cánach a luafar dlite agus iníoctha ag an gcosantóir ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go bhfuil an méid sin dlite agus iníoctha amhlaidh, agus

(b) féadfar deimhniú á dheimhniú mar a dúradh agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a thairiscint i bhfianaise gan cruthúnas agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go mbeidh sé sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim.

(3) Aon tagairt sna fo-ailt roimhe seo do mhéid cánach folaíonn sé tagairt d'ús is iníoctha sa chás a bheidh i gceist faoi alt 21.

(4) Faoi réir an ailt seo, beidh feidhm maidir le himeachtaí de bhua an ailt seo nó de bhua aon rialachán faoin Acht seo ag na rialacha den chúirt lena mbainfidh is infheidhme de thuras na huaire i gcás imeachtaí sibhialta.

(5) I gcás ina bhfuil in ordú a rinneadh roimh dháta an Achta seo a rith faoi alt 12 den Acht Oifigeach Cúirte, 1945 , tagairt do thobhach faoi dheimhniú arna eisiúint faoi alt 485 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , forléireofar an tagairt sin mar thagairt a fholaíonn tagairt do thobhach faoi dheimhniú arna eisiúint faoin alt sin 485 arna leathnú leis an alt seo.

Achomhairc.

25. —(1) Duine ar bith darb éagóir cinneadh ó na Coimisinéirí Ioncaim maidir le—

(a) dliteanas i leith cánach faoi fho-alt (5) nó (6) d'alt 17,

(b) muirear cánach de réir rialachán, nó

(c) éileamh ar aisíoc cánach,

agus nach bhfuil foráil le haghaidh achomharc chun na gCoimisinéirí Ioncaim déanta ar shlí eile ina leith faoin Acht seo féadfaidh sé, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt do na Coimisinéiri Ioncaim laistigh de lá agus fiche tar éis an cinneadh a chur in iúl don duine darb éagóir é, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc.

(2) Maidir le forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann leis na nithe seo a leanas—

(a) amanna agus áiteanna a cheapadh le haghaidh éisteacht achomharc;

(b) fógra a thabhairt do gach duine, ag a mbeidh fógra achomhairc tugtha, i dtaobh an ama agus na háite atá ceaptha chun a achomharc a éisteacht;

(c) cinneadh achomhairc trí chomhaontú an t-achomharcóir agus cigire cánach nó oifigeach éigin eile arna cheapadh ag na Coimisinéirí Ioncaim chuige sin;

(d) cinneadh achomhairc tríd an achomharcóir do thabhairt fógra á rá nach bhfuil ar intinn aige dul ar aghaidh leis an achomharc;

(e) éisteacht agus cinneadh achomhairc ag na Coimisinéirí Achomhairc lena n-áirítear éisteacht agus cinneadh achomhairc ag aon Choimisinéir Achomhairc amháin;

(f) achomharc a chinneadh trí mhainneachtain nó diúltú ag duine ag a mbeidh fógra achomhairc tugtha láithriú os comhair na gCoimisinéirí Achomhairc ag an am agus san áit a ceapadh;

(g) fadú ar an am chun fógra achomhairc a thabhairt, agus athghlacadh achomharc ag na Coimisinéirí Achomhairc;

(h) athéisteacht achomhairc ag breitheamh den Chúirt Chuarda agus cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte ar phonc dlí;

(i) cáin a íoc de réir chinneadh na gCoimisinéirí Achomhairc d'ainneoin gur gá achomharc a athéisteacht ag breitheamh den Chúirt Chuarda nó gur gá go ndéanfaí cás le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte ar phonc dlí a shonrú nó go bhfuil sé ar feitheamh;

(j) cáin a íoc a gcomhaontaítear nach bhfuil sí faoi dhíospóid maidir le hachomharc; agus

(k) na nósanna imeachta i leith achomhairc,

beidh feidhm acu, maille le haon mhodhnuithe is gá, maidir le héileamh faoi alt 22 nó le hachomharc faoi alt 23 nó faoin alt seo ionann agus dá mba é a bhí san éileamh nó san achomharc achomharc i gcoinne measúnacht i leith cánach ioncaim.

Pionóis i gcoitinne.

1851, c. 93.

26. —(1) Duine ar bith nach ndéanann de réir alt 9 (2), 11 (7), 13, 16, 17, 18 nó 19 nó de réir aon fhoráil de rialacháin maidir le haon ábhar lena mbaineann na hailt sin roimhe seo dlífear fíneáil £20 a chur air, agus ina theannta sin, i gcás neamhchomhlíonadh leanúnaigh, a chóimhéid de phionós in aghaidh gach lae a leanfaidh an neamhchomhlíonadh.

(2) Duine nach duine cláraithe agus a dhéanfaidh, ar an lá sonraithe nó dá éis, sonrasc ina mbeidh méid cánach luaite a eisiúint ar shlí seachas faoi réim agus de réir alt 13, dlífear pionós £20 a chur air.

(3) I gcás inar comhlacht daoine duine a luaitear i bhfo-alt (1) nó (2), dlífear pionós ar leithligh de £20 a chur ar an rúnaí.

(4) Gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile féadfar imeachtaí a bhunú i leith pionós faoin alt seo agus iad a ghnóthú go hachomair mar a dhéanfaí in imeachtaí achomhaire le haghaidh gnóthú aon phionóis faoi aon Acht maidir leis an mál, agus d'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achomaire faoin alt seo a thionscnamh laistigh de thrí bliana ó dháta an phionóis a thabhú.

(5) Más rud é—

(a) nach gcomhlíonann duine alt 9 (2), 18 (2) nó 19 (3),

(b) gur gá comhlíonadh a dhéanamh laistigh de thréimhse shonrach, agus

(c) go leanann an duine, ar feadh tréimhse bhreise dhá lá nó níos mó, gan na sonraí nó an tuairisceán atá i gceist a thabhairt nó na doiciméid atá i gceist a thabhairt ar aird nó a cheadú iad a aistriú,

measfar, chun críocha fho-alt (1) an neamhchomhlíonadh a bheith ina neamhchomlíonadh a leanann gach lá, seachas an chéad lá, den tréimhse bhreise.

(6) In imeachtaí chun pionós a ghnóthú faoin alt seo—

(a) beidh deimhniú arna shíniú ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim á dheimhniú go ndearna sé na taifid iomchuí leis na Coimisinéirí Ioncaim a iniúchadh agus go ndealraíonn sé uathu nach ndearna an cosantóir, le linn tréimhse sonraithe, sonraí sonraithe nó tuairisceáin shonraithe a thabhairt ina fhianaise go dtí go gcruthófar a mhalairt nach ndearna an cosantóir, i gcaitheamh na tréimhse sin, na sonraí nó an tuairisceán a thabhairt,

(b) beidh deimhniú arna shíniú ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim á dheimhniú go ndearna sé na taifid iomchuí leis na Coimisinéirí Ioncaim a iniúchadh agus go ndealraíonn uathu go ndearnadh doiciméad sonraithe a chur go cuí go dtí an cosantóir lá sonraithe, ina fhianaise go dtí go gcruthófar a mhalairt, go bhfuair an duine sin an doiciméad sin sa ghnáthchúrsa,

(c) beidh deimhniú arna shíniú ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim á dheimhniú go ndearna sé taifid iomchuí na gCoimisinéirí Ioncaim a iniúchadh agus go ndealraíonn sé uathu nach ndearna siad fógra sonraithe a eisiúint chun an chosantóra, ina fhianaise go dtí go gcruthófar a mhalairt, nach bhfuair an cosantóir an fógra atá i gceist,

(d) féadfar deimhniú á dheimhniú mar a fhoráiltear i mír (a), (b) nó (c) agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim, a thairiscint i bhfianaise gan cruthúnas agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go mbeidh sé sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim.

(7) Faoi réir an ailt seo beidh feidhm maidir le himeachtaí de bhun an ailt seo ag na rialacha den chúirt lena mbainfidh agus is infheidhme de thuras na huaire i gcás imeachtaí sibhialta.

Tuairisceáin chalaoiseacha, etc.

27. —(1) Má dhéanann duine, go calaoiseach nó go faillíoch, chun críocha an Achta seo nó rialachán, aon tuairisceán, sonrasc, nóta sochair, nóta dochair, admháil, cuntas, dearbhán, ráiteas bainc, meastachán, ráiteas, faisnéis, leabhar, doiciméad, taifead nó dearbhú, atá neamhcheart, a thabhairt ar aird, a chur ar fáil, a thabhairt, a sheoladh nó a úsáid ar shlí eile, ansin, faoi réir fho-alt (2), is dlite go gcuirfear air mar phionós—

(a) £100, agus

(b) méid na difríochta nó, i gcás calaoise, dhá oiread na difríochta idir an méid cánach a d'íoc an duine sin i leith na tréimhse atá i gceist agus an méid cánach ab iníoctha aige go cuí dá mba rud é gurbh é an ceart a bhí sa tuairisceán, sa sonrasc, sa nóta sochair, sa nóta dochair, san admháil, sa chuntas, sa dearbhán, sa ráiteas bainc, sa mheastachán, sa ráiteas, san fhaisnéis, sa leabhar, sa doiciméad, sa taifead nó sa dearbhú sin.

(2) I gcás inar comhlacht daoine duine a luaitear san fho-alt sin roimhe seo—

(a) déanfar an tagairt i mír (a) den fho-alt sin do £100 a fhorléiriú mar thagairt do £500, nó, i gcás calaoise, £1,000, agus

(b) dlífear pionós ar leithligh £100 nó, i gcás calaoise, £200 a chur ar an rúnaí.

(3) I gcás aon tuairisceán, sonrasc, nóta sochair, nóta dochair admháil, cuntas, dearbhán, ráiteas bainc, meastachán, ráiteas, faisnéis, leabhar, doiciméad, taifead nó dearbhú den sort a luaitear i bhfo-alt (1) a bheith déanta nó curtha faoi bhráid ag duine, agus nach go calaoiseach ná go faillíoch a rinne sé sin agus go dtiocfaidh sé faoina umhail (nó, má bhíonn sé tar éis bháis, faoi umhail a ionadaí phearsanta) go raibh sé neamhcheart, ansin, mura leigheasfar an dearmad gan mhoill mhíréasúnach, déanfar, chun críocha an ailt seo, an tuairisceán, an sonrasc, an nóta sochair, an nóta dochair, an admháil, an cuntas, an dearbhán, an ráiteas bainc, an meastachán, an ráiteas, an fhaisnéis, an leabhar, an doiciméad, an taifead nó an dearbhú a áireamh mar ní a rinne sé nó a chuir sé faoi bhráid go calaoiseach.

(4) Má dhéanann duine, i gcás ina dtugann sé le fios gur duine cláraithe é nó gur monaróir ar earraí áirithe é nó go n-úsáideann sé uimhir chláraithe arna leithroinnt faoi alt 9, é a thabhairt go mícheart go n-allmhaireofar earraí gan cáin a íoc in imthosca inarb inmhuirir cáin, dlífear pionós £500 a chur air, agus, ina theannta sin, dlífidh sé méid aon chánach ba chóir a íoc ar an allmhairiú a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim.

(5) Duine ar bith a dhéanann go calaoiseach nó go faillíoch—

(a) sonrasc a eisiúint ina mbeidh méid cánach sonraithe, in imthosca den sórt nach mar a chéile an méid a dúradh agus an méid cánach a thagann chun bheith dlite de i leith an idirbhirt lena mbaineann an sonrasc, nó

(b) nóta sochair a eisiúint ag taispeáint méid cánach seachas é sin is inchurtha go cuí i leith an idirbhirt lena mbaineann an nóta sochair,

dlífear pionós £100 a chur air i dteannta a dhliteanais faoi alt 17 (5) i leith aon sonrasc nó nóta sochair den sórt sin a eisiúint.

(6) D'ainneoin aon ní in alt 30, ní bheidh imeachtaí le haghaidh gnóthú aon phionós faoin alt seo as am de bhíthin iad a thosú tar éis an ama a lamháiltear leis an alt sin 30.

(7) Chun críocha an ailt seo, aon tuairisceán, sonrasc, nóta sochair, nóta dochair, admháil, cuntas, dearbhán, ráiteas bainc, meastachán, ráiteas, faisnéis, leabhar, doiciméad, taifead nó dearbhú a cuireadh faoi bhráid thar ceann duine measfar gurbh é an duine sin a chuir faoi bhráid é mura gcruthóidh sé gur gan toiliú uaidh nó i gan fhios dó a cuireadh faoi bhráid é.

(8) Aon tagairt sna fo-ailt roimhe seo do mhéid cánach folaíonn sé tagairt d'ús is iníoctha sa chás atá i gceist faoi alt 21.

Cabhrú le tuairisceáin neamhchearta a dhéanamh, etc.

28. —Aon duine a chabhraíonn nó a aslaíonn, chun críocha cánach, le haon tuairisceán, sonrasc, nóta sochair, nóta dochair, admháil, cuntas, dearbhán, ráiteas bainc, meastachán, ráiteas, faisnéis, leabhar, doiciméad, taifead nó dearbhú a dhéanamh nó a sheachadadh is eol dó a bheith neamhcheart dlífear pionós £500 a chur air.

Imeachtaí san Ard-Chúirt i leith pionós.

1924, Uimh. 10 .

29. —(1) Gan dochar d'aon mhodh eile chun pionós faoin Acht seo a ghnóthú, féadfaidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim, a bheidh údaraithe acu chun críocha an fho-ailt seo, agra a dhéanamh ina ainm féin trí imeachtaí sibhialta chun an pionós a ghnóthú san Ard-Chúirt mar shuim leachtaithe agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha alt 94 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 .

(2) I gcás oifigeach atá tar éis imeachtaí a thosú de bhun an ailt seo nó atá tar éis leanúint de na himeachtaí de bhua an fho-ailt seo, d'fháil bháis nó do scor ar shlí eile mar gheall ar aon chúis de bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha fho-alt (1) den alt seo—

(a) scoirfidh ceart an oifigigh sin chun leanúint de na himeachtaí agus dílseoidh an ceart chun leanúint díobh do cibé oifigeach eile arna údarú amhlaidh a bheidh ainmnithe ag na Coimisinéirí Ioncaim,

(b) i gcás an t-oifigeach eile sin a ainmniú faoi mhír (a) den fho-alt seo, beidh teideal aige dá réir sin ionad a ghabháil mar pháirtí sna himeachtaí in áit an oifigigh chéadluaite, agus

(c) i gcás oifigeach do ghabháil ionaid amhlaidh, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don chosantóir i dtaobh é do ghabháil ionad.

(3) In imeachtaí de bhun an ailt seo, beidh deimhniú arna shíniú ag Coimisinéir Ioncaim ag deimhniú na bhfíoras seo a leanas, eadhon, gur oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim duine agus go bhfuil sé údaraithe acu chun críocha fho-alt (1), ina fhianaise ar na fíorais sin go dtí go gcruthófar a mhalairt.

(4) In imeachtaí de bhun an ailt seo, beidh deimhniú arna shíniú ag Coimisinéir Ioncaim ag deimhniú na bhfíoras seo a leanas, eadhon, go bhfuil an gearánaí tar éis scor de bheith ina oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim atá údaraithe acu chun críocha fho-alt (1), go bhfuil duine eile ina oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim, go bhfuil an duine eile sin údaraithe acu chun críocha fho-alt (1) agus go bhfuil sé ainmnithe acu i ndáil leis na himeachtaí chun críocha fho-alt (2), ina fhianaise ar na fíorais sin go dtí go gcruthófar a mhalairt.

(5) In imeachtaí de bhun an ailt seo, féadfar deimhniú ag deimhniú na bhfioras dá dtagraítear i bhfo-alt (3) nó (4) agus a airbheartaíonn a bheith sínithe ag Coimisinéir Ioncaim a thairiscint i bhfianaise gan cruthúnas, agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur síníodh amhlaidh é.

(6) Faoi réir an ailt seo, beidh feidhm maidir le himeachtaí de bhun an ailt seo ag na rialacha den Ard-Chúirt is infheidhme de thuras na huaire i gcás imeachtaí sibhialta.

Teorainneacha ama.

30. —(1) Faoi réir fho-alt (3) agus alt 26 (4) agus 27 (6), féadfar imeachtaí le haghaidh gnóthú aon phionóis faoin Acht seo a thosú tráth ar bith laistigh de shé bliana díreach i ndiaidh an dáta a tabhaíodh é.

(2) I gcás duine a thabhaigh aon phionós a bheith tar éis bháis, ansin, aon imeachtaí faoin Acht seo a tosaíodh nó a d'fhéadfaí a thosú ina choinne féadfar leanúint díobh nó féadfar iad a thosú i gcoinne a ionadaí pearsanta agus beidh aon phionós a dámhadh in imeachtaí ar leanadh díobh nó a tosaíodh amhlaidh ina fhiach a bheidh dlite dá eastát agus iníoctha as.

(3) Imeachtaí a tosaíodh de bhua fho-alt (2) féadfar tús a chur leo tráth ar bith nach déanaí ná trí bliana tar éis bheith caite don bhliain ina bhfuair an duine éagtha bás más rud é gur sa bhliain sin a rinneadh probháid nó litreacha riaracháin a dheonú agus tráth ar bith nach déanaí ná dhá bhliain tar éis bheith caite don bhliain ina ndearnadh an deonú sin in aon chás eile, ach beidh éifeacht ag na forálacha roimhe seo den fho-alt seo faoi réir an choinníll, i gcás an t-ionadaí pearsanta do thaisceadh mionnscríbhinn ceartúcháin chun dleacht eastáit a mheasúnú tar éis na bliana ina bhfuair an duine éagtha bás, go bhféadfar na himeachtaí a thosú tráth ar bith roimh bheith caite don dá bhliain díreach tar éis deireadh na bliana inar taisceadh an mhionnscríbhinn cheartúcháin.

(4) (a) Féadfar meastachán cánach faoi alt 22 nó 23 a dhéanamh tráth ar bith nach déanaí ná deich mbliana tar éis deireadh na tréimhse inchánach lena mbaineann an meastachán nó, más é atá sa tréimhse ar ina leith a dhéantar an meastachán dhá thréimhse inchánach nó níos mó, tar éis deireadh na tréimhse inchánach is túisce dá n-áirítear sa tréimhse sin:

Ar choinníoll, i gcás ina ndearna duine, nó ina ndearnadh thar a cheann, aon sórt calaoise nó mainneachtana i leith nó i dtaobh cánach, go bhféadfar meastachán mar a dúradh a dhéanamh tráth ar bith i leith aon tréimhse a mbeadh, mar gheall ar an gcalaois nó ar an mainneachtain, cáin á cailliúint ag an Státchiste mura mbeadh sin.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “mainneachtain” faillí nó loiceadh aon fhógra a thabhairt, sonraí a thabhairt, aon tuairisceán a dhéanamh nó aon sonrasc, nóta sochair, nóta dochair, admháil, cuntas, dearbhán, ráiteas bainc, meastachán, ráiteas, faisnéis, leabhar, doiciméad, taifead nó dearbhú a thabhairt ar aird is gá a thabhairt, nó a chur ar fáil nó a dhéanamh nó a thabhairt ar aird leis an Acht seo nó faoi nó le rialacháin nó fúthu :

Ar choinníoll nach measfar duine do loiceadh aon ní a dhéanamh ba ghá a dhéanamh laistigh d'am áirithe má rinne sé é laistigh de cibé am breise, más ann, a lamháil na Coimisinéirí Ioncaim : agus i gcás ina raibh leithscéal réasúnach ag duine i dtaobh gan aon rud a dhéanamh ba ghá a dhéanamh, measfar nár loic sé ina dhéanamh má rinne sé é gan mhoill mhíréasúnach tar éis deiridh a bheith leis an leithscéal.

(5) (a) I gcás duine d'fháil bháis, féadfar meastachán cánach faoi alt 22 nó 23 (cibé acu é) a dhéanamh ar a ionadaí pearsanta i leith aon tréimhse a bhféadfaí meastachán den sórt sin a dhéanamh ina leith air díreach roimh a bhás nó a bhféadfaí a dhéanamh air dá mbeadh sé beo, i leith cáin a thainig chun bheith dlite den duine sin roimh a bhás, agus beidh méid na cánach inghnóthaithe faoi aon mheastachán den sórt sin ina fhiach a bheidh dlite ar eastát an duine sin agus iníoctha as.

(b) Ní dhéanfar aon mheastachán cánach de bhua an fho-ailt seo tráth is déanaí ná trí bliana tar éis bheith caite don bhliain ina bhfuair an duine éagtha bás i gcás ina ndearnadh deonú na probháide nó na litreacha riaracháin an bhliain sin agus ní dhéanfar aon mheastachán den sórt sin tráth is déanaí ná dhá bhliain tar éis bheith caite don bhliain ina ndearnadh an deonú sin in aon chás eile, ach beidh éifeacht ag na forálacha roimhe seo den mhír seo faoi réir an choinníll, i gcás an t-ionadaí pearsanta do thaisceadh mionnscríbhinn cheartúcháin chun dleacht eastáit a mheasúnú tar éis na bliana ina bhfuair an duine éagtha bás, go bhféadfar an meastachán sin a dhéanamh tráth ar bith roimh bheith caite don dá bhliain díreach tar éis deireadh na bliana inar taisceadh an mhionnscríbhinn cheartúcháin.

Feidhm ag alt 512 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

31. —Beidh feidhm ag forálacha alt 512 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le haon phionós a thabhófar faoin Acht seo.

Rialacháin.

32. —(1) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé rialacháin is dóigh leo is gá chun éifeacht a thabhairt don Acht seo agus chun a chumasú dóibh a bhfeidhmeanna faoin Acht seo a chur i gcrích agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, féadfaidh na rialacháin foráil a dhéanamh maidir le gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas—

(a) an tslí ina bhféadfar díolúine maidir le seirbhísí áirithe a tharscaoileadh faoi alt 7 agus aon tarscaoileadh den sórt sin a chealú, agus na coigeartuithe, lena n-áirítear muirear cánach, a fhéadfar a dhéanamh mar choinníoll le haon cheadú den sórt sin;

(b) déanamh seirbhíse ag duine chun críche gníomhaíochta gnó dá mbíonn sé ag gabháil a áireamh faoi alt 5(2) mar dhéanamh na seirbhíse sin i gcúrsa gnó;

(c) na sonraí atá ag teastáil le haghaidh cláraithe agus an tslí ina bhféadfar clárú a dhéanamh agus a chealú;

(d) an tslí ina bhféadfaidh duine a ghlacadh de rogha bheith ina dhuine cuntasach agus ina bhféadfar aon rogha den sórt sin a chealú, duine cuntasach a áireamh mar dhuine nach bhfuil cuntasach, agus na coigeartuithe, lena n-áirítear muirear cánach, a fhéadfar a dhéanamh mar choinníoll le haon chealú nó áireamh den sórt sin;

(e) an tslí ina bhféadfar aon mhéid áirithe a chionroinnt;

(f) cuid den chomaoin is iníoctha le feirmeoirí agus iascairí áirithe i leith earraí arna seachadadh agus seirbhísí arna ndéanamh acu a áireamh mar cháin a fhéadfar a asbhaint faoi alt 12 agus an méid cánach is iníoctha á ríomh:

(g) iomlán an airgid a fuair duine iarbhír i leith earraí a sheachadadh nó seirbhísí a dhéanamh a áireamh mar iomlán na comaoine atá sé i dteideal a fháil maidir leis an seachadadh nó an déanamh sin agus na coigeartuithe, lena n-áirítear muirear cánach, a fhéadfar a dhéanamh nuair a thagann duine chun bheith faoi dhliteanas maidir le cuntas i leith cánach ar fhoras airgid a bheidh faighte nó, tar éis é bheith faoi dhliteanas amhlaidh, a scoirfidh de bheith faoi dhliteanas amhlaidh nó a scoirfidh de bheith ina dhuine cuntasach;

(h) daoine cuntasacha do choimeád taifead agus coinneáil na dtaifead sin agus doiciméad tacaíochta;

(i) foirm an tsonraisc, an nóta sochair, an nóta dochair agus an dearbháin socraíochta is gá a úsáid chun críocha an Achta seo, na sonraí is gá a chur isteach sna doiciméid sin agus an tréimhse ar laistigh di is gá na doiciméid sin a eisiúint;

(j) tuairisceáin a thabhairt agus na sonraí a bheidh le taispeáint orthu sin;

(k) na Coimisinéirí Ioncaim d'ainmniú oifigeach chun aon ghníomhartha a dhéanamh agus aon fheidhmeanna a chomhlíonadh a údaraíonn an tAcht seo do na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanamh nó a chomhlíonadh;

(l) an tslí ina mbeidh cáin le gnóthú i gcásanna ina mainneofar í a íoc;

(m) aisíoc cánach de bhreis ar an méid is gá le dlí a iompar, nó a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim;

(n) cibé eolas a nochtadh do na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh ag teastáil uathu chun dliteanas i leith cánach a fhionnadh;

(o) méideanna beaga cánach agus úis a loghadh de rogha na gCoimisinéirí Ioncaim;

(p) ábhair a leanfaidh as bás duine chláraithe nó as é do theacht faoi aon éagumas;

(q) fógraí a sheirbheáil;

(r) glacadh le meastacháin (cibé a bheidh siad faoi réir a n-athbhreithnithe ina dhiaidh sin nó nach mbeidh) ar an méid cánach is iníoctha nó ar aon mhéideanna a bhaineann leis an gcáin sin;

(s) coigeartú ar dhliteanas duine chuntasaigh a sheachadann earraí nó a dhéanann seirbhísí agus ar dhliteanas duine chuntasaigh a ndéantar earraí a sheachadadh dó nó seirbhísí a dhéanamh dó i gcás ina gcuirtear earraí ar ais, ina laghdaítear an chomaoin, ina dtabhaítear drochfhiach nó ina lamháiltear lascaine;

(t) leasanna in earraí do-chorraithe nó orthu a luacháil;

(u) cáin a bheidh dlite in aghaidh tréimhse inchánach nó tréimhse eile a mheas;

(v) an faoiseamh i leith stoc trádála atá ar láimh an lá sonraithe;

(w) an faoiseamh i gcás déileálaí beostoic ó chuntasacht i leith cánach ar é do sheachadadh aon earraí den sórt sin agus déileálaí den sórt sin a áireamh mar dhuine ar gá dó faoi alt 13 sonrasc a eisiúint i leith é do sheachadadh aon earraí den sórt sin; díolachán beostoic ar ceant ag ceantálaí (lena n-áirítear margalann beostoic) a áireamh mar sheachadadh na n-earraí sin ag duine ar gá dó faoi alt 13 sonrasc a eisiúint i leith seachadadh na n-earraí sin;

(x) an cionroinnt a dhéanamh idir cáin a fhéadfar a asbhaint faoi alt 12 agus cáin nach bhféadfar a asbhaint faoin alt sin, aon chionroinnt den sórt sin a bheidh déanta roimhe sin a athbhreithniú faoi threoir na n-imthosca a bheidh ar marthain in aon tréimhse nach mó ná bliain, cáin a mhuirearú nó a aisíoc de dhroim aon athbhreithnithe den sórt sin agus duine cuntasach do thabhairt sonraí do na Coimisinéirí Ioncaim chun críche aon athbhreithnithe den sórt sin;

(y) na sonraí a bheidh le tabhairt ag duine, agus an tslí ina dtabharfaidh sé fógra, do na Coimisinéirí Ioncaim, is duine a bhfuil sé ar intinn aige rince a sheoladh, agus an tslí ina dtabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra do dhílséanach aon áitribh maidir le rincí a bheartófar a sheoladh in áitreabh den sórt sin.

(2) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo forálacha éagsúla a dhéanamh maidir le cásanna éagsúla agus go háirithe foráil a déanamh i leith idirdhealú idir aicmí éagsúla daoine lena mbainfidh an tAcht seo agus i leith glacadh le nósanna imeachta éagsúla i gcás aon aicmí éagsúla den sórt sin.

(3) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den lá agus fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

An t-oifigeach atá freagrach i gcás comhlacht daoine.

33. —(1) Beidh an rúnaí nó an t-oifigeach eile a bheidh ag gníomhú mar rúnaí de thuras na huaire d'aon chomhlacht daoine freagrach i dteannta an chomhlachta i leith déanamh na ngníomhartha sin uile is gá a dhéanamh ag an gcomhlacht faoi aon cheann de na forálacha a bhaineann le cáin.

(2) Féadfaidh gach oifigeach den sórt sin a dúradh an oiread sin d'aon airgead a thiocfaidh ina láimh thar ceann an chomhlachta a choinneáil agus is leor chun an cháin a íoc a bheidh dlite den chomhlacht agus slánófar é i leith gach íocaíocht den sórt sin a dhéanfar de bhun an ailt seo.

(3) Aon fhógra is gá a thabhairt do chomhlacht daoine faoi aon cheann de na forálacha maidir le cáin féadfar é a thabhairt don rúnaí nó don oifigeach eile a bheidh ag gníomhú mar rúnaí de thuras na huaire don chomhlacht sin.

(4) San alt seo ciallaíonn “na forálacha maidir le cáin”—

(a) forálacha an Achta seo agus rialacháin, agus

(b) na forálacha maidir le cáin in aon Acht ina dhiaidh seo.

Faoiseamh i leith stoc trádála a bheidh ar láimh an lá sonraithe.

1966, Uimh. 22 .

34. —(1) Nuair a bheidh méid na cánach á ríomh is iníoctha ag duine cuntasach féadfar, faoi réir fho-ailt (3) agus (4) agus i dteannta na n-asbhaintí a údaraítear le halt 12, na méideanna seo a leanas a asbhaint ar cuntas stoc trádála a seachadadh dó, agus nach mbeidh seachadta aige, roimh an lá sonraithe agus a bheidh ar seilbh aige i dtosach an lae sin, nó a corpraíodh i stoc trádála eile a bhí ar seilbh aige ag an tosach sin, is é sin le rá:

(a) i gcás gan an duine cuntasach a bheith cláraithe díreach roimh an lá sonraithe i leith cánach láimhdeachais faoi fhorálacha alt 49 don Acht Airgeadais, 1963 , nó gan é a bheith ceangailte air faoi fhorálacha an ailt sin na sonraí a shonraítear le haghaidh cláraithe a thabhairt, agus i gcás gan é a bheith cláraithe i leith cánach mórdhíola faoi fhorálacha alt 4 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1966 , nó gan é a bheith ceangailte air faoi fhorálacha an ailt sin na sonraí a shonraítear le haghaidh cláraithe a thabhairt, méid is comhionann le suim na méideanna a bheadh dlite air a íoc ar cuntas cánach láimhdeachais agus cánach mórdhíola dá mba rud é,

(i) go raibh sé cuntasach i leith gach cánach acu sin,

(ii) go ndearna sé an lá direach roimh an lá sonraithe iomlán a chuid stoic trádála mar a duradh a dhíol i gcúrsa gnó le duine a raibh na gníomhaíochtaí céanna á seoladh aige agus bhí aige féin agus nach raibh raiteas i scríbhinn tugtha aige dó, de réir alt 50 den Acht Airgeadais, 1963 , ag insint uimhir chláraitheachta cúnach láimhdeachais an duine nó nach raibh ráiteas i scribhinn tugtha aige dó, de réir alt 5 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1966 , ag insint uimhir chláraitheachta cánach mórdhíola an duine, agus

(iii) go bhfuair sé an lá sin díreach roimh an lá sonraithe ón duine a luaitear i bhfo-mhír (ii) íocaíocht as an stoc trádála a measadh a bheith díolta amhlaidh de mhéid is comhionann le costas an stoic sin ar an duine cuntasach nó lena mhargadh-luach, cibé acu is ísle, agus

(b) i gcás an duine cuntasach a bheith cláraithe díreach roimh an lá sonraithe i leith cánach láimhdeachais faoi fhorálacha alt 49 den Acht Airgeadais, 1963 , nó é a bheith ceangailte air faoi fhorálacha an ailt sin na sonraí a shonraítear le haghaidh cláraithe a thabhairt, ach gan é a bheith cláraithe i leith cánach mórdhíola faoi fhorálacha alt 4 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1966 , nó gan é a bheith ceangailte air faoi fhorálacha an ailt sin na sonraí a shonraítear le haghaidh cláraithe a thabhairt, méid is comhionann le méid na cánach mórdhíola a bheadh dlite air a íoc dá mba rud é,

(i) go mba duine cuntasach é chun críocha cánach mórdhíola,

(ii) go ndearna sé an lá díreach roimh an lá sonraithe iomlán a chuid stoic trádála mar a dúradh a dhíol i gcúrsa gnó le duine a raibh na gníomhaíochtaí céanna á seoladh aige agus a bhí aige féin agus a raibh ráiteas i scríbhinn tugtha aige dó de réir alt 50 den Acht Airgeadais, 1963 , ag insint uimhir chláraitheachta an duine ach nach raibh ráiteas i scríbhinn tugtha aige dó, de réir alt 5 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1966 , ag insint uimhir chláraitheachta cánach lámhdeachais an duine sin, agus

(iii) go bhfuair sé an lá sin díreach roimh an lá sonraithe ón duine a luaitear i bhfo-mhír (ii) íocaíocht as an stoc trádála a measadh a bheith díolta amhlaidh de mhéid is comhionann le costas an stoic sin ar an duine cuntasach nó lena mhargadh-luach, cibé acu is ísle.

(2) Más rud é, maidir le duine cuntasach—

(a) nach duine é den sórt a luaitear i mír (a) nó (b) d'fho-alt (1) ach gur dhuine den sórt sin é tráth ar bith i rith na bliana dar chríoch an lá díreach roimh an lá sonraithe, nó

(b) gur duine é den sórt a luaitear i mír (a) nó (b) d'fho-alt (1) agus gur dhuine den sórt sin é i rith cuid den bhliain dar chríoch an lá díreach roimh an lá sonraithe ach nár dhuine den sórt sin é i rith coda eile den bhliain sin,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé asbhaint a lamháil nó cibé teorannú a dhéanamh ar an asbhaint ab inlamhála mura mbeadh sin a mheasfaidh siad a bheith cóir réasúnach ag féachaint don chineál gnó a bheidh á sheoladh, an tréimhse le linn na bliana dar chríoch an lá díreach roimh an lá sonraithe a raibh an gnó á sheoladh ar a feadh agus an tréimhse le linn na bliana a dúradh a raibh an duine ina dhuine den sórt a luaitear sa mhír (a) nó (b) d'fho-alt (1) a dúradh.

(3) Déanfar éileamh ar asbhaint faoin alt seo de réir rialachán agus an méid a údarófar a asbhaint féadfar é a asbhaint ina thráthchodanna comhionanna agus méid na cánach á ríomh is iníoctha i leith gach tréimhse de na tréimhsí inchánach dar tosach an chéad lá den chéad agus den dara tréimhse inchánach a thiocfaidh díreach i ndiaidh na tréimhse ina mbeidh an lá sonraithe.

(4) Ní dheonófar aon asbhaint faoin alt seo i leith aon mhéid is inchurtha i leith cánach láimhdeachais nó cánach mórdhíola ar earraí do-chorraithe nach bhfuil, de bhua alt 4 (6), cáin inmhuirir ar a seachadadh nó is incurtha i leith cánach mórdhíola ar nuachtáin nó tréimhseacháin, earraí réohaite nó aon earraí de chineál a shonraítear sa Cheathrú Sceideal.

(5) San alt seo—

ciallaíonn “stoc trádála” maidir le haon duine, earraí arb é atá iontu—

(a) earraí so-chorraithe de chineál a sheachadann an duine i ngnáthchúrsa a ghnó agus atá iarbhír ar seilbh lena seachadadh nó a bheadh ar seilbh amhlaidh dá mbeidís aibí nó dá mbeadh a monarú, a n-ullmhú nó a ndéanamh iomlán, nó

(b) ábhair a corpraíodh in earraí do-chorraithe de chineál a sheachadann an duine i ngnáthchúrsa a ghnó agus nár sheachaid sé ó rinneadh forbairt ar na hearraí, ach atá iarbhír ar seilbh lena seachadadh nó a bheadh ar seilbh amhlaidh dá mbeadh a bhforbairt iomlán, nó

(c) ábhair inchaite arna gcorprú in earraí do-chorraithe ag an duine i gcúrsa gnó arb é atá ann seirbhís a thabhairt ag déanamh, ag deisiú, ag péinteáil nó ag maisiú earraí dochorraithe i gcás nach mbeidh an tseirbhís sin críochnaithe, nó

(d) ábhair nár corpraíodh in earraí agus ar de chineál iad a bhíonn á n-úsáid ag an duine ag monarú nó ag déanamh earraí de chineál a bhíonn á seachadadh ag an duine i ngnáthchúrsa a ghnó nó, más é a ghnáth-ghnó earraí do-chorraithe a dheisiú, a phéinteáil nó a mhaisiú, a bhíonn á n-úsáid aige mar ábhair inchaite i gcúrsa an ghnó sin;

ábhair dá dtagraítear i mír (b) den mhíniú ar “stoc trádála” measfar, chun críocha fho-alt (1), go ndearnadh iad a sheachadadh go feadh an mhéid chéanna agus a fhéadfar a mheas gur seachadadh na hearraí do-chorraithe a ndearnadh iad a chorprú isteach iontu;

ábhair dá dtagraítear i mír (c) den mhíniú ar “stoc trádála” measfar go ndearnadh iad a sheachadadh go feadh an mhéid a rinneadh an tseirbhís ar maidir léi a úsáideadh iad;

ciallaíonn “costas”, maidir le stoc trádála, iomlán an airgid is iníoctha ag an duine i leith an stoc a sheachadadh, lena n-áirítear aon bhreis i leith cánach láimhdeachais nó cánach mórdhíola, ach gan áireamh a dhéanamh ar aon lascaine nó liúntais a asbhaineadh nó is inasbhainte ar íoc as an stoc.

Forálacha speisialta i leith comaoin a choigeartú agus a ghnóthú.

1968, Uimh. 37.

1969, Uimh. 21.

1970, Uimh. 14.

1970, Uimh. 21.

35. —(1) (a) D'ainneoin na bhforálacha maidir le cáin láimhdeachais agus cáin mhórdhíola a aisghairm leis an Acht seo, aon suimeanna a bheidh dlite mar gheall ar cháin láimhdeachais nó cáin mhórdhíola faoi chonradh a bheidh déanta roimh an lá sonraithe, mar aon le haon suimeanna breise a d'fhéadfadh a bheith inghnóthaithe de bhua forálacha alt 9 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1966 , alt 7 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1968 , alt 58 den Acht Airgeadais, 1969 , alt 51 den Acht Airgeadais, 1970 , nó alt 4 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1970 , beidh siad, cheal comhaontú dá mhalairt, ach faoi réir fho-alt (2), inghnóthaithe ionann agus dá mba nár aisghaireadh na forálacha sin maidir le cáin láimhdeachais agus cáin mhórdhíola.

(b)  (i) Faoi réir fhomhír (ii), má tharlaíonn, faoi chomhaontú a bheidh déanta roimh an lá sonraithe, go seachadfaidh duine cuntasach earraí nó go ndéanfaidh sé seirbhísí an lá sin nó dá éis in imthosca a thabharfaidh gurb inmhuirir cáin, déanfar, cheal aon chomhaontú dá mhalairt, an chomaoin dá bhforáiltear faoin gcomhaontú a choigeartú tríd an méid, más ann, a áiríodh ann mar gheall ar cháin láimhdeachais nó cáin mhórdhíola nó an dá cháin sin, de réir mar a bheidh, a fhágáil as agus méid is comhionann le méid na cánach is inmhuirir amhlaidh a áireamh ann, agus measfar gurb í an chomaoin arna coigeartú amhlaidh an chomaoin dá bhforáiltear faoin gcomhaontú.

(ii) Cheal comhaontú dá mhalairt, an chomaoin dá bhforáiltear faoi chomhaontú i leith earraí dochorraithe a sheachadadh nó seirbhís a dhéanamh arb é atá ann forbairt arna dhéanamh roimh an lá sonraithe measfar, chun críocha na míre seo, go mbeidh ar áireamh ann méid cánach láimhdeachais agus cánach mórdhíola le chéile is comhionann leis an méid cánach is inmhuirir i leith an idirbhirt.

(c) Más rud é, faoi chomhaontú a dhéanfar roimh an lá sonraithe go seachadfaidh duine, seachas duine cuntasach, earraí, nó go ndéanfaidh sé seirbhísí, an lá sin nó dá éis do dhuine eile (dá ngairtear an ceannaitheoir sa mhír seo) in imthosca a thabharfaidh go bhfuil an ceannaitheoir, nó a thabharfadh go mbeadh sé dá mba dhuine cuntasach é, i dteideal faoi alt 13 cibé méid den chomaoin i leith an tseachadta nó an déanta sin a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt sin 13 a áireamh mar cháin is inasbhainte faoi alt 12, ansin, cheal comhaontú dá mhalairt, cuirfear an méid sin de mhéadú leis an gcomaoin dá bhforáiltear faoin gcomhaontú.

(2) Más rud é, maidir le seachadadh earraí nó déanamh seirbhísí ag duine cuntasach, go n-eisíonn an duine sonrasc ina mbeidh lua ar leithligh ar an gcáin is inmhuirir i leith an idirbhirt, ansin, d'fhonn an cháin sin a ghnóthú, measfar an cháin a bheidh luaite amhlaidh a bheith ina cuid den chomaoin i leith an idirbhirt agus beidh sí inghnóthaithe dá réir sin ag an duine:

Ar choinníoll, más de bhun alt 17 (1) a eisítear an sonrasc, nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo mura mbeidh sé san fhoirm agus mura mbeidh na sonraí ann a shonraítear le rialacháin.

Forálacha speisialta i gcás seachadadh roimh an lá sonraithe.

36. —D'ainneoin aon ní san Acht seo, más rud é, maidir le hearraí d'aon sórt a mbeadh an chomaoin i leith a seachadta inmhuirir de réir ráta áirithe dá mba ar an lá sonraithe nó dá éis a sheachadfaí iad, gur mó de bhreis agus 10 faoin gcéad an chomaoin iomlán i leith seachadadh a rinneadh i gcaitheamh na tréimhse trí mhí dar críoch an lá díreach roimh an lá sonraithe, ag duine seachas duine a údaraítear faoi alt 14 cuntas a thabhairt maidir le cáin i leith na tréimhse inchánach dar tosach an lá sonraithe ar fhoras airgead a fuarthas iarbhír, ná an t-airgead a fuarthas i gcaitheamh na tréimhse sin i leith díol earraí den chineál sin, ansin, mura n-ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim a mhalairt, measfar, chun críocha an Achta seo, gurb í an bhreis an chomaoin i leith seachadadh earraí den chineál sin agus measfar, chun na gcríocha sin, gur ar an lá sonraithe a rinneadh an seachadadh.

Gníomhaire, etc., do ghabháil ionad duine nach gcónaíonn sa Stát.

37. —I gcás gan cónaí sa Stát a bheith ar dhuine atá cuntasach i leith aon chánach nó a bhforchuirtear aon dualgais air leis an Acht seo nó le rialacháin, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, trí fhógra i scríbhinn arna sheirbheáil ar aon ghníomhaire, bainisteoir nó factóir, a chónaíonn sa Stát agus a ghníomhaigh thar ceann an duine sin sna hábhair ar faoina dtreoir atá an duine sin cuntasach nó a fhorchuirtear na dualgais, a ordú go ngabhfaidh sé ionad an duine sin mar an duine atá cuntasach i leith aon chánach den sórt sin a bheidh dlite i leith idirbheartanna a rinneadh tar éis dáta seirbheála an fhógra nó go mbeidh sé faoi oibleagáid aon dualgais den sórt sin a chomhlíonadh a tharlóidh tar éis an dáta sin agus, ar an ordú sin a bheith seirbheáilte, gabhfaidh sé ionad an duine sin dá réir sin, agus beidh sé faoi réir an phionóis chéanna ionann agus dá mba é an duine é atá cuntasach i leith na cánach nó ar ar forchuireadh na dualgais.

Achtanna áirithe a leathnú.

1927, Uimh. 7 .

1957, Uimh. 7 .

1890, c. 21.

1891, c. 39.

38. —(1) Leasaítear leis seo alt 1 den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 , trí “agus cáin bhreisluacha” a chur isteach roimh “ach ní fholuíonn sé aon ná cháin ná diúite eile”.

(2) Leasaítear leis seo alt 1 den Acht d'Fhorchur Dleacht, 1957 , trí “nó cáin bhreisluacha” a chur isteach i mír (gg) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1963 ) i ndiaidh “cáin láimhdeachais”, ach ní dhéanfar aon ordú faoin Acht sin d'fhonn méadú a thabhairt ar aon cheann de na rátaí cánach nó leathnú a thabhairt ar na haicmí gníomhaíochtaí nó earraí a bhfuil cáin inmhuirir ina leith de thuras na huaire.

(3) Leasaítear leis seo alt 39 den Inland Revenue Regulation Act, 1890, trí “value-added tax,” a chur isteach roimh “stamp duties”.

(4) Beidh éifeacht ag an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, ionann agus dá gcuirfí an díolúine seo a leanas isteach ann faoin gceannteideal “Bill of Exchange or Promissory Note”:

“Bill drawn on any form supplied by the Revenue Commissioners for the purpose of remitting amounts of value-added tax”.

Coigeartuithe iarmhartacha maidir le liúntais chaipitil.

1971, Uimh. 23 .

39. —(1) Nuair a bheidh riomh á dhéanamh chun críche ar bith de chríocha Chodanna XIII go XVIII go huile den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó de chríocha alt 22 den Acht Airgeadais, 1971 , ar an méid a chosain aon innealra agus gléasra ar dhuine nó ar mhéid an chaiteachais a thabhaigh sé, ní chuirfear sa chuntas aon mhéid a áiríodh sa chostas nó sa chaiteachas sin i leith cáin a bhféadfaidh an duine asbhaint a éileamh ina leith faoi alt 12.

(2) Nuair a bheidh áireamh á dhéanamh chun críche ar bith de chríocha Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ar mhéid an airgid díola, árachais, tarrthálais nó cúitimh a bheidh le cur sa chuntas agus ríomh á dhéanamh ar liúntas cothromaíochta a bheidh le tabhairt do dhuine nó ar mhuirear cothromaíochta a bheidh le gearradh ar dhuine, ní chuirfear sa chuntas méid na cánach (más ann) is inmhuirir ar an duine i leith an airgid sin.

Dleacht mháil ar ghealltóireacht a mhéadú.

1926, Uimh. 35 .

1931, Uimh. 31 .

1956, Uimh. 22 .

40. —An dleacht ar gheallta a forchuireadh le halt 24 den Acht Airgid, 1926 , déanfar (faoi réir forálacha alt 20 den Acht Airgid, 1931 agus gan dochar do na forálacha sin) í a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar gheallta faoina rachfar ar an lá sonraithe nó dá éis de réir ráta cúig déag faoin gcéad de mhéid an ghill in ionad an ráta deich faoin gcéad a luaitear in alt 13 den Acht Airgeadais, 1956 .

Aisghairm.

41. —Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) den Chúigiú Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin maidir le hairgead a gheofar ar an lá sonraithe nó dá éis agus amhail ar an agus ón lá sonraithe sin maidir le hearraí a allmhaireofar isteach sa Stát.

Cáin a bhailiú.

42. —Is leis an Ard-Bhailitheoir a íocfar cáin agus is eisean a bhaileoidh agus a thoibheoidh cáin.

Cúram agus bainistí cánach.

43. —Déantar leis seo cáin a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal.

44. —Féadfar an tAcht Cánach Breisluacha, 1972 , a ghairm den Acht seo.

AN CHEAD SCEIDEAL

Gníomhaíochtaí Díolmhaithe

Alt 1.

(i) Soláthar stoc, scaireanna agus urrús eile;

(ii) soláthar stampaí neamhúsáidte postais, fioscacha nó árachais shóisialaigh de chuid na hÉireann; nó stampaí, cúpóin nó airíochtaí eile ar iad a sholáthar mar rudaí i gcaingean i leith comaoin airgid a mhuirearaítear ar leithligh ón gcomaoin i leith aon earraí nó seirbhísí eile a sholáthraítear in éineacht le soláthar na rudaí i gcaingean sin agus is réasúnach ag féachaint do luach malairte na rudaí i gcaingean sin;

(iii) seachadadh uisce ag údaráis áitiúla;

(iv) earraí do-chorraithe a ligean ach amháin—

(a) ligean innealra nó suiteálacha gnó ar iad a ligean ar leithligh ó aon earraí do-chorraithe eile ar cuid díobh na hearraí nó na suiteálacha sin;

(b) ligean i gcúrsa gnó óstáin a sheoladh; agus

(c) soláthar cóiríochta páirceála d'fheithiclí ag oibritheoirí carrchlósanna;

(v) cothú agus iostas a sholáthar ar shlí seachas i gcúrsa gnó óstáin a sheoladh;

(vi) seirbhísí a sholáthraíonn an Stát nó údarás áitiúil seachas bóithre, cuanta agus oibreacha séarachais a dhéanamh, a dheisiú, a chothabháil agus a fheabhsú;

(vii) seirbhísí a thugtar mar mhalairt ar phá agus tuarastail ar inmhuirir cáin ioncaim ina leith faoi Sceideal E den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

(viii) seirbhísí gairmiúla liachta, déidliachta, súil-liachta nó oideachais seachas seirbhísí a dhéantar i gcúrsa gnó a sheoladh arb é atá ann go hiomlán nó go páirteach earraí a dhíol;

(ix) seirbhísí a dhéanann ospidéil, tithe banaltrais, scoileanna agus bunachais dá samhail sin;

(x) seirbhísí a dhéantar i gcúrsa a ngairme ag aturnaetha, cuntasóirí, achtúirí agus tréidleá;

(xi) seirbhísí a dhéantar i gcúrsa a ngairme ag abhcóidí;

(xii) seirbhísí gníomhaireachta maidir le—

(a) cóir iompair do phaisinéirí nó cóiríocht do dhaoine a shocrú,

(b) seachadadh earraí arna ndíol ag gníomhaire tithe, nó ag ceantálaí in imthosca de shórt nach meastar gurb é an ceantálaí a sheachaid na hearraí,

(c) bailiú fiacha, cíosanna nó préimheanna árachais, agus

(d) seirbhísí díolmhaithe eile a dhéanamh;

(xiii) seirbhísí baincéireachta agus árachais;

(xiv) airgead a thabhairt ar iasacht nó creidmheas a thabhairt ar shlí seachas trí fhruilcheannach nó idirbhearta díola creidmheasa;

(xv) na seirbhísí náisiúnta craolacháin agus telefíse, gan fógraíocht a áireamh;

(xvi) paisinéirí, mar aon leis an mbagáiste atá ina dteannta, a iompar sa Stát agus mótar-fheithioil a fhruiliú (dá ngairtear an fruiliú reatha sa mhír seo) do dhuine is mótar fheithicil atá deartha agus déanta chun daoine a iompar de bhóthar, faoi chonradh, seachas conradh de chineál dá dtagraítear in alt 3 (1) (b), d'aon téarma nó cuid de théarma nach rachaidh thar 5 sheachtain ar é a chur le téarma aon fhruilithe den sórt sin (cibé acu is fruiliú na mótar-fheithicle céanna nó fruiliú mótar-fheithicle eile é) chun an duine chéanna i rith na tréimhse 12 mí dar chríoch dáta tosach feidhme an fhruilithe reatha;

(xvii) gealltóireacht;

(xviii) ticéid nó cúpóin a eisiúint le haghaidh crannchuir;

(xix) daoine a ligean isteach go dtí garraí ainmhithe;

(xx) dálais spóirt, aontaí taispeántais nó taisealbhaí talmhaíochta, tráchtála nó tionscail a sheoladh agus daoine a ligean isteach chucu;

(xxi) fuil dhaonna a bhailiú, a stóráil agus a sholáthar;

(xxii) adhlacóireacht;

(xxiii) seirbhísí luachála a dhéanann ceantálaí, gníomhaire tithe nó suirbhéir cairte.

AN DARA SCEIDEAL

Earraí agus Seirbhísí is Inmhuirir de réir Ra ta Zero faoin gcéad

Alt 11 (1) (d).

(i) Earraí a sheachadfar—

(a) lasmuigh den Stát, nó

(b) laistigh den Stát ach faoi réir coinníll go bhfuil siad le hiompar díreach ag an duine nó thar ceann an duine atá ag déanamh an tseachadta—

(I) lasmuigh den Stát, nó

(II) go dtí duine cláraithe laistigh den aerfort neamhchustam;

(ii) seirbhísí a dhéantar lasmuigh den Stát;

(iii) iompar earraí sa Stát ag duine nó thar ceann duine i bhforghníomhú conartha chun na hearraí a aistriú go dtí áit nó ó áit lasmuigh den Stát;

(iv) saoráidí dugaireachta, calaithe, luchtaithe nó díluchtaithe, lena n-áirítear imréiteach custam, a sholáthar díreach i ndáil le paisinéirí a chur i dtír nó a ghlacadh ar bord nó le hearraí a allmhairiú nó a onnmhairiú;

(v) earraí a sheachadtar ar bord longa nó aerárthaí a théann go dtí áiteanna lasmuigh den Stát; agus deisiú agus seirbhísiú longa agus aerárthaí a bhíonn ag gabháil d'iompar paisinéirí agus earraí mar thráchtáil idirnáisiúnta;

(vi) líonta iascaigh, agus ranna díobh sin, de chineál a bhíonn á n-úsáid go coitianta ag iascairí tráchtála chun críocha a slí bheatha agus nach n-úsáidtear go coitianta chun aon chríche eile;

(vii) aon ábhar beatha (de réir brí an Achta um Leasacháin,

1955, Uimh. 8 .

Abhair Bheatha agus Meascáin Mhianrúla, 1955), ábhar beatha cumaiscthe (de réir brí an Achta sin) nó meascán mianrúil (de réir brí an Achta sin)—

(a) a sheachadtar in aonaid nach lú ná 10 gcileagram agus nach mbíonn i bpacáistí nó nach ndíoltar nó nach bhfuil ceaptha ar shlí eile le haghaidh madraí, cat, éan cáis nó peataí tí, agus

(b) nach gcuirtear toirmeasc faoi alt 4 nó 6 den Acht sin lena dhíol nó lena mhonarú le haghaidh díola;

(viii) leasachán (de réir brí an Achta um Leasacháin, Abhair Bheatha agus Meascáin Mhianrúla, 1955 ) a sheachadtar in aonaid nach lú ná 10 gcileagram agus nach gcuirtear toirmeasc faoi alt 4 nó 6 den Acht sin lena dhíol nó lena mhonarú le haghaidh díola;

(ix) seirbhísí a sholáthraíonn Coimisinéirí Soilse na hÉireann i ndáil le hoibriú longa solais, tithe solais nó áisíní loingseoireachta eile; agus

(x) déanamh, deisiú, cothabháil agus feabhsú bóithre, cuanta agus oibreacha séarachais ag an Stát, ag údaráis áitiúla nó ag údaráis chuain.

AN TRIU SCEIDEAL

CUID I

Earraí is inmhuirir de réir ráta 5·26 faoin gcéad

Ailt 11 (1) (a) agus 15 (1) (a).

(i) Abhair leighis agus ábhair bheatha d'ainmhithe seachas—

(a) ábhair leighis nó ábhair bheatha a bhíonn i bpacáistí nó a dhíoltar nó atá ceaptha ar shlí eile le haghaidh madraí, cat, éan cáis nó peataí tí, agus

(b) ábhar beatha de chineál a shonraítear i mír (vii) den Dara Sceideal;

(ii) táirgí ainmhnithe agus glasraí i riocht neamhphróiseáilte mar atá olann, rón, guairí, cleití, seithí, craicne, conablaigh, fréamhacha, plandaí agus gránaigh;

(iii) leasachán seachas leasachán de chineál a shonraítear i mír (viii) den Dara Sceideal;

(iv) ainmhithe beo;

(v) innealra, gléasra nó trealamh de chineál a bhíonn á úsáid go coitianta ag feirmeoirí nó iascairí sa Stát chun críocha a slí bheatha agus nach n-úsáidtear go coitianta chun aon chríche eile;

(vi) síolta, plandaí, crainn, spóir, bleibíní, tiúbair, fréamhacha tiúbracha, cormáin, corónacha agus radhsóim de chineál a úsáidtear le haghaidh cuir;

(vii) leabhair agus leabhráin chlóite;

(viii) nuachtáin agus tréimhseacháin;

(ix) léarscáileanna, atlasaí agus cruinneoga;

(x) ábhair a bhíonn á n-úsáid coitianta i dtógáil foirgneamh (lena n-áirítear sciobóil féir, cuanta, droichid agus bóithre) mar atá—

(a) bloic, bíomaí, pílí, colúin, cuaillí, leacacha, fardorais, tairseacha agus baill choincréite, athneartaithe nó gan a bheith,

(b) stroighin, coincréit, aol, moirtéal, plástar, clocha agus brící,

(c) feilteanna tirimshraithe agus ábhair eile is gnách a sholáthar mar thirimshraitheanna,

(d) cré, gaineamh agus gairbhéal,

(e) tíleacha coincréite nó cré d'urláir agus do bhallaí,

(f) líneálacha simléir agus potaí simléir,

(g) gloine leatháin, ach gan scátháin a áireamh,

(h) ábhar teasdíonta i bhfoirm leathán, leacacha nó rollaí,

(i) tairní, scriúnna, boltaí, cnóite, insí, glais, dúntóirí agus feisteáin do dhoirse, fuinneoga agus feadánacht,

(j) péint agus uiscephéint,

(k) plástarchlár,

(l) scannán ileitiléine de chineál a bhíonn á úsáid go coitianta ag tógálaithe nó feirmeoirí chun críocha a slí bheatha,

(m) feilteanna dín agus substaintí leathsholadacha a úsáidtear in áit feilteanna dín,

(n) tíleacha dín, lena n-áirítear tíleacha mullaigh agus tíleacha cromáin agus slinnte,

(o) leatháin de mhiotal nó d'ábhar eile, seachas gloine, nach bhfuil oibrithe thar iad a bheith péinteáilte, spréáilte nó críochnaithe ar a shamhail sin de chuma,

(p) cruach nó alúmanam i bhfoirm uillinneacha, tíonna, giarsaí, sileán, barraí, sreinge, easbhrúiteáin nó pláta, nach bhfuil oibrithe thar iad a bheith galbhánaithe, spréáilte nó críochnaithe ar a shamhail sin de chuma,

(q) tarra, asfalt, bitiúman agus pic,

(r) adhmad, lena n-áirítear sraithadhmad, bloc-chlár, adhmad launach, adhmad athchomhdhéanta, agus athchraiceann adhmaid a dhíoltar i bhfoirm pleancanna, leathán nó bíomaí agus nach bhfuil oibrithe thar iad a bheith sáfa ar a bhfad, plánáilte, múnlaithe, teangaithe, eitrithe nó v-leathánaithe,

(s) feadánacht agus gáitéirí de mhiotal, cré, stroighin, rubar, pleaistic nó d'ábhar den tsamhail sin de chineál a sholáthraítear de ghnáth chun críocha struchtúrtha nó lena úsáid mar thiúbán do cháblaí, leachtanna, gal, gásanna nó séaracht;

(xi) éadaí, gan ciarsúir a áireamh;

(xii) faibricí, abhras agus snáth de chineál a úsáidtear de ghnáth i monarú éadaí, lena n-áirítear leaisticí, téip agus ábhair stuála san fhoirm a sholáthraítear le haghaidh monarú éadaí;

(xiii) leathar boinn agus uachtair de chineál a sholáthraítear le haghaidh coisbheart a mhonarú agus a dheisiú, agus freisin boinn, sála agus boinn istigh d'ábhar ar bith;

(xiv) innill ríomhaireachta, innill chuntasaíochta, scipéid ríomhacha, innill fhrainceála postais agus innill dá samhail ina bhfuil feiste ríomhaireachta insuite, innill uathphróiseála sonraí agus aonaid díobh, léamh-sháis mhaighnéadacha agus opticiúla, innill chun sonraí a athscríobh ar mheáin sonraí i bhfoirm chódaithe agus innill chun na sonraí sin a phróiseáil, páirteanna atá oiriúnach lena n-úsáid d'aontoisc nó go formhór le haon cheann de na hinnill a shonraítear sa mhír seo;

(xv) bia agus deoch le caitheamh ag daoine;

(xvi) cógaisí do dhaoine ach gan earraí a áireamh arb éard iad, nó ar a dtugtar de thuairisc gurb éard iad, gallúnaigh, foltfholcaidh, glantóirí, ábhair tuartha, bithnimheanna, feithidnimheanna, frithsheiptigh nó díghalráin, nó a chuirtear ar an margadh mar earraí den sórt sin:

(xvii) trealamh agus fearais liachta arb é atá iontu—

(a) gaireas atá bunaithe ar úsáid x-ghathanna nó ar úsáid radaíochtaí ó shubstaintí radaighníomhacha (lena n-áirítear gaireas radaighrafaíochta agus radaitheiripe),

(b) troscán atá deartha d'aontoisc chun úsáide liachta, déidliachta, máinliachta nó tréidliachta (mar shampla, boird obráide agus leapacha ospidéil le feistis mheicniúla),

(c) carráistí easláin, agus feithiclí eile de chineál atá deartha lena n-úsáid ag easláin nó ag daoine éiglí,

(d) fearais meicnitheiripeacha, gaireas suathaireachta, gaireas teiripe ocsaigin, gaireas athmhúscailte anála agus gaireas dá shamhail agus fearais análaithe, gan earraí a áireamh nach bhfuil deartha d'aontoisc chun úsáide liachta,

(e) uirlisí agus fearais liachta, déidliachta, máinliachta agus tréidliachta de chineál a úsáidtear d'aontoisc i gcleachtadh gairmiúil d'fhonn fáithmheas a dhéanamh nó chun tinneas a chosc nó a chóireáil nó chun obráid a dhéanamh,

(f) fearais ortaipéideacha, criosanna máinliachta, trusanna agus a leithéidí; géaga, súile agus fiacla saorga agus baill shaorga eile den chorp, áisíní bodhaire, cléithíní agus fearais eile do chnámha briste,

(g) páirteanna nó gabhálais atá oiriúnach lena n-úsáid d'aontoisc nó go formhór le haon cheann de na hearraí sna fomhíreanna roimhe seo den mhír seo,

(h) imoibrithe fáithmheasta,

(i) scannán x-ghatha, agus ullmhóidí teimhníochta le haghaidh scrúduithe x-ghatha,

(j) stuáil, uige, bindealáin agus earraí dá samhail (mar shampla, deiseanna cóirithe, plástair ghreamaitheacha, ceiríní) agus comhuaimeacha máinliachta;

(xviii) rothra iarnróid agus páirteanna de sin; daingneáin iarnróid agus trambhealaigh; trealamh trácht-chomharthúcháin (lena n-áirítear comharthaí ceo), ábhar déanta iarnróid nó trambhealaigh d'iarann nó de chruach lena n-áirítear ráillí, gard-ráillí, ladhróga, crosairí (nó froganna), tarsnáin, slata ladhróg, rac-ráillí, trastacáin, iadhphlátaí, stóil, stóldhingeacha, bonnphlátaí, ráilchasnaí, plátaí forais agus naisc;

(xix) feithiclí bóthair inneallghluaiste, seachas feithiclí de chineál a shonraítear sa Cheathrú Sceideal;

(xx) leantóirí, gan carbháin, teaghaisí soghluaiste agus leanphubaill a áireamh;

(xxi) longa, báid nó soithigh eile seachas—

(a) longa, báid nó soithigh eile atá deartha agus déanta le haghaidh iompar paisinéirí agus nach mó ná céad tonna a mórthonnáiste, agus

(b) báid spóirt agus áineasa de gach cineál lena n-áirítear luamha, báid chábáin, báidíní calaithe, curaigh, coití agus báid rásaíochta;

(xxii) tobac;

(xxiii) breosla;

(xxiv) olaí hiodracarbóin (lena n-áirítear bealaigh);

(xxv) boinn, cásanna boinn, tráchta boinn idirmhalartacha, tiúbanna agus flapaí boinn, do rothanna de gach cineál;

(xxvi) páirteanna breise d'earraí de chineál a shonraítear i míreanna (v) agus (xx) agus d'fheithiclí bóthair inneallghluaiste, do rothair agus do bháid;

(xxvii) cabhlacha agus fonnaidh atá deartha d'fheithiclí inneallghluaiste bóthair seachas do mhótar-fheithiclí de chineál a shonraítear sa Cheathrú Sceideal;

(xxviii) earraí réchaite so-chorraithe, seachas earraí de chineál a shonraítear sa Cheathrú Sceideal;

(xxix) earraí do-chorraithe;

(xxx) ceimicigh atá ceaptha go sonrach le haghaidh úsáide i dtalmhaíocht mar atá, síolchóirithe, lusnimheanna, múiscnimheanna, feithidnimheanna, luchnimheanna, mílnimheanna, aimridigh ithreach, fásrialtáin, díghalráin nó déiríghlantóirí, ach gan áireamh a dhéanamh ar cheimicigh a ndéantar iad a phacáistiú nó a dhíol nó a gceaptar iad ar bhealach eile le haghaidh úsáid daoine nó tis;

(xxxi) earraí (seachas lámhuirlisí) d'aon chineál acu seo a leanas, eadhon :

(a) innealra ardaithe, láimhsithe, luchtaithe nó díluchtaithe (mar shampla, ardaitheoirí, crocháin, crainn tochrais, craenacha iompair, seacanna agus tácla ulóige),

(b) innealra tochailte, leibhéalaithe, tollaireachta agus bainte do chré, mianraí nó mianaigh (mar shampla, ollscartairí, sluaistí meicniúla, tochailteoirí, scríobairí, leibhéalaithe agus móinbhainteoirí),

(c) innill atá deartha, déanta agus ceaptha chun asfalt, bitiúman, tarra, tarramhacadam nó coincréit a leathadh nó a chríochnú,

(d) trucaillí monarchan, a thiomáintear go meicniúil, de na saghsanna a úsáidtear i monarchana nó i stórais chun earraí a iompar nó a láimhsiú ar ghearrthuras, agus

(e) trealamh agus páirteanna atá deartha go speisialta lena n-úsáid i dteannta aon earra acu sin a shonraítear i bhfomhíreanna (a) go (d) agus ar de chineál iad nach n-úsáidtear de ghnáth chun aon chríche eile.

CUID II

Seirbhísí is inmhuirir de réir ráta 5·26 faoin gcéad

(i) Seirbhísí seachas rincí a sheoladh agus earraí a fhruiliú nó a ligean ar cíos;

(ii) ní ar bith acu seo a leanas a fhruiliú (dá ngairtear an fruiliú reatha sa mhír seo) do dhuine—

(a) earraí d'aon chineál dá sonraítear i bhfomhír (a) nó (b) de mhír (xxi) de Chuid I, nó

(b) carbhán, teaghais soghluaiste nó leanphuball,

faoi chonradh, seachas conradh de chineál dá dtagraítear in alt 3 (1) (b) i leith aon téarma nó cuid de théarma nach rachaidh thar 5 sheachtain ar é a chur le téarma aon fhruilithe den sórt sin (cibé acu ar na hearraí céanna nó ar earraí éigin eile den chineál céanna) chun an duine chéanna i rith na tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch dáta tosach feidhme an fhruilithe reatha;

(iii) fruiliú earraí de chineál ar a mbeadh cáin inmhuirir ar a seachadadh de réir ráta 5·26 faoin gcéad, dá mba nach dtabharfaí aird ar mhír (xxviii) de Chuid I den Sceideal seo;

(iv) earraí de chineál a shonraítear sa Cheathrú Sceideal a fhruiliú;

(v) scannáin chineamatagrafacha a fhruiliú;

(vi) earraí do-chorraithe a ligean ar cíos.

AN CEATHRU SCEIDEAL

Earraí is Inmhuirir de réir rata 30·26 faoin gcéad

Ailt 11 (1) (c) agus 15 (1) (b).

(i) Mótar-fheithiclí atá deartha agus déanta chun daoine a iompar de bhóthar lena n-áirítear mótar-fheithiclí spóirt, cairr eastáit, vaiginí stáisiúin, gluaisrothair, mótar-scútair, mópéid agus uathrothair, ach gan feithiclí a áireamh atá deartha agus déanta chun níos mó ná sé dhuine dhéag (agus an tiománaí san áireamh) a iompar, carráistí easláin agus feithiclí eile de chineál atá ceaptha lena n-úsáid ag easláin nó ag daoine éiglí;

(ii) gléasanna glacadóireachta radio agus gléasanna glacadóireachta telefíse de chineál tís nó de chineál iniompair lena n-áirítear gléasanna atá oiriúnach le húsáid i bhfeithiclí bóthair;

(iii) gramafóin, radioghramafóin, atáirgeoirí ceirníní;

(iv) ceirníní gramafóin.

AN CUIGIU SCEIDEAL

Achtacháin a Aisghairtear

Alt 41.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairne

Uimh. 23 de 1963

An tAcht Airgeadais, 1963

Alt 41 agus Cuid VI

Uimh. 22 de 1965

An tAcht Airgeadais, 1965

Cuid VI

Uimh. 17 de 1966

An tAcht Airgeadais, 1966

Cuid VI

Uimh. 22 de 1966

An tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 1966

An tAcht iomlán

Uimh. 33 de 1968

An tAcht Airgeadais, 1968

Codanna V agus VI

Uimh. 37 de 1968

An tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 1968

Ailt 6 agus 7

Uimh. 21 de 1969

An tAcht Airgeadais, 1969

Codanna VII agus VIII

Uimh. 14 de 1970

An tAcht Airgeadais, 1970

Cuid V

Uimh. 25 de 1970

An tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 1970

Ailt 3 agus 4