25 1972


Uimhir 25 de 1972


AN tACHT UM CHLÁRÚ BREITHEANNA, BÁSANNA AGUS PÓSTAÍ, 1972

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM CHLÁRÚ BREITHEANNA AGUS BÁSA, 1863 GO 1952, AGUS DO DHÉANAMH FORÁLA LE hAGHAIDH LEASUITHE ÁIRITHE AR ACHTACHÁIN A BHAINEANN LE CLÁRÚ PÓSTAÍ. [29 Samhain, 1972]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1970, Uimh. 1 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchta um Chlárú Breitheanna agus Bása, 1863 go 1952;

ciallaíonn “bord sláinte” bord sláinte arna bhunú faoin Acht Sláinte, 1970 .

Cláraitheoirí a cheapadh.

1863, c. 11.

2. —(1) I gcás folúntas a bheith in oifig chláraitheoir na mbreitheanna agus na mbásanna do cheantar cláraitheachta ar dháta an Achta seo a rith nó go dtarlóidh folúntas ina dhiaidh sin—

(a) déanfaidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin an bhoird sláinte ar ina limistéar feidhme atá an ceantar cláraitheachta, faoi réir cibé treoracha a bheidh eisithe ó am go ham ag an Ard-Chláraitheoir, duine a cheapadh le bheith ina chláraitheoir don cheantar cláraitheachta sin;

(b) scoirfidh alt 23 den Registration of Births and Deaths (Ireland), Act, 1863, ó thosach an ailt go dtí “as the case may be, of the dispensary district”, d'éifeacht a bheith aige maidir leis an gceantar cláraitheachta sin.

(2) Ní oifig faoi bhord sláinte a bheidh in oifig chláraitheora.

Údarás chun breith nó bás a chlárú gan freastal ná síniú an fhaisnéisí.

3. —I gcás gan aon duine de na daoine a bhfuil sé de dhualgas orthu faoi na hAchtanna eolas a thabhairt do chláraitheoir ar na sonraí a bheidh le clárú maidir le breith nó bás a bheith ar fáil chun freastal in oifig an chláraitheora agus chun an clár a shíniú nó nach bhféadfadh sin a dhéanamh gan dua míchuí, féadfaidh an tArd-Chláraitheoir, más deimhin leis gur cóir sin sna himthosca agus ar an eolas is gá a bheith curtha faoina bhráid, a údarú don chláraitheoir agus a cheangal air an bhreith nó an bás a chlárú gan aon duine de na daoine sin freastal ná síniú.

Breitheanna agus básanna áirithe lasmuigh den Stát a chlárú.

4. —(1) Baineann an t-alt seo le breith linbh lasmuigh den Stát is leanbh le saoránach Éireannach a bhfuil sainchónaí air sa Stát agus le bás, lasmuigh den Stát, saoránaigh d'Éirinn, a raibh sainchónaí air sa Stát, i gcás—

(a) nach raibh ann tráth na breithe, córas cláraithe breitheanna nó nach raibh ann tráth an bháis, córas cláraithe básanna, nó

(b) nach bhfuil fáil ar chóipeanna de thaifid shibhialta na breithe nó an bháis ná ar shleachta astu.

(2) Féadfaidh an tArd-Chláraitheoir, ar cibé fianaise is dóigh leis a bheith sásúil a bheith tugtha ar aird, a chur faoi deara breith nó bás lena mbaineann an t-alt seo a chlárú sa chlár iomchuí a bheidh le cothabháil in Oifig an Ard-Chláraitheora.

(3) Measfar gur cláir arna gcothabháil faoi na hAchtanna an clár ina dtaifeadfar breith agus an clár ina dtaifeadfar bás faoi fho-alt (2), agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na hAchtanna.

(4) Tar éis dáta an Achta seo a rith, ní dhéanfar taifid ar bith sa Chlár Coigríche a choimeádtar de bhun alt 41 den Registration of Births and Deaths (Ireland) Act, 1863.

Achtacháin áirithe a leasú, a oiriúnú agus a mhodhnú.

1863, c. 90.

1880, c.13.

5. —(1) Féadfaidh an tAire Sláinte an fhoirm agus an modh ar dá réir a dhéanfar an t-eolas is gá a chlárú maidir le breith, bás nó pósadh a bhailiú agus a chothabháil agus an duine atá leis an eolas a thabhairt a fhorordú le rialacháin agus féadfaidh sé chun na gcríocha sin cibé leasuithe ar na forálacha seo a leanas agus cibé oiriúnuithe agus modhnuithe is gá orthu a dhéanamh le rialacháin :

(a) ailt 15, 16, 30, 47 agus 48 den Registration of Births and Deaths (Ireland) Act, 1863;

(b) ailt 6, 13, 14 agus 15 den Registration of Marriages (Ireland) Act, 1863; agus

(c) ailt 1, 10, 11 agus 27 den Births and Deaths Registration Act (Ireland), 1880.

(2) Déanfar gach rialachán faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá reir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

Leasú ar alt 28 den Births and Deaths Registration Act (Ireland), 1880.

6. —Leasaítear leis seo alt 28 den Births and Deaths Registration Act (Ireland), 1880, trí “or of a registration made on the authority of an tArd-Chláraitheoir” a chur isteach i ndiaidh “in pursuance of section six of this Act”.

Leasú ar alt 2 (5) den Acht um Staidreamh Beatha agus um Chlárú Breitheanna, Bása agus Póstaí, 1952 .

1952, Uimh. 8 .

7. —Ní oibreoidh alt 2 (5) den Acht um Staidreamh Beatha agus um Chlárú Breitheanna, Bása agus Póstaí, 1952 , chun cosc a chur le heolas lena mbaineann an fo-alt sin a nochtadh do dhaoine atá ag gabháil do thaighde liachta nó do thaighde sóisialta nó do dhochtúirí oifigiúla bord sláinte i gcás go dtoilíonn an tAire Sláinte leis an nochtadh sin agus de réir téarmaí an toilithe.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

8. —(1) Féadfar an tAcht um Chlárú Breitheanna, Básanna agus Póstaí, 1972 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar na hAchtanna agus cibé méid den Acht seo a bhaineann le clárú breitheanna agus básanna a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Chlárú Breitheanna agus Básanna, 1863 go 1972, a ghairm díobh le chéile.