31 1972


Uimhir 31 de 1972


AN tACHT LEITHREASA, 1972

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEITHREASÚ SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA), 1965 , CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ. [26 Nollaig, 1972]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon, £630,881,960, a leithreasú.

1965, Uimh. 26 .

1891, c. 24.

1. —(1) Na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste leis an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 , chun slánú an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán suim sé chéad is tríocha milliún, ocht gcéad ochtó is aon mhíle, naoi gcéad is seasca punt agus atá comhdhéanta den tsuim daichead is trí mhilliún, trí chéad seasca is naoi míle, naoi gcéad is caoga punt le haghaidh seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1972, agus den tsuim cúig chéad ochtó is seacht milliún, cúig chéad is dhá mhíle dhéag is deich bpunt le haghaidh seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1973, déantar iad a leithreasú le haghaidh na seirbhísí agus na críocha a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis seo.

(2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deiridh den Sceideal a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim daichead is cúig mhilliún, cúig chéad is tríocha míle, seacht gcéad seachtó is naoi bpunt a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais le haghaidh na seirbhísí agus na críocha a shonraítear sa Sceideal sin.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1972 , a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

Cuid I

Sceideal de shuimeanna Forlíontacha a deonaíodh, agus de shuimeanna a fhéadfar a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair ina dteannta sin, chun íoctha muirear na Seirbhísí Poiblí uile agus ar leithligh a luaitear anseo go sonrach, don bhliain dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1972.

Suimeanna nach mó ná

Vóta Uimh.

Teideal

Deontais Soláthair

Leithreasaí-i-gCabhair

(1)

(2)

(3)

(4)

£

£

2

Le haghaidh tuarastail agus costais Thithe an Oireachtais, lena n-áirítear deontais-i-gcabhair áirithe     ..     ..     ..     ..

64,000

--

3

Le haghaidh tuarastail agus costais Roinn an Taoisigh     ..     ..     ..     ..     ..

49,600

--

8

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig na nOibreacha Poiblí; le haghaidh caiteachais i leith foirgneamh poiblí; chun páirceanna agus oibreacha poiblí áirithe a chothabháil; chun oibreacha siltin agus oibreacha innealtóireachta eile a dhéanamh agus a chothabháil; agus chun deontais-i-gcabhair áirithe a íoc     ..     ..     ..

100,000

100,000

10

Le haghaidh tuarastail agus costais Choimisiún na Státseirbhíse agus an Choimisiúin um Cheapacháin Áitiúla     ..     ..     ..

45,000

26,000*

15

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Ard-Aighne, etc., agus le haghaidh costais ionchúiseamh coiriúil agus dlí-mhuirir eile

79,000

3,000*

18

Le haghaidh tuarastail agus costais na hOifige Luachála, Shuirbhéireacht an Ordanáis agus Mionseirbhísí áirithe     ..

112,500

9,500

19

Le haghaidh Rátaí agus Ranníocaí in ionad Rátaí, etc., i leith Maoin Rialtais, agus le haghaidh Ranníocaí i leith Rátaí ar Áitribh i seilbh Ionadaithe do Rialtais Eachtracha

445,000

82,650

26

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Rialtais Áitiúil, lena n-áirítear deontais d'Údaráis Áitiúla, deontais agus costais eile i ndáil le tithíocht, agus scéimeanna agus deontais ilghnéitheacha Lena n-áirítear deontas-i-gcabhair     ..

1,763,000

15,000

27

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Oideachais (lena n-áirítear Forais Eolaíochta agus Ealaíon), le haghaidh seirbhísí ilghnéitheacha áirithe oideachais agus cultúir, agus chun ildeontais-i-gcabhair a íoc     ..     ..     ..     ..

370,810

--

28

Le haghaidh Bunoideachais, lena n-áirítear Aoisliúntas Múinteoirí Scoile Náisiúnta, etc.     ..     ..     ..     ..     ..     ..

1,159,000

--

30

Le haghaidh Gairmoideachais, lena n-áirítear deontas-i-gcabhair     ..     ..     ..     ..

650,000

--

32

Le haghaidh deontais-i-gcabhair d'Ollscoileanna agus do Choláistí agus d'Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath     ..     ..

1,058,000

--

36

Le haghaidh tuarastail agus costais Roinn na Gaeltachta, maille le deontais le haghaidh tithe agus ildeontais-i-gcabhair

10

--

37

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun fóirdheontais áirithe agus ildeontais-i-gcabhair a íoc     ..     ..     ..     ..

7,368,000

1,050,000

38

Le haghaidh tuarastail agus costais i ndáil le hIascach Mara agus Intíre, lena n-áirítear ildeontais-i-gcabhair     ..     ..     ..

10

--

40

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig An Aire Tionscail agus Tráchtála, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun ildeontais-i-gcabhair a íoc     ..     ..     ..     ..

5,019,000

--

41

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Iompair agus Cumhachta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun ildeontais-i-gcabhair a íoc     ..     ..     ..     ..

214,000

--

42

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Poist agus Telegrafa agus seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun deontais-i-gcabhair áirithe a íoc

2,608,000

530,000

43

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Cosanta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin; le haghaidh pá agus costais Óglaigh na hÉireann; agus chun deontas-i-gcabhaira íoc     ..     ..     ..     ..     ..     ..

3,254,010

311,000*

44

Le haghaidh pá scoir, pinsin, cúiteamh, liúntais agus aiscí is iníoctha faoi reachtanna éagsúla le comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann agus d'Eagraíochtaí áirithe Míleata, eile, etc., nó ina leith sin, agus le haghaidh ranníocaí agus costais éagsúla i ndáil leo sin; le haghaidh liúntais eisreachtúla áirithe leanaí agus le haghaidh ildeontas     ..     ..     ..     ..     ..

381,000

17,000

45

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Gnóthaí Eachtracha agus seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear deontais-i-gcabhair áirithe     ..

146,000

--

46

Le haghaidh ranníocaí do Chomhairle na hEorpa, don Eagras um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, do na Náisiúin Aontaithe, do Dhlí-Chomhlachtaí Idir-Rialtasacha agus don Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil; agus le haghaidh costais eile i ndáil leis an gcéanna

68,000

--

47

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh, le haghaidh seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, le haghaidh íocaíochtaí leis an gCiste Árachais Shóisialaigh, agus le haghaidh ildeontas     ..     ..     ..     ..     ..

9,988,000

219,270

48

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Sláinte (lena n-áirítear Oifig an Ard-Chláraitheora), agus seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear deontais d'Údaráis Áitiúla, deontais ilghnéitheacha agus deontais-i-gcabhair áirithe     ..     ..     ..     ..

7,390,010

--

51

Le haghaidh Luach Saothair     ..     ..

1,038,000

--

Iomlán Chuid I     ..          £

43,369,950

1,683,420

Cuid II

Sceideal de shuimeanna a deonaíodh, agus de shuimeanna a fhéadfar a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair ina dteannta sin, chun íoctha muirear na Seirbhísí Poibli uile agus ar leithligh a luaitear anseo go sonrach agus a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1973.

Suimeanna nach mó ná

Vóta Uimh.

Teideal

Deontais Soláthair

Leithreasaí-i-gCabhair

(1)

(2)

(3)

(4)

£

£

1

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig Rúnaí an Uachtaráin agus le haghaidh costais áirithe eile a bhaineann le Teaghlachas an Uachtaráin, lena n-áirítear deontas-i-gcabhair     ..     ..     ..     ..

26,000

--

2

Le haghaidh tuarastail agus costais Thithe an Oireachtais, lena n-áirítear deontais-i-gcabhair áirithe     ..     ..     ..     ..

1,080,000

--

3

Le haghaidh tuarastail agus costais Roinn an Taoisigh     ..     ..     ..     ..     ..

175,000

--

4

Le haghaidh tuarastail agus costais na Príomh-Oifige Staidrimh     ..     ..     ..

880,000

3,000

5

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste     ..

116,000

22,500

6

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Airgeadais, lena n-áirítear Oifig an Phámháistir Ghinearálta, agus chun deontais-i-gcabhair áirithe a íoc     ..     ..

3,362,000

17,000

7

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim lena n-áirítear seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin     ..     ..     ..     ..     ..

9,330,000

290,000

8

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig na nOibreacha Poiblí; le haghaidh caiteachais i leith foirgneamh poiblí; chun páirceanna agus oibreacha poiblí áirithe a chothabháil; chun oibreacha siltin agus oibreacha innealtóireachta eile a dhéanamh agus a chothabháil; agus chun deontais-i-gcabhair áirithe a íoc     ..     ..

12,851,000

2,000,417

9

Le haghaidh tuarastail agus costais na Saotharlainne Stáit     ..     ..     ..

93,000

1,800

10

Le haghaidh tuarastail agus costais Choimisiún na Státseirbhíse agus an Choimisiúin um Cheapacháin Áitiúla     ..     ..     ..

125,000

221,000

11

Le haghaidh deontais (deontas-i-gcabhair) don Chomhairle Ealaíon     ..     ..     ..

80,000

--

12

Le haghaidh pinsin, aoisliúntais, cúiteamh (lena n-áirítear cúiteamh do lucht oibre), agus liúntais agus aiscí, breise agus eile, faoi na hAchtanna Aoisliúntais, 1834 go 1963, agus faoi reachtanna éagsúla eile; pinsin, liúntais agus aiscí eisreachtúla arna ndámhachtain ag an Aire Airgeadais; táillí do lia-réiteoirí agus corrtháillí do dhochtuírí; cúiteamh agus íocaíochtaí eile i leith díobhálacha pearsanta; etc.     ..

3,504,000

754,000

13

Le haghaidh Seirbhís Sicréideach     ..     ..

15,000

--

14

Le haghaidh deontais d'Údaráis Áitiúla mar fhaoiseamh i leith rátaí ar thalamh talmhaíochta     ..     ..     ..     ..

28,280,000

--

15

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Ard-Aighne, etc., agus le haghaidh costais ionchúiseamh coiriúil agus dlí-mhuirir eile     ..     ..     ..     ..     ..     ..

457,000

6,000

16

Le haghaidh Costais Ilghnéitheacha áirithe, lena n-áirítear deontais-i-gcabhair áirithe

468,000

--

17

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an tSoláthair; le haghaidh clódóireacht agus ceangaltóireacht, agus páipéar, foilseacháin, innealra oifige agus soláthairtí eile oifige a sholáthar do na Seirbhísí Poiblí; agus le haghaidh ilchuspóirí ilghnéitheacha     ..     ..     ..     ..     ..     ..

1,489,000

287,000

18

Le haghaidh tuarastail agus costais na hOifige Luachála, Shuirbhéireacht an Ordanáis agus mionseirbhísí áirithe     ..

659,000

73,500

19

Le haghaidh rátaí agus ranníocaí in ionad rátaí, etc., i leith maoin Rialtais, agus le haghaidh ranníocaí i leith rátaí ar áitribh i seilbh Ionadaithe do Rialtais Eachtracha

1,736,000

287,000

20

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Dlí agus Cirt, agus seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear deontas-i-gcabhair; agus Oifig na dTaifead Poiblí agus Choimeádaí na Stát-Pháipéar, agus chun doiciméid stairiúla, etc., a cheannach     ..     ..     ..

553,000

1,775

21

Le haghaidh tuarastail agus costais an Gharda Síochána, lena n-áirítear pinsin, etc.; le haghaidh íocaíochtaí cúitimh agus costais eile i leith seirbhíse sna Caomhnóirí Áitiúla; chun costais finnéithe áirithe a íoc; agus chun deontas-i-gcabhair a íoc

20,812,000

1,005,400

22

Le haghaidh costais phríosún; Foras Naomh Pádraig; Seanchonnach; agus chun príosúnaigh a chothabháil a choinnítear in Ospidéil Mheabhair-Ghalar Cheantair     ..     ..     ..     ..     ..

1,823,000

57,500

23

Le haghaidh na dtuarastal agus na gcostas sin de chuid na Cúirte Uachtaraí, na hArd-Chúirte, na Cúirte Cuarda agus na Cúirte Dúiche nach muirear ar an bPríomh-Chiste     ..     ..     ..     ..     ..

1,118,000

85,850

24

Le haghaidh tuarastail agus costais Chlárlann na Talún agus Chlárlann na nGníomhas

579,000

--

25

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla     ..     ..     ..     ..     ..

22,000

83

26

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Rialtais Áitiúil, lena n-áirítear deontais d'Údaráis Áitiúla, deontais agus costais eile i ndáil le tithíocht agus scéimeanna agus deontais ilghnéitheacha Lena n-áirítear deontas-i-gcabhair     ..

15,575,000

519,850

27

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Oideachais (lena n-áirítear Forais Eolaíochta agus Ealaíon), le haghaidh seirbhísí ilghnéitheacha áirithe oideachais agus cultúir agus chun ildeontais-i-gcabhair a íoc     ..     ..     ..     ..

9,065,000

15,350

28

Le haghaidh Bunoideachais, lena n-áirítear Aoisliúntas Múinteoirí Scoile Náisiúnta, etc.     ..     ..     ..     ..     ..     ..

34,235,000

271,800

29

Le haghaidh Meánoideachais     ..     ..

27,072,000

202,200

30

Le haghaidh Gairmoideachais, lena n-áirítear deontas-i-gcabhair     ..     ..     ..     ..

14,030,000

52,000

31

Le haghaidh costais i ndáil le Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair, lena n-áirítear Áiteanna Coinneála     ..     ..     ..

1,026,000

2,000

32

Le haghaidh deontais-i-gcabhair d'Ollscoileanna agus do Choláistí, d'Institiúidí eile Ardoideachais agus d'Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath     ..     ..     ..

11,280,000

--

33

Le haghaidh tuarastail agus costais na Dánlainne Náisiúnta, lena n-áirítear deontais-i-gcabhair áirithe     ..     ..     ..     ..

98,000

1,100

34

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Tailte agus Oifig Choimisiún Talún na hÉireann     ..     ..     ..     ..

4,447,000

361,500

35

Le haghaidh tuarastail agus costais i ndáil le Foraoiseacht, agus chun deontais-i-gcabhair áirithe a íoc     ..     ..     ..

7,499,000

1,270,000

36

Le haghaidh tuarastail agus costais Roinn na Gaeltachta, maille le deontais le haghaidh tithe agus ildeontais-i-gcabhair

3,013,000

500

37

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun fóirdheontais áirithe agus ildeontais-i-gcabhair a íoc     ..     ..     ..     ..

76,608,000

4,867,858

38

Le haghaidh tuarastail agus costais i ndáil le hIascach Mara agus Intíre, lena n-áirítear ildeontais-i-gcabhair     ..     ..     ..

3,339,000

20,800

39

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Saothair, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun deontais-i-gcabhair áirithe a íoc     ..

5,100,000

651,000

40

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Tionscail agus Tráchtála, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun ildeontais-i-gcabhair a íoc     ..     ..     ..     ..

35,810,010

400,000

41

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Iompair agus Cumhachta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun ildeontais-i-gcabhair a íoc     ..     ..     ..     ..

21,648,000

3,746,000

42

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Poist agus Telegrafa agus seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun deontais-i-gcabhair áirithe a íoc

46,397,000

17,749,000

43

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Cosanta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin; le haghaidh pá agus costais Óglaigh na hÉireann; agus chun deontas-i-gcabhair a íoc     ..     ..     ..     ..     ..     ..

26,318,000

656,000

44

Le haghaidh pá scoir, pinsin, cúiteamh, liúntais agus aiscí is iníoctha faoi reachtanna éagsúla le comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann agus d'Eagraíochtaí áirithe Míleata eile, etc., nó ina leith sin, agus le haghaidh ranníocaí agus costais éagsúla i ndáil leo sin; le haghaidh liúntais eisreachtúla áirithe leanaí agus le haghaidh ildeontas     ..     ..     ..     ..     ..

5,453,000

50,156

45

...

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Gnóthaí Eachtracha, agus seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena usáirítear deontais-i-gcabhair áirithe     ..

1,979,000

16,000

46

Le haghaidh ranníocaí do Chomhairle na hEorpa, don Eagras um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, do na Náisiúin Aontaithe, do Dhlí-Chomhlachtaí Idir-Rialtasacha agus don Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil; agus le haghaidh costais eile i ndáil leis an gcéanna

422,000

100

47

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh, le haghaidh seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, le haghaidh íocaíochtaí leis an gCiste Árachais Shóisialaigh agus le haghaidh ildeontas     ..     ..     ..     ..     ..

87,067,000

2,845,920

48

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Sláinte (lena n-áirítear Oifig an Ard-Chláraitheora), agus seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear deontais do Bhoird Sláinte, deontais ilghnéitheacha agus deontais-i-gcabhair áirithe     ..     ..     ..     ..

58,028,000

5,034,400

49

Le haghaidh méadú ar phinsin, liúntais agus pá scoir áirithe i leith seirbhíse poiblí     ..

2,370,000

--

 

Iomlán Chuid II        ..          ..£

587,512,010

43,847,359

Iomlán an Sceidil     ..         ..£

630,881,960

45,530,779

* Easnamh.

* Easnamh.

* Easnamh.