10 1973


Uimhir 10 de 1973


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1973

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA bPINSEAN SEANAOISE, 1908 GO 1972, NA nACHTANNA UM CHÚNAMH DÍFHOSTAÍOCHTA, 1933 GO 1972, NA nACHTANNA UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAÍ, 1935 GO 1972, NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH (LIÚNTAIS LEANAÍ), 1944 GO 1970, AGUS NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH. 1952 GO 1973. [27 Meitheamh, 1973]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Minithe.

1933, Uimh. 46 .

1935, Uimh. 29 .

1946, Uimh. 8 .

1952, Uimh. 11 .

1964, Uimh. 28 .

1970, Uimh. 12 .

1972, Uimh. 15 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1933” an tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 ;

ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 ;

ciallaíonn “Acht 1946” an tAcht Liúntas Leanaí (Leasú), 1946;

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952;

ciallaíonn “Acht 1964” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1964 ;

ciallaíonn “Acht 1970” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1970 ;

ciallaíonn “Acht 1972” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1972 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Leasa Shóisialaigh.

Pinsin seanaoise (rátaí nua agus leathnú ar na teorainneacha acmhainne).

1969, Uimh. 19 .

1924, Uimh. 19 .

2. —(1) Leasaítear leis seo alt 77 d'Acht 1952—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1964):

“(2) Is é an ráta ar dá réir a íocfar pinsean, in ionad aon ráta eile—

(a) i gcás nach mó acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara ná £10·50—an ráta atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo,

(b) i gcás gur mó acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara ná £10·50—an ráta ar dá réir, faoi threoir an Tábla sin, ab iníoctha an pinsean dá mba gur mhó ná £9·50 ach nár mhó ná £10·50 acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara, lúide £1 i leith gach suim £1 (más ann) atá san acmhainn sheachtainiúil sin de bhreis ar £10·50, agus aon chodán de £1 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche sin mar £1; ar choinníoll, más lú ná 50 pingin nua an ráta, arna ríomh de bhun na míre seo, ar dá réir, mura mbeadh an coinníoll seo, ab iníoctha an pinsean, nach mbeidh an pinsean iníoctha, agus

(c) i gcás 80 bliain a bheith slánaithe ag an bpinsinéir—an ráta pinsin is iníoctha leis de réir mhír (a) nó (b) den fho-alt seo móide 50 pingin nua, agus

chun críocha an fho-ailt seo is é a bheidh in acmhainn sheachtainiúil an acmhainn bhliantúil arna roinnt ar chaoga a dó.

AN TABLA

An Ráta Pinsin

An Ráta Seachtainiúil

Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara

Éilitheoir nó pinsinéir, gan aon leanbh cáilithe

Éilitheoir nó pinsinéir, leanbh cáilithe amháin

Éilitheoir nó pinsinéir, beirt leanbh cháilithe nó níos mó

(1)

(2)

(3)

(4)

 

£

£

£

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara—

gan bheith níos mó ná £4     ..

6·15

7·80

9·45

Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann, £1·25 i leith gach leanbh cáilithe de bhreis ar bheirt.

níos mó ná £4 gan bheith níos mó ná £5     ..     ..     ..

5·15

6·80

8·45

níos mó ná £5 gan bheith níos mó ná £6     ..     ..     ..

4·15

5·80

7·45

níos mó ná £6 gan bheith níos mó ná £7     ..     ..     ..

3·15

4·80

6·45

níos mó ná £7 gan bheith níos mó ná £8     ..     ..     ..

2·15

3·80

5·45

níos mó ná £8 gan bheith níos mó ná £9     ..     ..     ..

1·15

2·80

4·45

níos mó ná £9 gan bheith níos mó ná £9·50     ..     ..     ..

0·65

2·30

3·95

níos mó ná £9·50 gan bheith níos mó ná £10·50     ..     ..     ..

Neamhní

1·30

2·95

agus

(b) trí “trí phunt agus caoga pingin nua” a chur i bhfo-alt (5) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1969 ) in ionad “trí phunt” (a cuireadh isteach le Acht 1972).

(2) Leasaítear leis seo alt 8 d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1924 (arna leasú le hAcht 1972) trí “ceithre chéad nócha is ceithre phunt” a chur in ionad “dhá chéad seachtó is trí phunt agus cúig phingin nua is seachtó” i bhfo-alt (1) (i).

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Iúil, 1973.

Cúnamh dífhostaíochta (rátaí nua).

3. —(1) Déantar leis seo an Sceideal a ghabhann leis an bhfo-alt seo a chur in Acht 1933 in ionad an Sceidil (a cuireadh isteach le hAcht 1972) a ghabhann leis.

AN SCEIDEAL

Rátaí Cúnamh Dífhostaíochta

Na haicmí daoine lena mbaineann na rátaí cúnaimh dhífhostaíochta atá leagtha amach sa Sceideal seo

An ráta cúnaimh dhífhostaíochta seachtainiúil a bhaineann le daoine atá ina gcónaí in aon limistéar uirbeach

An ráta cúnaimh dhífhostaíochta seachtainiúil a bhaineann le daoine atá ina gcónaí in aon áit eile

Duine gan chleithiúnaí  ..

£5·35

£5·05

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe     ..     ..

£9·25

£8·85

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus leanbh cleithiúnach amháin     ..

£10·90

£10·50

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus beirt leanbh chleithiúnacha nó níos mó     ..     ..     ..

 

 

£12·55

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £1·25 i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

 

 

£12·15

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £1·25 i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

Duine ag a bhfuil leanbh cleithiúnach amháin     ..

£7·15

£6·85

Duine ag a bhfuil beirt leanbh chleithiúnacha nó níos mó     ..     ..     ..

 

£8·80

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £1·25 i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

 

£8·50

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £1·25 i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Iúil, 1973.

Pinsin baintreach (neamhranníocach) (rátaí nua agus leathnú ar na teorainneacha acmhainne).

4. —(1) Leasaítear leis seo alt 20 (a cuireadh isteach le halt 105 d'Acht 1952) d'Acht 1935 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) (a) Is é an ráta ar dá réir a íocfar pinsean baintrí (neamhranníocach) faoi réir forálacha an Achta seo—

(i) i gcás nach mó acmhainn sheachtainiúil na baintrí ná £10·50—an ráta atá leagtha amach i dTábla B a ghabhann leis an bhfo-alt seo, agus

(ii) i gcás gur mó acmhainn sheachtainiúil na baintrí ná £10·50—an ráta ar dá réir ab iníoctha an pinsean faoi threoir an Tábla sin B leis an mbaintreach dá mba rud é gur mhó ná £9·50 ach nár mhó ná £10·50 a hacmhainn sheachtainiúil, lúide £1 i leith gach suim £1 (más ann) atá san acmhainn sheachtainiúil sin de bhreis ar £10·50, agus aon chodán de £1 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche sin mar £1.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo is é a bheidh in acmhainn sheachtainiúil an acmhainn bhliantúil arna roinnt ar chaoga a dó.

TABLA B

Rátaí Seachtainiúla Pinsean Baintreach (Neamhranníocach)

Acmhainn na Baintrí

Baintreach, gan aon leanbh cáilithe

Baintreach, leanbh cáilithe amháin

Baintreach, beirt leanbh cháilithe

(1)

(2)

(3)

(4)

 

£

£

£

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil na baintrí—

gan bheith níos mó ná £4     ..

6·15

8·15

10·15

Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann, £1·25 i leith gach leanbh cáilithe de bhreis ar bheirt.

níos mó ná £4 gan bheith níos mó ná £5     ..     ..     ..

5·15

7·15

9·15

níos mó ná £5 gan bheith níos mó ná £6     ..     ..     ..

4·15

6·15

8·15

níos mó ná £6 gan bheith níos mó ná £7     ..     ..     ..

3·15

5·15

7·15

níos mó ná £7 gan bheith níos mó ná £8     ..     ..     ..

2·15

4·15

6·15

níos mó ná £8 gan bheith níos mó ná £9     ..     ..

1·15

3·15

5·15

níos mó ná £9 gan bheith níos mó ná £9·50     ..     ..     ..

0·65

2·65

4·65

níos mó ná £9·50 gan bheith níos mó ná £10·50     ..     ..

Neamhní

1·65

3·65

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 5ú lá d'Iúil, 1973, i gcás liúntais is iníoctha de bhua alt 22 d'Acht 1970 nó alt 8 den Acht seo, agus an 6ú lá d'Iúil, 1973, i ngach cás eile.

Pinsin dílleachtaí (neamhranníocach) (rátaí nua agus leathnú ar na teorainneacha acmhainne).

5. —(1) Leasaítear leis seo Acht 1935 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 25 (a cuireadh isteach le hAcht 1952):

“25. (1) Faoi réir forálacha an Achta seo, is de réir an ráta atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo a bheidh pinsean dílleachta (neamhranníocach).

AN TABLA

Rátaí Seachtainiúla Pinsean Dílleachtaí (Neamhranníocach)

Acmhainn an Dílleachta

Na Rátaí Seachtainiúla

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an dílleachta—

£

gan bheith níos mó ná £1

 ..  

 ..  

 ..  

 ..  

 ..  

4

níos mó ná £1 gan bheith níos mó ná £2

 ..  

 ..  

 ..  

3

níos mó ná £2 gan bheith níos mó ná £3

 ..  

 ..  

 ..  

2

níos mó ná £3 gan bheith níos mó ná £4

 ..  

 ..  

 ..  

1

níos mó ná £4

 ..  

 ..  

 ..  

 ..  

 ..  

 ..  

Neamhní

(2) Ríomhfar acmhainn dílleachta de réir na rialacha atá sa Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, agus, chun críocha an ailt seo, is é a bheidh in acmhainn sheachtainiúil an acmhainn bhliantúil arna roinnt ar chaoga a dó.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Iúil, 1973.

Liúntais leanaí (rátaí nua agus leathnú ar an teorainn aoise do leanaí cáilithe).

1952, Uimh. 12 .

6. —(1) Leasaítear leis seo Acht 1946—

(a) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 4:

“4. Is leanbh cáilithe chun críocha liúntas leanaí leanbh más rud é—

(1) (a) go bhfuil sé faoi bhun sé bliana déag d'aois, nó

(b) ar aois sé bliana déag a bheith slánaithe aige go bhfuil sé faoi bhun ocht mbliana déag d'aois agus—

(i) go bhfuil sé ag fáil teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras eile oideachais,

(ii) gur printíseach é, nó

(iii) go bhfuil sé éagumasach, de dheasca éiglíocht coirp nó meabhrach, ar é féin a chothú agus gur dócha go mbeidh sé faoi éagumas amhlaidh go ceann i bhfad,

(2) go bhfuil gnáth-chónaí air sa Stát, agus

(3) nach bhfuil sé ar coinneáil i scoil cheartúcháin ná i scoil saothair ná faoi phríosúnacht ná faoi choinneáil i gcoimeád dlíthiúil.”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 6 (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1952 ):

“(1) Faoi réir forálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1973, agus na rialachán fúthu, aon duine a fhionnfar a bheith cáilithe le haghaidh liúntais leanaí, íocfar leis, fad a bheidh sé cáilithe amhlaidh, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, liúntas míosúil de réir—

(a) £2 i gcás é a bheith cáilithe i leith linbh cháilithe amháin,

(b) £5 i gcás é a bheith cáilithe i leith beirt leanbh cháilithe,

(c) £8·75 i gcás é a bheith cáilithe i leith triúr leanbh cáilithe nó níos mó, móide £3·75 i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar thriúr.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá d'Iúil, 1973.

Liúntas (cúram) seanaoise (ráta nua).

7. —(1) Leasaítear leis seo alt 21 (1) d'Acht 1970, lena ndéantar socrú le haghaidh liúntais (cúram) seanaoise, trí “£3·50” a chur in ionad “£3” (a cuireadh isteach le hAcht 1972).

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 5ú lá d'Iúil, 1973.

Liúntas cúnaimh shóisialaigh do mháithreacha neamhphósta.

8. —(1) Íocfar, faoi réir rialachán, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, liúntas (dá ngairtear liúntas cúnaimh shóisialaigh san alt seo) le bean—

(a) atá gan phósadh,

(b) nach bhfuil aois inphinsin slánaithe aici,

(c) a gcónaíonn leanbh cáilithe amháin ar a laghad léi, agus

(d) a chomhlíonann na coinníollacha maidir le hacmhainn atá sonraithe chun críocha an fho-ailt seo le rialacháin.

(2) Beidh ráta an liúntais chúnaimh shóisialaigh comhionann le ráta an phinsin bhaintrí (neamhranníocach) ab iníoctha leis an mbean faoi na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1973, dá mba bhaintreach í.

(3) Is leanbh cáilithe chun críocha an ailt seo maidir le bean leanbh más í máthair an linbh í agus más rud é, á chur i gcás gur bhaintreach í, gur leanbh cáilithe maidir léi an leanbh chun críocha na nAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1973.

(4) Déanfar aon cheist maidir le cónaí rialta linbh cháilithe a chinneadh, chun críocha an ailt seo agus na rialachán faoi, de réir alt 5 (2) d'Acht 1946 agus na rialacha faoin bhfo-alt sin.

(5) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil le liúntas cúnaimh shóisialaigh agus féadfaidh na rialacháin sin, go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo,—

(a) na himthosca a shonrú ina measfar, chun críocha an ailt seo, bean a bheith ina máthair neamhphósta,

(b) aon fhorálacha de chuid, nó a rinneadh faoi réim, Acht 1952 agus na nAchtanna ag leasú agus ag leathnú an Achta sin a fheidhmiú (le modhnú nó gan mhodhnú), nó forálacha a dhéanamh ar aon dul (le modhnú nó gan mhodhnú) le forálacha den sórt sin, agus

(c) nuair a bheidh iorálacha alt 46 d'Acht 1952 á bhfeidhmniú, a fhoráil, d'ainneoin aon ní dá bhfuil san alt sin, go mbeidh, in aon chás ina ndearnadh, de bhua chinneadh athbhreithnithe ó oifigeach breithiúnachta nó ó oifigeach achomhairc, liúntas cúnaimh shóisialaigh a dhícheadú nó a laghdú, cibé cion a ordóidh an tAire den liúntas a íocadh de bhreis ar an ráta a socraíodh leis an gcinneadh sin a bheith iníoctha inghnóthaithe mar fhiach atá dlite don Stát.

(6) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 5ú lá d'Iúil, 1973.

Deireadh leis an srian ar an gcáilíocht i leith cúnaimh dhífhostaíochta i gcás baintreacha agus ban singil áirithe.

9. —(1) Chun na coinníollacha a shonraítear in ailt 10 (3) (f) agus 15 (1) (f) d'Acht 1933 (a cuireadh isteach le mír 1 de Chuid 1 den Séú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952) a chomhlíonadh, beidh aon ranníoc fostaíochta faoi Acht 1952 ináirithe i gcás baintrí nó mná singile gan chleithiúnaí, agus, dá réir sin, leasaítear leis seo fomhír (ii) de gach ceann de na hailt sin trí “do réir an ghnáth-ráta” a scriosadh.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1973.

Deireadh leis an lamháltas maidir le hioncam airgid áirithe agus acmhainn le haghaidh pinsean seanaoise á ríomh.

1961, Uimh. 22 .

10. —(1) Leasaítear leis seo Riail 3 (1) (c) den Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 tríd an ábhar a cuireadh isteach le halt 19 den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1961 , a scriosadh.

(2) Aon duine a bhí i dteideal pinsin seanaoise díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ní lú a gheobhaidh an duine sin ar mhodh pinsin den sórt sin, ar an tosach feidhme sin nó dá éis, ná mar a gheobhadh sé dá mba nár achtaíodh an t-alt seo.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Iúil, 1973.

Ísliú ar an aois cháilitheach chun críocha pinsin.

1908, c. 40.

1932, Uimh. 18 .

1968, Uimh. 31 .

11. —(1) Leasaítear leis seo gach ceann de na forálacha seo a leanas trí thagairt do naoi mbliana is seasca a chur in ionad na tagartha do sheachtó bliain gach áit a bhfuil sí:—

(a) alt 2 (1) den Old Age Pensions Act, 1908,

(b) alt 6 d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1932 ,

(c) alt 10 (3) (b) d'Acht 1933,

(d) alt 21 (a cuireadh isteach le hAcht 1964), ailt 22 (1) agus 36 (a) (i) d'Acht 1935, agus

(e) ailt 80 (2) agus 81 (1) d'Acht 1952.

(2) (a) Leasaítear leis seo alt 2 (1) d'Acht 1952 trí “naoi mbliana is seasca” a chur in ionad “seachtó bliain” sa mhíniú ar “aois inphinsin”.

(b) Leasaítear leis seo alt 26 (4) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 , agus a leasaíodh le hAcht 1972) d'Acht 1952 trí “an aois inphinsin” a chur in ionad “aois 70 bliain”.

(c) Leasaítear leis seo alt 81 (1) d'Acht 1952 (arna leasú leis an Acht seo) trí “naoi mbliana is seasca” a chur in ionad “seachtó bliana”.

(d) Leasaítear leis seo alt 21 (1) (arna leasú leis an Acht seo) agus alt 22 (1) (b) d'Acht 1970 trí “an aois inphinsin” a chur in ionad “seachtó bliain d'aois” sa háiteanna ina bhfuil sé,

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 2ú lá d'Iúil, 1973.

Deireadh leis an teorainn luach saothair i gcás daoine árachaithe.

1965, Uimh. 20 .

12. —(1) Scoirfidh fostaíocht, nach obair láimhe, de réir ráta luach saothair is fiú níos mó ná £1,600 sa bhliain, de bheith eiscthe ó árachas faoi Acht 1952 agus, dá réir sin, leasaítear leis seo Cuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin trí mhír 1 (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1965 , agus a leasaíodh leis an Ordú Leasa Shóisialaigh (Teorainn Luach Saothair Daoine Árachaithe), 1971 (I.R. Uimh. 163 de 1971)) a scriosadh.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé dáta a cheapfaidh an tAire chuige sin le hordú.

Rátaí nua ranníocaí saorálacha agus deireadh le dliteanas ar bhaintreacha, ar bhanchéilí tréigthe agus ar mháithreacha neamhphósta áirithe i leith ranníocaí fostaíochta.

1960, Uimh. 25 .

13. —(1) Leasaítear leis seo mar a leanas alt 6 d'Acht 1952—

(a) in ionad an ráta ranníoca shaorálaigh atá leagtha amach i ngach mír a luaitear i gcolún (1) den Tábla seo a leanas, cuirfear i bhfo-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1960 ) an ráta atá leagtha amach, os coinne lua na míre sin sa cholún sin (1), i gcolún (2) den Tábla sin:

AN TABLA

An Mhír d'Alt 6 (2)

An Ráta Ranníoca

(1)

(2)

Mír (a)

..

..  

..  

..  

..  

54p 

Mír (b)

..

..  

..  

..  

..  

£1·34

agus

(b) agus tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):

“(10) I gcás ranníocóir fostaithe a bhfuil pinsean baintrí (ranníocach), pinsean baintrí (neamhranníocach), sochar banchéile thréigthe, liúntas banchéile thréigthe nó liúntas cúnaimh shóisialaigh faoi alt 8 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1973 , á fháil aici, ní bheidh an ráta ranníoca fostaíochta iníoctha a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo mar ranníoc is iníoctha ag ranníocóir fostaithe.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 2ú lá d'Iúil, 1973.

Ranníocaí fostaíochta (rátaí nua).

14. —(1) Leasaítear leis seo mar a leanas an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952: in ionad an ráta ranníoca atá leagtha amach i ngach mír a luaitear i gcolún (1) den Tábla seo a leanas, cuirfear an ráta atá leagtha amach os coinne lua na míre sin sa cholún sin (1) i gcolún (2) den Tábla sin:

AN TABLA

An Mhir den Dara Sceideal

(1)

An Ráta Ranníoca

(2)

£

Mír 1 (a):

(i) i gcás fear-ranníocóra fhostaithe

..  

..  

1·18

(ii) i gcás ban-ranníocóra fhostaithe

..  

..  

1·12

Mír 1 (b):

(i) i gcás fear-ranníocóra fhostaithe

..  

..  

1·51

(ii) i gcás ban-ranníocóra fhostaithe

..  

..  

1·49

Mír 2 (a)     ..

..  

..  

..  

..  

..  

..  

1·06

Mír 2 (b)     ..

..  

..  

..  

..  

..  

..  

1·37

Mír 2 A (a)

..

..

..

..

..

..

0·92

Mír 2 A (b)

..

..

..

..

..

..

1·35

Mír 3 (a)     ..

..

..

..

..

..

..

0·85

Mír 3 (b)     ..

..

..

..

..

..

..

1·13

Mír 3 A (a)

..

..

..

..

..

..

0·97

Mír 3 A (b)

..

..

..

..

..

..

1·49

Mír 4 (a)     ..

..

..

..

..

..

..

0·24

Mír 4 (b)     ..

..

..

..

..

..

..

0·30

Mír 5 (b)     ..

..

..

..

..

..

..

0·30

Mír 6 (a)     ..

..

..

..

..

..

..

1·09

Mír 6 (b)     ..

..

..

..

..

..

..

1·49

Mír 7 (a)     ..

..

..

..

..

..

..

1·09

Mír 7 (b)     ..

..

..

..

..

..

..

1·44

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 2ú lá d'Iúil, 1973.

Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).

15. —(1) Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952—

(a) tríd an gCuid seo a leanas a chur in ionad Chuid I (a cuireadh isteach le hAcht 1972):—

“CUID I

RATAI NA SOCHAR TREIMHSIUIL AGUS NA MEADUITHE ORTHU

An cineál sochair

Ráta Seachtainiúil

Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha)

Méadú i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe (más iníoctha)

Méadú i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha)

Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe faoi alt 26 (4) (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

(6)

£

£

£

£

£

1. Sochar Míchumais agus Sochar Dífhostaíochta:

(a) i gcás daoine os cionn ocht mbliana déag d'aois—

(i) fear, bean singil nó baintreach, bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó bean phósta a bhfuil teideal aici chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith fearchéile     ..     ..     ..     ..

6·55

4·25

1·85

1·50

--

(ii) aon bhean phósta eile     ..

5·35

--

--

--

--

(b) i gcás daoine faoi bhun ocht mbliana déag d'aois—

(i) má tá teideal ag an duine chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith cleithiúnaí aosaithe     ..     ..     ..

6·55

4·25

1·85

1·50

--

(ii) mura bhfuil teideal den sórt sin ag an duine     ..     ..     ..

5·35

--

--

--

2. Pinsean Easláine     ..     ..     ..

6·55

4·25

1·85

1·50

3·50

3. Liúntas Máithreachais     ..     ..

6·55

--

--

--

4. Pinsean Baintrí (Ranníocach):

(a) i gcás daoine faoi bhun ochtó bliain d'aois     ..     ..     ..

6·60

--

2·15

2·15

3·50

(b) in aon chás eile     ..     ..     ..

7·10

--

2·15

2·15

3·50

5. Sochar Banchéile Thréigthe     ..

6·60

--

2·15

2·15

--

6. Liúntas Dílleachta (Ranníocach)     ..

4·80

--

--

--

--

7. Pinsean Scoir agus Pinsean Seanaoise (Ranníocach):

(a) i gcás daoine faoi bhun ochtó bliain d'aois     ..     ..     ..

7·20

4·65

1·85

1·50

3·50

(b) in aon chás eile     ..     ..

7·70

4·65

1·85

1·50

3·50

(c) méadú breise i leith cleithiúnaí aosaithe a bhfuil an aois inphinsin slánaithe aige     ..     ..     ..

--

0·50

--

--

--

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, le sochar dífhostaíochta agus le liúntas máithreachais, an 2ú lá d'Iúil, 1973,

(b) a mhéid a bhaineann sé le sochar banchéile thréigthe, le pinsean easláine agus le pinsean scoir, an 5ú lá d'Iúil, 1973, agus

(c) a mhéid a bhaineann sé le haon sochar eile, an 6ú lá d'Iúil, 1973.

Méadú ar rátaí sochair dhífhostaíochta áirithe.

1967, Uimh. 18 .

16. —(1) Déantar leis seo na rátaí atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo a chur sa Tábla a ghabhann le halt 5 (2) den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1967 , in ionad na rátaí (a cuireadh isteach le hAcht 1972) atá leagtha amach ann.

AN TABLA

An Aicme Duine

Ráta Seachtainiúil

Méadú do chleithiúnaí aosaithe (más iníoctha)

Méadú do leanbh cáilithe nó do gach duine de bheirt leanbh cháilithe (más iníoctha)

Méadú do gach leanbh cáilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

£

£

£

£

Duine atá i dteideal méadú i leith linbh cháilithe ach nach bhfuil i dteideal méadú i leith cleithiúnaí aosaithe     ..

5·50

--

1·65

1·25

Aon duine eile     ..

5·35

3·90

1·65

1·25

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 2ú lá d'Iúil, 1973.

Sochar banchéile thréigthe.

1973, Uimh. 2 .

17. —(1) Leasaítear leis seo alt 14 d'Acht 1952 tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (l) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Sochar Pá-Choibhneasa), 1973 ) d'fho-alt (1):—

“(m) sochar banchéile thréigthe.”.

(2) Leasaítear leis seo Acht 1952 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 25D (a cuireadh isteach le hAcht 1970):

“25E (1) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh sochar banchéile thréigthe iníoctha le bean—

(a) atá tréigthe ag a fearchéile,

(b) más lú ná daichead bliain d'aois í, a gcónaíonn leanbh cáilithe amháin ar a laghad léi,

(c) a chomhlíonann na coinníollacha ranníoca iomchuí, agus

(d) a chomhlíonann cibé coinníollacha eile atá forordaithe.

(2) Déanfar na himthosca ina mbeidh sé le meas chun críocha an ailt seo go bhfuil bean tréigthe ag a fearchéile a chinneadh de réir rialacháin arna ndéanamh faoi alt 22 (5) (a) den Acht Leasa Shóisialaigh, 1970 .

(3) Is leanbh cáilithe chun críocha an ailt seo maidir le bean leanbh más rud é, á chur i gcás nár bheo dá fearchéile, gur leanbh cáilithe maidir léi chun críocha pinsin bhaintrí (ranníocach) faoin Acht seo an leanbh sin.”.

(3) Leasaítear leis seo alt 27 (1) d'Acht 1952 trí “nó sochair bhanchéile thréigthe” a chur isteach i ndiaidh “nó pinsin easláine nó pinsin scoir”.

(4) Leasaítear leis seo Acht 1952 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 28B (a cuireadh isteach le hAcht 1970):—

“28C (1) Faoi réir forálacha an ailt seo, féadfaidh foráil a bheith i rialacháin a dhéanfar le ceadú an Aire Airgeadais le teideal chun sochair bhanchéile thréigthe a thabhairt do dhaoine a bheadh ina theideal mura mbeadh na coinníollacha ranníoca iomchuí a bheith gan chomhlíonadh maidir leis an méan-uimhir ranníocaí a íocadh nó a creidiúnaíodh in aghaidh gach bliana ranníoca.

(2) Forálfar le rialacháin chun críocha an ailt seo gur de réir ráta is lú ná an ráta a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a bheidh sochar banchéile thréigthe iníoctha is sochar atá iníoctha de bhua an ailt seo, agus féadfaidh an ráta a shonrófar leis na rialacháin athrú de réir an mhéid a bheidh na coinníollacha ranníoca iomchuí comhlíonta, ach beidh aon mhéadú ar shochar is iníoctha faoi fho-alt (1) d'alt 27 den Acht seo comhionann leis an méadú ab iníoctha dá mba go raibh na coinníollacha ranníoca iomchuí comhlíonta ar fad.”.

(5) Leasaítear leis seo alt 47 (2) (b) d'Acht 1952 trí “sochar banchéile thréigthe,” a chur isteach roimh “pinsean easláine, pinsean scoir,” (a cuireadh isteach le hAcht 1970).

(6) Leasaítear leis seo an Ceathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 9 (a cuireadh isteach le hAcht 1970):—

“10. Sochar Banchéile Thréigthe.

Is iad na coinníollacha ranníoca i gcás sochair bhanchéile thréigthe—

(a) go mbeidh ar a laghad céad caoga is sé ranníoc fostaíochta íoctha i leith an fhearchéile in aghaidh na tréimhse a thosaigh ar a theacht faoi árachas agus a chríochnaigh díreach roimh an am iomchuí, agus

(b) má bhíonn, ag an am iomchuí, ceithre bliana nó tréimhse is faide ná sin caite ó theacht faoi árachas don fhearchéile, nach lú ná daichead a hocht meán-uimhir na ranníocaí in aghaidh na bliana ranníoca a bheidh íoctha nó creidiúnaithe ina leith in aghaidh na tréimhse dar thosach tús na bliana ranníoca a chuaigh sé faoi árachas agus dar chríoch deireadh na bliana ranníoca iomláine deiridh roimh an am iomchuí,

ach, mura mbeidh na coinníollacha sin roimhe seo comhlíonta de réir taifid árachais an fhearchéile, féadfar iad a bheith comhlíonta de réir taifid árachais na mná (agus gan aird a thabhairt ar thaifead árachais an fhearchéile).

Sa mhír seo ciallaíonn ‘am iomchuí’ an dáta a cinneadh an bhean a bheith tréigthe ag a fearchéile.”.

(7) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 5ú lá d'Iúil, 1973.

Deireadh leis an srian ar mhná pósta maidir le sochair áirithe, agus díothú an tsochair phósta dá bharr sin.

18. —(1) Leasaítear leis seo Acht 1952—

(i) tríd an mír seo a leanas a scríosadh as alt 14 (1):

“(c) sochar pósta, arb é a bheas ann deontas pósta,”,

(ii) trí na focail “deontais phósta nó” a scriosadh as alt 14 (3) (a),

(iii) tríd an ábhar a bhaineann le deontas pósta a scriosadh as Cuid II den Tríú Sceideal, agus

(iv) trí mhír 2 (a bhaineann le sochar pósta) a scriosadh as an gCeathrú Sceideal.

(2) Aisghairtear leis seo alt 18 (lena ndéantar foráil le haghaidh teideal chun sochair phósta) agus alt 30 (faoina bhfuil bean dícháilithe ar phósadh di chun sochair áirithe a fháil nó go mbeidh 26 ranníoc fostaíochta íoctha i leith fostaíocht tar éis pósadh di) d'Acht 1952.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1973.

Sochair dhíobhálacha ceirde (rátaí nua).

1966, Uimh. 16 .

19. —(1) Déantar leis seo an tAcht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 , a leasú mar a leanas:

(a) in alt 8 (3) (a) cuirfear “seacht bpunt agus deich bpingin nua” in ionad “sé phunt agus deich bpingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1972);

(b) in alt 8 (3) (b) cuirfear “naoi bpunt agus deich bpingin nua” in ionad “ocht bpunt agus deich bpingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1972);

(c) in alt 9 (7) (a) cuirfear “sé chéad agus tríocha punt” in ionad “cúig chéad seasca is ocht bpunt” (a cuireadh isteach le hAcht 1972);

(d) cuirfear an Tábla a ghabhann leis an mír seo in ionad Tábla 1 a ghabhann le halt 9 (8) (arna leasú):—

TABLA I

An grád míthreorach

An ráta seachtainiúil

£

100 faoin gcéad

..

..

..

..

..

..

9·10

90  ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

8·19

80  ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

7·28

70  ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

6·37

60  ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

5·46

50  ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

4·55

40  ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

3·64

30  ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

2·73

20  ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

1·82

(e) cuirfear an Tábla a ghabhann leis an mír seo in ionad Tábla II a ghabhann le halt 9 (8) (arna leasú):—

TABLA II

An grád míthreorach

An ráta seachtainiúil

£

100 faoin gcéad

..

..

..

..

..

..

7·10

90  ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

6·39

80  ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

5·68

70  ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

4·97

60  ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

4·26

50  ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

3·55

40  ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

2·84

30  ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

2·13

20  ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

1·42

(f) in alt 9 (9) (b) (ii) cuirfear “£1·82” in ionad “£1·62” agus “£1·42” in ionad “£1·22” (a cuireadh isteach le hAcht 1972);

(g) in alt 10 (1) cuirfear “ceithre phunt agus cúig phingin nua is fiche” in ionad “trí phunt agus cúig phingin nua is seachtó” (a cuireadh isteach le hAcht 1972);

(h) in alt 11 (1) cuirfear “punt agus cúig phingin nua is ochtó” in ionad “punt agus cúig phingin nua is tríocha” (a cuireadh isteach le hAcht 1972) agus cuirfear “punt agus caoga pingin nua” in ionad “punt” (a cuireadh isteach le hAcht 1972);

(i) in alt 12 (1) (a) cuirfear “cúig phunt agus cúig phingin nua is tríocha” in ionad “ceithre phunt agus cúig phingin nua is tríocha” (a cuireadh isteach le hAcht 1972);

(j) in alt 12 (1) (b) cuirfear “sé phunt agus cúig phingin nua is caoga” in ionad “cúig phunt agus cúig phingin nua is caoga” (a cuireadh isteach le hAcht 1972);

(k) in alt 12 (2) (a) cuirfear “dhá chéad tríocha is ceithre phunt” in ionad “céad agus ceithre phunt”;

(l) in alt 13 (1) cuirfear “£3·50” in ionad “£3” (a cuireadh isteach le hAcht 1972) agus cuirfear “seacht bpunt” in ionad “ochtó scilling”;

(m) in alt 15 (1) (a) (i) cuirfear “seacht bpunt agus deich bpingin nua” in ionad “sé phunt agus deich bpingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1972);

(n) in alt 15 (1) (a) (ii) cuirfear “naoi bpunt agus deich bpingin nua” in ionad “ocht bpunt agus deich bpingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1972);

(o) in ailt 17 (2) agus 18 (2) cuirfear “ocht bpunt agus seasca pingin nua” in ionad “seacht bpunt agus seasca pingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1972);

(p) in alt 18 (3) cuirfear “ceithre chéad daichead is seacht bpunt” in ionad “trí chéad nocha is cúig phunt” (a cuireadh isteach le hAcht 1972);

(q) in alt 19 cuirfear “dhá phunt agus cúig phingin nua déag” in ionad “punt agus caoga pingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1972) gach áit a bhfuil sé;

(r) in alt 20 cuirfear “trí phunt agus ochtó pingin nua” in ionad “dhá phunt agus ochtó pingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1972) gach áit a bhfuil sé, agus cuirfear “d'ocht bpunt agus seasca pingin nua” in ionad “do sheacht bpunt agus seasca pingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1972) gach áit a bhfuil sé;

(s) in alt 21 (2) cuirfear “cúig phunt agus deich bpingin nua” in ionad “ceithre phunt agus deich bpingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1972);

(t) in alt 25 (3) (a) cuirfear “punt agus dhá phingin nua is daichead” in ionad “punt agus dhá phingin nua is fiche” (a cuireadh isteach le hAcht 1972);

(u) in alt 25 (3) (b) cuirfear “punt agus dhá phingin nua is ochtó” in ionad “punt agus dhá phingin nua is seasca” (a cuireadh isteach le hAcht 1972);

(v) in alt 36 (4) cuirfear “agus (m)” isteach i ndiaidh “(k)” (a cuireadh isteach le hAcht 1970); agus

(w) in alt 2, scriosfar fo-alt (3).

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 2ú lá d'Iúil, 1973.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

20. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1973 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo—

(a) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1972, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1973, a ghairm díobh le chéile,

(b) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1972, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1973, a ghairm díobh le chéile,

(c) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1972, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1973, a ghairm díobh le chéile,

(d) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1970, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1973, a ghairm díobh le chéile,

(e) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1973, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus folófar é sa chomhlua, na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1973.