|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 17 de 1973 | ||
[EN] |
ACHT NA STÁTSEIRBHÍSE (FOSTÚ BAN PÓSTA), 1973 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT D'AISGHAIRM FORÁLACHA REACHTÚLA ÁIRITHE A SHRIANANN FOSTÚ BAN PÓSTA SA STÁTSEIRBHÍS AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS AN ÁBHAR RÉAMHRÁITE. [31 Iúil, 1973] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— | ||||
[EN] | ciallaíonn “Acht na gCoimisinéirí” Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956; | |||||
[EN] | ciallaíonn “an tAcht Rialaithe” Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956 ; | |||||
[EN] | ciallaíonn “an Státseirbhís” Státseirbhís an Rialtais agus Státseirbhís an Stáit. | |||||
[EN] |
Alt 16 (2) (c) d'Acht na gCoimisinéirí a aisghairm. |
2. —(1) Aisghairtear leis seo mír (c) d'fho-alt (2) d'alt 16 d'Acht na gCoimisinéirí a thugann cumhacht do Choimisinéirí na Státseirbhíse foráil a chur i rialacháin faoin alt sin maidir le comórtais le haghaidh ceapacháin chun poist sa Státseirbhís go gcaithfidh baniarrthóir bheith neamhphósta nó ina baintreach le bheith inroghnaithe. | ||||
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le comórtas a mbeidh— | |||||
[EN] | (a) an dáta ina leith, arna shocrú leis na rialacháin iomchuí chun iarratais a ghlacadh, níos luaithe ná tosach feidhme an Achta seo, | |||||
[EN] | (b) roghnú iarrthóirí ina leith lena gceapadh faoi alt 17 d'Acht na gCoimisnéirí gan chríochnú ag an tosach feidhme sin, agus | |||||
[EN] | (c) foráil sna rialacháin iomchuí ina leith go gcaithfidh baniarrthóir bheith neamhphósta nó ina baintreach le bheith inroghnaithe. | |||||
[EN] | (3) D'ainneoin fho-alt (2) den alt seo nó alt 17 (2) (b) d'Acht na gCoimisinéirí, aon bhan-iarrthóir ag comórtas dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo a phósfaidh idir an dáta a bheidh socraithe leis na rialacháin iomchuí chun iarratais a ghlacadh agus an dáta a chríochnófar roghnú iarrthóirí lena gceapadh, ní bheidh sí, i ngeall amháin ar í pósadh, neamhcháilithe chun an roghnaithe sin. | |||||
[EN] | (4) Má bhíonn aon cheist ann faoin Acht seo i dtaobh cé acu atá roghnú iarrthóirí lena gceapadh críochnaithe nó nach bhfuil, cinnfidh Coimisinéirí na Státseirbhíse an cheist sin agus is cinneadh críochnaitheach a gcinneadh. | |||||
[EN] |
Alt 10 den Acht Rialaithe a aisghairm. |
3. —Aisghairtear leis seo alt 10 den Acht Rialaithe a cheanglaíonn ar mhná ar státseirbhísigh iad scor as an Státseirbhís ar phósadh dóibh. | ||||
[EN] |
Leasú ar alt 11 den Acht Rialaithe. |
4. —Leasaítear leis seo alt 11 den Acht Rialaithe a bhfuil foráil ann i dtaobh baintreacha áirithe a ligean ar ais sa Státseirbhís— | ||||
[EN] | (a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): | |||||
[EN] | “(1) San alt seo— | |||||
[EN] | ciallaíonn ‘an t-údarás oiriúnach’, maidir le bean lena mbaineann an t-alt seo, an t-údarás dob údarás iomchuí maidir léi dá leanadh sí d'fhónamh sa phost (dá ngairtear a post bunaidh san alt seo) a bhí aici díreach sular scoir sí chun pósadh, ar phósadh di, nó tar éis pósadh di, go dtí an dáta a dhéanfaidh sí iarratas faoi fho-alt (2) den alt seo; | |||||
[EN] | ciallaíonn ‘bean lena mbaineann an t-alt seo’ bean— | |||||
[EN] | (a) a bhí ina státseirbhiseach, | |||||
[EN] | (b) a scoir as an Státseirbhís chun pósadh, ar phósadh di, nó tar éis pósadh di, agus | |||||
[EN] | (c) atá de thuras na huaire ina baintreach nó ina bean nár phós nó a mbeidh suite fúithi chun sástacht an Aire Airgeadais nach bhfuil sí á cothabháil ag a fearchéile.”, | |||||
[EN] | agus | |||||
[EN] | (b) trí “bean lean mbaineann an t-alt seo” a chur in ionad “baintreach lena mbaineann an t-alt seo” gach áit a bhfuil na focail sin i bhfo-alt (2) agus trí “aon bhean lena mbaineann an t-alt seo” a chur in ionad “aon bhaintreach lena mbaineann an t-alt seo” i bhfo-alt (3), | |||||
[EN] | agus, dá réir sin, beidh éifeacht ag an alt sin de réir an Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |||||
| ||||||
[EN] |
Leasuithe iarmhartacha ar Acht na gCoimisinéirí. |
5. —Leasaítear leis seo Acht na gCoimisinéirí trí na hailt seo a leanas a chur in ionad ailt 21 agus 24 faoi seach: | ||||
| ||||||
[EN] |
Gearrtheideal. |
6. —Féadfar Acht na Státseirbhíse (Fostú Ban Pósta), 1973 , a ghairm den Acht seo. |