|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 30 de 1973 | ||
[EN] |
AN tACHT UM CHOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA (LEASÚ), 1973 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DÁ CHUMASÚ ÍOCAÍOCHTAÍ BREISE NACH MÓ NÁ MÉID IOMLÁN SONRAITHE A DHÉANAMH THAR CEANN AN RIALTAIS LEIS AN gCOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA. [19 Nollaig, 1973] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta 1960. |
1. —Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (cc) (a cuireadh isteach leis an Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1971 ): | ||||||||
[EN] | “(ccc) Iocaíochtaí leis an gComhlachas nach mó san iomlan ná £3,100,070, de réir aon chomhshocraíochtaí idir an Rialtas agus an Comhlachas de bhíthin aon Rúin ó Bhord Rialtóirí an Chomhlachais i dtaobh sócmhainní breise airgeadais,”, | |||||||||
[EN] | agus, dá réir sin, beidh éifeacht ag an bhfo-alt sin mar atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo: | |||||||||
| ||||||||||
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1973 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 go 1973, a ghairm de na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 agus 1971, agus den Acht seo le chéile. |