32 1973


Uimhir 32 de 1973


AN tACHT CAIPITIL TEILEAFÓIN, 1973

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO SHOLÁTHAR TUILLEADH AIRGID CHUN AN CÓRAS TEILEAFÓNACH POIBLÍ A FHORBAIRT AGUS CHUN CRÍOCHA EILE A BHAINEANN LEIS SIN. [24 Nollaig, 1973]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Eisiúint bhreise chun an córas teileafónach a fhorbairt.

1. —I dteannta an airgid a údaraítear leis na hAchtanna Caipitil Teileafóin, 1924 go 1969, féadfaidh an tAire Airgeadais cibé suimeanna, nach mó san iomlán ná céad seachtó is cúig mhilliún punt, a bhí nó a bheidh ag teastáil ón Aire Poist agus Telegrafa chun an córas teileafónach poiblí a fhorbairt de réir mheastacháin arna gceadú ag an Aire Airgeadais a eisiúint as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

Féadfaidh an tAire Airgeadais iasacht a fháil chun críocha an Achta seo.

2. —(1) Chun airgead a sholáthar i gcóir na suimeanna a údaraítear leis an Acht seo a eisiúint as an bPríomh-Chiste nó chun airgead a sholáthar chun gach suim nó aon suim a eiseofar as an bPríomh-Chiste faoi údarás an Achta seo a aisíoc leis an gCiste sin, féadfaidh an tAire Airgeadais suimeanna a bheidh ag teastáil a fháil ar iasacht agus féadfaidh sé chun na críche sin iad seo a leanas a bhunú agus a eisiúint—

(a) blianachtaí infhoirceanta a rithfidh ar feadh cibé tréimhse is oiriúnach leis tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Poist agus Telegrafa,

(b) aon urrúis eile a bheidh faoi cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis.

(2) Íocfar isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheofar ar iasacht faoin alt seo.

(3) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear príomhshuime agus úis aon urrús a eiseofar faoi fho-alt (1) (b) den alt seo agus muirear na gcaiteachas i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.

(4) Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas:

(a) íocaíochtaí i leith blianachtaí infhoirceanta a bunaíodh faoin alt seo,

(b) aisíocaíochtaí leis an bPríomh-Chiste ar shuimeanna a íocadh as an gcéanna i leith príomhshuim, ús nó caiteachas a muirearaíodh faoi fho-alt (3) den alt seo.

Ailt 3 agus 4 den Acht Capitail Thelefóin, 1927 , a chorprú.

1927, Uimh. 8 .

1963, Uimh. 31 .

3. —Déantar alt 3 den Acht Capitail Thelefóin, 1927 , agus alt 4 den Acht sin arna leasú le halt 3 (2) den Acht Caipitil Teileafóin, 1963 , a chorprú leis an Acht seo.

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht Caipitil Teileafóin, 1973 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Caipitil Teileafóin, 1924 go 1973, a ghairm de na hAchtanna Caipitil Teileafóin, 1924 go 1969, agus den Acht seo le chéile.