17 1974


Uimhir 17 de 1974


AN tACHT AIRGEADAIS (CÁNACHAS AR BHRABÚIS MHIANACH ÁIRITHE), 1974

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ MAIDIR LE CÁNACHAS AR BHRABÚIS MHIANACH ÁIRITHE. [13 Iúil, 1974]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1956, Uimh. 8 .

1967, Uimh. 6 .

1920, c. 18.

1. —(1) San Acht seo, ach amháin a mhéid a fhoráiltear a mhalairt nó a éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1956” an tAcht Airgeadais (Brabúis Mhianach Áirithe) (Faoiseamh Sealadach ó Chánachas), 1956 ;

ciallaíonn “Acht 1967” an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “na hAchtanna a bhaineann le cáin bhrabús corparáide” Cuid V den Finance Act, 1920, agus na hachtacháin a leasaíonn nó a leathnaíonn an Chuid sin;

ciallaíonn “caiteachas forbartha” caiteachas caipitiúil—

(a) ag forbairt mianaigh cháilithigh, nó

(b) ag déanamh aon oibreacha i ndáil le mianach cáilitheach is oibreacha de shaghas gur dócha, nuair a scoirfear den mhianach a oibriú, go mbeidh a luach chomh laghdaithe sin gur beag is fiú iad, nó nach fiú dada iad,

agus folaíonn sé ús ar airgead a fuarthas ar iasacht chun íoc as an gcaiteachas caipitiúil sin, ach ní fholaíonn sé—

(c) caiteachas chun láithreán an mhianaigh nó láithreán aon oibreacha den sórt sin nó cearta in aon láithreán nó thar aon láithreán den sórt sin a fháil, ná

(d) caiteachas chun sócmhainn mhianra sceidealta a fháil, ná

(e) caiteachas ar oibreacha a rinneadh go hiomlán nó go formhór chun amhtháirge an mhianaigh a chur faoi aon phróis seachas próis a ceapadh chun an t-amhtháirge a ullmhú chun a úsáidte sa cháil sin;

ciallaíonn “caiteachas taiscealaíochta” caiteachas caipitiúil ag cuardach sa Stát ar lorg foslach mianraí sceidealta nó ag tástáil na bhfoslach sin nó ag déanamh bealaigh chucu agus folaíonn sé caiteachas caipitiúil ag cuardach go riail-eagartha ar lorg limistéir ina bhfuil mianraí sceidealta agus ag cuardach trí tholladh nó ar dhóigh eile ar lorg mianraí sceidealta sna limistéir sin, ach ní fholaíonn sé caiteachas ar oibríochtaí le linn mianach cáilitheach a bheith á oibriú ná caiteachas is caiteachas forbartha;

tá le “liúntas forbartha mhianaigh” an bhrí chéanna atá leis in alt 245 d'Acht 1967;

ciallaíonn “mianach cáilitheach” mianach atá á oibriú chun mianraí sceidealta a fháil;

ciallaíonn “sócmhainn mhianra sceidealta” foslach mianraí sceidealta nó talamh ina bhfuil foslach den sórt sin nó leas san fhoslach nó sa talamh sin nó ceart thairis;

tá le “mianraí sceidealta” an bhrí chéanna atá leis in alt 382 d'Acht 1967;

ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim, forcháin nó cáin bhrabús corparáide, de réir mar is iomchuí.

(2) Ach amháin mar a fhoráiltear in ailt 3, 4 agus 5, ní mheasfar, chun críocha an Achta seo, caiteachas a bheith tabhaithe ag duine ag seoladh trádála dó ag oibriú mianaigh cháilithigh a mhéid a íocadh nó a íocfar an caiteachas sin go díreach nó go neamhdhíreach as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas nó ag aon duine eile (nach duine a bhí ag seoladh trádála ag oibriú an mhianaigh sin).

(3) Déanfar aon tagairtí san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairtí don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

(4) San Acht seo aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(5) San Acht seo aon tagairt d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Liúntas i leith caiteachais fhorbartha agus caiteachais taiscealaíochta.

1946, Uimh. 15 .

2. —(1) I gcás duine a sheolann trádáil ag oibriú mianaigh cháilithigh do thabhú aon chaiteachais fhorbartha nó caiteachais taiscealaíochta an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, agus é do dhéanamh iarratais faoi alt 245 d'Acht 1967 ar liúntas forbartha mhianaigh do bhliain mheasúnachta i leith an chaiteachais sin—

(a) measfar gur caiteachas ar féidir an liúntas sin a dheonú ina leith an caiteachas sin, cibé acu a fuarthas nó nach bhfuarthas, i gcás caiteachais taiscealaíochta, foslach mianraí sceidealta de thoradh an chaiteachais,

(b) beidh méid an liúntais sin don bhliain mheasúnachta sin comhionann lena n-iomlán seo a leanas—

(i) an caiteachas taiscealaíochta, agus

(ii) i gcás caiteachais fhorbartha, méid an difir idir an caiteachas sin agus an méid is dóigh leis an gcigire is fiú na sócmhainní in ionannas leis an gcaiteachas sin i ndeireadh marthanacht mheasta an mhianaigh réamhráite, agus

(c) maidir le cás ina raibh éifeacht ag an alt seo, déanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach Ioncaim do liúntas a tugadh faoin alt sin 245 a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do liúntas a tugadh faoin alt sin de bhua an ailt seo:

Ar choinníoll nach gcuirfear i gcuntas, chun críocha an ailt seo, caiteachas taiscealaíochta nach bhfuarthas foslach mianraí sceidealta dá thoradh más breis agus deich mbliana roimh an dáta a thosaigh an duine réamhráite ar oibriú mianaigh cháilithigh a sheoladh mar thrádáil a tabhaíodh an caiteachas.

(2) I gcás duine a sheolann trádáil ag oibriú mianaigh cháilithigh do thabhú caiteachais chaipitiúil roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, a raibh sé i dteideal, faoi alt 245 d'Acht 1967, liúntas forbartha mhianaigh a iarraidh ina leith agus suim den chaiteachas sin a bheith gan lamháil fós ar an dáta sin, féadfaidh an duine a roghnú go ndéanfaí méid an liúntais fhorbartha mhianaigh don bhliain mheasúnachta 1974-75 i leith an chaiteachais sin a mhéadú go dtí méid is ionann agus an méid den chaiteachas a bhí gan lamháil amhlaidh.

(3) San alt seo áireofar gurb é an méid caiteachais a bhí gan lamháil fós an 6ú lá d'Aibreán, 1974, méid an difir mheasta, de réir brí alt 245 (5) (b) d'Acht 1967, lúide aon liúntas forbartha mhianaigh a deonaíodh, nó a meastar faoi alt 245 (13) den Acht sin a bheith arna dheonú, d'aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain mheasúnachta 1974-75.

(4) Ní thabharfar aon liúntas faoi fho-alt (1) i leith caiteachas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, cibé acu a mheasfar nó nach measfar, de bhua aon fhorála den Acht seo, den Acht Airgeadais, 1946 , nó d'Acht 1967, gur ar an dáta sin nó dá éis a tabhaíodh é.

Caiteachas ar thaiscealaíocht gan toradh.

1973, Uimh. 19 .

3. —(1) I gcás duine a bhí ag seoladh trádála ag oibriú mianaigh cháilithigh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, agus a thabhaigh caiteachas taiscealaíochta an 6ú lá d'Aibreán, 1967, nó dá éis, ach roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, agus nach i ndáil leis an mianach cáilitheach sin a tabhaíodh an caiteachas sin, ansin, le linn brabúis nó gnóchain na trádála sin don bhliain mheasúnachta 1974-75 a bheith á muirearú i leith cánach, lamhálfar asbhaint ar cóimhéid leis an gcaiteachas sin.

(2) I gcás duine a thosaigh ar thrádáil a sheoladh ag oibriú mianaigh cháilithigh tar éis an 6ú lá d'Aibreán, 1974, agus gur thabhaigh sé caiteachas taiscealaíochta an 6ú lá d'Aibreán, 1967, nó dá éis, agus nach i ndáil leis an mianach cáilitheach sin a tabhaíodh an caiteachas sin ach gur i dtréimhse deich mbliana roimh an dáta a thosaigh sé ag seoladh na trádála sin a tabhaíodh é, ansin, le linn brabúis nó gnóchain na trádála sin don bhliain mheasúnachta a thosaigh sé ag seoladh na trádála sin a bheith á muirearú i leith cánach, lamhálfar asbhaint ar cóimhéid leis an gcaiteachas sin.

(3) Más rud é, i gcás dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó (2), gur comhlacht corpraithe an duine lena mbaineann agus go raibh nó go bhfuil, tar éis dó an caiteachas go léir dá dtagraítear sa chás sin nó cuid den chaiteachas sin a thabhú, athrú, de réir brí an Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1973 , ar úinéireacht an chomhlachta chorpraithe nó ar úinéireacht comhlachta chorpraithe is máthairchomhlacht nó fochomhlacht ar lánúinéireacht, de réir brí alt 4, ag an gcomhlacht corpraithe chéadluaite, ní lamhálfar aon asbhaint faoin alt seo i leith aon chuid den chaiteachas sin a tabhaíodh roimh an dáta a athraíodh an úinéireacht:

Ar choinníoll, in aon chás ina bhfaighidh Aire Stáit cuid de ghnáthscairchaipiteal aon chomhlachta chorpraithe, go ndéanfar neamhshuim den fháil sin nuair a bheifear á chinneadh an raibh nó an bhfuil athrú den sórt sin a dúradh ar úinéireacht.

(4) I gcás duine tosú an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, ar thrádáil a sheoladh ag oibriú mianaigh cháilithigh ach nach é a thabhaigh an caiteachas taiscealaíochta a tabhaíodh i ndáil leis an mianach sin, ní thabharfar aon liúntas faoin alt seo ná de bhua alt 2 i leith caiteachas taiscealaíochta a thabhaigh an duine sin roimh an dáta a thosaigh sé ag seoladh na trádála sin.

(5) Ní bheidh duine i dteideal asbhainte ná liúntais i leith an chaiteachais chéanna faoin alt seo agus freisin faoi fhoráil éigin eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim nó de na hAchtanna a bhaineann le cáin bhrabús corparáide.

Caiteachas taiscealaíochta a thabhaigh comhlachtai corpraithe áirithe.

4. —(1) I gcás caiteachas taiscealaíochta, ar féidir liúntas a éileamh ina leith de bhua alt 2 nó alt 3, a thabhú ag comhlacht corpraithe (dá ngairtear an chuideachta thaiscealaíochta san alt seo) agus—

(a) gur fochomhlacht, nó go meastar gur fochomhlacht, ar lánúinéireacht ag an gcuideachta thaiscealaíochta comhlacht corpraithe eile, nó

(b) gur fochuideachta, nó go meastar gur fochuideachta, ar lánúinéireacht ag comhlucht corpraithe eile an chuideachta thaiscealaíochta,

ansin, an caiteachas nó an méid sin de a shonróidh an chuideachta thaiscealaíochta—

(i) sa chás dá dtagraítear i mír (a), féadfar, de rogha na cuideachta taiscealaíochta, a mheas gur tabhaíodh é ag cibé comhlacht corpraithe eile (is é sin, comhlacht corpraithe ar fochuideachta, nó a meastar gur fochuideachta, é ar lánúinéireacht ag an gcuideachta thaiscealaíochta) a shonróidh an chuideachta thaiscealaíochta,

(ii) sa chás dá dtagraítear i mír (b), féadfar, de rogha na cuideachta taiscealaíochta, a mheas gur tabhaíodh é ag an gcomhlacht corpraithe (dá ngairtear an máthairchomhlacht anseo feasta) a raibh an chuideachta thaiscealaíochta tráth an chaiteachais a thabhú ina fochuideachta ar lánúinéireacht aige nó ag cibé comhlacht corpraithe eile (is é sin comhlacht corpraithe ar fochomhlacht, nó a meastar gur fochomhlacht é ar lánúinéireacht ag an máthairchomhlacht) a shonróidh an chuideachta thaiscealaíochta,

agus i gcás inar ar dháta roimh dháta an chomhlachta chorpraithe a bheidh sonraithe amhlaidh a chorprú a tabhaíodh an caiteachas sin, beidh feidhm, maidir le haon liúntas a thabhairt i leith an chaiteachais sin, ag forálacha an Achta seo, ionann is dá mbeadh an comhlacht corpraithe sin ann tráth an chaiteachais a thabhú agus gur thabhaigh sé an caiteachas an tráth sin:

Ar choinníoll—

(i) nach gcuirfear an caiteachas céanna i gcuntas maidir le breis agus trádáil amháin de bhua an ailt seo, agus

(ii) nach dtabharfar asbhaint ná liúntas i leith an chaiteachais chéanna de bhua an ailt seo agus freisin faoi fhoráil éigin eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim nó de na hAchtanna a bhaineann le cáin bhrabús corparáide.

(2) Measfar, chun críocha fho-alt (1), maidir le comhlacht corpraithe, gur fochomhlacht é atá ar lánúinéireacht ag comhlacht corpraithe eile má tá agus fad atá a ghnáth-scairchaipiteal go léir ar úinéireacht ag an gcomhlacht corpraithe eile sin go díreach nó trí chomhlacht corpraithe eile nó trí chomhlachtaí corpraithe eile, nó i bpáirt go díreach agus i bpáirt trí chomhlacht corpraithe eile nó trí chomhlachtaí corpraithe eile:

Ar choinníoll, i gcás cuid de ghnáth-scairchaipiteal aon chomhlachta chorpraithe a bheith ar teachtadh ag Aire Stáit agus an chuid eile de ghnáth-scairchaipiteal an chomhlachta chorpraithe sin a bheith ar teachtadh ag comhlacht corpraithe eile, go measfar, chun críocha fho-alt (1), gur fochomhlacht atá ar lánúinéireacht ag an gcomhlacht corpraithe sin is deireanaí atá luaite an comhlacht corpraithe chéadluaite.

(3) Beidh feidhm ag forálacha Chuid II den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1973 , chun méid an ghnáth scairchaipitil atá ar teachtadh i gcomhlacht corpraithe trí chomhlachtaí corpraithe eile a chinneadh.

Caiteachas ag duine agus gan é ag gabháil do mhianadóireacht.

5. —(1) I gcás inar thabhaigh duine, an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó roimhe nó dá éis, caiteachas taiscealaíochta trína bhfuarthas foslach de mhianraí sceidealta agus go ndearna sé, gan aon trádáil a dhéanamh arbh éard í nó ar chuid di an foslach sin a oibriú agus gan éileamh a dhéanamh ar aon liúntas ná asbhaint faoi réim ná de bhua an Achta seo i leith an chaiteachais sin, aon sócmhainní is ionannas don chaiteachas sin a dhíol le duine eile, ansin, má sheolann an duine eile sin trádáil mar a dúradh i ndáil leis an bhfoslach sin, measfar, chun críocha an Achta seo, gur thabhaigh an duine eile sin, chun críocha na trádála agus i ndáil leis an bhfoslach, caiteachas taiscealaíochta ar cóimhéid leis an gcaiteachas taiscealaíochta arb ionannas dó na sócmhainní nó an praghas a d'íoc sé ar na sócmhainní, cibé acu is lú, agus measfar gur ar an dáta a thosaigh sé ag gabháil don trádáil réamhráite a thabhaigh sé an caiteachas sin.

(2) Aon duine a éileoidh liúntas de bhua fho-alt (1) i leith caiteachas arb ionannas dó na sócmhainní a fuair sé, ní mheasfar an caiteachas sin a bheith tabhaithe aige mura mbeidh de thoradh ar an bhfoslach réamhráite a oibriú cainníochtaí réasúnacha tráchtála de mhianraí sceidealta a tháirgeadh.

(3) Ní thabharfar asbhaint ná liúntas i leith an chaiteachais chéanna faoin alt seo agus freisin faoi fhoráil éigin eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim nó de na hAchtanna a bhaineann le cáin bhrabús corparáide.

(4) Ní bhainfidh alt 6 le caiteachas a dtabharfar liúntas ina leith de bhua an ailt seo.

Liúntas infheistíochta i leith caiteachais taiscealaíochta.

6. —(1) I gcás duine a sheolann trádáil ag oibriú mianaigh cháilithigh do thabhú caiteachas taiscealaíochta an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, a bhfuil éifeacht ag alt 2 ina leith, tabharfar dó, i dteannta aon liúntais fhorbartha mhianaigh a tugadh i leith an chaiteachais sin, in aghaidh na bliana measúnachta ar tugadh an liúntas forbartha mhianaigh sin ina haghaidh, liúntas (dá ngairfear liúntas infheistíochta taiscealaíochta) ar cóimhéid leis an gcúigiú cuid den chaiteachas sin agus bainfidh alt 245 (6) d'Acht 1967 le liúntas infheistíochta taiscealaíochta mar a bhaineann sé le liúntas forbartha mhianaigh.

(2) Ní thabharfar aon liúntas faoin alt seo i leith caiteachas taiscealaíochta—

(a) a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, cibé acu a mheasfar nó nach measfar, de bhua aon fhorála den Acht seo, den Acht Airgeadais, 1946 , nó d'Acht 1967, gur ar an dáta sin nó dá éis a tabhaíodh é, nó

(b) a mheasfar a bheith tabhaithe ag duine seachas an duine a thabhaigh an caiteachas:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an mír seo maidir le caiteachas a mheasfar, faoi alt 4, a bheith tabhaithe ag comhlacht corpraithe seachas an comhlacht corpraithe a thabhaigh an caiteachas.

Liúntais d'innealra agus do ghléasra.

1967, Uimh. 17 .

1971, Uimh. 23 .

7. —(1) I gcás innealra nua nó gléasra nua (seachas feithiclí atá oiriúnach chun daoine nó earraí a iompar de bhóthar nó chun feithiclí eile a tharraingt ar bóthar) a sholáthar an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, lena n-úsáid chun críche trádála ag oibriú mianaigh cháilithigh, ansin, murab innealra nó gléasra cáilitheach an t-innealra nó an gléasra sin, measfar chun críche alt 11 den Acht Airgeadais, 1967 , gur innealra nó gléasra cáilitheach é.

(2) I gcás inar thabhaigh duine a sheolann trádáil ag oibriú mianaigh cháilithigh caiteachas caipitiúil roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, ag soláthar innealra nó gléasra chun críocha na trádála sin, féadfar an méid den chaiteachas sin a bhí gan lamháil fós ar an dáta sin, de réir brí alt 274 d'Acht 1967, a lamháil, ar an duine dá roghnú sin, mar asbhaint le linn brabúis na trádála sin a bheith á muirearú i leith cánach don bhliain mheasúnachta 1974-75.

(3) I gcás duine a sheolann trádáil ag oibriú mianaigh cháilithigh do thabhú caiteachais chaipitiúil, an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, ag soláthar innealra nua nó gléasra nua (seachas feithiclí atá oiriúnach chun daoine nó earraí a iompar de bhóthar nó chun feithiclí eile a tharraingt ar bóthar) chun críocha na trádála sin, tabharfar dó, don bhliain mheasúnachta sa bhonn-tréimhse ar ina haghaidh a tabhaíodh an caiteachas, liúntas ar cóimhéid leis an gcúigiú cuid den chaiteachas, agus tabharfar an liúntas sin mar asbhaint le linn brabúis nó gnóchain na trádála sin a bheith á muirearú i leith cánach agus is liúntas é in ionad aon liúntais i leith an innealra nó an ghléasra sin faoi alt 22 (2) den Acht Airgeadais, 1971 .

(4) Beidh feidhm ag fo-ailt (3), (4) agus (5) d'alt 22 agus ag ailt 23, 24 agus 25 den Acht Airgeadais, 1971 , amhail is dá gcuirfí fo-alt 23, 24 agus 25 den Acht Airgeadais, 1971 , amhail is dá gcuirfí fo-alt a bhaineann siad le duine a sheolann trádáil ag oibriú mianaigh cháilithigh.

Liúntas bliantúil as ídiú mianra.

8. —(1) I gcás duine a sheolann trádáil ag oibriú mianaigh cháilithigh do thabhú caiteachais chaipitiúil tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1974, ag fáil sócmhainn mhianra sceidealta a thugann teideal dó foslaigh de mhianraí sceidealta a oibriú agus é do thosú ag oibriú na bhfoslach sin i ndáil leis an trádáil sin, beidh sé i dteideal liúntais fhorbartha mhianaigh faoi alt 245 d'Acht 1967 i leith an chaiteachais chaipitiúil sin a mhéid a bheadh sé i dteideal an liúntais sin dá mba chaiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag forbairt an mhianaigh an caiteachas caipitiúil sin, ach ní bheidh feidhm ag alt 2 i leith aon chaiteachais den sórt sin.

(2) I gcás duine a thosaigh nó a thosóidh, an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, ar thrádáil a sheoladh ag oibriú mianaigh cháilithigh do thabhú caiteachais chaipitiúil roimh an dáta sin ag fáil sócmhainne mianra sceidealta i ndáil leis an mianach sin, measfar, chun críocha an ailt seo, gurb é an lá a thosaigh sé ag seoladh na trádála sin a thabhaigh sé an caiteachas sin agus beidh feidhm ag fo-alt (1) dá réir sin.

Liúntas i leith cánach brabús corparáide.

1959, Uimh. 18 .

9. —Leasaítear leis seo alt 69 (1) den Acht Airgeadais, 1959 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(cc) liúntas faoin Acht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Áirithe), 1974 ,”.

Liúntas mianaigh imeallaigh.

10. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “mianach imeallach” mianach cáilitheach a dtabharfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála deimhniú ina leith á rá gur deimhin leis, má chuirtear na brabúis a fuarthas nó a gheofar as oibriú an mhianaigh sin faoi mhuirear cánach de réir forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim agus na nAchtanna a bhaineann le cáin bhrabús corparáide, ach gan forálacha an ailt seo a áireamh, gur dócha nach n-oibreofar an mianach nó nach leanfar dá oibriú.

(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, a ordú, maidir le haon mhianach imeallach, go ndéanfar an cháin is inmhuirir ar bhrabúis an mhianaigh cháilithigh sin d'aon bhliain mheasúnachta áirithe nó d'aon tréimhse chuntasaíochta áirithe a laghdú go dtí cibé suim (lena n-áirítear nialas) a shonróidh sé.

(3) I gcás duine a bheith ag seoladh trádála ag oibriú mianaigh cháilithigh a dtabharfaidh an tAire Airgeadais ordú ina leith faoi fho-alt (2) maidir le bliain mheasúnachta nó tréimhse chuntasaíochta, tabharfar liúntas (dá ngairfear liúntas mianaigh imeallaigh) mar asbhaint le linn brabúis na trádála sin a bheith á muirearú i leith cánach ioncaim don bhliain mheasúnachta sin agus mar asbhaint le linn brabúis na trádála sin a bheith á ríomh chun críocha cánach brabús corparáide don tréimhse chuntasaíochta sin agus beidh sa liúntas cibé méid nó méideanna a áiritheoidh go mbeidh an cháin a mhuirearófar i leith brabúis na trádála sin ar cóimhéid leis an tsuim a bheidh sonraithe ag an Aire sin.

Cáin ioncaim a mhuirearú ar shuimeanna ó shócmhainní mianraí sceidealta a dhíol.

1940, Uimh. 31 .

11. —(1) I gcás duine a chónaíonn sa Stát do dhíol aon sócmhainne mianra sceidealta tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1974, agus gur suim chaipitiúil, go hiomlán nó go páirteach, an glanfháltas ón díol, muirearófar, faoi réir forálacha an ailt seo, cáin air faoi Chás IV de Sceideal D don bhliain mheasúnachta a gheobhaidh sé an tsuim ar chóimhéid na suime sin:

Ar choinníoll, más aonaí an duine sin agus go roghnóidh sé, trí fhógra i scríbhinn chuig an gcigire tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana measúnachta a íocfar an tsuim, go ndéanfaí é a mhuirearú i leith cánach don bhliain mheasúnachta sin agus do gach bliain de na cúig bliana measúnachta comhleanúnacha ina dhiaidh sin, ar shuim ar cóimhéid le séú cuid na suime sin, go muirearófar amhlaidh é.

(2) I gcás duine nach gcónaíonn sa Stát do dhíol aon sócmhainne mianra sceidealta tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1974, agus gur suim chaipitiúil, go hiomlán nó go páirteach, an glanfháltas ón díol, ansin—

(a) muirearófar cáin air i leith na suime sin faoi Chás IV de Sceideal D don bhliain mheasúnachta a gheobhaidh sé an tsuim sin, agus

(b) bainfidh alt 434 d'Acht 1967 leis an tsuim sin amhail is dá mba íocaíocht bhliantúil í ab iníoctha ar dhóigh seachas as brabúis nó gnóchain a cuireadh faoi mhuirear cánach:

Ar choinníoll, más aonaí an duine sin agus go roghnóidh sé, trí fhógra i scríbhinn chuig na Coimisinéirí Ioncaim, tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana measúnachta a íocfar an tsuim, go n-áireofaí an tsuim sin chun críche cánach don bhliain sin agus do gach bliain de na cúig bliana comhleanúnacha ina dhiaidh sin amhail is dá mbeadh an séú cuid di, agus gan níos mó ná sin, ar áireamh in ioncam dá chuid is inmhuirir i leith cánach do gach bliain faoi seach de na blianta sin, go ndéileálfar léi amhlaidh, agus go ndéanfar gach aisíocaíocht agus measúnacht chánach do gach bliain díobh sin de réir mar is gá chun éifeacht a thabhairt don rogha, ach sin ar shlí áfach—

(i) nach ndéanfaidh an rogha difear don mhéid cánach a bheidh le hasbhaint agus a mbeidh cuntas le tabhairt air faoin alt sin 434,

(ii) má dhéantar aon suim a asbhaint faoin alt sin 434, gur ar mhodh aisíoc cánach a dhéanfar aon choigeartuithe is gá chun éifeacht a thabhairt don rogha, agus

(iii) go ndéanfar na coigeartuithe sin bliain ar bhliain agus amhail is dá mba go ndearnadh an séú cuid den tsuim a asbhaineadh a asbhaint i leith cánach in aghaidh gach bliana, agus nach ndéanfar an chuid sin, ná aon mhír den chuid sin, den cháin a asbhaineadh agus a áireofar a bheith asbhainte i leith cánach d'aon bhliain a aisíoc mura bhfionnfar agus go dtí go bhfionnfar gur lú an cháin (seachas forcháin) a bheidh le híoc faoi dheireadh don bhliain sin ná an méid cánach (seachas forcháin) a íocadh don bhliain sin.

(3) I gcás gur trína ceannach a fuair duine an tsócmhainn mhianra sceidealta a dhíolfaidh sé agus gur shuim chaipitiúil, go hiomlán nó go páirteach, an praghas a íocadh, beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) amhail is dá mbeadh aon suim chaipitiúil a gheobhaidh sé nuair a dhíolfaidh sé an tsócmhainn arna laghdú de mhéid na suime sin:

Ar choinníoll nach ndéanfaidh aon ní san fho-alt seo difear don mhéid cánach a bheidh le hasbhaint agus a mbeidh cuntas le tabhairt air faoi alt 434 d'Acht 1967 de bhua fho-alt (2), agus i gcás aon suim a asbhaint faoin alt sin 434 gur ar mhodh aisíoc cánach a dhéanfar aon choigeartú is gá le héifeacht a thabhairt d'fhorálacha an fho-ailt seo.

(4) I gcás ina bhfaighfear, de bhua ordú ón Aire Tionscail agus Tráchtála faoi alt 14 den Acht Forbairte Minearál, 1940 , mianraí sceidealta nó cearta chun na mianraí sin a oibriú agus go n-íocfaidh an tAire sin cúiteamh le haon duine i leith na fála sin, measfar, chun críocha an ailt seo, sócmhainn mhianra sceidealta a bheith díolta ag an duine sin ar shuim chaipitiúil ar cóimhéid leis an gcúiteamh a íocadh leis agus bainfidh na forálacha sin roimhe seo den alt seo leis an gcúiteamh sin mar a bhaineann siad le suim chaipitiúil a fhaightear i leith sócmhainn mhianra sceidealta a dhíol.

(5) San alt seo agus in alt 12 folaíonn aon tagairt do cheart sóc mhainn mhianra sceidealta a dhíol tagairt do cheadúnas a thabhairt mianraí sceidealta a oibriú.

Cáin bhrabús corparáide a mhuirearú ar shuimeanna ó shócmhainní mianraí sceidealta a dhíol.

12. —I gcás comhlacht corpraithe do dhíol sócmhainne mianra sceidealta tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1974, agus go mbeidh cáin ioncaim le muirearú, de bhua alt 11, ar an nglanfháltas ón díol, déanfar, chun críocha cánach brabús corparáide, an méid a bheidh le muirearú amhlaidh a áireamh mar bhrabúis nó mar ghnóchain a tháinig chun an chomhlachta chorpraithe sa tréimhse chuntasaíochta ar dháta ann an dáta a tháinig an glanfháltas sin chun bheith dlite agus cáin bhrabús corparáide a mhuirearú air dá réir sin.

Leasú ar alt 387 d'Acht 1967.

13. —(1) Leasaítear leis seo alt 387 (2) (a) d'Acht 1967, maidir le cuideachtaí a thosaigh nó a thosóidh ag trádáil i ndáil le mianach cáilitheach an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó roimhe nó dá éis, trí “dar tosach an lá tosaithe agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1974” a chur in ionad “dhá chéad is daichead mí dar tosach an lá tosaithe” agus tá an t-alt sin 387 (2) (a), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(2) San alt seo agus in ailt 14 go 17 den Acht seo tá le “cuideachta” agus “mianach cáilitheach” na bríonna a shanntar dóibh faoi seach le hAcht 1956.

AN TáBLA

387. (2) (a) Más as na brabúis a íocfar díbhinn go hiomlán nó go páirteach agus, maidir leis an díbhinn sin, gur laistigh de thréimhse (dá ngairtear an tréimhse díolúine anseo feasta sa Chaibidil seo) dar tosach an lá tosaithe agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1974, a bheidh iomlán na tréimhse díbhinne, beidh an chuideachta i dteideal cáin ioncaim a asbhaint de réir alt 456 den chuid sin, más aon chuid é, den díbhinn a ghabhann thar an íocaíocht iomchuí, ach ní bheidh an chuideachta i dteideal cáin ioncaim a asbhaint as an íocaíocht iomchuí.

Leasú ar alt 389 d'Acht 1967.

14. —Leasaítear leis seo alt 389 d'Acht 1967, maidir le cuideachtaí a thosaigh nó a thosóidh ag trádáil i ndáil le mianach cáilitheach an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó roimhe nó dá éis, trí “an 5ú lá d'Aibreán, 1974” a chur in ionad “deireadh an aonú bliain is fiche” sa dá áit ina bhfuil na focail sin agus tá an t-alt sin 389, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TáBLA

389. Ní bheidh éifeacht ag an gCaibidil seo chun críocha cánach ioncaim maidir le haon bhliain mheasúnachta a thosóidh tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1974, ach ní chuirfidh an fhoráil seo cosc le halt 387 do bhaint le díbhinn a íocfar tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1974, i gcás iomlán na díbhinne, nó cuid di, a íoc as brabúis thréimhse a mbeidh a hiomlán, nó cuid di, laistigh den tréimhse díolúine.

Deireadh le faoiseamh ó cháin ioncaim.

15. —Ní thabharfar faoiseamh ó cháin ioncaim faoi alt 386 d'Acht 1967 do chuideachta i leith aon bhliain mheasúnachta tar éis na bliana 1973-74, cibé acu is ar an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó roimhe nó dá éis a thosaigh an chuideachta ag trádáil i ndáil le mianach cáilitheach a oibriú.

Rogha maidir le cáin ioncaim a mhuirearú don bhliain 1974-75.

16. —(1) I gcás duine a sheolann trádáil ag oibriú mianaigh cháilithigh a bheith inmhuirir i leith cánach ioncaim don bhliain 1974-75 agus go ndéanfaí, de réir forálacha alt 58 (1) d'Acht 1967, é a mhuirearú i leith cánach ioncaim faoi Chás I de Sceideal D ar mhéid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan don bhliain roimh an mbliain sin, féadfaidh sé a roghnú, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire roimh an 1ú lá de Lúnasa, 1974, go muirearófaí i leith cánach ioncaim é don bhliain 1974-75 faoi threoir mhéid na mbrabús nó na ngnóchan don bhliain sin.

(2) Má dhéanann duine an rogha dá bhforáiltear i bhfo-alt (1), muirearófar i leith cánach ioncaim é don bhliain 1974-75 amhail is dá mba mhéid ar cóimhéid le méid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan don bhliain 1974-75 méid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan don bhliain roimh an mbliain sin 1974-75.

Deireadh le faoiseamh ó cháin bhrabús corparáide.

17. —(1) Faoi réir fho-alt (2), ní thabharfar faoiseamh ó cháin bhrabús corparáide faoi alt 6 d'Acht 1956 do chuideachta in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta de chuid na cuideachta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dáta dá éis, cibé acu is ar an dáta sin nó roimhe nó dá éis a thosaigh an chuideachta ag trádáil i ndáil le mianach cáilitheach a oibriú.

(2) I gcás aon tréimhse chuntasaíochta den sórt sin de chuid cuideachta ar roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, do chuid di agus ar an dáta sin nó dá éis do chuid eile di, cionroinnfear brabúis na cuideachta idir na codanna i gcomhréir le fad na gcodanna, agus, chun críocha fho-alt (1), ní dhéanfar ach an méid sin de na brabúis a chionroinnfear ar an dara cuid atá luaite a áireamh, chun críocha fho-alt (1), mar bhrabúis de chuid na cuideachta do thréimhse chuntasaíochta dar críoch an dáta sin nó dáta dá éis.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

18. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Áirithe), 1974 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a bhaineann sé le cáin ioncaim, a léamh agus a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus, a mhéid a bhaineann sé le cáin bhrabús corparáide, a léamh agus a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna a bhaineann le cáin bhrabús corparáide.

(3) Measfar gur tháinig an tAcht seo i ngníomh agus glacfaidh sé éifeacht amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1974.