|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 18 de 1974 | ||
[EN] |
AN tACHT UM ONNMHAIRIÚ A SPREAGADH (LEASÚ), 1974 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM ONNMHAIRIÚ A SPREAGADH, 1959 GO 1971. [15 Iúil, 1974] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “an Bord” Córas Tráchtála; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála. | |
[EN] |
Méadú ar dheontais neamh-inaisíoctha don Bhord. |
2. —Ní mó ná fiche is cúig mhilliún punt comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis an mBord chun a chumasú don Bhord a fheidhmeanna a fheidhmiú nó a chomhlíonadh (gan aon suim a íocadh leis an mBord faoi alt 4 den Acht um Onnmhairiú a Spreagadh (Leasú), 1963 , a áireamh) agus, dá réir sin, forléireofar alt 16 (1) den Acht um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 , ionann is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime atá luaite ann. |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua |
3. —(1) Féadfar an tAcht um Onnmhairiú a Spreagadh (Leasú), 1974 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 go 1974, a ghairm de na hAchtanna um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 go 1971, agus den Acht seo le chéile. |