26 1974


Uimhir 26 de 1974


AN tACHT UM RIALÚ IOMLAOIDE (BUANÚ), 1974

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO CHOIMEÁD AN ACHTA UM RIALÚ IOMLAOIDE, 1954 , I nGNÍOMH. [30 Iúil, 1974]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

An tAcht um Rialú Iomlaoide, 1954 a choimeád i ngníomh.

1954, Uimh. 30 .

1970, Uimh. 23 .

1. —Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad alt 2 (2) den Acht um Rialú Iomlaoide, 1954 , arna leasú le halt 1 den Acht um Rialú Iomlaoide (Buanú), 1970 :

“(2) Leanfaidh an tAcht seo i ngníomh go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1978, agus éagfaidh sé ansin.”.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Rialú Iomlaoide (Buanú), 1974 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Rialú Iomlaoide, 1954 go 1974, a ghairm de na hAchtanna um Rialú Iomlaoide, 1954 go 1970, agus den Acht seo le chéile.