11 1976


Uimhir 11 de 1976


AN tACHT UM AN DLÍ TEAGHLAIGH (COTHABHÁIL CÉILÍ AGUS LEANAÍ), 1976

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH FORÁLA LE hAGHAIDH ÍOCAÍOCHTAÍ TRÉIMHSIÚLA AG CÉILE CHUN AN CÉILE EILE AGUS AON LEANAÍ CLEITHIÚNACHA DE CHLANN NA gCÉILÍ A CHOTHÚ I gCÁSANNA ÁIRITHE MAINNEACHTANA AG AN gCÉILE COTHABHÁIL RÉASÚNACH A SHOLÁTHAR, DÁ CHUMASÚ ÍOCAÍOCHTAÍ A DHÉANAMH AG FOSTÓIR, TRÍ ASBHAINT AS TUILLEAMH FOSTAÍ, LE DUINE I dTEIDEAL, FAOI ORDUITHE CÚIRTE ÁIRITHE, ÍOCAÍOCHTAÍ TRÉIMHSIÚLA A FHÁIL ÓN bhFOSTAÍ LE hAGHAIDH COTHABHÁLA, DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE AGUS DO LEASÚ AR SHLITE EILE AN DLÍ A BHAINEANN LE TUISMITHEOIRÍ AGUS LEANAÍ.

[6 Aibreán, 1976]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 , a ghairm den Acht seo.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lá is mí tar éis dáta a rite.

Léiriú.

1930, Uimh. 17 .

1964, Uimh. 7 .

1974, Uimh. 16 .

3. —(1) San Acht seo, ach mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “réamh-ordú” —

(a) ordú cothabhála,

(b) ordú athrúcháin,

(c) ordú eatramhach,

(d) ordú faoi alt 8 den Acht seo (a mhéid a mheastar faoin alt sin gur ordú cothabhála é),

(e) ordú a meastar faoi alt 30 den Acht seo gur ordú cothabhála é,

(f) ordú ag déanamh forála le haghaidh íocaíochta tréimhsiúla faoi Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 ,

(g) ordú le haghaidh cothabhála faoi alt 11 (2) (b) den Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 ,

(h) ordú cothabhála infheidhmithe faoin Acht um Orduithe Cothabhála, 1974 ,

(i) ordú ag ordú ailiúnas a íoc go dtí go ndéanfar agra nó go dtí go n-íocfar buan-ailiúnas;

ciallaíonn “ordú astaithe tuillimh” ordú faoi alt 10 den Acht seo:

forléireofar “Cúirt” de réir alt 23 den Acht seo;

ciallaíonn “leanbh cleithiúnach den teaghlach”, maidir le céile nó céilí, aon leanbh—

(a) leis an dá chéile, nó a d'uchtaigh an dá chéile faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1974, nó a bhfuil an dá chéile in loco parentis maidir leis, nó

(b) le ceachtar céile, nó a d'uchtaigh ceachtar céile faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1974, nó a bhfuil ceachtar céile in loco parentis maidir leis, i gcás ina bhfuil déileáilte ag an gcéile eile, agus a fhios aige nach duine de thuismitheoirí an linbh é, leis an leanbh mar dhuine den teaghlach,

atá faoi bhun sé bliana déag d'aois, nó má tá an aois sin slán aige—

(i) a bhfuil nó a mbeidh nó, dá ndéanfaí ordú faoin Acht seo do dhéanamh socrú le haghaidh íocaíochtaí tréimhsiúla lena chothú, a mbeadh oideachas nó teagasc lánaimsire á fháil aige in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras eile oideachais agus atá faoi bhun bliain is fiche d'aois, nó

(ii) a bhfuil an oiread sin de mhíchumas meabhrach nó coirp air nach féidir leis le réasún é féin a chothabháil go hiomlán;

folaíonn “tréigean” iompar ar thaobh céile amháin a dtarlaíonn dá bharr an céile eile, ar chúis mhaith, dá fhágáil agus cónaí ar leithligh agus scartha uaidh, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “tuilleamh” aon suimeanna is iníoctha le duine—

(a) ar mhodh pá nó tuarastail (lena n-áirítear aon táillí, bónas, coimisiún, pá breis-ama nó díolaíochtaí eile is iníoctha i dteannta pá nó tuarastail nó is iníoctha faoi chonradh seirbhíse);

(b) ar mhodh pinsin nó sochair eile dá shamhail i leith fostaíochta (lena n-áirítear blianacht i leith seirbhísí san aimsir atá caite, cibé acu is don duine a íocann an bhlianacht a rinneadh iad nó nach dó, agus lena n-áirítear íocaíochtaí tréimhsiúla ar mhodh cúitimh i ndíolaíochtaí aon oifige nó fostaíochta a chailleadh, mar gheall ar dheireadh a chur leo nó scaradh leo, nó mar gheall ar iad laghdú);

ciallaíonn “ordú eatramhach” ordú faoi alt 7 den Acht seo;

ciallaíonn “creidiúnaí cothabhála”, maidir le hordú faoin Acht seo (seachas ordú faoi alt 22 den Acht seo), nó maidir le himeachtaí de bharr ordaithe den sórt sin, duine ar ar iarratas uaidh a rinneadh ordú den sórt sin;

ciallaíonn “féichiúnaí cothabhála”, maidir le hordú astaithe tuillimh, nó maidir le himeachtaí ina bhfuil cumhacht ag Cúirt ordú den sórt sin a dhéanamh, nó maidir le himeachtaí de bharr ordaithe den sórt sin, an céile a gceanglaíonn an réamh-ordú iomchuí air íocaíochtaí a íoc agus, maidir le haon ordú eile faoin Acht seo (seachas ordú faoi alt 22 den Acht seo) nó maidir le himeachtaí ina bhfuil cumhacht ag Cúirt ordú den sórt sin a dhéanamh, nó maidir le himeachtaí de bharr ordaithe den sórt sin, céile atá nó, dá ndéanfaí é, a bheadh faoi cheangal ag ordú den sórt sin íocaíochtaí tréimhsiúla a íoc chun daoine a ainmnítear san ordú a chothú:

ciallaíonn “ordú cothabhála” ordú faoi alt 5 den Acht seo;

tá le “gnáth-ráta asbhainte” agus le “ráta tuillimh chosanta” na bríonna a shanntar dóibh faoi seach le halt 10 den Acht seo;

ciallaíonn “ordú athrúcháin” ordú faoi alt 6 den Acht seo ag athrú ordaithe cothabhála.

(2) Faoi réir alt 16 den Acht seo, measfar baint fostaí le fostóir a bheith ag beirt daoine le chéile má dhéanann duine acu mar phríomhaí agus ní mar sheirbhíseach ná mar ghníomhaire tuilleamh a íoc leis an duine eile.

(3) Folaíonn tagairtí san Acht seo do chléireach Cúirte Dúiche tagairtí dá chomharba in oifig chléireach Cúirte Dúiche agus d'aon duine ag gníomhú thar a cheann.

(4) Forléireofar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin, lena n-áirítear an tAcht seo.

Nuair a thosóidh íocaíochtaí tréimhsiúla.

4. —Tosóidh íocaíocht thréimhsiúil faoi ordú faoin Acht seo ar cibé dáta, nach luaithe ná dáta an ordaithe a dhéanamh, a shonrófar san ordú.

CUID II

Céilí agus Leanaí Cleithiúnacha a Chothabháil

Ordú cothabhála.

5. —(1) (a) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, i gcás inar dealraitheach don Chúirt, ar chéile do dhéanamh iarratais chuici, go bhfuil mainnithe ag an gcéile eile an chothabháil sin is cuí sna himthosca a sholáthar don chéile iarrthach agus d'aon leanaí cleithiúnacha den teaghlach, féadfaidh an Chúirt ordú (dá ngairtear ordú cothabhála san Acht seo) a dhéanamh go n-íocfaidh an céile eile leis an gcéile iarrthach íocaíochtaí tréimhsiúla, chun an céile iarrthach agus gach duine de leanaí cleithiúnacha an teaghlaigh a chothú, go ceann cibé tréimhse le linn don chéile iarrthach a bheith beo, a mbeidh cibé méid iontu agus cibé tráthanna, is cuí leis an gCúirt.

(b) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, i gcás céile—

(i) a bheith éagtha,

(ii) a bheith tar éis an céile eile a thréigean nó a bheith tréigthe ag an gcéile eile, nó

(iii) a bheith ina chónaí ar leithligh agus scartha ón gcéile eile,

agus go bhfuil leanaí cleithiúnacha sa teaghlach (nach leanaí atá á gcothabháil go hiomlán ag ceachtar céile), ansin, más dealraitheach don Chúirt, ar aon duine do dhéanamh iarratais chuici, go bhfuil mainnithe ag an gcéile marthanach nó, de réir mar a bheidh, ag ceachtar céile an chothabháil sin is cuí sna himthosca a sholáthar d'aon leanaí cleithiúnacha den teaghlach, féadfaidh an Chúirt ordú (dá ngairtear ordú cothabhála san Acht seo) a dhéanamh go n-íocfaidh an céile sin leis an duine sin íocaíochtaí tréimhsiúla, chun gach duine de na leanaí cleithiúnacha sin a chothú, go ceann cibé tréimhse le linn don duine sin a bheith beo, a mbeidh cibé méid iontu agus cibé tráthanna, is cuí leis an gCúirt.

(c) Sonrófar in ordú cothabhála nó in ordú athrúcháin gach cuid d'íocaíocht faoin ordú ar le leanbh cleithiúnach a chothú í agus féadfar an tréimhse, le linn bheith beo don duine a d'iarr an t-ordú, a shonrú ann a ndéanfar an oiread sin d'íocaíocht faoin ordú, ar chun leanbh cleithiúnach a chothú é, a íoc ina haghaidh.

(2) Ní dhéanfaidh an Chúirt ordú cothabhála ag ordú céile a chothú i gcás inar thréig an céile an céile eile agus go leanann sé nó sí den tréigean.

(3) I gcás adhaltranas a bheith déanta ag an gcéile iarrthach, ansin—

(a) má lig an céile eile leis an adhaltranas nó má chúlcheadaigh sé nó sí é, nó má chabhraigh sé nó sí leis trí fhaillí nó mí-iompar toiliúil, ní foras an t-adhaltranas ar a faidh an Chúirt diúltú ordú cothabhála a dhéanamh chun an céile iarrthach a chothú,

(b) murar lig an céile eile leis an adhaltranas nó murar chúlcheadaigh sé nó sí é, nó murar chabhraigh sé nó sí léis trí fhaillí nó mí-iompar toiliúil, féadfaidh an Chúirt, d'ainneoin an adhaltranais, ordú cothabhála chun an céile iarrthach a chothú a dhéanamh in aon chás inar dóigh leis an gCúirt, ag féachaint do na himthosca uile (lena n-áirítear iompar an chéile eile), gur cuí sin a dhéanamh.

(4) Le linn don Chúirt bheith á chinneadh an ndéanfaidh nó nach ndéanfaidh sí ordú cothabhála agus, má chinneann sí é a dhéanamh, le linn di bheith ag cinneadh méid aon íocaíochta, beidh aird aici ar imthosca uile an cháis agus, go háirithe, ar na hábhair seo a leanas—

(a) ioncam, cumas tuillimh (más ann), maoin agus acmhainn airgeadais eile na gcéilí agus aon leanaí cleithiúnacha den teaghlach, lena n-áirítear ioncam nó sochair chun a bhfuil teideal le reacht nó faoi reacht ag ceachtar céile nó ag aon leanaí den sórt sin, agus

(b) freagrachtaí airgeadais agus freagrachtaí eile na gcéilí i leith a chéile agus i leith aon leanaí cleithiúnacha den teaghlach agus riachtanais aon leanaí cleithiúnacha den sórt sin, lena n-áirítear aire agus aireachas.

Ordú cothabhála a urscaoileadh, a athrú agus a fhoirceannadh.

6. —(1) Féadfaidh an Chúirt—

(a) ordú cothabhála a urscaoileadh aon tráth tar éis bliana ó thráth a dhéanta, ar iarratas ón bhféichiúnaí cothabhála, i gcás inar dealraitheach don Chúirt, ag féachaint do stair íocaíochtaí an fhéichiúnaí cothabhála de bhun an ordaithe agus d'imthosca eile an cháis, nach ndochróidh urscaoileadh an ordaithe cothabhála na daoine ar dá gcothú a dhéanann sé socrú, nó

(b) ordú cothabhála a urscaoileadh nó a athrú aon tráth, ar iarratas ó cheachtar páirtí, más cuí léi sin a dhéanamh ag féachaint d'aon imthosca nach raibh ann nuair a rinneadh an t-ordú nó, má athraíodh é, an uair dheireanach a athraíodh é, nó d'aon fhianaise nach raibh fáil uirthi ag an bpáirtí sin nuair a rinneadh an t-ordú cothabhála nó, má athraíodh é, an uair dheireanach a athraíodh é.

(2) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo, urscaoilfidh an Chúirt, ar iarratas a dhéanamh chuici faoin bhfo-alt sin, an chuid sin d'ordú cothabhála a dhéanann socrú chun creidiúnaí cothabhála a chothú i gcás ina ndealraíonn sé di gur thréig an creidiúnaí cothabhála, is é sin, céile an fhéichiúnaí cothabhála, an féichiúnaí cothabhála agus go leanann sé nó sí den tréigean.

(3) Beidh an chuid sin d'ordú cothabhála a dhéanann socrú chun leanbh cleithiúnach a chothú arna hurscaoileadh nuair a scoirfidh an leanbh de bheith ina leanbh cleithiúnach den teaghlach mar gheall ar shé bliana déag d'aois nó bliain is fiche d'aois, de réir mar a bheidh, a shlánú dó, agus urscaoilfidh an Chúirt í, ar iarratas a dhéanamh chuici faoi fho-alt (1) den alt seo, más deimhin léi go bhfuil scortha ar chúis ar bith ag an leanbh de bheith ina leanbh cleithiúnach den teaghlach.

(4) I gcás adhaltranas a bheith déanta ag an gcéile iarrthach ó rinneadh ordú cothabhála chun an céile sin a chothabháil, ansin—

(a) má lig an céile eile leis an adhaltranas nó má chúlcheadaigh sé nó sí é, nó má chabhraigh sé nó sí leis trí fhaillí nó mí-iompar toiliúil, ní foras an t-adhaltranas ar a bhféadfaidh an Chúirt an t-ordú cothabhála a urscaoileadh nó a athrú;

(b) murar lig an céile eile leis an adhaltranas nó murar chúlcheadaigh sé nó sí é, nó murar chabhraigh sé nó sí leis trí fhaillí nó mí-iompar toiliúil, féadfaidh an Chúirt, d'ainneoin an adhaltranais, diúltú an t-ordú cothabhála chun an céile iarrthach a chothú a urscaoileadh nó a athrú in aon chás inar dóigh leis an gCúirt, ag féachaint do na himthosca uile (lena n-áirítear iompar an chéile eile sin), gur cuí diúltú sin a dhéanamh.

(5) Ní foras tréigean ná adhaltranas ag céile chun aon chuid d'ordú cothabhála a urscaoileadh nó a athrú is ordú a dhéanann socrú chun leanaí cleithiúnacha den teaghlach a chothú.

Ordú eatramhach.

7. —Ar iarratas ar ordú cothabhála a bheith déanta chun na Cúirte, ansin, sula gcinnfidh an Chúirt cé acu a dhéanfaidh sí an t-ordú nó a dhiúltóidh sí é a dhéanamh, féadfaidh an Chúirt, más dealraitheach di gur cuí sin a dhéanamh ag féachaint do riachtanais na ndaoine ar lena gcothú a bheifear ag iarraidh an ordaithe cothabhála agus d'imthosca eile an cháis, ordú (dá ngairtear ordú eatramhach san Acht seo) a dhéanamh ag ordú go n-íocfaidh an féichiúnaí cothabhála leis an iarratasóir, ar feadh tréimhse cinnte a shonrófar san ordú nó go dtí go ndéanfaidh an Chúirt breithniú ar an iarratas, cibé suim thréimhsiúil is cuí i dtuairim na Cúirte.

Orduithe i leith comhaontuithe pósta áirithe.

8. —I gcás—

(a) ina ndéanfaidh na páirtithe i bpósadh comhaontú i scríbhinn (lena n-áirítear comhaontú idirscartha) tar éis tosach feidhme an Achta seo ina mbeidh an dá fhoráil seo a leanas nó ceachtar acu, is é sin le rá—

(i) foráil trína ngeallfaidh céile amháin íocaíochtaí tréimhsiúla a íoc i leith an chéile eile nó aon leanaí cleithiúnacha den teaghlach nó i leith an chéile eile sin agus aon leanaí cleithiúnacha den teaghlach a chothabháil,

(ii) foráil do rialú cearta agus dliteanais na gcéilí i leith a chéile i ndáil le híocaíochtaí (seachas íocaíochtaí a shonraítear i mír (a) (i) den alt seo) a íoc nó a urrú, nó do rialú diúscairt nó úsáid aon mhaoine, agus

(b) ina ndéanfaidh céile amháin nó an dá chéile iarratas chun na hArd-Chúirte nó chun na Cúirte Cuarda ar ordú a dhéanfaidh riail chúirte den chomhaontú,

féadfaidh an Chúirt ordú den sórt sin a dhéanamh más deimhin léi gur comhaontú cóir réasúnach é a leor-chosnaíonn, sna himthosca go léir, leasanna an dá chéile agus na leanaí cleithiúnacha (más ann) den teaghlach, agus, a mhéid a bhainfidh an t-ordú sin le foráil a shonraítear i mír (a) (i) den alt seo, measfar, chun críche alt 9 agus Chuid III den Acht seo, gur ordú cothabhála é.

Iocaíochtaí a tharchur trí chléireach Cúirte Dúiche.

1974, Uimh. 16 .

9. —(1) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt ordú cothabhála, ordú athrúcháin nó ordú eatramhach faoin Acht seo, déanfaidh an Chúirt—

(a) treoir a thabhairt air sin go n-íocfar íocaíochtaí faoin ordú leis an gcléireach Cúirte Dúiche, mura n-iarrfaidh an creidiúnaí cothabhála uirthi gan sin a dhéanamh agus go measfaidh an Chúirt gur cuí nach ndéanfaí sin, agus

(b) i gcás nach mbeidh treoir tugtha ag an gCúirt faoi mhír (a) den fho-alt seo, treoir a thabhairt, aon tráth dá éis sin ar iarratas ón gcreidiúnaí cothabhála, go ndéanfar na híocaíochtaí réamhráite a íoc leis an gcléireach Cúirte Dúiche.

(2) I gcás ina mbeidh íocaíochtaí leis an gcléireach Cúirte Dúiche faoin alt seo i riaráiste, déanfaidh an cléireach Cúirte Dúiche, má iarrann an creidiúnaí cothabhála é i scríbhinn, cibé bearta a mheasfaidh sé a bheith réasúnach sna himthosca chun na suimeanna i riaráiste a ghnóthú cibé acu trí imeachtaí ina ainm féin ag iarraidh ordú astaithe tuillimh nó ar shlí eile é.

(3) I gcás ina mbeidh treoir tugtha faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón bhféichiúnaí cothabhála agus tar éis deis a thabhairt don chreidiúnaí cothabhála cur in aghaidh an iarratais, an treoir a urscaoileadh más deimhin léi, ag féachaint do stair na n-íocaíochtaí a íocadh leis an gcléireach Cúirte Dúiche agus do na himthosca eile go léir, gur chuí sin a dhéanamh.

(4) Déanfaidh an cléireach Cúirte Dúiche aon íocaíochtaí a íocfar leis de bhua an ailt seo a tharchur chuig an gcreidiúnaí cothabhála.

(5) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'aon cheart de chuid duine imeachtaí a thionscnamh ina ainm féin chun aon suim a ghnóthú is iníoctha, ach nár íocadh, leis an gcléireach Cúirte Dúiche de bhua an ailt seo.

(6) Na tagairtí san alt seo, i ndáil le haon imeachtaí, don chléireach Cúirte Dúiche is tagairtí iad do cibé cléireach Cúirte Dúiche i cibé dúiche Cúirte Dúiche a chinnfidh an Chúirt lena mbainfidh ó am go ham.

(7) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-alt (1) nó (2) den alt seo difear do mhír (a) nó (b) d'alt 14 (8) den Acht um Orduithe Cothabhála, 1974 .

(8) Déantar leis seo alt 14 (8) den Acht um Orduithe Cothabhála, 1974 , a leasú trí “alt 10 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 , nó faoi” a chur isteach i ndiaidh “iarratas faoi” agus trí “8” a chur isteach i ndiaidh “san alt sin” i mír (b) agus tá an mhír sin (b), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(b)  Mura ndéanfar aon suim is iníoctha de bhua ordú cothabhála infheidhmithe a íoc go cuí agus má iarrann an creidiúnaí cothabhála i scríbhinn é, déanfaidh an cléireach cúirte dúiche iarratas faoi alt 10 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 ,

1940, Uimh. 23 .

nó faoi alt 8 (a bhaineann le feidhmiú orduithe cothabhála áirithe) den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940 , agus chun na críche sin déanfar na tagairtí san alt sin 8 (seachas fo-ailt (4) agus (5)) don iarratasóir a fhorléiriú mar thagairtí don chléireach cúirte dúiche.

CUID III

Tuilleamh a Astú

Ordú astaithe tuillimh.

10. —(1) (a) Ar iarratas a dhéanamh—

(i) chun na hArd-Chúirte ag duine a ndearna an Ard-Chúirt réamh-ordú ar iarratas uaidh,

(ii) chun na Cúirte Cuarda ag duine a ndearna an Chúirt Chuarda réamh-ordú ar iarratas uaidh,

(iii) chun na Cúirte Dúiche—

(I) ag duine a ndearna an Chúirt Dúiche réamhordú ar iarratas uaidh, nó

(II) ag cléireach Cúirte Dúiche a gceanglaítear íocaíochtaí faoi réamh-ordú a íoc leis,

ansin, chun íocaíochtaí faoin réamh-ordú a áirithiú, féadfaidh an Chúirt ar chuici a rinneadh an t-iarratas (dá ngairtear “an Chúirt” ina dhiaidh seo san alt seo), más deimhin léi gur duine an féichiúnaí cothabhála a mbeidh tuilleamh le híoc leis, ordú astaithe tuillimh a dhéanamh.

(b) Folaíonn tagairtí san fho-alt seo do réamh-ordú a rinne aon Chúirt tagairtí d'ordú den sórt sin a rinneadh, a athraíodh nó a daingníodh ar achomharc ón gCúirt sin.

(2) Is é a bheidh in ordú astaithe tuillimh ordú a bheidh dírithe chuig duine a mbeidh (tráth an ordaithe a dhéanamh nó aon tráth dá éis sin) an féichiúnaí cothabhála ar fostú aige agus oibreoidh sé mar threoir chuig an duine sin suimeanna a mbeidh iontu cibé méideanna (a shonrófar san ordú) is iomchuí, ag féachaint don ghnáth-ráta asbhainte agus don ráta tuillimh chosanta, a bhaint go tréimhsiúil, na tráthanna sin a bheidh sonraithe san ordú, as tuilleamh an fhéichiúnaí cothabhála agus na méideanna a asbhainfear a íoc, na tráthanna sin a ordóidh an Chúirt—

(a) i gcás inar ordú cothabhála infheidhmithe an réamh-ordú iomchuí, leis an gcléireach Cúirte Dúiche a bheidh sonraithe leis an ordú astaithe tuillimh lena dtarchur chuig an duine a bheidh i dteideal íocaíochtaí a rinneadh faoin réamh-ordú iomchuí a fháil,

(b) in aon chás eile, leis an duine dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo nó, más cuí leis an gCúirt é, leis an gcléireach Cúirte Dúiche a bheidh sonraithe leis an ordú astaithe tuillimh lena dtarchur chuig an duine sin.

(3) Ní dhéanfar ordú astaithe tuillimh gan toiliú an fhéichiúnaí cothabhála mura deimhin leis an gCúirt go bhfuil mainnithe ag an bhféichiúnaí cothabhála, gan leithscéal réasúnach, aon íocaíocht a íoc faoin réamh-ordú iomchuí.

(4) Gach ordú astaithe tuillimh—

(a) sonrófar ann an gnáth-ráta asbhainte, is é sin le rá, an ráta a measfaidh an Chúirt gur réasúnach an tuilleamh lena mbaineann an t-ordú a fheidhmiú dá réir leis an réamhordú iomchuí a chomhlíonadh, nach mó ná an ráta is dealraitheach don Chúirt is gá—

(i) chun a áirithiú go n-íocfar na suimeanna a thiocfaidh chun bheith dlite ó am go ham faoin réamh-ordú iomchuí, agus

(ii) chun a áirithiú go n-íocfar laistigh de thréimhse réasúnach aon suimeanna a bheidh dlite cheana féin agus gan íoc faoin réamh-ordú iomchuí agus, freisin, aon chostais a tabhaíodh in imeachtaí i ndáil leis an réamh-ordú iomchuí agus is iníoctha ag an bhféichiúnaí cothabhála,

(b) sonrófar ann an ráta tuillimh chosanta, is é sin le rá, an ráta ar cuí i dtuairim na Cúirte, ag féachaint d'acmhainn agus do riachtanais an fhéichiúnaí cothabhála, nach ndéanfaí an tuilleamh iomchuí a laghdú thairis anuas trí íocaíocht de bhun ordaithe astaithe tuillimh,

(c) beidh ann, a mhéid is feasach don Chuirt iad, cibé sonraí is iomchuí léi le go bhféadfaidh an duine a mbeidh an t-ordú dírithe chuige aithne a thabhairt ar an bhféichiúnaí cothabhála.

(5) Na híocaíochtaí a íocfar faoi ordú astaithe tuillimh is íocaíochtaí iad in ionad íocaíochtaí ar cóimhéid iomlán leo faoin réamh-ordú iomchuí nár íocadh agus a bheadh, mura mbeadh an t-ordú astaithe tuillimh, le híoc faoin réamh-ordú iomchuí.

Ordú astaithe tuillimh a chomhlíonadh.

11. —(1) I gcás ina ndéanfar ordú astaithe tuillimh nó ordú á athrú, déanfaidh an fostóir dá ndéanfaidh sé difear de thuras na huaire é a chomhlíonadh má bhíonn sé seirbheáilte air; ach ní bheidh aon dliteanas air mar gheall ar neamhchomhlíonadh sula mbeidh deich lá caite ó thráth a sheirbheála.

(2) I gcás ina seirbheálfar ordú astaithe tuillimh ar aon duine agus nach mbeidh an féichiúnaí cothabhála ar fostú aige nó go scoirfidh an féichiúnaí cothabhála dá éis sin de bheith ar fostú aige, déanfaidh an duine sin (i gceachtar cás), laistigh de dheich lá ó dháta na seirbheála nó, de réir mar a bheidh, an scoir, fógra faoin bhfíoras sin a thabhairt don Chúirt.

(3) Aon ócáid a dhéanfaidh duine, do chomhlíonadh ordaithe astaithe tuillimh, asbhaint as tuilleamh féichiúnaí cothabhála, tabhar faidh sé ráiteas i scríbhinn don fhéichiúnaí cothabhála ag insint méid iomlán na hasbhainte.

(4) Cuirfidh cibé cláraitheoir cúirte nó cibé cléireach cúirte a bheidh sonraithe le hordú astaithe tuillimh faoi deara an t-ordú a sheirbheáil ar an bhfostóir chun a mbeidh sé dírithe agus ar aon fhostóir ag a mbeidh an féichiúnaí cothabhála lena mbaineann ar fostú dá éis sin agus a bhfaighidh an cláraitheoir nó an cléireach a bheidh sonraithe amhlaidh fios faoi agus féadfar an tseirbheáil sin a dhéanamh tríd an ordú nó cóip den ordú a fhágáil ag an áit chónaí nó ag an áit ghnó atá sa Stát ag an duine a bheidh le seirbheáil nó a chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha go dtí an áit chónaí nó an áit ghnó sin.

Suimeanna a gheobhaidh cléireach Cúirte Dúiche a chur chun feidhme.

12. —I ndáil le haon íocaíochtaí a íocfar le cléireach Cúirte Dúiche faoi ordú astaithe tuillimh, measfar, nuair a tharchuirfidh sé na híocaíochtaí sin chuig an duine a bheidh i dteideal iad a fháil, gur íocaíochtaí iad a d'íoc an féichiúnaí cothabhála chun go n-urscaoilfí—

(a) sa chéad ásc, aon suimeanna is iníoctha faoin réamh-ordú iomchuí, agus

(b) ansin, aon chostais in imeachtaí i ndáil leis an réamh-ordú iomchuí ab iníoctha ag an bhféichiúnaí cothabhála an uair a rinneadh, nó an uair dheiridh a athraíodh, an t-ordú astaithe tuillimh.

Ráiteas maidir le tuilleamh.

13. —(1) I ndáil le hordú astaithe tuillimh nó le hiarratas ar ordú den sórt sin, féadfaidh an Chúirt a rinne an t-ordú nó a mbeidh an t-iarratas déanta chuici, roimh an éisteacht nó le linn na héisteachta nó le linn don ordú a bheith i bhfeidhm—

(a) a ordú don fhéichiúnaí cothabhála ráiteas i scríbhinn a bheidh sínithe aige a thabhairt don Chúirt laistigh de thréimhse shonraithe ina n-inseoidh sé—

(i) ainm agus seoladh aon duine a íocann tuilleamh leis,

(ii) mioninste sonraithe maidir lena thuilleamh agus lena thuilleamh ionchasach agus maidir lena acmhainn agus lena riachtanais, agus

(iii) mioninste sonraithe le go bhféadfaidh aon fhostóir a mbeidh an féichiúnaí cothabhála ar fostú aige aithne a thabhairt ar an bhféichiúnaí cothabhála sin,

(b) a ordú d'aon duine ar dealraitheach don Chúirt an féichiúnaí cothabhála a bheith ar fostú aige ráiteas a bheidh sínithe ag an duine sin, nó thar a cheann, ag insint mioninste sonraithe faoi thuilleamh agus faoi thuilleamh ionchasach an fhéichiúnaí cothabhála a thabhairt don Chúirt laistigh de thréimhse shonraithe.

(2) Féadfaidh ceanglas a bheith i bhfógra faoi iarratas ar ordú astaithe tuillimh a sheirbheálfar ar fhéichiúnaí cothabhála á cheangal go dtabharfaidh sé don Chúirt, laistigh den tréimhse agus sa tslí a shonrófar san fhógra, ráiteas i scríbhinn ag insint na n-ábhar dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a) den alt seo agus aon ábhair eile a mbeidh baint acu, nó a bhféadfaidh baint a bheith acu, le cinneadh an ghnáthráta asbhainte agus an ráta tuillimh chosanta a shonrófar san ordú.

(3) In aon imeachtaí i ndáil le hordú astaithe tuillimh beidh ráiteas a thabharfar don Chúirt do chomhlíonadh ordaithe faoi mhír (a) nó (b) d'fho-alt (1) den alt seo nó ceanglais faoi fho-alt (2) den alt seo inghlactha mar fhianaise ar na fíorais a bheidh luaite sa chéanna, agus measfar gur ráiteas a tugadh amhlaidh, mura suífear a mhalairt, doiciméad a airbheartóidh gur ráiteas den sórt sin é.

Fógra faoi athrú ar fhostaíocht agus ar thuilleamh.

14. —I gcás ina mbeidh ordú astaithe tuillimh i bhfeidhm:

(a) tabharfaidh an féichiúnaí cothabhála fógra i scríbhinn don Chúirt a rinne an t-ordú faoi gach ócáid ar a bhfágfaidh sé aon fhostaíocht, nó ar a rachaidh sé ar fostaíocht nó ar athfhostaíocht, tráth nach déanaí (i ngach cás) ná deich lá ón dáta a dhéanfaidh sé sin,

(b) déanfaidh an féichiúnaí cothabhála, ar aon ócáid ar a rachaidh sé ar fostaíocht nó ar athfhostaíocht, sonraí a thuillimh agus a thuillimh ionchasaigh ón bhfostaíocht iomchuí a chur san fhógra uaidh faoi mhír (a) den alt seo,

(c) aon duine a thiocfaidh chun bheith ina fhostóir ag an bhféichiúnaí cothabhála agus a fhios aige faoin ordú a bheith i bhfeidhm agus cén Chúirt a rinne é, tabharfaidh sé, laistigh de dheich lá ón tráth a thiocfaidh sé chun bheith ina fhostóir ag an bhféichiúnaí cothabhála nó ón tráth a gheobhaidh sé an t-eolas sin (cibé tráth acu is déanaí), fógra i scríbhinn don Chúirt sin gurb eisean fostóir an fhéichiúnaí, agus cuirfidh sé san fhógra sin uaidh ráiteas ag insint tuilleamh agus tuilleamh ionchasach an fhéichiúnaí.

Cumhacht a chinneadh an tuilleamh íocaíochtaí áirithe.

15. —(1) I gcás ina mbeidh ordú astaithe tuillimh i bhfeidhm, déanfaidh an Chúirt a rinne an t-ordú, ar iarratas ón bhfostóir iomchuí nó ón bhféichiúnaí cothabhála nó ón duine a n-íoctar íocaíochtaí leis faoin ordú, a chinneadh an tuilleamh chun críche an ordaithe íocaíochtaí (nó aon chodanna d'íocaíochtaí) a íoctar leis an bhféichiúnaí cothabhála d'aicme nó de thuairisc áirithe a shonraítear leis an iarratas, agus tabharfaidh an fostóir éifeacht d'aon chinneadh a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoin alt seo.

(2) I gcás ina ndéanfaidh an fostóir iarratas faoin alt seo, ní thabhóidh sé aon dliteanas mar gheall ar an ordú a bheith gan chomhlíonadh aige maidir le haon íocaíochtaí (nó aon chodanna d'íocaíochtaí) den aicme nó den tuairisc a bheidh sonraithe san iarratas agus a íocfaidh sé leis an bhféichiúnaí cothabhála le linn an t-iarratas nó aon achomharc dá dhroim nó aon chinneadh i ndáil leis an iarratas nó leis an achomharc a bheith ar feitheamh, ach ní bheidh feidhm aige sin, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, maidir leis na híocaíochtaí sin (nó aon chodanna díobh) má tharraingíonn an fostóir an t-iarratas siar nó, de réir mar a bheidh, má thréigeann sé an t-achomharc, ina dhiaidh sin.

Daoine i seirbhís an Stáit, údaráis áitiúil etc.

1941, Uimh. 23 .

1946, Uimh. 9 .

1930, Uimh. 29 .

1931, Uimh. 8 .

16. —(1) Má bhíonn féichiúnaí cothabhála i seirbhís an Stáit, i seirbhís údaráis áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 , i seirbhís údaráis chuain de réir brí an Achta Cuanta, 1946 , i seirbhís boird sláinte, i seirbhís coiste gairmoideachais a bunaíodh leis an Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 , nó i seirbhís coiste talmhaíochta a bunaíodh leis an Acht Talmhaíochta, 1931 , nó más comhalta é de cheachtar Teach den Oireachtas—

(a) i gcás féichiúnaí cothabhála i seirbhís an Stáit a bheith ar fostú i roinn, in oifig, in eagras, i seirbhís, i ngnóthas nó i gcomhlacht eile, measfar, chun críocha an Achta seo, an féichiúnaí cothabhála a bheith ar fostú ag príomhoifigeach an chéanna (nó ag cibé oifigeach eile a dhéanfaidh an tAire Stáit a riarann an roinn, an oifig, an t-eagras, an tseirbhís, an gnóthas nó an comhlacht eile a ainmniú ó am go ham), agus

(b) i gcás féichiúnaí cothabhála a bheith i seirbhís údaráis, boird nó coiste den sórt sin, measfar, chun críocha an Achta seo, an féichiúnaí cothabhála a bheith ar fostú ag príomh-oifigeach an chéanna,

(c) in aon chás eile, mar a n-íoctar féichiúnaí cothabhála as an bPríomh-Chiste nó as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas, measfar, chun críocha an Achta seo, an féichiúnaí cothabhála a bheith ar fostú ag Rúnaí na Roinne Airgeadais (nó ag cibé oifigeach eile don Aire Airgeadais a ainmneoidh an tAire sin ó am go ham), agus

(d)measfar, maidir le aon tuilleamh de chuid féichiúnaí cothabhála a íoctar as an bPríomh-Chiste nó as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas, gurb é an príomhoifigeach dá dtagraítear i mír (a) nó (b), de réir mar a bheidh, den fho-alt seo, nó Rúnaí na Roinne Airgeadais nó cibé oifigeach eile a bheidh ainmnithe faoi mhír (a) nó (c), de réir mar a bheidh, den fho-alt seo, de réir mar is iomchuí, a íocann é.

(2) Má éiríonn aon cheist in imeachtaí le haghaidh nó de bharr ordaithe astaithe tuillimh i dtaobh cén roinn, oifig, eagras, seirbhís, gnóthas nó comhlacht eile ina bhfuil féichiúnaí cothabhála i seirbhís an Stáit ar fostú chun críocha an ailt seo, féadfar an cheist a tharchur chuig Aire na Seirbhíse Poiblí agus féadfaidh seisean í a chinneadh, ach ní bheidh aon oibleagáid ar an Aire sin tarchur faoin bhfo-alt seo a bhreithniú murab í an Chúirt a dhéanfaidh an tarchur sin.

(3) Doiciméad a airbheartóidh cinneadh a bheith ann ó Aire na Seirbhíse Poiblí faoi fho-alt (2) den alt seo agus a bheith sínithe ag oifigeach de chuid Aire na Seirbhíse Poiblí beidh sé, in aon imeachtaí den sórt a luaitear san fho-alt sin, inghlactha i bhfianaise agus measfar, mura suífear a mhalairt, ráiteas cruinn ar an gcinneadh sin a bheith ann.

(4) San alt seo folaíonn tagairtí d'fhéichiúnaí cothabhála i seirbhís an Stáit tagairtí d'fhéichiúnaí cothabhála lena n-íoctar tuilleamh díreach amach as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas.

Ordú astaithe tuillimh a urscaoileadh, a athrú agus dul as feidhm.

17. —(1) Féadfaidh an Chúirt a rinne ordú astaithe tuillimh, más cuí léi, ar iarratas ón gcreidiúnaí cothabhála, ón bhféichiúnaí cothabhála nó ón gcléireach Cúirte Dúiche ar ar iarratas uaidh a rinneadh an t-ordú, ordú a dhéanamh ag urscaoileadh nó ag athrú an ordaithe sin.

(2) I gcás ina ndéanfar ordú faoin alt seo ag athrú ordaithe astaithe tuillimh, comhlíonfaidh an fostóir é má bhíonn sé seirbheáilte air, ach ní bheidh aon dliteanas air mar gheall ar neamhchomhlíonadh sula mbeidh deich lá caite ó thráth na seirbheála.

(3) I gcás fostóir dá ndéanann ordú astaithe tuillimh difear do scor den fhéichiúnaí cothabhála a bheith ar fostú aige, rachaidh an t-ordú, a mhéid a bhaineann leis an bhfostóir sin, as feidhm (ach amháin maidir le hasbhaintí as tuillimh a íocfaidh an fostóir sin tar éis an scoir agus suimeanna a bhain an fostóir sin aon tráth as tuillimh a íoc leis an duine ar ina fhabhar a rinneadh an t-ordú).

(4) Ní choiscfidh ordú dul as feidhm faoi fho-alt (3) den alt seo é leanúint i bhfeidhm chun críocha eile.

Ordú astaithe tuillimh do scor d'éifeacht a bheith aige.

18. —(1) Scoirfidh ordú astaithe tuillimh d'éifeacht a bheith aige ar an réamh-ordú iomchuí a urscaoileadh, ach amháin maidir le híocaíochtaí faoin ordú astaithe tuillimh i leith aon ama roimh dháta an urscaoilte.

(2) I gcás ina scoirfidh ordú astaithe tuillimh d'éifeacht a bheith aige, tabharfaidh cléireach nó cláraitheoir na Cúirte a rinne an t-ordú fógra faoin scor don fhostóir.

Forálacha maidir le malairt leigheasanna.

1940, Uimh. 23 .

19. —(1) I gcás ordú astaithe tuillimh a bheith déanta, rachaidh aon imeachtaí as feidhm a tionscnaíodh faoi alt 8 (1) den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940 , chun an réamh-ordú iomchuí a fheidhmiú agus aon ordú nó barántas a eisíodh nó a rinneadh faoin alt sin in aon imeachtaí den sórt sin scoirfidh sé d'éifeacht a bheith aige.

(2) Scoirfidh ordú astaithe tuillimh d'éifeacht a bheith aige ar ordú a dhéanamh faoi alt 8 (1) den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940 , chun an réamh-ordú iomchuí a fheidhmiú.

Feidhmiú.

20. —(1) I gcás duine, gan leithscéal réasúnach—

(a) do mhainniú déanamh de réir fho-alt (1) nó (2) d'alt 11 nó alt 14 nó de réir ordú faoi alt 13 nó 17 (2) den Acht seo, nó

(b) do thabhairt do Chúirt ráiteas de bhun alt 13 (1) den Acht seo, nó fógra faoi alt 14 den Acht seo, a bheidh bréagach nó míthreorach,

agus nach bhfaighidh creidiúnaí cothabhála, dá dheasca sin, suim airgid a bheidh dlite faoi ordú astaithe tuillimh, féadfaidh an creidiúnaí cothabhála nó an cléireach Cúirte Dúiche a mbeidh an tsuim sin le híoc leis agairt i leith na suime mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla, agus féadfaidh an chúirt sin a ordú don duine cibé suim (nach mó ná an tsuim réamhráite) a measfaidh an chúirt gur suim chuí í sna himthosca uile a íoc leis an agróir le dáileadh, i cibé slí agus i cibé méideanna a shonróidh an chúirt, idir na daoine ar ar mhaithe leo a rinneadh an t-ordú astaithe tuillimh.

(2) I gcás ina dtabharfaidh duine do Chúirt—

(a) ráiteas de bhun alt 13 den Acht seo, nó

(b) fógra faoi alt 14 den Acht seo,

is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £200 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó iad araon, a chur air.

(3) Beidh duine a sháróidh alt 11 (3) den Acht seo ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air.

CUID IV

Ilghnéitheach

Maoin i liúntas tís.

21. —Aon liúntas a thabharfaidh céile amháin don chéile eile tar éis tosach feidhme an Achta seo faoi chomhair caiteachais tís agus aon mhaoin nó aon leas i maoin a gheofar as liúntas den sórt sin measfar, mura mbeidh aon chomhaontú dá mhalairt, sainráite nó intuigthe, eatarthu, gur leis an dá chéile mar chomhúinéirí é.

Céile a dhúnadh amach as áras an teaghlaigh.

1964, Uimh. 7 .

1957, Uimh. 6 .

22. —(1) Ar cheachtar céile do dhéanamh iarratais chuici, féadfaidh an Chúirt, más é a tuairim go bhfuil cúis réasúnach ann lena chreidiúint gur gá é ar mhaithe le sábháilteacht nó leas an chéile sin nó aon linbh chleithiúnaigh den teaghlach, a ordú don chéile eile, má chónaíonn sé in áit ina gcónaíonn an céile iarrthach nó an leanbh sin, an áit sin a fhágáil, agus, cibé acu a chónaíonn nó nach gcónaíonn an céile eile san áit sin, a thoirmeasc air dul isteach san áit sin go dtí go ndéanfaidh an Chúirt ordú eile nó go dtí cibé tráth eile a shonróidh an Chúirt.

(2) Féadfaidh ceachtar céile iarratas a dhéanamh tráth ar bith chun na Cúirte a rinne ordú faoin alt seo á iarraidh go n-urscaoilfí an t-ordú, agus urscaoilfidh an Chúirt an t-ordú más deimhin léi gur ceart sin a dhéanamh agus nach ndéanfaidh an t-urscaoileadh dochar do shábháilteacht agus do leas an chéile ar ar iarratas uaidh a rinneadh an t-ordú ná do shábháilteacht agus do leas aon linbh chleithiúnaigh.

(3) Gan dochar don dlí maidir le díspeagadh cúirte, i gcás duine—

(a) do shárú ordú faoin alt seo, nó

(b) do chur, le linn ordú faoin alt seo a bheidh dírithe ina aghaidh a bheith i bhfeidhm, araoid nó eagla ar a chéile nó ar leanbh cleithiúnach,

beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £200 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó iad araon, a chur air.

(4) I bhfo-ailt (1) agus (2) den alt seo ciallaíonn “an Chúirt” an Ard-Chúirt, an Chúirt Chuarda nó an Chúirt Dúiche, agus—

(a) beidh dlínse ag an gCúirt Dúiche i ndáil le himeachtaí faoin alt seo ar neamhshuim le luacháil inrátaithe na háite lena mbaineann na himeachtaí, ach, faoi réir fho-alt (5) den alt seo, rachaidh aon ordú ón gCúirt Dúiche in éag trí mhí tar éis dáta a dhéanta ach féadfar é a athnuachan ó am go ham le hordú ón gCúirt Dúiche, ar dhuine a ndearnadh an t-ordú ar mhaithe leis á iarraidh sin uirthi, go ceann tréimhsí eile trí mhí ach nach faide ná trí mhí maidir le haon athnuachan ar leith,

(b) ní bheidh dlínse ag an gCúirt Chuarda (ach amháin ar achomharc ó ordú de chuid na Cúirte Dúiche) i ndáil le himeachtaí faoin alt seo i gcás inar mó ná £100 luacháil inrátaithe na háite lena mbaineann na himeachtaí,

(c) rachaidh ordú ón gCúirt Chuarda ar achomharc ó ordú de chuid na Cúirte Dúiche faoi fho-alt (1) den alt seo i ndáil le háit ar mó ná £100 a luacháil inrátaithe in éag, faoi réir fho-alt (5) den alt seo, trí mhí tar éis dáta a dhéanta ach féadfar é a athnuachan ó am go ham le hordú ón gCúirt Dúiche, ar dhuine a ndearnadh an t-ordú ar mhaithe leis á iarraidh sin uirthi, go ceann tréimhsí eile trí mhí ach nach faide ná trí mhí maidir le haon athnuachan ar leith.

(5) Rachaidh ordú faoin alt seo in éag nuair a chinnfear aon chúis nó ábhar maidir le pósadh san Ard-Chúirt idir na céilí nó aon imeachtaí idir na céilí faoin Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 , san Ard-Chúirt nó sa Chúirt Chuarda, agus an Chúirt a chinnfidh aon chúis, ábhar nó imeachtaí den sórt sin, féadfaidh sí ordú faoin alt seo a dhéanamh sa chúis, san ábhar nó sna himeachtaí ar neamhshuim le luacháil inrátaithe na háite lena mbainfidh an t-ordú.

(6) Cuirfidh achomharc ó ordú faoin alt seo, má dhéanann an chúirt a rinne an t-ordú nó an chúirt a ndéanfar an t-achomharc chuici sin a chinneadh, ach ní chuirfidh in aon chúinse eile, bac ar an imeacht ar an ordú ar cibé téarmaí (más ann) a fhorchuirfidh an chúirt a dhéanfaidh an cinneadh.

(7) I gcás gan duine a bheith ina chónaí in áit i gcaitheamh aon tréimhse áirithe mar gheall ar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo agus mar gheall ar sin amháin, measfar, chun críocha aon chearta faoi na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionontaí, 1931 go 1971, faoi Reacht na dTréimhsí, 1957 , nó faoi na hAchtanna Srianta Cíosa, 1960 agus 1967, é a bheith ina chónaí san áit i gcaitheamh na tréimhse sin.

Dlínse na gCúirteanna.

1924, Uimh. 10 .

23. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, beidh, go comhthráthach, ag an Ard-Chúirt, ag an gCúirt Chuarda (ar achomharc ón gCúirt Dúiche) agus ag an gCúirt Dúiche, dlínse imeachtaí faoi ailt 5, 6, 7 agus 9 den Acht seo a éisteacht agus a chinneadh.

(2) (a) Ní bheidh dlínse ag an gCúirt Dúiche ná ag an gCúirt Chuarda (ar achomharc ón gCúirt Dúiche) ordú a dhéanamh faoin Acht seo á ordú go n-íocfar suim thréimhsiúil de réir ráta is mó ná £50 sa tseachtain chun céile a chothú nó is mó ná £15 sa tseachtain chun leanbh a chothú.

(b) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo mar ní a thugann don Chúirt Dúiche nó don Chúirt Chuarda (ar achomharc ón gCúirt Dúiche) dlínse ordú a dhéanamh nó treoir a thabhairt faoi alt 5, 6, 7 nó 9 den Acht seo in aon ábhar a ndearna an Ard-Chúirt ordú, nó ar thug an Ard-Chúirt treoir, i ndáil leis faoi aon cheann de na hailt sin.

(3) D'ainneoin aon ní in alt 52 nó 79 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 , féadfaidh Breitheamh na cuarda ina bhfuil gnáthchónaí ar cheachtar de na páirtithe sna himeachtaí nó ina seolann ceachtar de na páirtithe sin aon ghairm, gnó nó slí bheatha an dlínse a thugtar don Chúirt Chuarda le halt 8 den Acht seo a fheidhmiú agus féadfar imeachtaí faoin Acht seo a thabhairt os comhair Breithimh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta de thuras na huaire don cheantar Cúirte Dúiche ina bhfuil gnáthchónaí ar cheachtar de na páirtithe sna himeachtaí nó ina seolann ceachtar de na páirtithe sin aon ghairm, gnó nó slí bheatha agus féadfaidh an Breitheamh sin na himeachtaí sin a éisteacht agus a chinneadh.

Gan cáin ioncaim a bhaint as íocaíochtaí.

24. —Aon íocaíocht thréimhsiúil airgid a dhéanfar de bhun ordaithe cothabhála, ordaithe athrúcháin, ordaithe eatramhaigh, ordú faoi alt 8 den Acht seo (a mhéid a mheastar faoin alt sin gur ordú cothabhála é), nó ordaithe astaithe tuillimh déanfar í gan cáin ioncaim a bhaint aisti.

Seoladh imeachtaí Cúirte.

25. —(1) Déanfar imeachtaí faoin Acht seo a sheoladh go hachomair agus a éisteacht ar shlí seachas go poiblí.

(2) I ndlísheomraí a éistfear imeachtaí san Ard-Chúirt agus sa Chúirt Chuarda faoin Acht seo.

Costais.

26. —Is de réir rogha na Cúirte a bheidh costais aon imeachtaí faoin Acht seo.

Forálacha áirithe i gcomhaontuithe a bheith ar neamhní.

27. —Beidh comhaontú ar neamhní a mhéid a bheadh d'éifeacht leis gníomhú aon fhorála den Acht seo (seachas alt 21) a eisiamh nó a theorannú.

Leasú ar Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 , agus ar Acht na gCúirteanna, 1971 .

1930, Uimh. 17 .

1971, Uimh. 36 .

1952, Uimh. 25 .

28. —(1) Leasaítear leis seo Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach in alt 1:

“ciallaíonn ‘leanbh’ aon leanbh atá faoi bhun sé bliana déag d'aois, nó, má tá an aois sin slán aige—

(i) a bhfuil nó a mbeidh nó, dá ndéanfaí ordú faoin Acht seo do dhéanamh socrú le haghaidh íocaíochtaí tréimhsiúla lena chothú, a mbeadh oideachas nó teagasc lánaimsire á fháil aige in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras eile oideachais agus atá faoi bhun bliain is fiche d'aois, nó

(ii) a bhfuil an oiread sin de mhíchumas meabhrach nó coirp air nach féidir leis le réasún é féin a chothabháil go hiomlán.”;

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in alt 2 in ionad fho-alt (2):

“(2) Ní fhéadfar iarratas go n-eiseofaí toghairm nó próis eile faoin alt seo a dhéanamh ach—

(a) roimh bhreith an linbh neamhdhlisteanaigh ar ina leith a dhéanfar an t-iarratas, nó

(b) laistigh de thrí bliana tar éis bhreith an linbh, nó

(c) i gcás inar thug athair líomhnaithe an linbh cabhair chun an leanbh a chothabháil laistigh de thrí bliana tar éis dáta an linbh a bhreith, aon tráth tar éis an chabhair a thabhairt, nó

(d) i gcás nach raibh athair líomhnaithe an linbh ina chónaí sa Stát ar dháta an linbh a bhreith, aon tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis don athair líomhnaithe teacht do chónaí, den chéad uair, sa Stát tar éis an dáta sin, nó

(e) i gcás ina raibh athair líomhnaithe an linbh ina chónaí sa Stát ar dháta an linbh a bhreith ach gur scoir sé de bheith ina chónaí ansin laistigh de thrí bliana tar éis an dáta sin, aon tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis don athair líomhnaithe teacht do chónaí, den chéad uair, sa Stát tar éis an scoir sin.”;

(c) trí “dhá chéad punt” a chur in alt 3 (1) (a) in ionad “caoga punt” (a cuireadh isteach le hAcht na gCúirteanna, 1971 );

(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad alt 3 (5):

“(5) Is ar shlí seachas go poiblí a sheolfar imeachtaí faoin Acht seo.”;

(e) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad alt 3 (6):

“(6) Ní dleathach aon ábhar a bhaineann le himeachtaí faoin Acht seo a thabharfadh go n-aith neofaí na páirtithe sna himeachtaí a chló nó a fhoilsiú ná a chur faoi deara é a chló nó a fhoilsiú.”;

(f) trí ailt 3 (7) agus 9 (2) a scriosadh;

(g) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in alt 3, i ndiaidh fho-alt (9):

“(10) D'ainneoin aon ní san Acht seo, beidh feidhm ag alt 9 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 , maidir le hordú atharthachta faoi réir na modhnuithe go ndéanfar an tagairt i bhfo-alt (4) den alt sin 9 don chreidiúnaí cothabhála a fhorléiriú mar thagairt don duine a ndéanfaí, ar leith ón alt seo, íocaíochtaí faoin ordú a íoc leis de bhua fho-ailt (3) agus (4) d'alt 9 den Acht seo agus déanfar na tagairtí eile san alt sin 9 don chreidiúnaí cothabhála a fhorléiriú mar thagairtí don duine ar ar iarratas uaidh a rinneadh an t-ordú atharthachta.”;

(h) trí na hailt seo a leanas a chur in ionad alt 4:

“4.—(1) Tosóidh íocaíocht thréimhsiúil faoi ordú faoin Acht seo ar cibé dáta, nach luaithe ná an dáta a dhéanfar an t-ordú, a shonrófar san ordú.

(2) Gach suim thréimhsiúil is iníoctha ag athair toimhdean faoi ordú atharthachta leanfaidh sí, faoi réir fho-alt (3) den alt seo agus aon athrú a dhéanfar ar a méid faoin Acht seo, de bheith iníoctha go ceann cibé tréimhse a shonrófar san ordú.

(3) Gach suim thréimhsiúil is iníoctha ag athair tiomhdean faoi ordú atharthachta scoirfidh sí de bheith iníoctha nuair a tharlóidh cibé teagmhas de na teagmhais seo a leanas is luaithe a tharlóidh, is é sin le rá:

(a) bás an linbh ar ina leith is iníoctha an tsuim thréimhsiúil sin;

(b) an tsuim thréimhsiúil sin a iomalartú faoin Acht seo trí chnapshuim a íoc;

(c) an tsuim thréimhsiúil sin a fhoirceannadh trí ordú faoi alt 5;

(d) an leanbh sin do shlánú sé bliana déag d'aois, mura rud é, tráth an ordaithe a dhéanamh nó aon tráth dá eis sin sula raibh sé bliana déag d'aois slán ag an leanbh, go mbeidh an Chúirt Dúiche tar éis a mhalairt a ordú mar gheall ar riachtanais oideachais an linbh sin nó mar gheall ar mhíchumas coirp nó meabhrach a bheith air;

(e) an leanbh sin do shlánú bliain is fiche d'aois, i gcás é a bheith ordaithe ag an gCuirt, mar gheall ar riachtanais oideachais an linbh sin, go ndéanfaí íocaíochtaí thar a cheann tar éis dó sé bliana déag d'aois a shlánú.

(4) (a) I gcás ordú atharthachta, cibé acu roimh thosach feidhme an Achta um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 , nó dá éis sin a rinneadh é, a bheith urscaoilte ag an gCúirt Dúiche faoi alt 5 den Acht seo nó i gcás íocaíochtaí faoi ordú atharthachta gan a bheith iníoctha feasta de bhua an Achta seo, féadfaidh an Chúirt Dúiche le hordú, aon tráth dá éis sin, d'ainneoin aon ní san Acht seo, a ordú go n-íocfaidh an t-athair toimhdean íocaíochtaí a mbeidh cibé méid iontú, cibé tráthanna agus go ceann cibé tréimhse a shonróidh an Chúirt Dúiche le linn don duine ar chun sochair dó a rinneadh an t-ordú a bheith ina leanbh.

(b) Measfar, chun críocha alt 3 (10) den Acht seo, fho-alt (1) den alt seo, ailt 5 agus 6 den Acht seo agus alt 31 (1) den Acht Uchtála, 1952 , gur ordú atharthachta ordú faoin bhfo-alt seo.

(5) Ar athair toimhdean a dhlíonn suim thréimhsiúil a íoc faoi ordú faoin Acht seo d'fháil bháis, rachaidh dliteanas an tsuim thréimhsiúil sin a íoc in astú dá eastát mar fhiach sibhialta agus beidh an tsuim thréimhsiúil sin inghnóthaithe dá réir sin ag an duine lenarb iníoctha í de thuras na huaire.

4A.—(1) I gcás inar dealraitheach don Chúirt ar aon duine do dhéanamh iarratais chuici, go bhfuil mainnithe ag tuismitheoir linbh an chothabháil sin is cuí sna himthosca a sholáthar don leanbh, féadfaid an Chúirt ordú a dhéanamh go n-íocfaidh an tuismitheoir leis an duine sin íocaíochtaí tréimhshiúla chun an leanbh a chothú go ceann cibé tréimhse le linn an duine sin a bheith beo, a mbeidh cibé méid iontu agus cibé tráthanna is cuí leis an gCúirt.

(2) Beidh feidhm i ndáil le hordú faoin alt seo ag na forálacha den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 , a bhaineann le horduithe cothabhála, fara aon mhodhnuithe agus aon oiriúnuithe is gá.

(3) Ní dhéanfaidh an Chúirt ordú i ndáil le tuismitheoir linbh faoin alt seo má bhíonn ordú atharthachta nó ordú faoi alt 4 (4) den Acht seo i bhfeidhm á cheangal ar an tuismitheoir sin íocaíochtaí chun sochair don leanbh a íoc nó má bhíonn soláthar déanta don leanbh ag an tuismitheoir sin le comhaontú a mbeidh, tráth éisteachta nó tar éis tráth éisteachta an iarratais ar an ordú faoin alt seo, íocaíochtaí le híoc faoi agus a mbeidh ordú faoi alt 10 den Acht seo déanta i ndáil leis mura rud é—

(a) nach mbeidh an tuismitheoir ag comhlíonadh an ordaithe atharthachta nó an ordaithe faoin alt sin 4 (4) nó an chomhaontaithe, de réir mar a bheidh, agus

(b) nach cuí leis an gCúirt, ag féachaint do na himthosca go léir, sin a dhéanamh,

ach, má dhéanann an Chúirt an t-ordú faoin alt seo, ní bheidh aon mhéideanna iníoctha a bheidh dlite le híoc faoin ordú atharthachta, faoin ordú faoin alt sin 4 (4) nó faoin gcomhaontú, de réir mar a bheidh, ar dháta. ná tar éis dáta, an ordaithe faoin alt seo a dhéanamh.

(4) San alt seo—

forléireofar “Cúirt” de réir alt 23 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 .

ciallaíonn “tuismitheoir”, maidir le leanbh, máthair an linbh, athair toimhdean an linbh, nó duine a mbeidh soláthar déanta aige don leanbh trí chomhaontú a mbeidh ordú faoi alt 10 den Acht seo déanta i ndáil leis;”

(i) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in alt 5:

“(3) Déanfaidh Breitheamh den Chúirt Dúiche, ar iarratas ón duine a dhlíonn suim thréimhsiúil a íoc faoi ordú atharthachta, an t-ordú a urscaoileadh más deimhin leis nach leanbh feasta an duine ar chun sochair dó a rinneadh an t-ordú.”

(j) trí “dhá chéad punt” a chur in alt 6 (1) in ionad “caoga púnt” agus “dhá chéad punt” a chur in alt 7 in ionad “caoga punt” (a cuireadh san alt sin 7 le hAcht na gCúirteanna, 1971 );

agus tá na hailt sin 3 (1) (a), 6 (1) agus 7, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(2) Déanfar na tagairtí in Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 , a dúradh, d'íocaíocht sheachtainiúil a fhorléiriú mar thagairtí d'íocaíocht thréimhsiúil.

(3) Leasaítear leis seo alt 19 (3) (a) d'Acht na gCúirteanna, 1971 , trí £15 a chur in ionad £5, agus tá an t alt sin 19 (3) (a), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(a) má fuair an leanbh san bás roimh an ordú san do dhéanamh sochraide an leinbh sin, fé mar mheasfaidh an Breitheamh iad, chó fada le méid nách mó ná dhá chéad punt, nó

6.—(1) Ar iarratas fén alt so i dtaobh leinbh thabhartha fé bhun sé mblian déag d'áois go mbeidh suim sheachtainiúil iníoctha mar gheall air an uair sin fé ordú athairíochta, nó i dtaobh leinbh thabhartha de shé bliana déag d'aois go raibh suim sheachtainiúil iníoctha mar gheall air fé ordú athairíoctha díreach sara raibh an aois sin slán aige, féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche a ordú d'athair cheaptha an leinbh sin nó d'ionadaí phearsanta an athar cheaptha san pé suim nach mó ná dhá chéad punt agus a shocróidh an Breitheamh d'íoc chun an leanbh san do chur le céird.

7—I gcás leanbh tabhartha go ndearnadh ordú athairíochta ina thaobh d'fháil bháis agus suim sheachtainiúil iníoctha mar gheall air fén ordú san, féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche, ar a iarraidh sin laistigh de dhá mhí tar éis bháis an leinbh sin don té le n-a raibh an tsuim sheachtainiúil sin iníoctha, a ordú d'athair cheaptha an leinbh sin nó d'ionadaí phearsanta an athar cheaptha san costaisí sochraide an leinbh sin, fé mar mheasfaidh an Breitheamh san iad, d'íoc chó fada le suim nách mó ná dhá chéad punt.

(a) Ní bheidh dlínse ag an gCúirt Dúiche ordú a dhéanamh faoin Acht sin chun suim sheachtainiúil is mó ná £15 a íoc le haghaidh cothabháil agus oideachas linbh.

Leasú ar an Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940 .

1940, Uimh. 23 .

29. —Déanfar na tagairtí i bhfo-ailt (1) agus (7) d'alt 8 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940 , d'ordú a fhorléiriú mar thagaintí a fholaíonn tagairtí d'ordú cothabhála, d'ordú athrúcháin, d'ordú eatramhach, d'ordú faoi alt 8 den Acht seo (a mhéid a mheastar faoin alt sin gur ordú cothabhála é) nó do threoir faoi alt 9 den Acht seo.

Aisghairm.

1886, c. 52.

1940, Uimh. 23 .

1971, Uimh. 36 .

1954, Uimh. 18 .

30. —(1) Aisghairtear leis seo an Married Woman (Maintenance in case of Desertion) Act, 1886, alt 13 d'Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 , alt 7 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940 , agus alt 18 d'Acht na gCúirteanna, 1971 , agus déanfar an tagairt in alt 98 (1) (a) den Acht Cosanta, 1954 , d'ordú arna dhéanamh ag cúirt shibhialta faoi alt 1 den Married Women (Maintenance in case of Desertion) Act, 1886, a dúradh, a fhorléiriú mar thagairt d'ordú faoi alt 5, 6 nó 7 den Acht seo nó d'ordú faoi alt 8 den Acht seo (a mhéid a mheastar faoin alt sin gur ordú cothabhála é).

(2) (a) Aon ordú a rinne Cúirt faoi na forálacha a aisghairtear leis an alt seo agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo leanfaidh sé i bhfeidhm ionann is dá mba éard é, agus measfar chun gach críche gurb éard é, ordú cothabhála nó ordú astaithe tuillimh, de réir mar a bheidh.

(b) Aon imeachtaí a tionscnaíodh faoi na forálacha a aisghairtear leis an alt seo agus nach raibh críochnaithe roimh an aisghairm measfar chun gach críche gur imeachtaí iad faoi na forálacha comhréire den Acht seo agus féadfar leanúint díobh dá réir sin.