36 1976


Uimhir 36 de 1976


ACHT NA nAERCHUIDEACHTAÍ (LEASÚ), 1976

[An tiontú oifigiúil]

ACHT CHUN AN TEORAINN LE RÁTHAÍOCHTAÍ I LEITH IASACHTAÍ AG AER LINGUS, TEORANTA AGUS AERLÍNTE ÉIREANN, TEORANTA A MHÉADÚ AGUS A RÉIM A LEATHNÚ, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA nAERCHUIDEACHTAÍ, 1966 GO 1969, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [20 Nollaig, 1976]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1966, Uimh. 4 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “cht 1966” Acht na nAerchuideachtaí, 1966 ;

ciallaíonn “aerchuideachta” Aer Lingus, Aerlínte nó Aer Rianta, agus forléireofar “aerchuideachtaí” dá réir sin;

ciallaíonn “Aer Lingus” Aer Lingus, Teoranta;

ciallaíonn “Aerlínte” Aerlínte Éireann, Teoranta;

ciallaíonn “er Rianta” Aer Rianta, Teoranta;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta.

Ráthaíocht ón Aire Airgeadais i leith airgead a gheobhaidh Aer Lingus agus Aerlínte ar iasacht.

2. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, ráthaíocht a thabhairt i cibé foirm agus modh agus i cibé airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis—

(a) go n-aisíocfar go cuí airgead a fuair Aer Lingus nó Aerlínte ar iasacht sular ritheadh an tAcht seo nó a gheobhaidh siad ar iasacht dá éis sin nó go n-íocfar ús ar an airgead sin nó go ndéanfar an phríomhshuim a aisíoc agus an t-ús a íoc, agus

(b) go n-íocfaidh Aer Lingus nó Aerlínte go cuí airgead i leith aerárthaí a léasadh.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire Airgeadais na cumhachtaí a thugtar dó le fo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú ar shlí gur mó méid chomhiomlán—

(a) na príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth a íoc i leith ráthaíochtaí faoi fho-alt (1) (a) den alt seo nó faoi alt 5 d'Acht 1966, agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, i ndáil le hairgead a bheidh faighte ar iasacht ag Aer Lingus nó ag Aerlínte (nó ag Aer Lingus agus ag Aerlínte), mar aon le méid na príomhshuime, má b'ann, a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire Airgeadais ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha, agus

(b) airgid dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b) den alt seo,

ná £75,000,000.

(3) I gcás a dtabharfar nó ar tugadh ráthaíocht faoin alt seo, tabharfaidh an chuideachta dá dtabharfar nó dar tugadh í don Aire Airgeadais, má éilíonn an tAire sin é, cibe urrús (lena n-áirítear, go sonrach, bintiúir) a shonrófar san éileamh chun aisíoc aon airgid a dhlífidh an tAire Airgeadais a íoc, nó a bheidh íoctha aige, faoin ráthaíocht a urrú dó.

(4) Déanfaidh an tAire Airgeadais, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, ráiteas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ina luafar, maidir le gach ráthaíocht dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo agus a tugadh i rith na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach, na bliana sin—

(a) sonraí na ráthaíochta,

(b) i gcás a mbeidh aon íocaíocht déanta ag an Aire Airgeadais faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (má b'ann) a aisíocadh leis an Aire Airgeadais ar scór na híocaíochta,

(c) an méid príomhshuime a bhí faoi réim na ráthaíochta agus a bhí gan aisíoc i ndeireadh na bliana sin.

(5) Aon airgead a airleacadh as an bPríomh-Chiste lena chumasú don Aire Airgeadais íocaíocht a dhéanamh faoi ráthaíocht dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo déanfaidh Aer Lingus nó Aerlínte, de réir mar a bheidh, é a aisíoc (mar aon le hús air de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) leis an Aire Airgeadais laistigh de dhá bliain ó dháta an airgid a airleacan as an bPríomh-Chiste.

(6) I gcás a mbeidh an t-airgead go léir nó aon chuid den airgead a gceanglaíonn fo-alt (5) den alt seo é a aisíoc leis an Aire Airgeadais gan aisíoc de réir an fho-ailt sin, déanfar an méid a bheidh gan aisíoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(7) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (6) den alt seo le suim a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh Aer Lingus nó Aerlínte, de réir mar a bheidh, de bheith faoi dhliteanas ag an Aire Airgeadais i leith an mhéid sin, agus déanfaidh Aer Lingus nó Aerlínte, de réir mar a bheidh, an méid sin (mar aon le hús air de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) a íoc leis an Aire Airgeadais cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh an tAire Airgeadais agus, mura ndéanfar íoc mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh aisghabhála eile, féadfar é a aisghabháil mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(8) Déanfar airgead a íocfaidh Aer Lingus nó Aerlínte leis an Aire Airgeadais nó a aisghabhfaidh an tAire Airgeadais ó Aer Lingus nó ó Aerlínte faoin alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.

(9) I ndáil le ráthaíocht dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo agus a tugadh in airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit—

(a) glacfar le gach ceann de na tagairtí do phríomhshuim i bhfo-alt (2) (a) den alt seo agus d'airgead i bhfo-alt (2) (b) den alt seo mar thagairt don mhéid is comhionannas in airgead reatha an Stáit don phríomhshuim nó don airgead iarbhír, agus an comhionannas sin a ríomh de réir an ráta iomlaoide tráth na ráthaíochta a thabhairt,

(b) glacfar le gach ceann de na tagairtí d'airgead i bhfo-alt (5) den alt seo agus in alt 4 den Acht seo mar thagairt do chostas an airgid iarbhír in airgead reatha an Stáit.

(10) Airgead is iníoctha ag Aer Lingus nó ag Aerlínte faoi chonradh le haghaidh earraí a sholáthar is conradh a rinneadh le ceadú an Aire a tugadh le toiliú an Aire Airgeadais measfar, chun críocha an ailt seo, gur airgead é a fuair Aer Lingus nó Aerlínte, cibé acu é, ar iasacht.

Na haerchuideachtaí d'fháil airgid ar iasacht.

3. —(1) (a) Féadfaidh gach aerchuideachta, le toiliú (agus ní fhéadfaidh gan toiliú) an Aire Airgeaidais arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a fháil ar iasacht ar cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an tAire Airgeadais i cibé slí is oiriúnach léi.

(b) Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a) den fho-alt seo, féadfaidh gach aerchuideachta, le toiliú an Aire Airgeadais arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, airgead a fháil ar iasacht trí stoc nó gnéithe eile urrúis a bhunú a eiseofar, a aistreofar, a fhuasclófar agus lena ndéileálfar i cibé slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an chuideachta a gheobhaidh an t-airgead ar iasacht, ar an toiliú réamhráite a bheith tugtha tar éis dul i gcomhairle mar atá luaite.

(2) Féadfar na cumhachtaí airgead a fháil ar iasacht a thugtar leis an alt seo do na haerchuideachtaí a fheidhmiú chun aon chríche a tharlóidh le linn a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh.

(3) Féadfaidh, faoi réir toiliú an Aire Airgeadais arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, forálacha a bheith sna téarmaí ar a bhfaighidh aerchuideachta airgead ar iasacht faoin alt seo ar forálacha iad ag muirearú an airgid agus an úis air ar an maoin go léir de gach uile shórt atá, de thuras na huaire, dílsithe don chuideachta nó ar aon mhaoin áirithe de chuid na cuideachta.

(4) Ní rachaidh an méid iomlán a gheobhaidh aerchuideachta ar iasacht faoin alt seo thar cibé méid a cheadóidh an tAire Airgeadais ó am go ham i leith na cuideachta sin.

Airgead a sholáthar le haghaidh iocaíochtaí faoin Acht seo as an bPríomh-Chiste.

4. —Íocfar as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis an t-airgead go léir a theastóidh ó am go ham ón Aire Airgeadais faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoin Acht seo.

Meabhrán agus airteagail chomhlachais aerchuideachtaí a athrú.

1963, Uimh. 33 .

5. —Déanfaidh na haerchuideachtaí cibé bearta is gá faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , lena meabhráin agus a n-airteagail chomhlachais a athrú lena gcur ar comhréir leis an Acht seo.

Luach saothair príomh-oifigeach, etc.

6. —Íocfaidh aerchuideachta lena príomh-oifigeach (cibé acu an tuairisc sin nó tuairisc eile a thugtar air) cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an aerchuideachta sin le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Aisghairm.

1967, Uimh. 11 .

1969, Uimh. 20 .

7. —Aisghairtear leis seo iad seo a leanas—

(a) ailt 5 agus 11 d'Acht 1966,

(b) Acht na nAerchuideachtaí (Leasú), 1967 ,

(c) alt 6 d'Acht na nAerchuideachtaí (Leasú), 1969 .

Caiteachais.

8. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus comhlua.

9. —(1) Féadfar Acht na nAerchuideachtaí (Leasú), 1976 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na nAerchuideachtaí, 1966 go 1976, a ghairm d'Achtanna na nAerchuideachtaí, 1966 go 1969, agus den Acht seo le chéile.