16 1978


Uimhir 16 de 1978


AN tACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (BUNCHÍOSANNA) (UIMH. 2), 1978

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN LÉASAITHE AGUS TIONÓNTAÍ ÁIRITHE D'FHÁIL AN FEO SIMPLÍ I dTALAMH AGUS CHUN A nDLITEANAS I LEITH ÍOC BUNCHÍOSA A FHOIRCEANNEADH GO hIARMARTACH, DO DHÉANAMH LEASÚ I SLITE EILE AR DHLÍ AN TIARNA TALÚN AGUS AN TIONÓNTA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE.

[28 Meitheamh, 1978]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978 , a ghairm den Acht seo.

(2) Folóidh an comhlua, na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1931 go 1978, an tAcht seo agus forléireofar na hAchtanna sin agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1978.

Mínithe.

[Nua i bpáirt. cf. 1931, a. 2; 1958, a. 2; 1967, a. 2 (1)]

3. —San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1931” an tAcht um Thiarnaí Tighe agus Tionóntaithe, 1931 ;

ciallaíonn “Acht 1958” an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Léasanna Frithdhílse), 1958 ;

ciallaíonn “Acht 1967” an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna), 1967 ;

ciallaíonn “an Chúirt” an Chúirt Chuarda;

ní fholaíonn “teaghais” árasán leithleach lánscartha in áitreabh atá roinnte in dhá árasán nó níos mó den sórt sin;

tá le “teach cónaithe” an bhrí a shanntar dó le halt 19;

ciallaíonn “léasóir is neasa” an duine ag a bhfuil teideal de thuras na huaire chun an uasleasa is neasa i dtalamh a shealbhaíonn aon duine faoi léas nó faoi chonradh eile tionóntachta nó ar dhóigh eile;

ciallaíonn “léas” ionstraim i scríbhinn, cibé acu faoi shéala nó nach faoi shéala dó, ina bhfuil conradh tionóntachta maidir le haon talamh i gcomaoin cíosa nó aisig agus folaíonn sé deontas feofheirme;

folaíonn “léasaí” ionadaithe pearsanta agus comharbaí i dteideal léasaí;

folaíonn “léasóir” ionadaithe pearsanta agus comharbaí i dteideal léasóra;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

ciallaíonn “fógra”, i ndáil leis an bhfeo simplí a fháil, i gcás a gceanglaítear fógraí a sheirbheáil faoi alt 4 d'Acht 1967 ar níos mó ná duine amháin, an chéad cheann de na fógraí sin a sheirbheálfar;

ciallaíonn “tionóntacht reachtúil” tionóntacht reachtúil faoin Acht Srianta Cíosa, 1946 , nó faoin Acht Srianta Cíosa, 1960 .

Feidhm an Achta ar an Stát a bheith srianta.

[Nua]

4. —Ní chuirfidh an tAcht seo ceangal ar Aire Rialtais, ar Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn ná ar Choimisiún Talún na hÉireann.

Rialacháin.

[cf. 1931, a. 7; 1967, a. 34]

5. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun lánéifeacht a thabhairt d'fhorálacha an Achta seo lena n-áirítear foirmeacha a fhorordú.

(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Caiteachais.

[cf. 1931, a. 8]

6. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm.

7. — (1) Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas d'Acht 1967: ailt 3 (ach amháin fo-alt (5)), 5 (1) (2), 18 agus 31.

(2) Beidh leis an tagairt in alt 3 (5) d'Acht 1967 do dheimhniú ón gCoimisinéir Luachála éifeacht ionann is dá gcuirfí tagairt do Chuid II den Acht seo in ionad na tagartha do “mhír (d) d'fho-alt (2) den alt seo”.

CUID II

Feo Simplí a Cheannach

Ceart Ginearálta

Ceart ginearálta feo simplí a fháil.

[1967, a. 3 (1)]

8. —Aon duine lena mbaineann an Chuid seo beidh de cheart aige, faoi réir forálacha na Coda seo, mar cheart a ghabhann lena leas láithreach i dtalamh, an leas sin a mhéadú ina fheo simplí, agus chun na críche sin an feo simplí sa talamh agus aon leasanna idirmheánacha sa talamh a fháil trína gceannach agus beidh feidhm dá réir sin ag Acht 1967.

Léasaithe

Ceart léasaí.

[Nua i bpáirt. cf. 1958, a. 4 (2) i bpáirt, (4) (5) (6); 1967, a 3 (2) i bpáirt]

9. —(1) Baineann an Chuid seo le duine a shealbhaíonn talamh faoi léas má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) go bhfuil buanfhoirgnimh ar an talamh agus gur talamh atá foghabhálach nó cumhalda do na foirgnimh sin an chuid den talamh nach bhfuil fúthu;

(b) nach feabhsú de réir brí fho-alt (2) na buanfhoirgnimh;

(c) nach contrártha d'aon chúnant sa léas a tógadh na buanfhoirgnimh; agus

(d) ceann de na coinníollacha ionaid atá leagtha amach in alt 10.

(2) I bhfo-alt (1) (b) ciallaíonn “feabhsú” i ndáil le foirgnimh aon mhéadú nó athrú ar na foirgnimh agus folaíonn sé aon déanmhas atá cumhalda nó foghabhálach do na foirgnimh sin, ach ní fholaíonn sé aon athrú ná athfhoirgniú ar na foirgnimh a bhainfeadh a sainghnéithe bunaidh díobh.

(3) Má éilítear go gcomhlíonann léas an Chuid seo ar an bhforas gur tógadh na buanfhoirgnimh de bhun comhaontú chun an léas a dheonú ar iad a bheith tógtha ach nach mbeidh sainfhianaise ar an gcomhaontú ar fáil, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:

(a) má chruthaítear gurb é an duine dar tugadh an léas dá éis sin a thóg na foirgnimh toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go ndearnadh an comhaontú iarbhír agus gur tógadh na foirgnimh dá réir;

(b) in aon chás eile, féadfaidh an t-eadránaí, más cuí leis tar éis cibé fianaise a éisteacht a bheidh ar fáil agus a thabharfar ar aird, a thoimhde go ndearnadh an comhaontú iarbhír agus gur tógadh na foirgnimh dá réir.

(4) Maidir le buanfhoirgnimh a thóg léasaí de bhun cúnant ina léas na foirgnimh faoi chuimsiú an léasa a aisiriú i gcás a scriosta le tine nó eile, measfar gurb é an duine a thóg na foirgnimh bhunaidh a thóg iad.

(5) Féadfaidh an t-eadránaí a dhearbhú gur duine lena mbaineann an Chuid seo duine áirithe d'ainneoin gur contrártha do chúnant, go hiomlán nó go páirteach, a tógadh na foirgnimh, más dóigh leis gur mhíréasúnach a mhalairt a ordú.

Coinníollacha malairte nach foláir a chomhlíonadh.

[1958, a. 4 (2) (d)]

[Nua. cf. 1958, a. 4 (3) (a)]

[1958, a. 5 i bpáirt]

[1958, a. 5 i bpáirt]

[1971, a. 8 (1)]

[1958, a. 19 i bpáirt]

[Nua. cf. 1958, a.7]

10. —Is coinníollacha malairte iad seo a leanas nach foláir ceann acu a chomhlíonadh freisin i gcás lena mbaineann alt 9:

1. gurb é an duine a thóg na buanfhoirgnimh an duine a bhí, tráth a dtógtha, i dteideal leasa an léasaí faoin léas nó gur tógadh iad de bhun comhaontú go ndeonófaí an léas ar na buanfhoirgnimh a bheith tógtha;

2. gur léas é go ceann téarma nach giorra ná caoga bliain agus gur lú méid bliantúil an chíosa nó an chíosa is mó a forchoimeádadh faoi (cibé acu a fuasclaíodh nó nár fuasclaíodh é aon tráth) ná méid luacháil inrátaithe na maoine an dáta a seirbheáladh, faoi alt 4 d'Acht 1967, fógra go raibh beartaithe an feo simplí a fháil nó an dáta a dhéanfar iarratas faoi Chuid III den Acht seo, cibé acu é, agus nárbh é an léasóir ná aon uasléasóir ná aon réamhtheachtaithe i dteideal dá gcuid a thóg na buanfhoirgnimh ar an talamh a forléasadh leis an léas:

ar choinníoll go dtoimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nár tógadh na foirgnimh amhlaidh;

3. gur dheonaigh léasóir an léas d'ainmní duine (dá ngairtear an foirgneoir sa mhír seo) ar forléasadh talamh chuige chun foirgnimh a thógáil air de bhun comhaontú idir an léasóir agus an foirgneoir go ndéanfadh an foirgneoir, ar chonradh a bheith déanta aige na foirgnimh a dhíol, a léas a ghéilleadh i gcomaoin an léasóir do dheonú léasanna nua d'ainmnithe an fhoirgneora;

4. gur dheonaigh léasóir an léas d'ainmní duine (dá ngairtear an foirgneoir sa mhír seo) de bhun comhaontú idir an léasóir agus an foirgneoir go ndéanfadh an léasóir, ar na foirgnimh a bheith tógtha ag an bhfoirgneoir, léasanna a dheonú d'ainmnithe an fhoirgneora;

5. gur deonaíodh an léas, tráth léasa roimhe sin do dhul in éag nó a ghéilleadh nó tar éis an éaga nó an ghéillte sin—

(a) ar chíos níos lú ná luacháil inrátaithe na maoine ar dháta an léasa a dheonú, nó

(b) don duine a bhí i dteideal leasa an léasaí faoin léas roimhe sin,

ar choinníoll gur éag nó gur géilleadh an léas roimhe sin roimh an 31ú lá de Mhárta, 1931 agus gur léas é lena mbainfeadh an Chuid seo dá mbeadh an tAcht seo i bhfeidhm an uair sin agus ar choinníoll go dtoimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go raibh an duine dar deonaíodh an léas i dteideal amhlaidh;

6. gur léas frithdhílse a deonaíodh an 31ú lá de Mhárta, 1931, nó dá éis, do dhuine a bhí ina theideal faoi Chuid V d'Acht 1931 nó faoi Acht 1958 an léas, cibé acu ar théarmaí a shocraigh an Chúirt nó ar théarmaí a caibidlíodh idir na páirtithe a deonaíodh é;

7. gur tugadh an léas, ar léas é go ceann téarma nach giorra ná caoga bliain—

(a) go páirteach i gcomaoin an léasaí d'íoc suim airgid (seachas cíos) leis an léasóir tráth an léasa a dheonú nó díreach roimhe sin agus go measfar chun na críche sin gur cuid den chomaoin aon airgead a bheidh íoctha d'fhuascailt aon choda den chíos a bheidh forchoimeádta leis an léas (cibé acu de bhun cúnant sa léas nó de bhun comhaontú a rinneadh idir an léasaí agus an léasóir le linn ré an léasa a íocadh an t-airgead), nó

(b) go páirteach i gcomaoin an léasaí do chaitheamh suim airgid (ar shlí seachas ar mhaisiú) ar an áitreabh a forléasaíodh leis an léas, nó

(c) go páirteach i gcomaoin an íoca sin agus an chaithimh sin,

i gcás nár lú an tsuim a íocadh nó a caitheadh amhlaidh nó iomlán na suimeanna sin ná cúig oiread déag mhéid bliantúil an chíosa nó an chíosa is mó a forchoimeádadh leis an léas, cibé acu is lú.

An cíos is mó faoi alt 10.

[1958, a. 7 (3)]

11. —Le linn an cíos is mó a forchoimeádadh le léas a bheith á chinneadh chun críocha alt 10 beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:

(a) i gcás cuid den chíos a fhuascailt trí íocaíocht chaipitiúil le linn ré léasa, measfar gurb é an cíos laghdaithe an cíos is mó a forchoimeádadh leis an léas;

(b) déanfar neamhshuim de phianchíos is iníoctha mar gheall ar aon sárú cúnaint agus d'aon chíos neamhghnách a forchoimeádadh go ceann tréimhse sonraithe nach faide ná cúig bliana.

Leathnú ar alt 10, coinníoll 7.

[Nua]

12. —Measfar go gcomhlíonann léas go ceann téarma nach giorra ná caoga bliain coinníoll 7 in alt 10 más rud é—

(a) gur deonaíodh an léas go páirteach i gcomaoin gealltanas ón léasaí oibreacha sonraithe a dhéanamh ar an áitreabh a forléasaíodh leis an léas,

(b) nár sonraíodh an méid a bhí le caitheamh ar na hoibreacha,

(c) go ndearna an léasaí na hoibreacha, agus

(d) go gcruthófar nár lú costas réasúnach na n-oibreacha, leo féin nó i dteannta aon fhíneáil nó íocaíocht eile a luaitear sa choinníoll sin, ná cúig oiread déag mhéid bliantúil an chíosa nó an chíosa is mó a forchoimeádadh leis an léas, cibé acu is lú.

Ceart léasaí faoi léas éagtha.

[1958, a. 14; 1971, a. 9]

13. —I gcás—

(a) léas do dhul in éag laistigh de dheich mbliana roimh dháta thosach feidhme an Achta seo, agus

(b) an léasaí a bheith, ar an dáta tosach feidhme sin, i seilbh na talún a bhí cuimsithe sa léas éagtha faoi thionóntacht bhliantúil is tuigthe ó ghníomhartha na bpáirtithe a bheith ann nó atá ann faoi thionóntacht reachtúil faoi na hAchtanna Srianta Cíosa, 1960 agus 1967, nó mar thionónta ar thoil nó eile, gan tionóntacht nua a bheith faighte aige ón léasóir ná leas an léasóra sa talamh a bheith faighte aige, agus

(c) nach raibh aon duine i dteideal, díreach roimh an dáta tosach feidhme sin, go ndeonófaí léas dó faoi Acht 1958,

beidh ag an léasaí, ar feadh an dá mhí dhéag tar éis tosach feidhme an Achta seo, an ceart céanna an feo simplí a fháil a bheadh aige dá mbeadh a léas gan dul in éag.

Léasanna páirtfhoirgnithe.

[Nua i bpáirt. cf. 1958, a. 6]

14. —(1) I gcás a sealbhaíonn duine talamh faoi léas (dá ngairtear léas páirt-fhoirgnithe san alt seo) a thabharfadh teideal dó an feo simplí a fháil mura mbeadh nach bhfuil an chuid den talamh nach bhfuil faoi na buanfhoirgnimh foghabhálach agus cumhalda, go hiomlán, do na foirgnimh sin, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas den alt seo.

(2) Measfar, chun críocha an Achta seo, go gcuimsíonn an léas páirtfhoirgnithe dhá léas ar leithligh, mar a leanas:

(a) léas amháin (dá ngairtear an léas foirgnithe san alt seo) a chuimsíonn an chuid sin den talamh a forléasaíodh leis an léas páirt-fhoirgnithe agus atá faoi na buanfhoirgnimh, mar aon leis an oiread sin den talamh atá foghabhálach agus cumhalda do na foirgnimh sin, agus

(b) an léas eile (dá ngairtear an léas folamh san alt seo) a chuimsíonn iarmhar na talún sin.

(3) Chun críocha roinnt a dhéanamh ar an léas páirt-fhoirgnithe, déanfar an chuid sin den chíos a forchoimeádadh leis an léas sin agus is inchurtha go cóir i leith na talún a chuimsítear sa léas foirgnithe a chionroinnt ar an léas foirgnithe agus déanfar an chuid eile den chíos sin a chionroinnt ar an léas folamh, agus déanfar na cúnaint ar thaobh an léasaí agus na coinníollacha sa léas páirtfhoirgnithe a chionroinnt mar an gcéanna ionas go mbainfidh siad go leithleach leis an talamh a chuimsítear sa léas foirgnithe agus leis an talamh a chuimsítear sa léas folamh.

(4) Is léas lena mbaineann an Chuid seo an léas foirgnithe.

Tionóntaí Bliantúla

Ceart tionónta bhliantúil.

[Nua i bpáirt. cf. 1967, a. 3 (2) (d) (ii), (4) (b)]

[Nua. cf. 1958, a. 6]

[Nua. cf. 1958, a. 6]

[Nua. cf. 1958, a. 6]

[Nua. cf. 1958. a. 6]

15. —(1) Baineann an Chuid seo freisin le duine a shealbhaíonn talamh sna himthosca seo a leanas—

(a) go bhfuil an talamh, go hiomlán nó go páirteach, faoi bhuanfhoirgnimh agus gur talamh atá foghabhálach agus cumhalda do na foirgnimh sin aon talamh nach bhfuil faoi bhuanfhoirgnimh amhlaidh;

(b) go sealbhaítear an talamh faoi chonradh tionóntachta bliantúla nó faoi thionóntacht bhliantúil trí oibriú an dlí nó trí thátal ar léas do dhul in éag, nó faoi thionóntacht reachtúil is intuigthe ó mhaoin a róshealbhú ar léas do dhul in éag a fhorchoimeádann cíos bliantúil;

(c) an talamh a bheith sealbhaithe go leanúnach faoi aon tionóntacht nó tionóntachtaí dá dtagraítear i mír (b) (lena n-áirítear aon léas éagtha) ag an duine nó ag a réamhtheachtaithe i dteideal ar feadh tréimhse nár ghiorra ná cúig bliana is fiche roimh an dáta a sheirbheáil an duine fógra faoi alt 4 d'Acht 1967 go raibh rún aige an feo simplí a fháil nó dáta iarratais faoi Chuid III den Acht seo;

(d) gur lú an cíos bliantúil ná luacháil inrátaithe na maoine ar dháta an fhógra rúin sin, nó an iarratais sin, a sheirbheáil;

(e) nárbh é an léasóir is neasa ná aon uasléasóir ná aon réamhtheachtaithe i dteideal dá gcuid a thóg na buanfhoirgnimh, ar choinníoll, áfach, go dtoimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nár tógadh na buanfhoirgnimh amhlaidh;

(f) nach éard é an conradh tionóntachta ligean a rinneadh agus a deir é a bheith déanta mar shaoráid shealadach don léasóir is neasa nó don duine a shealbhaíonn faoin gconradh agus, más tar éis Acht 1931 a rith a rinneadh an ligean, a insíonn cad é an cineál saoráide sealadaí é, agus

(g) nach éard é an conradh tionóntachta ligean a rinneadh chun go leanfadh an duine a shealbhaíonn faoin gconradh air in aon oifig, fostaíocht nó ceapachán nó a bhraitheann ar an duine sin do leanúint amhlaidh.

(2) I gcás arbh éard é talamh (dá ngairtear gabháltas páirt-fhoirgnithe san alt seo) talamh a mbainfeadh an t-alt seo leis mura mbeadh nach bhfuil an chuid den talamh nach bhfuil faoi na buanfhoirgnimh foghabhálach agus cumhalda, go hiomlán, do na foirgnimh sin, beidh éifeacht le fo-ailt (3), (4) agus (5).

(3) Measfar, chun críocha na Coda seo, go gcuimsíonn an gabháltas páirtfhoirgnithe dhá ghabháltas ar leithligh mar a leanas:

(a) gabháltas amháin (dá ngairtear an gabháltas foirgnithe san alt seo) a chuimsíonn an chuid sin den talamh atá faoi na buanfhoirgnimh, mar aon leis an oiread sin den talamh atá foghabhálach agus cumhalda do na foirgnimh sin, agus

(b) an gabháltas eile (dá ngairtear an gabháltas folamh san alt seo) a chuimsíonn iarmhar na talún.

(4) Chun críocha roinnt a dhéanamh ar an ngabháltas páirtfhoirgnithe, déanfar an chuid sin de chíos an ghabháltais is inchurtha go cóir i leith na talún a chuimsítear sa ghabháltas foirgnithe a chionroinnt ar an ngabháltas foirgnithe agus déanfar an chuid eile den chíos a chionroinnt ar an ngabháltas folamh, agus déanfar na cúnaint ar thaobh an duine a shealbhaíonn an talamh agus na coinníollacha a ghabhann le tionóntacht an ghabháltais pháirtfhoirgnithe a chionroinnt mar an gcéanna ionas go mbainfidh siad go leithleach leis an talamh a chuimsítear sa ghabháltas foirgnithe agus leis an talamh a chuimsítear sa ghabháltas folamh.

(5) Is talamh lena mbaincann an t-alt seo an gabháltas foirgnithe.

Srianta

Srianta ar an gceart chun feo simplí a fháil.

[1967, a. 3 (3) (4) (a)]

16. —(1) Ní bhaineann alt 8, i ndáil le haon talamh, le duine a bhfuil dearbhaithe de bhua alt 15 (1) d'Acht 1958 nach bhfuil sé i dteideal léasa frithdhílse ar an talamh faoin Acht sin agus atá i seilbh na talún faoi léas nó faoi thionóntacht nó de bhua fho-alt (2) den alt sin 15.

(2) Ní bheidh duine i dteideal an feo simplí a fháil faoin gCuid seo más éard é an léas ar a bhfuil an ceart sin bunaithe—

(a) léas ar thalamh a úsáidtear chun críocha gnó nó a fholaíonn foirgneamh atá roinnte i gcuid nach lú ná ceithre árasán leithleacha lánscartha, is léas ina bhfuil forálacaha á chumasú méid an chíosa a fhorchoimeádtar leis an léas a athrú laistigh de shé bliana is fiche ó thosach feidhme an léasa (nach forálacha á chumasú an cíos sin a athrú uair amháin, agus gan ach uair amháin, agus laistigh de chúig bliana ón tosach feidhme sin nó ar aon fhoirgnimh a thógáil tar éis an tosach feidhme sin ar an talamh nó ar chúnant sa léas a shárú). nó

(b) léas a deonaíodh roimh thosach feidhme Acht 1967 ar thalamh a úsáidtear chun críocha gnó, is léas ina bhfuil forálacha á cheangal ar an léasaí gnó a sheoladh ar an talamh agus de shrian leis, go hiomlán nó go páirteach, gur in earraí a tháirg nó a sholáthraigh an léasóir a dhéileálfar, nó

(c) léas ar thalamh ina bhfuil cúnant ón léasaí foirgneamh nó foirgnimh a thógáil nó forbairt a dhéanamh ar an talamh mura mbeidh agus fad nach mbeidh an cúnant comhlíonta go substaintiúil. nó

(d) léas a thug Coimisinéirí Soilse na hÉireann, nó

(e) léas a thug údarás cuain, de réir brí an Achta Cuanta, 1946 , roimh dháta an Achta sin a rith nó dá éis sin.

Praghas Ceannaigh

Praghas ceannaigh a chinneadh trí eadráin.

[Nua i bpáirt. cf. 1967, a. 18]

17. —(1) Baineann an t-alt seo le praghas ceannaigh an fheo shimplí nó aon leasa eile a chinneadh trí eadráin faoi Acht 1967 lena n-áirítear eadráin a sheolfaidh Cláraitheoir na dTeideal de bhun alt 21 den Acht seo.

(2) Is é an praghas ceannaigh, faoi réir fho-ailt (3), (4) agus (6), an tsuim is dóigh leis an eadránaí a thabharfadh ceannaitheoir toilteanach agus a ghlacfadh díoltóir toilteanach ar an bhfeo simplí nó ar an leas eile agus aird aige ar na nithe seo a leanas—

(a) an cíos is iníoctha ar an talamh ag an duine a gheobhaidh an feo simplí,

(b) i gcás an talamh a shealbhú ar léas atá éagtha ag an duine a gheobhaidh an feo simplí nó a shealbhú aige ar léas a éagfaidh laistigh de chúig bliana déag tar éis dáta an fhógra faoi alt 4 d'Acht 1967 a sheirbheáil nó dáta an iarratais faoi Chuid III den Acht seo, an cíos a d'fhorchoimeádfaí, i dtuairim an eadránaí, le léas frithdhílse faoi Acht 1958 ar an talamh a dheonófaí go ceann téarma dar tosach dáta éaga an léasa chéadluaite,

(c) na torthaí reatha úis ar urrúis de chuid an Rialtais a eisíodh le suibscríobh sa Stát,

(d) má úsáidtear an talamh chun críocha gnó nó más mó ná acra d'achar atá ann agus nach n-úsáidtear chun críocha gnó é, achar agus cineál na talún, a shuíomh agus a úsáid agus bailriocht aon fhoirgneamh nó déanmhas air,

(e) an praghas a íocadh ar an bhfeo simplí nó ar aon leas eile sa talamh ar dhíol a rinneadh an 22ú lá de Bhealtaine, 1964, nó dá éis,

(f) aon mhorgáiste nó muirear eile ar an leas sa talamh de chuid aon duine óna sealbhaíonn sé an talamh, go meánach nó go neasach, ag an duine atá ag fáil an fheo shimplí,

(g) na costais agus na caiteachais is dóigh leis an eadránaí a thabhódh na daoine óna sealbhaítear an talamh, go meánach nó go neasach, ag an duine atá ag fáil an fheo shimplí, ag infheistiú an airgid cheannaigh is iníoctha i leith an feo simplí a fháil,

(h) na costais agus na caiteachais is dóigh leis an eadránaí a thabhaigh duine a ghcobhaidh an feo simplí agus a shealbhaíonn an talamh ar léas mar gheall ar mhainncachtain an léasóra aon taitneamhachtaí a chothabháil atá de cheangal air a chothabháil faoi chúnant sa léas.

(i) praghas reatha leas an léasóra is neasa i dtalamh a shealbhaítear ar léasanna nó ar thionóntachtaí bliantúla cosúil leis an léas nó an tionóntacht bhliantúil, cibé acu é, ar a bhfuil an talamh á shealbhú ag an duine a ghcobhaidh an feo simplí, agus

(j) cibé ábhair eile is dóigh leis an eadránaí is iomchuí maidir leis an bpraghas ceannaigh a chinneadh.

(3) Más rud é—

(a) nach n-úsáidtear an talamh chun críocha gnó.

(b) go sealbhaíonn an duine a gheobhaidh an feo simplí an talamh faoi thionóntacht bhliantúil, faoi thionóntacht reachtúil is intuigthe ó mhaoin a róshealbhú ar léas do dhul in éag a d'fhorchoimeád cíos bliantúil nó faoi léas nach n-éagfaidh laistigh de chúig bliana déag tar éis dáta an fhógra faoi alt 4 d'Acht 1967 a sheirbheáil nó dáta iarratais faoi Chuid III den Acht seo, agus

(c) nach mó ná acra achar na talún.

ansin, faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, ní rachaidh an praghas ceannaigh thar an méid a bhéarfadh go bliantúil, dá n-infheisteofaí é ar dháta na dámhachtana san urrús de chuid an Rialtais a eisíodh go deiridh roimh an dáta sin le suibscríobh sa Stát agus is infhuascailte tráth nach luaithe ná cúig bliana déag tar éis dáta a eisiúna, an oiread úis san iomlán is comhionann le méid an chíosa is iníoctha faoin léas nó faoin tionóntacht bhliantúil, cibé acu é, ar feadh na bliana díreach roimh dháta an fhógra sin a sheirbheáil nó roimh dháta an iarratais sin.

(4) I gcás ina bhfuil costas múchta cíosa as talamh, nó muirir ar thalamh, a bhfuil an feo simplí ann á fháil faoin Acht seo nó faoi Acht 1967 socair le reacht, déanfar lamháltas i leith an chostais sin le linn praghas ceannaigh an fheo shimplí a bheith á chinneadh faoin alt seo.

(5) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) i gcás léas a bhfuil foráil ann do chíos méadaithe is iníoctha aon tráth laistigh de chúig bliana déag tar éis dáta an fhógra faoi alt 4 d'Acht 1967 a sheirbheáil nó tar éis dáta an iarratais faoi Chuid III den Acht seo.

(6) Más rud é—

(a) nach n-úsáidtear an talamh chun críocha gnó,

(b) go sealbhaíonn an duine a gheobhaidh an feo simplí an talamh faoi léas a éagfaidh laistigh de chúig bliana déag tar éis dáta an fhógra faoi alt 4 d'Acht 1967 a sheirbheáil nó tar éis dáta an iarratais faoi Chuid III den Acht seo, agus

(c) nach mó ná acra achar na talún,

ní rachaidh an praghas ceannaigh thar an méid a chinnfí faoi fho-alt (3) dá mba thalamh lenar bhain an fo-alt sin an talamh, agus, ina theannta sin, maidir le gach bliain a mbeidh téarma neamhéagtha an léasa faoi bhun cúig bliana déag, an cúigiú cuid déag den difríocht idir an praghas sin agus an praghas a chinnfí ar bhonn cíosa fhrithdhílse reatha.

(7) Sonróidh an t-eadránaí, má iarrann páirtí san eadráin air é, na nithe (más ann) ar a raibh aird aige faoi fho-alt (2) (j).

CUID III

An Feo Simplí i dTithe Cónaithe a Dhílsiú

Ré Chuid III.

[Nua]

18. —Ní bheidh éifeacht leis an gCuid seo ach amháin i ndáil le hiarratais a rinneadh fúithi sa tréimhse cúig bliana dar tosach dáta thosach feidhme an Achta seo.

Tithe cónaithe.

[Nua]

19. —Baineann an Chuid seo le talamh lena mbaineann Cuid II i gcás na buanfhoirgnimh a bheith tógtha lena n-úsáid go hiomlán nó go príomha mar theaghais agus gur mar sin a úsáidtear iad agus teach cónaithe a thugtar san Acht seo ar thalamh den sórt sin.

Dflsiú trí thoiliú.

[Nua]

20. —Duine atá i dteideal an feo simplí a fháil i dteach cónaithe de bhua Chuid II féadfaidh sé, le toiliú gach duine ar pháirtí riachtanach é chun an feo simplí, saor ó eirí, a thíolacadh dó, a iarraidh ar Chláraitheoir na dTeideal an t-áitreabh a dhílsiú dó faoi alt 22.

Eadráin.

[Nua]

21. —(1) Duine a éilíonn go bhfuil sé i dteideal an feo simplí a fháil i dteach cónaithe de bhua Chuid II, féadfaidh sé, gan aon toiliú dá dtagraítear in alt 20, a iarraidh ar Chláraitheoir na dTeideal go ndílseofar an t-áitreabh dó faoi alt 22 agus seirbheálfaidh sé fógra i dtaobh a iarratais ar an léasóir is neasa. Féadfar fógra a sheirbheáil in aon slí a fhoráiltear le halt 63 d'Acht 1931 nó le halt 23 d'Acht 1967.

(2) Féadfaidh an Cláraitheoir, áfach, seirbheáil faoi fho-alt (1) a ligean thar ceal i gcás a ndeimhneoidh an t-iarratasóir dó nach féidir le réasún an tseirbheáil sin a dhéanamh. In aon chás den sórt sin, seirbheálfaidh an Cláraitheoir fógra i dtaobh an iarratais ar gach duine ar dealraitheach dó gur úinéir é ar aon eastát, leas nó eire a mhúchfaí trí dheimhniú a eisiúint faoi alt 22 (1), a mhéid is féidir le réasún na daoine sin a fhionnadh.

(3) Cinnfidh Cláraitheoir na dTeideal an t-iarratas trí eadráin.

(4) Beidh feidhm ag forálacha Acht 1967 chun críocha na Coda seo ach tagairtí do Chláraitheoir na dTeideal a chur in ionad na dtagairtí don chláraitheoir contae.

(5) I gcás achomharc chun na Cúirte faoi alt 22 d'Acht 1967 in aghaidh dámhachtain, ordú nó cinneadh eile ón gCláraitheoir mar eadránaí, déanfaidh Breitheamh na Cúirte a bheidh sannta de thuras na huaire don chuaird ina bhfuil an t-áitreabh nó aon chuid den áitreabh ar i ndáil leis a rinneadh an t-achomharc an t-achomharc sin a éisteacht agus a chinneadh.

Deimhniú dílseacháin.

[Nua]

22. —(1) I gcás

(a) ar deimhin le Cláraitheoir na dTeideal go ndearnadh iarratas go cuí faoi alt 20, nó

(b) ar deimhin leis an gCláraitheoir mar eadránaí nó leis an gCúirt ar achomharc go bhfuil an t-iarratasóir faoi alt 21 i dteideal an feo simplí a fháil,

eiseoidh an Cláraitheoir, faoi réir fho-alt (2), deimhniú (dá ngairtear “deimhniú dílseacháin” san alt seo) a oibreoidh, faoi réir fho-alt (3), chun an feo simplí agus aon leasanna idirmheánacha sa teach cónaithe a thíolacadh, saor ó éirí, ar an dáta a bheidh sonraithe chuige sin sa deimhniú.

(2) Sula n-eiseoidh an Cláraitheoir deimhniú dílseacháin, deimhneoidh sé dó féin gur íocadh an praghas ceannaigh nó gur taisceadh é leis féin, gur glanadh na fiacha forordaithe agus go bhfuil cíos an tí cónaithe (seachas riaráiste a bhfuil caingean chun iad a ghnóthú faoi urchosc reachta) íoctha cothrom le dáta.

(3) Measfar gur tíolacas de bhun díola chun críocha ailt 24 agus 25 den Acht um Chlárú Teidil, 1964 (a dhéanann foráil maidir le clárú éigeantach úinéireachta a leathnú) an deimhniú dílseacháin agus measfar gur ionstraim é san fhoirm fhorordaithe chun críocha alt 51 den Acht sin (a dhéanann foráil maidir le talamh cláraithe a aistriú).

(4) I gcás lena mbaineann fo-alt (3), déanfaidh an Cláraitheoir, tar éis aon doiciméid bhreise a theastóidh uaidh a sholáthar dó, socrú go gclárófar an teideal faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964 .

(5) Déanfaidh an Cláraitheoir fógra gur deonaíodh ordú dílseacháin de dhroim eadrána a sheirbheáil ar gach duine ar dealraitheach dó gur úinéir é ar aon eastát, leas nó eire a múchadh de bhua fho-alt (1), a mhéid is féidir le réasún na daoine sin a fhionnadh.

(6) Duine a éileoidh go bhfuil teideal aige, mar úinéir ar aon eastát, leas nó eire a múchadh de bhua fho-alt (1), go n-íocfaí leis an t-airgead ceannaigh nó aon chuid den airgead sin a taisceadh leis an gCláraitheoir, féadfaidh sé dámhachtain a iarraidh ar an gCláraitheoir mar eadránaí agus, tar éis don eadránaí fógra réasúnach i dtaobh an éilimh a sheirbheáil ar gach duine dar tugadh fógra faoi fho-alt (5), déanfaidh sé cibé dámhachtain agus tabharfaidh sé cibé treoracha a mheasfaidh sé is cóir cun an t-airgead ceannaigh a íoc agus a dháileadh.

(7) Féadfaidh an Cláraitheoir, más cuí leis, aon airgead a taisceadh leis faoin alt seo a thaisceadh sa Chúirt agus, air sin, déanfaidh Breitheamh den Chúirt a bheidh sannta de thuras na huaire don chuaird ina bhfuil an t-áitreabh nó aon chuid den áitreabh ar i ndáil leis a taisceadh an t-airgead an dlínse a thugtar don Chláraitheoir faoi fho-alt (6) a fheidhmiú.

Táillí

[Nua i bpáirt. cf. 1967, ailt 9, 19]

23. —(1) Is í an táille a bheidh le glacadh i gClárlann na Talún—

(a) chun deimhniú dílseacháin a eisiúint faoi alt 22, i gcás an t-iarratasóir a bheith ag áitiú an tí cónaithe, £5;

(b) i leith eadráin faoi alt 21, i gcás an t-iarratasóir a bheith ag áitiú an tí cónaithe, £12, is táille i dteannta na táille a bheidh le glacadh faoi mhír (a).

(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, na táillí a bheidh le glacadh i gClárlann na Talún chun críocha na Coda seo, seachas na táillí a luaitear i bhfo-alt (1), a shocrú le hordú, agus féadfaidh sé aon ordú den sórt sin a chúlghairm nó a leasú.

(3) Cé is moite de na táillí atá socraithe i leith na gcásanna a luaitear i bhfo-alt (1), socrófar na táillí, a mhéid is féidir, chun an costas iomlán a bhainfidh leis an iarratas iomchuí a ghlanadh.

(4) Dlífidh an t-iarratasóir an táille a íoc a bheidh le glacadh chun an deimhniú dílseacháin a eisiúnt agus, faoi réir fho-alt (5), dlífidh sé freisin an táille a íoc a bheidh le glacadh i leith na headrána.

(5) Má bhíonn an t-iarratasóir ag áitiú an tí cónaithe ní dhlífidh sé féin ná aon pháirtí eile aon ní a íoc, ar leith ó na táillí atá socraithe san alt seo nó faoin alt seo, leis an gCláraitheoir i leith na headrána nó an dílseacháin, ach amháin nuair is dóigh leis an gCláraitheoir gur iompair aon pháirtí san eadráin é féin go míreasúnach (trí ghníomh nó trí neamhghníomh) nó go ndearna sé, gan chúis réasúnach—

(a) diúltú nó mainniú foráil de chuid an Achta seo a chomhlíonadh nó moill á comhlíonadh amhlaidh, nó

(b) diúltú nó mainniú teacht ar chomhaontú, nó moill ag teacht ar chomhaontú, i ndáil le haon ábhar faoin Acht seo,

agus gurbh é ba chúis, tríd sin, le tabhú an chostais go léir nó cuid den chostas a bhain leis an eadráin, féadfaidh an Cláraitheoir a ordú go n-íocfaidh an páirtí sin an costas sin go léir nó cuid shonraithe de.

(6) Ní bheidh feidhm ag ailt 9 agus 19 (1) d'Acht 1967 (a dhéanann foráil do chostais eadrána) i gcás an t-iarratasóir a bheith ag áitiú an tí cónaithe.

(7) Ní bheidh feidhm ag alt 14 (2) den Acht um Chlárú Teidil, 1964 , maidir le táillí a ghlacadh i ndáil le feidhmeanna Chláraitheoir na dTeideal faoin Acht seo.

Dualgas Chláraitheoir na dTeideal maidir le hiarratais faoi Chuid III.

[Nua]

24. —(1) Déileálfaidh Cláraitheoir na dTeideal le hiarratais a gheofar faoin gCuid seo san ord ina bhfaighfear iad a mhéid a bheidh sin i gcomhréir lena fheidhmeanna go léir, mar Chláraitheoir na dTeideal, a chomhlíonadh go héifeachtach.

(2) I gcás ar deimhin leis an gCláraitheoir ar chúiseanna a chuirfidh an t-iarratasóir nó aon duine eile lena mbainfidh faoina bhráid gur iarratas ar leith iarratas áirithe sa mhéid go mbainfeadh tromcheataí nó mórchaillteanas d'aon duine den sórt sin de bharr an dualgas a fhorchuirtear le fo-alt (1) i leith an iarratais a chomhlíonadh, féadfaidh sé déileáil leis an iarratas ar shlí seachas san ord ina bhfuarthas é.

(3) Ní bheidh aon ábhar caingne ann i gcoinne an Chláraitheora i ndáil leis an dualgas a fhorchuirtear air faoin alt seo.

Feidhmeanna Chláraitheoir na dTeideal a fheidhmiú.

[cf. 1964, a. 13]

25. —Féadfaidh cibé oifigeach de chuid Chláraitheoir na dTeideal a bheidh údaraithe chuige sin ag an Aire gach ceann nó aon cheann de na cumhachtaí agus de na dualgais a bhronntar nó a chuirtear ar Chláraitheoir na dTeideal leis an gCuid seo a chomhlíonadh.

CUID IV

Ilghnéitheach

An feo simplí a fháil ó údarás tithíochta.

[Nua]

26. —(1) I gcás a ndearna údarás tithíochta teaghais a sholáthraigh siad faoi údarás reachtúil a thabhairt ar léas do thionónta, beidh an tionónta i dteideal an feo simplí sa teaghais a fháil uathu faoi réir forálacha an ailt seo.

(2) Leanfaidh na téarmaí agus na coinníollacha a shonraítear san ionstraim lena ndearnadh an léas (seachas coinníoll chun cíos a íoc) d'fheidhm a bheith acu i ndáil leis an teaghais go ceann tréimhse cúig bliana is fiche ó dháta an léasa nó go ceann na tréimhse a mbeidh aon chuid d'airgead ceannaigh an leasa léasachta gan íoc ar a feadh, cibé tréimhse acu is faide.

(3) I gcás a mbeidh sa chíos a fhorchoimeádtar leis an léas mír maidir le haisíoc phraghas ceannaigh an leasa léasachta, deimhneoidh an t-údarás tithíochta méid an phraghais cheannaigh agus méid an chíosa is inchurtha i leith aisíoc an mhéid sin, agus beidh méid an phraghais cheannaigh sin arna muirearú ar an maoin ó dháta an fheo shimplí a fháil.

(4) I gcás a ndearna údarás tithíochta teaghais a sholáthraigh siad faoi údarás reachtúil a thabhairt ar léas do dhuine seachas do thionónta na teaghaise sin, beidh an léasaí i dteideal an feo simplí sa teaghais a fháil uathu agus aon choinníoll a shonraítear san ionstraim leana ndearnadh an léas i leith praghas ceannaigh an leasa léasachta a aisíoc nó i leith fóirdheontas a aisíoc rachaidh sé in astú san fheo simplí.

(5) Ní rachaidh praghas ceannaigh an fheo shimplí thar an méid dá bhforáiltear faoi alt 17 (3) á áireamh gurb é an cíos dá dtagraítear san fho-alt sin méid an chéanna lúide aon mhéid is inchurtha i leith praghas ceannaigh an leasa léasachta a aisíoc.

(6) Gach téarma agus coinníoll a ghabhann le deonú an fheo shimplí de bhun an ailt seo beidh sé de cheangal ar an té a cheannaigh an feo simplí, ar a ionadaithe pearsanta agus ar a chomharbaí i dteideal.

(7) Is trí ordú aistriúcháin faoi alt 90 d'Acht na dTithe, 1966 , a dhílseofar an feo simplí faoin alt seo.

(8) £5 an táille a thógfaidh údarás tithíochta as ordú aistriúcháin a eisiúint de bhun an ailt seo.

(9) I gcás nach mbeidh an feo simplí ag údarás tithíochta in aon talamh ar ar sholáthraigh sé teaghaisí faoi údarás reachtúil, beidh an t-údarás i dteideal an feo simplí a fháil agus chun na críche sin bainfidh forálacha Chuid II leis an údarás.

(10) San alt seo forléireofar “údarás reachtúil” mar údarás a fholaíonn Acht na dTithe, 1966 , agus aon Acht a aisghaireadh leis an Acht sin.

(11) Na tagairtí atá san alt seo do léas is tagairtí iad do leas léasachta a dheonú i gcomaoin praghais cheannaigh.

Cúnant athiontrála i leith bunchíos tí cónaithe a bheith gan íoc.

[Nua]

27. —(1) I gcás duine bheith i dteideal an feo simplí i dteach cónaithe a fháil de bhua Chuid II ní bheidh cúnant a thugann ceart don léasóir athiontráil isteach san áitreabh agus seilbh a ghlacadh air i gcás cíos a bheith i riaráiste infheidhmithe ina choinne ach ní dhéanfaidh sin difear d'aon leigheas sibhialta eile a bheidh ag an léasóir.

(2) Ní bhainfidh alt 52 den Landlord and Tenant Law Amendment Act, Ireland, 1860 (ina bhfuil foráil d'imeachtaí eisiachtana mar gheall ar chíos bliana a bheith gan íoc) le teach cónaithe lena mbaineann fo-alt (1).

An éifeacht atá ar chúnaint ag feo simplí a fháil.

[Nua i bpáirt. cf. 1967, a. 31]

28. —(1) I gcás duine a bhfuil leas aige i dtalamh d'fháil an fheo shimplí sa talamh, ansin na cúnaint go léir ar shealbhaigh sé an talamh faoina réir, seachas cúnant a shonraítear i bhfo-alt (2), scoirfidh siad d'éifeacht a bheith leo agus ní bhunófar aon chúnant nua le linn an feo simplí a thíolacadh.

(2) I gcás cúnant—

(a) a chosnaíonn nó a mhéadaíonn taitneamhachtaí aon talamh a áitíonn léasóir is neasa an deontaí, nó

(b) a bhaineann le comhlíonadh dualgais a fhorchuirtear le reacht ar aon duine den sórt sin, nó

(c) a bhaineann le ceart slí thar an talamh a fuarthas nó ceart siltin nó ceart ar bith eile is gá chun forbairt talún eile a áirithiú nó chun cabhrú leis an bhforbairt sin,

leanfaidh an cúnant, d'ainneoin aon ní san Acht seo, de lánfheidhm agus de lánéifeacht a bheith leis agus beidh sé infheidhmithe mar a leanas:

(i) i gcás cúnant nach mbaineann le ceart slí, le ceart siltin ná le ceart eile mar a dúradh, ag aon duine den sórt sin nó ag a ionadaithe pearsanta nó ag a chomharbaí i dteideal, ionann is dá mba nár tharla an fháil, agus

(ii) i gcás cúnant a bhaineann amhlaidh, ag aon duine arb éagóir leis sárú cúnaint.

(3) In aon chás ina bhfuair duine ag a raibh leas i dtalamh an feo simplí sa talamh tar éis tosach feidhme Acht 1967, measfar gur scoir aon chúnant faoinar shealbhaigh an deontaí an talamh, seachas cúnant a shonraítear i bhfo-alt (2), d'éifeacht a bheith leis ar dháta na fála.

(4) Leasaítear leis seo alt 72 (1) den Acht um Chlárú Teidil, 1964 (a bhaineann le hualaí a théann i gcion ar thalamh gan chlárú) tríd an méid seo a leanas a chur isteach:

“(r) cúnaint a leanann i bhfeidhm de bhua alt 28 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978 ”.

An éifeacht atá ar mhorgáistí ag feo simplí a fháil.

[Nua i bpáirt. cf. 1967, a. 6 (2)]

29. —Ar an bhfeo simplí i dtalamh a thíolacadh, faoin Acht seo nó ar dhóigh eile, do dhuine a raibh a leas roimhe sin sa talamh faoi réir morgáiste nó muirir (lena n-áirítear morgáiste trí fhofhorléasú), measfar, murar múchadh an morgáiste nó an muirear, gur morgáiste nó muirear ar an bhfeo simplí sa talamh é.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Cuanta, 1946

1946, Uimh. 9

Acht na dTithe, 1966

1966, Uimh. 21

An tAcht um Thiarnaí Tighe agus Tionóntaithe, 1931

1931, Uimh. 55

An tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna), 1967

1967, Uimh. 3

Landlord and Tenant Law Amendment Act, Ireland, 1860

1860, c. 154

An tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Léasanna Frithdhílse), 1958

1958, Uimh. 2

An tAcht um Chlárú Teidil, 1964

1964, Uimh. 16

An tAcht Srianta Cíosa, 1946

1946, Uimh. 4

An tAcht Srianta Cíosa, 1960

1960, Uimh. 42