1 1979


Uimhir 1 de 1979


AN tACHT COSANTA (LEASÚ), 1979

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA COSANTA, 1954 .

[20 Feabhra, 1979]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cosanta, 1954 .

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

2. —Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “brat-oifigeach”:

“ciallaíonn an focal ‘brat-oifigeach’ oifigeach ag a bhfuil céim choimisiúnta ceannasóra cabhlaigh nó céim choimisiúnta chabhlaigh is airde ná sin;”,

agus

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “ginearál-oifigeach”:

“ciallaíonn an focal ‘ginearál-oifigeach’ oifigeach ag a bhfuil céim choimisiúnta briogáidire-ghinearáil nó céim choimisiúnta airm is airde ná sin;”.

Leasú ar alt 24 den Phríomh-Acht.

3. —Leasaítear leis seo alt 24 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Chun críocha an Achta seo—

(a) measfar an chéim choimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha (arb í uimhir thagartha 3, 4, 5, 6, 7, 8 nó 9 í) a bheith ar comhréir leis an gcéim choimisiúnta chabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Dara Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin;

(b) measfar an chéim choimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún (2) den Dara Sceideal sin ag uimhir thagartha 10 a bheith ar comhréir le gach ceann de na céimeanna coimisiúnta cabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Dara Sceideal sin ag uimhir thagartha 10;

(c) measfar an chéim choimisiúnta chabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Dara Sceideal sin ag aon uimhir thagartha (arb í uimhir thagartha 3, 4, 5, 6, 7, 8 nó 9 í) a bheith ar comhréir leis an gcéim choimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún (2) den Dara Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin;

(d) measfar gach ceann de na céimeanna coimisiúnta cabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Dara Sceideal sin ag uimhir thagartha 10 a bheith ar comhréir leis an gcéim choimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún (2) den Dara Sceideal sin ag uimhir thagartha 10.”.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

4. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an Sceideal seo a leanas a chur in ionad an Dara Sceideal a ghabhann leis:

“AN DARA SCEIDEAL

Céimeanna Coimisiúnta Airm agus Cabhlaigh in óglaigh na hÉireann

Uimhir Thagartha

Céimeanna Airm

Céimeanna Cabhlaigh

(1)

(2)

(3)

1.

Ginearál nó (i mBéarlá) General.

--

2.

Lefteanant-Ghinearál nó (i mBéarla) Lieutenant-General.

--

3.

Maor-Ghinearál nó (i mBéarla) Major-General.

Seach-Aimiréal nó (i mBéarla) Rear-Admiral.

4.

Briogáidire-Ghinearál nó (i mBéarla) Brigadier-General.

Ceannasóir nó (i mBéarla) Commodore.

5.

Cornal nó (i mBéarla) Colonel.

Captaen nó (i mBéarla) Captain.

6.

Lefteanant-Chornal nó (i mBéarla) Lieutenant-Colonel.

Ceannasaí nó (i mBéarla) Commander.

7.

Ceannfort nó (i mBéarla) Commandant.

Lefteanant-Cheannasaí nó (i mBéarla) Lieutenant-Commander.

8.

Captaen nó (i mBéarla) Captain.

Lefteanant nó (i mBéarla) Lieutenant.

9.

Lefteanant nó (i mBéarla) Lieutenant.

Fo-Lefteanant nó (i mBéarla) Sub-Lieutenant.

10.

Dara-Lefteanant nó (i mBéarla) Second-Lieutenant.

Meirgire nó (i mBéarla) Ensign.

Meánloingseach nó (i mBéarla) Midshipman.

”.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

5. —(1) Féadfar an tAcht Cosanta (Leasú), 1979 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar na hAchtanna Cosanta, 1954 agus 1960, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile agus féadfar na hAchtanna Cosanta, 1954 go 1979, a ghairm díobh le chéile.


An tAcht dá dTagraítear

An tAcht Cosanta, 1954

1954, Uimh. 18