9 1979


Uimhir 9 de 1979


AN tACHT TALMHAÍOCHTA (AN CHOMHAIRLE OILIÚNA TALMHAÍOCHTA), 1979

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ FEABHSAITHE LE hAGHAIDH COMHAIRLE, OILIÚINT AGUS TAIGHDE TALMHAÍOCHTA AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN DO BHUNÚ COMHLACHT AR A dTABHARFAR AN CHOMHAIRLE OILIÚNA TALMHAÍOCHTA, DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH A CHUMHACHTAÍ AGUS A DHUALGAS AGUS DO LEASÚ AN ACHTA TALMHAÍOCHTA (AN FORAS TALÚNTAIS), 1958 , AGUS ACHT AN ÚDARÁIS NÁISIÚNTA UM CHOMHAIRLE, OIDEACHAS AGUS TAIGHDE TALMHAÍOCHTA, 1977 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [22 Bealtaine, 1979]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHT AS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1979 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus chun forálacha éagsúla.

Léiriú.

2. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1958” an tAcht Talmhaíochta (An Foras Talúntais), 1958 ;

ciallaíonn “Acht 1977” Acht an Údaráis Náisiúnta um Chomhairle, Oideachas agus Taighde Talmhaíochta, 1977 ;

ciallaíonn “an Bord” an Bord a bhunófar faoi alt 8 den Acht seo;

ciallaíonn “an Chomhairle” an Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta a bhunófar faoi alt 5 den Acht seo;

ciallaíonn “an Foras” an Foras Talúntais a bunaíodh le hAcht 1958;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta.

Caiteachais.

3. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm.

4. —Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas d'Acht 1977:

in alt 2 (1), na mínithe ar “oideachas”, “buntaighde tréidliachta” agus “taighde”;

ailt 9, 10, 11, 17, 18, 22, 25, 42, 48 (3) agus 48 (4);

in alt 50 (2) na focail go léir ó “(seachas” go dtí “(Leasú), 1959)”;

ailt 53 (1) (c), 54, 61, 63 agus 72.

CUID II

An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta

An Chomhairle agus an Bord

An Chomhairle a bhunú agus an bhrí atá le “an Chomhairle” in Acht 1977.

5. —(1) Bunófar comhlacht ar a dtabharfar an Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta chun na feidhmeanna a thugtar dó le hAcht 1977, arna leasú leis an Acht seo, a chomhlíonadh.

(2) Bainfidh forálacha an Chéad Sceidil a ghabhann le hAcht 1977, arna leasú leis an Acht seo, leis an gComhairle.

(3) In alt 2 (1) d'Acht 1977, scriosfar an míniú ar “an tUdarás” agus cuirfear an míniú seo a leanas ina ionad:

“ciallaíonn ‘an Chomhairle’ an Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta a bhunófar faoi alt 5 den Acht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1979 ;”

agus, dá réir sin, beidh éifeacht le hAcht 1977 ionann is dá mba thagairt don Chomhairle gach tagairt ann don Údarás.

Díscaoileadh an Údaráis Náisiúnta Talmhaíochta.

6. —Díscaoiltear leis seo an tUdarás Náisiúnta Talmhaíochta a bunaíodh faoi alt 9 d'Acht 1977.

Feidhmeanna ginearálta na Comhairle.

7. —(1) Beidh, faoi réir forálacha Acht 1977, arna leasú leis an Acht seo, d'fheidhmeanna ginearálta ag an gComhairle seirbhísí oiliúna agus comhairle talmhaíochta (mar a mhínítear san Acht sin) a sholáthar nó a chur faoi deara na seirbhísí sin a sholáthar, agus an fios eolaíochta agus an fios praiticiúil is gá sa tionscal talmhaíochta a chur ar fáil.

(2) Forléireofar mar thagairtí d'fho-alt (1) den alt seo na tagairtí in alt 12 agus in alt 15 d'Acht 1977 d'alt 11 den Acht sin.

Bunú an Bhoird agus an bhrí atá le “an Bord” in Acht 1977.

8. —(1) Beidh Bord ann dá ngairfear Bord na Comhairle Oiliúna Talmhaíochta chun rialú ginearálta na Comhairle agus riaradh ginearálta ghnóthaí na Comhairle a chur i gcrích.

(2) Bainfidh forálacha an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1977, arna leasú leis an Acht seo, leis an mBord.

(3) In alt 2 (1) d'Acht 1977, scriosfar an míniú ar “an Bord” agus cuirfear an míniú seo a leanas ina ionad:

“ciallaíonn ‘an Bord’ Bord na Comhairle, is é sin, an Bord a bhunófar faoi alt 8 den Acht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1979 ;”

agus, dá réir sin, beidh éifeacht le hAcht 1977 ionann is dá mba thagairt don Bhord a bhunófar faoi fho-alt (1) den alt seo gach tagairt san Acht sin don Bhord.

(4) Déanfar na tagairtí in alt 26 (3) (b) d'Acht 1977, agus i mír 7 (1) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, d'alt 25 den Acht sin a fhorléiriú mar thagairtí d'fho-alt (1) den alt seo.

Leasuithe ar Acht 1977

Leasú ar alt 2 (1) d'Acht 1977.

9. —Leasaítear leis seo alt 2 (1) d'Acht 1977 tríd an míniú seo a leanas a chur leis:

“folaíonn ‘oiliúint’ oideachas.”.

Comhairle don Aire.

10. —Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 21 d'Acht 1977:

“21.—Tabharfaidh an Chomhairle comhairle don Aire i dtaobh aon ábhar i ndáil le hoiliúint nó comhairle talmhaíochta a n-iarrfaidh an tAire tuairimí na Comhairle ina thaobh.”.

Leasú ar alt 26 d'Acht 1977.

11. —Leasaítear leis seo alt 26 d'Acht 1977—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Cathaoirleach agus líon nach mó ná cúig ghnáth-chomhalta dhéag a bheidh ar an mBord.”,

(b) trí “trí chomhalta ar a laghad, ar comhaltaí de Chomhairle an Fhorais beirt díobh,” a chur i bhfo-alt 3 (a) in ionad “comhalta amháin ar a laghad” mar a bhfuil na focail sin den chéad uair; agus

(c) trí “de na hOllscoileanna,” i bhfo-alt (3) (a) a scriosadh,

agus tá an mhír sin (a) arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(a) Ceapfar comhalta amháin den Bhord ar ainmniú an Aire Oideachais, trí chomhalta ar a laghad, ar comhaltaí de Chomhairle an Fhorais beirt díobh, ar ainmniú an Aire, agus comhalta amháin ar a laghad ar ainmniú na Comhairle Ginearálta dá dtagraítear in alt 43. Déanfar an chuid eile de na comhaltaí, is comhaltaí a bheidh ionadaitheach d'eagraíochtaí talmhaíochta agus tuaithe, d'fhoireann na Comhairle, d'fhorais a chuireann cúrsaí staidéir sa talmhaíocht a luaitear in alt 12 (1) (d) ar fáil agus do cibé leasanna talmhaíochta eile a fhorordófar, a roghnú le hainmniú de réir forálacha ordú a bheidh déanta chun na críche sin ag an Aire agus inseoidh aon ordú den sórt sin an nós imeachta chun corrfholúntais i gcomhaltas an Bhoird a líonadh.

Leasú ar alt 33 d'Acht 1977.

12. —Leasaítear leis seo alt 33 d'Acht 1977 trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis:

“(6) I gcás a ndéanfar duine is comhalta d'fhoireann na Comhairle a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas, beidh sé ar iasacht óna fhostaíocht leis an gComhairle agus ní íocfaidh an Chomhairle leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón gComhairle, aon luach saothair ná liúntais—

(a) i gcás é a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann, i leith na tréimhse dar tosach an tráth a ghlacfaidh sé leis an ainmniú agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin,

(b) i gcás é a ainmniú lena thoghadh chun ceachtar Tí, i leith na tréimhse dar tosach an tráth a ghlacfaidh sé leis an ainmniú agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó a chinnfidh an toghchán air nó a tharraingeoidh sé a iarrthóireracht siar, de réir mar is iomchuí.

(7) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina chomhalta d'fhoireann na Comhairle.”.

Caiteachais na Comhairle.

13. —Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 49 d'Acht 1977:

“49.—Faoi réir ailt 47 agus 48, úsáidfear ioncam na Comhairle ag íoc caiteachais na Comhairle, lena n-áirítear go sonrach:

(a) na heisíocaíochtaí agus na caiteachais bhliantúla i leith oifigí, áitribh agus trealamh na Comhairle,

(b) luach saothair agus caiteachais chathaoirleach, chéad Stiúrthóir agus fhoireann na Comhairle, caiteachais chomhaltaí an Bhoird agus chomhaltaí na gcoistí a bheidh ceaptha faoi alt 29 agus aoisliúntais chéad Stiúrthóir agus fhoireann na Comhairle,

(c) an costas a bhaineann le haon chlár oiliúna nó comhairle talmhaíochta a sheolann an Chomhairle nó a sheoltar thar a ceann,

(d) an costas a bhaineann le deontais d'institiúidí oideachais,

(e) an costas a bhaineann le cláir áitiúla comhairle agus oideachais,

(f) an costas a bhaineann le cibé scoláireachtaí agus cibé dámhachtaintí eile ardoideachais a cheadóidh an tAire a chur ar fáil,

(g) an costas a bhaineann le cúrsaí staidéir, seimineáir, comhchomhairlí, léachtaí agus taispeántais is iomchuí d'fheidhmeanna na Comhairle a chur ar fáil agus a eagrú,

(h) an costas a bhaineann le foilseacháin i ndáil le hoiliúint talmhaíochta agus comhairle thalmhaíochta, agus

(i) an costas a bhaineann le cibé gníomhaíochtaí eile de chuid na Comhairle, ar comhréir lena feidhmeanna (lena n-áirítear aon fheidhmeanna a sannadh faoi alt 20), a bheidh ceadaithe ag an mBord agus ag an Aire ó am go ham.”.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1977.

14. —Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1977—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír 1 (1):

“(1) Déanfar cúig chomhalta den Bhord a bhunófar ar thosach feidhme alt 8 den Acht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1979 , a cheapadh go ceann tréimhse trí bliana, cúig chomhalta eile a cheapadh go ceann tréimhse ceithre bliana agus na comhaltaí eile a cheapadh go ceann tréimhse cúig bliana.”;

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír 8 (1):

“(1) Cúigear an córam do chruinniú den Bhord.”.

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1977.

15. —Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1977 tríd an ábhar go léir atá sa taifead dar tosach “An Stáisiún Gránach, Baile na Cora” a scriosadh.

Leasú ar an gCeathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1977.

16. —Leasaítear leis seo an Ceathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1977 trí

Uimh. 1 de 1958

An tAcht Talmhaíochta (An Foras Talúntais), 1958

An tAcht iomlán.”.

a scriosadh.

Leasuithe ilghnéitheacha ar Acht 1977.

17. —Déantar leis seo Acht 1977 a leasú mar a leanas:

(a) trí “le hoiliúint talmhaíochta” a chur in ionad “le hoideachas talmhaíochta” sa dá áit ina bhfuil an abairt sin in alt 12 (1);

(b) trí “i cibé institiúidí ardoideachais” a chur in ionad “in institiúidí ard-oideachais” in alt 12 (1) (e);

(c) trí “oiliúna agus comhairle” a chur in ionad “oideachais, comhairle agus taighde” in alt 30 (1) (a);

(d) trí “oiliúna” a chur in ionad “oideachais” in alt 30 (1) (c) (i);

(e) trí “oiliúna agus comhairle” a chur in ionad “oideachais, comhairle agus taighde” in alt 30 (2);

(f) trí “faoi bhráid an Aire” a chur in ionad “isteach” i alt 34 (1);

(g) trí “oiliúint” a chur in ionad “oideachas” agus “oiliúna” a chur in ionad “oideachais” in alt 36 (1);

(h) trí “gach bliain” a chur isteach i ndiaidh “cibé lá” in alt 39 (1);

(i) trí “in alt 2 den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1958 , arna leasú” a chur in ionad “in alt 1 (1) den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1974 ” in alt 39 (7);

(j) trí “oiliúint” a chur in ionad “oideachas”, agus “oiliúna” a chur in ionad “oideachais” in alt 45 agus “le hoiliúint” a chur in ionad “le hoideachas” in alt 47;

(k) trí “don Fhoras nó” in alt 53 (1) (a) a scriosadh;

(l) trí “in ainm coiste talmhaíochta” a chur in ionad “i n-ainm an Fhorais, coiste talmhaíochta” in alt 53 (3);

(m) trí “ag an bhForas,” in alt 56 a scriosadh;

(n) trí “nó ag an Aire” a chur in ionad “nó, de réir mar a bheidh, ag an Aire” in alt 56;

(o) trí “agus ar na sócmhainní eile” agus “agus na sócmhainní eile” in alt 58 (a) a scriosadh;

(p) trí “ar mhéid na príomhshuime a d'aisíoc” a chur in ionad “ar an bpríomhshuim agus ar an ús a d'íoc” in alt 58 (c);

(q) trí “(dá ngairtear san alt seo glanluach na sócmhainní a aistríodh)” a chur isteach i ndiaidh “alt 53” in alt 59 (1);

(r) trí “oiliúint” a chur in ionad “oideachas” in alt 59 (2);

(s) trí “, a bhfuil a hiomlán nó cuid di fós gan íoc,” a chur isteach i ndiaidh “iasacht” in alt 59 (3) (a) (i);

(t) trí mhír (a), “don Fhoras nó” agus “an Foras,” a scriosadh agus trí “coiste” a chur in ionad “an Fhorais nó an choiste” in alt 62;

(u) trí mhír (a), “don Fhoras nó” agus “an Fhorais,” in alt 64 a scriosadh; agus

(v) trí “an Fhorais nó” in alt 65 (1) a scriosadh.

Leasuithe ar Acht 1958

Folóidh taighde talmhaíochta buntaighde tréidliachta.

18. —(1) Beidh éifeacht le halt 4 (a bhaineann le feidhmeanna an Fhorais), le halt 13 (a bhaineann le caiteachais an Fhorais) agus le halt 15 (a bhaineann le táillí a fhéadfaidh an Foras a ghearradh) d'Acht 1958 ionann is dá bhfolódh gach tagairt ann do thaighde talmhaíochta tagairt do bhuntaighde tréidliachta.

(2) I gcás amhras a bheith ann faoi cé acu is buntaighde tréidliachta nó nach ea aon ghníomhaíocht de chuid an Fhorais, is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Aire.

(3) San alt seo folaíonn “buntaighde tréidliachta” taighde i ndáil le galair ainmhithe agus éanlaithe clóis, ach ní fholaíonn sé—

(a) fáithmheas, thar ceann an Aire, tréad-úinéirí, ealta-úinéirí nó cleachtóirí tréidliachta, ar ghalair ainmhithe nó éanlaithe clóis trí scrúdú clinice nó saotharlainne ar ainmhithe nó ar éanlaith, beo nó marbh, nó ar a n-ablaigh, nó ar shamplaí a baineadh astu, nó

(b) imscrúduithe, tástálacha, fiosrúcháin nó trialacha a éiríonn as feachtais scriosta galar agus rialaithe sláinteachais a oibríonn an tAire.

Leasú ar alt 5 d'Acht 1958.

19. —Leasaítear leis seo alt 5 d'Acht 1958—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Cathaoirleach agus ceithre ghnáthchomhalta dhéag a bheidh ar an gComhairle.”; agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):

“(9A) Ceapfar beirt as líon comhaltaí Bhord na Comhairle Oiliúna Talmhaíochta a bhunófar faoi alt 8 den Acht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1979 , chun bheith ina ngnáthchomhaltaí den Chomhairle.”.

Leasú ar alt 7 d'Acht 1958.

20. —Leasaítear leis seo alt 7 d'Acht 1958 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (4) agus (5):

“(4) Dá éis sin, is í an Chomhairle a cheapfaidh an Stiúrthóir agus beidh sé i seilbh oifige go ceann cibé tréimhse agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí luach saothair) a chinnfidh an Chomhairle. Ní dhéanfar cinneadh faoin bhfo-alt seo, a mhéid a bhaineann sé le luach saothair, gan ceadú an Aire agus Aire na Seirbhíse Poiblí.”.

Cumhacht an Fhorais airgead a fháil ar iasacht.

21. —(1) Cuirfear an t-alt seo a leanas in Acht 1958 in ionad alt 10:

“10.—(1) Féadfaidh an Foras, le toiliú an Aire, arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir aon choinníollacha a fhorchuirfidh an tAire, airgead a fháil ar iasacht trí rótharraingt bainc, nó ar dhóigh eile, chun a fheidhmeanna a riaradh agus a oibriú.

(2) I gcás a mbeidh an t-airgead a gheofar ar iasacht faoin alt seo le haisíoc thar théarma áirithe blianta, féadfaidh an Foras an t-airgead a fháil ar iasacht ar urrús thalamh agus mhaoin (seachas an t-eastát ar a dtugtar Caisleán agus Díméad Bhaile Sheonach agus dá dtagraítear in Acht Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach, 1945, agus in Acht Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach (Leasú), 1959 ) an Fhorais nó ar cibé urrús eile is inghlactha ag an iasachtóir agus féadfaidh sé íoc na príomhshuime a gheofar ar iasacht amhlaidh agus an úis ar an gcéanna a mhuirearú ar ioncam an Fhorais.”.

(2) Aisghairtear leis seo alt 12 (3) d'Acht 1958.

Leasú ar alt 11 d'Acht 1958.

22. —Leasaítear leis seo alt 11 d'Acht 1958 trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Féadfaidh an Foras an t-airgead sa Chiste Dearlaice a úsáid chun cibé críocha caipitiúla agus a mhéid a cheadóidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais.

(2A) Déanfaidh an Foras aon fhuílleach den Chiste Dearlaice a bheidh gan chaitheamh a choimeád infheistithe i cibé urrúis a cheadóidh an tAire Airgeadais ó am go ham.”.

Leasú ar alt 12 (1) d'Acht 1958.

23. —Leasaítear leis seo alt 12 (1) d'Acht 1958 trí “an tAire ar é do ghlacadh comhairle leis an gComhairle agus le ceadú an Aire Airgeadais” a chur in ionad “an tAire Airgeadais ar é do ghlacadh comhairle leis an Aire agus leis an gComhairle” agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) D'fhonn cabhrú leis an bhForas chun a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh go héifeachtúil, íocfar leis an bhForas gach bliain airgeadais, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, deontas i leith costas an Fhorais de mhéid a chinnfeas an tAire ar é do ghlacadh comhairle leis an gComhairle agus le ceadú an Aire Airgeadais tar éis breithniú cuí a bheith déanta ar aon eolas a tugadh faoi fho-alt (2) den alt seo.

Leasú ar alt 17 d'Acht 1958.

24. —Leasaítear leis seo alt 17 d'Acht 1958 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4)  (a) Cinnfidh an Chomhairle ó am go ham an méid comhaltaí a bheidh ar fhoireann an Fhorais mar aon lena ngráid, a sealbhaíocht oifige agus a gcoinníollacha seirbhíse.

(b) Cinnfidh an Chomhairle ó am go ham le comhthoiliú an Aire agus Aire na Seirbhíse Poiblí luach saothair agus liúntais chomhaltaí fhoireann an Fhorais.”.

Aoisliúntas.

25. —(1) Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 18 d'Acht 1958:

“18.—(1) Féadfaidh an Chomhairle scéim nó scéimeanna a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire chun aoisliúntais ar mhodh pinsin nó aisce nó ar an dá mhodh sin a dheonú dá buanfhoireann (lena n-áirítear an duine a cheapfar mar chéad Stiúrthóir) nó ina leith.

(2) Déanfaidh an Foras scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, a chur i gcrích de réir a téarmaí.

(3) Féadfaidh an Chomhairle tráth ar bith, le ceadú an Aire agus le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, scéim faoin alt seo a leasú.

(4) Socróidh scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine uile a mbeidh liúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim, agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(5) Má bhíonn aon díospóid ann i dtaobh éileamh aon duine ar aon liúntas, nó i dtaobh méid aon liúntais, is iníoctha de bhun scéim faoin alt seo, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire lena cinneadh.

(6) Ní dheonóidh an Chomhairle aon phinsean, aisce; liúntas ná íocaíocht eile ná ní dhéanfaidh an Chomhairle aon chomhshocraíochtaí eile chun pinsean, aisce, liúntas nó íocaíocht eile den sórt sin a chur ar fáil, ar chomhalta dá buanfhoireann (lena n-áirítear an duine a cheapfar mar chéad Stiúrthóir) d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis, ach amháin de réir scéim faoin alt seo.

(7) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.”.

(2) Aon scéim a rinneadh roimh thosach feidhme an ailt seo faoi alt 18 d'Acht 1958 agus a bheidh i bhfeidhm ag an tosach feidhme sin, fanfaidh sí i bhfeidhm agus beidh éifeacht léi ionann is dá mba faoin alt a chuirtear in ionad an ailt sin 18 le fo-alt (1) den alt seo a rinneadh í.

Leasú ar an Acht Talmhaíochta, 1931

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Talmhaíochta. 1931.

26. —(1) Leasaítear leis seo an Dara Sceideal (a bhaineann le ceapadh agus comhaltas coistí talmhaíochta) a ghabhann leis an Acht Talmhaíochta, 1931

(a) tríd an Riail seo a leanas a chur in ionad Riail 2:

“2. (1) Beidh gach coiste talmhaíochta comhdhéanta de dhaoine a bheidh roghnaithe agus de dhaoine nach mbeidh roghnaithe ag an gcomhairle agus is é líon na gcomhaltaí de gach coiste den sórt sin a roghnóidh an chomhairle, i gcás ar iolrú ar chúig líon comhaltaí an choiste, trí chúigiú den líon sin, agus in aon chás eile, an líon arb é an chéad slánuimhir eile é os cionn trí chúigiú de líon na gcomhaltaí.

(2) Gach duine, seachas duine a roghnóidh an chomhairle, a cheapfar ina chomhalta de choiste talmhaíochta ceapfar é ar é a ainmniú ag cibé eagraíochtaí tuaithe saorálacha atá gníomhach sa chontae agus a shonróidh an tAire le hordú (go ginearálta nó i ndáil le gach contae nó le gach grúpa contaetha) agus, faoi réir forálacha na Rialacha seo, is é an líon a ainmneoidh gach eagraíocht den sórt sin cibé líon a chinnfidh an tAire le hordú.”;

(b) tríd an Riail seo a leanas a chur in ionad Riail 3:

“3. Is é líon comhaltaí coiste talmhaíochta a cheapfar i mbliain toghcháin ag an gcruinniú bliantúil den chomhairle a thionólfar an bhliain sin ceithre oiread líon na dtoghlimistéar contae a bheidh sa chontae ar dháta an chruinnithe bhliantúil sin agus, d'ainneoin aon athrú ar líon na dtoghlimistéar sa chontae idir an dá linn, is é an líon sin comhaltaí a bheidh ar an gcoiste go dtí an cruinniú bliantúil den chomhairle a thionólfar an chéad bhliain toghcháin eile dá éis sin.”;

(c) tríd an Riail seo a leanas a chur in ionad Rialacha 5 agus 5A:

“5. Gach duine a cheapfar ina chomhalta de choiste talmhaíochta déanfar é a roghnú nó a ainmniú chun a cheaptha mar gheall ar a earmaise i gcleachtadh na feirmeoireachta, i bhforbairt na talmhaíochta nó ag cur comhairle nó oideachais talmhaíochta nó tuaithe do theaghlaigh chun cinn nó mar gheall ar eolas praiticiúil, trádálach nó teicniúil ar an talmhaíocht nó eolas speisialta áitiúil ar chúrsaí talmhaíochta.”;

(d) tríd an Riail seo a leanas a chur in ionad Riail 6:

“6. (1) Déanfar comhaltaí coiste talmhaíochta (seachas comhalta a cheapfar chun corrfholúntas a líonadh) a cheapadh gach bliain toghcháin ag an gcruinniú bliantúil den chomhairle a thionólfar an bhliain sin agus beidh ceapadh na gcomhaltaí sin ina chuid den chéad ghnó a dhéanfar ag gach cruinniú bliantúil den sórt sin.

(2) Measfar nach mbeidh coiste talmhaíochta comhdhéanta go neamhbhailí—

(a) toisc nach ndearna na heagraíochtaí tuaithe saorálacha a bheidh sonraithe ag an Aire faoi Riail 2 (2) an líon daoine a ainmniú a bheidh cinnte ag an Aire faoin Riail sin, nó

(b) toisc nár cheap an chomhairle an líon comhaltaí a cheanglaítear faoi Riail 3 a cheapadh,

agus, i gcás ceachtar den dá mhainneachtain sin tarlú, féadfaidh an tAire, de réir mar is gá sa chás, cibé duine nó daoine a chinnfidh sé a ainmniú lena gceapadh mar chomhaltaí, nó a cheapadh ina gcomhaltaí, den choiste sa dóigh gurb é an líon a cheanglaítear faoi Riail 3 líon comhaltaí an choiste.”; agus

(e) tríd an mír seo a leanas a chur le Riail 9:

“(3) An duine a cheapfar chun corrfholúntas a líonadh a tharla mar gheall ar chomhalta a ainmníodh de réir Riail 2 (2) d'fháil bháis, d'éirí as nó a theacht faoi dhícháilíocht, ceapfar é ar ainmniú na heagraíochta nó na n-eagraíochtaí céanna a d'ainmnigh an comhalta ba chúis leis an bhfolúntas nó ar ainmniú cibé eagraíochta nó eagraíochtaí eile a shonróidh an tAire le hordú.”.

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le coiste talmhaíochta an tráth a thosóidh an chéad chruinniú bliantúil de chomhairle an chontae a cheapann comhaltaí an choiste is túisce a thionólfar tar éis an chéad toghcháin comhaltaí den chomhairle a dhéanfar tar éis tosach feidhme an ailt seo.

Leasú ar an Acht Talmhaíochta (Leasú), 1958

Leasú ar alt 2 den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1958 .

27. —Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1958 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(6) Déanfaidh comhairle contae aon iarmhéid den ranníoc a bheidh le déanamh faoi fho-alt (1) den alt seo agus a bheidh gan íoc ar theacht i ngníomh d'alt 53 d'Acht an Údaráis Náisiúnta um Chomhairle, Oideachas agus Taighde Talmhaíochta, 1977 , a íoc go páirteach leis an gComhairle Oiliúna Talmhaíochta agus go páirteach leis an gcoiste talmhaíochta don chontae i cibé cionúireachtaí a ordóidh an tAire.”.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Talmhaíochta, 1931

1931, Uimh. 8

An tAcht Talmhaíochta (An Foras Talúntais), 1958

1958, Uimh. 1

An tAcht Talmhaíochta (Leasú), 1958

1958, Uimh. 17

Acht an Údaráis Náisiúnta um Chomhairle, Oideachas agus Taighde Talmhaíochta, 1977

1977, Uimh. 13