25 1979


Uimhir 25 de 1979


AN tACHT UM AN gCÓRAS BEOSTOIC AGUS FEOLA, 1979

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN AN CÓRAS BEOSTOIC AGUS FEOLA A BHUNÚ AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN CÓRAS BEOSTOIC AGUS FEOLA TEORANTA A DHÍSCAOILEADH. [25 Iúil, 1979]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1847” an Towns Improvement Clauses Act, 1847;

ciallaíonn “Acht 1878” an Public Health (Ireland) Act, 1878;

ciallaíonn “Acht 1930” an tAcht Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930 ;

ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht um Ainmhithe do Mharbhadh, 1935 ;

ciallaíonn “ceadúnas onnmhaireora mairteola” ceadúnas easportálaí mhairtfheola de réir brí Acht 1930;

ciallaíonn “an Bord” an Córas Beostoic agus Feola a bhunaítear leis an Acht seo;

ciallaíonn “an príomh-oifigeach” príomh-oifigeach an Bhoird;

ciallaíonn “an Chuideachta” an Córas Beostoic agus Feola Teoranta;

ciallaíonn “cead onnmhaireora” cead arna dheonú ag an Aire faoi alt 17 d'Acht 1930;

ciallaíonn “tobhach” ach amháin san abairt “tréimhse tobhaigh” tobhach faoin Acht seo;

ciallaíonn “tréimhse tobhaigh” tréimhse míosa ar bith dar tosach an chéad lá den mhí sin;

ciallaíonn “beostoc” bó-ainmhithe agus caoirigh;

ciallaíonn “údarás áitiúil” comhairle contae, bardas contae-bhuirge nó buirge eile, comhairle ceantair uirbigh nó coimisinéirí baile;

ciallaíonn “feoil” feoil bó-ainmhithe agus caorach, scartach bó-ainmhithe agus caorach agus aon seachtháirgí ó mharú bó-ainmhithe agus caorach ach gan olann a áireamh;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

folaíonn “seamlas” teach coscartha.

An lá bunaithe.

2. —Féadfaidh an tAire le hordú arna dhéanamh faoin alt seo lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

An Bord a bhunú.

3. —(1) Bunófar, de bhua an ailt seo, ar an lá bunaithe, bord dá ngairfear agus ar a dtabharfar an Córas Beostoic agus Feola chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Beidh an Bord ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain agus séala oifigiúil aige agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

(3) Fíordheimhneofar séala an Bhoird le síniú chathaoirleach an Bhoird, nó le síniú comhalta den Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord gníomhú chuige sin mar aon le síniú oifigeach don Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord gníomhú chuige sin.

(4) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Bhoird agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Bord agus a bheith séalaithe le séala an Bhoird (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir an ailt seo) agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais mura suífear a mhalairt.

Feidhmeanna an Bhoird.

4. —(1) Is iad seo a leanas feidhmeanna an Bhoird—

(a) onnmhairiú beostoic agus feola a fhorbairt, a spreagadh, a éascú, a ghríosú agus a chomheagrú agus cabhrú leis an gcéanna,

(b) tomhailt mhéadaithe feola sa Stát a fhorbairt, a spreagadh, a éascú, a ghríosú agus a chomheagrú agus cabhrú leis an gcéanna,

(c) margaí agus margaí ionchais le haghaidh beostoic agus feola a iniúchadh, a imscrúdú agus a fhorbairt,

(d) beostoc agus feoil a cheannach lena n-onnmhairiú agus iad a onnmhairiú lena ndíol, nó socrú a dhéanamh chun iad a cheannach lena n-onnmhairiú agus iad a onnmhairiú lena ndíol, mar phríomhaí nó mar ghníomhaire, nó go neamhspleách nó i bpáirtíocht le daoine eile, a mhéid agus chuig cibé margaí a ordóidh an tAire ó am go ham,

(e) faisnéis i dtaobh margaí a bhailiú agus a leathadh agus eolas agus comhairle i ndáil le soláthar agus éileamh agus claontaí na margaí agus deiseanna trádála in aon mhargadh a thabhairt d'onnmhaireoirí beostoic nó feola agus do dhaoine a dhéanann feoil a phróiseáil lena honnmhairiú agus do mhiondíoltóirí agus do mhórdhíoltóirí feola chun a díola sa Stát,

(f) athbhreithniú, suirbhéanna, symposia, anailísí agus staidéir a dhéanamh nó socrú a dhéanamh le haghaidh a ndéanta i ndáil le trádáil beostoic agus feola, agus i ndáil le margaí agus margaí ionchais beostoic agus feola, sa Stát agus lasmuigh den Stát,

(g) feachtais phoiblíochta, fhógraíochta agus spreagtha a chur ar siúl, nó socrú a dhéanamh chun iad a chur ar siúl, sa Stát agus lasmuigh den Stát, mar chabhair chun tomhailt feola a mhéadú agus chun toirt agus luach iomlán onnmhairí beostoic agus feola a mhéadú,

(h) taisealbhaí, seomraí taispeántais, biúrónna faisnéise agus bunachais dá samhail a bhunú, a threalmhú agus a oibriú, agus socrú a dhéanamh chun iad a bhunú, a threalmhú agus a oibriú, agus cabhrú chun iad a oibriú, sa Stát agus lasmuigh den Stát, mar chabhair chun tomhailt feola a mhéadú agus chun toirt agus luach iomlán onnmhairí beostoic agus feola a mhéadú,

(i) irisleabhair, irisí, tuarascálacha agus doiciméid dá samhail a fhoilsiú agus a dháileadh nó socrú a dhéanamh chun iad a fhoilsiú agus a dháileadh, sa Stát agus lasmuigh den Stát, mar chabhair chun tomhailt feola a mhéadú agus chun toirt agus luach iomlán onnmhairí beostoic agus feola a mhéadú,

(j) comhairle a thabhairt d'onnmhaireoirí i ndáil le nithe a bhaineann nó a ghabhann le hiompar beostoic agus feola agus léirmheasanna a dhéanamh ar mhodhanna agus ar chórais iompair nó a shocrú go ndéanfar iad,

(k) margaíocht thástála agus triail-lastais nó treoir-lastais beostoic agus feola a dhéanamh nó a shocrú go ndéanfar iad, agus cabhrú leis an gcéanna,

(l) faoi réir fho-alt (2) den alt seo, cibé fochomhlacht nó fochomhlachtaí a bhunú, le toiliú an Aire, is gá chun onnmhairiú beostoic agus feola a ghabháil de láimh.

(2) Aon uair a bhunóidh an Bord, de bhun fho-alt (1) (l) den alt seo, aon fhochomhlacht, féadfaidh an Bord, as cistí a bheidh faoina réir aige (lena n-áirítear fáltais an tobhaigh de bhun an Achta seo ach gan aon chistí a sholáthróidh an tOireachtas a áireamh), airgead a airleacan don chomhlacht sin.

Feidhmeanna breise a shannadh don Bhord.

5. —(1) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, le hordú, cibé feidhmeanna breise a shannadh don Bhord i ndáil le beostoc nó feoil a measfaidh sé gur feidhmeanna iad atá teagmhasach nó iarmhartach ar na feidhmeanna a shanntar don Bhord leis an Acht seo.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear an fo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú.

(3) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shúifidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Comhdhéanamh an Bhoird.

6. —(1) Beidh na comhaltaí seo a leanas ar an mBord, is é sin le rá, cathaoirleach agus naonúr gnáthchomhalta.

(2) Ceapfaidh an tAire cathaoirleach an Bhoird.

(3) Is iad a bheidh ina ngnáthchomhaltaí den Bhord:

(a) beirt a cheapfaidh an tAire, ar oifigeach don Aire duine acu,

(b) triúr a bheidh ionadaitheach do tháirgeoirí bó-ainmhithe agus caorach agus a cheapfaidh an tAire ar ainmniú cibé eagraíochtaí a mheasfaidh an tAire a bheith ionadaitheach do na táirgeoirí sin,

(c) beirt a bheidh ionadaitheach don trádáil onnmhairithe feola agus a cheapfaidh an tAire ar ainmniú cibé eagraíochtaí a mheasfaidh an tAire a bheith ionadaitheach don trádáil onnmhairithe sin,

(d) duine a bheidh ionadaitheach do thrádálaithe feola a dhéanann feoil a mhórdhíol nó a mhiondíol lena tomhailt sa Stát agus a cheapfaidh an tAire ar ainmniú cibé eagraíochtaí a mheasfaidh an tAire a bheith ionadaitheach do na trádálaithe sin,

(e) duine a bheidh ionadaitheach don trádáil onnmhairithe bó-ainmhithe agus caorach beo agus a cheapfaidh an tAire ar ainmniú cibé eagraíochtaí a mheasfaidh an tAire a bheith ionadaitheach don trádáil onnmhairithe sin.

Téarma oifige chomhaltaí an Bhoird.

7. —(1) Beidh an cathaoirleach i seilbh oifige ar feadh tréimhse trí bliana ó dháta a cheaptha.

(2) Na daoine a chéad-cheapfaidh an tAire chun bheith ina ngnáthchomhaltaí den Bhord beidh siad i seilbh oifige mar a leanas:

(a) beidh triúr de na comhaltaí sin i seilbh oifige ar feadh tréimhse bliana ó dháta a gceaptha,

(b) beidh triúr de na comhaltaí sin i seilbh oifige ar feadh tréimhse dhá bhliain ó dháta a gceaptha,

(c) beidh an triúr comhalta eile i seilbh oifige ar feadh tréimhse trí bliana ó dháta a gceaptha.

(3) Déanfar na comhaltaí den Bhord a bheidh i seilbh oifige ar feadh na dtréimhsí a shonraítear i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2) den alt seo a chinneadh trí chrannchur a dhéanfar i cibé slí a chinnfidh an tAire faoi réir na teorann nach dtarlóidh in aon bhliain ar leith go scoirfidh níos mó ná duine amháin atá ionadaitheach do tháirgeoirí bó-ainmhithe agus caorach ná níos mó ná duine amháin atá ionadaitheach don trádáil onnmhairithe feola ná níos mó ná duine amháin a bheidh ceaptha ag an Aire de réir mhír (a) d'fho-alt (3) d'alt 6.

(4) Gach duine a cheapfaidh an tAire de bhun an ailt seo chun bheith ina ghnáthchomhalta den Bhord, seachas céad-chomhalta den Bhord, beidh sé i seilbh oifige ar feadh tréimhse trí bliana ó dháta a cheaptha.

Comhalta a rachaidh as oifig a bheith cáilithe.

8. —Féadfar comhalta den Bhord a athcheapadh ar a théarma oifige do dhul in éag le himeacht aimsire.

Comhalta den Bhord d'éirí as oifig agus a bheith dícháilithe.

9. —(1) Féadfaidh comhalta den Bhord éirí as a oifig tráth ar bith trí litir a sheolfar chuig príomh-oifigeach an Bhoird agus glacfaidh an t-éirí-as éifeacht ar an agus ón dáta a gheobhaidh an príomh-oifigeach an litir.

(2) Beidh comhalta den Bhord dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú mar chomhalta den sórt sin má bhreithnítear ina fhéimheach é, nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe, nó má ghearrann cúirt dlínse inniúla príosúnacht nó pianseirbhís air nó má scoireann sé de ghnáthchónaí a bheith air sa Stát ach amháin i gcomhfhios don Aire agus le toiliú uaidh nó má fhanann sé as láthair, seachas le cead an Bhoird nó de dheasca breoiteachta, ar feadh aon tréimhse trí mhí as a chéile, ó gach cruinniú den Bhord a thionólfar i rith na tréimhse sin.

(3) Tabharfaidh príomh-oifigeach an Bhoird scéala láithreach don Aire faoi aon éirí as oifig nó dícháiliú faoin alt seo.

Comhalta den Bhord a chur as oifig.

10. —Féadfaidh an tAire tráth ar bith comhalta den Bhord a chur as oifig.

Corrfholúntais i measc comhaltaí an Bhoird.

11. —(1) Líonfar corrfholúntas a tharlóidh i measc comhaltaí an Bhoird tríd an tAire d'ainmniú—

(a) i gcás arbh é an cathaoirleach an comhalta ba chúis leis an bhfolúntas, duine a mheasfaidh an tAire a bheith oiriúnach le bheith ina chathaoirleach,

(b) i gcás ar chomhalta a d'ainmnigh aon dream daoine ba chúis leis an bhfolúntas, duine a mheasfaidh an tAire a bheith ionadaitheach don dream sin, agus

(c) i gcás ar chomhalta a cheap an tAire ba chúis leis an bhfolúntas, duine a mheasfaidh an tAire a bheith oiriúnach lena cheapadh.

(2) Gach duine a cheapfaidh an tAire de bhun an ailt seo chun bheith ina chomhalta den Bhord beidh sé i seilbh oifige, mura túisce a éagfaidh sé, a éireoidh sé as oifig nó a thiocfaidh sé faoi dhícháilíocht, ar feadh a mbeidh fágtha den tréimhse a mbeadh an duine ba chúis leis an bhfolúntas i seilbh oifige ar a feadh.

Comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas a bheith dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord.

12. —(1) I gcás a ndéanfar comhalta den Bhord a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas, scoirfidh sé, ar é do ghlacadh leis an ainmniúchán, de bheith ina chomhalta den Bhord.

(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, fad a beidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord.

Luach saothair chomhaltaí an Bhoird.

13. —Íocfar le cathaoirleach an Bhoird agus le haon ghnáthchomhalta den Bhord, as cistí a bheidh faoina réir ag an mBord, cibé luach saothair (más aon luach saothair é) agus cibé liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tAire, le ceadú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Coistí de chuid an Bhoird.

14. —(1) Féadfaidh an Bord, ó am go ham, cibé coistí agus cibé líon coistí a bhunú is oiriúnach leis chun comhairle a thabhairt don Bhord i ndáil le haon cheann de na feidhmeanna a shanntar dó faoin Acht seo.

(2) Ní bheidh d'fheidhm ag coiste a bhunófar faoin alt seo ach comhairle a thabhairt don Bhord agus féadfaidh sé, más oiriúnach leis an mBord é, daoine nach comhaltaí den Bhord a bheith ina gcomhaltaí de.

(3) Féadfaidh an Bord comhalta de choiste a bunaíodh faoin alt seo a chur as oifig tráth ar bith.

(4) Féadfaidh an Bord tráth ar bith coiste a ceapadh faoin alt seo a dhíscaoileadh.

(5) Féadfaidh an Bord nós imeachta coistí a bunaíodh faoin alt seo a rialáil, ach, faoi réir aon rialála den sórt sin, féadfaidh coistí a bunaíodh faoin alt seo a nós imeachta féin a rialáil.

(6) Íocfar le comhalta d'aon choiste a bhunaigh an Bord de bhun an ailt seo cibé liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tAire, le ceadú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Cuntais agus iniúchadh.

15. —(1) Coimeádfaidh an Bord, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh an Bord nó a chaithfidh sé, lena n-áirítear cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe, agus, go háirithe, coimeádfaidh sé san fhoirm sin a dúradh na cuntais speisialta go léir a ordóidh an tAire ó am go ham, uaidh féin, nó ar iarratas ón Aire Airgeadais, agus áiritheoidh an Bord go ndéanfaidh aon fhochomhlacht a bhunóidh an Bord faoin Acht seo cuntais ar leithligh a choimeád.

(2) Déanfaidh an Bord cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo, seachas cuntais a choimeádfaidh fochomhlacht a bhunaigh an Bord faoin Acht seo, a chur, a luaithe is féidir tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta, faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip den chuntas ioncaim agus caiteachais agus den chlár comhardaithe agus den chuid eile sin (más ann) de na cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a ordóidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna díobh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil bhliantúil agus eolas.

16. —(1) Tabharfaidh an Bord, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach tréimhse chuntasaíochta, tuarascáil don Aire ar imeachtaí an Bhoird faoin Acht seo i gcaitheamh na tréimhse agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Tabharfaidh an Bord don Aire cibé eolas a theastóidh uaidh ó am go ham maidir le comhlíonadh feidhmeanna an Bhoird.

Cumhacht airgead a fháil ar iasacht.

17. —(1) Féadfaidh an Bord, le comhthoiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, airgead chun críocha caipitiúla a fháil ar iasacht sa Stát nó lasmuigh den Stát ar choinníoll nach mó ná £5,000,000 aon tráth áirithe comhiomlán na n-iasachtaí a bheidh gan aisíoc.

(2) Féadfaidh an Bord, le comhthoiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, airgead chun críocha neamhchaipitiúla a fháil ar iasacht sa Stát nó lasmuigh den Stát.

(3) Chun críche an ailt seo, aon airgead a chruinneofar nó a gheofar ar iasacht in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit measfar gur coibhéis é in airgead reatha an Stáit don airgead iarbhír a cruinníodh nó a fuarthas ar iasacht agus an choibhéis sin a ríomh de réir an ráta iomlaoide tráth an airgid a chruinniú nó a fháil ar iasacht.

(4) Féadfaidh an Bord a shócmhainní a mhuirearú mar urrús go n-aisíocfar iasachtaí faoin alt seo.

Deontais don Bhord.

18. —Féadfar, faoi réir cibé coinníollacha, más ann, is cuí leis an Aire, deontas nó deontais ina mbeidh cibé méid nó méideanna a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis an mBord as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Cruinnithe agus nós imeachta an Bhoird.

19. —(1) Tionólfaidh an Bord cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhalladh go cuí.

(2) Tionólfar an chéad chruinniú den Bhord an lá bunaithe nó a luaithe is caothúil dá éis sin.

(3) Ag cruinniú den Bhord—

(a) is é cathaoirleach an Bhoird, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú,

(b) mura mbeidh agus fad nach mbeidh cathaoirleach an Bhoird i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den Bhord a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(4) Cinnfear gach ceist a éireoidh ag cruinniú den Bhord le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist, agus i gcás na vótaí a bheith roinnte go cothrom, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

(5) Féadfaidh an Bord gníomhnú d'ainneoin folúntas nó folúntais i measc a chomhaltaí.

(6) Faoi réir forálacha an Achta seo, rialálfaidh an Bord a nós imeachta le rialacha nó ar shlí eile.

(7) Ceathrar is córam do chruinniú den Bhord mura n-ordóidh an tAire a mhalairt.

Comhalta den Bhord do nochtadh leasa i gconradh a bheartaítear a dhéanamh.

20. —Aon chomhalta den Bhord a bhfuil aon leas aige in aon chonradh a bheartaíonn an Bord a dhéanamh nochtfaidh sé don Bhord go bhfuil an leas sin aige agus cad é an leas é agus ní ghlacfaidh sé páirt in aon phlé nó cinneadh ag an mBord maidir leis an gconradh, agus taifeadfar an nochtadh sin i miontuairiscí an Bhoird.

Neamhnochtadh eolais.

21. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, ní nochtfaidh comhalta den Bhord d'aon duine nach comhalta den Bhord ná oifigeach ná seirbhíseach don Bhord aon eolas a bhaineann le haon duine nó cuideachta a fuair sé ina cháil mar chomhalta den sórt sin gan toiliú ón duine nó ón gcuideachta lena mbaineann an t-eolas nó ar lena ghnó nó lena gnó a bhaineann an t-eolas.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo i ndáil le heolas a nochtfar don Aire nó don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

An Bord d'infheistiú cistí.

22. —Féadfaidh an Bord aon chistí dá chuid a infheistiú in aon slí a dtugann an dlí cumhacht d'iontaobhaí cistí iontaobhais a infheistiú.

Príomh-oifigeach.

23. —(1) Beidh príomh-oifigeach ann (cibé acu is príomh-oifigeach nó eile a tharbharfar de thuairisc air) agus gníomhóidh sé mar phríomh-oifigeach don Bhord.

(2) Ceapfaidh an Bord an príomh-oifigeach agus sealbhóidh an príomh-oifigeach a oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus feidhmeoidh sé cibé dualgais a ordóidh an Bord ó am go ham.

(3) Íocfaidh an Bord leis an bpríomh-oifigeach as cistí a bheidh faoina réir aige cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an tAire, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, ó am go ham.

(4) Ní shealbhóidh an príomh-oifigeach aon oifig ná post eile gan toiliú an Bhoird.

Oifigigh agus seirbhísigh an Bhoird.

24. —(1) Ceapfaidh an Bord cibé daoine agus cibé líon daoine le bheith ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Bhord is cuí leis an mBord ó am go ham.

(2) Sealbhóidh oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a oifig nó a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Bord ó am go ham.

(3) Cinnfidh an Bord ó am go ham, le comhthoiliú an Aire agus Aire na Seirbhíse Poiblí, luach saothair agus liúntais oifigigh agus seirbhísigh an Bhoird.

(4) Féadfaidh an Bord tráth ar bith aon oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a chur ó bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach dó.

Oifigigh nó seirbhísigh d'fheidhmlú feidhmeanna de chuid an Bhoird.

25. —Féadfaidh an Bord aon fheidhm dá chuid a fheidhmiú trí aon duine dá oifigigh nó dá sheirbhísigh a bheidh údaraithe go cuí ag an an mBord chuige sin.

Oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a ainmniú mar chomhalta nó lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas.

26. —(1) I gcás a ndéanfar duine is oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas, beidh sé ar iasacht ó fhostaíocht an Bhoird agus ní íocfaidh an Bord leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón mBord, aon luach saothair ná liúntais—

(a) i gcás é a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann, in aghaidh na tréimhse dar tosach an tráth a ghlacfaidh sé leis an ainmniú agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin,

(b) i gcás é a ainmniú lena thogadh chun ceachtar Tí, in aghaidh na tréimhse dar tosach an tráth a ghlacfaidh sé leis an ainmniú agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó a chinnfidh toghchán air nó a tharraingeoidh sé siar ó bheith ina iarrthóir, de réir mar a bheidh.

(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh dícháilithe chun theacht chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord.

Aoisliúntas d'oifigigh agus do sheirbhísigh an Bhoird.

27. —(1) A luaithe is caothúil tar éis an lae bunaithe, ullmhóidh an Bord agus cuirfidh faoi bhráid an Aire chun a cheadú a fháil, scéim nó scéimeanna chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú do cibé oifigigh nó seirbhísigh de chuid an Bhoird is cuí leis an mBord, nó a dheonú ina leith, ar scor dóibh nó ar iad d'fháil bháis.

(2) Féadfaidh an Bord, tráth ar bith, scéim do leasú scéim faoin alt seo a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.

(3) I gcás a gcuirfear scéim faoi bhráid an Aire de bhun an ailt seo, féadfaidh an tAire, le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, an scéim a cheadú.

(4) Déanfaidh an Bord scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, a chur i gcrích de réir a téarmaí.

(5) Socróidh scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais eile iníoctha leo nó ina leith, ar scor dóibh nó ar iad d'fháil bháis, faoin scéim, agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(6) Má bhíonn aon díospóid ann i dtaobh éileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas eile is iníoctha de bhun scéim faoin alt seo, nó i dtaobh méid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun Aire na Seirbhíse Poiblí í agus is cinneadh críochnaitheach cinneadh Aire na Seirbhíse Poiblí.

(7) Ní dheonóidh an Bord aon phinsean, aisce ná liúntas eile, ach amháin de réir scéim faoin alt seo, ar oifigeach nó seirbhíseach don Bhord d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis.

(8) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Tobhach ar bheostoc a maraíodh nó a onnmhairíodh.

28. —(1) Muirearóidh agus toibheoidh an Bord, agus íocfar leis an mBord, tobhach—

(a) i ndáil leis an mbeostoc go léir a maraíodh in áitreabh lena mbaineann an t-alt seo, agus

(b) i ndáil leis an mbeostoc go léir a onnmhairíodh beo as an Stát.

(2) Is é méid an tobhaigh is iníoctha faoin alt seo—

(a) i ndáil le bó-ainmhithe, 50p an t-ainmhí,

(b) i ndáil le caoirigh, 5p an t-ainmhí.

(3) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, féadfaidh an tAire, le hordú, an ráta tobhaigh a fhorordaítear le fo-alt (2) den alt seo a athrú.

(4) Aon uair a bheartóidh an tAire ordú a dhéanamh d'athrú ráta an tobhaigh is iníoctha faoin alt seo, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach díobh.

(5) Baineann an t-alt seo leis na háitribh seo a leanas, is é sin le rá—

(a) aon seamlas atá cláraithe faoi Acht 1930;

(b) aon seamlas atá ceadúnaithe nó cláraithe faoi Acht 1847, nó faoin Acht sin arna leathnú halt 105 d'Acht 1878, nó le halt 4 d'Acht 1935;

(c) aon seamlas is le húdarás áitiúil nó a chuir údarás áitiúil ar fáil.

Tobhach atá dlite agus iníoctha.

29. —(1) Beidh an tobhach i leith beostoic, seachas beostoc a onnmhairítear beo as an Stát, dlite nuair a mharófar an beostoc.

(2) Laistigh den tréimhse ceithre lá dhéag dar tosach an lá díreach tar éis do thréimhse tobhaigh dul in éag, déanfaidh gach duine a dhlíonn tobhach a íoc tuairisceán fíorcheart a thabhairt don Bhord ar mhéid an tobhaigh, más ann, a tháinig chun bheith dlite de i gcaitheamh na tréimhse tobhaigh agus cuirfidh sé chun an Bhoird an tráth céanna méid an tobhaigh, más ann, is iníoctha aige i leith na tréimhse tobhaigh sin.

(3) Aon duine a mhainneoidh forálacha fho-alt (2) den alt seo a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(4) Is iad na daoine seo a leanas a íocfaidh leis an mBord an tobhach i leith beostoc a maraíodh—

(a) i gcás beostoc a maraíodh i seamlas is le húdarás áitiúil nó a chuir údarás áitiúil ar fáil, an duine ar chuir an t-údarás na saoráidí maraithe ar fáil dó,

(b) i gcás beostoc a maraíodh in aon seamlas atá cláraithe faoi Acht 1930, an duine is sealbhóir ar cheadúnas onnmhaireora mairteola nó ar chead onnmhaireora i leith an áitribh sin,

(c) i gcás beostoc a maraíodh i seamlas atá cláraithe faoi Acht 1847, nó faoin Acht sin arna leathnú le halt 105 d'Acht 1878, nó le halt 4 d'Acht 1935, an duine arbh é, tráth an bheostoic a mharú, ba shealbhóir ar an gceadúnas iomchuí nó arbh é an duine é ar ina ainm a bhí an t-áitreabh cláraithe amhlaidh an tráth sin.

(5) Déanfaidh an duine a bheidh ag onnmhairiú beostoic nó a mbeidh beostoc á onnmhairiú thar a cheann an tobhach i ndáil leis an mbeostoc a onnmhairiú beo as an Stát a íoc leis an mBord ar an modh a shonraítear i bhfo-alt (6) den alt seo.

(6) Is le stampaí greamaitheacha a cheannófar ón mBord a íocfar an tobhach i ndáil le beostoc a onnmhairiú beo as an Stát agus maidir leis na stampaí sin—

(a) beidh siad de chineál agus d'ainmniúcháin a bheidh forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire,

(b) greamófar iad de cibé doiciméid a shonrófar i rialacháin arna ndéanamh ag an Aire, agus

(c) déanfaidh oifigeach Custam agus Máil iad a chealú nó a bhreifniú ag an bpointe onnmhairithe.

(7) (a) Toirmiscfear beostoc a onnmhairiú beo as an Stát mura deimhin leis an oifigeach Custam agus Máil cuí, roimh an onnmhairiú, go ndearnadh an líon iomchuí stampaí a ghreamú de réir fho-alt (6) (b) den alt seo.

(b) Bainfidh forálacha na nAchtanna Custam agus ionstraimí arna ndéanamh fúthu le beostoc a bhfuil a n-onnmhairiú toirmiscthe faoin alt seo.

(8) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Tobhach a ghnóthú.

30. —Gach suim is iníoctha ag duine faoi chomhair tobhaigh nó ar chuntas tobhaigh beidh sé inghnóthaithe ag an mBord ón duine sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Dualgas taifid a choimeád.

31. —Gach duine a dhlífidh tobhach a íoc déanfaidh sé, de réir cibé orduithe (más ann) a thabharfaidh an Bord, taifid lánchruinne a choimeád ar na hidirbhearta go léir a dhéanann difear dá dhliteanas i leith an tobhaigh.

An Chuideachta a dhíscaoileadh.

32. —(1) Beidh an Chuideachta arna díscaoileadh de bhua an ailt seo an lá bunaithe.

(2) An mhaoin go léir, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, dílsithe don Chuideachta nó dá cuid féin aici nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha di, agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin, tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad, an lá bunaithe, gan tíolacadh ná sannadh ar bith ach faoi réir a n-aistrithe i gcás ar gá sin i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, ina maoin de chuid an Bhoird nó dílsithe dó nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha dó (de réir mar is gá sa chás).

(3) An mhaoin go léir a aistrítear leis an alt seo agus a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, i leabhair aon bhainc nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, in ainm na Cuideachta, déanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta, ar an mBord á iarraidh sin aon tráth an lá bunaithe nó dá éis, í a aistriú sna leabhair sin chun ainm an Bhoird.

(4) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear leis an alt seo féadfaidh an Bord, an lá bunaithe nó dá éis, agairt ina leith, é a ghnóthú nó é a fheidhmiú ina ainm féin agus ní gá don Bhord fógra faoin aistriú a dhéantar leis an alt seo a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag aon ábhar i gcaingean den sórt sin.

(5) Gach fiach nó dliteanas eile (lena n-áirítear dliteanais neamhleachtaithe a d'eascair ó thortanna nó ó sháruithe conartha) a bheidh, díreach roimh an lá bunaithe, dlite den Chuideachta agus gan íoc agus gan ghlanadh aici, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, an lá bunaithe, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an mBord agus íocfaidh agus glanfaidh an Bord é agus féadfar é a ghnóthú ón mBord nó é a fheidhmiú ina aghaidh dá réir sin.

(6) Gach conradh a rinneadh agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe idir an Chuideachta agus aon duine leanfaidh sé i bhfeidhm an lá bunaithe nó dá éis ach forléireofar é agus beidh éifeacht leis ionann is dá gcuirfí an Bord ann in ionad na Cuideachta agus beidh sé infheidhmithe dá réir sin ag an mBord nó ina aghaidh.

(7) I gcás ina mbeidh, díreach roimh an lá bunaithe, aon imeachtaí dlí ar feitheamh ar páirtí iontu an Chuideachta cuirfear ainm an Bhoird sna himeachtaí in ionad ainm na Cuideachta agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an gcur-in-ionad sin.

(8) Aon oifigeach nó seirbhíseach a bheidh i seirbhís nó i bhfostaíocht na Cuideachta díreach roimh an lá bunaithe aistreofar é an lá bunaithe ó sheirbhís nó ó fhostaíocht na Cuideachta agus tiocfaidh sé chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach, de réir mar a bheidh, don Bhord leis na cearta céanna agus faoi réir na n-oibleagáidí agus na ndualgas céanna maidir leis an tseirbhís nó leis an bhfostaíocht sin a bheadh aige nó a mbeadh sé faoina réir mar oifigeach nó mar sheirbhíseach don Chuideachta.

Caiteachais.

33. —Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

34. —Féadfar an tAcht um an gCóras Beostoic agus Feola, 1979 , a ghairm den Acht seo.


Na hAchtanna Dá dTagraítear

Towns Improvement Clauses Act, 1847

1847, c. 34.

Public Health (Ireland) Act, 1878

1878, c. 52.

An tAcht Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930

1930, Uimh. 10 .

An tAcht um Ainmhithe do Mharbhadh, 1935

1935, Uimh. 45 .