4 1980

Uimhir 4 de 1980


AN tACHT UM AN gCISTE RÁTHAÍOCHTA FOSTAÍOCHTA, 1980

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN CISTE A BHUNÚ AR A dTABHARFAR AN CISTE RÁTHAÍOCHTA FOSTAÍ-OCHTA, CHUN FOSTÓIRÍ D'ÍOC RANNÍOCAÍ I LEITH ACMHAINNÍ AN CHISTE SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE SIN.  [2 Aibreán, 1980]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “bliain ranníoca” bliain mheasúnachta de réir bhrí na nAchtanna Cánach Ioncaim;

tá le “formhuirear fostaíochta fostóra” an bhrí a shanntar dó le halt 5 den Acht seo;

ciallaíonn “an Ciste” an Ciste Ráthaíochta Fostaíochta a bhunaítear le halt 2 den Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais.

Ciste Ráthaíochta Fostaíochta a bhunú.

2. —Bunófar Ciste ar a dtabharfar an Ciste Ráthaíochta Fostaíochta agus “an Ciste” a ghairtear de san Acht seo, agus beidh se faoi rialú agus faoi bhainistí an Aire.

Cuspóir an Chiste.

3. —Úsáidfidh an tAire an t-airgead a bheidh chun creidmheas an Chiste chun íoc as an gcaiteachas ar thionscadail nó scéimeanna arb é a thuairim go mbeidh de thoradh orthu go dtionscnófar tuilleadh fostaíochta nó go gcaomhnófar an fhostaíocht láithreach.

Acmhainni an Chiste.

4. —(1) Is é an bheidh sa Chiste—

(a) an fáltas ón bhformhuirear fostaíochta fostóra, agus

(b) méid nach mó ná £10,000,000 (lena n-áirítear airgead atá íoctha isteach cheana féin i gcuntas deontas-i-gcabhair an Chiste Ráthaíochta Fostaíochta) as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Déanfar aon airgead a bheidh chun creidmheas chuntas deontas-i-gcabhair an Chiste Ráthaíochta Fostaíochta ar dháta an Achta seo a rith a íoc isteach sa Chiste a luaithe is féidir tar éis an reatha sin.

Formhuirear fostaíochta fostóra.

5. —(1) Déanfar an ranníoc fostaíochta is iníoctha ag fostóir faoi alt 6 (1) (b) (ii) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1978 ) den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, a mhéadú i leith na bliana ranníoca dar tosach an 6ú la d'Aibreán, 1980, méid ar a dtabharfar agus dá ngairtear san Acht seo an “formhuirear fostaíochta fostóra” agus beidh an formhuirear fostaíochta fostóra iníoctha i leith an tuillimh ináirithe ar faoina threoir a chinntear an ranníoc fostaíochta faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1980, agus ríomhfar é de réir 0.35 faoin gcéad de mhéid an tuillimh ináirithe sin agus measfar gur ranníoc fostaíochta é de réir bhrí na nAchtanna sin.

(2) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) den alt seo i ndáil le fostaí lena mbaineann airteagal 7 nó 8 de na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Modhnuithe ar Árachas), 1979 (I.R. Uimh. 87 de 1979).

(3) Bainfidh ailt 6 (1) (c) agus 6 (1) (d) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1978 ) den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, le formhuirear fostaíochta fostóra mar a bhaineann siad le ranníocaí ó fhostóirí faoi alt 6 (1) (b) den Acht sin.

(4) D'ainneoin aon chonradh dá mhalairt, ní bheidh fostóir i dteideal an formhuirear fostaíochta fostóra is iníoctha i leith aon duine atá fostaithe aige a bhaint as luach saothair an duine sin (ná é a ghnóthú ar shlí eile ón duine sin).

(5) Íocfar formhuirear fostaíochta fostóra isteach sa Chiste Árachais Shóisialaigh.

(6) Déanfar na suimeanna go léir a bheidh íoctha isteach sa Chiste Árachais Shóisialaigh faoi fho-alt (5) den alt seo a íoc, suas go dtí an dáta a fhoirceannfar an Ciste mar a fhoráiltear faoi alt 7 den Acht seo, as an gCiste Árachais Shóisialaigh leis an gCiste i cibé slí agus cibé tráthanna a chinnfidh an tAire Leasa Shóisialaigh.

Airgead an Chiste a infheistiu.

6. —(1) Airgead de chuid an Chiste nach mbeidh ag teastáil láithreach lena úsáid faoi alt 3 den Acht seo féadfaidh an tAire é a infheistiú ó am go ham de réir mar is cuí leis ar aon slí inar féidir cistí de chuid Bhanc Taisce an Phoist a infheistiú.

(2) Íocfar isteach sa Chiste aon ioncam a eascróidh as infheistíocht faoin alt seo.

(3) Féadfar infheistíocht faoin alt seo a réadú tráth ar bith.

An Ciste a fhoirceannadh.

7. —(1) Ní rachaidh méid comhiomlán na n-íocaíochtaí as an gCiste chun na críche a luaitear in alt 3 den Acht seo thar £20,000,000.

(2) Foirceannfar an Ciste nuair a shroichfidh comhiomlán an chaiteachais as an gCiste (lena n-áirítear íocaíochtaí as cuntas deontas-i-gcabhair an Chiste Ráthaíochta Fostaíochta) £20,000,000, agus déanfar aon iarmhéid a beidh fágtha sa Chiste nó chun creidmheas an Chiste a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire.

Cuntas bliantúil.

8. —(1) Ullmhóidh an tAire, i leith gach bliain airgeadais a mbeidh an Ciste á chothabháil ar a feadh, cuntas ar na híocaíochtaí isteach sa Chiste agus amach as agus cuirfidh sé an cuntas sin faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena scrúdú agus le tuarascáil a thabhairt air.

(2) Déanfaidh an tAire cóip de gach cuntas a ullmhófar faoin alt seo, mar aon le cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar an gcuntas sin, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Gearrtheideal.

9. —Féadfar an tAcht um an gCiste Ráthaíochta Fostaíochta, 1980 , a ghairm den Acht seo.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Na hAchtanna Cánach Ioncaim

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952

1952 Uimh. 11

Na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1980

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1978

1978, Uimh. 25