8 1980


Uimhir 8 de 1980


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (AOISLIÚNTAS), 1980

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ CHUMASÚ DON AIRE COMHSHAOIL SCÉIM-EANNA AOISLIÚNTAIS A DHÉANAMH MAIDIR LE FOSTAITHE COMHLACHTAÍ ÁIRITHE, AGUS AISCÍ A DHEONÚ DO NA FOSTAITHE SIN NÓ INA LEITH, AGUS CHUN NA gCRÍOCHA SIN DÁ CHUMASÚ DON AIRE SIN ACHTACHÁIN ÁIRITHE A BHAINEANN LE hAOISLIÚN-TAS A LEASÚ NÓ A AISGHAIRM, DO LEASÚ AN ACHTA SLÁINTE (COMHLACHTAÍ CORPRAITHE), 1961 , AN ACHTA SLÁINTE, 1970 , AGUS AN ACHTA UM SHEIR-BHÍSÍ RIALTAIS ÁITIÚIL (COMHLACHTAÍ CORP-RAITHE), 1971 , D'FHONN GO bhFÉADFAR, FARA MODHNUITHE NÓ TEORAINNEACHA ÁIRITHE, SCÉIMEANNA FAOIN ACHT SEO A CHUR CHUN FEIDHME MAIDIR LE FOSTAITHE COMHLACHTAÍ ÁIRITHE EILE, AGUS NA hAISCÍ SIN A DHEONÚ DO NA FOSTAITHE SIN NÓ INA LEITH, D'AISGHAIRM AN ACHTA RIALTAIS ÁITIÚIL (AOISLIÚNTAS), 1956 , AGUS ACHTACHÁN ÁIRITHE EILE A BHAINEANN LE hAOIS-LIÚNTAS, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [4 Meitheamh, 1980]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1956” an tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 ;

ciallaíonn “Acht 1961” an tAcht Sláinte (Comhlachtaí Corpraithe), 1961 ;

ciallaíonn “Acht 1970” an tAcht Sláinte, 1970 ;

ciallaíonn “Acht 1971” an tAcht um Sheirbhísí Rialtais Áitiúil (Comhlachtaí Corpraithe), 1971 ;

ciallaíonn “údarás áitiúil” aon cheann de na comhlachtaí seo a leanas:

(a) údarás áitiúil chun críocha na nAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1978,

(b) coiste gairmoideachais,

(c) coiste talmhaíochta,

(d) coiste freastail scoile;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil;

ciallaíonn “aisce théarfa” aisce is iníoctha faoi scéim faoi alt 2 den Acht seo le duine is fostaí do chomhlacht lena mbaineann alt 2 den Acht seo agus a scoirfidh dá oifig nó dá fhostaíocht a shealbhú;

(a) de dhroim chealú na hoifige a shealbhaigh sé mar fhostaí den sórt sin, nó

(b) chun gurbh fhusaide comhshocraíochtaí a dhéanamh lenar féidir éifeacht nó tíos níos fearr a chur i gcrích maidir leis an gcomhlacht sin;

ciallaíonn “na hAchtanna Leasa Shóisialaigh” iad seo a leanas, eadhon, Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1979, na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1979, na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1979, na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1979, na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1979, na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leasa Forlíontacha), 1975 agus 1979, agus aon achtachán a leasaíonn nó a leathnaíonn gach ceann nó aon cheann de na hAchtanna sin;

tá le “reacht” agus “ionstraim reachtúil” an bhrí chéanna atá leo, faoi seach, in alt 3 den Acht Léiriúcháin, 1937 .

Scéimeanna aoisliúntais maidir le fostaithe údarás áitiúil agus omhlachtaí árithe eile.

2. —(1) (a)  Féadfaidh an tAire, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, scéim nó scéimeanna a dhéanamh chun pinsin, cnapshuimeanna, aiscí (lena n-áirítear aiscí téarfa agus sochair dhíobhála) agus liúntais eile a dheonú, ar scor nó ar bhás, nó i cibé imthosca eile a shonrófar sa scéim nó sna scéimeanna, do dhaoine nó i leith daoine atá fostaithe ag comhlacht lena mbaineann an t-alt seo agus is d'aicme nó de thuairisc a shonraítear sa scéim.

(b) Gach comhlacht a mbaineann scéim faoin alt seo le haon fhostaí dá chuid cuirfidh sé an scéim i gcrích de réir a téarmaí, agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo i gcás scéim faoin alt seo dá cheangal clár a bhunú agus a chothabháil chun críocha na scéime, agus i gcás ina bhforálfaidh scéim den sórt sin é, taifeadfaidh gach comhlacht den sórt sin ainm gach fostaí den sórt sin sa chlár, nó, i gcás ina bhforálfaidh an scéim nó aon scéim eile faoin alt seo go roinnfear an clár, i cibé cuid de is iomchuí ag féachaint do théarmaí na scéime sin.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh scéim faoin alt seo—

(a) éifeacht chúlghabhálach a bheith léi,

(b) a shocrú maidir leo seo a leanas, nó le haon duine nó le haon cheann díobh:

(i) Aire na Seirbhíse Poiblí,

(ii) aon chomhlacht ar féidir seirbhís leis a ríomh chun críocha aon scéim den sórt sin,

(iii) aon duine a bheidh sonraithe sa scéim,

(iv) Ciste Aoisliúntais na Meánmhúinteoirí, Ciste Aoisliúntais na Múinteoirí Bunscoile nó aon chiste aoisliúntais eile a bheidh sonraithe amhlaidh,

go n-íocfaidh siad nó go bhfaighidh siad íocaíochtaí i leith sochair nó seirbhís aoisliúntais a aistriú, ar seirbhís í is féidir a ríomh chun críocha scéim faoin alt seo, nó cibé íocaíochtaí eile i ndáil le haoisliúntas a bheidh sonraithe amhlaidh,

(c) feidhm a bheith aici i ndáil le pinsin, liúntais, cnapshuimeanna nó aiscí a íoctar nó is iníoctha le daoine nó i leith daoine arbh fhostaithe iad do chomhlachtaí lena mbaineann an t-alt seo ach a fuair bás nó a scoir de bheith ina bhfostaithe den sórt sin roimh thosach na scéime,

(d) a cheangal nó a údarú go n-íocfar pinsin, liúntais, cnapshuimeanna nó aiscí le daoine nó i leith daoine a luaitear i mír (c) den fho-alt seo,

(e) a fhoráil maidir le pinsean, liúntas, cnapshuim, aisce nó íocaíocht a dheonaítear nó a cheanglaítear a thabhairt, de bhun scéim faoin alt seo, do dhuine nó i leith duine d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe amhlaidh, gur duine eile d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe amhlaidh, ar duine é seachas fostóir an duine chéadluaite, a íocfaidh an céanna, agus i gcás ina bhforálfar sin leis an scéim beidh foráil inti freisin go dtabharfaidh an fostóir sin don duine eile sin cibé íocaíochtaí i ndáil le haoisliúntas a shonrófar amhlaidh,

(f) a údarú go n-íocfar, gan probháid a thabhairt ar aird ná teideal ionadaí pearsanta duine éagtha a chruthú ar dhóigh ar bith eile, aon suim, nach mó ná méid a bheidh sonraithe sa scéim, a bheidh dlite i leith aon sochar faoin scéim,

(g) a cheangal go ndéanfaidh aon chomhlacht a mbaineann an scéim le haon fhostaí dá chuid clár a bhunú agus a chothabháil chun críocha na scéime,

(h) a shonrú cad é an chuid den chlár sin ina dtaifeadfar ainmneacha na ndaoine a mbaineann an scéim leo, nó ainmneacha na ndaoine sin ar daoine iad d'aicme nó de thuairisc shonraithe,

(i) a fhoráil go ndéanfaidh comhlacht ainm duine a bhaint, i cibé imthosca a bheidh sonraithe sa scéim, den chlár a bheidh á choimeád aige chun críocha na scéime, nó, i gcás ina bhforálfaidh an scéim nó aon scéim eile faoin alt seo go roinnfear an clár sin. de cibé cuid de a bheidh sonraithe amhlaidh,

(j) a fhoráil, maidir le hainmneacha a bhí, díreach roimh thosach na scéime, taifeadta i gclár (ar féidir gur clár é atá á choimeád chun críocha Acht 1956) a bheidh sonraithe sa scéim ag comhlacht a mbaineann an scéim le haon fhostaí dá chuid, nó le haon cheann de na hainmneacha sin ar ainmneacha daoine iad d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe amhlaidh, go measfar iad a bheith taifeadta sa chlár a bheidh á choimeád ag an gcomhlacht chun críocha na scéime, nó, de réir mar bheidh, i gcuid den chlár sin a bheidh sonraithe amhlaidh,

(k) socrú a dhéanamh maidir le haon ábhar idirthréimhseach nó le haon ábhar a bhaineann nó a ghabhann leis na nithe sin roimhe seo.

(3) Féadfar scéimeanna éagsúla a dhéanamh faoin alt seo, nó féadfaidh scéim faoin alt seo forálacha éagsúla a dhéanamh, i ndáil le haicmí nó tuairiscí éagsúla daoine atá fostaithe ag comhlacht lena mbaineann an t-alt seo agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo féadfar na haicmí nó na tuairiscí daoine sin a shainiú faoi threoir rogha a bheidh sonraithe sa scéim a fheidhmiú.

(4) Féadfar suim a bheidh le híoc ag comhlacht lena mbaineann an t-alt seo de bhun aon fhoráil a áirítear i scéim faoin alt seo de bhua mhír (f) d'fho-alt (2) den alt seo a íoc le daoine nó a dháileadh ar dhaoine ar dealraitheach don chomhlacht go bhfuil teideal tairbhiúil acu chun eastát an duine éagtha lena mbaineann, nó a íoc le haon duine nó daoine, nó a dháileadh ar aon daoine díobh sin, nó, i gcás an duine éagtha lena mbaineann nó a leanaí a bheith neamhdhlisteanach (ar cás é nach mbaineann alt 9 den Acht Dlisteanais, 1931 , leis), a íoc le cibé daoine nó a dháileadh ar cibé daoine is cuí leis an gcomhlacht, agus urscaoilfear an comhlacht ó gach dliteanas i leith aon íoc nó dáileadh den sórt sin.

(5) (a) Faoi réir alt 5 (4) den Acht seo, i gcás ar dealraitheach don Aire go bhfuil foráil in aon reacht nó ionstraim reachtúil atá ar neamhréir le haon fhoráil de scéim faoin alt seo, nó nach bhfuil riachtanas léi a thuilleadh nó gur gá í a oiriúnú, a mhodhnú nó a leasú ar dhóigh eile de dhroim na forála sin, féadfaidh sé, faoi réir fho-alt (6) den alt seo, an fhoráil a aisghairm nó a leasú le scéim faoin alt seo arna déanamh le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(b) Tiocfaidh an fo-alt seo i bhfeidhm ar thosach feidhme alt 11 den Acht seo.

(6) Is le toiliú an Aire Leasa Shóisialaigh amháin a dhéanfaidh an tAire scéim faoin alt seo a aisghaireann nó a leasaíonn foráil sna hAchtanna Leasa Shóisialaigh nó in aon ionstraim reachtúil faoi na hAchtanna sin.

(7) Má leasaítear aon fhoráil le scéim faoin alt seo ní dhéanfaidh an leasú dochar d'aon chumhacht chun an fhoráil sin a leasú a thugtar ar dhóigh seachas leis an alt seo.

(8) Faoi réir fho-alt (6) den alt seo, féadfaidh an tAire, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, scéim a dhéanamh tráth ar bith do leasú nó do chúlghairm scéim faoin alt seo.

(9) Baineann an t-alt seo—

(a) le húdarás áitiúil,

(b) le húdarás sláinte,

(c) le haon chomhlacht (nach bord sláinte) seachas—

(i) comhlacht corpraithe a bunaíodh faoi Acht 1961, nó

(ii) comhbhord a bunaíodh faoi ordú, agus chun críocha ordaithe, faoi alt 11 d'Acht 1970,

atá ag soláthar seirbhísí faoi na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1970, agus atá ainmnithe chun críocha an ailt seo ag an Aire Sláinte le toiliú an Aire.

Féadfaidh an tAire forálacha áirithe aoisliúntais rialtais áitiúil atá ar marthain a leasú.

3. —(1) Faoi réir alt 5 (4) den Acht seo agus fho-alt (4) den alt seo, féadfaidh an tAire, a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus laistigh den tréimhse dar tosach dáta an Achta seo a rith agus dar críoch dáta thosach feidhme alt 11 den Acht seo, a fhoráil le rialacháin go bhfoirceannfar aon achtachán a luaitear sa dara colún den Sceideal sin mar aon le haon ionstraim reachtúil, sa mhéid gur faoi aon achtachán a luaitear sa tríú colún sin a rinneadh í, nó féadfaidh sé an céanna a leasú ar shlí eile.

(2) Faoi réir alt 5 (4) den Acht seo agus fho-alt (4) den alt seo, féadfaidh an tAire a fhoráil le rialacháin go bhfoirceannfar aon fhoráil in aon reacht nó ionstraim reachtúil, nó féadfaidh sé an céanna a leasú ar shlí eile, más dealraitheadh dó go bhfuil an fhoráil ar neamhréir le haon fhoráil de chuid rialacháin faoin alt seo nó nach bhfuil riachtanas léi a thuilleadh nó gur gá í a oiriúnú, a mhodhnú nó a leasú ar shlí eile de dhroim na forála sin.

(3) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, féadfaidh an tAire le rialacháin an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú le go sroichfidh feidhm fho-alt (1) den alt seo chuig iomlán aon reachta nó chuig aon achtachán atá in aon reacht.

(4) Is le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí amháin a dhéanfaidh an tAire rialacháin faoin alt seo agus i dteannta a bhfuil anseo roimhe seo i gcás na rialacháin sin—

(a) dá fhoráil go bhfoirceannfar nó go leasófar ar shlí eile aon fhoráil de na hAchtanna Leasa Shóisialaigh nó d'aon ionstraim reachtúil arna déanamh faoi na hAchtanna sin,

(b) do chur feidhm fho-alt (1) den alt seo ag sroicheadh chuig iomlán aon reacht, nó chuig aon achtachán atá in aon reacht, a chuimsítear sna hAchtanna Leasa Shóisialaigh,

is le toiliú an Aire Leasa Shóisialaigh amháin a dhéanfaidh an tAire iad.

(5) I gcás ina mbeartóidh an tAire rialachán faoi fho-alt (3) den alt seo a dhéanamh, leagfar dréacht den rialachán faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an rialachán go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta ceadaithe ag gach Teach díobh.

(6) Má leasaítear aon fhoráil le rialacháin faoin alt seo ní dhéanfaidh sin dochar d'aon chumhacht chun an fhoráil sin a leasú a thugtar ar dhóigh seachas leis an alt seo.

(7) Féadfaidh éifeacht chúlghabhálach a bheith le rialacháin faoin alt seo.

Aiscí maidir le seirbhís neamhinphinsin áirithe.

4. —(1) I gcás a scoirfidh duine de bheith fostaithe ag comhlacht lena mbaineann alt 2 den Acht seo, ansin, faoi réir fho-alt (3) agus (4) den alt seo, féadfaidh an comhlacht, de bhun agus de réir rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin alt seo le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, agus ag féachaint do sheirbhís a thug an duine—

(a) ar seirbhís í ata sonraithe de thuras na huaire faoin bhfo-alt sin (3) agus

(b) ar seirbhís í a fhéadfar a chur san áireamh de bhun an fho-ailt sin (3) i leith an duine,

aisce a dheonú don duine sin nó ina leith.

(2) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo a fhoráil maidir le haisce a dheonaítear faoi do dhuine nó i leith duine d'aicme nó de thuairisc shonraithe, gur duine eile d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe amhlaidh, ar duine é seachas fostóir an duine chéadluaite, a íocfaidh í.

(3) Nuair a bheifear á chinneadh de réir rialacháin faoin alt seo an ndeonófar aisce, nó cad é méid aisce faoin alt seo, cuirfidh comhlacht lena mbaineann alt 2 den Acht seo san áireamh seirbhís d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe i scríbhinn chun críocha an ailt seo ag an Aire, agus ní chuirfidh sé san áireamh ach seirbhís den sórt sin, go ginearálta nó i ndáil le daoine d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe amhlaidh.

(4) Ní dheonóidh comhlacht aisce faoin alt seo do dhuine a dhífhostaigh an comhlacht mar gheall ar mhí-iompar nó neamhinniúlacht (nach neamhinniúlacht mar gheall ar sheanaois nó éiglíocht intinne nó coirp).

(5) Féadfaidh éifeacht chúlghabhálach a bheith le rialacháin faoin alt seo.

Rialacháin agus scéimeanna i gcoitinne.

5. —(1) Gach rialachán nó scéim a dhéanfar faoin Acht seo, seachas rialachán faoi alt 3 (3), leagfar é nó í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta nó a déanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán nó an scéim a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin nó na scéime, beidh an rialachán nó an scéim, de réir mar a bheidh, ar neamhní da réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán nó faoin scéim.

(2) (a) Féadfaidh aon rialacháin a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo a fhoráil go gcinnfidh an tAire aon cheisteanna a éireoidh faoi na rialacháin nó de bhua a ndéanta.

(b) Féadfaidh aon scéim a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo a fhoráil—

(i) go gcinnfidh Aire Rialtais a bheidh sonraithe sa scéim nó duine d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe amhlaidh ceisteanna a éireoidh faoin scéim nó de bhua a déanta,

(ii) go gcinnfidh Aire den sórt sin nó duine d'aicme nó de thuairisc den sórt sin aon cheist den sórt sin is d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe amhlaidh agus go gcinnfidh an tAire aon cheist eile den sórt sin.

(3) Féadfaidh aon scéim a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo a fhoráil go ndéanfar aon tagairt in aon reacht (seachas an tAcht seo), nó in aon reacht áirithe den sórt sin a bheidh sonraithe sa scéim, d'achtachán a bheidh sonraithe sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus sa scéim a fhorléiriú mar thagairt, nó, de réir mar a bheidh, mar thagairt a fholaíonn tagairt, don scéim nó don fhoráil chomhréire den scéim, de réir mar is iomchuí, agus i gcás aon fhoráil den sórt sin a bheith ar áireamh i scéim den sórt sin, forléireofar an t-achtachán lena mbaineann an fhoráil agus beidh éifeacht leis de réir na forála.

(4) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, ní fheidhmeoidh an tAire an chumhacht a thugtar dó le halt 2 (1) (a), le halt 2 (5) (a) nó le fo-alt (1) nó (2) d'alt 3 den Acht seo ionas go gcuirfear coinníollacha i mbaint le duine nó i leith duine, ar coinníollacha iad is lú fabhar i gcóimheas leis na coinníollacha ar a bhfearann an feidhmiú agus a bhí i bhfeidhm i ndáil leis an duine díreach roimh an bhfeidhmiú sin, mura mbeidh an bhaint sin ag brath le haghaidh a héifeachta ar dhuine d'fheidhmiú rogha (roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis).

(b) Ní bheidh feidhm ag an tsriantacht atá i mír (a) den fho-alt seo i ndáil leis an Aire d'fheidhmiú aon cheann de na cumhachtaí a luaitear inti—

(i) i gcás gur d'aicme nó de thuairisc daoine a shonraítear chun críocha na míre seo i scéim nó i scéimeanna nó i rialacháin arna ndéanamh faoi alt 2 nó 3, faoi seach, den Acht seo, na daoine a bhfuil na coinníollacha á gcur i mbaint leo nó ina leith de dhroim fheidhmiú na cumhachta, agus

(ii) i gcás a mbeidh na coinníollacha sin, nó aon cheann nó níos mó díobh, le cur i mbaint leis na daoine sin nó i leith na ndaoine sin ó dháta—

(I) a bheidh sonraithe sa scéim nó sna rialacháin agus, maidir le duine áirithe, nach déanaí ná an dáta ar tháinig an duine chun bheith ina dhuine den aicme nó den tuairisc sin, agus

(II) nach luaithe, i gcás ina mbainfidh na coinníollacha sin le pinsin a sholáthar do bhaintreacha, do dhílleachtaí nó do chleithiúnaithe daoine den aicme nó den tuairisc sin, ná an 1ú la d'Éanáir, 1970, nó in aon chás eile, an 1ú lá de Mheitheamh, 1978.

Cosaint.

6. —(1) Faoi réir an choinníll a ghabhann le halt 5 (4) den Acht seo, i gcás aon achtachán a aisghairm nó a leasú leis an Acht seo nó faoi—

(a) ní oibreoidh sin chun laghdú a dhéanamh ar aon phinsean, liúntas, aisce, cnapshuim nó aisíoc ranníocaí a deonaíodh do dhuine nó i leith duine faoi aon reacht (seachas an tAcht seo),

(b) maidir le haon chomhaontú, socrú, cinneadh, géilleadh, roghnú, nó ainmniú a dhéanfar, nó fógra nó ceadú a thabharfar, nó ranníoc a íocfar, faoi aon achtachán den sórt sin, ní oibreoidh sin ar dhóigh a rachaidh chun dochair do dhuine lena mbaineann an comhaontú, an socrú, an cinneadh, an géilleadh, an roghnú, an t-ainmniú, an fógra, an ceadú nó an ranníoc,

(c) maidir le haon ní eile a deonaíodh, a rinneadh, a tugadh nó a íocadh faoi aon achtachán den sórt sin, ní oibreoidh sin ar dhóigh a rachaidh chun dochair do dhuine lena mbaineann an ní sin,

agus, faoi réir a bhfuil anseo roimhe seo agus alt 2 (5) (a) agus fho-ailt (1) agus (2) d'alt 3 den Acht seo agus an choinníll sin, leanfar den phinsean nó den liúntas sin a íoc ionann is dá mba nach ndearnadh an t-achtachán a aisghairm nó a leasú amhlaidh agus, i gcás a gceadaíonn an comhthéacs é, measfar an pinsean, an liúntas, an aisce, an chnapshuim nó an t-aisíoc ranníocaí, nó an ní a luaitear i mír (b) nó (c) den fho-alt seo, a bheith deonaithe, déanta, tugtha nó íoctha faoin bhforáil chomhréire de scéim a rinneadh faoi alt 2 den Acht seo.

(2) Déanfar aon tagairt in aon reacht (seachas an tAcht seo), nó in aon doiciméad (mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt), do phinsean, liúntas, aisce, cnapshuim nó aisíoc ranníocaí faoi achtachán, nó a deonaíodh faoi achtachán, a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do phinsean, liúntas, aisce, cnapshuim nó aisíoc ranníocaí faoi scéim, a deonaíodh faoi scéim, nó a mheastar faoin Acht seo a deonaíodh faoi scéim, arna déanamh faoi alt 2 den Acht seo, de réir mar is iomchuí.

(3) Aon tagairt in aon reacht (seachas an tAcht seo) nó doiciméad d'aon achtachán a aisghairtear, go hiomlán nó go páirteach, leis an Acht seo, forléireofar í, i gcás a gceadaíonn an comhthéacs é, mar thagairt, nó mar thagairt a fholaíonn tagairt, don scéim chomhréire faoin Acht seo, nó don fhoráil chomhréire de scéim den sórt sin, de réir mar is iomchuí.

Leasú ar alt 4 den Acht Sláinte (Comhlachtaí Corpraithe), 1961 .

7. —Leasaítear leis seo alt 4 d'Acht 1961—

(a) trí “nó aon scéim nó rialacháin faoin Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1980 ,” a chur isteach roimh “a chur i bhfeidhm” i mír (b) d'fho-alt (2), roimh “a chur i bhfeidhm” agus roimh “curtha i bhfeidhm” i bhfo-alt (3), agus tá an mhír sin (b) agus an fo-alt sin (3), arna leasú leis an alt seo agus leis an Ordú Rialtais Áitiúil (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 1977, leagtha amach i míreanna 1 agus 2, faoi seach, den Tábla a ghabhann leis an alt seo; agus

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4)  I gcás a bhfolóidh ordú bunaithe nó aon ordú ag leasú ordú bunaithe forálacha chun scéim faoin Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1980 , a chur i bhfeidhm, cuirfidh an comhlacht áirithe an scéim i gcrích de réir a téarmaí ach sin faoi réir cibé modhnuithe a shonrófar san ordú.

(5) Féadfaidh éifeacht chúlghabhálach a bheith le hordú ag leasú ordú bunaithe, a mhéid a chuireann sé aon scéim nó rialacháin faoin Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1980 , i bhfeidhm.”.

AN TÁBLA

1. (b) an tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 , nó aon scéim nó rialacháin faoin Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1980 , a chur i bhfeidhm maidir leis an gcomhlacht ionann agus dá mba údarás áitiúil é ach faoi réir aon mhodhnuithe (lena n-áirítear modhnuithe maidir le seirbhís is ináirithe mar sheirbhís inphinsin) a shonrófar san ordú le toiliú an Aire Comhshaoil.

2. (3) I gcás ina mbeidh foráil déanta in ordú bunaithe nó in ordú ag leasú ordú bunaithe chun an tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 , nó aon scéim nó rialacháin faoin Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1980 , a chur i bhfeidhm maidir le comhlacht arna bhunú le hordú bunaithe (i dteannta nó d'éagmais modhnuithe maidir le seirbhís is ináirithe mar sheirbhís inphinsin) agus go ndéanfaidh oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil d'oifigeach don chomhlacht sin, forléireofar fo-alt (1) d'alt 11 den Acht sin, mar a bheidh feidhm aige maidir leis, ionann is dá gcuirtí an mhír seo a leanas leis an bhfo-alt sin:—

“(i) seirbhís mar oifigeach inphinsin do chomhlacht a bunaíodh faoin Acht Sláinte (Comhlachtaí Corpraithe), 1961 , agus a mbeidh an tAcht seo nó aon scéim nó rialacháin faoin Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1980 , curtha i bhfeidhm maidir leis faoin Acht sin nó seirbhís eile ab ináirithe ag an gcomhlacht sin chun críocha a aoisliúntais”.

Leasú ar alt 11 den Acht Sláinte, 1970 .

8. —Leasaítear leis seo alt 11 (3) d'Acht 1970 trí na míreanna seo a leanas a chur leis:

“(g)  féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Comhshaoil, le hordú, aon scéim nó rialacháin faoin Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1980 , a chur chun feidhme maidir le fostaithe de chuid an bhoird, fara cibé modhnuithe nó teorainneacha is oiriúnach leis agus a shonróidh sé le hordú, agus féadfaidh éifeacht chúlghabhálach a bheith le hordú faoin mír seo.

(h)  i gcás a ndéanfar ordú faoi mhír (g) den fho-alt seo ag cur scéim faoin Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1980 , chun feidhme maidir le fostaithe de chuid an bhoird, cuirfidh an bord an scéim i gcrích de réir a téarmaí ach sin faoi réir cibé modhnuithe nó teorainneacha a bheidh sonraithe san ordú.”.

Leasú ar alt 4 den Acht um Sheirbhísí Rialtais Áitiúil (Comhlachtaí Corpraithe), 1971 .

9. —Leasaítear leis seo alt 4 d'Acht 1971—

(a) trí “nó aon scéim nó rialacháin faoin Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1980 ,” a chur isteach roimh “chun feidhme” i mír (c) d'fho-alt (2) agus roimh “chun feidhme” i bhfo-alt (4), agus tá an mhír sin (c) agus an fo-alt sin (4), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i míreanna 1 agus 2, faoi seach, den Tábla a ghabhann leis an alt seo; agus

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) i gcás a bhfolóidh ordú bunaithe nó aon ordú ag leasú ordú bunaithe forálacha chun scéim faoin Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1980 , a chur i bhfeidhm, cuirfidh an comhlacht áirithe an scéim i gcrích de réir a téarmaí ach sin faoi réir cibé modhnuithe a shonrófar san ordú.

(6) Féadfaidh éifeacht chúlghabhálach a bheith le hordú ag leasú ordú bunaithe, a mhéid a chuireann sé aon scéim no rialacháin faoin Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1980 , i bhfeidhm.”.

AN TÁBLA

1. (c) aoisliúntas d'oifigigh agus do sheirbhísigh an chomhlachta ar a mbeidh, más oiriúnach leis an Aire, forálacha do chur Acht 1956 nó aon scéim nó rialacháin faoin Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1980 , chun feidhme maidir leis an gcomhlacht ionann is dá mba údarás áitiúil é ach faoi réir aon mhodhnuithe a shonrófar san ordú;

2.  (4)  I gcás foráil a bheith in ordú bunaithe, nó in ordú do leasú ordú bunaithe, do chur Acht 1956 nó aon scéim nó rialacháin faoin Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1980 , chun feidhme maidir le comhlacht a bunaíodh le hordú bunaithe (faoi réir modhnuithe nó gan mhodhnú) agus go dtiocfaidh oifigeach nó seirbhíseach don chomhlacht sin chun bheith ina oifigeach inphinsin nó ina sheirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil de réir brí Acht 1956, déanfar alt 11 (1) nó 34 (1) den Acht sin, cibé acu is iomchuí, a fhorléiriú, ina fheidhm maidir leis, ionann is dá mbeadh foráil ann ag tabhairt teidil dó aon seirbhís (mar oifigeach inphinsin nó mar sheirbhíseach inphinsin don chomhlacht nó eile), ab ináirithe ag an gcomhlacht chun críocha a aoisliúntais a áireamh mar sheirbhís.

Caiteachais, etc.

10. —(1) Déanfar na caiteachais a thabhóidh aon Aire Rialtais ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Déanfar aon íocaíocht a bheidh le híoc ag Aire na Seirbhíse Poiblí de bhun scéim faoi alt 2 den Acht seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(3) I gcás ina n-íocfaidh údarás áitiúil aon phinsean, liúntas, aisce nó cnapshuim a deonaíodh faoi scéim faoi alt 2 den Acht seo nó faoi rialacháin faoi alt 4 den Acht seo arna ndéanamh ag coiste gairmoideachais, íocfar leis an údarás i leith na híocaíochta, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, íocaíocht arna ríomh ar mhodh a shonróidh an tAire tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Oideachais.

Aisghairm.

11. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún a ghabhann leis an Sceideal sin.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

12. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1980 , a ghairm den Acht seo.

(2) (a) Measfar gur tháinig ailt 7 agus 8 den Acht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta, roimh dháta an Achta seo a rith, a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire Sláinte arna ndéanamh le comhthoiliú an Aire.

(b) Measfar gur tháinig ailt 2, 3, 4, 9 agus 10 den Acht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta, roimh dháta an Achta seo a rith, a shocrófar chuige sin le hordú ón Aire.

(c) Tiocfaidh alt 11 den Acht seo i ngníomh cibé lá a shocrófar chuige sin le hordú ón Aire.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Na hAchtacháin dá dTagraítear in Alt 3 (1)

Alt 3(1).

Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

An méid lena mbaineann alt 3 (1)

9 Edw. 7, c. 48.

Asylum Officers' Superannuation Act, 1909.

An tAcht Iomlán.

Uimh. 5 de 1925 .

An tAcht Rialtais Áitiúla, 1925 .

Cuid IV.

Uimh. 19 de 1945

An tAcht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945.

Cuid VIII.

Uimh. 4 de 1948 .

An tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1948 .

An tAcht Iomlán.

Uimh. 10 de 1956 .

An tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 .

An tAcht Iomlán.

Uimh. 7 de 1961 .

An tAcht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961.

Alt 41.

 

AN DARA SCEIDEAL

Na hAchtacháin a Aisghairtear

Alt 11.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

Uimh. 5 de 1925 .

An tAcht Rialtais Áitiúla, 1925 .

Cuid IV.

Uimh. 29 de 1930 .

An tAcht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 .

Alt 25.

Uimh. 8 de 1931 .

An tAcht Talmhaíochta, 1931 .

Alt 19.

Uimh. 4 de 1948 .

An tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1948 .

An tAcht Iomlán.

Uimh. 10 de 1956 .

An tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 .

An tAcht Iomlán.

Uimh. 13 de 1965 .

Acht na bPinsean (Laghdú), 1965 .

Ailt 4 agus 5.

Uimh. 1 de 1970 .

An tAcht Sláinte, 1970 .

Alt 20.

 

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Sláinte, 1970

1970, Uimh. 1

An tAcht Sláinte (Comhlachtaí Corpraithe), 1961

1961, Uimh. 27

An tAcht Léiriúcháin, 1937

1937, Uimh. 38

An tAcht Dlisteanais, 1931

1931, Uimh. 13

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1978

An tAcht um Sheirbhísí Rialtais Áitiúil (Comhlachtaí Corpraithe), 1971

1971, Uimh. 6

An tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956

1956, Uimh. 10

Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1979

Na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1979

Na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1979

Na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leasa Forlíontacha), 1975 agus 1979

Na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1979

Na hAchtanna um Pinsin de Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1979