9 1980


Uimhir 9 de 1980


AN tACHT UM SHÁBHÁILTEACHT I dTIONSCAL, 1980

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE BREISE LE SÁBHÁILTEACHT, SLÁINTE AGUS LEAS DAOINE AG OBAIR A ÁIRITHIÚ, DO LEASÚ AN ACHTA MONAR-CHAN, 1955 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [9 Meitheamh, 1980]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal, tosach feidhme, forléiriú agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh ar dháta an Achta seo a rith, agus tiocfaidh forálacha eile an Achta seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir críche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo.

(3) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.

(4) Féadfar na hAchtanna um Shábháilteacht i dTionscal, 1955 agus 1980, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.

Léiriú.

2. —San Acht seo—

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna um Shábháilteacht i dTionscal, 1955 agus 1980;

ciallaíonn “ceadaithe” ceadaithe de thuras na huaire ag an Aire;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

folaíonn “tácla tógála” clampaí agus gabhálais dá samhail, irisí slabhra, irisí rópa, fáinní, crúcaí, geimhle, sclóinte, bíomaí leata agus frámaí leata;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Saothair;

folaíonn “gléasra” aon fhearas nó trealamh, leictreach nó eile (nó aon chuid de), nó aon inneall nó innealra eile (nó aon chuid de), cibé acu is le cumhacht mheicniúil nó nach ea a thiomáintear é, lena n-áirítear go háirithe crochán, ardaitheoir, tácla tógála, coire gaile nó coire eile, glacadán gaile, glacadán aeir, innealra tiomarnaíochta nó inneall tógála;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Monarchan, 1955 ;

tá le “fógra toirmisc” an bhrí a shanntar dó le halt 11 (2);

tá le “coiste sábháilteachta” an bhrí a shanntar dó le halt 36 (1);

tá le “toscaire sábháilteachta” an bhrí a shanntar dó le halt 36 (4) (b);

ciallaíonn “oifigeach sábháilteachta” duine atá ceaptha de thuras na huaire faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 57 nó 71 den Phríomh-Acht le bheith ina oifigeach sábháilteachta;

tá le “ionadaí sábháilteachta” an bhrí a shanntar dó le halt 35 (1);

ciallaíonn “áitreabh sonraithe”—

(a) áitreabh a thuairiscítear in alt 83 (1) nó 84 (1) den Phríomh-Acht,

(b) áitreabh a gcuirtear na forálacha den Phríomh-Acht a luaitear in alt 85 (1) de i bhfeidhm leis an alt sin ina leith,

(c) duga, caladh, cé nó stóras a luaitear in alt 86 (1) den Phríomh-Acht nó líne nó taobhlach a luaitear san alt sin 86 (1) nó in alt 88 (1) nó 89 (1) den Phríomh-Acht,

(d) duga, cuan nó canáil ina bhfuil long de thuras na huaire atá á luchtú nó á díluchtú nó á gualú nó á gualstóráil ar shli eile,

(e) aon áit ina bhfuil oibríochtaí foirgníochta a thuairiscítear in alt 88 (1) den Phríomh-Acht nó oibreacha innealtóireachta a thuairiscítear in alt 89 (1) den Acht sin á ndéanamh.

Leasú ar an míniú ar “monarcha”.

3. —(1) Forléireofar alt 3 (1) den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht leis ionann is dá gcuirfí na míreanna seo a leanas in ionad mhír (xviii):

“(xviii) aon áitreabh ina maraítear bólacht, caoirigh, éanlaith chlóis nó ainmhithe eile i gcúrsa gnó, le haghaidh pacála nó eile,

 (xix) aon áitreabh ina n-úsáidtear cumhacht mheicniúil nó coirí gaile chun aon torthaí nó glasraí (lena n-áirítear fungais) a ghlanadh, a ghrádú nó a phacáil nó i ndáil leis sin.”.

(2) Más rud é maidir le háitreabh nach monarcha é ar leith ón alt seo—

(a) go mbeidh gléasra á shuiteáil ann chun é a úsáid i mbun oibre san áitreabh agus gur gléasra é de shaghas dá ndéanfaí é a úsáid amhlaidh ansin gur mhonarcha a bheadh san áitreabh sin de bhíthin na húsáide sin, nó

(b) go mbeidh gléasra a úsáideadh amhlaidh san áitreabh (nó a beartaíodh a úsáid i mbun oibre san áitreabh cé nár úsáideadh é san áitreabh) á dhíchóimeáil agus gur mhonarcha an t-áitreabh nuair a bhí sé á úsáid amhlaidh ann go deireanach, nó gurb amhlaidh don ghléasra gur mhonarcha a bheadh san áitreabh sin de bhíthin na húsáide sin dá ndéanfaí é a úsáid i mbun oibre ann,

ansin, chun críocha an Achta seo, measfar, fad a bheidh an gléasra á shuiteáil amhlaidh nó á dhíchóimeáil nó, de réir mar is iomchuí, measfar i gcónaí, gur monarcha an t-áitreabh sin.

Na hAchtanna agus alt 3 den Phríomh-Acht a leasú le hordú.

4. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú aon fhoráil de chuid na nAchtanna a leasú d'fhonn oibleagáidí idirnáisiúnta a chomhlíonadh a chinn an Stát a ghlacadh air féin agus a bhaineann, go heisiatach nó ar shlí eile, le sábháilteacht, sláinte nó leas daoine lena mbaineann forálacha na nAchtanna.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, d'fhonn an míniú ar “monarcha” a leathnú chun críche na nAchtanna, alt 3 den Phríomh-Acht, arna leasú leis an Acht seo, a leasú.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.

(4) I gcás a mbeartóidh an tAire ordú faoin alt seo a dhéanamh, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach díobh sin.

Rialacháin maidir le sábháilteacht agus sláinte.

5. —Leasaítear leis seo alt 71 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 25 den Acht um Fhuinneamh Núicléach (An Bord Fuinnimh Núicléigh), 1971 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Más deimhin leis an Aire dá mbeadh torann nó fuaim eile, truailleán, creathadh nó ní eile i láthair ar fud monarchan nó ar fud coda de mhonarcha go feadh méid ba mhó ná méid nó leibhéal áirithe go mbeadh sin dá bhrí sin ina bhaol díobhála coirp do na daoine atá fostaithe, féadfaidh sé, tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Sláinte, cíbe rialacháin speisialta a dhéanamh a mheasann sé le réasún a bheith praiticiúil agus a dhéanfaidh freastal ar riachtanas an cháis.”.

Doiciméid a sheirbheáil agus a chur ar aghaidh.

6. —Leasaítear leis seo alt 113 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Aon doiciméad (lena n-áirítear aon toghairm nó ordú) a cheanglaítear nó a údaraítear a sheirbheáil nó a chur ar aghaidh faoin Acht seo féadfar é a sheirbheáil ar chomhlacht, nó a chur chuig comhlacht, corpraithe nó neamhchorpraithe—

(a) trína fhágáil in oifig chláraithe (más ann) an chomhlachta nó a chur leis an bpost chun na hoifige sin,

(b) trína fhágáil in aon áit sa Stát ina seolann an comhlacht gnó nó trína chur leis an bpost chun na háite sin, nó

(c) trína chur leis an bpost chuig aon duine is stiúrthóir, bainisteoir nó rúnaí ar an gcomhlacht nó is oifigeach eile dó nó a airbheartaíonn bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin san áit ina gcónaíonn an duine sin nó trína fhágáil san áit sin.”.

Aisghairm.

7. —Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas den Phríomh-Acht:

(a) in alt 2 (1) an míniú ar “gráid”,

(b) fo-ailt (18) agus (19) d'alt 45,

(c) ailt 34 (3), 47 (3), 73 agus 119 (2),

(d) in alt 26 (2) an focal “fireannacha”,

(e) in alt 47 (4) na focail “a dhéanfar tar éis teacht i ngníomh don alt seo”, agus

(f) in alt 86 (3) na focail “mná agus”.

CUID II

Sábháilteacht agus Tionóiscí a Fhógairt

Dualgais daoine a fhostaítear.

8. —Leasaítear leis seo alt 125 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Bainfidh na forálacha seo a leanas le duine atá fostaithe i monarcha nó in aon áit eile lena mbaineann aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna um Shábháilteacht i dTionscal, 1955 agus 1980, eadhon,

(a) glacfaidh sé cúram réasúnach maidir lena shábháilteacht agus lena shláinte féin agus le sábháilteacht agus sláinte aon daoine eile a bhféadfadh a ghníomhartha nó a neamhghníomhartha le linn oibre difear a dhéanamh dóibh,

(b) comhoibreoidh sé lena fhostóir agus le haon duine eile oiread is a chuirfidh ar chumas a fhostóra nó an duine eile aon fhoráil de chuid na nAchtanna sin nó de chuid rialacháin faoi na hAchtanna sin a bhaineann lena fhostóir nó leis an duine eile sin a chomhlíonadh,

(c) ní dhéanfaidh sé go toiliúil cur isteach ar, ná mí-úsáid a bhaint as, aon deis, fearas, áis, trealamh nó ní eile a chuirfear ar fáil de bhun na nAchtanna sin nó de bhun rialacháin fúthu chun sláinte, sábháilteacht nó leas na ndaoine a bheidh fostaithe amhlaidh a áirithiú,

(d) úsáidfidh sé aon éadach, trealamh, fearas nó deis nó ní eile a chuirfear ar fáil amhlaidh (cibé acu is chun a úsáide féin amháin nó chun a úsáide aige féin agus ag daoine eile i gcoitinne é) chun a shláinte, a shábháilteacht nó a leas a áirithiú le linn oibre.”.

Dualgais ghinearálta monaróirí etc. maidir le gléasra lena úsáid i mbun oibre.

9. —(1) Is é dualgas aon duine a mhonaraíonn, a allmhairíonn nó a sholáthraíonn aon ghléasra lena úsáid i mbun oibre i monarcha nó in áitreabh sonraithe nó in obair ar obair í a thuairiscítear in alt 87 (1) den Phríomh-Acht a áirithiú, a mhéid is féidir sin le réasún, go bhfuil coimircí curtha ar fáil i ndáil leis an ngléasra chun a áirithiú go n-oibreoidh sé go sábháilte nuair atá sé á oibriú i gceart.

(2) Ní shroichfidh aon dualgas a fhorchuirtear ar aon duine leis an alt seo ach go dtí nithe a dhéanfar i gcúrsa trádála, gnó nó gnóthas eile a sheolann sé (cibé acu is le haghaidh brabúis é nó nach ea).

(3) Má dhéanann duine (dá ngairtear “an soláthraí” san fho-alt seo) aon ghléasra a thuairiscítear i bhfo-alt (1) den alt seo a sholáthar do dhuine eile (dá ngairtear “an custaiméir” san fho-alt seo), faoi chomhaontú fruilcheannaigh nó chomhaontú díola creidmheasa, agus—

(a) go seolann an soláthraí gnó ag cur airgead ar fáil chun go bhféadfadh daoine eile earraí a fháil trí bhíthin na gcomhaontuithe sin, agus

(b) go bhfuair an soláthraí i gcúrsa an ghnó sin a leas san airceadal a soláthraíodh don chustaiméir mar bhealach chun airgead a chur ar fáil chun go bhféadfadh an custaiméir an t-airceadal a fháil ó thríú duine (dá ngairtear “an déileálaí” san fho-alt seo), measfar, chun críocha an ailt seo gurb é an déileálaí agus nach é an soláthraí a sholáthraigh an t-airceadal don chustaiméir, agus aon dualgas a fhorchuirtear leis an alt seo ar sholáthraithe is ar an déileálaí dá réir sin agus ní ar an soláthraí a thitfidh sé.

(4) Chun críocha an ailt seo ní mheasfar gléasra a bheith á úsáid i gceart i gcás a n-úsáidfear é gan féachaint don fhaisnéis nó don chomhairle iomchuí i ndáil lena úsáid a thug duine a dhear, a mhonaraigh, a d'allmhairigh nó a dhíol nó a sholáthraigh ar dhóigh eile é.

(5) (a) Chun éifeacht a thabhairt d'fho-alt (1) den alt seo féadfaidh an tAire le rialacháin sonraíochtaí nó ceanglais eile a fhorordú ar dá réir a bheidh dearadh agus déanamh aon ghléasra is d'aicme nó de thuairisc fhorordaithe.

(b) I gcás a ndéanfaidh duine gléasra a mhonarú, a allmhairiú nó a sholáthar lena úsáid i mbun oibre a thuairiscítear i bhfo-alt (1) den alt seo ar gléasra é d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe i rialacháin faoin alt seo a mbeidh feidhm acu de thuras na huaire agus nach sásaíonn an gléasra ceanglas de chuid na rialachán, beidh an duine ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £400 a chur air.

(6) I gcás a n-úsáidfear gléasra i mbun oibre i monarcha, in áitreabh sonraithe nó in obair a thuairiscítear in alt 87 (1) den Phríomh-Acht agus go ndéanfaidh cigire iarratas chuige sin, tabharfaidh an t-áititheoir don chigire ainm an duine a dhíol an gléasra nó a sholáthraigh ar dhóigh eile é.

(7) I gcás a ndéanfar iarratas chuig áititheoir de bhun fho-alt (6) den alt seo agus go bhfuil ainm an duine a rinne an gléasra iomchuí a dhíol nó a sholáthar ar dhóigh eile ar eolas ag an áititheoir ar chuige a rinneadh an t-iarratas, ansin má mhainníonn an t-áititheoir sin géilleadh don iarratas beidh sé ciontach i gcion.

(8) Aon duine a dhéanfaidh mar phríomhaí nó mar ghníomhaire, le gníomh nó le neamhghníomh, fo-alt (1) den alt seo a shárú beidh sé ciontach i gcion.

(9) Ní thionscnófar imeachtaí faoin alt seo agus faoi alt 109 den Phríomh-Acht i ndáil leis an ngníomh nó leis an neamhghníomh céanna.

Cumhacht an Aire a cheangal innealra a scrúdú agus a thástáil agus tuarascálacha áirithe a iarraidh.

10. —(1) Má tharlaíonn tionóisc nó cor contúirteach i monarcha nó in áitreabh sonraithe agus gur deimhin leis an Aire go mb'fhéidir gur mar gheall ar aon ghléasra a tharla an tionóisc nó an cor (go hiomlán nó go páirteach), ansin más dóigh leis an Aire gur gá é chun an tionóisc nó an cor a imscrúdú i gceart, ceanglóidh sé le fógra i scríbhinn ar an áititheoir, nó ar úinéir an ghléasra lena mbaineann,

(a) an gléasra sin, nó i gcás a gcreidfear gur mar gheall ar pháirt den ghléasra a tharla an tionóisc nó an cor, an pháirt sin, a chur á scrúdú agus á thástáil láithreach ag duine inniúil, agus

(b) tuarascáil ar thorthaí an scrúdaithe agus na tástála a chur á seachadadh don áititheoir nó don úinéir sin, cibé acu is iomchuí, ag an duine a rinne an scrúdú agus an tástáil a luaithe is féidir agus in aon chás tráth nach déanaí ná ocht lá is fiche tar éis an scrúdú agus an tástáil a chríochnú, agus

(c) cóip den tuarascáil sin a thabhairt don Aire laistigh de sheacht lá tar éis í a fháil de bhun mhír (b) den fho-alt seo.

(2) Beidh sonraí i dtaobh na nithe seo a leanas i dtuarascáil a éileofar faoi fho-alt (1) den alt seo—

(a) an modh ina ndearnadh an scrúdú iomchuí,

(b) an modh a úsáideadh nuair a bhí aon tástálacha á ndéanamh,

(c) aon laige nó fabht déanmhais nó eile is dóigh leis an duine ag déanamh an scrúdaithe a dhéanfadh difear faoi dheoidh do neart an ghléasra a scrúdaíodh nó a bheadh ina thrúig le haon loiceadh ar an ngléasra sin, agus

(d) cibé ábhar eile a shonróidh an tAire nuair a bheidh an ceanglas á dhéanamh aige.

(3) Mura mbeidh an tAire sásta i dtaobh, leorfhiúntas tuarascála faoin alt seo, nó i dtaobh inniúlacht duine a fostaíodh le scrúdú agus tástáil dá dtagraítear san alt seo a dhéanamh nó i dtaobh leorfhiúntas an scrúdaithe agus na tástála sin, féadfaidh sé a cheangal ar úinéir an ghléasra lena mbaineann go ndéanfadh duine arna ainmniú ag an Aire é a athscrúdú agus a thástáil ar chostas an úinéara sin, agus i gcás a ndéanfaidh an tAire ceanglas faoin bhfo-alt seo tabharfaidh an t-úinéir sin aon saoráidí is gá le haghaidh an athscrúdaithe agus na tástála sin.

(4) Aon duine nach gcomhlíonfaidh ceanglas de chuid fógra a seirbheáladh air faoi fho-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(5) In aon imeachtaí maidir le cion faoin alt seo is cosaint mhaith don chúisí a chruthú gur chaith sé gach dúthracht chuí chun ceanglais an fhógra iomchuí a chomhlíonadh.

ógraí toirmisc.

11. —(1) Baineann an t-alt seo le haon ghníomhaíochtaí atá á ndéanamh nó ar tí a ndéanta ag aon duine nó faoi rialú aon duine ar gníomhaíochtaí iad a mbaineann, nó a mbainfidh má bhíonn na gníomhaíochtaí á ndéanamh amhlaidh, aon fhoráil de chuid na nAchtanna nó de chuid rialacháin faoi na hAchtanna leo nó i ndáil leo.

(2) Más rud é maidir le haon ghníomhaíochtaí lena mbaineann an t-alt seo gurb é tuairim an Aire i leith na ngníomhaíochtaí atá á ndéanamh nó ar tí a ndéanta ag an duine atá i gceist nó faoina rialú, go ngabhann nó, de réir mar a bheidh, gur dóigh go ngabhfaidh, baol mórdhíobhála coirp do dhaoine atá fostaithe, féadfaidh an tAire fógra (dá ngairtear “fógra toirmisc” san Acht seo) a sheirbheáil ar an duine sin.

(3) Maidir le fógra toirmisc—

(a) déarfar ann gurb é sin tuairim an Aire,

(b) sonrófar ann na hábhair arb é a thuairim gurb iad is cúis nó de réir mar a bheidh, gur dóigh gurb iad is cúis, leis an mbaol sin,

(c) i gcás arb é a thuairim go ngabhann nó, de réir mar a bheidh, go ngabhfaidh, sárú ar aon fhoráil de chuid na nAchtanna nó de chuid aon rialacháin faoi na hAchtanna, le haon cheann de na hábhair sin, déarfar ann gurb é sin a thuairim, sonrófar ann an fhoráil nó na forálacha ar ina leith atá an tuairim sin aige, agus tabharfar ann sonraí na gcúiseanna go bhfuil an tuairim sin aige, agus

(d) ordófar ann nach mbeidh na gníomhaíochtaí lena mbaineann an fógra á ndéanamh ag an duine ná faoi rialú an duine ar a bhfuil an fógra á sheirbheáil ná ag aon duine eile ná faoi rialú aon duine eile mura mbeidh na hábhair a bheidh sonraithe san fhógra de bhun mhír (b) den fho-alt seo, agus aon sárú comhghabhálach ar fhorálacha a bheidh sonraithe amhlaidh de bhun mhír (c) den fho-alt seo, leigheasta.

(4) Glacfaidh fógra toirmisc éifeacht—

(a) i gcás arb é tuairim an Aire, agus go ndéarfaidh sé sin san fhógra, go bhfuil nó, de réir mar a bheidh, go mbeidh, an baol mórdhíobhála coirp do dhaoine atá fostaithe ag bagairt in achomaireacht, a luaithe a gheobhaidh an duine ar a seirbheálfar é an fógra,

(b) in aon chás eile—

(i)  mura ndéanfar aon achomharc in aghaidh an fhógra, nuair a bheidh deireadh leis an tréimhse ina bhféadfar achomharc den sórt sin a dhéanamh nó an lá a mbeidh sé sonraithe san fhógra gurb é an lá é a thiocfaidh sé in éifeacht, cibé lá díobh is déanaí, nó

(ii) i gcás a ndéanfar achomharc den sórt sin, an lá díreach tar éis an lae ar a ndaingneofar an fógra ar achomharc nó a dtarraingeofar siar an t-achomharc nó an lá a mbeidh sé sonraithe san fhógra gurb é an lá é a thiocfaidh sé in éifeacht, cibé lá díobh is déanaí.

(5)  (a) Duine arb éagóir leis fógra toirmisc féadfaidh sé, laistigh den tréimhse seacht lá dar tosach an lá ar a seirbheálfar an fógra air, achomharc a dhéanamh chuig Breitheamh den Chúirt Dúiche in aghaidh an fhógra agus féadfaidh an Breitheamh, le linn dó an t-achomharc a chinneadh—

(i) más deimhin leis gur réasúnach in imthosca an cháis sin a dhéanamh, an fógra a dhaingniú, modhnaithe nó gan mhodhnú, nó

(ii) an fógra a chealú.

(b) Más rud é ar achomharc faoin alt seo a éisteacht go ndaingneofar fógra toirmisc, ansin d'ainneoin fho-alt (4) den alt seo, féadfaidh an Breitheamh a mbeidh an t-achomharc á éisteacht aige, ar iarratas ón achomharcóir, oibriú an fhógra a fhionraí ar feadh cibé tréimhse a mheasfaidh sé is iomchuí in imthosca an cháis.

(6) Féadfaidh an tAire fógra toirmisc a chúlghairm.

(7) Beidh fógra toirmisc sínithe ag oifigeach don Aire a bheidh údaraithe de thuras na huaire i scríbhinn ag an Aire fógraí den sórt sin a shíniú.

(8)  (a) I gcás ar seirbheáladh fógra toirmisc agus gníomhaíochtaí a bheith ar siúl contrártha don fhógra, féadfaidh an Ard-Chúirt ar iarratas ón Aire a thoirmeasc le hordú go leanfaí de na gníomhaíochtaí sin.

(b) Is le foriarratas a dhéanfar iarratas chun na hArd-Chúirte ag lorg ordú faoin bhfo-alt seo agus féadfaidh an Chúirt le linn di an t-ábhar a bhreithniú cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach (más ann) a dhéanamh is iomchuí léi. Féadfaidh cibé téarmaí agus coinníollacha (más ann) maidir le costais a íoc is iomchuí leis an gCúirt a bheith san ordú lena gcinnfear iarratas faoin bhfo-alt seo.

(9) Aon duine a mbeidh gníomhaíochtaí ar siúl aige contrártha d'fhógra toirmisc beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £200 a chur air.

Áit fhostaíochta agus na bealaí isteach agus amach a bheith sábháilte.

12. —(1) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 37 den Phríomh-Acht:

“(1) Gach áit a mbeidh ar aon duine oibriú ann tráth ar bith cuirfear agus coimeádfar i riocht sábháilte é agus, ina theannta sin, soláthrófar agus coimeádfar, a mhéid is féidir le réasún, bealaí sábháilte isteach ann agus amach as.”.

(2) Forléireofar alt 37 (2) den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt do dhá mhéadar (6.56 troigh) an tagairt atá ann do dheich dtroithe.

(3) D'ainneoin aon ní atá sa Phríomh-Acht, ní dhéanfar imeachtaí maidir le cion faoi alt 37 den Acht sin, arna leasú leis an alt seo, a thionscnamh laistigh den tréimhse dhá bhliain dar tosach dáta thosach feidhme an ailt seo.

Torann.

13. —(1) Déanfaidh áititheoir monarchan nó áitribh shonraithe, i ndáil le torann sa mhonarcha nó san áitreabh eile, cibé bearta (más ann) is iomchuí trí leibhéil fhuaime a laghdú nó eile chun a áirithiú, maidir le torann sa mhonarcha nó san áitreabh eile, nó in aon chuid den chéanna, gur de chineál é nach dóigh dó díobháil a dhéanamh d'éisteacht daoine atá fostaithe ná dul chun dochair dá sláinte ar aon slí eile.

(2) I gcás ar deimhin leis an Aire, dá mba mhó an torann a mbeadh aon daoine atá fostaithe i monarcha nó in áitreabh sonraithe faoina lé ná leibhéal áirithe in imthosca áirithe, go mbeadh baol díobhála coirp ann do na daoine sin nó dá leanfadh torann den sórt sin níos faide ná tréimhse áirithe go mbeadh baol den sórt sin ann, nó go mbeadh torann den sórt sin ina chúis, in imthosca áirithe eile, le baol den sórt sin tarlú, féadfaidh sé, tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Sláinte, rialacháin a dhéanamh á cheangal ar áititheoirí a áirithiú, sna himthosca sin, nach rachaidh an torann i monarchana nó in áitribh shonraithe thar an leibhéal sin nó nach mbeidh na daoine sin i monarchana nó in áitribh shonraithe faoi lé torainn is mó ná an leibhéal sin.

Teocht.

14. —Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 12 den Phríomh-Acht:

“(1) Déanfar agus úsáidfear socrú éifeachtúil chun go mbeidh, agus chun go gcothabhálfar, teocht réasúnach i ngach seomra oibre, ach ní úsáidfear aon mhodh a thabharfaidh go n-éalóidh isteach in aer aon seomra oibre an oiread sin agus an saghas sin múiche gur dócha go ndéanfadh sí díobháil do dhaoine a fhostaítear ann nó go mba chol leo í nó gur dócha go mba chontúirt dóiteáin í.”.

Cóiríocht chun béilí a chaitheamh, etc.

15. —(1) Má bhíonn níos mó ná cúigear fostaithe in aon áitreabh lena mbaineann an t-alt seo, cuirfear cóiríocht ar fáil chun uisce a bhruith agus béilí a chaitheamh agus is cóiríocht leormhaith oiriúnach a bheidh sa chóiríocht sin.

(2) Baineann an t-alt seo le háitreabh arb éard é—

(a) monarcha, nó

(b) áitreabh a thuairiscítear in alt 83 (1) nó 84 (1) den Phríomh-Acht, nó

(c) áitreabh an gcuirtear na forálacha den Phríomh-Acht a luaitear in alt 85 (1) de i bhfeidhm leis an alt sin ina leith, nó

(d) duga, caladh, cé nó stóras a luaitear in alt 86 (1) den Phríomh-Acht.

(3) I gcás a bhfuil dhá cheann nó níos mó de mhonarchana nó d'áitribh d'aicme nó de thuairisc a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo—

(a) suite ar an dáileacht chéanna talún nó ar dháileachtaí talún atá ag síneadh le chéile, agus

(b) á n-áitiú ag an áititheoir céanna, agus

(c) á n-úsáid don ghnó céanna nó i ndáil leis an ngnó céanna,

measfar, chun críocha an ailt seo, gur aon mhonarcha amháin na monarchana, na háitribh, an mhonarcha agus an t-áitreabh nó na monarchana agus na háitribh, de réir mar a bheidh.

Saoráidí níocháin.

16. —Ar na saoráidí le haghaidh níocháin a luaitear in alt 53 (1) den Phríomh-Acht beidh soláthar d'uisce te agus d'uisce fuar nó soláthar d'uisce alabhog, agus forléireofar an t-alt sin 53 (1) agus beidh éifeacht leis de réir a bhfuil ráite anseo roimhe seo.

Oiliúint agus maoirsiú daoine a bhíonn ag obair ag innill.

17. —Leasaítear leis seo an Phríomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 32:

“32.—(1) Ní oibreoidh duine, ná ní iarrfar air oibriú, ar aon inneall nó aige nó leis mura rud é go bhfuair sé lánteagasc ar na contúirtí (más ann) a bhaineann leis agus ar an gcúram nach foláir a ghlacadh, agus—

(a) go bhfuair sé leor-oiliúint ar obair ag an inneall, nó

(b) go bhfuil sé faoi leor-mhaoirseacht ag duine a bhfuil cleachtadh agus eolas barrainneach aige ar an inneall.

(2) (a) San alt seo folaíonn ‘inneall’ aon choire gaile, glacadán gaile nó glacadán aeir nó aon inneall tógála a thiomáintear le cumhacht mheicniúil.

(b) Déanfar aon tagairt san alt seo d'obair ar inneall, nó aige nó leis a fhorléiriú—

(i) i gcás coire gaile mar thagairt a fholaíonn tagairt d'obair i ndáil le gail a ghiniúint ón gcoire sin,

(ii) i gcás glacadáin ghaile, mar thagairt a fholaíonn tagairt d'obair in ndáil le húsáid gaile sa ghlacadán sin,

(iii) i gcás glacadáin aeir, mar thagairt a fholaíonn tagairt d'obair i ndáil le húsáid aeir chomhfháiscthe sa ghlacadán sin, agus

(iv) i gcás innill tógála den sórt sin, mar thagairt a fholaíonn tagairt do thiomáint agus d'oibriú an innill.”.

Glanadh innealra.

18. —Cuirtear, leis seo, an t-alt seo a leanas in ionad alt 31 den Phríomh-Acht:

“31.—(1) Ní ghlanfaidh ógánach aon pháirt de phríomhghluaisneoir ná d'aon innealra tiomarnaíochta le linn an príomh-ghluaisneoir nó an t-innealra tiomarnaíochta a bheith ag gluaiseacht ná ní cheanglófar air í a ghlanadh, ná ní ghlanfaidh sé aon pháirt d'aon choire gaile, glacadán gaile, glacadán aeir, inneall tógála, ná aon inneall eile, ná ní cheanglófar air í a ghlanadh, dá gcuirfeadh an glanadh sin an t-ógánach i mbaol go ndéanfadh aon pháirt ghluaisteach den inneall sin nó d'aon innealra ina aice díobháil dó.

(2) (a) I dteannta cheanglais fho-alt (1) den alt seo, ní ghlanfaidh duine coire gaile, glacadán gaile, glacadán aeir, inneall tógála, nó inneall eile, ná ní cheanglófar air an céanna a ghlanadh, mura mbeidh córas sábháilte oibre i ngníomh maidir leis an inneall agus go mbeidh an córas sin curtha i bhfios dó roimh ré. Beidh an córas sábháilteachta dá dtagraítear de chineál, más féidir—

(i) go ndéanfaidh an duine atá leis an inneall a ghlanadh, nó go ndéanfar i gcomhfhios dó, sula dtosóidh sé ag glanadh an innill, an chumhacht is gá chun an t-inneall a thiomáint a leithlisiú trí chumhacht an innill a scoitheadh nó tríd an gcumhacht sin a choinneáil ón inneall ar dhóigh eile, agus

(ii) nach féidir le haon duine an soláthar den chumhacht sin a thabhairt ar ais don inneall ach amháin an duine sin, nó duine éigin eile, is duine a bheidh ainmnithe de thuras na huaire chun críocha an ailt seo ag an áititheoir, i gcomhfhios don duine, agus le toiliú ón duine, atá leis an inneall a ghlanadh nó atá á ghlanadh nó tar éis don duine eile sin cibé bearta a dhéanamh is iomchuí lena chinntiú go bhfuil sé sábháilte an soláthar sin a thabhairt ar ais.

(b) I gcás nach féidir socrú a dhéanamh chun an chumhacht is gá chun inneall a thiomáint a leithlisiú mar a dúradh, beidh forálacha sa chóras sábháilte oibre dá dtagraítear chun a áirithiú—

(i) i gcás an t-inneall a bheith ag gluaiseacht díreach sula dtosófar ag glanadh an innill, nach féidir don inneall fanacht ag gluaiseacht gan fios agus gan toiliú an duine atá ar tí an t-inneall a ghlanadh,

(ii) i gcás inneall a bheith á ghlanadh agus gan é bheith ag gluaiseacht, nach féidir le haon duine an t-inneall a chur ag gluaiseacht ach amháin an duine a bheidh ag glanadh an innill, nó duine éigin eile, is duine a bheidh ainmnithe de thuras na huaire chun críocha an ailt seo ag an áititheoir, i gcomhfhios don duine, agus le toiliú an duine, a bheidh ag glanadh an innill nó tar éis don duine eile sin cibé bearta a dhéanamh is iomchuí chun a áirithiú go bhfuil sé sábháilte an t-inneall a chur ag gluaiseacht.

(3) San alt seo agus in alt 32 den Acht seo (a cuireadh isteach le halt 17 den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 ) tá le ‘inneall tógála’ an bhrí a shanntar dó le halt 35 (10) den Acht seo (a cuireadh isteach le halt 28 den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 ).”.

Cosaint na súl.

19. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 60:

“60.—I gcás aon phróis de shaghas a bheidh sonraithe i rialacháin a dhéanfaidh an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, ar próis í lena ngabhann baol ar leith go ndéanfadh sí díobháil do na súile, déanfar, de réir aon treoracha sna rialacháin, sciath-spéaclaí oiriúnacha nó forscáthanna éifeachtúla nó deiseanna oiriúnacha eile a chur ar fáil chun súile na ndaoine a fhostaítear a chosaint.”.

Deannach agus múchanna a thabhairt chun siúil.

20. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 58 den Phríomh-Acht—

(a) trí “nó a oibríonn san áitreabh” a chur isteach roimh “nó go mba chol leo é,” agus

(b) trí “chun na daoine sin” a chur in ionad “chun na daoine a fostaítear”,

agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

I ngach monarcha ina mbeidh á chur amach, i ndáil le haon phróis a bheas ar siúl, an oiread sin agus an saghas sin deannaigh nó múiche nó eisíonachta de shórt eile gur dócha go ndéanfadh sé díobháil do na daoine a fostaítear nó a oibríonn san áitreabh nó go mba chol leo é, nó aon mhéid mór deannaigh d'aon chineál, déanfar gach beart is féidir chun na daoine sin a chosaint ar an deannach nó an múch nó an eisíonacht eile a análú isteach agus chun é a chosc ó charnadh in aon tseomra oibre, agus go háirithe, más próis í inar féidir sin, déanfar scéidh-fhearais a chur ar fáil agus a chothabháil chomh comhgarach agus is féidir do láthair tuismithe an deannaigh, na múiche nó na heisíonachta eile, ionas nach ligfear san aer é in aon tseomra oibre.

Aireachas in áiteanna ina mbeadh múchanna contúirteacha.

21. —Déantar leis seo na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2) d'alt 38 den Phríomh-Acht:

“(1) Nuair a bheidh obair le déanamh istigh in aon seomra, dabhach, stanna, poll, píopa, múchán nó spás comhdhúnta dá samhail nó aon áit eile a bhféadfadh oiread sin múchanna contúirteacha a bheith ann gur bhaolach go gcloífidís duine, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, eadhon—

(a) mura bhfuil leor-shlí eile amach as an spás comhdhúnta nó as an áit eile, cuirfear dúnpholl ann, a fhéadfaidh a bheith dronuilleogach, ubhchrothach nó ciorclach ina chrot agus nach mbeidh níos lú ná 457.2 milliméadar (18 orlach) ar fhad, 406.4 milliméadar (16 orlach) ar leithead nó (más ciorclach dó) níos lú ná 457.2 milliméadar (18 orlach) ar trastomhas, nó i gcás dabhachvaigíní agus gléasra gluaisteach eile níos lú ná 406.4 milliméadar (16 orlach) ar fhad, 355.6 milliméadar (14 orlach) ar leithead nó (más ciorclach dó) níos lú ná 406.4 milliméadar (16 orlach) ar trastomhas,

(b) ní rachaidh aon duine isteach, ná ní cheadófar dó dul isteach, sa spás comhdhúnta nó san áit eile chun críche ar bith mura gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(i) déanfar gach beart is féidir chun aon mhúchanna a bheidh ann a bhaint as agus chun aon mhúchanna a chosc ó dhul isteach ann agus, murar cinntíodh trí thástáil oiriúnach go bhfuil an spás nó an áit eile glan ó mhúchanna contúirteacha, beidh á chaitheamh ag an duine a rachaidh isteach ann crios nó úim oiriúnach eile a mbeidh rópa i gceangal daingean leis agus a mbeidh duine lasmuigh ag coinneáil greim ar an gceann scortha de, nó

(ii) beidh gaireas análaithe oiriúnach á chaitheamh ag an duine a rachaidh isteach ann,

(c) cuirfear ar fáil agus cothabhálfar, i dtreo go mbeidh teacht orthu go héasca, gaireas análaithe oiriúnach agus gaireas athbheochana oiriúnach agus criosanna oiriúnacha nó úim oiriúnach eile agus rópaí oiriúnacha, agus scrúdóidh duine inniúil iad go barrainneach uair amháin ar a laghad sa mhí, nó i gceann cibé tráthanna eile a fhorordófar,

(d) i gcás a rachaidh duine isteach sa spás comhdhúnta nó san áit eile, cuirfear ar fáil agus cothabhálfar deis oiriúnach chun rabhadh a thabhairt dá dtarlódh don duine bheith san fhaopach agus é laistigh den spás comhdhúnta nó den áit eile,

(e) tabharfar oiliúint agus cleachtadh ar úsáid ghairis den sórt sin, agus ar athmhúscailt anála, do leor-líon de na daoine a fhostaítear (lena n-áirítear go háirithe aon duine a cuireadh ar fáil chun greim a choinneáil ar an gceann scortha dá dtagraítear i mír (b) (i) den fho-alt seo nó chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais mhír (d) den fho-alt seo).

(f) coimeádfar ar fáil chun a hiniúchta tuarascáil ar gach scrúdú faoi mhír (c) den fho-alt seo, arna síniú ag an duine a rinne an scrúdú.

(2) Gan dochar d'fho-alt (1) den alt seo, ní rachaidh duine isteach, ná ní fhanfaidh sé istigh, chun críche ar bith, in aon seomra, dabhach, stanna, poll, píopa, múchán nó spás comhdhúnta dá samhail, ná in aon áit eile a bhféadfadh oiread sin múchanna contúirteacha a bheith ann is a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo mura rud é—

(a) gur deimhin dó a dhóthain aeir a bheith aige chun análaithe agus chun aon mhúchanna a dhéanamh neamhdhíobhálach, nó

(b) go bhfuil gaireas análaithe oiriúnach á chaitheamh aige.”.

Deis éalaithe i gcás dóiteáin; deis chun rabhadh dóiteáin a thabhairt le scrúdú agus le tástáil.

22. —(1) Beidh éifeacht le halt 45 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 7 den Acht seo, i ndáil le haon mhonarcha agus, dá réir sin, forléireofar an t-alt sin ionann is dá scriosfaí “lena mbaineann an t-alt seo” gach áit a bhfuil sé.

(2) Déantar leis seo alt 45 den Phríomh-Acht a leasú tuilleadh—

(a) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le fo-alt (1):

“Ar choinníoll, i gcás a ndearnadh iarratas ar dheimhniú faoin alt seo, ansin fad a bheidh an deimhniú gan tabhairt nó gan diúltú nó fad nach measfar faoi fho-alt (3A) den alt seo gur diúltaíodh é a thabhairt, agus an fad sin amháin, go measfar nach ndearnadh cion toisc gan aon deimhniú a bheith i bhfeidhm ag an áititheoir.”;

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) I gcás a ndéanfar iarratas chun údaráis sláintíochta ar dheimhniú faoin alt seo agus go gcinnfidh an t-údarás gan an deimhniú a dheonú ach ar an gcoinníoll go ndéanfaidh an t-iarratasóir athruithe áirithe ar an monarcha lena mbaineann, cuirfidh an t-údarás an cinneadh in iúl i scríbhinn don iarratasóir agus don Aire agus sonróidh siad i scríbhinn na hathruithe a theastaíonn uathu a dhéanfaí agus an tréimhse ar laistigh di a theastaíonn uathu go ndéanfaí na hathruithe sin, agus i gcás sin a bheith curtha in iúl amhlaidh don iarratasóir agus nach ndéanfar na hathruithe sin laistigh den tréimhse sin, nó de cibé tréimhse bhreise a cheadóidh an t-údarás, ansin ar an tréimhse sin nó an tréimhse bhreise sin, de réir mar is iomchuí, do dhul in éag, measfar gur diúltaíodh an t-iarratas.

(3B) Nuair a bheidh monarcha á scrúdú faoin alt seo beidh údarás sláintíochta i dteideal a cheangal ar áititheoir na monarchan cóip d'aon phlean, nó líníocht nó léaráid thoiseach shimplí, den mhonarcha, nó doiciméad eile den tsamhail sin a chur ar fáil don údarás, agus i gcás a ndéanfar ceanglas faoin alt seo, déanfaidh an duine ar ar cuireadh an ceanglas é a chomhlíonadh láithreach.”.

(3) Déantar leis seo an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) d'alt 47 den Phríomh-Acht:

“(2) Ach amháin i gcás doirse sleamhnáin, is ar chuma go n-osclóidh siad amach a dhéanfar aon doirse chun aon staighre nó dorchla i monarcha ó aon seomra inti, ar seomra é ina bhfostaítear breis agus deichniúr, agus gach doras eile a thugann slí amach ón monarcha do dhaoine a fhostaítear inti.”.

(4)  (a) Déanfaidh duine inniúil gach deis a sholáthrófar de bhun alt 47 (7) den Phríomh-Acht chun rabhadh a thabhairt i gcás dóiteáin a scrúdú agus a thástáil go barrainneach uair amháin ar a laghad i ngach tréimhse sé mhí nó i ngach tréimhse is giorra ná sin a bheidh forordaithe chun críche an ailt seo agus, ina theannta sin, tráth ar bith a cheanglóidh cigire é sin a dhéanamh.

(b) Cuirfear taifead sa chlár ginearálta maidir leis an dáta a ndearnadh gach tástáil nó scrúdú de bhun an fho-ailt seo agus maidir le haon fhabht a aimsíodh agus dáta agus sonraí aon ní a rinneadh chun an fabht sin a leigheas.

(c) Féadfaidh an tAire le rialacháin an modh a fhorordú ina ndéanfar scrúduithe agus tástálacha faoin bhfo-alt seo.

Druil dóiteáin.

23. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 48 den Phríomh-Acht:

“48.—(1) Déanfar bearta éifeachtúla chun a chinntiú go mbeidh na daoine go léir a fhostaítear i monarcha fíor-eolach ar an tslí éalaithe i gcás dóiteáin agus ar a húsáid agus ar an ngnáthamh is inleanta i gcás dóiteáin.

(2) Cuirfear druil dóiteáin, is é sin le rá an nós imeachta a leanfar chun imeacht as áitreabh má tharlaíonn dóiteán nó éigeandáil eile, ar siúl i ngach monarcha—

(a) i gcás fógra faoin alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire i ndáil leis an monarcha, de réir an fhógra,

(b) in aon chás eile, i gceann gach sé mhí ar a laghad,

agus ina theannta sin thuas, déanfar druil dóiteáin a bheidh ar siúl de bhun an ailt seo, i ndáil le monarcha nach bhfuil an modh a bhfuil sé le déanamh sonraithe ina leith de thuras na huaire i bhfógra den sórt sin, a chur ar siúl ar fud na monarchan an tráth céanna.

(3) (a) Féadfaidh an tAire le fógra i scríbhinn a sheirbheálfar ar áititheoir monarchan a cheangal go gcuirfear druil dóiteáin, is é sin le rá an nós imeachta dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, ar siúl sa mhonarcha i gceann cibé tréimhsí agus i cibé imthosca nó ar cibé modh a shonrófar san fhógra.

(b) Fanfaidh fógra faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm go dtí go dtarraingeoidh an tAire siar é le fógra eile i scríbhinn a sheirbheálfar ar an áititheoir lena mbaineann.

(4) Coimeádfar taifead ina mbeidh ná sonraithe forordaithe maidir le druil dóiteáin a cuireadh ar siúl de bhun an ailt seo agus cuirfear an taifead sin i gceangal leis an gclár ginearálta.”.

Dugaí, calaí, céanna agus stórais.

24. —(1) Bainfidh alt 32 (a cuireadh isteach le halt 17 den Acht seo), alt 45 agus alt 58 (arna leasú le halt 20 den Acht seo) den Phríomh-Acht le gach duga, caladh nó cé (lena n-áirítear aon stóras is le húinéirí, iontaobhaithe nó coimeádaithe an duga, an chalaidh nó na cé agus aon líne nó taobhlach a úsáidtear i ndáil leis an duga, an caladh nó na cé nó chun críocha an chéanna agus nach cuid d'iarnród nó de thrambhealach) agus gach stóras eile (nach cuid de mhonarcha) a n-úsáidtear cumhacht mheicniúil ann nó chun a chríocha ionann is dá mba mhonarcha é, nó, fad a bheidh tosach feidhme alt 7 (b) den Acht seo ar feitheamh, monarcha lena mbaineann an t-alt sin 45, de réir mar is iomchuí, agus ionann is dá mba áititheoir monarchan an duine atá iarbhír á úsáid nó á áitiú nó atá iarbhír ag úsaid nó ag áitiú aon áitribh laistigh de nó is cuid de.

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 86 den Phríomh-Acht trí “daoine a bhíos ag obair ag innill” a chur in ionad “ógánach a bhíos ag obair ag innill chontúirteacha”, agus tá an fo-alt sin (3), arna leasú leis an bhfo-alt seo agus le halt 7 den Acht seo, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

Beidh feidhm maidir le gach stóras a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo ag na forála de Chuid III den Acht seo a bhaineas le príomh-ghluaisneoirí, inneallra tiomarnaíochta, inneallra eile, inneallra neamhfhálaithe, déanamh agus cothabháil fálta, déanamh inneallra, glanadh inneallra ag ógánaigh, oiliúint agus maoirseacht daoine a bhíos ag obair ag innill, ardaitheoirí, slabhraí, rópaí agus tácla tógála, crainn tógála agus innill tógála eile, déanamh agus cothabháil urlár, pasáistí agus staighrí, agus cumhacht na Cúirte Dúiche chun orduithe a dhéanamh maidir le monarchana contúirteacha, amhail is dá mba mhonarcha an stóras agus go mba áititheoir monarchan an duine atá iarbhír á úsáid nó á áitiú.

Déanamh urlár, pasáistí agus staighrí agus a gcothabháil.

25. —Leasaítear leis seo alt 36 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Beidh déanamh fónta ar gach urlár, céim, staighre, pasáiste agus coisbhealach agus cothabhálfar i gceart iad agus coimeádfar saor iad, a mhéid is féidir, ó aon substaint ar dóigh di, dá mbeadh sí i láthair, bheith ina cúis le daoine sleamhnú.”;

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis an alt:

“(5) Amhail ar agus ó dheireadh na tréimhse trí bliana dar tosach dáta thosach feidhme alt 25 den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 , déanfar an lód oibre atá sábháilte d'aon urlár crochta i monarcha a thaispeáint ar fhógra a chuirfear agus a choimeádfar in airde san áit a bhfúil an t-urlár sin agus sin in ionad ina bhféadfar é a léamh go héasca.”.

Báisteach etc. a choinneáil amach as seomraí oibre etc.

26. —(1) Déanfar agus cothabhálfar gach seomra oibre, seomra níocháin agus áis sláintíochta a chuirfear ar fáil faoi alt 17 den Phríomh-Acht agus aon chóiríocht a chuirfear ar fáil de bhun alt 15 den Acht seo nó alt 54 den Phríomh-Acht in aon áitreabh lena mbaineann an t-alt seo ionas go gcoinneofar an bháisteach agus aon fhliuchras nó taisleach ón taobh amuigh amach as.

(2) Más rud é in aon áitreabh lena mbaineann an t-alt seo go mbeidh díon nó buanchlúdach eile ar áit oibre nach bhfuil crioslaithe le balla ná faoi iamh ar aon slí eile, beidh an díon nó an clúdach sin díonach ar uisce agus beidh dóthain fairsinge ann chun a áirithiú gur dalaí tirime oibre a bheidh san áit oibre.

(3) Baineann an t-alt seo le haon áitreabh—

(a) is monarcha, nó

(b) is áitreabh dá dtagraítear i mír (b) nó (c) d'alt 15 (2) den Acht seo, nó

(c) is duga, caladh, cé nó stóras a luaitear in alt 86 (1) den Phríomh-Acht.

Múchtóirí dóiteáin, etc.

27. —(1) Cuirfear ar fáil agus cothabhálfar go cuí—

(a) i ngach monarcha nó áitreabh sonraithe,

(b) i ngach áit ina bhfuil obair, ar obair í a thuairiscítear in alt 87 (1) den Phríomh-Acht, ar siúl,

múchtóirí dóiteáin, nó trealamh eile do chomhrac dóiteáin, a bheidh oiriúnach leordhóthanach chun ráig dóiteáin a chomhrac ar an gcéad ásc, agus déanfar trealamh a sholáthrófar de bhun an ailt seo a shuíomh sa dóigh go mbeidh sé ar fáil go héasca lena úsáid.

(2) Faoi réir fho-alt (4) (a) den alt seo, féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a) á cheangal trealamh forordaithe a bheith ar fáil i monarchana agus in áitribh shonraithe i gcoitinne nó i monarchana agus in áitribh shonraithe d'aicme nó de thuairisc fhorordaithe nó i gcodanna sonraithe de mhonarchana agus d'áitribh shonraithe i gcoitinne nó de mhonarchana agus d'áitribh shonraithe den aicme nó den tuairisc sin, nó in áiteanna a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, chun ráigeanna dóiteáin a chomhrac ar an gcéad ásc,

(b) á fhoráil go ndéanfar trealamh chun dóiteán a chomhrac a bheidh ar fáil de bhun an ailt seo nó de bhun rialacháin faoin alt seo a scrúdú agus a thástáil i gceann tréimhsí forordaithe,

(c) á fhoráil go dtaifeadfar ar mhodh forordaithe sonraí na scrúdaithe agus na dtástálacha sin, lena n-áirítear sonraí i dtaobh aon fhabhtanna a aimsíodh in aon scrúdú nó tástáil den sórt sin, agus

(d) á fhoráil go dtaifeadfar amhlaidh sonraí i dtaobh na nithe a rinneadh chun an fabht sin a leigheas,

agus féadfaidh forálacha rialachán faoin bhfo-alt seo gur forálacha iad i dteannta nó in ionad aon cheann nó gach ceann d'fhorálacha fho-alt (1) den alt seo.

(3) Faoi réir fho-alt (4) (a) den alt seo, féadfaidh an tAire, maidir le monarchana agus áitribh shonraithe i gcoitinne nó monarchana agus áitribh shonraithe d'aicme nó de thuairisc fhorordaithe, rialacháin a dhéanamh á cheangal go gcuirfear deis oiriúnach ar fáil chun an bhriogáid dóiteáin áitiúil a ghairm i gcás ráig dóiteáin tarlú agus go mbeidh, de thuras na huaire, ar líon na ndaoine a bheidh fostaithe sa mhonarcha nó san áitreabh eile leorlíon daoine a mbeidh gach duine díobh eolach ar a húsáid.

(4) (a) Ní dhéanfaidh an tAire rialacháin faoin alt seo gan dul i gcomhairle ar dtús leis an Aire Comhshaoil.

(b) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo dualgas a chur ar úinéirí, ar dhaoine fostaithe agus ar dhaoine eile, chomh maith le háititheoirí.

(5) Faoi réir fho-alt (4) (a) den alt seo, féadfaidh an tAire a fhoráil le rialacháin go ndéanfar aon aicme nó tuairisc fhorordaithe de mhonarchana agus d'áitribh shonraithe nó d'áiteanna sonraithe a dhíolmhú go hiomlán nó faoi réir coinníollacha ó cheanglais fho-alt (1) den alt seo.

Crainn tógála agus innill tógála eile.

28. —Leasaítear leis seo alt 35 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Déanfaidh duine inniúil gach páirt agus gléas den saghas a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a scrúdú go barrainneach uair amháin ar a laghad—

(a) i gcás bord tógála feithicle, gach sé mhí is fiche,

(b) i gcás aon innill tógála eile, gach ceithre mhí dhéag,

agus coimeádfar clár ina mbeidh na sonraí forordaithe ar gach scrúdú den saghas sin.”;

agus

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (8):

“(7A) Ní fhostófar aon duine faoi bhun ocht mbliana déag chun inneall tógála a thiomáintear le cumhacht mheicniúil a oibriú mura mbeidh sé faoi leormhaoirseacht chun críocha oiliúna, agus forléireofar alt 32 (1) den Acht seo (a cuireadh isteach le halt 17 den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 ) agus beidh éifeacht leis faoi réir fhorálacha an fho-ailt seo.

(8) I gcás duine a bhfuil inneall tógála faoina rialú a thiomáintear le cumhacht mheicniúil, seachas inneall tógála is inneall cruachta ríomhairithe nó inneall tógála atá ar aon dul le hinneall cruachta ríomhairithe agus atá, i gceachtar cás, faoi chianrialú uathoibríoch i ndáil le próis uathoibríoch luchtaithe, díluchtaithe nó iompair gan a bheith in ann, tráth ar bith, fad a bheidh an t-inneall á úsáid aige chun ualach a thógáil, an t-ualach a fheiceáil, cúirfear duine eile, nach óige ná ocht mbliana déag, in áit a mbeidh sé in ann an t-ualach a fheiceáil agus beidh seisean fostaithe chun comharthaí a thabhairt don duine a bheidh ag úsáid an innill.

(9) (a) Gach comhartha a thabharfar i ndáil le hinneall tógála a chur ag gluaiseacht nó a stopadh beidh sé suaithinseach ina cháilíocht agus beidh sé de chineál go bhféadfaidh an duine dá dtabharfar é é a fheiceáil nó a chloisteáil, de réir mar is iomchuí, go héasca.

(b) Déanfar aon fheiste, gaireas nó ní eile a úsáidfear chun comharthaí a thabhairt lena mbaineann mír (a) den fho-alt seo, a chothabháil go cuí agus a chosaint go leordhóthanach chun cur isteach nó damáiste tionóisceach a sheachaint.

(10) San alt seo folaíonn ‘inneall tógála’,

(a) crann tógála, crúbán, crann tochrais, téacla, ulóg-bhloc, roth tógála, iompróir, reathaire, trucail srathrach nó iompróir srathrach,

(b) feithicil a fhéadfar a úsáid chun earraí a iompar agus atá feistithe le gabhlóga nó le haon ghabhálas eile chun earraí a chruachadh, a luchtú nó a dhíluchtú, agus

(c) bord tógála a úsáidtear chun teacht ar an gcuid íochtair de mhótarfheithiclí.”.

Crocháin, ardaitheoirí, crainn tógála agus innill tógála eile, slabhraí, rópaí agus tácla tógála eile.

29. —(1) Baineann an t-alt seo leis na nithe seo a leanas, eadhon:

(a) aon chrochán nó ardaitheoir,

(b) aon chrann tógála nó inneall tógála eile, agus

(c) aon slabhra, rópa nó tácla tógála eile.

(2) I gcás a ndéanfar ní lena mbaineann an t-alt seo a scrúdú de bhun alt 33, 34 nó 35 den Phríomh-Acht agus go dtaispeánfaidh an scrúdú nach féidir an ní a scrúdaíodh a úsáid go sábháilte gan deisiúcháin áirithe a dhéanamh air, nó má fheictear don duine a bheidh ag déanamh an scrúdaithe go bhféadfaidh gá a bheith leis na deisiúcháin sin go luath, cuirfidh an duine a bheidh ag déanamh an scrúdaithe in iúl láithreach don áititheoir go bhfuil gá leis na deisiúcháin, nó go bhféadfaidh gá a bheith leo go luath, agus i gcás a bhféadfaidh gá a bheith leo amhlaidh sonróidh sé an tréimhse a mheasann sé a ba chóir deisiúcháin a dhéanamh lena linn, agus déanfaidh an duine a chuir faoi deara an scrúdú a dhéanamh cóip den tuarascáil a chur chuig an Aire tráth nach déanaí ná ocht lá is fiche tar éis an scrúdú a bheith chríochnaithe.

(3) I gcás a ndéanfaidh tuarascáil maidir le scrúdú de bhun alt 33, 34 nó 35 den Phríomh-Acht ar ní lena mbaineann an t-alt seo coinníollacha a shonrú chun a áirithiú go n-oibreoidh an ní sin go sábhailte, ansin, d'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht, ní úsáidfear an ní sin ach amháin de réir na gcoinníollacha sin.

(4) Ní thosófar ar chrochán nó ardaitheoir a úsáid den chéad uair in aon áitreabh lena mbaineann an t-alt seo mura mbeidh sé tástáilte agus scrúdaithe go barrainneach ag duine inniúil agus mura mbeidh deimhniú faighte ar an tástáil agus ar an scrúdú sin á shonrú cad é an t-ualach oibre atá sábháilte don chrochán nó don ardaitheoir.

(5) Coimeádfar deimhniú a gheofar de bhun fho-alt (4) den alt seo ar fáil lena iniúchadh san áitreabh iomchuí.

(6) Baineann an t-alt seo le háitreabh ar áitreabh é lena mbaineann alt 26 den Acht seo.

Soithí tuinithe ina mbeidh leachtanna etc.

30. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 29:

“(1) I gcás soitheach tuinithe, déanmhas, sloc nó poll a bhfuil a fhóir níos lú ná méadar (39.37 orlach) os cionn na talún nó an léibhinn atá ag tadhall leis—

(a) má bhíonn aon leacht scóltach, creimneach nó nimhiúil ann, nó más dóigh dó sin a bheith ann, nó

(b) má bhíonn thar mhéadar (39.37 orlach) ar doimhneacht ann d'aon leacht nó d'aon substaint nó ábhar eile atá in ann sreabhadh nó más dóigh dó sin a bheith ann,

ansin—

(i) déanfar é a chlúdach go daingean nó a fhálú go daingean go dtí méadar (39.37 orlach) ar airde ar a laghad, nó

(ii) mura féidir, mar gheall ar an gcineál oibre, é a chlúdach go daingean ná é a fhálú go daingean go dtí an airde sin, déanfar gach beart is féidir, trína chlúdach, trína fhálú nó eile, chun daoine a chosc ó thitim isteach sa soitheach, sa déanmhas, sa sloc nó sa pholl.”.

Coirí gaile.

31. —Leasaítear leis seo alt 40 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7):

“(7) Déanfaidh duine inniúil gach coire gaile agus gach ní a bheidh feistithe agus greamaithe air a scrúdú go barrainneach uair amháin ar a laghad gach tréimhse ceithre mhí dhéag, agus freisin tar éis aon mhórdheisiúcháin, agus i gcás coire gaile a bheith á úsáid ar feadh ceithre mhí dhéag nó mór-dheisiúchán a bheith déanta air, ní úsáidfear an coire a thuilleadh go dtí go gcuirfear faoi scrúdú é de réir an fho-ailt seo.”;

agus

(b) trí “laistigh de thrí mhí ón dáta a chríochnófar an chéad chuid den scrúdu” a chur in ionad “a luaithe is féidir ina dhiaidh sin” i bhfo-alt (8),

agus tá an fo-alt sin (8), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

In aon scrúdú do réir ceanglas fo-ailt (7) den alt seo déanfar, ar an gcéad ásc, scrúdú ar an gcoire le linn é a bheith fuar agus tar éis a ullmhuithe sa tslí fhorordaithe, laistigh agus lasmuigh, agus ar an dara ásc déanfar, ach amháin i gcás tíobhasóra nó forthéitheora, scrúdú ar an gcoire le linn é a bheith faoi ghnáthbhrú gaile, agus féadfaidh daoine ar leith an dá chuid den scrúdú a dhéanamh; déanfar an scrúdú faoi bhrú gaile an chéad uair a hardófar gail i ndiaidh an scrúduithe ar an gcoire le linn é a bheith fuar, nó laistigh de thrí mhí ón dáta a chríochnófar an chéad chuid den scrúdú, agus féachfaidh an duine a bheas ag déanamh an scrúduithe chuige go bhfuil an chomhla shábhála coigeartaithe i dtreo nach bhféadfar an coire d'oibriú faoi bhrú is mó ná an t-uas-bhrú ceadmhach oibre.

Glacadáin ghaile.

32. —Leasaítear leis seo alt 41 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(7A) (a) Glacadán gaile a bhí á úsáid cheana ní thosófar á úsáid in aon mhonarcha den chéad uair sa mhonarcha sin go dtí go mbeidh sé scrúdaithe go barrainneach agus go mbeidh tuarascáil tugtha air ag duine inniúil chomh fada agus is féidir sin ag féachaint do dhéanamh an ghlacadáin.

(b) Déanfar tuarascáil ar thorthaí gach scrúdú faoi mhír (a) den fho-alt seo ina mbeidh na sonraí a fhorordaítear chun críocha fho-alt (6) den alt seo a thaifeadadh sa chlár ginearálta nó a chur i gceangal leis.

(7B) Ní thosófar ar ghlacadán gaile nua a úsáid in aon mhonarcha mura rud é—

(a) go mbeidh faighte ón monaróir, nó ó chuideachta nó ó chomhlachas iniúchta coirí, deimhniú ina sonrófar cad é an brú oibre uasta is incheadaithe ina leith agus ina ndéarfar cad é an cineál tástálacha a rinneadh ar an nglacadán agus ar na feisteáin,

(b) go mbeidh an deimhniú coimeádta ar fáil lena iniúchadh, agus

(c) go mbeidh an glacadán gaile marcáilte ar dhóigh gur féidir a aithint gurb é an glacadán gaile é lena mbaineann an deimhniú.

(7C) Déanfaidh an duine a mbeidh an tuarascáil á tabhairt aige i dtaobh aon scrúdú faoin alt seo, nó, i gcás cuideachta nó comhlachas iniúchta coirí, déanfaidh príomh-innealtóir na cuideachta nó an chomhlachais, cóip den tuarascáil a chur chuig an Aire laistigh d'ocht lá is fiche ó dháta an scrúdaithe a chríochnú i ngach cás ina mbeidh laghdú ar an mbrú oibre uasta is incheadaithe, nó i gcás ina dtaispeánfaidh an scrúdú nach féidir leanúint den ghlacadán gaile a úsáid go sábháilte mura ndéanfar deisiúcháin áirithe láithreach nó laistigh de thréimhse shonraithe.”.

Glacadáin aeir.

33. —Leasaítear leis seo alt 42 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(7A) (a) Glacadán aeir a bhí á úsáid cheana ní thosófar á úsáid in aon mhonarcha den chéad uair sa mhonarcha sin go dtí go mbeidh sé scrúdaithe agus tástáilte go barrainneach ag duine inniúil chomh fada agus is féidir sin ag féachaint do dhéanamh an ghlacadáin.

(b) Déanfar tuarascáil ar thorthaí gach scrúdú agus tástáil faoi mhír (a) den fho-alt seo ina mbeidh na sonraí a fhorordaítear chun críocha fho-alt (7) den alt seo a thaifeadadh sa chlár ginearálta nó a chur i gceangal leis.

(7B) Ní thosófar ar ghlacadán aeir nua a úsáid in aon mhonarcha mura rud é—

(a) go mbeidh faighte ón monaróir, nó ó dhuine inniúil, deimhniú ina sonrófar cad é an brú oibre uasta is incheadaithe ina leith agus ina ndéarfar cad é an cineál tástálacha a rinneadh ar an nglacadán aeir agus ar na feisteáin,

(b) go mbeidh an deimhniú coimeádta ar fáil lena iniúchadh, agus

(c) go mbeidh an glacadán aeir marcáilte ar dhóigh gur féidir a aithint gurb é an glacadán aeir é lena mbaineann an deimhniú.

(7C) Déanfaidh an duine a mbeidh an tuarascáil á tabhairt aige i dtaobh aon scrúdú faoin alt seo, nó i gcás cuideachta nó comhlachas iniúchta glacadán aeir, déanfaidh príomh-innealtóir na cuideachta nó an chomhlachais, cóip den tuarascáil a chur chuig an Aire laistigh d'ocht lá is fiche ó dháta an scrúdaithe a chríochnú i ngach cás ina mbeidh laghdú ar an mbrú oibre uasta is incheadaithe, nó i gcás ina dtaispeánfaidh an scrúdú nach féidir leanúint den ghlacadáin aeir a úsáid go sábháilte mura ndéanfar deisiúcháin áirithe láithreach nó laistigh de thréimhse shonraithe.”.

Tionóiscí a fhógairt agus a thaifeadadh.

34. —Leasaítear leis seo alt 74 den Phríomh-Acht—

(a) trí “gnáth-dhualgais a fhostaíochta a chomhlíonadh” a chur in ionad “lán-pháigh a thuilleamh san obair a raibh sé ar fostú air” i mír (b) d'fho-alt (1), agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo; agus

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis an alt:

“(5) (a) Nuair a tharlóidh tionóisc is infhógartha faoi fho-alt (1) den alt seo agus go mbeidh sí ina trúig bháis do dhuine atá fostaithe sa mhonarcha iomchuí, ní chorróidh aon duine an áit inar tharla sí ná ní bhainfidh d'aon ní san áit sin—

(i) go dtí go mbeidh trí lá glan caite tar éis fógra a thabhairt de réir an ailt seo i dtaobh na tionóisce, nó

(ii) go dtí go mbeidh cuairt tugtha ag cigire ar an áit sin agus go mbeidh sí scrúdaithe aige i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó leis na hAchtanna.

(b) Ní thoirmiscfidh aon ní san fho-alt seo rud ar bith a dhéanamh ag cigire nó le toiliú cigire.

(c) In aon imeachtaí a thionscnófar i leith sárú ar an bhfo-alt seo arb éard é aon ghníomh a dhéanamh, is cosaint é a chruthú gur ghá an gniomh a dhéanamh chun sábháilteacht aon duine a áirithiú.

(6) Aon duine a sháróidh fo-alt (5) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú ann go hachomair fineáil nach mó ná £150 a chur air.”.

AN TÁBLA

Nuair a tharlós aon tionóisc i monarcha—

(a) a bheas ina trúig bháis do dhuine a fostaítear sa mhonarcha sin, nó

(b) a chuirfeas aon duine den tsaghas sin, ar feadh níos mó ná trí lá, ó chumas gnáth-dhualgais a fhostaíochta a chomhlíonadh,

cuirfear láithreach chun an Aire fógra i scríbhinn sa bhfoirm fhorordaithe ina mbeidh na sonraí forordaithe i dtaobh na tionóisce.

CUID III

Ionadaithe Sábháilteachta, Coistí Sábháilteachta, Toscairí Sábháilteachta agus Ráitis Sábháilteachta

Ionadaí sábháilteachta.

35. —(1) Na daoine a bheidh fostaithe in áitreabh lena mbaineann an t-alt seo féadfaidh siad, ó am go ham, mura mbeidh coiste sábháilteachta in oifig, ionadaí (dá ngairtear “an t-ionadaí sábháilteachta” san Acht seo) a roghnú agus a cheapadh as a líon chun bheith ina ionadaí dóibh i ndálaí comhairle de bhun an ailt seo leis an áititheoir agus mura túisce a éireoidh sé as nó a scoirfidh sé de bheith in a fhostaí san áitreabh lena mbaineann beidh ionadaí sábháilteachta a cheapfar faoin alt seo i seilbh oifige ar feadh tréimhse trí bliana dar tosach dáta a cheaptha.

(2) Nuair is féidir sin le réasún, beidh ag duine a cheapfar le bheith ina ionadaí sábháilteachta, sa tréimhse dhá bhliain a chríochnóidh díreach sula gceapfar é, taithí ar an obair a mbeidh na daoine arb é a sábháilteacht, a sláinte agus a leas is cúram dó ag gabháil dó i gcúrsa a bhfostaíochta.

(3) I gcás ceapachán a dhéanamh faoin alt seo, rachaidh an t-áititheoir lena mbaineann i gcomhairle leis an ionadaí sábháilteachta d'fhonn a áirithiú go mbeidh comhoibriú san áitreabh i ndáil le—

(a) forálacha na nAchtanna,

(b) forálacha rialacháin faoi na hAchtanna a bhaineann le sábháilteacht, sláinte agus leas agus is infheidhme maidir leis na daoine sin nó ina leith,

(c) forálacha cibé achtacháin eile a bhaineann leis an áitreabh nó leis na daoine sin nó leo araon de réir mar a fhorordófar.

(4)  (a) Féadfaidh an tAire le rialacháin cibé feidhmeanna, a bhaineann le sábháilteacht agus sláinte na ndaoine atá fostaithe agus a bheidh sonraithe sna rialacháin, a shannadh d'ionadaithe sábháilteachta (i dteannta na bhfeidhmeanna a shanntar leis an Acht seo).

(b) Sula ndéanfaidh an tAire rialacháin faoin bhfo-alt seo rachaidh sé i gcomhairle le cibé eagraíochtaí nó comhlachtaí eile daoine atá ionadaitheach d'fhostóirí agus le cibé eagraíochtaí nó comhlachtaí eile daoine atá ionadaitheach do cheardchumainn nó do chomhlachtaí ar aon dul le ceardchumainn de réir mar is iomchuí leis.

(5) Breithneoidh áititheoir aon uiríolla a dhéanfaidh ionadaí sábháilteachta chuige ar aon ní a bhaineann le sábháilteacht, sláinte agus leas na ndaoine atá fostaithe.

(6) Ar fhógra chuige sin a fháil, taifeadfaidh an t-áititheoir sa chlár ginearálta ainm aon duine a bheidh ceaptha de thuras na huaire chun bheith ina ionadaí sábháilteachta faoin alt seo.

(7) I gcás a rachaidh cigire isteach in áitreabh chun turas iniúchta a dhéanamh (seachas turas iniúchta a bheidh le déanamh chun tionóisc a imscrúdú), déanfaidh an t-áititheoir cibé bearta is féidir chun sin a chur in iúl don ionadaí sábháilteachta.

(8) Ar iarratas a dhéanamh chun na críche sin, beidh an t-ionadaí sábháilteachta i dteideal bheith i gcuideachta cigire ar aon turas iniúchta ar an áitreabh iomchuí (nó ar aon chuid de thuras den sórt sin) a dhéanfaidh an cigire i gcúrsa dualgais nach turas iniúchta a dhéanfaidh an cigire go sonrach chun tionóisc a imscrúdú, agus i gcás é bheith ar intinn ag ionadaí sábháilteachta bheith i gcuideachta cigire amhlaidh, cuirfidh sé in iúl don chigire, roimh dhul ina chuideachta, go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh.

(9) Baineann na forálacha sin roimhe seo den alt seo le háitreabh nach bhfuil níos mó ná fiche duine fostaithe ann de thuras na huaire agus ar áitreabh é, seachas duga, caladh, cé nó stóras, lena mbaineann alt 15 den Acht seo.

(10) I gcás ina gceapfar ionadaí sábháilteachta de bhun an Achta seo agus go dtarlóidh tar éis a cheaptha agus le linn a théarma oifige gur mo ná fiche aon tráth áirithe an líon daoine a bheidh fostaithe san áitreabh lena mbaineann, ní scoirfidh an t-ionadaí sábháilteachta de bheith i seilbh oifige de bhíthin amháin gur mó ná fiche an líon daoine a bheidh fostaithe amhlaidh.

(11) (a) Féadfaidh an tAire le rialacháin fo-alt (9) den alt seo a leasú trí líon a bheidh sonraithe sna rialacháin a chur in ionad “fiche”.

(b) Sula ndéanfaidh an tAire rialacháin faoin bhfo-alt seo rachaidh sé i gcomhairle le cibé eagraíochtaí nó comhlachtaí eile daoine atá ionadaitheach d'fhostóirí agus le cibé eagraíochtaí nó comhlachtaí eile daoine atá ionadaitheach do cheardchumainn nó do chomhlachtaí ar aon dul le ceardchumainn de réir mar is iomchuí leis.

(c) I gcás a mbeidh rialacháin faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm de thuras na huaire déanfar gach ceann de na tagairtí do “fiche” sna forálacha seo a leanas den Acht seo, eadhon, fo-alt (10) den alt seo agus ailt 36 (8) agus 37 (1) (a) den Acht seo, a fhorléiriú mar thagairt don líon a bheidh sonraithe sna rialacháin.

Coiste sábháilteachta agus toscaire sábháilteachta.

36. —(1) (a) Faoi réir alt 37 (4) (b) den Acht seo, féadfaidh na daoine a bheidh fostaithe in áitreabh lena mbaineann an t-alt seo, más mian leo é, comhaltaí de choiste (dá ngairtear “coiste sábháilteachta” san Acht seo) a roghnú agus a cheapadh as a líon chun na feidhmeanna a shanntar leis an alt seo nó faoin alt seo do choistí sábháilteachta a chomhlíonadh.

(b) Ní lú ná triúr líon comhaltaí coiste sábháilteachta ná ní mó é ná duine amháin in aghaidh gach fiche duine a bheidh fostaithe san áitreabh iomchuí an tráth a cheapfar an coiste nó deichniúr, cibé líon díobh is lú.

(c) Más rud é de bhun mhír (b) den fho-alt seo gurb é an líon comhaltaí atá le bheith ar choiste sábháilteachta—

(i) ceathrar nó níos lú, féadfaidh an t-áititheoir iomchuí comhalta amháin den choiste a cheapadh agus, faoi réir alt 37 den Acht seo, féadfaidh na daoine a bheidh fostaithe san áitreabh iomchuí an chuid eile de chomhaltaí an choiste a roghnú agus a cheapadh as a líon,

(ii) líon nach mó ná ochtar ná nach lú ná cúigear, féadfaidh an t-áititheoir iomchuí beirt chomhaltaí den choiste a cheapadh agus, faoi réir an ailt sin 37, féadfar an chuid eile de na comhaltaí sin a roghnú agus a cheapadh amhlaidh,

(iii) líon is mó ná ochtar, féadfaidh an t-áititheoir iomchuí triúr comhaltaí den choiste a cheapadh agus, faoi réir an ailt sin 37, féadfar an chuid eile de na comhaltaí sin a roghnú agus a cheapadh amhlaidh.

(2) Más rud é díreach roimh thosach feidhme an ailt seo gurb é a bhí i gcomhlacht ag a raibh triúr comhaltaí ar a laghad coiste sábháileachta de réir bhrí alt 73 (1) den Phríomh-Acht nó coiste nó comhlacht eile a raibh deimhniú arna eisiúint faoi alt 73 (2) den Phríomh-Acht i bhfeidhm an tráth sin ina leith, fiú más mó ná deichniúr líon comhaltaí an chomhlachta measfar, chun críocha an Achta seo, gur díreach tar éis an tosach feidhme sin faoi fho-alt (1) den alt seo a ceapadh an comhlacht agus forléireofar tagairtí san Acht seo do “coiste sábháilteachta” mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don chomhlacht.

(3) I gcás a gceapfar coiste sábháilteachta faoin alt seo agus go mbeidh, tráth an cheaptha, aon ionadaí arna cheapadh faoi alt 35 nó 37 den Acht seo maidir leis an áitreabh lena mbaineann, oibreoidh an ceapachán faoin alt seo chun ceapachán an ionadaí sin a chúlghairm.

(4) I gcás a mbeidh coiste sábháilteachta ceaptha, nó a measfar é a bheith ceaptha, faoin alt seo, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:

(a) is feidhm de chuid an choiste sábháilteachta é cabhrú leis an áititheoir lena mbaineann agus leis na daoine a bheidh fostaithe sa mhonarcha iomchuí nó san áitreabh eile i ndáil le forálacha na nAchtanna agus forálacha rialacháin faoi na hAchtanna agus cibé feidhmeanna eile (más ann) a bhaineann le sábháilteacht nó sláinte cibé daoine, a bheidh de thuras na huaire sonraithe i rialacháin arna ndéanamh ag an Aire, a chomhlíonadh nó a fheidhmiú tar éis dul i gcomhairle le cibé eagraíochtaí nó comhlachtaí eile daoine atá ionadaitheach d'fhostóirí agus le cibé eagraíochtaí nó comhlachtaí eile daoine atá ionadaitheach do cheardchumainn nó do chomhlachtaí ar aon dul le ceardchumainn de réir mar is iomchuí leis an Aire,

(b)  (i) féadfaidh an coiste sábháilteachta ionadaí (dá ngairtear “an toscaire sábháilteachta” san Acht seo) a roghnú agus a cheapadh as an gcuid sin dá líon siúd a bhí roghnaithe agus ceaptha ag na daoine a bhí fostaithe san áitreabh iomchuí chun uiríolla a dhéanamh thar a gceann chuig cigirí agus chun bheith i gcuideachta cigirí de bhun an ailt seo,

(ii) nuair is féidir sin le réasún, beidh ag duine a cheapfar chun bheith ina thoscaire sábháilteachta, sa tréimhse dhá bhliain díreach sula gceapfar é, taithí ar an obair a mbeidh na daoine arb é a sábháilteacht, a sláinte agus a leas is cúram dó, ag gabháil dó i gcúrsa a bhfostaíochta,

(iii) i gcás a scoirfidh toscaire sábháilteachta de bheith ina chomhalta den choiste sábháilteachta a cheap é, scoirfidh sé an tráth céanna de bheith ina thoscaire den sórt sin,

(c) is é is córam do chruinniú de choiste sábháilteachta cibé líon, nach lú ná triúr, a bheidh socraithe de thuras na huaire ag an gcoiste,

(d) i gcás a scoirfidh comhalta de choiste sábháilteachta de bheith fostaithe sa mhonarcha nó san áitreabh eile lena mbaineann, scoirfidh sé an tráth céanna de bheith ina chomhalta den choiste,

(e) beidh an t-áititheoir iomchuí i dteideal freastal go pearsanta, nó duine nó daoine a ainmniú le freastal thar a cheann, ar gach cruinniú den choiste sábháilteachta,

(f) déanfaidh an t-áititheoir sin nó a ainmní nó a ainmnithe freastal ar an gcéad chruinniú den choiste sábháilteachta a thionólfar tar éis tosach feidhme an ailt seo agus tabharfaidh sé do chomhaltaí an choiste, a luaithe is féidir tar éis é a bheith ar fáil, an ráiteas a cheanglaítear faoi alt 39 den Acht seo,

(g) breithneoidh an t-áititheoir sin aon uiríolla a dhéanfaidh an coiste sábháilteachta chuige maidir le hábhair a bhaineann le sábháilteacht, sláinte agus leas daoine atá fostaithe sa mhonarcha iomchuí nó san áitreabh eile,

(h) breithneoidh an coiste sábháilteachta aon uiríolla a dhéanfaidh an t-áititheoir sin chuige maidir le hábhair a bhaineann le sábháilteacht, sláinte agus leas daoine atá fostaithe sa mhonarcha nó san áitreabh eile sin,

(i) féadfaidh an toscaire sábháilteachta uiríolla a dhéanamh chuig cigire maidir le hábhair a bhaineann le sábháilteacht, sláinte agus leas na ndaoine atá fostaithe sa mhonarcha nó san áitreabh eile sin (ar uiríolla iad a rinneadh ar iarratas ón gcoiste sábháilteachta) agus, d'fhonn na huiríolla a bhreithniú, féadfaidh cigire aon taifid ar imeachtaí an choiste sábháilteachta a iniúchadh,

(j) i gcás a rachaidh cigire isteach in áitreabh chun turas iniúchta a dhéanamh (seachas turas iniúchta a bheidh le déanamh chun tionóisc a imscrúdú), déanfaidh an t-áititheoir sin cibé bearta is féidir chun sin a chur in iúl don toscaire sábháilteachta,

(k) ar iarratas a dhéanamh chun na críche sin, beidh an toscaire sábháilteachta i dteideal bheith i gcuideachta cigire ar aon turas iniúchta ar an monarcha nó ar an áitreabh eile sin (nó ar aon chuid de thuras den sórt sin) a dhéanfaidh an cigire i gcúrsa dualgais nach turas iniúchta é a dhéanfar go sonrach chun tionóisc a imscrúdú.

(5) Ar fhógra chuige sin a fháil, cuirfidh an t-áititheoir lena mbaineann taifead sa chlár ginearálta á shonrú—

(a) gur ceapadh an coiste sábháilteachta,

(b) más iomchuí, gur cúlghaireadh leis an gceapachán sin ceapachán faoi alt 35 nó 37 den Acht seo,

(c) má tá toscaire sábháilteachta ceaptha ag an gcoiste sábháilteachta, ainm an toscaire sábháilteachta.

(6) Ar iarratas chuige sin a dhéanamh ag coiste sábháilteachta, rachaidh an t-áititheoir iomchuí i gcomhairle leis an gcoiste sábháilteachta d'fhonn teacht ar chomhaontú maidir le—

(a) saoráidí chun cruinnithe den choiste sábháilteachta a thionól, agus

(b) minicíocht, ré agus tráthanna cruinnithe an choiste sábháilteachta.

(7) Faoi réir théarmaí aon chomhaontaithe idir an t-áititheoir iomchuí agus coiste sábháilteachta, tionólfar cruinnithe den choiste sábháilteachta ó am go ham cibé laethanta a chinnfidh an coiste agus féadfar na cruinnithe sin a thionól le linn ghnáth-uaire oibre gan comhaltaí an choiste do chailleadh luach saothair má shásaítear na coinníollacha seo a leanas, eadhon:

(a) ach amháin i gcás éigeandála ní thionólfar na cruinnithe sin níos minice ná uair amháin gach dhá mhí,

(b) ní rachaidh ré gach cruinniú den sórt sin thar dhá uair a chloig, agus

(c) is é an líon de chomhaltaí an choiste sábháilteachta a fhreastalóidh ar chruinniú den sórt sin oiread ar a laghad is gá chun córam a dhéanamh, agus

(d) beidh na tráthanna a thionólfar cruinnithe den choiste sábháilteachta ag teacht le hoibriú éifeachtach na monarchan nó an áitribh eile lena mbaineann.

(8) I gcás nach iolraí ar fhiche líon na ndaoine a bheidh fostaithe de thuras na huaire in áitreabh lena mbaineann an t-alt seo, ansin chun críocha an ailt seo measfar gurb é an chéad líon eile is airde ar iolraí ar fhiche é an líon daoine a bheidh fostaithe amhlaidh de thuras na huaire.

(9) Baineann an t-alt seo le haon áitreabh is áitreabh, seachas duga, caladh, cé nó stóras, lena mbaineann alt 15 den Acht seo ach nach áitreabh lena mbaineann alt 35 den Acht seo.

Ionadaí sábháilteachta nó coiste sábháilteachta le ceapadh ag an áititheoir in imthosca áirithe.

37. —(1) Más rud é ar feadh tréimhse sé mhí nach mbeidh ionadaí sábháilteachta ná coiste sábháilteachta ceaptha faoi alt 35 nó 36 den Acht seo maidir le monarcha nó áitreabh eile, ansin déanfaidh an t-áititheoir iomchuí, a luaithe is féidir, agus in aon chás tráth nach déanaí na trí mhí tar éis deireadh na tréimhse sin, iad seo a leanas a cheapadh as líon na ndaoine a bheidh fostaithe sa mhonarcha nó san áitreabh eile—

(a) i gcás nach mbeidh níos mó ná fiche duine fostaithe sa mhonarcha nó san áitreabh eile nuair a dhéanfar an ceapachán, ionadaí sábháilteachta,

(b) in aon chás eile, coiste sábháilteachta agus toscaire sábháilteachta (agus ceapfar an toscaire sin as líon comhaltaí an choiste sin).

(2) Sula ndéanfar ceapachán faoin alt seo tabharfaidh an t-áititheoir lena mbaineann deis do na daoine a bheidh fostaithe sa mhonarcha iomchuí nó san áitreabh eile le haghaidh comhairle maidir leis an gceapachán.

(3) Faoi réir alt 36 (3) den Acht seo, beidh ionadaí sábháilteachta a cheapfar faoin alt seo, mura túisce a éireoidh sé as, nó a scoirfidh sé de bheith ina fhostaí sa mhonarcha nó san áitreabh eile lena mbaineann, i seilbh oifige ar feadh tréimhse trí bliana dar tosach an dáta a cheapfar é.

(4)  (a) I gcás a gceapfar coiste sábháilteachta faoin alt seo, déanfaidh an t-áititheoir a mbeidh comhaltaí an choiste ceaptha aige líon comhaltaí an choiste a shocrú, de réir alt 36 (1) (b) den Acht seo, tráth na gceapachán a dhéanamh.

(b) Is ar an lá céanna a cheapfar gach comhalta de choiste sábháilteachta a cheapfar faoin alt seo agus beidh sé i seilbh oifige ar feadh tréimhse trí bliana dar tosach an lá sin.

(5)  (a) I gcás ina dtarlóidh folúntas (dá ngairtear “corrfholúntas” san fho-alt seo) i measc na gcomhaltaí de choiste sábháilteachta a bheidh ceaptha faoin alt seo mar gheall ar chomhalta d'fháil bháis nó d'éirí as an gcoiste nó mar gheall ar fheidhm a bheith ag alt 36 (4) (d) den Acht seo, arna leathnú le fo-alt (8) den alt seo, ina leith, déanfaidh an t-áititheoir iomchuí, a luaithe is féidir, duine a cheapadh chun an folúntas a líonadh.

(b) Beidh duine a cheapfar chun corrfholúntas a líonadh i seilbh oifige, mura túisce a éireoidh sé as an gcoiste sábháilteachta lena mbaineann nó a scoirfidh de bheith ina chomhalta den choiste sin mar gheall ar alt 36 (4) (d) den Acht seo arna leathnú le fo-alt (8) den alt seo, ar feadh a mbeidh fágtha de théarma oifige an chomhalta ba chúis leis an bhfolúntas.

(6) Aon duine nach gcomhlíonfaidh ceanglais fho-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(7) In aon imeachtaí maidir le cion faoin alt seo is cosaint don chúisí a chruthú gur chaith sé gach dúthracht chuí agus go ndearna sé bearta réasúnacha chun an ceanglas a chomhlíonadh.

(8) Déanfar tagairtí san Acht seo d'ionadaí sábháilteachta, do choiste sábháilteachta nó do thoscaire sábháilteachta, seachas tagairtí do choiste sábháilteachta i bhfo-alt (1) nó (2) d'alt 36, a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'ionadaí sábháilteachta, do choiste sábháilteachta nó do thoscaire sábháilteachta a cheapfar de bhun an ailt seo.

Féadfaidh an tAire a chur faoi deara imscrúduithe áirithe a dhéanamh ar iarratas a fháil ó ionadaí sábháilteachta, ó choiste sábháilteachta nó ó oifigeach sábháilteachta.

38. —I gcás ar iomchuí leis an Aire, ar iarratas chuige sin a fháil ó ionadaí sábháilteachta, ó choiste sábháilteachta nó ó oifigeach sábháilteachta, féadfaidh sé a chur faoi deara do chigire imscrúdú a dhéanamh maidir le contúirt nó ábhar contúirte do shábháilteacht, do shláinte nó do leas daoine a bheidh fostaithe sa mhonarcha iomchuí nó san áitreabh sonraithe, a chreideann an t-ionadaí sábháilteachta, an coiste sábháilteachta nó an t-oifigeach sábháilteachta a bheith ann agus a bheidh sonraithe aige san iarratas, agus nuair a bheidh an t-imscrúdú críochnaithe féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, toradh an imscrúdaithe a chur i bhfios don duine nó don choiste a rinne an t-iarratas.

Ráitis sábháilteachta.

39. —(1) (a) Déanfaidh áititheoir áitreabh lena mbaineann an t-alt seo, a luaithe is féidir, ráiteas i scríbhinn a ullmhú nó a chur faoi deara é a ullmhú ina sonrófar an modh ina ndéanfar sábháilteacht agus sláinte daoine atá fostaithe san áitreabh a áirithiú, agus, gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, sonróidh an ráiteas na comhshocraíochtaí chun sábháilteacht agus sláinte na ndaoine sin a chaomhnú, an comhoibriú is gá ó na daoine sin ó thaobh sábháilteachta agus sláinte, dualgais oifigeach sábháilteachta (más ann), aon saoráidí oiliúna sábháilteachta atá ar fáil agus na bearta atá le déanamh i ndáil le contúirtí a bheidh sonraithe amhlaidh agus a tharlóidh i ndáil leis an áitreabh nó i ndáil le baol na contúirte sin, agus beidh sa ráiteas freisin aon fhaisnéis a cheanglófar le rialacháin faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

(b) Déanfar, más gá, ráiteas a ullmhaíodh de bhun mhír (a) den fho-alt seo a athbhreithniú ó am go ham.

(2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a cheangal go mbeidh faisnéis i dtaobh nithe a bheidh sonraithe sna rialacháin i ráitis a ullmhófar de bhun fho-alt (1) den alt seo.

(3) A luaithe is féidir tar éis don áititheoir lena mbaineann ráiteas a ullmhú nó a athbhreithniú de bhun an ailt seo tabharfaidh sé, nó cuirfidh sé faoi deara go dtabharfar, cóip den ráiteas nó den athbhreithniú—

(a) i gcás ionadaí sábháilteachta a bheith ann le haghaidh an áitribh lena mbaineann, don duine sin,

(b) i gcás coiste sábháilteachta a bheith ann le haghaidh an áitribh sin, don choiste sin,

(c) i gcás gan ionadaí den sórt sin ná coiste den sórt sin a bheith ann, do gach duine a bheidh fostaithe san áitreabh.

(4)  (a) I gcás a n-ullmhófar ráiteas de bhun an ailt seo agus nach deimhin leis an Aire gur leor an ráiteas chun críocha an ailt seo (agus cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh an ráiteas a athbhreithniú), féadfaidh an tAire a ordú go ndéanfar an ráiteas a athbhreithniú ar mhodh a bheidh sonraithe san ordú, agus i gcás a dtabharfaidh an tAire ordú faoin bhfo-alt seo cuirfidh sé faoi deara a luaithe is féidir cóip de a sheirbheáil ar áititheoir an áitribh lena mbaineann an t-ordú, agus comhlíonfaidh an t-áititheoir an t-ordú tráth nach déanaí ná mí tar éis dáta an ordaithe nó cibé dáta is déanaí ná sin a bheidh sonraithe san ordú.

(b) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, ordú a thug sé faoin bhfo-alt seo a chealú.

(5) I gcás a ndéanfar ráiteas a ullmhú nó a athbhreithniú de bhun an ailt seo, áiritheoidh an t-áititheoir lena mbaineann go gcuirfear cóip den ráiteas nó den athbhreithniú i gceangal le clár ginearálta an áitribh lena mbaineann, agus tabharfar cóip den ráiteas (arna athbhreithniú, i gcás inar iomchuí sin) do chigire ar é do dhéanamh iarratas chuige sin.

(6)  (a) Baineann an t-alt seo le haon áitreabh a bhfuil deichniúr nó níos mó fostaithe ann de thuras na huaire, agus ar áitreabh é lena mbaineann alt 26 den Acht seo.

(b) I gcás ar deimhin leis an Aire gur de chineál aon mhonarú, gléasra nó próis gur dóigh dó díobháil coirp a dhéanamh do dhaoine atá fostaithe, féadfaidh sé le rialacháin feidhm a thabhairt don alt seo maidir le haon mhonarcha nó áitreabh eile ina n-úsáidtear an monarú, an gléasra nó an phróis agus nárbh áitreabh é, ar leith ó na rialacháin, lena mbaineann an t-alt seo.

(7) Féadfaidh an tAire le rialacháin monarchana nó áitribh eile d'aicme nó de thuairisc fhorordaithe a dhíolmhú ó fhorálacha an ailt seo agus féadfar gur díolúine iomlán nó díolúine faoi réir coinníollacha an díolúine sin.

CUID IV

Leasuithe Ilghnéitheacha ar an bPríomh-Acht

Leasú ar ailt 2 agus 3 den Phríomh-Acht.

40. —(1) Leasaítear leis seo alt 2 (1) den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad “folóidh sé pé oibreacha eile a forordófar” sa mhíniú ar “obair innealltóireachta”—

“folóidh sé—

(a) ach amháin i gcás an obair sin a dhéanamh le linn oibríochta foirgníochta nó ar iarnród nó ar thrambhealach:

(i) aon cheann díobh seo a leanas a dhéanamh, a athrú ina dhéanmhas nó a dheisiú (lena n-áirítear athphointeáil agus athphéinteáil) nó a scartáil:

(A) déanmhas de chruach nó de choincréit treisithe nó déanmhas dá samhail,

(B) bóthar,

(C) aerpháirc,

(D) aon oibreacha cosanta mara nó oibreacha abhann,

(E) aon oibreacha eile atá cosúil le haon cheann díobh sin roimhe seo,

(ii) aon cheann díobh seo a leanas a dhéanamh (trína leagan síos nó eile), a athrú ina dhéanmhas, a dheisiú (lena n-áirítear athphéinteáil) nó a scartáil:

(A) píop-líne chun aon solad, leacht nó gás a iompar,

(B) cábla-chóras leictreachais nó teileachumarsáide faoi thalamh,

(b) cibé oibreacha eile a fhorordófar, seachas oibreacha a dhéantar i monarcha nó in áitreabh lena mbaineann an tAcht seo de bhua alt 83 (1)”;

(b) trí “ciallaíonn ‘ogánach’ duine atá faoi bhun ocht mbliana déag agus a bhfuil aois slánaithe aige ina scoireann an tAcht Freastal Scoile, 1926 , d'fheidhm a bheith aige ina leith;” a chur in ionad an mhínithe ar “ógánach”;

agus tá an míniú sin ar “obair innealltóireachta”, arna leasú le mír (a) den fho-alt seo, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(2) Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):

“(10) Ní mheasfar nach monarcha chun críocha an Achta seo áitreabh atá ar úinéireacht nó á áitiú ag an gComhairle Oiliúna de bhíthin amháin é a bheith ar úinéireacht amhlaidh nó á áitiú amhlaidh nó de bhíthin amháin nach i modh trádála ná chun críocha brabúis atá an obair ar siúl ann.”.

AN TÁBLA

ciallaíonn “obair innealltóireachta” aon líne iarnróid nó taobhlach a dhéanamh seachas ar iarnród atá ann cheana, agus aon duga, cuan, uiscebhealach intíre, tollán, droichead, tarbhealach, oibreacha uisce, taisciomar, píop-líne, uiscrian, séarach, oibreacha séarachta nó gás-choimeádán a dhéanamh, d'athrú ina dhéanmhas nó a dheisiú (lena n-áirítear athphointeáil agus athphéinteáil) nó a scartáil, ach amháin i gcás an obair sin a dhéanamh ar iarnród nó ar thrambhealach, agus folóidh sé—

(a) ach amháin i gcás an obair sin a dhéanamh le iinn oibríochta foirgníochta nó ar iarnród nó ar thrambhealach:

(i) aon cheann díobh seo a leanas a dhéanamh, a athrú ina dhéanmhas nó a dheisiú (lena n-áirítear athphointeáil agus athphéinteáil) nó a scartáil:

(A) déanmhas de chruach nó de choincréit treisithe nó déanmhas dá samhail,

(B) bóthar,

(C) aerpháirc,

(D) aon oibreacha cosanta mara nó oibreacha abhann,

(E) aon oibreacha eile atá cosúil le haon cheann díobh sin roimhe seo,

(ii) aon cheann díobh seo a leanas a dhéanamh (trína leagan síos nó eile), a athrú ina dhéanmhas, a dheisiú (lena n-áirítear athphéinteáil) nó a scartáil:

(A) píop-líne chun aon solad, leacht nó gás a iompar,

(B) cábla-chóras leictreachais nó teileachumarsáide faoi thalamh,

(b) cibé oibreacha eile a fhorordófar, seachas oibreacha a dhéantar i monarcha nó in áitreabh lena mbaineann an tAcht seo de bhua alt 83 (1).

Alt 37 den Phríomh-Acht do bhaint le stáisiúin leictreachais áirithe.

41. —Bainfidh alt 37 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 12 den Acht seo, le háitreabh a thuairiscítear in alt 83 den Phríomh-Acht (a chuireann forálacha áirithe den Acht sin chun feidhme maidir le stáisiúin leictreachais áirithe) ionann is dá mba mhonarcha an t-áitreabh.

Leasú ar ailt 39, 72 agus 85 den Phríomh-Acht.

42. —(1) Leasaítear leis seo alt 39 den Phríomh-Acht—

(a) trí “aon ghás, galán nó leacht” a chur in ionad “aon ghás nó galán”; “aon gháis, galáin nó leachta” a chur in ionad “aon gháis nó galáin”; “an gháis, an ghaláin nó an leachta” a chur in ionad “an gháis nó an ghaláin” agus “aon ghás, galán ná leacht” a chur in ionad “aon ghás ná galán” i bhfo-alt (3);

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Ní bhainfidh fo-alt (3) den alt seo, a mhéid a bhaineann sé le gléasra ina bhfuil gás nó leacht pléascach nó lasúil faoi bhrú, le gléasra a feistíodh faoi bhéal an aeir.”,

agus tá an fo-alt sin (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 1 den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(2) Leasaítear leis seo alt 72 den Phríomh-Acht—

(a) trí “nó duine a bheidh ceadaithe de thuras na huaire chun críocha an ailt seo ag an Aire” a chur isteach in ndiaidh “an Ceimiceoir Stáit” i bhfo-alt (2) agus “nó ó dhuine a bheidh ceadaithe de thuras na huaire chun críocha an ailt seo ag an Aire” a chur isteach i ndiaidh “ón gCeimiceoir Stáit” i bhfo-alt (3), agus

(b) trí “seachas an tAire,” a chur isteach i ndiaidh “nochtadh do dhuine ar bith,” i bhfo-alt (4),

agus tá na fo-ailt sin (2) agus (3), arna leasú amhlaidh, agus an fo-alt sin (4), arna leasú leis an bhfo-alt seo agus le halt 56 (d) den Acht seo, leagtha amach i míreanna 2, 3 agus 4, faoi seach, den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(3) Leasaítear leis seo alt 85 (2) den Phríomh-Acht trí “fho-alt (2)” a chur in ionad “fo-ailt (3)”.

AN TÁBLA

1. Má bhíonn in aon chuid de ghléasra aon ghás, galán nó leacht pléascach nó lasúil faoi bhrú is mó ná brú an atmaisféir, ní hosclófar an chuid sin, ach amháin do réir na bhforál seo a leanas—

(a) sara mbogtar ceangal aon tsiúnta ar aon phíopa a ghabhas leis an gcuid sin den ghléasra nó ceangal an chlúdaigh ar aon oscailt sa chuid sin, stopfar go héifeachtúil le cosc-chomhla nó eile sní aon gháis, galáin nó leachta den tsaghas sin isteach sa chuid sin nó isteach in aon phíopa den tsaghas sin,

(b) sara mbaintear as a ionad aon cheangal den tsaghas adúradh, déanfar gach beart is féidir chun brú an gháis, an ghaláin nó an leachta sa phíopa nó sa chuid sin den ghléasra a laghdú go dtí brú an atmaisféir,

agus má bogtar nó má baintear as a ionad mar adúradh aon cheangal den tsaghas sin, ní ligfear aon ghás, galán ná leacht atá pléascach nó lasúil isteach sa phíopa nó sa chuid sin den ghléasra go dtí go mbeidh an ceangal daingnithe, nó, do réir mar a bheas, curtha ar ais go daingean.

2. Féadfaidh an t-áititheoir nó an fear cinn nó duine freagarthach eile dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo, nuair a bheas sampla á thógaint faoin alt seo, agus ar é do sholáthar na bhfearas riachtanach, a cheangal ar an gcigire an sampla a roinnt ina thrí coda, gach cuid a mharcáil agus a shéalú nó d'iamh ar pé modh a oireas di, agus—

(a) cuid amháin a sheachadadh don áititheoir, nó don fhear cinn nó do dhuine freagarthach eile,

(b) cuid amháin a choimeád le haghaidh comparáide iardain,

(c) cuid amháin a chur faoi bhráid an taifeora,

agus, má ceanglaítear sin, is é an Ceimiceoir Stáit nó duine a bheidh ceadaithe de thuras na huaire chun críocha an ailt seo ag an Aire a dhéanfas, nó is faoina stiúrú a déanfar, aon taifeach faoin alt seo.

3. Aon deimhniú a airbheartós a bheith ina dheimhniú ón gCeimiceoir Stáit nó ó dhuine a bheidh ceadaithe de thuras na huaire chun críocha an ailt seo ag an Aire maidir le toradh taifigh ar shampla faoin alt seo, beidh sé inghlactha, in aon imeachta faoin Acht seo, mar fhianaise ar na nithe a bheas ráite ann, ach féadfaidh ceachtar páirtí a cheangal go ngairmfear mar fhinné an duine a rinne an taifeach.

4. Ní dleathach do dhuine ar bith, ach amháin an méid is gá sin chun críocha inchúisimh i leith ciona faoin Acht seo, torthaí taifigh a rinneadh faoin alt seo d'fhoilsiú ná a nochtadh do dhuine ar bith, seachas an tAire, agus má ghníomhaíonn duine ar bith contrártha don fho-alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná trí chéad punt a chur air.

Leathnú ar ailt 88 agus 89 den Phríomh-Acht.

43. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, má ghabhann duine de láimh oibríochtaí foirgníochta nó oibreacha innealtóireachta lena mbaineann, de bhua alt 88 nó 89 den Phríomh-Acht, forálacha de chuid an Achta sin, ansin measfar, chun críocha na bhforálacha sin, ina bhfeidhm maidir leis na hoibríochtaí nó na hoibreacha, gur áititheoir monarchan aon duine, seachas an duine céadluaite nó fostaí de chuid an duine chéadluaite, a dhéanann na hoibríochtaí nó na hoibreacha a dhearadh agus a rialú nó a stiúradh, nó a dhéanann maoirseacht ar an dóigh nó ar an modh a ndéantar na hoibríochtaí nó ina hoibreacha.

(2) Le linn forálacha de chuid an Phríomh-Achta a bheith á bhfeidhmiú de bhua fho-alt (1) den alt seo, is forálacha a cheanglaíonn cláir ghinearálta a choimeád agus cóipeanna den achomaireacht fhorordaithe dá dtagraítear in alt 120 (1) (a) den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 46 den Acht seo, agus de rialacháin speisialta nó den achomaireacht fhorordaithe de rialacháin den sórt sin a choimeád in airde, measfar chun críocha an ailt seo na forálacha sin a bheith comhlíonta i ndáil le cás áirithe más rud é maidir leis an gcás sin gur féidir a mheas faoi alt 88 nó 89 den Phríomh-Acht gur comhlíonadh iad.

Leasú ar alt 111 den Phríomh-Acht.

44. —D'fhonn amhras a sheachaint dearbhaítear leis seo go mbeidh feidhm, agus go raibh feidhm riamh, maidir leis an Aire ag alt 111 den Phríomh-Acht.

Leasú ar alt 112 den Phríomh-Acht.

45. —Leasaítear leis seo alt 112 den Phríomh-Acht trí “gan a bheith ina leanbh lena mbaineann an tAcht Freastal Scoile, 1926 ,” a chur in ionad “os cionn ceithre bliana déag d'aois” i bhfo-alt (2), agus tá an fo-alt sin (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

Más rud é, in aon imeachta faoin Acht seo maidir le duine a líomhantar gur ógánach é, go measfaidh an chúirt go ndealraíonn an duine sin a bheith faoi bhun ocht mbliana déag agus gan a bheith ina leanbh lena mbaineann an tAcht Freastal Scoile, 1926 , is ar an gcosantóir a bheas a chruthú nach ógánach an duine sin.

Leasú ar alt 120 (1) den Phríomh-Acht.

46. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 120 den Phríomh-Acht trí “arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán eile” a chur le mír (a), agus tá an fo-alt sin (1) arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

Coimeádfar crochta suas ag na príomh-bhealaigh trína dtéann daoine fostaithe isteach i monarcha—

(a) an achomaireacht fhorordaithe den Acht seo, arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán eile,

(b) fógra ina n-inseofar ainm an dochtúra dheimhníochta don mhonarcha,

(c) gach fógra agus doiciméad a ceanglaítear leis an Acht seo a chrochadh suas sa mhonarcha,

ach má ordaíonn cigire gach ceann nó aon cheann de na doiciméid réamhráite a chrochadh suas i gcoda áirithe den mhonarcha, i dteannta nó in ionad na bpríomh-bhealach isteach adúradh, déanfar mar ordós sé.

Comhshó méadrach ar thoisí áirithe a shonraítear sa Phríomh-Acht, nó coibhéisí méadracha dóibh a chur ar fáil.

47. —D'fhonn toisí reachtúla áirithe agus toisí eile a shonraítear sa Phríomh-Acht a chomhshó go méadrach, nó toisí méadracha coibhéiseacha dóibh a chur ar fáil, beidh éifeacht leis na leasuithe a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

48. —Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 3:

“3A. I gcás a leasóidh an tAire dréacht de rialacháin speisialta atá beartaithe agus gur ceartú de chineál foirmiúil an leasú nó gach ceann de na leasuithe, cibé acu é, ní bheidh feidhm i ndáil leis an dréacht sin ag na forálacha de mhír 3 den Sceideal seo a cheanglaíonn go ndéanfar leis an dréacht leasaithe mar a rinneadh leis an dréacht bunaidh.”.

CUID V

Ilghnéitheach

Cathaoirleach na Comhairle Comhairlí.

49. —Íocfar le cathaoirleach na Comhairle Comhairlí a bunaíodh le halt 127 den Phríomh-Acht cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Lia-chomhairleoirí tionscail.

50. —(1)  (a) Féadfaidh an tAire lia-chleactóir cláraithe a ainmniú faoin bhfo-alt seo.

(b) “Lia-chomhairleoir tionscail” a thabharfar ar dhuine a bheidh ainmnithe de thuras na huaire faoin bhfo-alt seo agus is é a ghairfear de dá éis seo san alt seo.

(c) Beidh de dhualgas ar lia-chomhairleoir tionscail—

(i) i gcás nach mbeidh aon lia-chomhairleoir tionscail eile ainmnithe de thuras na huaire faoin bhfo-alt seo, an tAire a chomhairliú go gairmiúil i ndáil lena fheidhmeanna faoi na hAchtanna,

(ii) i gcás lia-chomhairleoir tionscail amháin nó níos mó a bheith ainmnithe de thuras na huaire, an tAire a chomhairliú go gairmiúil i ndáil le cibé feidhmeanna dá chuid faoi na hAchtanna a shonróidh an tAire ó am go ham i scríbhinn i ndáil leis.

(2)  (a) Féadfaidh an tAire, le hordachán i scríbhinn, a ordú go mbeidh na cumhachtaí go léir atá ag cigire chun críocha na nAchtanna ag aon duine is lia-chomhairleoir tionscail de thuras na huaire agus i gcás a n-ordóidh an tAire é, ansin, fad a bheidh an t-ordachán i bhfeidhm, déanfar tagairtí sna hAchtanna, seachas in alt 95 den Phríomh-Acht, do chigire a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairt do lia-chomhairleoir tionscail.

(b) I gcás a dtabharfaidh an tAire ordachán faoin bhfo-alt seo, tabharfar cóip dheimhnithe den ordachán do gach liachomhairleoir tionscail, agus nuair a bheidh cuairt á tabhairt aige ar mhonarcha nó ar áit lena mbaineann aon cheann d'fhorálacha an Achta seo, tabharfaidh sé, má cheanglaítear air é, an doiciméad ar aird don áititheoir nó d'aon duine eile a bhfuil post údarásach bainistíochta aige sa mhonarcha nó san áit.

(3) Bainfidh fo-alt (2) d'alt 93 den Phríomh-Acht le hordachán faoin alt seo mar a bhaineann sé le húdarás faoin alt sin.

(4) Beidh de dhualgas ar lia-chomhairleoir tionscail go nglacfaidh sé agus go gcoimeádfaidh sé, thar ceann an Aire, aon fhógra, tuarascáil nó deimhniú a cheanglaítear ar lia-chleachtóir cláraithe leis na hAchtanna nó le rialacháin faoi na hAchtanna a chur chuig an Aire.

(5) Féadfaidh lia-chomhairleoir tionscail—

(a) a iarraidh ar aon duine a bhí, nó a bhféadfadh go raibh sé, i dtuairim an chomhairleora sin, le linn a fhostaíochta i monarcha nó in áitreabh sonraithe faoi lé aon bhaol díobhála nó aon chontúirt eile dá shláinte,

(b) d'fhonn staid sláinte daoine atá fostaithe i monarchana éagsúla nó in áitribh shonraithe éagsúla nó in áiteanna éagsúla sa mhonarcha chéanna nó san áitreabh sonraithe céanna a chur i gcóimheas le staid sláinte daoine eile, a iarraidh ar aon duine

dul faoi scrúdú liachta, cibé áit a ainmneoidh sé, a chuirfidh sé féin air nó a chuirfear air thar a cheann nó a chuirfidh cibé dochtúir deimhníochta nó lia-chleachtóir cláraithe eile, nó a chuirfear air thar ceann cibé dochtúir deimhníochta nó lia-chleachtóir cáilithe, a ainmneoidh sé.

(6) I gcás a gceapfar lia-chomhairleoir tionscail le bheith ina dhochtúir deimhníochta chun críocha na nAchtanna, ní bheidh aon táille iníoctha leis i leith a dhualgais a chomhlíonadh mar dhochtúir den sórt sin.

Féadfaidh lia-chleachtóirí áirithe deimhnithe feiliúnachta a eisiúint faoi alt 80 den Phríomh-Acht.

51. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 80 den Phríomh-Acht trí “, nó lia-chleachtóir cláraithe a bheidh ceadaithe chun críocha an ailt seo ag an Aire,” a chur isteach i ndiaidh “an dochtúir deimhníochta”, agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

Faoi réir forál an ailt seo, ní cead ógánach a glacfar isteach in aon fhostaíocht i monarcha d'fhanúint sa bhfostaíocht sin tar éis deich lá oibre (nó pé tréimhse is sia ná sin a forordófar) a bheith caite mura ndearna an dochtúir deimhníochta, nó lia-chleachtóir cáilithe a bheidh ceadaithe chun críocha an ailt seo ag an Aire, é a scrúdú agus deimhniú a thabhairt go bhfuil sé feiliúnach don fhostaíocht sin.

An táille is iníoctha le lia-chleachtóirí faoi alt 76 den Phríomh-Acht.

52. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, táille puint an táille is iníoctha le lia-chleachtóirí faoi alt 76 den Phríomh-Acht (a cheanglaíonn ar lia-chleachtóirí fógra a thabhairt don Aire i dtaobh galar tionscail), agus, dá réir sin, forléireofar fo-alt (1) den alt sin 76 agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt do phunt an tagairt atá ann do dhá scilling agus sé pingne.

(2) Féadfaidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí méid na táille dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a shocrú le rialacháin, agus i gcás rialacháin faoin bhfo-alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, forléireofar alt 76 (1) den Phríomh-Acht, arna leasú le fo-alt (1) den alt seo, agus beidh éifeacht leis ionann is dá gcuirfí tagairt don tsuim a shonraítear sna rialacháin in ionad na tagartha atá ann do phunt.

Cumhachtaí cigirí samplaí a thógáil, etc.

53. —I gcás a rachaidh cigire isteach i monarcha de bhun alt 94 den Phríomh-Acht agus go bhfeictear dó gur gá é chun aon fhoráil de chuid na nAchtanna a chur in éifeacht, féadfaidh sé aon ní nó gach ní díobh seo a leanas a dhéanamh, eadhon,

(a) sampla den atmaisféar in aon chuid den mhonarcha a thógáil,

(b) maidir le haon earra nó substaint a gheobhaidh sé sa mhonarcha, a cheangal ar an áititheoir nó ar aon duine a gheobhaidh sé sa mhonarcha nó ar dhuine a bhfeictear dó an t-earra nó an tsubstaint a bheith ina sheilbh, sampla de a sholáthar in aisce chun é a thástáil, a scrúdú nó a thaifeach,

(c) tógfaidh sé aon toise nó fótagraf nó déanfaidh sé aon téipthaifeadadh nó taifeadadh leictreach eile a mheasfaidh sé is gá chun críocha aon iniúchadh, scrúdú nó fiosrú a dhéanfaidh sé faoin alt sin 94, agus i gcás ina mainneofar ceanglas a chomhlíonadh a chuirfear faoin alt seo, féadfaidh an cigire lena mbaineann sampla den earra nó den tsubstaint ar cuireadh an ceanglas ina leith a thógáil in aisce chun é a thástáil, a scrúdú nó a thaifeach.

Pribhléid do bhaint le foilseacháin áirithe.

54. —I gcás—

(a) a seirbheálfar fógra toirmisc, nó

(b) (i) arb eol don Aire, de bhua chomhlíonadh a fheidhmeanna faoin Acht seo nó eile, aon fhíoras nó ní maidir le monarcha nó áitreabh sonraithe, nó maidir le haon substaint a chreideann an tAire a bheith i monarcha nó in áitreabh sonraithe nó le haon phróis a sheoltar ansin, nó

(ii) arb eol don Aire, nó a gcreideann sé, de bhua an chomhlíonta sin nó eile, gurb amhlaidh atá, aon fhíoras nó ní eile, agus

(iii) i gceachtar cás, go mbaineann an fíoras nó an ní, i dtuairim an Aire, le sábháilteacht, sláinte nó leas daoine atá fostaithe sa mhonarcha nó san áitreabh sonraithe,

féadfaidh an tAire, dá rogha féin amháin, an tseirbheáil nó an fíoras nó an ní eile a fhoilsiú do dhuine ar ionadaí sábháilteachta, toscaire sábháilteachta, comhalta de choiste sábháilteachta nó oifigeach sábháilteachta é de thuras na huaire maidir leis an monarcha nó leis an áitreabh sonraithe lena mbaineann, agus i gcás a ndéanfaidh an tAire an tseirbheáil, an fíoras nó an ní sin a fhoilsiú amhlaidh, beidh pribhléid cháilithe ag gabháil leis an bhfoilsiú sin.

Cionta a ionchúiseamh.

55. —D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí mar gheall ar aon chion faoin Acht seo nó faoin bPríomh-Acht a thionscnamh tráth ar bith laistigh de bhliain tar éis dáta an chiona.

Pionóis i leith cionta faoin bPríomh-Acht a mhéadú.

56. —Beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:

(a) fíneáil £15 an pionós uasta i leith cion faoi alt 74 (3), 76 (2), 76 (5) nó 91 (5) den Phríomh-Acht, agus, dá réir sin, forléireofar gach ceann de na hailt sin agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt do £15 an tagairt atá ann do chúig phunt,

(b) fíneáil £150 an pionós uasta i leith cion faoi alt 40 (14) den Phríomh-Acht, agus, dá réir sin, forléireofar an t-alt sin agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt do £150 an tagairt atá ann do chaoga punt,

(c) fíneáil £150 agus fíneáil bhreise (nach mó san iomlán ná £600) £30 in aghaidh gach lae a leanfar den chion na pionóis uasta i leith cion faoi alt 45 (2) den Phríomh-Acht, agus, dá réir sin, forléireofar an t-alt sin agus beidh éifeacht leis faoi réir fhorálacha na míre seo,

(d) fíneáil £300 an pionós uasta i leith cion faoi alt 72 (4) den Phríomh-Acht agus, dá réir sin, forléireofar an t-alt sin agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt do £300 an tagairt atá ann do chéad punt,

(e) is é an pionós uasta i leith cion faoi alt 78 (2) (g) den Phríomh-Acht—

(i) fíneáil £60 i gcás an chiona a chéadluaitear san alt sin, agus

(ii) fíneáil (nach mó san iomlán ná £600) £30 in aghaidh gach lae a leanfar den chion i gcás an chiona eile a luaitear san alt sin,

agus, dá réir sin, forléireofar an t-alt sin agus beidh éifeacht leis faoi réir fhorálacha na míre seo,

(f) £300 an fhíneáil uasta a fhéadfar a ghearradh mar phionós i leith cion faoi alt 98 (5) den Phríomh-Acht, agus, dá réir sin, forléireofar an t-alt sin agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt do £300 an tagairt atá ann do chéad punt,

(g) fíneáil £100 agus fíneáil bhreise (nach mó san iomlán ná £600) £10 in aghaidh gach lae a leanfar den chion na pionóis uasta i leith cion faoi alt 101 den Phríomh-Acht, agus, dá réir sin, forléireofar an t-alt sin agus beidh éifeacht leis faoi réir fhorálacha na míre seo,

(h) fíneáil (nach mó san iomlán ná £600) £15 in aghaidh gach lae a leanfaidh an t-ordú iomchuí faoin alt sin de bheith gan comhlíonadh an pionós uasta i leith cion faoi alt 102 den Phríomh-Acht, agus, dá réir sin, forléireofar an t-alt sin 102 agus beidh éifeacht leis faoi féir fhorálacha na míre seo,

(i) fíneáil £500 an pionós uasta i leith cion faoi alt 103 (1) den Phríomh-Acht, agus, dá réir sin, forléireofar an tagairt san alt sin do dhá chéad punt mar thagairt do £500,

(j) fíneáil £6 an pionós uasta i leith cion faoi alt 104 den Phríomh-Acht, agus, dá réir sin, forléireofar an t-alt sin agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt do £6 an tagairt atá ann do dhá phunt,

(k) £150 an fhíneáil uasta a fhéadfar a ghearradh mar phionós i leith cion faoi alt 105 den Phríomh-Acht, agus, dá réir sin, forléireofar an t-alt sin agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt do £150 an tagairt atá ann do cheathracha punt,

(l) fíneáil £30 nó fíneáil £3 in aghaidh gach lae ó chuaigh an mhí a thuairiscítear san alt sin in éag, cibé acu is mó, an pionós uasta i leith cion faoi alt 119 (1) den Phríomh-Acht, agus, dá réir sin, forléireofar an t-alt sin agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairtí do £30 agus do £3, faoi seach, na tagairtí atá ann do dheich bpunt agus do phunt, agus

(m) fíneáil £30 an pionós uasta i leith cion faoi alt 120 (3) den Phríomh-Acht, agus, dá réir sin, forléireofar an t-alt sin agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt do £30 an tagairt atá ann do dheich bpunt.

AN SCEIDEAL

Leasú ar an bPríomh-Acht (Comhshó Méadrach ar Thoisí Reachtúla Áirithe agus ar Thoisí Áirithe eile nó Coibhéisí Méadracha dóibh a Chur ar Fáil)

Alt 47.

Leasófar an Príomh-Acht de réir na bhforálacha seo a leanas den Sceideal seo:

1. Cuirtear, leis seo, “11.3 méadar ciúbach (400 troigh chiúbach)” in ionad “ceithre chéad troigh ciúbach” i bhfo-alt (2), agus in ionad “cheithre chéad troigh chiúbach” i bhfo-alt (4), d'alt 11.

2. Cuirtear, leis seo, “7.1 méadar ciúbach (250 troigh chiúbach)” in ionad “dhá chéad go leith troigh chiúbach” in alt 11 (4).

3. Cuirtear, leis seo, “4.27 méadar (14 throigh)” in ionad “ceithre troigh déag” in alt 11 (7).

4. Cuirtear, leis seo, “15.56 céim Celsius (60 céim Fahrenheit)” in ionad “seasca grád” in alt 12 (2).

5. Cuirtear, leis seo, “457.2 milliméadar (18 n-orlach)” in ionad “ocht n-orlach déag” in alt 30 (1).

6. Cuirtear, leis seo, “304.8 milliméadar (12 orlach)” in ionad “dhá orlach dhéag” in alt 30 (2).

7. Cuirtear, leis seo, “12.7 milliméadar (½ orlach)” in ionad “leathorlaigh” i mír (f) d'alt 34 (1).

8. Cuirtear, leis seo, “6.096 méadar (20 troigh)” in ionad “fiche troigh” in alt 35 (7).

9. Cuirtear, leis seo, “2.7 Barra (40 pt. an t-orlach cearnach)” in ionad “dachad punt an t-orlach cearnach” in alt 40 (1) (a) (iv).

10. Cuirtear, leis seo, “141.58 méadar ciúbach (5,000 troigh chiúbach)” in ionad “cúig mhíle troigh ciúbach” in alt 44 (7).

11. Cuirtear, leis seo, “6.096 méadar (20 troigh)” in ionad “fiche troigh” i bhfo-alt (18) (c) agus i bhfo-alt (19) (a) d'alt 45.

12. Cuirtear, leis seo, “22.5 céim Celsius (72½ céim Fahrenheit)” in ionad “seachtó a dó go leith grád” agus “26.7 céim Celsius (80 céim Fahrenheit)” in ionad “ochtó grád”, faoi seach, in alt 63 (2) (b).

13. Cuirtear, leis seo, “15.56 céim Celsius (60 céim Fahrenheit)” agus “.11 gram ocsaigine an lítear (leathghram ocsaigine an galún)” in ionad “seasca grád” agus “leathgram ocsaoine an galún”, faoi seach, in alt 63 (2) (d).

14. Cuirtear, leis seo, “2.2 céim Celsius (4 chéim Fahrenheit)” in ionad “cheithre ghrád” in alt 63 (4).

15. Cuirtear, leis seo, “914.4 milliméadar (3 throigh)” in ionad “trí troithe” sa mhíniú ar “bacús íoslaigh” in alt 65 (4).

16. Cuirtear, leis seo, an taifead seo a leanas in ionad an taifid atá sa Dara Sceideal:

“AN TÁBLA TAISLIGH

Léamha an Teirmiméadair Thirim-Bholgáin

Léamha an Teirmiméadair Fhliuch-Bholgáin

Céimeanna Fahrenheit

Céimeanna Celsius

Céimeanna Fahrenheit

Céimeanna Celsius

50

10.0

48

8.9

51

10.6

49

9.4

52

11.1

50

10.0

53

11.7

51

10.6

54

12.2

52

11.1

55

12.8

53

11.7

56

13.3

54

12.2

57

13.9

55

12.8

58

14.4

56

13.3

59

15.0

57

13.9

60

15.6

58

14.4

61

16.1

59

15.0

62

16.7

60

15.6

63

17.2

61

16.1

64

17.8

62

16.7

65

18.3

63

17.2

66

18.9

64

17.8

67

19.4

65

18.3

68

20.0

66

18.9

69

20.6

67

19.4

70

21.1

68

20.0

71

21.7

68.5

20.3

72

22.2

69

20.6

73

22.8

70

21.1

74

23.3

70.5

21.4

75

23.9

71.5

21.9

76

24.4

72

22.2

77

25.0

73

22.8

78

25.6

73.5

23.1

79

26.1

74.5

23.6

80

26.7

75.5

24.2

81

27.2

76

24.4

82

27.8

76.5

24.7

83

28.3

77.5

25.3

84

28.9

78

25.6

85

29.4

79

26.1

86

30.0

80

26.7

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Monarchan, 1955

1955, Uimh. 10

An tAcht um Fhuinneamh Nuáicléach (An Bord Fuinnimh Núicléigh)

1971, Uimh. 12

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

1851, c. 33

An tAcht Cuanta, 1946

1946, Uimh.17