11 1980

Uimhir 11 de 1980


AN tACHT UM EARRAÍ PACÁISTITHE (CAINNÍOCHTAÍ A RIALÚ), 1980

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ I nDÁIL LE hEARRAÍ PACÁISTITHE. [11 Meitheamh, 1980]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhraíteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Earraí Pacáistithe (Cainníochtaí a Rialú), 1980 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a shocróidh an tAire le hordú.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1970” an tAcht Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1970 ;

folaíonn “coimeádán” mála, buidéal, bosca, cás, cartán, clúdach, eangach, sac nó fillteán agus coimeádán laistigh freisin;

folaíonn “trealamh” aon fhearas nó trealamh, leictreach nó eile (nó aon chuid den chéanna), nó aon inneall nó innealra (nó aon chuid den chéanna);

ciallaíonn “earraí” aon ní is ábhar trádála, monaraíochta nó marsantais agus, i ndáil le pacáiste, ní fholaíonn sé an coimeádán is cuid den phacáiste;

ciallaíonn “allmhaireoir” i ndáil le pacáiste, faoi réir fho-alt (3) den alt seo, an duine a rinne, nó a ndearnadh thar a cheann, an pacáiste a thaifeadadh chun críocha custam ar é a allmhairiú;

ciallaíonn “cigire”, ach amháin in alt 3 (2) (h) den Acht seo, duine arna cheapadh ag an Aire faoi alt 13 den Acht seo le bheith ina chigire chun críocha an Achta seo;

tá le “an e-mharc” an bhrí a shanntar dó le halt 11 den Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta;

ciallaíonn “pacáiste” coimeádán ina bhfuil earraí i dteannta na n-earraí sa choimeádán;

ciallaíonn “pacálaí”, i ndáil le pacáiste, an duine a rinne, le linn dó gnó a sheoladh, na hearraí sa choimeádán is cuid den phacáiste a chur sa choimeádán, nó a chuir faoi deara iad a chur ann;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin faoin Acht seo.

(2) Má bhíonn dhá chainníocht éagsúla nó níos mó sainráite ar phacáiste lena mbaineann alt 8 den Acht seo, tabharfar neamhaird orthu go léir chun críocha an Achta seo ach amháin an ceann a chuireann an chainníocht is mó in iúl.

(3) I gcás a dtabharfar pacáiste a bheidh marcáilte leis an e-mharc isteach sa Stát ó bhallstát eile de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, ansin chun críocha an Achta seo measfar gur pacáiste é nár allmhairíodh.

(4) I gcás fógra a thuairiscítear in alt 3 (2) (i) den Acht seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, ansin maidir leis an duine a seirbheálfar an fógra air forléireofar alt 11 (3) den Acht seo agus beidh éifeacht leis faoi réir théarmaí an fhógra.

Rialacháin.

3. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun aon ní a fhorordú dá dtagraítear san Acht seo mar ní a fhorordaítear; ar choinníoll a mhéid a dhéanann aon rialacháin den sórt sin socrú chun táillí a mhuirearú nach ndéanfar iad ach le toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Féadfaidh rialacháin faoin Acht seo—

(a) feidhm a bheith acu maidir le pacáistí i gcoitinne nó le pacáistí d'aicme nó de thuairisc áirithe,

(b) a fhoráil, i gcás a bhfolaíonn pacáiste coimeádán lasmuigh agus coimeádán nó coimeádáin laistigh, go dtabharfar neamhaird, chun gach críche nó chun aon chríche de chríocha forordaithe an Achta seo, ar cibé ceann de na coimeádáin a bheidh forordaithe,

(c) a fhoráil nach measfar, chun críocha alt 9 (3) den Acht seo, trealamh a bheith oiriúnach mura mbeidh sé déanta d'ábhair shonraithe nó de réir sonraíochta forordaithe nó de réir prionsabail fhorordaithe, nó ag féachaint dóibh,

(d) socrú a dhéanamh chun trealamh a úsáidfear chun pacáistí lena mbaineann alt 8 den Acht seo a dhéanamh suas nó a sheiceáil a iniúchadh, a thástáil agus a dheimhniú,

(e) socrú a dhéanamh chun táillí forordaithe a íoc leis an Aire maidir leis an iniúchadh, leis an tástáil agus leis an deimhniú sin,

(f) socrú a dhéanamh, i gcás a bhfaighidh cigire amach de bharr cumhacht a fheidhmiú a thugtar dó le halt 14 den Acht seo gur mhainnigh duine dualgas a cuireadh air le halt 9 den Acht seo a chomhlíonadh—

(i) go bhféadfaidh an cigire fógra a thabhairt don duine á cheangal air cibé bearta a dhéanamh, laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra (is tréimhse nach giorra ná lá is fiche), is gá chun a chinntiú go ndéanfar ceanglais an ailt sin 9 a comhlíonadh i ndáil leis an ábhar, agus

(ii) i gcás a bhfeidhmeoidh cigire tráth ar bith tar éis dul in éag don tréimhse sin aon chumhacht den sórt sin chun a fháil amach cibé acu ar comhlíonadh nó nár comhlíonadh ceanglais an fhógra, go mbeidh cibé táille a bheidh forordaithe chun críocha na fomhíre seo iníoctha ag an duine leis an Aire,

(g) a fhoráil go bhféadfar le linn bheith á chinneadh—

(i) chun críocha an Achta seo cibé acu atá nó nach bhfuil trealamh oiriúnach nó ar úsáideadh nó nár úsáideadh go hoiriúnach é, nó

(ii) an leor nó nach leor seiceáil nó taifid chun na gcríocha sin, nó

(iii) an leor nó nach leor faisnéis chun a thaispeáint gur dóigh go ndearna duine an dualgas a cuireadh air le halt 9 (1) den Acht seo a chomhlíonadh,

go dtabharfar aird ar dhoiciméid fhorordaithe (is doiciméid ar féidir gurb é atá iontu nó go bhfolaíonn siad cóid nó codanna de chóid ar de threoir phraiticiúil iad),

(h) a fhoráil nach ndéanfar, de bhíthin amháin go n-úsáidtear meáchan, tomhas nó ionstraim tomhais d'aicme nó de thuairisc fhorordaithe chun dualgas a cuireadh le halt 9 den Acht seo a chomhlíonadh nó i ndáil leis sin, na hAchtanna Meáchan agus Tomhas, 1878 go 1961, a fhorléiriú mar Achtanna lena gceanglaítear gur gá an meáchan, an tomhas nó an ionstraim tomhais sin a fhíorú agus a stampáil ag cigire meáchan agus tomhas,

(i) a chumasú do chigire fógra a thabhairt d'aon duine á fhoráil, go dtí go gcuirfidh cigire in iúl don duine i scríbhinn go bhfuil an fógra curtha ar ceal, nach mbeidh feidhm ina leith ag aon cheann, nó nach mbeidh feidhm ina leith ach ag cibé ceann nó níos mó, de na míreanna seo a leanas a shonrófar san fhógra, is é sin le rá, míreanna (a), (b) agus (c) d'alt 11 (3) den Acht seo, maidir le pacáistí de chineál a bheidh sonraithe san fhógra nó maidir le háit a bheidh sonraithe amhlaidh,

(j) cibé forálacha a bheith iontu a mheasfaidh an tAire is iomchuí maidir le toisí mharc a bheidh forordaithe chun críocha alt 11 den Acht seo agus an tslí agus an t-ionad a mbeidh sé le cur ar an gcoimeádán is cuid de phacáiste lena mbaineann alt 8 den Acht seo.

(3) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach díobh sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Fógraí a sheirbheáil.

4. —(1) Déanfar fógra faoin Acht seo a bheidh le seirbheáil ar dhuine nó le tabhairt do dhuine a sheoladh chuig an duine a bhfuil sé le seirbheáil air nó le tabhairt dó agus féadfar é a sheirbheáil air nó a thabhairt dó ar aon slí díobh seo a leanas:

(a) i gcás é a bheith seolta chuige faoina ainm, trína sheachadadh dó;

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air no ag a seolann sé gnó, nó i gcás seoladh le haghaidh seirbheála a bheith tugtha, ag an seoladh sin;

(c) trína chur leis an bpost i litir reámhíoctha chláraithe a sheolfar chuige ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó ag a seolann sé gnó, nó i gcás seoladh le haghaidh seirbheála a bheith tugtha, ag an seoladh sin.

(2) Chun críocha an ailt seo measfar, maidir le cuideachta de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963 , gnáthchónaí a bheith uirthi ina hoifig chláraithe, agus measfar gnáthchónaí a bheith ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe ina phríomh-oifig nó ina phríomh-ionad gnó.

Leathnú ar an Acht.

5. —(1) Féadfaidh an tAire le rialacháin a dhearbhú go mbeidh feidhm ag cibé forálacha de chuid an Achta seo a bheidh forordaithe, fara cibé modhnuithe (más ann) a fhorordófar, maidir le pacáistí d'aicme nó de thuairisc fhorordaithe, ar pacáistí iad—

(a) a bheidh déanta suas ar shlí eile seachas i láthair an duine a bheidh ag ceannach an phacáiste, agus

(b) a mbeidh cainníocht sainráite orthu a bheidh sainráite ina aonaid meáchain nó toirte, agus

(c) nach pacáistí a mbainfidh alt 8 den Acht seo leo ar shlí eile.

(2) I gcás rialacháin faoin alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire déanfar tagairt san Acht seo do phacáiste lena mbaineann alt 8 den Acht seo, i gcás feidhm na forála ina bhfuil an tagairt a leathnú leis na rialacháin, a fhorléiriú, chun éifeacht a thabhairt don rialachán, mar thagairt a fholaíonn tagairt do phacáiste a ndéantar feidhm na forála a leathnú chuige amhlaidh.

Díolúine.

6. —(1) I gcás ar deimhin leis an Aire, ar iarratas chuige sin a bheith déanta chuige, go mbeadh sé míréasúnach—

(a) mar gheall ar dheacracht a bheith ann aon fhearas, trealamh, inneall nó innealra a fháil nó a sholáthar,

(b) toisc nárbh fhéidir nó gur dheacair foireann a earcú nó a oiliúint,

(c) mar gheall ar stoic coimeádán nó lipéad nó doiciméad eile a shealbhú,

(d) mar gheall ar aon chúis eile is cuí in imthosca áirithe an cháis,

a cheangal ar an iarratasóir ceanglais uile, nó aon chuid de cheanglais, an Achta seo a chomhlíonadh gan tréimhse a thabhairt dó le hullmhú don chomhlíonadh sin, ansin faoi réir fho-alt (2) den alt seo féadfaidh sé díolúine a dheonú don iarratasóir faoin alt seo.

(2) Tabharfaidh an tAire díolúine faoin alt seo i scríbhinn agus fanfaidh an díolúine i bhfeidhm ar feadh cibé tréimhse a shonrófar inti ar choinníoll nach gcríochnóidh tréimhse a shonrófar amhlaidh lá ar bith is déanaí ná an 31ú lá de Nollaig, 1985.

(3) Féadfaidh díolúine faoin alt seo—

(a) é a bheith sainráite inti go mbaineann sí le haon phacáiste a rinne an t-iarratasóir suas nó d'allmhairigh sé nó le pacáistí a rinneadh suas nó a allmhairíodh amhlaidh agus is d'aicme nó de thuairisc shonraithe,

(b) a dheonú faoi réir cibé coinníollacha (más ann) a shonróidh an tAire inti nuair a bheidh sé ag deonú na díolúine.

(4) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas i ndáil le díolúine a dheonófar faoin alt seo:

(a) i gcás an díolúine a dheonú faoi réir coinníll, más rud é nach gcomhlíonfar an coinníoll scoirfidh an díolúine d'éifeacht a bheith léi ar an neamhchomhlíonadh sin, agus

(b) fad a fhanfaidh an díolúine i bhfeidhm forléireofar an tAcht seo agus beidh éifeacht leis faoi réir théarmaí na díolúine maidir le haon phacáiste ar pacáiste é lena mbaineann an díolúine.

Caiteachais.

7. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

CUID II

Earraí Pacáistithe

Pacáistí.

8. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, baineann an t-alt seo le haon phacáiste a dhéanfar suas sa Stát nó a allmhaireofar, i gcúrsa gnó a sheoladh, agus—

(a) a bheidh déanta suas ar shlí eile seachas i láthair an duine a bheidh ag ceannach an phacáiste, agus

(b) a mbeidh sainráite air nó, i gcás rialacháin faoi alt 3 (2) (b) den Acht seo a bhaineann leis an bpacáiste a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, ar an gcoimeádán iomchuí, cainníocht a airbheartaíonn gurb í an chainníocht earraí í atá sa phacáiste agus go mbeidh sin sainráite in aonaid meáchain nó toirte, agus arb éard í, i gcás í a bheith sainráite in aonaid meáchain, cainníocht nach lú ná 5 ghram, nó, i gcás í a bheith sainráite in aonaid toirte, cainníocht nach lú ná 5 mhillilítear, agus

(c) ar pacáiste é nach féidir a bhfuil ann ná aon chuid dá bhfuil ann a bhaint as gan é a oscailt.

(2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a dhearbhú nach mbeidh feidhm ag an alt seo, nó nach mbeidh feidhm aige ach amháin fara modhnuithe forordaithe, i ndáil le haon phacáiste (ar pacáiste é a mbainfeadh an t-alt seo leis ar shlí eile, nó, de réir mar is iomchuí, a mbainfeadh sé leis ar shlí eile gan mhodhnú) ar d'aicme nó de thuairisc fhorordaithe é, agus fad a bheidh rialacháin faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm forléireofar an t-alt seo agus beidh éifeacht leis faoi réir a dtéarmaí.

Dualgais pacálaithe agus allmhaireoirí maidir leis an gcainníocht earraí i bpacáistí.

9. —(1) Beidh sé de dhualgas ar dhuine arb é pacálaí nó allmhaireoir pacáistí é lena mbaineann alt 8 den Acht seo a chinntiú, nuair a dhéanfar grúpa de na pacáistí, ar pacáistí iad a mbeidh an chainníocht chéanna marcáilte ar gach ceann díobh, a roghnú ar an modh forordaithe agus go ndéanfaidh cigire na pacáistí sa ghrúpa nó cibé cuid den ghrúpa a roghnófar amhlaidh a thástáil ar an modh forordaithe—

(a) nach lú ná an chainníocht a bheidh sainráite ar gach ceann de na pacáistí sin an chainníocht iomlán earraí a dtaispeánfar leis an tástáil go bhfuil siad sna pacáistí a tástáladh arna roinnt ar líon na bpacáistí sin; agus

(b) nach mó ná an líon a bhfhorordfar gur líon inghlactha é i ndáil leis an líon a tástáladh an líon pacáistí neamhchaighdeánacha i measc na bpacáistí sin a tástáladh.

(2) I gcás a dtaispeánfar, de bharr tástáil a dhéantar i leith grúpa pacáistí nuair a bhíonn na pacáistí i seilbh pacálaí nó allmhaireoir na bpacáistí nó duine eile, nár chomhlíon pacálaí nó allmhaireoir na bpacáistí an dualgas a chuirtear air le fo-alt (1) den alt seo i leith na bpacáistí, ansin, gan dochar do dhliteanas an phacálaí nó an allmhaireora faoi alt 17 den Acht seo i leith na mainneachtana, beidh sé de dhualgas ar an duine a bheidh i seilbh na bpacáistí iad a choimeád ina sheilbh—

(a) go dtí go mbeidh sé údaraithe ag cigire iad a dhiúscairt, nó

(b) más rud é gurb é pacálaí nó allmhaireoir na bpacáistí é, go dtí go mbeidh a dhualgas faoi fho-alt (1) den alt seo comhlíonta aige maidir leis an ngrúpa.

(3) Beidh sé de dhualgas ar dhuine a dhéanann suas pacáistí lena mbaineann alt 8 den Acht seo—

(a) trealamh a bheidh oiriúnach agus ar de chineál forordaithe é a úsáid ar shlí iomchuí nuair a bheidh na pacáistí á ndéanamh suas aige, nó

(b) (i) seiceáil a dhéanamh, an tráth forordaithe, is leor chun a thaispeáint gur chomhlíon sé an dualgas a chuirtear air le fo-alt (1) den alt seo maidir leis na pacáistí, agus—

 (ii) trealamh oiriúnach den chineál forordaithe a úsáid amhlaidh nuair a bheidh an tseiceáil á déanamh aige, agus

 (iii) leor-thaifead ar an tseiceáil a dhéanamh, agus a choimeád go ceann na tréimhse forordaithe.

(4) Beidh sé de dhualgas ar dhuine ar allmhaireoir pacáistí lena mbaineann alt 8 den Acht seo é—

(a) seiceáil den chineál a luaitear i mír (b) d'fho-alt (3) den alt seo a dhéanamh an tráth forordaithe agus fomhír (ii) agus (iii) den mhír sin a chomhlíonadh maidir leis an tseiceáil; nó

(b) (i) doiciméid a fháil maidir leis na pacáistí laistigh den tréimhse fhorordaithe ina mbeidh cibé eolas i dtaobh na bpacáistí is leor chun a thaispeáint gur dóigh gur chomhlíon an pacálaí an dualgas maidir leis na pacáistí a chuirfí air le fo-alt (1) den alt seo dá mba rud é gur sa Stát a rinneadh suas na pacáistí, agus

 (ii) na doiciméid sin a choinneáil go ceann na tréimhse forordaithe.

(5) Chun críocha an ailt seo measfar pacáiste lena mbaineann alt 8 den Acht seo a bheith neamhchaighdeánach más lú cainníocht na n-earraí sa phacáiste, de mhéid is mó ná méid a bheidh forordaithe chun críocha an ailt seo, nó, de réir mar is iomchuí, de mhéid arna ríomh ar an modh a bheidh forordaithe amhlaidh, ná an chainníocht a bheidh sainráite ar an bpacáiste agus dá dtagraítear in alt 8 (1) (b) den Acht seo.

Dualgais pacálaithe agus allmhaireoirí maidir le pacáistí a mharcáil.

10. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, beidh sé de dhualgas ar an duine arb é pacálaí pacáiste é lena mbaineann alt 8 den Acht seo, nó a dhéanann, i gcúrsa gnó, pacáiste den sórt sin a allmhairiú, a chinntiú—

(a) go mbeidh an chainníocht a bheidh sainráite ar an bpacáiste agus dá dtagraítear in alt 8 (1) (b) den Acht seo sainráite amhlaidh sna haonaid fhorordaithe meáchain nó toirte, agus

(b) go mbeidh an chainníocht sin sainráite ar an modh forordaithe, agus

(c) go mbeidh cibé sonraí eile (más ann) a bheidh forodaithe sainráite amhlaidh, agus

(d) go mbeidh cibé cainníocht agus, i gcás ar iomchuí sin, cibé sonraí eile, sainráite amhlaidh ar mhodh go bhféadfar iad a léamh go héasca gan an pacáiste a oscailt.

(2)  (a) Féadfaidh an tAire, más cuí leis é—

(i) chun an pacálaí a rinne suas, agus an áit a ndearnadh suas, pacáiste lena mbaineann alt 8 den Acht seo a aithint, nó

(ii) chun ainm an allmhaireora a d'allmhairigh pacáiste den sórt sin agus an seoladh sa Stát ag a seolann sé gnó mar allmhaireoir a aithint,

socrú a dhéanamh le haon duine go gcuirfidh an duine marc a bheidh sonraithe amhlaidh ar phacáistí d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe sa socrú.

(b) I gcás a mbeidh comhshocraíocht ann de thuras na huaire faoin bhfo-alt seo, má bhíonn pacáiste is d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe sa chomhshocraíocht marcáilte leis an marc a bheidh sonraithe amhlaidh, ansin, a mhéid a cheanglóidh rialacháin faoin alt seo go mbeidh an pacálaí agus an áit nó an t-allmhaireoir agus an seoladh dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo sainráite ar an bpacáiste measfar na rialacháin a bheith comhlíonta.

(3) Is forálacha i dteannta, agus ní forálacha in ionad, fhorálacha aon achtacháin eile forálacha fho-alt (1) den alt seo; ar choinníoll—

(a)  i gcás a bhfolaíonn pacáiste lena mbaineann alt 8 den Acht seo earraí a bheidh sonraithe in ordú faoi alt 2 (1) d'Acht 1970, agus

(b)  i gcás na dualgais a fhorchuirtear leis an alt seo a bheith comhlíonta i ndáil leis an bpacáiste,

ansin más de bhun mhír (a) nó (c) den alt sin 2 (1) a rinneadh an t-ordú, go measfar na ceanglais a bheidh san ordú de bhua cheachtar de na míreanna sin nó de bhua an dá mhír sin, de réir mar is iomchuí, a bheith comhlíonta maidir leis an bpacáiste.

An e-mharc.

11. —(1) Baineann an t-alt seo le haon phacáiste is d'aicme nó de thuairisc atá forordaithe chun críocha an ailt seo.

(2) Ní dhéanfaidh duine i gcúrsa gnó a sheoladh—

(a) aon phacáiste nach pacáiste lena mbaineann an t-alt seo a mharcáil leis an e-mharc,

(b) aon phacáiste a mharcáil amhlaidh ar pacáiste é lena mbaineann an t-alt seo mura rud é gurb é pacálaí nó allmhaireoir an phacáiste é nó go bhfuil sé ag gníomhú thar ceann an phacálaí nó an allmhaireora sin,

(c) aon phacáiste a mharcáil le marc a bheidh chomh cosúil sin leis an e-mharc gur dóigh dó meabhlú.

(3) Faoi réir alt 3 (2) (i) den Acht seo beidh sé de dhualgas—

(a) ar phacálaí pacáistí a bheidh marcáilte leis an e-mharc agus a bheartaíonn sé a onnmhairiú as an Stát; agus

(b) ar dhuine a bheartaíonn pacáistí a allmhairiú a bheidh marcáilte amhlaidh agus iad a onnmhairiú as an Stát go dtí áit i mballstát eile de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa; agus

(c) ar dhuine a bheartaíonn pacáistí a allmhairiú iad a mharcáil leis an e-mharc agus iad a onnmhairiú ar an modh a luaitear i mír (b) den fho-alt seo,

fógra a thabhairt don Aire, laistigh den tréimhse fhorordaithe agus ar an modh forordaithe, ina mbeidh cibé eolas faoi na pacáistí atá forordaithe agus, i gcás duine a thuairiscítear i mír (b) nó (c) den fho-alt seo, cibé eolas breise faoi na pacáistí atá i gceist a shonróidh cigire i bhfógra i scríbhinn a sheirbheálfaidh an cigire ar an duine.

(4) San Acht seo ciallaíonn “an e-mharc” cibé marc a bheidh forordaithe de thuras na huaire chun críocha an ailt seo.

CUID III

Ilghnéitheach

Ní mheasfar gur tuairiscí trádála ráitis áirithe, etc.

12. —(1) Ní mheasfar maidir le ráiteas cainníochta a bheidh sainráite ar phacáiste de bhun alt 10 (1) (a) den Acht seo, gur tuairisc thrádála é de réir bhrí an Merchandise Marks Act, 1887, arna leasú le halt 2 (2) den Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978 .

(2) Chun críocha alt 5 d'Acht 1970 measfar meáchan nó tomhas na n-earraí i bpacáiste lena mbaineann alt 8 den Acht seo a bheith comhionann leis an gcainníocht a bheidh sainráite ar an bpacáiste.

Cigirí.

13. —(1) Féadfaidh an tAire aon duine a cheapadh—

(a) ar oifigeach don Aire é, nó

(b) ar duine é a bheidh de thuras na huaire arna cheapadh faoi na hAchtanna Meáchan agus Tomhas, 1878 go 1961, mar chigire meáchan agus tomhas,

le bheith ina chigire chun críocha an Achta seo.

(2) Gach duine a bheidh ceaptha ag an Aire faoi fho-alt (1) den alt seo le bheith ina chigire tabharfar deimhniú a cheaptha dó agus déanfaidh sé, le linn dó bheith ag feidhmiú cumhachta faoin Acht seo, má iarrann aon duine dá ndéanann sin difear air é, an deimhniú sin a thabhairt ar aird don duine lena iniúchadh.

(3) Gan dochar d'aon chumhacht atá, ar leith ón bhfo-alt seo, ag an Aire maidir le ceapacháin a chúlghairm, féadfaidh an tAire tráth ar bith ceapachán faoin alt seo a chúlghairm, agus i gcás a gcúlghairfidh an tAire ceapachán faoin alt seo, déanfaidh an duine a mbeidh a cheapachán cúlghairthe amhlaidh an deimhniú a tugadh dó faoin alt seo a thabhairt láithreach don Aire.

Cumhachtaí cigirí.

14. —(1) Chun éifeacht a thabhairt don Acht seo, féadfaidh cigire—

(a) dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh, seachas teaghais, a gcreideann sé le réasún go bhfuil pacáistí ann de thuras na huaire lena mbaineann alt 8 den Acht seo,

(b) an t-áitreabh sin a iniúchadh agus aon phacáistí a gheofar ann agus a gcreideann sé le réasún gur pacáistí iad lena mbaineann an t-alt sin 8 a scrúdú,

(c) faoi réir fho-alt (4) den alt seo, aon phacáiste den sórt sin a oscailt agus aon earraí nó coimeádán sa phacáiste sin a scrúdú, a thástáil (lena n-áirítear tástáil go dtí a mhilleadh) agus a thomhas,

(d) faoi réir fho-alt (4) den alt seo, aon phacáiste den sórt sin a thabhairt chun siúil as an áitreabh lena scrúdú, lena thástáil agus lena thomhas,

(e) aon trealamh a thástáil a gcreideann sé le réasún go bhféadfaí é a úsáid chun pacáistí lena mbaineann alt 8 den Acht seo a dhéanamh suas nó a sheiceáil,

(f) a cheangal ar aon duine, seachas oifigeach Custam agus Máil, a gheobhaidh sé san áitreabh sin aon leabhair, taifid nó doiciméid eile a bheidh faoi chumhacht nó rialú an duine sin agus a bhainfidh leis na pacáistí sin nó leis na hearraí iontu a thabhairt ar aird lena n-iniúchadh ag an gcigire sin agus cibé eolas a thabhairt dó (ar eolas é atá ag an duine) a iarrfaidh sé i ndáil le haon sonraí sna leabhair, sna taifid nó sna doiciméid eile sin,

(g) aon leabhair, taifid nó doiciméid eile den sórt sin a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu,

(h) i gcás a bhfaighidh sé san áitreabh sin aon phacáiste den sórt sin, a cheangal ar aon duine a gheobhaidh sé amhlaidh ainm an duine a rinne suas, a d'allmhairigh nó a dháil an pacáiste a thabhairt dó más eol don duine sin é,

agus, má bhíonn foras réasúnach ag cigire lena cheapadh gur mhainnigh duine nó go mainníonn sé fós an dualgas a chuirtear air le halt 9 nó 10 den Acht seo a chomhlíonadh maidir le haon phacáiste a fuarthas in áitreabh a ndeachaigh an cigire isteach ann de bhun an ailt seo, nó go bhfuil aon phacáiste den sórt sin uireasach chun críocha alt 17 (5) den Acht seo, féadfaidh sé an pacáiste agus aon ní eile a fuarthas amhlaidh a urghabháil agus a choinneáil, ar ní é ar dealraitheach dó go bhféadfadh sé a bheith ag teastáil mar fhianaise in imeachtaí maidir le cion faoin Acht seo.

(2) Má bhíonn cúis réasúnach ag cigire chun a chreidiúint gur mhainnigh duine dualgas a chuirtear air le halt 9 den Acht seo a chomhlíonadh i ndáil le grúpa pacáistí, féadfaidh an cigire fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar an duine atá i seilbh na bpacáistí ina sonrófar na pacáistí agus a cheanglóidh air na pacáistí a choinneáil in áit a bheidh sonraithe san fhógra agus a bheidh faoina réir ag an gcigire go ceann tréimhse a shonrófar amhlaidh (ar tréimhse í nach faide ná mí amháin).

(3) Féadfaidh cigire le linn dó cumhacht a fheidhmiú a thugtar dó le fo-alt (1) den alt seo a cheangal ar dhuine a gheobhaidh sé in áitreabh a rachaidh sé isteach ann i bhfeidhmiú cumhachta den sórt sin—

(a) a chumasú don chigire sin aon ní a úsáid a bheidh an tráth sin faoi rialú an duine agus a theastóidh ón gcigire chun scrúdú, tástáil nó tomhas a dhéanamh faoin bhfo-alt sin (1),

(b) cibé cúnamh pearsanta a thabhairt, nó a chur faoi deara é a thabhairt, chun na críche sin nó i ndáil léi a shonróidh an cigire le réasún.

(4) Má dhéanann cigire—

(a) pacáiste a bhriseadh de bhun fho-alt (1) (c) den alt seo in áit seachas áitreabh a bheidh ar áitiú ag pacálaí nó ag allmhaireoir an phacáiste agus nach pacáiste uireasach chun críocha alt 17 (5) den Acht seo an pacáiste,

(b) pacáiste a thabhairt leis de bhun fho-alt (1) (d) den alt seo.

beidh sé de dhualgas ar an gcigire, má iarrann úinéir an phacáiste air sin a dhéanamh, an pacáiste a cheannach thar ceann an Aire.

Achomharc in aghaidh urghabhálacha.

15. —Aon duine arb éagóir leis urghabháil agus coinneáil a rinneadh faoin Acht seo féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun Breitheamh den Chúirt Dúiche agus féadfaidh an Breitheamh le linn dó an t-achomharc a chinneadh—

(a) más deimhin leis go ndearnadh an pacáiste nó an ní eile a urghabháil go cuí, an urghabháil agus an choinneáil a dhaingniú, agus

(b) mura deimhin leis amhlaidh, a ordú don duine a rinne an urghabháil an pacáiste nó an ní eile a urghabhadh a thabhairt ar ais don duine agus a ordú don Aire cibé cúiteamh (más ann), costais (más ann) agus caiteachais (más ann) a íoc leis an duine a mheasfaidh sé a bheith réasúnach ag féachaint d'aon chaillteanas, costais agus caiteachais a thabhaigh an duine de bharr na hurghabhála agus na coinneála.

Nithe a urghabhadh a dhiúscairt.

16. —(1) Cigire a rinne, de réir an Achta seo, aon phacáiste nó ní eile a urghabháil ní dhéanfaidh sé é a dhiúscairt gan toiliú i scríbhinn ó úinéir an phacáiste nó ón duine ar dealraitheach é a bheith i gcúram nó i bhfeighil an phacáiste nó an ní eile, ach i gcás aon ní seachas doiciméad, féadfar é a dhiúscairt má thugann Feidhmeannach Síochána ordachán de bhun an ailt seo lena dhiúscairt.

(2) Duine a rinne, de réir an Achta seo, aon phacáiste a urghabháil féadfaidh sé, tar éis fógra i scríbhinn a thabhairt d'úinéir an phacáiste nó don duine ar dealraitheach é a bheith i gcúram nó i bhfeighil an phacáiste nuair a rinneadh an urghabháil, á rá go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh, iarratas a dhéanamh chun Feidhmeannaigh Shíochána ar ordachán go ndéanfaí an pacáiste a dhiúscairt (trína mhilleadh nó ar shlí eile) ar mhodh a shonrófar san ordachán.

(3) Feidhmeannach Síochána a mbeidh iarratas chuige sin déanta chuige go cuí faoin alt seo déanfaidh sé, más deimhin leis, maidir leis na hearraí in aon phacáiste ar ina leith a rinneadh an t-iarratas, go bhfuil siad, nó gur dóigh dóibh sula bhféadfar an pacáiste a úsáid mar fhianaise in imeachtaí i leith cion faoin Acht seo, a bheith neamhoiriúnach mar bhia don duine, nó más deimhin leis ar aon chúis eile nár cheart an pacáiste a choinneáil a thuilleadh, ordachán a thabhairt faoin alt seo á údarú an pacáiste a dhiúscairt (trína mhilleadh nó ar shlí eile).

(4) I gcás a dtabharfar ordachán faoin alt seo, déanfaidh an duine a d'iarr an t-ordachán, a luaithe is féidir, fógra faoin ordachán a dhéanamh a thabhairt don duine ar tugadh fógra dó de bhun fho-alt (2) den alt seo.

(5) Aon duine arb éagóir leis ordachán a tugadh faoin alt seo féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná seacht lá tar éis an t-ordachán a thabhairt, achomharc a dhéanamh chun Breitheamh den Chúirt Dúiche in aghaidh an ordacháin agus féadfaidh an Breitheamh le linn dó an t-achomharc a chinneadh—

(a) an t-ordachán a dhaingniú más deimhin leis gur tugadh an t-ordachán go cuí agus gur cheart, ag féachaint d'imthosca an cháis, an t-ordachán a dhaingniú, agus

(b) mura deimhin leis amhlaidh, an t-ordachán a neamhniú.

(6) (a) Faoi réir mhíreanna (c) agus (d) den fho-alt seo, ní bheidh éifeacht le hordachán faoin alt seo go dtí go mbeidh seacht lá caite ó dháta a dhéanta.

(b) Má dhéantar achomharc chun na Cúirte Dúiche in aghaidh ordachán faoin alt seo, beidh éifeacht leis an ordú, má dhaingníonn an Chúirt Dúiche an t-ordachán, cibé tráth a chinnfidh an chúirt sin.

(c) Más deimhin le Feidhmeannach Síochána gur chóir ar chúis ar bith go mbeadh éifeacht le hordachán a thug sé faoin alt seo sula mbeadh seacht lá caite ó dháta a dhéanta agus go sonróidh sé san ordachán an tráth ar chóir éifeacht a bheith leis amhlaidh, beidh éifeacht leis an ordachán an tráth a shonrófar amhlaidh.

(d) I gcás ní a dhiúscairt de réir ordachán faoin alt seo agus go ndéanfaidh an Chúirt Dúiche, ar achomharc, an t-ordachán a neamhniú, féadfaidh an Chúirt Dúiche a ordú go n-íocfaidh an tAire leis an úinéir cibé cúiteamh (más ann), costais (más ann) agus caiteachais (más ann) a mheasfaidh sí a bheith réasúnach ag féachaint d'aon chaillteanas, costais agus caiteachais a thabhaigh an t-úinéir i ngeall ar an diúscairt faoin alt seo.

(7) I gcás a dtabharfaidh Feidhmeannach Síochána ordachán de bhun an ailt seo déanfaidh sé, ar an duine a d'iarr an t-ordachán do thabhairt ar aird dó an ní lena mbaineann an t-ordachán, deimhniú san fhoirm fhorordaithe a thabhairt don duine sin ina mbeidh tuairisc ar an ní agus a dhearbhóidh go bhfuil ordachán faoin alt seo tugtha aige maidir leis.

(8) Íocfar leis an Aire airgead is iníoctha de bhun diúscartha faoin alt seo.

Cionta.

17. —(1) Duine a mhainneoidh dualgas a chomhlíonadh a chuirtear air le fo-alt (1), (3) nó (4) d'alt 9 nó le fo-alt (1) d'alt 10 den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.

(2) Beidh duine a sháróidh alt 9 (2) den Acht seo ciontach i gcion.

(3) Duine a choiscfidh nó a bhacfaidh cigire agus é ag feidhmiú cumhachta, nó nach ndéanfaidh de réir cheanglas a chuir cigire faoin Acht seo, beidh sé ciontach i gcion.

(4) Duine ar bith—

(a)  a airbheartóidh an dualgas a chuirtear air le mír (b) d'alt 9 (3) den Acht seo nó le mír (a) d'alt 9 (4) den Acht seo a chomhlíonadh trí thaifead a dhéanamh is eol dó a bheith bréagach i bponc ábhartha, nó

(b)  a airbheartóidh an dualgas a chuirtear air le mír (b) den alt sin 9 (4) a chomhlíonadh faoi threoir doiciméad ina bhfuil eolas is eol dó a bheith bréagach i bponc ábhartha; nó

(c)  le hintinn mheabhlaireachta, a athróidh nó a mhillfidh aon taifead a choinnítear chun críocha an Achta seo nó aon doiciméad a choinnítear chun críocha alt 9 (4) (b) den Acht seo,

beidh sé ciontach i gcion.

(5)  (a)  Má bhíonn pacáiste lena mbaineann alt 8 den Acht seo agus atá uireasach ina sheilbh ag duine lena dhíol, nó má chomhaontaíonn sé go ndíolfaidh sé nó má dhíolann sé pacáiste den sórt sin agus—

(i) gurb é pacálaí nó allmhaireoir an phacáiste é, nó

(ii) gurb eol dó go bhfuil an pacáiste uireasach,

beidh sé ciontach i gcion.

(b) I gcás—

(i) pacáiste lena mbaineann alt 8 den Acht seo a bheith déanta suas de bhun comhaontaithe nó socraithe idir an pacálaí iomchuí agus duine eile, agus

(ii) go mbeidh an pacáiste uireasach, agus

(iii) a seachadfaidh an pacálaí sin an pacáiste do dhuine nó ar ordú duine ar dó a bheidh sé le seachadadh faoin gcomhaontú nó faoin gcomhshocraíocht,

beidh an pacálaí sin ciontach i gcion.

(c) Chun críocha an fho-ailt seo measfar pacáiste lena mbaineann alt 8 den Acht seo a bheith uireasach más lú cainníocht na n-earraí sa phacáiste, de mhéid is mó ná dhá oiread an mhéid a bheidh forordaithe chun críocha alt 9 (5) den Acht seo, nó, de réir mar is iomchuí, dhá oiread an mhéid iomchuí arna ríomh ar an modh a bheidh forordaithe amhlaidh, ná an chainníocht a bheidh marcáilte de bhun an Achta seo ar an bpacáiste.

(6) I gcás cion faoin Acht seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe nó ag comhlacht neamhchorpraithe daoine nó ag duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú thar ceann comhlachta den sórt sin agus go gcruthófar go ndearnadh an cion le toiliú, le cúlcheadú nó le ceadú, nó gur urasaíodh a dhéanamh le haon fhaillí ar thaobh, aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí nó oifigigh eile de chuid comhlachta den sórt sin nó comhalta den choiste nó d'údarás rialaithe eile de chuid comhlachta den sórt sin nó aon duine ag gníomhú mar stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó feidhmeannach eile, beidh an duine sin freisin ciontach sa chion.

(7) Féadfaidh an tAire imeachtaí achomaire i leith cion faoin Acht seo a ionchúiseamh.

(8) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achomaire mar gheall ar chion faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an chiona.

Cosaint.

18. —In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo ina gcruthófar gur mhainnigh an cosantóir an dualgas a chomhlíonadh a chuirtear air—

(a) le fo-alt (3) d'alt 9 den Acht seo, maidir le taifid a choimeád, nó

(b) le fo-alt (4) den alt sin 9 maidir le doiciméid a fháil nó a choinneáil,

ní dhéanfar an cosantóir a chiontú i gcion faoin Acht seo de bharr na mainneachtana sin amháin má dheimhníonn sé don chúirt go ndearna sé beart réasúnach chun an dualgas sin a chomhlíonadh.

Pionóis.

19. —(1) Duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1) nó (5) d'alt 17 den Acht seo dlífear ar é a chiontú ar díotáil,

(a) i gcás an chéad chiona, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air, agus

(b) i gcás an dara cion nó cion dá éis sin, fíneáil nach mó ná £10,000 a chur air.

(2) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo, seachas cion faoi fho-alt (1) nó (5) d'alt 17, dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(3) Beidh dlínse ag Breitheamh den Chúirt Dúiche cion a thriail go hachomair faoi fho-alt (1) nó (5) d'alt 17 den Acht seo más rud é—

(a) gurb é tuairim an Bhreithimh gur mionchion a fhéadfar a thriail go hachomair na fíorais a cruthaíodh nó a líomhnaíodh in aghaidh chosantóir a bheidh cúisithe i gcion den sort sin,

(b) go dtoileoidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí leis sin, agus

(c) nach ndéanfaidh an cosantóir (tar éis don Bhreitheamh a chur in iúl dó go bhfuil de cheart aige go dtrialfadh giúiré é) agóid in aghaidh a thriail go hachomair,

agus, ar é a chiontú faoin bhfo-alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur ar an gcosantóir sin.

(4) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , i ndáil le cion faoi fho-alt (1) nó (5) d'alt 17 den Acht seo ionann is dá mba rud é, in ionad na bpionós a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt sin, gur sonraíodh ann an pionós dá bhforáiltear le fo-alt (3) den alt seo, agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin do na pionóis dá bhforáiltear le fo-alt (3) den alt sin a fhorléiriú dá réir sin.

Srian le feidhm alt 3 d'Acht 1970.

20. —Más rud é, in aon imeachtaí mar gheall ar bharánta a shárú den chineál a shonraítear in alt 3 (1) d'Acht 1970 agus ina n-éireoidh saincheist an de shárú ar ordú faoi mhír (b) nó (d) d'alt 2 (1) den Acht sin a pacáladh earraí, go gcruthóidh an cosantóir—

(a) go raibh na hearraí lena mbaineann na himeachtaí ar áireamh i bpacáiste, agus nach raibh siad ar áireamh ach i bpacáiste, lena mbaineann alt 8 den Acht seo nó go raibh siad ar áireamh in dhá phacáiste den sórt sin nó níos mó agus nach raibh siad ar áireamh ach in dhá phacáiste den sórt sin nó níos mó, agus

(b) (i) i gcás arb é an cosantóir pacálaí nó allmhaireoir an phacáiste nó na bpacáistí, de réir mar is iomchuí, a luaitear i mír (a) den fho-alt seo, gur chomhlíon sé an dualgas a chuirtear air le halt 9 den Acht seo a mhéid a bhaineann sé le pacáiste nó pacáistí den sórt sin, agus nach bhfuil an pacáiste sin, nó, de réir mar is iomchuí, aon cheann de na pacáistí sin, uireasach chun críocha alt 17 (5) den Acht seo,

 (ii) i gcás aon chosantóra eile, nach bhfuil an pacáiste sin, nó, de réir mar is iomchuí, aon cheann de na pacáistí sin, uireasach chun na gcríocha sin,

ansin, maidir leis na himeachtaí a mhéid a bhaineann siad leis an tsaincheist sin, measfar meáchan nó toirt na n-earraí sa phacáiste nó sna pacáistí a bheith comhionann leis an gcainníocht a bheidh marcáilte ar an bpacáiste, nó, i gcás a mbeidh dhá phacáiste nó níos mó den sórt sin ann, le comhiomlán na gcainníochtaí a bheidh marcáilte orthu.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

An tAcht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978

1978, Uimh. 1

An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967

1967, Uimh. 12

Merchandise Marks Act, 1887

1887, c. 28

An tAcht Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1970

1970, Uimh. 10

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

1851, c. 93

Na hAchtanna Meáchan agus Tomhas, 1878 go 1961