24 1980


Uimhir 24 de 1980


AN tACHT UM CHINEÁLACHA PLANDAÍ (CEARTA DÍLSEÁNAIGH), 1980

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO CHRUTHÚ CEARTA DÍLSEÁNAIGH MAIDIR LE CINEÁLACHA GÉINEAS NÓ SPEICEAS LUIBHEOLAÍOCHTA, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN NA CEARTA SIN A DHEONÚ DO DHAOINE A PHÓRAÍONN NÓ A FHIONNANN CINEÁLACHA DEN SÓRT SIN AGUS CHUN NA CEARTA SIN A CHUR I bhFEIDHM ARNA nDEONÚ, CHUN OIFIG A BHUNÚ DÁ nGAIRFEAR AN RIALAITHEOIR CEARTA PÓRAITHEOIRÍ PLANDAÍ, DO SHAINIÚ FEIDHM-EANNA SHEALBHÓIR NA hOIFIGE SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE SIN ROIMHE SEO. [14 Iúil, 1980]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

tá le “an Coiste Achomhairc” an bhrí a shanntar dó le halt 14 (3) den Acht seo;

ciallaíonn “údarú” údarú arna thabhairt de bhun alt 4 (5) den Acht seo;

ciallaíonn “an Coinbhinsiún” an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta do Chosaint Cineálacha Nua Plandaí a rinneadh i bPáras an 2ú lá de Nollaig, 1961, mar a athchóiríodh é sa Ghinéiv an 10ú lá de Shamhain, 1972, agus an 23ú lá de Dheireadh Fómhair, 1978, faoi seach;

ciallaíonn “an Rialaitheoir” an Rialaitheoir Cearta Póraitheoirí Plandaí;

ciallaíonn “tír Choinbhinsiúin” tír nó críoch is páirtí sa Choinbhinsiún nó ceann lena mbaineann dearbhú a bheidh in ordú arna dhéanamh ag an Aire faoi alt 2 den Acht seo agus a mbeidh feidhm aige de thuras na huaire;

ciallaíonn “sealbhóir” sealbhóir cearta póraitheoirí plandaí;

tá le “an Iris” an bhrí a shanntar dó le halt 19 den Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

tá le “an clár” an bhrí a shanntar dó le halt 20 den Acht seo;

folaíonn “díol” tairiscint nó taisealbhadh le haghaidh díola agus iarraidh le haghaidh ceannaigh agus forléirofar focail ghaolmhara dá réir sin;

folaíonn “cineál” i ndáil le plandaí aon chlón, líne, croschineál nó malairt ghineolaíoch d'aon phlanda.

(2) Déanfar tagairtí san Acht seo d'ábhar atáirgeach a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí—

(a) do shíolta le cur,

(b) do phrátaí síl agus d'ábhar iomadaithe fásúil eile,

(c) do phlandaí ornáideacha agus do pháirteanna de phlandaí den sórt sin, i gcás ina n-úsáidtear iad i modh tráchtála mar ábhar iomadaithe chun plandaí ornáideacha agus bláthanna gearrtha a tháirgeadh,

(d) do phlandaí iomlána nach plandaí ornáideacha, mar aon le páirteanna de na plandaí sin, i gcás ina bhféadfar na plandaí iomlána sin nó na páirteanna sin a úsáid mar ábhar atáirgeach.

(3) Sna tagairtí san Acht seo d'iarratasóir ar chearta póraitheoirí plandaí, nó do shealbhóir, áireofar, mar a gceadaíonn an comhthéacs é, tagairtí dá réamhtheachtaithe i dteideal nó dá chomharbaí i dteideal, agus i gcás dhá dhuine nó níos mó a bheith ina gcomhdhílseánaigh ar chearta póraitheoirí plandaí, déanfar na tagairtí sin a fhorléiriú i ndáil leis na cearta sin mar thagairtí a fholaíonn tagairt do gach duine de na daoine sin.

(4) I gcás ina ndíolfar planda ornáideach nó páirt de phlanda den sórt sin i gcúrsa gnó chun a úsáide ag an gceannaitheoir chun críocha seachas chun iomadaithe agus go n-úsáideann an ceannaitheoir an planda sin nó an pháirt sin i modh tráchtála mar ábhar iomadaithe, ní dhéanfar aon fhoráil den Acht seo a fhorléiriú mar fhoráil nach bhfuil feidhm aici i ndáil leis an gceannaitheoir sin de bhíthin amháin go ndearnadh an planda nó an pháirt a dhíol amhlaidh.

Coinbhinsiúin, comhshocraíochtaí, etc.

2. —(1) Chun go bhféadfar éifeacht a thabhairt d'aon choinbhinsiún nó comhaontú idirnáisiúnta do chosaint cineálacha plandaí agus cearta póraitheoirí plandaí ar páirtí ann an Stát, féadfaidh an Rialtas le hordú a dhearbhú gur tír choinbhinsiúin chun críocha an Achta seo tír choigríche nó tíortha coigríche, arb amhlaidh don tír choigríche sin, nó do gach ceann de na tíortha coigríche sin, gur tír í ar páirtí sa choinbhinsiún nó sa chomhaontú a rialtas nó aon cheann dá ranna stáit, agus fad a fhanfaidh an t-ordú i bhfeidhm is tír choinbhinsiúin chun críocha an Achta seo aon tír choigríche ar tír í a bheidh sonraithe sa dearbhú a bheidh tugtha san ordú sin.

(2) Féadfaidh ordú faoin alt seo a fhoráil go sroichfidh an dearbhú a bheidh tugtha ann chuig aon chríoch a measfaidh rialtas thír choigríche a bheidh sonraithe sa dearbhú sin go bhfuil sé féin freagrach as a caidreamh eachtrach, agus i gcás ordú faoin alt seo dá fhoráil amhlaidh, ansin fad a bheidh an t-ordú i bhfeidhm maidir leis an tír choigríche sin measfar chun críocha an Achta seo gur tír choinbhinsiúin an chríoch a mbeidh an dearbhú ag sroicheadh chuici amhlaidh.

(3)  (a) Más rud é, de dhroim aon chomhaontú ar páirtí ann an tAire, go ndéanfar comhshocraíocht (dá ngairtear “comhshocraíocht chomharaíochta” san alt seo) le tír nó críoch, seachas an Stát, chun go bhféadfaidh daoine a bhfuil áit ghnó (ar gnó é a thuairiscítear in alt 5 (1) (c) den Acht seo) acu sa Stát iarratas a dhéanamh faoi dhlí na tíre nó na críche sin, ar dlí é a bhfuil a fhorálacha ar comhréir nó ar comhréim le forálacha an Achta seo, ar comhchéim le daoine a chónaíonn, nó a bhfuil áit den sórt sin gnó acu, sa tír nó sa chríoch, féadfaidh an tAire le rialacháin a dhearbhú gur tír nó críoch lena mbaineann an t-alt seo an tír nó an chríoch sin.

(b) I gcás ina bhfoirceannfar comhaontú ar de bhua é a bheith ann a bhí ar chumas an Aire rialacháin a dhéanamh faoin bhfo-alt seo nó i gcás é do scor ar dhóigh eile d'fheidhm a bheith aige, déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir, na rialacháin a chúlghairm.

(4) Féadfaidh an Rialaitheoir, le toiliú an Aire, aon chomhaontú nó comhshocraíocht a dhéanamh agus a chur i gcrích le húdarás iomchuí i dtír choigríche is comhaontú nó comhshocraíocht a bhaineann le deonú agus cosaint cearta póraitheoirí plandaí, nó na gcearta faoi dhlí na tíre sin atá ar comhréir nó ar comhréim le cearta póraitheoirí plandaí.

(5) Féadfar ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú le hordú dá éis sin ón Rialtas.

(6) San alt seo ciallaíonn “an t-údarás iomchuí i dtír choigríche” an duine a bhfuil feidhmeanna sannta dó faoi dhlí tíre seachas an Stát ar feidhmeanna iad atá ar comhréir nó ar comhréim leis na feidhmeanna a shanntar don Rialaitheoir faoin Acht seo.

An Rialaitheoir Cearta Póraitheoirí Plandaí.

3. —(1) Deantar leis seo oifig a bhunú dá ngairfear an Rialaitheoir Cearta Póraitheoirí Plandaí agus is é a bheidh san oifig sin comhlacht corpraithe le comharbas suthain agus beidh cumhacht agartha aici agus beidh sí inagartha ina hainm corpraithe.

(2)  (a) Déanfaidh an tAire de réir mar is gá sa chás duine a cheapadh (agus féadfar gur oifigeach don Aire an duine sin) chun oifig an Rialaitheora a líonadh agus gach duine a cheapfar faoin bhfo-alt seo beidh sé i seilbh oifige ar feadh cibé téarma agus, faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, ar cibé coinníollacha a shonróidh an tAire nuair a bheidh an ceapachán á dhéanamh aige.

(b) I gcás ar duine lena mbaineann fo-alt (9) den alt seo an duine a cheapfar chun oifig an Rialaitheora a líonadh, íocfar cibé luach saothair leis a chinnfidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(3) Beidh an Rialaitheoir faoi ghnáth-mhaoirseacht agus faoi ghnáth-rialú an Aire.

(4) Duine a cheapfar faoin alt seo le bheith ina Rialaitheoir agus a rachaidh a théarma oifige in éag seachas de bhíthin é a chur as oifig beidh sé inathcheaptha.

(5) Féadfaidh an tAire an duine is Rialaitheoir de thuras na huaire a chur as oifig má bhíonn sé neamhinniúil de dheasca droch-shláinte ar a dhualgais a chomhlíonadh go héifeachtach, nó a mhí-iompair é féin mar a bheidh luaite nó má dhealraíonn sé don Aire gur gá é a chur as oifig chun go ndéanfaidh an Rialaitheoir a fheidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach.

(6) Soláthróidh an Rialaitheoir séala dó féin a luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith.

(7) Déanfar séala an Rialaitheora a fhíordheimhniú le síniú an Rialaitheora nó le síniú duine éigin eile a bheidh údaraithe ag an Aire gníomhú chuige sin.

(8) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Rialaitheora agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Rialaitheoir agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir fho-alt (7) den alt seo) an Rialaitheora agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan chruthúnas, mura suífear a mhalairt.

(9)  (a) Féadfaidh an tAire, a luaithe is féidir, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, scéim a dhéanamh agus a chur i gcrích de réir a téarmaí chun pinsean, aisce nó liúntas eile a dheonú do dhaoine nó i leith daoine lena mbaineann an fo-alt seo, ar daoine iad a gceanglaítear orthu lena gcoinníollacha ceapacháin a gcuid ama oibre go léir a chaitheamh i mbun dualgais oifig an Rialaitheora, ar scor dóibh d'oifig an Rialaitheora a shealbhú.

  (b) Féadfaidh scéim faoin bhfo-alt seo a fhoráil, má dhéantar ceapachán duine lena mbaineann an fo-alt seo chun oifig an Rialaitheora a fhoirceannadh le linn a théarma oifige, nach gcoiscfidh sin air pinsean, aisce nó liúntas eile a dheonú dó.

 (c) Féadfaidh an tAire, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, scéim a rinne sé faoin bhfo-alt seo a leasú.

(d) Baineann an fo-alt seo le haon duine a cheapfar chun oifig an Rialaitheora a líonadh agus nárbh oifigeach don Aire é díreach roimh an gceapachán sin.

(e) Ní dheonófar aon phinsean, aisce ná liúntas eile don Rialaitheoir ná ní dhéanfar aon chomhshocraíocht eile chun pinsean, aisce nó liúntas eile a sholáthar ar é do scor d'oifig a shealbhú, ach amháin de réir scéim arna cur isteach agus arna ceadú faoin alt seo.

(10) Má dhéanann an Rialaitheoir cinneadh faoin Acht seo, tiocfaidh an cinneadh nó an t-ordú i bhfeidhm—

(a) i gcás nach féidir aon achomharc a dhéanamh faoin Acht seo ina leith, an lá díreach tar éis an lae ar a ndéanfar an cinneadh,

 (b) i gcás inar féidir achomharc den sórt sin a dhéanamh ach nach ndéanfar amhlaidh é, ar bheith caite don tréimhse inar féidir achomharc den sórt sin a dhéanamh,

(c) i gcás ina ndéanfar achomharc den sórt sin agus go dtarraingeofar siar é, ar bheith caite don tréimhse a luaitear i mír (b) den fho-alt seo nó an lá díreach tar éis an lae ar a dtarraingeofar an t-achomharc siar, cibé lá díobh is déanaí.

(11) Féadfaidh an tAire, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, cibé oifigigh agus seirbhísigh de chuid an Aire a shannadh don Rialaitheoir is dóigh leis is gá chun a chur ar chumas an Rialaitheora na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(12) Chun a chumasú don Rialaitheoir na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire—

(a)  seirbhísí daoine agus úsáid talún nó saoráidí eile atá faoina rialú a chur ar fáil don Rialaitheoir faoi réir cibé coinníollacha (más ann) a shonróidh an tAire,

(b)  a  údarú don Rialaitheoir leas a bhaint as seirbhísí daoine nach oifigigh ná seirbhísigh de chuid an Aire,

(c)  a  údarú don Rialaitheoir comhshocraíochtaí a dhéanamh chun torthaí tástálacha, trialacha nó scrúduithe arna ndéanamh ag daoine in aon tír seachas an Stát i ndáil le cearta póraitheoirí plandaí a fháil nó fáil a bheith orthu.

agus is é a bheidh sna táillí is iníoctha le daoine ar baineadh leas as a seirbhísí mar a dúradh nó a mbaineann údarú den sórt sin leo cibé méid ar a gcomhaontóidh an tAire le ceadú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(13) Chun go bhféadfaidh an Rialaitheoir aon fheidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh, féadfaidh sé cibé tástálacha, trialacha, scrúduithe nó fiosruithe is cuí leis a dhéanamh, nó a chur á ndéanamh, i ndáil le haon phlanda.

Cearta póraitheoirí plandaí.

4. —(1) Féadfaidh an Rialaitheoir cearta dílseánaigh ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, “cearta póraitheoirí plandaí”, a dheonú, ar iarratas a dhéanamh chuige chun na críche sin agus faoi réir fhorálacha an Achta seo, maidir le haon chineál géineas nó speiceas luibheolaíochta, nó maidir le haon chineál laistigh den ghéineas nó den speiceas sin, ar cineál é a bhfuil modh atáirgthe nó iolrúcháin áirithe nó críoch-úsáid áirithe aige agus ar géineas nó speiceas é a bheidh sonraithe de thuras na huaire i rialacháin arna ndéanamh chun críocha an ailt seo ag an Aire.

(2) Beidh an táille fhorordaithe ag gabháil le hiarratas faoin alt seo.

(3) I gcás ina gceadóidh an Rialaitheoir iarratas faoin alt seo, déanfaidh sé a luaithe is féidir—

 (a) deimhniú faoina shéala a eisiúint san fhoirm fhorordaithe ina sonrófar ainm an chineál planda lena mbaineann an t-iarratas, mar aon lena ghéineas agus lena speiceas,

(b) fógra a chur á fhoilsiú san Iris á rá gur deonaíodh an deimhniú,

(c) ainm an chineál planda ar lamháladh an ceadúnas ina leith, mar aon lena ghéineas agus lena speiceas, a thaifeadadh sa chlár.

(4) Gach doiciméad a airbheartóidh gur deimhniú é a d'eisigh an Rialaitheoir faoin alt seo agus a bheith séalaithe le séala an Rialaitheora measfar, in aon imeachtaí dlí, gurb é an deimhniú sin é agus beidh sé inghlactha mar fhianaise ar na hábhair a bheidh luaite ann, nó go suífear a mhalairt.

(5) I gcás ina ndeonófar cearta póraitheoirí plandaí faoin Acht seo, oibreoidh an deonú, faoi réir fho-alt (7) den alt seo, chun go dtabharfaidh sé don sealbhóir lena mbaineann an ceart eisiatach—

(a) chun ábhar atáirgeach den chineál planda lena mbaineann an deonú a tháirgeadh d'fhonn é a chur ar an margadh i modh tráchtála,

(b) chun ábhar den sórt sin a dhíol nó a thairiscint lena dhíol nó chun é a onnmhairiú nó a allmhairiú,

(c) i gcás gur cineál planda ornáidigh an cineál planda, chun an cineál sin a iomadú le linn plandaí ornáideacha nó bláthanna gearrtha a bheith á dtáirgeadh i modh tráchtála,

(d) chun a údarú d'aon duine eile gach ní nó aon ní de na nithe réamhráite a dhéanamh,

agus, faoi réir fhorálacha an Achta seo, beidh sáruithe ar chearta póraitheoirí plandaí inchaingne ar agra shealbhóir na gceart agus, in aon imeachtaí mar gheall ar an sárú sin, beidh fáil ar an bhfaoiseamh sin go léir i modh damáistí, urghaire, cuntas nó eile, atá ar fáil in aon imeachtaí comhréire maidir le cearta dílseánaigh eile.

(6) Faoi réir fho-alt (7) den alt seo, féadfaidh sealbhóir, le linn údarú a bheith á thabhairt aige, aon choinníollacha a fhorchur (lena n-áirítear teorainneacha nó sriantachtaí) a d'fhéadfadh sealbhóir aon sórt eile ceart dílseánaigh a fhorchur, agus beidh cearta póraitheoirí plandaí insannta sa tslí chéanna le cineálacha eile cearta dílseánaigh.

(7) Ní gá cead a fháil ó shealbhóir chun an cineál planda iomchuí a úsáid mar fhoinse bhunaidh éagsúlachta chun cineálacha nua plandaí a bhunú nó d'aon toisc chun barr a tháirgeadh mar bhia do dhaoine nó d'ainmhithe.

(8)  (a)  Más rud é, ar iarratas a dhéanamh chuige sin, ar iarratas é chuig an Rialaitheoir faoin alt seo nó iarratas arna dhéanamh ag sealbhóir nó thar a cheann, go ndeimhneoidh an t-iarratasóir don Rialaitheoir nach bhfaighidh an sealbhóir luaíochtaí airgeadais cothromasacha de thoradh an deonú a bheidh á iarraidh, nó nach bhfuair sé na luaíochtaí sin toisc nach gcuireann nó nach gcuirfidh deonú na gceart sin ar a chumas rialú a dhéanamh ar tháirgeadh nó ar iomadú an chineál planda iomchuí sa Stát ar mhaithe lena thoradh nó chun aon chríche eile, féadfaidh an Rialaitheoir, má chinneann sé an t-iarratas a cheadú, a ordú go n-oibreoidh an deonú iomchuí, i dteannta oibriú ar an modh a thuairiscítear i bhfo-alt (5) den alt seo, chun an ceart eisiatach a thabhairt don sealbhóir iomchuí cibé páirt nó páirteanna a shonrófar san ordú d'aon phlanda den chineál sin a tháirgeadh, a dhíol nó a allmhairiú.

(b) I gcas ina dtabharfaidh an Rialaitheoir ordú faoin bhfo-alt seo—

(i) taifeadfar ráiteas sa taifead iomchuí sa chlár á rá gur tugadh an t-ordú sin maidir leis an gcineál planda lena mbaineann an t-ordú agus á shonrú cad í an pháirt nó cad iad na páirteanna de phlandaí a shonraítear san ordú,

(ii) déanfar fo-alt (5) (a) den alt seo, a mhéid a bhaineann sé le cearta an tsealbhóra iomchuí, a fhorléiriú agus beidh éifeacht leis ionann is dá ndéanfaí “nó aon pháirt nó páirteanna de phlanda de chineál a shonraítear san ordú iomchuí arna thabhairt ag an Rialaitheoir faoi fho-alt (8) den alt seo” a chur isteach indiaidh “lena mbaineann an deonú”.

(9) I gcás inar deimhin leis an Rialaitheoir go n-úsáidtear nó go n-úsáidfear an t-ábhar atáirgeach de chineál planda chun cineál planda éagsúil a tháirgeadh chun a dhíola agus gurb amhlaidh don chineál éagsúil sin nach féidir a ábhar atáirgeach a tháirgeadh arís agus arís eile gan ábhar atáirgeach den chineál planda a bhfuil iarratas faoin alt seo ceadaithe nó le ceadú ina leith a úsáid sa táirgeadh sin, ordóidh an Rialaitheoir, ar iarratas a dhéanamh chuige chun na críche sin, go n-oibreoidh an deonú iomchuí, i dteannta oibriú ar an modh a thuairiscítear i bhfo-alt (5) den alt seo, chun an ceart eisiatach a thabhairt don sealbhóir iomchuí an t-ábhar atáirgeach sin a úsáid sa táirgeadh sin.

(10) Cúig bliana is fiche an tréimhse uasta a mbeidh cearta póraitheoirí plandaí infheidhmithe ar a feadh de bhun deonú faoin alt seo:

Ar choinníoll, maidir le crainn torthaí, crainn fhoraoise, crainn ornáideacha agus fíniúnacha (lena n-áirítear a bpréamhstoic i ngach cás), nach lú ná ocht mbliana déag an tréimhse sin agus, maidir le géinis nó speicis eile, nach lú ná cúig bliana déag an tréimhse sin.

(11) Is ráiteas dochloíte aon ráiteas i rialacháin arna ndéanamh chun críocha an ailt seo á rá maidir le speiceas de phlanda nó maidir le gach ceann de na plandaí de ghrúpa sonraithe plandaí gur crann torthaí, crann foraoise nó crann ornáideach nó fíniúin é.

(12)  (a) Ní bheidh an tréimhse a sonrófar i ndeonú faoin alt seo gurb í an tréimhse í ina mbeidh na cearta póraitheoirí plandaí a thugtar leis an deonú infheidhmithe níos lú—

(i) i gcás gur i leith crainn torthaí, crainn fhoraoise, crainn ornáideacha nó fíniúnacha (lena n-áirítear a bpréamhstoic i ngach cás) an deonú, ná ocht mbliana déag,

(ii) i gcás gur i leith plandaí eile de ghéinis agus de speicis eile an deonú, ná cúig bliana déag.

(b) Faoi réir alt 11 den Acht seo, is é a bheidh sa tréimhse a mbeidh cearta póraitheoirí plandaí infheidhmithe ina leith an tréimhse a bheidh sonraithe sa deonú iomchuí faoin alt seo (ar tréimhse í nach faide ná an tréimhse uasta iomchuí a fhorordófar i rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo), dar tosach an dáta ar a dtiocfaidh deonú na gceart póraitheoirí plandaí ag an Rialaitheoir in éifeacht.

(13) I gcás ina ndéanfar plandaí den chineál lena mbaineann iarratas ar chearta póraitheoirí plandaí nó ábhar is páirt de na plandaí sin nó a dhíorthaíonn uathu, ar plandaí iad nó ar ábhar é de chineál lena mbaineann an coinníoll a ghabhann le hAirteagal 2 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, a dhíol sa Stát nó in áit éigin eile roimh dháta an iarratais, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:

(a) má chinneann an Rialaitheoir an t-iarratas a cheadú, cuirfidh sé san áireamh, nuair a bheidh an tréimhse a mbeidh na cearta sin infheidhmithe ar a feadh á socrú aige, go ndearnadh an díol sin, agus

(b) beidh éifeacht le fo-alt (12) (a) den alt seo i ndáil leis an iarratas ionann is dá ndéanfaí an tréimhse íosta iomchuí a bheidh sonraithe ann a laghdú—

(i) i gcás cearta faoi dhlí tíre coinbhinsiúin ar comhréir nó ar comhréim le cearta póraitheoirí plandaí a bheith deonaithe maidir leis an gcineál áirithe roimh dháta an iarratais, tréimhse is ionann agus an tréimhse dar tosach dáta an deonaithe sin agus dar críoch dáta an iarratais, nó

(ii) i gcás gur cineál a thuairiscítear i mír (d) den Airteagal sin 2 an cineál, an tréimhse ar ina leith a comhlíonadh fomhír (ii) den mhír sin (d).

(14) Ní dhéanfaidh cúlghairm ná leasú rialacháin arna ndéanamh chun críocha an ailt seo difear d'aon deonú ar chearta póraitheoirí plandaí a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme na cúlghairme nó an leasaithe.

Coinníollacha maidir le cearta póraitheoirí plandaí a dheonú.

5. —(1) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo agus ailt 6 agus 7 den Acht seo, i gcás ina ndéanfar iarratas chun an Rialaitheora chun cearta póraitheoirí plandaí a dheonú, ceadóidh an Rialaitheoir an t-iarratas más deimhin leis go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas, eadhon:

(a)  gurb é an t-iarratasóir an duine a phóraigh nó a d'fhionn an cineál planda lena mbaineann an t-iarratas, nó gurb é comharba i dteideal an duine sin é, nó gur duine é dar sannadh go cuí an ceart chun iarratas a dhéanamh faoin alt seo maidir leis an gcineál planda sin,

(b)  go sásaíonn an cineál planda lena mbaineann an t-iarratas gach ceann de na coinníollacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo,

(c)  gur saoránach d'Éirinn nó saoránach nó náisiúnach d'aon tír nó críoch is páirtí sa Choinbhinsiún an t-iarratasóir nó go bhfuil cónaí air nó áit ghnó aige (is é sin gnó a gcuimsíonn nó a bhfolaíonn a ghníomhaíochtaí díol nó iomadú plandaí) sa Stát nó i dtír nó i gcríoch den sórt sin nó a bhfuil áit den chineál sin gnó ag an iarratasóir i dtír nó i gcríoch a ndearbhaítear ina leith le rialacháin faoi alt 2 (3) den Acht seo gur tír nó críoch í lena mbaineann alt 2 den Acht seo.

(2) I gcás ina ndéanfar iarratas chun an Rialaitheora á iarraidh air cearta póraitheoirí plandaí a dheonú agus—

(a) gur deimhin leis an Rialaitheoir gur comhlíonadh na coinníollacha atá i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) den alt seo i ndáil leis an iarratas, agus

 (b) nach deimhin leis an Rialaitheoir gur comhlíonadh amhlaidh an coinníoll atá i mír (c) den fho-alt sin (1),

féadfaidh an Rialaitheoir dá rogha féin amháin an t-iarratas a cheadú agus, faoi réir fho-alt (3) den alt seo, beidh leis an deimhniú a dheonófar agus leis an taifead a dhéanfar sa chlár mar gheall ar an iarratas a cheadú éifeacht faoi réir cibé coinníollacha (más ann) a bheidh sonraithe chun críocha an fho-ailt seo ag an Aire agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

(3) (a)  Nuair a dhéanfar iarratas chun an Rialaitheora chun cearta póraitheoirí plandaí a dheonú agus nach mbeidh cónaí ar an iarratasóir sa Stát ná áit ghnó aige ann, féadfaidh an Rialaitheoir, dá rogha féin amháin, a chur de cheangal ar an iarratasóir gníomhaire sa Stát a cheapadh, laistigh de thréimhse a shonróidh an Rialaitheoir, a bhféadfaidh an Rialaitheoir doiciméid a sheirbheáil air nó déileáil thairis sin leis i ndáil leis an iarratas, agus, má cheadaítear an t-iarratas, i ndáil le haon ní eile a éireoidh faoin Acht seo maidir leis na cearta póraitheoirí plandaí a dheonófaí dá dhroim sin, agus i gcás an Rialaitheoir do dhéanamh ceanglais faoin bhfo-alt seo agus go gceadófar an t-iarratas iomchuí agus go mbeidh an ceanglas i bhfeidhm de thuras na huaire ach nach mbeidh sé á chomhlíonadh, ansin, fad a bheidh an ceanglas sin gan comhlíonadh, ní bheidh aon duine i dteideal imeachtaí a thionscnamh mar gheall ar shárú na gceart sin ná aon iarratas a dhéanamh faoin Acht seo i ndáil leis na cearta sin.

(b) Féadfaidh an Rialaitheoir ceanglas arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo a chealú.

Tosaíochtaí idir iarratasóirí faoi alt 4.

6. —(1) I gcás ina ndéanfaidh dhá dhuine nó níos mó cineál planda a phórú nó a fhionnadh go neamhspleách ar a chéile, ansin, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, is é an chéad duine de na daoine sin a dhéanfaidh iarratas, nó a ndéanfar iarratas ina leith, go cuí faoi alt 4 den Acht seo an duine a bheidh i dteideal go ndeonófaí cearta póraitheoirí plandaí dó i ndáil leis an gcineál.

(2) Amhail idir dhá dhuine a mbeidh iarratais á ndéanamh acu go cuí faoi alt 4 den Acht seo ar an dáta céanna maidir leis an gcineál planda céanna, is é an duine díobh a bheidh i gcóir i dtosach chun iarratas bailí den sórt sin a dhéanamh (nó a bheadh i gcóir i dtosach dá mbeadh an t-alt sin 4 agus na rialacháin iomchuí faoi alt 4 den Acht seo i bhfeidhm i gcónaí) an duine a bheidh i dteideal cearta póraitheoirí plandaí a dheonú dó maidir leis an gcineál.

(3) I gcás—

(a)  ina ndéanfar iarratas (dá ngairtear “an chéad iarratas”) go cuí i dtír choinbhinsiúin seachas an Stát chun cearta ar comhréir le cearta póraitheoirí plandaí a dheonú faoin dlí atá i bhfeidhm sa tír sin, agus

(b)  ina ndéanfar go cuí, maidir leis an gcineál planda lena mbaineann an chéad iarratas, iarratas faoi alt 4 den Acht seo (dá ngairtear “an dara hiarratas” san alt seo) laistigh de thréimhse bliana dar tosach an lá díreach tar éis an lae ar a bhfaighidh an t-údarás iomchuí sa tír sin an chéad iarratas, agus

(c)  ina raibh an cineál planda lena mbaineann an t-iarratas sin, an tráth a fuarthas an chéad iarratas amhlaidh, laistigh de ghéineas nó de speiceas a bheidh sonraithe de thuras na huaire i rialacháin faoi alt 4 den Acht seo, agus

(d)  go mbeidh sa dara hiarratas tagairt don chéad iarratas, go sonróidh sé an dáta ar a bhfuarthas é amhlaidh agus go n-iarrfaidh sé go gcuirfí forálacha an fho-ailt seo i bhfeidhm maidir leis an dara hiarratas, agus

(e)  go bhfaighidh an Rialaitheoir, roimh dheireadh na tréimhse trí mhí dar tosach an lá ar a bhfuair sé an dara hiarratas, cóip de na doiciméid arb iad an chéad iarratas iad,

measfar go bhfuair an Rialaitheoir an dara hiarratas an lá céanna ar a bhfuarthas an chéad iarratas mar a dúradh, agus, dá réir sin, ní foras agóide in aghaidh an dara hiarratas iarratas eile faoin alt sin 4 agus baint aige leis an ngéineas nó leis an speiceas luibheolaíochta céanna lena mbaineann an chéad iarratas agus an dara hiarratas araon a bheith déanta go cuí faoin alt sin 4 laistigh den tréimhse dar tosach an lá ar a bhfuarthas an chéad iarratas mar a dúradh agus dar críoch an lá ar a bhfuair an Rialaitheoir an dara hiarratas iarbhír.

(4) (a)  I gcás ina gcuirfear forálacha fho-alt (3) den alt seo i bhfeidhm i ndáil le hiarratas chun an Rialaitheora, comhlíonfaidh an t-iarratasóir ceanglais aon rialacháin a dhéanfar faoi mhír (a) nó (b) d'alt 15 (1) den Acht seo laistigh den tréimhse ceithre bliana a thosóidh ar dhul in éag don tréimhse bliana a luaitear i bhfo-alt (3) (b) den alt seo nó cibé tréimhse is giorra ná sin a shonróidh an Rialaitheoir i bhfógra i scríbhinn a thabharfar don iarratasóir (ar tréimhse í nach lú ná bliain amháin dar tosach dáta an fhógra).

(b)  I gcás nach gcomhlíonfar ceanglais mhír (a) den fho-alt seo maidir le hiarratas a dhéanamh laistigh den tréimhse iomchuí, scoirfidh forálacha fho-alt (3) den alt seo d'fheidhm a bheith acu maidir leis an iarratas ar dhul in éag don tréimhse sin.

(5) I gcás ina gcuirfear forálacha fho-alt (1) den alt seo i bhfeidhm maidir le hiarratas faoi alt 4 den Acht seo, ní dhiúltófar don iarratas, aon tráth le linn na tréimhse cúig bliana dar tosach an lá díreach tar éis an lae ar a measfar an t-iarratas a bheith faighte ag an Rialaitheoir, de bhíthin amháin nár tugadh don Rialaitheoir aon fhaisnéis, doiciméad ná ní eile a bheidhh forordaithe nó éilithe aige.

Cosaint d'iarratasóirí fad a bheidh iarratas ar feitheamh.

7. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh á fhoráil cosaint a thabhairt do chearta dílseánaigh iarratasóirí fad a bheidh an cinneadh críochnaitheach ar iarratais chun cearta póraitheoirí plandaí a dheonú ar feitheamh.

Ceadúnais eigeantacha.

8. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, má dhéanann aon duine iarratas chun an Rialaitheora agus go ndeimhneoidh sé dó gur dhiúltaigh sealbhóir go míréasúnach údarú dá dtagraítear in alt 4 (5) (d) den Acht seo a dheonú don iarratasóir, nó go ndearna sé, le linn an t-údarú sin a bheith á dheonú nó á thairiscint aige, téarmaí a fhorchur nó a chur ar aghaidh atá míréasúnach nó contrártha do leas an phobail, déanfaidh an Rialaitheoir, más deimhin leis go bhfuil ar chumas an iarratasóra, agus go bhfuil ar intinn aige, cearta a thabharfaí dó leis an údarás sin a fheidhmiú go hinniúil, aon chearta den sórt sin a dheonú don duine sin i bhfoirm ceadúnais maidir leis an gcineál planda iomchuí a d'fhéadfadh an sealbhóir a dheonú.

(2) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, má dheimhníonn aon duine don Rialaitheoir gur le leas an phobail go ndearna sealbhóir chineál planda áirithe (cineál a bhfuil a ainm taifeadta de thuras na huaire sa chlár) a bheidh sonraithe ag an duine a dháileadh ar mhodh nach bhfuil le leas an phobail nó gur chóir an cineál sin planda a dháileadh go forleathan, nó d'eile, gur le leas an phobail sin a dhéanamh, deonóidh an Rialaitheoir don duine sin, i bhfoirm ceadúnais, aon chearta maidir leis an gcineál sin a d'fhéadfadh an sealbhóir iomchuí a dheonú.

(3) Féadfar cibé coinníollacha a shonróidh an Rialaitheoir a bheith i gceangal le ceadúnas a dheonófar faoin alt seo (agus “ceadúnas éigeantach” a ghairfear anseo feasta san alt seo den cheadúnas sin) agus beidh éifeacht leis i gcaitheamh cibé tréimhse, dar tosach dáta an cheadúnais nó dáta dá éis, a shonrófar ann.

(4) Nuair a bheidh iarratais á gcur de láimh agus téarmaí ceadúnas éigeantach á socrú féachfaidh an Rialaitheoir lena áirithiú go ndéanfar an cineál planda iomchuí a chothabháil ó thaobh cáilíochta, agus go ndéanfaidh an ceadúnaí luach saothair cothromasach a íoc leis an sealbhóir lena mbaineann maidir le haon díolacháin ábhar atáirgeach a dhéanfar de bhun an cheadúnais.

(5) Féadfaidh téarmaí a bheith i gceadúnas éigeantach a chuirfidh de dhualgas ar an sealbhóir lena mbaineann ábhar atáirgeach a chur ar fáil don cheadúnaí lena mbaineann.

(6) I gcás ina ndeonóidh an Rialaitheoir ceadúnas éigeantach, ansin d'fhonn a chumasú don duine dá ndeonófar an ceadúnas úsáid a bhaint, ó thaobh an cheadúnais de, as aon leigheas a bheidh ar fáil dó trí imeachtaí dlí a thionscnamh, measfar gurb é an sealbhóir iomchuí a dheonaigh an ceadúnas.

(7) Féadfaidh an Rialaitheoir, ar iarratas a bheith déanta chuige sin ag an sealbhóir nó ag an gceadúnaí lena mbaineann, ceadúnas éigeantach a leathnú, a theorannú nó a leasú ar shlí eile, nó a chúlghairm.

(8)  (a)  Féadfar ceadúnas éigeantach a dheonú d'iarratasóir cibé acu a dheonaigh nó nár dheonaigh an sealbhóir lena mbaineann ceadúnais don iarratasóir nó d'aon duine eile.

 (b)  Ní ceadúnas eisiatach a bheidh i gceadúnas éigeantach.

(9) I gcás ina bhfaighidh an Rialaitheoir iarratas faoin alt seo tabharfaidh sé don sealbhóir lena mbaineann agus d'aon duine eile ar dealraitheach dó baint a bheith aige leis, fógra i dtaobh an iarratais agus tabharfaidh sé caoi do gach duine dá dtabharfar an fógra sin éisteacht a fháil sula gcinnfidh sé an t-iarratas.

(10) Má airbheartaíonn, agus a mhéid a airbheartóidh, aon chomhaontú ceangal a chur ar aon duine gan ceadúnas éigeantach a iarraidh, beidh sé ar neamhní.

Téarma an deonaithe a fhadú.

9. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, más deimhin leis an Rialaitheoir, ar shealbhóir do dhéanamh iarratais, nó ar iarratas a dhéanamh thar a cheann, chun an Rialaitheora, nach bhfuair an sealbhóir (ar chúiseanna nach raibh neart ag an sealbhóir orthu) luach saothair leordhóthanach as an deonú iomchuí cearta póraitheoirí plandaí, féadfaidh an Rialaitheoir, faoi réir cibé sriantachtaí nó coinníollacha eile (más ann) a shonróidh an Rialaitheoir,

(a)  an tréimhse a mbeidh na cearta a thugtar leis an deonú infheidhmithe lena linn a fhadú, nó

(b)  an tréimhse a mbeidh na cearta sin infheidhmithe lena linn a fhadú tuilleadh.

(2) Ní fheidhmeoidh an Rialaitheoir na cumhachtaí a thugtar dó le fo-alt (1) den alt seo d'fhonn a airbheartú go bhféadfaí na cearta póraitheoirí plandaí lena mbaineann iarratas faoin alt seo a fheidhmiú le linn tréimhse is faide ná an tréimhse uasta iomchuí a fhorordaítear faoi alt 4 (10) den Acht seo.

(3) I gcás ina gceadóidh an Rialaitheoir iarratas faoin alt seo beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas, má bhaineann siad leis an ábhar:

(a)  i gcás an deonú iomchuí cearta póraitheoirí plandaí a bheith imithe in éag roimh dháta an chinnidh ón Rialaitheoir, measfar an deonú a bheith imithe in éag díreach roimh an gcinneadh, agus

(b)  i gcás an t-iarratas sin a bheith ceadaithe amhlaidh faoi réir sriantachta nó coinníll eile, beidh éifeacht leis an deonú iomchuí sin as sin amach faoi réir na sriantachta nó an choinníll.

Deonú a thabhairt suas.

10. —(1) Féadfaidh sealbhóir iarratas a dhéanamh chun an Rialaitheora tráth ar bith chun an deonú atá aige ar chearta póraitheoirí plandaí a thabhairt suas.

(2) I gcás ina bhfaighidh an Rialaitheoir iarratas faoin alt seo, tabharfaidhh sé fógra i dtaobh an iarratais d'aon duine ar dealraitheach dó baint a bheith aige leis.

(3) Más deimhin leis an Rialaitheoir, tar éis éisteacht a thabhairt don sealbhóir lena mbaineann agus d'aon fhreasúrach, i gcás gur mian leo éisteacht a fháil, go bhféadfar an deonú iomchuí a thabhairt suas go cuí, féadfaidh sé glacadh leis an tairiscint agus an deonú a chúlghairm.

An Rialaitheoir do chúlghairm deonuithe.

11. —(1) I gcás—

(a) inar deimhin leis an Rialaitheoir—

(i) maidir leis an bhfaisnéis a thug iarratasóir nó a tugadh thar a cheann faoi alt 4 den Acht seo, go raibh sí mícheart agus dá mbeadh a fhios aige sula ndearna sé cinneadh ar an iarratas go raibh an fhaisnéis sin mícheart go ndiúltódh sé don iarratas,

(ii) ag féachaint d'aon ní eile a thabharfadh air, dá bhféachfadh sé dó sula ndearna sé cinneadh ar iarratas faoin alt sin 4, diúltú amhlaidh, nó

(b) inar deimhin leis an Rialaitheoir gur mhainnigh aon sealbhóir ábhar atáirgeach a luaitear in alt 1 (2) den Acht seo a thabhairt don Rialaitheoir, nó

(c) inar deimhin leis an Rialaitheoir gur mhainnigh sealbhóir táillí tréimhsiúla a bhí dlite de agus iníoctha aige faoi rialacháin faoi alt 25 den Acht seo a íoc,

(d) ina ndéanfar sealbhóir a chiontú i gcion faoi alt 23 den Acht seo maidir le huiríoll a rinne sé i ndáil le hiarratas faoi alt 4 den Acht seo,

déanfaidh an Rialaitheoir an deonú iomchuí cearta póraitheoirí plandaí a chúlghairm.

(2)  (a)  Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas i ndáil le deonú cearta póraitheoirí a chúlghairm faoi fho-alt (1) den alt seo:

(i) ní chúlghairfidh an Rialaitheoir an deonú—

(I)  mura mbeidh agus go dtí go mbeidh fógra i scríbhinn tugtha aige leis an bpost, nó ar cibé modh eile a ordóidh an tAire, don sealbhóir lena mbaineann á rá go bhfuil an Rialaitheoir á bhreithniú an ndéanfar na cearta póraitheoirí plandaí iomchuí a chúlghairm,

(II) mura mbeidh agus go dtí go mbeidh curtha faoi deara aige fógra ginearálta a thabhairt ar an modh forordaithe á rá go bhfuil an chúlghairm sin á bhreithniú aige,

(ii) breithneoidh an Rialaitheoir aon uiríoll nó agóid a dhéanfar chuige maidir leis an gcúlghairm atá beartaithe, agus

(iii) i gcás gurb é is foras don chúlghairm atá beartaithe nár íocadh táille, tabharfaidh an Rialaitheoir tréimhse íoc, agus má íoctar an táille laistigh den tréimhse sin ní rachaidh an Rialaitheoir níos faide leis an ábhar.

(b) Sonróidh an dá fhógra dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo na forais ar a bhfuil an chúlghairm sin á breithniú amhlaidh agus déarfar iontu go bhféadfar uiríolla agus agóidí maidir leis an gcúlghairm atá beartaithe a dhéanamh chuig an Rialaitheoir le linn cibé tréimhse (ar tréimhse í nach giorra ná ocht lá is fiche dar tosach dáta an fhógra) a shonrófar san fhógra (agus údaraítear leis seo na huiríolla agus na hagóidí sin a dhéanamh).

(3) I gcás ina ndéanfaidh an Rialaitheoir deonú cearta póraitheoirí plandaí a chúlghairm faoin alt seo ar chúis seachas mar gheall ar an sealbhóir iomchuí a chiontú i gcion faoi alt 23 den Acht seo, féadfaidh sealbhóir na gceart achomharc i gcoinne na cúlghairme a dhéanamh laistigh den tréimhse fhorordaithe chun na hArd-Chúirte.

Cineálacha plandaí atá cosanta a ainmniú.

12. —(1) Féadfaidh an tAire le rialacháin socrú a dhéanamh chun ainmneacha a roghnú do chineálacha plandaí is ábhar d'iarratais ar chearta póraitheoirí plandaí agus chun na hainmneacha a roghnófar amhlaidh a thaifeadadh sa chlár.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfar, go háirithe, le rialacháin faoin alt seo na himthosca a fhorordú ina bhféadfar uiríolla a dhéanamh maidir le haon chinneadh i dtaobh an ainm a bheidh le clárú i leith aon chineál planda.

(3)  (a) I gcás ina ndéanfar ainm cineál planda a thaifeadadh sa chlár, is é an t-ainm sin, agus ní ainm ar bith eile, a úsáidfidh gach duine a dhíolfaidh ábhar atáirgeach an chineál planda sin mar ainm don chineál, agus má mhainnítear ceanglais na míre seo a chomhlíonadh is éagóir é (i dteannta a bheith ina chion faoi alt 23 den Acht seo sna himthosca a luaitear san alt sin) a bheidh inchaingne in imeachtaí ar agra an tsealbhóra iomchuí (más ann).

(b) I gcás ainm cineál planda a bheith taifeadta sa chlár agus go n-úsáidfidh aon duine an t-ainm sin, nó ainm atá chomh gar dó i gcosúlacht gur dóigh dó a bheith ina thrúig meabhail nó ina chúis mearbhaill, tráth a bheidh na hábhair seo a leanas á ndíol nó á dtairiscint nó á dtaisealbhadh lena ndíol—

(i) ábhar atáirgeach de chineál planda éagsúil atá san aicme chéanna leis an aicme a bhfuil an taifeadadh á dhéanamh i ndáil léi, nó

(ii) más rud é faoi alt 4 (9) den Acht seo gur cuireadh cearta póraitheoirí plandaí i leith an chineál planda chéadluaite faoi réim ábhar seachas ábhar atáirgeach, an t-ábhar eile sin ó chineál planda éagsúil san aicme chéanna sin,

is éagóir é an t-ainm a úsáid agus beidh sí inchaingne in imeachtaí ar agra an tsealbhóra iomchuí (más ann).

(c) In aon imeachtaí le haghaidh damáistí faoin alt seo is cosaint don chosantóir a chruthú gur ghlac sé réamhchúram réasúnach chun nach ndéanfadh sé éagóir den chineál a líomhnaíodh agus nach raibh aon chúis aige a bheith in amhras nuair a bhí an t-ainm á úsáid aige go raibh úsáid an ainm sin éagórach.

(4) Más rud é, i ndáil le hábhar atáirgeach a dhíol, a thairiscint nó a thaisealbhadh lena dhíol, go n-úsáidfear trádmharc nó ainm trádála in éineacht le hainm a taifeadadh sa chlár, measfar ceanglais fho-alt (3) (a) den alt seo a bheith comhlíonta má úsáidtear, ach ar an gcuntar amháin go n-úsáidfear, an t-ainm a taifeadadh amhlaidh ar dhóigh—

(a) gur féidir é a aithint go héasca, agus

(b) gur féidir é a idirdhealú go héasca ón trádmharc nó ón ainm trádála, cibé acu é.

(5) (a)  San alt seo folaíonn “ainm”, ach amháin in “ainm trádála”, aon ainmniú.

(b)  Chun críocha an ailt seo measfar cineálacha plandaí a bheith san aicme chéanna má bhíonn gach ceann acu in aicme—

(i) is aicme arb éard í na cineálacha plandaí go léir de ghéineas nó de speiceas luibheolaíochta a bheidh forordaithe le rialacháin faoi alt 4 den Acht seo, nó

(ii) is aicme arb éard í na cineálacha plandaí go léir d'aon dá ghéineas nó speiceas luibheolaíochta nó níos mó a bheidh forordaithe chun críocha an ailt seo.

Ainm cineál planda a athrú.

13. —Féadfaidh sealbhóir a iarraidh ar an Rialaitheoir ainm a shonrófar san iarratas a chur in ionad an ainm atá taifeadta sa chlár maidir leis an gcineál planda iomchuí, agus nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh ag an Rialaitheoir ar an iarratas féadfaidh sé—

(a) an t-iarratas a cheadú,

(b) ainm eile, nach é an t-ainm a sonraíodh amhlaidh é, a chur in ionad an ainm a taifeadadh amhlaidh, nó

(c) diúltú don iarratas.

Achomhairc.

14. —(1) Aon duine arb éagóir leis cinneadh ón Rialaitheoir faoi alt 4 (8), 4 (9), 5 (1), 5 (2), 8 (1), 8 (2), 8 (7), 10 (3), 16 (3), 16 (4), nó 22 (1) den Acht seo féadfaidh sé laistigh den tréimhse a shonraítear in Airteagal 5 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo fógra achomhairc chun an Choiste Achomhairc in aghaidh an chinnidh a sheirbheáil ar an Rialaitheoir, agus féadfaidh an Coiste Achomhairc an t-achomharc a cheadú nó diúltú é a cheadú, agus nuair a bheidh an t-achomharc sin á chinneadh ag an gCoiste Achomhairc féadfaidh sé aon cheann de na cumhachtaí a fheidhmiú is infheidhmithe ag an Rialaitheoir i ndáil leis na nithe lena mbaineann an t-achomharc.

(2) (a)  I gcás ina bhfaighidh an Rialaitheoir fógra achomhairc faoin alt seo, cuirfidh sé i bhfios láithreach don Aire go bhfuair sé é agus déanfaidh an tAire, ar sin a bheith curtha i bhfios dó, trí dhuine ar a laghad a cheapadh a luaithe is féidir chun an t-achomharc a éisteacht, ar abhcóide a mbeidh seasamh cúig bliana ar a laghad aige duine amháin díobh (agus údaraítear leis seo do na daoine sin an t-achomharc a éisteacht).

(b) Féadfaidh an Coiste Achomhairc, nuair a bheidh cinneadh an Rialaitheora chun ceadúnas a dheonú faoi alt 8 (2) den Acht seo á dhaingniú aige, aon cheann de théarmaí nó de choinníollacha an cheadúnais a mhodhnú.

(3) “An Coiste Achomhairc” a ghairtear san Acht seo de na daoine a cheapfar faoin alt seo chun achomharc a éisteacht.

(4) I gcás ina ndéanfaidh an Coiste Achomhairc achomharc a chinneadh, comhlíonfaidh an Rialaitheoir, a luaithe is féidir, cibé orduithe (más ann) a thabharfaidh an Coiste Achomhairc dó chun éifeacht a thabhairt don chinneadh.

Iarratais agus achomhairc i gcoitinne.

15. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le hiarratais faoi alt 4, 9, 10, 17, 21 nó 22 den Acht seo agus, gan dochar do ghinearáltacht na rialachán sin roimhe seo, féadfaidh sé—

(a) a fhoráil go ndéanfaidh daoine a bheidh ag déanamh iarratas faoi alt 4 den Acht seo faisnéis nó doiciméid sonraithe a bhaineann leis an gcineál planda lena mbaineann an t-iarratas a thabhairt don Rialaitheoir,

(b) a shonrú cad é an t-ábhar atáirgeach nó an t-ábhar planda eile den chineál planda sin a thabharfaidh na daoine sin amhlaidh,

(c) a chur de cheangal ar aon iarratasóirí faoin alt sin 4, d'fhonn go bhféadfar na hiarratais sin a chur de láimh, cibé saoráidí nó áiseanna a fhorordófar a chur ar fáil don Rialaitheoir nó a chur faoi deara iad a chur ar fáil dó,

(d) a chur de cheangal ar aon iarratasóirí den sórt sin cóipeanna de cibé gníomhais, ceadúnais nó doiciméid eile a fhorordófar a sholáthar don Rialaitheoir lena gcomhdú,

(e) na tástálacha, na trialacha, na scrúduithe nó na bearta eile a bheidh le déanamh ag an Rialaitheoir sula gceadófar aon iarratas faoi alt 4 den Acht seo, agus an tréimhse a mbeidh aon bhearta den sórt sin le déanamh lena linn, a fhorordú,

(f) sonrú a dhéanamh ar an tslí ina bhféadfar, agus an tréimhse ar lena linn a fhéadfar, aon iarratas faoin alt sin 4, 9, 10, 17, 21 nó 22 a tharraingt siar.

(g) a chur de cheangal ar aon iarratasóirí den sórt sin fógra sonraithe a fhoilsiú i ndáil lena n-iarratais,

(h) a chur de cheangal ar aon iarratasóirí den sórt sin cibé faisnéis bhreise i dtaobh a n-iarratas a theastóidh le réasún ón Rialaitheoir a thabhairt dó,

(i) a údarú don Rialaitheoir, i gcás ina mainneofar aon táille is iníoctha i ndáil le hiarratas faoin Acht seo a íoc, diúltú don iarratas,

(j) a chumasú fógra maidir le haon agóidí i gcoinne na n-iarratas sin nó maidir le haon uiríolla ina dtaobh a thabhairt don Rialaitheoir agus a chur de cheangal aon fhógra den sórt sin a thabhairt laistigh de thréimhse fhorordaithe,

(k) a fhoráil, i gcás ina ndéanfar iarratas faoi alt 4 den Acht seo de bhua sannadh ar an gceart chun iarratas den sórt sin a dhéanamh, go dtabharfar i dteannta an iarratais, nó laistigh de cibé tréimhse tar éis don Rialaitheoir an t-iarratas a fháil a bheidh forordaithe, cibé dearbhú nó dearbhuithe a bheidh forordaithe, agus é nó iad san fhoirm fhorordaithe agus sínithe sa tslí fhorordaithe.

(2) Beidh feidhm ag forálacha an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a mhéid a shonraítear ann maidir le hiarratais nó le hachomhairc faoin Acht seo.

Ábhar atáirgeach a chothabháil.

16. —(1) Beidh feidhm ag forálacha an ailt seo i ndáil le gach uile chineál planda ach amháin na cineálacha sin atá in aon ghéineas nó speiceas atá eisiata ón alt seo le rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo ag an Aire.

(2) Áiritheoidh gach sealbhóir go mbeidh sé i gcóir, ar feadh na tréimhse go léir a mbeidh na cearta póraitheoirí plandaí atá ar teachtadh aige infheidhmithe lena linn, chun ábhar atáirgeach atá in ann atáirgeadh a dhéanamh ar an gcineál lena mbaineann na cearta agus a mbeidh na cáilíochtaí aige a cuireadh i gcuntas nuair a deonaíodh na cearta i leith an chineáil, a sholáthar don Rialaitheoir.

(3) Beidh de dhualgas freisin ar gach sealbhóir gach uile fhaisnéis agus saoráid a iarrfaidh an Rialaitheoir a thabhairt dó d'fhonn a chinntiú dó féin go bhfuil an sealbhóir ag comhlíonadh a dhualgais faoi fho-alt (2) den alt seo, lena n-áirítear saoráidí chun go ndéanfaidh an Rialaitheoir, nó go ndéanfar thar a cheann, iniúchadh ar na bearta a rinneadh chun an cineál planda iomchuí a chothabháil agus más deimhin leis an Rialaitheoir gur mhainnigh sealbhóir iarraidh faoin bhfo-alt seo a chomhlíonadh, féadfaidh sé, más oiriúnach leis, deireadh a chur, le héifeacht amhail ar cibé lá agus ó cibé lá a shonróidh an Rialaitheoir, leis an tréimhse a mbeidh na cearta póraitheoirí plandaí faoin deonú iomchuí faoi alt 4 den Acht seo infheidhmithe lena linn, agus i gcás ina gcuirfidh an Rialaitheoir deireadh leis an tréimhse sin, scoirfidh an deonú réamhráite an lá sin d'éifeacht a bheith leis.

(4) Má dhealraíonn sé don Rialaitheoir tráth ar bith nach bhfuil aon sealbhóir cearta póraitheoirí plandaí sa chóir a thuilleadh go bhféadfaidh sé an t-ábhar a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo a sholáthar don Rialaitheoir, cuirfidh sé deireadh, le héifeacht amhail ar cibé lá agus ó cibé lá a shonróidh sé, leis an tréimhse a mbeidh na cearta infheidhmithe lena linn, agus i gcás ina gcuirfidh an Rialaitheoir deireadh leis an tréimhse sin, scoirfidh an deonú iomchuí ar chearta póraitheoirí plandaí an lá sin d'éifeacht a bheith leis.

(5) I gcás ina mbeartóidh an Rialaitheoir cumhacht a thugtar dó le fo-alt (3) nó (4) den alt seo a fheidhmiú, tabharfaidh sé fógra faoin mbeartú don sealbhóir iomchuí agus d'aon duine eile ar dealraitheach dó baint a bheith aige leis, agus tabharfaidh sé caoi do gach duine dá dtabharfar an fógra sin éisteacht a fháil sula bhfeidhmeoidh sé an chumhacht sin.

Sannadh, etc.

17. —(1) Faoi réir chlárú faoin alt seo, féadfar cearta uile póraitheoirí plandaí, nó sciar iontu, a shannadh, nó féadfar déileáil leo thairis sin, mar a dhéantar le maoin phearsanta eile.

(2) I gcás duine do theacht chun teideal a bheith aige trí shannadh, tarchur, oibriú dlí nó aon mhodh aistrithe eile, chun cearta póraitheoirí plandaí nó chun sciar sna cearta sin, nó i gcás é do theacht chun teideal a bheith aige mar mhorgáistí, mar cheadúnaí nó ar dhóigh eile chun aon leas eile sna cearta sin, déanfaidh sé iarratas chun an Rialaitheora sa tslí fhorordaithe chun a theideal mar dhílseánach nó mar chomhdhílseánach, de réir mar is iomchuí, nó chun fógra i dtaobh a leasa, a chlárú sa chlár.

(3) Gan dochar d'fhorálacha fho-alt (2) den alt seo, maidir le hiarratas chun teideal aon duine a chlárú a thiocfaidh chun teideal a bheith aige trí shannadh chun cearta póraitheoirí plandaí, nó chun sciar sna cearta sin, nó a thiocfaidh chun teideal a bheith aige de bhua morgáiste, ceadúnas nó ionstraim eile chun aon leas eile i gcearta póraitheoirí plandaí, féadfaidh an sannóir, an morgáisteoir, an ceadúnóir nó an páirtí eile san ionstraim sin, de réir mar a bheidh, é a dhéanamh ar an modh forordaithe.

(4) I gcás ina ndéanfar iarratas faoin alt seo chun teideal aon duine a chlárú, déanfaidh an Rialaitheoir, ar an teideal a chruthú chun a shástachta—

(a) i gcás teideal a bheith ag an duine sin chun cearta póraitheoirí plandaí, nó chun sciar sna cearta sin a bheith aige, é a chlárú sa chlár mar dhílseánach nó mar chomhdhílseánach ar na cearta agus sonraí na hionstraime nó an teagmhais ar dá ndroim nó dá mbíthin a ghabhann sé teideal a thaifeadadh sa chlár, nó

(b) i gcás teideal a bheith ag an duine sin chun aon leasa eile sna cearta sin, fógra i dtaobh an leasa sin aige, mar aon le sonraí faoin ionstraim (más ann) lena mbunaítear an leas, a thaifeadadh sa chlár.

(5) I gcás ina bhfaighidh an Rialaitheoir iarratas faoin alt seo, tabharfaidh sé fógra ina thaobh d'aon duine ar dealraitheach dó baint a bheith aige leis, agus tabharfaidh sé caoi do gach duine dá dtabharfar an fógra sin éisteacht a fháil sula gcinnfear an t-iarratas.

(6) Ach amháin chun críocha iarratas chun an clár a cheartú faoi alt 21 nó 22 den Acht seo, ní ghlacfar in aon chúirt le doiciméad nach mbeidh aon taifead curtha sa chlár ina leith faoi fho-alt (4) den alt seo mar fhianaise ar theideal aon duine chun cearta póraitheoirí plandaí, nó chun sciar nó leas in aon chearta den sórt sin, mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt.

(7) Aon duine arb éagóir leis cinneadh ón Rialaitheoir faoin alt seo féadfaidh sé, má sheirbheálann sé, agus ar an gcuntar amháin go seirbheálfaidh sé, fógra achomhairc ar an Rialaitheoir tráth nach déanaí ná seasca lá tar éis an cinneadh a thabhairt, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte i gcoinne an chinnidh.

Forálacha a bhaineann le himeachtaí mar gheall ar shárú.

18. —(1) (a) In imeachtaí mar gheall ar chearta póraitheoirí plandaí a shárú, ní dhámhfar damáistí maidir le sárú den sórt sin má chruthaíonn an cosantóir nárbh eol don duine a sháraigh na cearta, agus nach raibh aon fhoras réasúnach aige chun a mheas, gurbh ábhar cearta póraitheoirí plandaí an cineál planda lena mbaineann na himeachtaí, ach an duine a mbeadh teideal aige, ar leith ón bhfo-alt seo, chun na ndamáistí sin beidh teideal aige chun cuntas brabús maidir leis an sárú (agus aon suim a gheofar a bheith dlite ar an gcuntas a íoc leis) cibé acu a dheonóidh nó nach ndeonóidh an chúirt aon fhaoiseamh eile.

(b) In imeachtaí mar gheall ar chearta póraitheoirí plandaí a shárú is cosaint don chosantóir a chruthú gur mhainnigh an gearánaí aon oibleagáidí a cuireadh air le ceadúnas arna eisiúint faoi alt 8 den Acht seo a chomhlíonadh.

(2) In imeachtaí mar gheall ar chearta póraitheoirí plandaí a shárú, beidh teideal ag an ngearánaí, más rogha leis é, chun cuntas brabús in ionad damáistí.

(3) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a dhéanann difear don chumhacht atá ag cúirt urghaire a dheonú in imeachtaí mar gheall ar chearta póraitheoirí plandaí a shárú.

An Iris, etc.

19. —(1) Eiseoidh an Rialaitheoir iris go tréimhsiúil (dá ngairtear “an Iris” san Acht seo), agus foilseoidh sé inti fógra maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) aon iarratas faoi alt 4, 8 (2), 9, 10, 13, 16 (3), 16 (4), 17 (2), 21 nó 22 den Acht seo a fuair sé (agus tabharfaidh sé ainm an iarratasóra, agus géineas agus speiceas luibheolaíochta an chineál planda lena mbaineann an t-iarratas),

(b) an t-ainm do chineál planda atá beartaithe ag iarratasóir faoi alt 4 nó 13 den Acht seo (ar ainm é a mbeartaíonn an Rialaitheoir glacadh leis),

(c) aon deonú ar chearta póraitheoirí plandaí a bheidh déanta aige (agus tabharfaidh sé ainm an duine dá ndearnadh an deonú agus ainm an chineál planda a shonraítear sa deonú),

(d) aon athrú, ceartú nó scriosadh a dhéanfar sa chlár nó as an gclár,

(e) aon agóid, uiríoll nó achomharc arna fháil go cuí ag an Rialaitheoir i ndáil le hiarratas faoin Acht seo, agus

(f) cibé ní eile a fhorordófar,

agus, freisin, cibé faisnéis nó nithe eile a dhealraíonn don Rialaitheoir a bheith úsáideach nó tábhachtach i ndáil le cearta póraitheoirí plandaí, nó aon ní eile a bhfuil sé freagrach as faoin Acht seo nó ar dhóigh eile le dlí.

(2) Féadfaidh an Rialaitheoir innéacsanna, liostaí, catalóga, leabhráin agus saothair eile a bhaineann le cearta póraitheoirí plandaí agus le cineálacha plandaí a ullmhú agus a fhoilsiú.

(3) Déanfaidh an Rialaitheoir socrú chun cóipeanna den Iris nó de dhoiciméid eile a dháileadh, trína ndíol nó ar dhóigh eile, is cóipeanna nó doiciméid a cheanglaítear air nó a údaraítear dó leis an alt seo, nó ar dhóigh eile le dlí, a eisiúint nó a fhoilsiú.

An clár.

20. —(1) Coimeádfaidh an Rialaitheoir clár (dá ngairtear “an clár” san Acht seo) chun críocha an Achta seo agus taifeadfaidh sé sonraí ann i dtaobh deonuithe cearta póraitheoirí plandaí atá i bhfeidhm, cibé sonraí a bheidh forordaithe i dtaobh sannadh agus tarchur (cibé trí oibriú an dlí nó ar aon mhodh aistrithe eile) na gceart sin, sonraí i dtaobh na nithe go léir a cheanglaítear leis an Acht seo nó faoin Acht seo a thaifeadadh sa chlár agus i dtaobh cibé nithe eile a dhéanann difear do bhailíocht nó do dhílseánacht deonuithe cearta póraitheoirí plandaí is oiriúnach leis an Rialaitheoir.

(2) Coimeádfar an clár cibé áit a ordóidh an tAire agus, faoi réir cibé coinníollacha (más ann) a fhorordófar, beidh sé ar fáil lena iniúchadh le linn uaire oifige.

(3) (a)  Doiciméad a airbheartaíonn gur cóip é de thaifead sa chlár agus a bheith deimhnithe faoi shéala an Rialaitheora mar chóip cheart beidh sé ina fhianaise prima facie ar an taifead agus ní bheidh sé riachtanach aon síniú ar an doiciméad a chruthú ná a chruthú gurbh é an Rialaitheoir, nó duine arna údarú faoi alt 3(7) den Acht seo, aon duine a mbeidh a shíniú ar an doiciméad.

(b) I gcás ina ndéanfar iarratas chun an Rialaitheora ar chóip de thaifead sa chlár agus atá deimhnithe faoin alt seo, eiseofar an chóip sin chuig an iarratasóir ar é d'íoc na táille forordaithe leis an Rialaitheoir maidir le gach taifead.

Cumhacht na cúirte an clár a leasú.

21. —(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar aon duine do dhéanamh iarratas ar an modh forordaithe, is duine arb éagóir leis nár cuireadh isteach sa chlár, nó gur fágadh amach as an gclár, aon taifead nó go ndearnadh aon taifead sa chlár gan leorchúis, nó go bhfuil aon taifead fanta go mícheart sa chlár, nó earráid nó fabht a bheith in aon taifead sa chlár, a ordú don Rialaitheoir an taifead sin a chur sa chlár, nó aon taifead den sórt sin a bheidh sa chlár an tráth sin a scriosadh as nó a athrú, de réir mar is oiriúnach leis an gcúirt.

(2) Féadfaidh an Ard-Chúirt in aon imeacht faoin alt seo breith a thabhairt ar aon cheist ar gá nó ar fóirsteanach breith a thabhairt uirthi i ndáil le ceartú a dhéanamh ar an gclár.

(3) Déanfar cibé fógra i dtaobh iarratas faoin alt seo a ordóidh an Ard-Chúirt a thabhairt don Rialaitheoir agus do cibé duine nó daoine eile (más ann) a ordóidh an chúirt agus beidh cead ag an duine nó ag na daoine sin láithriú agus éisteacht a fháil air, agus láithreoidh an Rialaitheoir má ordaíonn an chúirt dó é. Mura n-ordóidh an chúirt a

56

mhalairt, féadfaidh an Rialaitheoir, in ionad láithriú agus éisteacht a fháil, ráiteas i scríbhinn agus é sínithe aige a chur os comhair na cúirte, agus beidh sa ráiteas sin sonraí i dtaobh na n-imeachtaí os a chomhair i ndáil leis an ní i saincheist nó i dtaobh na bhforas atá le haon bhreith a thug sé agus a dhéanann difear don chéanna, nó i dtaobh a chleachtas i gcásanna dá samhail, nó i dtaobh cibé nithe eile a bhaineann leis na saincheisteanna, agus atá ar eolas aige mar Rialaitheoir, de réir mar is oiriúnach leis, agus measfar gur cuid den fhianaise sna himeachtaí an ráiteas sin.

(4) I gcás calaois i gclárú nó i dtarchur cearta póraitheoirí plandaí, féadfaidh an Rialaitheoir féin iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte faoi fhorálacha an ailt seo.

(5) Ordóidh aon ordú ón Ard-Chúirt ag ceartú an chláir go seirbheálfar fógra faoin gceartú ar an Rialaitheoir, i cibé slí a ordóidh an chúirt, agus nuair a gheobhaidh an Rialaitheoir an fógra sin ceartóidh sé an clár dá réir sin.

(6) Féadfar, más rogha leis an iarratasóir é, aon iarratas faoin alt seo (seachas iarratas ón Rialaitheoir) a dhéanamh sa chéad ásc chun an Rialaitheora, agus sa chás sin beidh ag an Rialaitheoir na cumhachtaí go léir atá ag an Ard-Chúirt faoin alt seo, ach beidh a chinneadh faoi réir achomharc chun na cúirte sin laistigh den tréimhse fhorordaithe.

Cumhacht chun earráidí cléireachais, etc. a cheartú.

22. —(1) Féadfaidh an Rialaitheoir, de réir fhorálacha an ailt seo, aon earráid chléireachais a cheartú in aon deonú cearta póraitheoirí plandaí, in aon iarratas ar dheonú den sórt sin, nó in aon doiciméad a comhdaíodh de bhun iarratas den sórt sin, nó féadfaidh sé aon earráid chléireachais sa chlár a cheartú.

(2) Féadfar ceartú a dhéanamh de bhun an ailt seo ar an sealbhóir iomchuí cearta póraitheoirí plandaí nó ar an iarratasóir ar dheonú na gceart sin do dhéanamh iarraidh i scribhinn a mbeidh an táille fhorordaithe ag gabháil léi, nó gan iarraidh den sórt sin.

(3) I gcás ina mbeartóidh an Rialaitheoir ceartú a dhéanamh faoin alt seo seachas de bhun iarraidh faoin alt seo, tabharfaidh sé fógra faoin mbeartú don sealbhóir iomchuí cearta póraitheoirí plandaí nó don iarratasóir ar dheonú na gceart sin, de réir mar a bheidh, agus d'aon duine eile ar dealraitheach dó baint a bheith aige leis, agus tabharfaidh sé caoi do gach duine den sórt sin éisteacht a fháil sula ndéanfaidh sé an ceartú.

(4) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a dhéanann difear don chumhacht a thugtar don Rialaitheoir le halt 17 (4) den Acht seo.

Cionta.

23. —(1) Má dhéanann duine uiríoll go bréagach go bhfuil teideal aige aon chearta póraitheoirí plandaí, nó cearta a dhíorthaíonn ó chearta póraitheoirí plandaí, a fheidhmiú, bíodh nó nach bíodh an cineál planda a bhfuil an t-uiríoll sin déanta ina leith ina ábhar do chearta póraitheoirí plandaí, agus más eol dó an t-uiríoll a bheith bréagach nó má dhéanann sé an t-uiríoll go meargánta, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £500, nó, de rogha an cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(2) Más rud é, i gcás aon duine a bheidh i láthair ag éisteacht a bheidh á dhéanamh ag an Rialaitheoir nó ag an gCoiste Achomhairc—

(a) go ndéanfaidh sé aon ráiteas nó go dtabharfaidh sé faisnéis is eol dó a bheith bréagach i bponc ábhartha nó go dtabharfaidh sé go meargánta faisnéis atá bréagach amhlaidh, nó

(b) go dtabharfaidh sé ar aird aon leabhar, taifead nó doiciméad eile nó go mbainfidh sé úsáid ar dhóigh eile as an gcéanna agus a fhios aige ráiteas nó faisnéis a bheith ann is eol dó a bheith bréagach i bponc ábhartha,

beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £500, nó, de rogha ná cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(3) I gcás—

(a) ina mainneoidh duine ceanglais alt 12 (3) den Acht seo a chomhlíonadh, agus

(b) nach mbeidh deonú faoi alt 4 den Acht seo i bhfeidhm de thuras na huaire maidir leis an gcineál planda lena mbaineann an mhainneachtain,

beidh an duine ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

Triail cionta, an dualgas cruthúnais, etc.

24. —(1) Féadfar imeachtaí i gcoinne duine mar gheall ar chion faoin Acht seo a thionscnamh in aon Dúiche Chúirte Dúiche ina bhfuil an duine de thuras na huaire agus, i gcás ina dtionscnófar imeachtaí den sórt sin agus, ar leith ón alt seo nach mbeadh dlínse ag an mBreitheamh ar tionscnaíodh na himeachtaí os a chomhair na himeachtaí a éisteacht agus a chinneadh, ansin d'fhonn an dlínse sin a thabhairt dó féadfar déileáil leis an gcion mar chion a rinneadh sa Dúiche Chúirte Dúiche dá bhfuil an Breitheamh sin sannta.

(2) I gcás ina gcruthófar, i ndáil le cineál planda áirithe, in imeachtaí mar gheall ar chion faoi alt 23 (3) den Acht seo, gur mhainnigh an cosantóir ceanglais alt 12 (3) den Acht seo a chomhlíonadh, ansin, mura mbeidh leorfhianaise eile ann chun saincheist a thógáil i dtaobh deonú faoi alt 4 den Acht seo maidir leis an gcineál planda sin a bheith ar marthain tráth na mainneachtana sin, ní áireofar, chun críocha na n-imeachtaí, an deonú sin a bheith ar marthain an tráth sin.

(3) I gcás ina gcruthófar maidir le cion faoin Acht seo a rinne comhlacht corpraithe go ndearnadh an cion le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí nó oifigigh eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó aon duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú sa cháil sin, beidh an duine sin, mar aon leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach sa chion sin agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.

Táillí.

25. —(1) Muirearóidh an Rialaitheoir agus íocfar leis—

(a) cibé táillí i leith iarratais a chuirfear chun an Rialaitheora,

(b) cibé táillí i leith aon tástáil nó scrúdú a dhéanfaidh an Rialaitheoir nó a dhéanfar thar a cheann i ndáil le haon iarratas den sórt sin, nó le haon fhaisnéis a gheobhaidh an Rialaitheoir i ndáil le haon iarratas den sórt sin,

(c) cibé táille i ndáil le deimhniú a eiseoidh an Rialaitheoir faoi alt 4 (3) den Acht seo,

(d) cibé táillí tréimhsiúla is iníoctha ag daoine a shealbhaíonn cearta póraitheoirí plandaí,

(e) cibé táillí eile,

a fhorordófar ó am go ham.

(2) Más rud é, de bhun comhaontú nó comhshocraíocht faoi alt 2 (4) den Acht seo, go gcuirfidh an Rialaitheoir ar chumas duine in aon tír seachas an Stát torthaí tástálacha, trialacha nó scrúduithe a rinne an Rialaitheoir a fháil nó rochtain a bheith aige orthu, féadfaidh sé cibé táille (más ann) ar a gcomhaontófar a mhuirearú.

(3) Na táillí go léir a gheobhaidh an Rialaitheoir faoin alt seo baileofar iad, tabharfar cuntas orthu agus diúscrófar iad i cibé slí a ordóidh an tAire ó am go ham.

(4) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le táillí is iníoctha faoin alt seo.

Rialacháin agus orduithe.

26. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh d'fhorordú aon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe, ar choinníoll, a mhéid a fhorálann aon rialacháin den sórt sin go socrófar táillí, gur le toiliú an Aire Airgeadais amháin a dhéanfar iad amhlaidh.

(2) Sula ndéanfaidh an tAire rialacháin chun críocha an Achta seo, rachaidh sé i gcomhairle leis an Rialaitheoir agus le daoine atá ionadaitheach do cibé leasanna ar dealraitheach don Aire baint a bheith acu leis an gcás, agus, maidir le rialacháin faoin alt seo—

(a) féadfaidh siad forálacha éagsúla a dhéanamh le haghaidh géinis nó speicis éagsúla de chineálacha plandaí, nó le haghaidh cineálacha plandaí atá laistigh d'aon ghéineas nó speiceas den sórt sin agus ar de chineál nó de thuairisc fhorordaithe iad,

(b) féadfaidh siad cibé forálacha forlíontacha, teagmhasacha agus eatramhacha a bheith iontu is dóigh leis an Aire a bheith iomchuí.

(3) Gach rialachán agus gach ordú a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán nó an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin nó an ordaithe, beidh an rialachán nó an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán nó faoin ordú.

Caiteachais.

27. — Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

28. —(1) Féadfar an tAcht um Chineálacha Plandaí (Cearta Dílseánaigh), 1980 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i bhfeidhm cibé lá a cheapfaidh an tAire chuige sin le hordú.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Na Coinníollacha dá dTagraítear in Alt 5 (1) (b)

Alt 5(1).

Leithleachas.

1. (1) (a)  Cibé bunadh a bheidh leis an éagsúlacht tosaigh as ar tháinig cineál planda lena mbaineann iarratas faoin alt seo, cibé acu is bunadh nádúrtha nó bunadh saorga é, measfar, chun críocha an Achta seo, gur cineál leithleach an cineál más féidir, agus ar an gcuntar amháin gur féidir, é a idirdhealú go soiléir, faoi threoir saintréith thábhachtach amháin nó níos mó, ó aon chineál planda eile ar eolas coiteann, tráth an iarratais a dhéanamh, é a bheith ann.

(b)  Ní foláir i ngach uile chás gur saintréithe ar féidir tuairisc bheacht a thabhairt orthu agus iad a aithint na saintréithe idirdhealaitheacha.

(2) Chun críocha na míre seo féadfar eolas coiteann a shuíomh faoi threoir chineálacha plandaí atá á gcur nó á saothrú cheana féin ar bhonn tráchtála, nó faoi threoir na gcineálacha atá i mbailiúchán tagartha aitheanta tráchtála nó luibheolaíochta, nó faoi threoir na gcineálacha a bhfuil tuairiscí beachta orthu in aon fhoilseachán.

Plandaí ina n-ábhar tráchtála cheana.

2. Plandaí den chineál lena mbaineann an t-iarratas, nó aon ábhar is cuid de phlandaí den chineál sin nó a dhíorthaigh uathu, ní plandaí ná ábhar iad a ndearnadh cheana, i gcúrsa margaíochta tráchtála, le toiliú an iarratasóra nó a réamhtheachtaí i dteideal—

(a) iad a dhíol sa Stát,

(b) iad a dhíol in aon tír nó críoch seachas an Stát—

(i) i gcás gur fíniúnacha, crainn fhoraoise, crainn torthaí nó crainn ornáideacha na plandaí sin (lena n-áirítear a bpréamhstoic), tráth ba luaithe ná an tréimhse sé bliana dar chríoch an lá ar a bhfuair an Rialaitheoir an t-iarratas,

(ii) i gcás gur plandaí d'aon ghéineas nó speiceas eile na plandaí sin, tráth ba luaithe ná an tréimhse ceithre bliana dar chríoch an lá sin,

ar choinníoll nach dtosóidh an mhír seo d'éifeacht a bheith léi maidir le cineál planda áirithe—

(c) a ndearnadh cearta atá ar comhréir nó ar comhréim le cearta póraitheoirí plandaí a dheonú ina leith faoi dhlí tíre coinbhinsiúin agus ar cearta iad a mbeidh feidhm acu ar an dáta ar a bhfaighidh an Rialaitheoir an t-iarratas, nó

(d)      (i)  atá sa Chatalóg Náisiúnta de Chineálacha Plandaí Talmhaíochta nó i cibé catalóg nó liosta eile a bheidh forordaithe chun críocha na míre seo, agus

(ii) nár díoladh sa Stát tráth ar bith ba luaithe ná cibé tréimhse ama dar críoch an lá ar a bhfaighidh an Rialaitheoir an t-iarratas amhlaidh a bheidh forordaithe i ndáil leis an gcineál sin,

go dtí go n-éagfaidh an tréimhse bliana dar tosach lá thosach feidhme na rialachán faoi alt 4 den Acht seo ina sonrófar an géineas nó an speiceas iomchuí.

Comhionannas.

3. Ag féachaint do na gnéithe áirithe a bhaineann lena atáirgeadh gnéasach nó lena iomadú fásúil, ní mór don chineál planda lena mbaineann an t-iarratas a bheith sách comhionann nó sách aonchineálach le go gcomhlíonfaidh sé caighdeáin agus critéir a bheidh sonraithe de thuras na huaire ag an Rialaitheoir.

Cobhsaíocht.

4. Ní mór don chineál planda lena mbaineann an t-iarratas a bheith cobhsaí ina shaintréithe bunúsacha, is é sin le rá, ní mór dó fanacht dílis don tuairisc a tugadh air san iarratas iomchuí ar chearta póraitheoirí plandaí tar éis atáirgeadh nó iomadú a dhéanamh air arís agus arís eile, nó, i gcás ina sonróidh an t-iarratas ar na cearta sin timthriall áirithe atáirgthe nó iolraithe, i ndeireadh gach timthriall den sórt sin.

Ainm.

5. Tabharfar don chineál planda lena mbaineann an t-iarratas ainm a shonróidh an t-iarratasóir agus is de réir rialacháin faoi alt 12 den Acht seo ag a mbeidh feidhm de thuras na huaire a roghnófar an t-ainm sin.

6. Na tagairtí sa Sceideal seo d'iarratas is tagairtí iad d'iarratas ar chearta póraitheoirí plandaí faoi alt 4 den Acht seo.

AN DARA SCEIDEAL

Iarratais agus Achomhairc

Alt 15 (2).

Na forálacha dá dtagraítear in alt 15 (2).

1. I gcás ina ndéanfar iarratas faoi alt 4, 10, 11, 17, 21 nó 22 den Acht seo chun an Rialaitheora, féadfaidh an Rialaitheoir, más oiriúnach leis, a cheangal ar an iarratasóir fógra a fhoilsiú i cibé slí a ordóidh an Rialaitheoir á rá go ndearnadh an t-iarratas agus á chur in iúl go bhféadfar uiríolla agus agóidí maidir leis an iarratas a dhéanamh chun an Rialaitheora le linn tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra (agus is é a bheidh sa tréimhse sin an tréimhse a ordófar amhlaidh) agus á chur in iúl freisin go bhféadfar fógra faoi na huiríolla agus na hagóidí sin a thabhairt don Rialaitheoir (agus údaraítear leis seo na fógraí sin a thabhairt amhlaidh).

2. Beidh na daoine seo a leanas i dteideal éisteacht a fháil (i bpearsa nó trí abhcóide nó aturnae) le linn iarratas lena mbaineann Airteagal 1 den Sceideal seo a éisteacht ag an Rialaitheoir nó ar achomharc, eadhon:

(a) an t-iarratasóir,

(b) sealbhóir an deonaithe iomchuí cearta póraitheoirí plandaí (murab é an t-iarratasóir é),

(c) aon duine a thug fógra go cuí i ndáil leis an iarratas de bhun rialacháin faoi alt 15 den Acht seo.

3. I gcás ina ndéanfar iarratas faoi alt 17 den Acht seo beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) féadfaidh an Rialaitheoir nó an Coiste Achomhairc, d'fhonn go bhféadfar úinéireacht na gceart póraitheoirí plandaí iomchuí a fhionnadh, a ordú don iarratasóir fógra a fhoilsiú i cibé foirm agus ar cibé slí a ordóidh an Rialaitheoir,

(b) más deimhin leis an Rialaitheoir nó leis an gCoiste Achomhairc, de réir mar a bheidh, tar éis fiosrú dúthrachtach a dhéanamh nach féidir an sealbhóir iomchuí a aimsiú ná a fhionnadh, féadfar an t-iarratas nó achomharc faoi alt 14 den Acht seo a éisteacht agus a chinneadh d'ainneoin nár aimsíodh nó nár fionnadh an sealbhóir sin.

4. I gcás ina ndéanfaidh an Rialaitheoir cinneadh agus go ndaingneofar nó go n-athrófar é ar achomharc faoin Acht seo, nó i gcás ina ndaingneofar amhlaidh aon diúltú ag an Rialaitheoir nó ina ndéanfar aon chinneadh eile ar an achomharc sin, ansin mura n-ordóidh an Ard-Chúirt nó an Coiste Achomhairc, de réir mar a bheidh, a mhalairt, tiocfaidh an cinneadh ar an achomharc i bhfeidhm an lá díreach tar éis an lae ar a ndéanfar é, agus, i gcás ina dtabharfar ordú den sórt sin tiocfaidh an cinneadh lena mbaineann an t-ordú i bhfeidhm an lá a shonrófar san ordú.

5. Aon uair a dhéanfaidh an Rialaitheoir cinneadh dá dtagraítear i bhfo-alt (1) d'alt 14 den Acht seo nó cinneadh faoi alt 21 (6) den Acht seo, cuirfidh sé faoi deara, a luaithe is féidir tar éis an cinneadh a dhéanamh, fógra faoin gcinneadh a fhoilsiú san Iris, agus luafar san fhógra sin an tréimhse inar féidir achomharc a dhéanamh faoin alt sin 14 nó 21 (6) i ndáil leis an gcinneadh. Tréimhse seasca lá dar tosach dáta an fhógra réamhráite a fhoilsiú a bheidh sa tréimhse réamhráite.


An tAcht dá dTagraítear

Public Offices Fees Act, 1879

1879, c. 58