35 1980


Uimhir 35 de 1980


AN tACHT GÁIS (LEASÚ), 1980

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA GÁIS, 1976 . [16 Nollaig, 1980]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 23 den Acht Gáis, 1976 .

1. —Leasaítear leis seo alt 23 (a bhaineann le cumhachtaí áirithe an Bhoird iasachtaí a fháil) den Acht Gáis, 1976 , trí “£30,000,000” a chur in ionad “£25,000,000” i bhfo-alt (2) agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2) Ní rachaidh comhiomlán na n-iasachtaí faoin alt seo, nó comhiomlán na n-iasachtaí sin agus aon airleacain faoi alt 22 den Acht seo, agus a bheidh gan aisíoc, thar £30,000,000 aon tráth áirithe.

Leasú ar alt 25 den Acht Gáis, 1976 .

2. —Leasaítear leis seo alt 25 (a bhaineann le ráthaíochtaí i ndáil leis an mBord d'fháil iasachtaí) den Acht Gáis, 1976 , trí “£30,000,000” a chur in ionad “£25,000,000” i bhfo-alt (2) agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2) Ní dhéanfaidh an tAire Airgeadais na cumhachtaí a thugtar dó leis an alt seo a fheidhmiú ar shlí gur mó ná £30,000,000 an méid, nó an méid comhiomlán, príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a aisíoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, mar aon leis an méid príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire sin ar scór aon ráthaíochta faoin alt seo agus nach mbeidh aisíoctha ag an mBord.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht Gáis (Leasú), 1980 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar an tAcht Gáis, 1976 , agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Gáis, 1976 agus 1980, a ghairm díobh le chéile.


An tAcht dá dTagraítear

An tAcht Gáis, 1976

1976, Uimh. 30