42 1980


Uimhir 42 de 1980


AN tACHT ALCÓIL CHEARDAIS (LEASÚ), 1980

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ NA n ACHTA ALCÓIL CHEARDAIS, 1938 AGUS 1947, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [23 Nollaig, 1980]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Phríomh-Acht” an tAcht Alcóil Cheárdais, 1938 ;

ciallaíonn “Acht 1947” an tAcht Alcóil Cheardais (Leasú), 1947 .

Leasú ar alt 10 (3) den Phríomh-Acht.

2. —Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3) d'alt 10 den Phríomh-Acht:

“(3) An méid iomlán a fhéadfaidh an tAire Airgeadais a chaitheamh chun scaireanna leis an gCuideachta a fháil (faoin dá fho-alt deiridh sin roimhe seo nó faoi cheachtar acu) ní bheidh sé níos mó ná £10,000,000 lúide luach ainmniúil na scaireanna a bheidh le heisiúint chuige faoin gcéad alt ina dhiaidh seo.”.

An tAire do ráthú iasachtaí a gheobhaidh an Chuideachta.

3. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a ráthú, i cibé foirm agus modh agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an tAire Airgeadais—

(a) go n-aisíocfaidh an Chuideachta go cuí príomhshuim aon airgid (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a gheobhaidh an Chuideachta ar iasacht, nó go n-íocfar ús ar an airgead sin nó go n-aisíocfar an phríomhshuim agus go n-íocfar an t-ús, nó

(b) go n-íocfaidh an Chuideachta go cuí tráthchodanna nó méideanna eile airgid (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a bheidh dlite den Chuideachta faoi chonradh a rinne an Chuideachta nó go n-íocfar ús ar aon tráthchodanna nó méideanna den sórt sin nó go n-íocfar na tráthchodanna nó na méideanna agus an t-ús,

agus féadfaidh ráthaíocht go n-íocfaidh an Chuideachta coimisiún agus caiteachais theagmhasacha i ndáil leis na hiasachtaí nó leis an gconradh sin a bheith ar áireamh in aon ráthaíocht den sórt sin.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar dó leis an alt seo a fheidhmiú ar shlí gur mó ná £10,000,000 an méid, nó an méid comhiomlán, príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth a aisíoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, mar aon leis an méid príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire ar scór aon ráthaíochta faoin alt seo agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCuideachta.

(3) I gcás ráthaíocht faoin alt seo a thabhairt nó a bheith tugtha, déanfaidh an Chuideachta, má iarrann an tAire é, cibé urrús a thabhairt dó (lena n-áirítear, go háirithe, bintiúir) a bheidh sonraithe san fhoréileamh chun a áirithiú don Aire go n-aisíocfar leis aon airgead a dhlífidh sé a íoc nó a bheidh íoctha aige faoin ráthaíocht.

(4) Chun méid na n-iasachtaí a ríomh a bheidh ráthaithe ag an Aire faoin alt seo faoi threoir na teorann le príomhshuim atá i bhfo-alt (2) den alt seo, déanfar an méid in airgead reatha an Stáit is coibhéis do na hiasachtaí in airgead reatha coigríche a ríomh de réir an ráta iomlaoide a bhí i réim an tráth a tugadh an ráthaíocht.

(5) A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, leagfaidh an tAire faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas a inseoidh maidir le gach ráthaíocht faoin alt seo a tugadh i rith na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach na bliana sin—

(a) sonraí na ráthaíochta,

(b) i gcás aon íocaíocht a bheith déanta ag an Aire faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (más ann) a aisíocadh leis an Aire ar scór na híocaíochta,

(c) an méid príomhshuime a bhí faoi bhrí na ráthaíochta agus a bhí gan aisíoc i ndeireadh na bliana sin.

(6) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis an t-airgead go léir a theastóidh ón Aire ó am go ham faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoin Acht seo.

(7) Déanfaidh an Chuideachta airgead a d'íoc an tAire faoi ráthaíocht faoin alt seo a aisíoc leis (mar aon le hús ar an airgead sin de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) laistigh de dhá bhliain ó dháta an airgid a airleacan as an bPríomh-Chiste.

(8) I gcás an t-airgead go léir nó aon chuid den airgead a cheanglaítear le fo-alt (7) den alt seo a aisíoc leis an Aire a bheith gan íoc de réir an fho-ailt sin, déanfar an méid a bheidh gan íoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(9) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (8) den alt seo chun an méid a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an Chuideachta faoi dhliteanas don Aire i leith an méid sin agus déanfaidh an Chuideachta an méid sin (mar aon le hús air de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) a aisíoc leis an Aire cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh an tAire Airgeadais agus, mura n-aisíocfar an méid sin mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, beidh sé inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(10) Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste i cibé slí is oiriúnach leis an Aire Airgeadais airgead a íocfaidh an Chuideachta faoi fho-alt (7) nó (9) den alt seo.

(11) I ndáil le ráthaíochtaí ón Aire in airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit—

(i) glacfar le gach tagairt do phríomhsuim, le gach tagairt d'ús leis an tagairt do choimisiún agus do chaiteachais theagmhasacha i bhfo-alt (1) den alt seo mar thagairt do choibhéis na príomhshuime iarbhír, an úis iarbhír agus an choimisiúin agus na gcaiteachas teagmhasach iarbhír, faoi seach, in airgead reatha an Stáit, agus an choibhéis sin a ríomh de réir chostas na príomhshuime iarbhír, an úis iarbhír nó an choimisiúin agus na gcaiteachas teagmhasach iarbhír, de réir mar is iomchuí, in airgead reatha an Stáit;

(ii) glacfar leis an tagairt do phríomhshuim i bhfo-alt (5) den alt seo mar thagairt do choibhéis na príomhshuime iarbhír in airgead reatha an Stáit, agus an choibhéis sin a ríomh de réir an ráta iomlaoide de thuras na huaire don airgead reatha sin agus d'airgead reatha an Stáit;

(iii) glacfar le gach tagairt d'airgead i bhfo-ailt (6) go (9) den alt seo mar thagairt do chostas an airgid iarbhír in airgead reatha an Stáit.

Stiúrthóirí, oifigigh nó seirbhísigh na Cuideachta a bheith ina gcomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na hEorpa.

4. —(1) I gcás a ndéanfar stiúrthóir ar an gCuideachta a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Tionól na gComhphobal Eorpach nó a cheapadh don Tionól sin, scoirfidh sé air sin de bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachta.

(2) I gcás a ndéanfar duine is oifigeach nó seirbhíseach don Chuideachta a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Tionól na gComhphobal Eorpach nó a cheapadh don Tionól sin, beidh sé ar iasacht ó fhostaíocht na Cuideachta agus ní íocfaidh an Chuideachta leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón gCuideachta, aon luach saothair ná liúntais—

(a) i gcás é a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó é a cheapadh don Tionól sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach an tráth a ainmneofar nó a cheapfar amhlaidh é, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de Sheanad Éireann nó den Tionól sin,

(b) i gcás é ainmniú mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí acu sin nó chun an Tionóil sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó den Tionól sin, de réir mar a bheidh, nó a chinnfidh toghchán air nó a tharraingeoidh sé siar ó bheith ina iarrthóir, de réir mar is iomchuí.

(3) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó ina chomhalta de Thionól na gComhphobal Eorpach, beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachta nó ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Chuideachta.

(4) Forléireofar fo-alt (2) den alt seo mar fho-alt a thoirmisceann, inter alia, tréimhse atá luaite i mír (a) nó (b) den fho-alt sin a áireamh mar sheirbhís leis an gCuideachta chun críocha aon sochair aoisliúntais.

Luach saothair an phríomh-oifigigh.

5. —Íocfaidh an Chuideachta lena príomh-oifigeach (cibé acu is príomh-oifigeach nó eile a thabharfar de thuairisc ar an oifigeach sin) cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Chuideachta le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Srian le hathrú ar chomhshocraíochtaí le haghaidh aoisliúntais fhoireann na Cuideachta.

6. —Ní athróidh an Chuideachta a comhshocraíochtaí (trí chur leo, trína gcealú go hiomlán nó go páirteach nó trína leasú) chun sochair aoisliúntas a chur ar fáil ar scor nó ar bhás dá hoifigigh nó dá seirbhísigh (lena n-áirítear a príomh-oifigeach) a bheidh ar buanfhostú, nó ina leith, gan ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Leasú ar alt 14 den Phríomh-Acht.

7. —Leasaítear leis seo alt 14 den Phríomh-Acht trí “ar mholadh ón Aire,” a chur isteach i ndiaidh “an tAire Airgeadais” agus tá an t-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

14.—Pé uair a bheartóidh an Chuideachta aon bhintiúirí do thabhairt amach féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh ón Aire, más oiriúnach leis é, a urrú, sa tslí sin agus sa bhfuirm is dóich leis is ceart, go n-íocfaidh an Chuideachta go cuibhe do réir téarmaí na mbintiúirí sin an t-airgead colna agus an t-ús a hurrófar leis na bintiúirí sin.

Leasú ar alt 17 den Phríomh-Acht.

8. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 17 den Phríomh-Acht:

“17.—D'ainneoin aon ní in Acht na gCuideachtaí, 1963 , ní bheidh aon athrú a dhéanfar ar Mheabhrán Comhlachais nó ar Airteagail Chomhlachais na Cuideachta bailí ná éifeachtúil mura ndéanfar é le toiliú roimh ré ón Aire, arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.”.

Leasú ar alt 18 den Phríomh-Acht.

9. —Leasaítear leis seo alt 18 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), trí “Aire” a chur in ionad “Aire Airgeadais”.

(b) i bhfo-alt (2), trí “, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais,” a chur in ionad “Airgeadais”,

(c) i bhfo-alt (3), trí “Aire” a chur in ionad “Aire Airgeadais”,

(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Déanfaidh an tAire cóip de gach clár comhardaithe agus de gach cuntas sochair agus dochair a thabharfar dó de bhun an ailt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis an clár comhardaithe agus an cuntas sochair agus dochair a thabhairt dó amhlaidh.”,

agus

(e) i bhfo-alt (6), trí “an tAire” a chur in ionad “an tAire Airgeadais”,

agus tá na fo-ailt sin (1), (2), (3) agus (6), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo:

AN TÁBLA

18.—(1) Bhéarfaidh an Chuideachta don Aire, fé cheann nócha lá tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta, cuntas cothromaíochta in aghaidh na bliana cuntasaíochta san agus é iniúchta go cuibhe ag iniúchóir na Cuideachtan agus fós cuntas sochair agus dochair in aghaidh na bliana cuntasaíochta céanna agus é iniúchta amhlaidh.

(2) Is sa tslí ordóidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, a déanfar amach an cuntas cothromaíochta agus an cuntas sochair agus dochair a bheidh le tabhairt don Aire sin mar adubhradh, agus beidh sa chuntas cothromaíochta san (i dteannta éinní is gá do réir an orduithe sin) cuimre ar chaipiteal, ar shócmhainní agus ar fhiachaisí na Cuideachtan maraon leis na mion-innste sin a thaisbeánfaidh cadé an saghas iad na sócmhainní agus na fiachaisí sin agus cadé an tslí ina ndearnadh amach luach na sócmhainní.

(3) Ar n-a éileamh san ortha bhéarfaidh an Chuideachta don Aire na mínithe sin is dóich leis an Aire sin is ceart d'éileamh i dtaobh aon chuntais chothromaíochta nó cuntais sochair agus dochair do bhéarfar dó do bhun an ailt seo.

(6) Féadfaidh an tAire nó féadfar ar agra an Aire sin, mar chúisitheoir, cionta fén alt so do chúiseamh.

Leasú ar an Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

10. —Leasaítear leis seo an Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 1:

“1.—Beidh Meabhrán Comhlachais agus Airteagail Chomhlachais na Cuideachta faoi réir an Aire dá gceadú tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.”,

(b) tríd an bhfomhír seo a leanas a chun in ionad fhomhír (e) de mhír 2:

“(e)  gur £10,000,000, agus é roinnte ina scaireanna £1 an ceann, an méid scairchaipitil a bheidh ag an gCuideachta, agus go mbeidh sé de chumhacht ag an gCuideachta, le toiliú an Aire Airgeadais, na scaireanna i gcaipiteal na Cuideachta a roinnt ina n-aicmí ar leith agus aon chearta tosaíochta, iarchurtha, cáilithe nó speisialta, nó pribhléidí nó coinníollacha, a chur ag gabháil leo faoi seach.”,

(c) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 4 den Sceideal:

“4.—Forálfar le hAirteagail Chomlachais na Cuideachta—

(a) go ndéanfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, stiúrthóirí na Cuideachta a ainmniú ó am go ham;

(b) go ndéanfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, cathaoirleach na stiúrthóirí a ainmniú ó am go ham as líon na stiúrthóirí;

(c) go mbeidh stiúrthóir bainistí ar an gCuideachta ar feadh cibé tréimhse a ordóidh an tAire agus, sa chás sin, go ndéanfaidh stiúrthóirí na Cuideachta duine dá líon a cheapadh ó am go ham chun bheith ina stiúrthóir bainistí ar an gCuideachta;

(d) go mbeidh cumhacht ag an gCuideachta chun críocha na Cuideachta airgead a chruinniú trí bhíthin bintiúr, ach sin, áfach, faoi réir an méid seo a leanas:—

(i) nach rachaidh an méid a chruinneofar amhlaidh tráth ar bith thar scairchaipiteal láníoctha na Cuideachta,

(ii) nach mbeidh an chumhacht sin infheidhmithe gan toiliú an Aire Airgeadais arna thabhairt ar mholadh ón Aire;

(e) nach mbeidh aon duine incheaptha mar iniúchóir ar an gCuideachta gan ceadú an Aire leis an gceapachán sin arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.”.

Leasú ar alt 4 (2) d'Acht 1947.

11. —Leasaítear leis seo alt 4 d'Acht 1947 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Tráth ar bith tar éis an tAcht seo a rith, féadfaidh an Chuideachta, le ceadú an Aire, arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, a meabhrán comhlachais a athrú i slí go leathnófar a cuspóirí i gcomhréir leis an leasú a dhéantar le fo-alt (1) den alt seo, agus ní bheidh feidhm ag alt 17 den Phríomh-Acht maidir leis an athrú sin.”.

Cuid III d'Acht 1947 a aisghairm.

12. —Aisghairtear leis seo Cuid III d'Acht 1947.

Gearrtheideal agus comhlua.

13. —(1) Féadfar an tAcht Alcóil Cheardais (Leasú), 1980 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Alcóil Cheardais, 1938 go 1980, a ghairm de na h Achta Alcóil Cheardais, 1938 agus 1947 agus den Acht seo le chéile agus forléireofar i dteannta a chéile iad mar aon ní amháin.


Na hAchtanna Dá dTagraitear

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

An tAcht Alcóil Cheárdais, 1938

1938, Uimh. 23

An tAcht Alcóil Cheardais (Leasú), 1947

1947, Uimh. 2

Na h Achta Alcóil Cheardais, 1938 agus 1947