1 1981


Uimhir 1 de 1981


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO CHOMHDHLÚTHÚ ACHTACHÁN A BHAINEANN LE hÁRACHAS SÓISIALACH, CÚNAMH SÓISIALACH, LIÚNTAIS LEANAÍ, ÁRACHAS BREAC-DHÍFHOST-AÍOCHTA AGUS ACHTACHÁN EILE A BHAINEANN LE LEAS SÓISIALACH. [24 Feabhra, 1981]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú i gcoitinne.

[1952, a.2; 1966 DC, a.l; 1978 L, a. 4, 6, 13; 1980, a. 6, 14, 19, 23]

[1975 LLF, a.1]

[1980, a.12, 22]

[1977, a.13 (2)]

[1970, a.29(3), 34(2); 1966 DC, a.1]

[1978 L, a.4 (1)]

[1966 DC, a.36]

[1974 (Uimh. 1), a.4]

[1966 DC, a.1; 1952 LL, a.8]

2. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “cleithiúnaí aosaithe”, i ndáil le haon duine—

(a) banchéile atá ina cónaí lena fearchéile nó atá á cothabháil go hiomlán nó go formhór ag a fearchéile, nó

(b) fearchéile atá éagumasach de dheasca éiglíocht éigin coirp nó meabhrach ar é féin a chothú agus atá á chothabháil go hiomlán nó go formhór ag a bhanchéile, nó

(c) bean os cionn 16 bliana d'aois atá ag tabhairt aire do leanbh cáilithe nó do leanaí cáilithe a chónaíonn go rialta leis an duine sin i gcás an duine sin a bheith—

(i) ina dhuine singil, nó

(ii) ina bhaintreach, nó

(iii) ina bhaintreach fir, nó

(iv) ina dhuine pósta nach bhfuil ina chónaí le céile an duine phósta sin ná ag cothabháil chéile an duine phósta sin go hiomlán nó go formhór ná á chothabháil go hiomlán nó go formhór ag céile an duine phósta sin;

ciallaíonn “oifigeach achomhairc” duine a shealbhaíonn oifig mar oifigeach achomhairc faoi alt 297;

ciallaíonn “cúnamh” cúnamh faoi Chuid III;

ciallaíonn “tairbhí” duine atá i dteideal sochair;

ciallaíonn “sochar” sochar faoi Chuid II;

ciallaíonn “bliain sochair” an tréimhse dar tosach an chéad Luan i mbliain áirithe agus dar críoch an Domhnach díreach roimh an gcéad Luan an bhliain dár gcionn;

ciallaíonn “Ard-Bhailitheoir” an tArd-Bhailitheoir a ceapadh faoi alt 162 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “seachtain ranníoca” ceann de na tréimhsí comhleanúnacha 7 lá as a chéile i mbliain ranníoca dar tosach an chéad lá den bhliain ranníoca sin, nó aon 7ú lá tar éis an lae sin, á ghlacadh go n-áirítear an lá deiridh de bhliain ranníoca (nó an dá lá dheiridh de bhliain ranníoca a chríochnaíonn i mbliain bhisigh) sa tseachtain ranníoca deiridh den bhliain ranníoca sin;

ciallaíonn “bliain ranníoca” bliain mheasúnachta de réir bhrí na nAchtanna Cánach Ioncaim;

ciallaíonn “ranníoc creidiúnaithe”, i ndáil le haon duine árachaithe, ranníoc a chreidiúnófar don duine sin de bhua alt 14;

tá le “lá éagumais chun oibre” an bhrí a shanntar in alt 18;

tá le “lá dífhostaíochta” an bhrí a shanntar in alt 29;

ciallaíonn “oifigeach breithiúnachta” duine a shealbhaíonn oifig mar oifigeach breithiúnachta faoi alt 295;

tá le “ranníocóir fostaithe” an bhrí a shanntar in alt 5 (1);

tá le “ranníoc fostóra” an bhrí a shanntar in alt 9 (1)(a);

tá le “ranníoc fostaíochta” an bhrí a shanntar in alt 9 (1) (a);

ciallaíonn “teacht faoi árachas”, faoi réir ailt 16 (3), 79 (11) agus 93 (6) i ndáil le haon duine, an dáta a dtagann sé chun bheith ina dhuine árachaithe;

ciallaíonn “bord sláinte” bord sláinte de réir bhrí an Achta Sláinte, 1970 ;

ciallaíonn duine a bheith “éagumasach chun oibre” é a bheith éagumasach chun oibre de dheasca galair shonraigh éigin nó míchumais shonraigh choirp nó mheabhrach nó é a bheith arna mheas, de réir rialachán, a bheith éagumasach amhlaidh;

ciallaíonn “méadú”, i ndáil le haon sochar, méadú faoi alt 21, 32, 44, 45, 46, 47, 50, 51, 81, 86, 87, 91, 95 nó 103;

ciallaíonn “cigire” duine a shealbhaíonn oifig mar chigire faoi alt 114;

ciallaíonn “fostaíocht inárachaithe” fostaíocht de shaghas gur ranníocóir fostaithe duine, os cionn 16 bliana d'aois agus faoi bhun aoise inphinsin, a bheadh fostaithe inti;

tá le “fostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde)” an bhrí a shanntar in alt 38;

ciallaíonn “duine árachaithe” duine atá árachaithe faoi Chuid II;

ciallaíonn “sochar máithreachais” liúntas máithreachais nó deontas máithreachais, de réir mar a bheidh;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Leasa Shóisialaigh;

tá le “árachas díobhálacha ceirde” an bhrí a shanntar in alt 37 (2);

ciallaíonn “Ciste na nDíobhálacha Ceirde” an Ciste lena mbaineann alt 67;

ciallaíonn “dílleachta”, faoi réir ailt 52 (4) agus 97 (3)—

(a) leanbh cáilithe, ar leanbh dlisteanach é, a bhfuil a bheirt tuismitheoir marbh agus, i gcás leas-tuismitheoir a bheith aige, nach mbíonn cónaí go rialta air i dteannta an leastuismitheora nó i dteannta duine atá pósta leis an leastuismitheoir agus in aontíos leis an leas-tuismitheoir, nó

(b) leanbh cáilithe, ar leanbh neamhdhlisteanach é, a bhfuil a mháthair marbh agus a bhfuil a athair marbh nó nach eol cé hé féin agus, má mhaireann fearchéile a mháthar, nach gcónaíonn go rialta leis an bhfearchéile sin nó le bean atá pósta leis an bhfearchéile sin nó in aontíos leis, nó

(c) leanbh cáilithe a bhfuil duine dá thuismitheoirí marbh agus a bhfuil an tuismitheoir a mhaireann tar éis é a thréigean nó tar éis diúltú nó mainneachtain soláthar dó;

ciallaíonn “aois inphinsin” 66 bliana d'aois;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin;

ciallaíonn “leanbh cáilithe”, ach amháin in ailt 92 (5), 107 (2), 157, 176 agus 223, duine—

(a) atá faoi bhun 18 mbliana d'aois,

(b) a bhfuil gnáth-chónaí air sa Stát, agus

(c) nach bhfuil faoi choinneáil i scoil cheartúcháin nó i scoil saothair;

ciallaíonn “ranníoc cáilitheach” an ranníoc fostaíochta iomchuí (nó na ranníocaí fostaíochta iomchuí) a íocadh nó a d'íocfaí murach alt 10 (1) (c), i leith aon duine árachaithe;

ciallaíonn “tuilleamh ináirithe”, faoi réir rialachán agus faoi réir alt 71, tuilleamh ó fhostaíocht inárachaithe nó ó fhostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde);

ciallaíonn “rialacháin” rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

ciallaíonn “an Ciste Árachais Shóisialaigh” an Ciste lena mbaineann alt 122;

ciallaíonn “an Ciste Dífhostaíochta Forlíontach” an Ciste lena mbaineann alt 269;

tá le “ranníoc saorálach” an bhrí a shanntar in alt 11 (1) (a);

tá le “ranníocóir saorálach” an bhrí a shanntar in alt 5 (2);

ciallaíonn “na hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre” na hAchta um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955, agus na hachtacháin a aisghairtear leis an Acht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934.

(2) Chun críocha an Achta seo—

(a) measfar duine a bheith os cionn aon aoise a luaitear ann má tá an aois sin slánaithe aige agus measfar é a bheith faoi bhun aon aoise a luaitear ann mura bhfuil an aois sin slánaithe aige;

(b) measfar duine a bheith idir dhá aois a luaitear ann má tá an chéad aois a luaitear slánaithe aige agus mura bhfuil an dara haois a luaitear slánaithe aige;

(c) measfar nach bhfuil 16 bliana d'aois slánaithe ag duine go dtí tosach an lae atá cothrom 16 bliana ón lá a rugadh é, agus mar sin d'aon aois eile;

(d) féadfar, chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil ranníoc iníoctha i leith aon duine áirithe, nó cad é an ráta ar a bhfuil ranníoc iníoctha, a fhoráil le rialacháin go measfar gur shlánaigh an duine sin i dtús seachtaine ranníoca, nó nár shlánaigh sé go dtí deireadh seachtaine ranníoca, aon aois a shlánaigh sé i rith na seachtaine sin.

(3) Aon tagairt atá san Acht seo do ranníocaí déanfar, má tá an tagairt gan cháiliú, í a fhorléiriú, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt a fholaíonn tagairt do ranníocaí fostaíochta agus tagairt do ranníocaí saorálacha.

(4) Féadfar a shonrú le rialacháin, maidir le haon aicme nó cineál fostaíochta inárachaithe nó fostaíochta inárachaithe (díobhálacha ceirde), cé hiad na daoine a áireofar chun críocha an Achta seo mar fhostóirí ranníocóirí fostaithe atá ar fostú san fhostaíocht sin.

(5) Ní dhéanfar tagairtí san Acht seo d'fhostóir ranníocóra fhostaithe a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'fhostóir an ranníocóra sin in aon fhostaíocht nach fostaíocht inárachaithe ná fostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde).

(6) Déanfar aon cheist maidir le cónaí rialta linbh cháilithe a chinneadh, faoi réir alt 224 (2), de réir rialachán faoin bhfo-alt seo.

(7) I gcás ina ndearnadh nó ina ndéanfar leanbh cáilithe a uchtáil de bhun na nAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, ansin, chun críocha an Achta seo—

(a) áireofar dá éis sin, an leanbh ionann agus dá mba leanbh é leis an uchtóir nó leis na huchtóirí, a rugadh dó, di, nó dóibh de phósadh dleathach agus nárbh é leanbh aon duine eile é agus, má ba dhílleachta é díreach roimh an uchtáil, ionann agus dá mba rud é gur scoir sé de bheith ina dhílleachta, agus

(b) mura bhfuil ann ach uchtóir amháin, in aon fheidhmiú, tar éis na huchtála, maidir leis an leanbh ar an míniú ar “dílleachta” atá i bhfo-alt (1), cuirfear “a bhfuil a thuismitheoir marbh” in ionad “a bhfuil a bheirt tuismitheoir marbh” i mír (a) den mhíniú sin.

(8) Déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairtí don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

(9) San Acht seo, aon tagairt do Chuid nó do Chaibidil, d'alt nó do Sceideal, is tagairt í do Chuid, nó do Chaibidil nó d'alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(10) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt, do mhír, d'fhomhír nó do chlásal, is tagairt í don fho-alt, don mhír, don fhomhír nó don chlásal den fhoráil (lena n-áirítear Sceideal) ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Forálacha ginearálta maidir le rialacháin.

[1952, a.3; 1933 CD, a.7; 1935 PBD, a.65; 1942 BD, a.12; 1944 LL, a.20; 1966 DC, a.1(7); 1975 LLF, a.21]

3. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a) chun aon chríche a bhforáiltear le haon cheann d'fhorálacha an Achta seo go bhféadfar rialacháin a dhéanamh ina taobh, agus

(b) chun aon ní nó rud a fhorordú dá dtagraítear san Acht seo mar ní nó rud atá forordaithe nó le forordú.

(2) Ach amháin sa mhéid go bhforálann an tAcht seo a mhalairt, féadfar aon chumhacht dá dtugtar leis an Acht seo a fheidhmiú chun rialacháin a dhéanamh—

(a) i ndáil leis na cásanna go léir lena mbaineann an chumhacht, nó i ndáil leis na cásanna sin go léir faoi réir eisceachtaí sonraithe, nó i ndáil le haon chásanna sonraithe nó aon aicmí sonraithe cásanna, agus

(b) ionas go ndéanfar, maidir leis na cásanna a bhfeidhmeofar i ndáil leo í—

(i) an fhoráil iomlán lena mbaineann an chumhacht nó aon fhoráil is lú ná sin (cibé acu is trí eisceacht nó eile é),

(ii) an fhoráil chéanna maidir leis na cásanna go léir a bhfeidhmeofar an chumhacht i ndáil leo nó foráil éagsúil maidir le cásanna éagsúla nó aicmí éagsúla cásanna, nó foráil éagsúil maidir leis an gcás céanna nó leis an aicme chéanna cásanna chun críocha éagsúla an Achta seo,

(iii) aon fhoráil den sórt sin gan choinníoll nó faoi réir aon choinníll shonraithe.

(3) Gan dochar d'aon fhoráil shonrach san Acht seo, is cead go mbeadh in aon rialacháin cibé forálacha foghabhálacha nó forlíontacha a dhealróidh don Aire a bheith oiriúnach chun críocha na rialachán.

(4) Beidh na nithe seo a leanas faoi réir a gceadaithe ag an Aire Airgeadais—

(a) rialacháin chun críocha alt 2 (1), 6, 7, 11 (1) (d), 13, 15, 16, 19 (4), 30 (4), 38 (8) (9) (10), 73, 76 (1) (a), 79 (7) (9), 84 (3) (4), 89 (4), 93 (4), 101 (4), 108 (4) (6), 133, 209, 210 (3), 269 (6), 286, 308 nó 309,

(b) dréacht de rialacháin faoi alt 5 (4) (5), 10 (2), 12, 19 (3), 25 (2), 30 (3), 79 (6), 84 (2), 89 (3), 93 (3), 97 (2), 101 (3), 105 (3) nó 108 (3).

(5) Déanfar rialacháin (nach rialacháin a gceanglaíonn an tAcht seo dréacht díobh a cheadú trí rún ó gach Teach den Oireachtas) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis na rialacháin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na rialachán, beidh na rialacháin ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin.

Caiteachais.

[1908 OAP, a.10 1930 BSG, a.10; 1933 CD, a.24; 1933 BSG, a.2; 1935 PBD, a.43; 1942 BD, a.14; 1944 LL, a.21; 1952, a 40 1957 FI, a.6; 1975 LLF, a.27]

4. —(1) Déanfar aon chaiteachais (seachas caiteachais lena mbaineann alt 285) a thabhóidh an tAire nó aon Aire eile ag cur an Achta seo in éifeacht agus caiteachais na gcoistí pinsean áitiúla faoi Chaibidil 3 de Chuid III suas go dtí méid a cheadóidh an tAire, a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Íocfar leis an Aire Airgeadais as an gCiste Árachais Shóisialaigh, cibé tráthanna agus i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais, cibé suimeanna a mheasfaidh an tAire, ar cibé foras ar a gcomhaontóidh sé féin agus an tAire Airgeadais, gurb iad an chuid iad de chaiteachais sin an Aire nó aon Aire eile a bhaineann leis an scéim árachais shóisialaigh (seachas árachas díobhálacha ceirde) dá bhforáiltear i gCuid II agus déanfar aon suimeanna a íocfar amhlaidh a leithreasú i gcabhair ar airgead a sholáthróidh an tOireachtas chun an tAcht seo a chur in éifeacht.

(3) Nuair a bheidh caiteachais á meas chun críocha fho-alt (2), cuirfear san áireamh cibé méid is dóigh leis an Aire Airgeadais is ionann agus méid an dliteanais atá ag faibhriú i leith aon aoisliúntas nó liúntas scoir eile, cnapshuimeanna nó aiscí atá ag faibhriú i leith fhostaíocht aon oifigigh nó aon duine eile chun críocha an Achta seo.

CUID II

ÁRACHAS SÓISIALACH

Caibidil 1

Daoine Árachaithe, Ranníocaí agus Sochair

Daoine Árachaithe

Daoine árachaithe.

[1952, a.4]

[1978 L, a.13]

5. —(1) Faoi réir an Achta seo—

(a) is ranníocóir fostaithe, faoi réir alt 65 (1), chun críocha an Achta seo, gach duine os cionn 16 bliana d'aois agus faoi bhun aoise inphinsin a bheidh fostaithe in aon cheann de na fostaíochtaí a shonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal, ach nach fostaíocht a shonraítear i gCuid II den Sceideal sin, agus

(b) gach duine a thiocfaidh chun bheith ina ranníocóir fostaithe den chéad uair, beidh sé dá chionn sin, árachaithe faoin Acht seo agus leanfaidh sé dá éis sin ar feadh a shaoil de bheith árachaithe amhlaidh.

(2) Faoi réir an Achta seo, má scoireann duine de bheith ina ranníocóir fostaithe ar shlí seachas trí aois inphinsin a shlánú agus go mbeidh ranníocaí cáilitheacha aige i leith 156 sheachtain ranníoca ar a laghad, beidh sé, ar iarratas a dhéanamh sa tslí fhorordaithe agus laistigh den tréimhse fhorordaithe, i dteideal a bheith ina dhuine árachaithe ag íoc ranníocaí faoin Acht seo go saorálach (dá ngairtear ranníocóir saorálach san Acht seo).

(3) Má thagann ranníocóir saorálach chun bheith ina ranníocóir fostaithe, scoirfidh sé de bheith ina ranníocóir saorálach ach amháin a mhéid a fhoráiltear in alt 11 (2).

(4) Féadfar a fhoráil le rialacháin go n-áireofar mar ranníocóirí fostaithe daoine a bheidh fostaithe in aon cheann de na fostaíochtaí a shonraítear i gCuid II den Chéad Sceideal.

(5) Féadfar a fhoráil le rialacháin—

(a) go ndéanfar fostaíochtaí áirithe nó aon aicmí fostaíochta a eisiamh ó na fostaíochtaí a shonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal, nó

(b) go gcuirfear leis na fostaíochtaí a shonraítear amhlaidh fostaíochtaí áirithe nó aon aicmí fostaíochta,

agus, más dóigh leis an Aire gurb iomchuí aon mhodhnuithe a dhéanamh ar an Acht seo ag féachaint chun na críche dá ndéantar na rialacháin, féadfaidh na rialacháin na modhnuithe sin a dhéanamh.

(6) Má bheartaítear rialacháin a dhéanamh chun críocha fho-alt (4) nó (5), leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go rithfidh gach Teach acu sin rún ag ceadú an dréachta.

Duine ar fostú ag níos mó ná fostóir amháin.

[1978 L, a.7]

6. —Féadfar le rialacháin—

(a) foráil a dhéanamh do chinneadh dliteanais chun ranníocaí fostaíochta a íoc i gcás duine a oibríonn faoi rialú nó faoi bhainistí ghinearálta duine nach é a neasfhostóir é, agus

(b) na dálaí a chinneadh ina measfar, chun críocha alt 10 (1) (d), duine a bheith fostaithe ag dhá fhostóir nó níos mó i gcomhthráth.

Árachas modhnaithe.

[1952, a.12; 1974 (Uimh. 3), a.3]

[1956 L, a.3]

7. —(1) Féadfar le rialacháin forálacha na Coda seo a mhodhnú maidir lena bhfeidhm i gcás—

(a) daoine ar fostú in aon cheann de na fostaíochtaí a shonraítear i míreanna 2, 3, 4, 5, 6, 7, 11 agus 12 de Chuid I den Chéad Sceideal, nó

(b) daoine ar fostú i ngnóthas iompair reachtúil, nó

(c) daoine ar fostú mar mhúinteoirí i scoileanna cuimsitheacha a bhunaigh an tAire Oideachais, nó

(d) daoine ar fostú mar mhúinteoirí i scoileanna náisiúnta faoi na Rialacha agus na Rialacháin do Scoileanna Náisiúnta, nó

(e) daoine ar fostú mar mhúinteoirí i gcoláistí oiliúna atá aitheanta ag an Aire Oideachais le haghaidh múinteoirí i scoileanna náisiúnta, nó

(f) daoine ar fostú mar mhúinteoirí i meánscoileanna atá aitheanta ag an Aire Oideachais faoi na Rialacha agus an Clár do Mheán-Scoileanna, nó

(g) daoine ar fostú mar mhúinteoirí i gcoláistí oiliúna tís atá aitheanta ag an Aire Oideachais, nó

(h) daoine ar fostú mar chomhaltaí de Sheirbhís Altranais an Airm, nó

(i) daoine ar fostú in ospidéil shaorálacha lena n-íoctar deontais as Ciste Iontaobhais na nOspidéal do shlánú easnamh ioncaim, nó

(j) daoine ar fostú ag eagrais shaorálacha a sholáthraíonn seirbhísí altranais áitiúla.

(2) D'ainneoin alt 9 (1) agus alt 10, féadfar le rialacháin chun críocha an ailt seo foráil a dhéanamh maidir le ranníocaí fostaíochta nach bhfuil iontu ach ranníocaí fostóirí agus, a fhad a bheidh rialacháin i bhfeidhm a fhorálfaidh amhlaidh, beidh na hailt sin arna modhnú dá réir sin.

(3) Féadfar le rialacháin chun críocha an ailt seo forálacha na Coda seo a mhodhnú i slite éagsúla maidir le fir agus le mná a fhostaítear san fhostaíocht chéanna.

(4) Is forálacha gan dochar do ghinearáltacht aon fhorála eile den Chuid seo i dtaobh rialachán forálacha an ailt seo.

Fostaíocht lasmuigh den Stát.

[1952, a.13]

8. —(1) Féadfar le rialacháin forálacha na Coda seo agus an Chéad Sceidil a mhodhnú maidir lena bhfeidhm i gcás daoine atá nó a bhí lasmuigh den Stát le linn dóibh a bheith árachaithe faoin gCuid seo.

(2) Ar na modhnuithe a fhéadfar a dhéanamh le rialacháin chun críocha fho-alt (1), áireofar, go háirithe, na focail “sa Stát” a scriosadh i mír 1 de Chuid I den Chéad Sceideal.

(3) Is forálacha gan dochar do ghinearáltacht aon fhorála eile den Chuid seo i dtaobh rialachán forálacha an ailt seo.

Ranníocaí

Foinsí airgid le haghaidh sochar.

[1952, a.5]

[1952, a.6(3)]

9. —(1) Chun airgead a sholáthar le caiteachas ar shochar a íoc agus chun aon íocaíochtaí eile a dhéanamh a bheidh le déanamh, faoin Acht seo, as an gCiste Árachais Shóisialaigh, déanfar—

(a) ranníocaí (dá ngairtear ranníocaí fostaíochta san Acht seo) i leith ranníocóirí fostaithe, arb é a bheidh i ngach ranníoc acu, faoi réir alt 10(7) agus alt 65 (2), ranníoc ón ranníocóir fostaithe agus ranníoc (dá ngairtear ranníoc fostóra san Acht seo) ó fhostóir an ranníocóra fhostaithe,

(b) ranníocaí i leith ranníocóirí saorálacha, agus

(c) íocaíochtaí as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Déanfar ranníocaí fostaíochta agus ranníocaí saorálacha a íoc isteach sa Chiste Árachais Shóisialaigh.

Ranníocaí fostaíochta.

[1952, a.6; 1978 L, a.5(1); 1980, a.26]

[1978 L, a. 5 (5)]

[1978 L, a.5(6)]

10. —(1) (a) Déanfaidh ranníocóirí fostaithe agus a bhfostóirí ranníocaí fostaíochta a íoc de réir an ailt seo.

(b) Faoi réir mhíreanna (c) agus (d) den fho-alt seo, fho-alt (7) agus rialacháin faoi alt 7, i gcás ina ndéanfar íocaíocht aon bhliain ranníoca le ranníocóir fostaithe nó chun sochair do ranníocóir fostaithe maidir le tuilleamh ináirithe an ranníocóra fhostaithe sin, beidh ranníoc fostaíochta iníoctha arb é a bheidh ann—

(i) ranníoc ón ranníocóir fostaithe de réir 3.5 faoin gcéad, agus

(ii) ranníoc óna fhostóir de réir 8.5 faoin gcéad,

de mhéid an tuillimh ináirithe lena mbaineann an íocaíocht sin.

(c) I gcás ina raibh, i mbliain ranníoca áirithe, suim £7,000 de thuilleamh ináirithe ag ranníocóir fostaithe agus gur íocadh ranníocaí faoi mhír (b) i leith an tuillimh ináirithe sin, ní bheidh aon ranníoc eile den sórt sin iníoctha i leith aon tuilleamh ináirithe de chuid an ranníocóra fhostaithe sin an bhliain ranníoca sin.

(d) I gcás ranníocóir fostaithe a bheith fostaithe, i mbliain ranníoca áirithe, ag dhá fhostóir nó níos mó i gcomhthráth (mar a mhínítear i rialacháin faoi alt 6) beidh feidhm, i ndáil le ranníocaí a luaitear i mír (b) (ii), ag forálacha mhír (c) maidir leis an tuilleamh ináirithe ó gach ceann de na fostaíochtaí ar leithligh.

(2) (a) Féadfaidh an tAire le rialacháin an tsuim a shonraítear i bhfo-alt (1) (c) a athrú agus glacfaidh an t-athrú sin éifeacht ó thús na bliana ranníoca tar éis na bliana ina ndéanfar na rialacháin.

(b) Le linn don Aire rialacháin a dhéanamh faoin bhfo-alt seo cuirfidh sé i gcuntas aon athruithe i meántuilleamh oibrithe sna tionscail earraí iniompair mar a bheidh sin taifeadta ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ón dáta a ndearnadh an tsuim a shonraítear i bhfo-alt (1) (c) a chinneadh go deireanach ina leith.

(c) I gcás ina mbeartaítear rialacháin faoin bhfo-alt seo a dhéanamh, leagfar dréacht de na rialacháin bheartaithe faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach.

(3) Beidh an fostóir, maidir le haon ranníoc fostaíochta, faoi dhliteanas, sa chéad ásc, an ranníoc fostóra a áirítear ann a íoc agus fós, thar ceann agus d'eisiamh an ranníocóra fhostaithe, an ranníoc a áirítear ann agus is iníoctha ag an ranníocóir sin a íoc.

(4) Beidh fostóir i dteideal, faoi réir agus de réir rialachán, méid aon ranníoca a d'íoc sé nó a bheidh le híoc aige thar ceann ranníocóra fhostaithe a ghnóthú ón ranníocóir sin agus, d'ainneoin aon ní in aon achtachán, féadfar a údarú le rialacháin chun críocha an fho-ailt seo é a ghnóthú trí asbhaintí as luach saothair an ranníocóra fhostaithe, ach forálfar le haon rialacháin den sórt sin—

(a) mura bhfaigheann an ranníocóir fostaithe aon luach saothair in airgead ón bhfostóir ná ó aon duine eile, nach mbeidh an fostóir i dteideal méid aon ranníoca den sórt sin a ghnóthú uaidh, agus

(b) má fhaigheann an ranníocóir fostaithe aon luach saothair in airgead ón bhfostóir, nach mbeidh an fostóir i dteideal aon ranníoc den sórt sin a ghnóthú seachas trí asbhaintí.

(5) D'ainneoin aon chonradh dá mhalairt, ní bheidh fostóir i dteideal an ranníoc fostóra i leith duine ar fostú aige a bhaint as luach saothair an duine sin, ná a ghnóthú ar athrach dóigh ón duine sin.

(6) Measfar aon suim a bhainfidh fostóir as luach saothair faoi rialacháin chun críocha an ailt seo a bheith curtha ar a iontaobh chun an ranníoc ar ina leith a asbhaineadh é a íoc.

(7) Ní bheidh an ranníoc fostaíochta is iníoctha ag an ranníocóir fostaithe faoi fho-alt (1) (b) nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 7 iníoctha i gcás ranníocóir fostaithe a fhaigheann aon cheann díobh seo a leanas—

(a) pinsean baintrí (ranníocach),

(b) pinsean baintrí (neamhranníocach),

(c) sochar banchéile thréigthe,

(d) liúntas banchéile thréigthe,

(e) sochar báis mar phinsean baintrí faoi alt 50,

(f) liúntas cúnaimh shóisialaigh faoi alt 197,

(g) íocaíocht ar comhréir le pinsean dá dtagraítear i mír (a) nó (e) ó údarás inniúil Ballstáit (seachas an Stát) de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa faoi reachtaíocht lena mbaineann rialacháin an Chomhphobail ar fheidhmiú scéimeanna slándála sóisialaí i leith daoine fostaithe agus a dteaghlaigh a ghluaiseann laistigh de chríoch an Chomhphobail.

Ranníocaí saorálacha.

[1978 L, a.5 (3); 1980, a. 26]

[1975, a.17]

[1978 L, a.8]

[1952, a. 37 (2)]

[1978 L. a.13(3)]

11. —(1) (a) Faoi réir mhír (c), beidh ranníoc (dá ngairtear ranníoc saorálach san Acht seo) iníoctha ag ranníocóir saorálach faoi bhun aoise inphinsin gach bliain ranníoca cibé tráth nó tráthanna agus ar cibé dóigh a fhorordóidh an tAire—

(i) de réir ráta faoin gcéad (mar atá leagtha amach i mír (b)) de mhéid ioncam ináirithe an ranníocóra an bhliain ranníoca roimhe sin, nó

(ii) i gcás nach raibh aon ioncam den sórt sin ann nó nár mhó an t-ioncam sin ná cibé méid a fhorordófar, de réir ráta faoin gcéad de cibé méid a fhorordóidh an tAire.

(b) Is éard é ráta faoin gcéad chun críche mhír (a) (i)—

(i) i gcás ranníocóir saorálach a bhí, díreach sular scoir sé de bheith ina ranníocóir fostaithe, ar fostú i bhfostaíocht nach bhfuil na ranníocaí fostaíochta is iníoctha ina leith ináirithe chun críocha pinsin seanaoise (ranníocach), 1.8 faoin gcéad,

(ii) i gcás ranníocóir saorálach a bhí, díreach sular scoir sé de bheith ina ranníocóir fostaithe, ar fostú i bhfostaíocht a bhfuil na ranníocaí fostaíochta is iníoctha ina leith ináirithe chun críocha pinsin seanaoise (ranníocach), 4.7 faoin gcéad, agus

(iii) i gcás duine lena mbaineann fo-alt (2) agus a leanann, de bhua an fo-alt sin a chomhlíonadh, de bheith ina ranníocóir saorálach, 2.9 faoin gcéad.

(c) Ní bheidh ranníoc faoi mhír (a) iníoctha i leith ioncaim ináirithe in aon bhliain ranníoca is mó ná an tsuim a shonraítear in alt 10 (1) (c).

(d) Chun críocha an fho-ailt seo ciallaíonn “ioncam ináirithe”, faoi réir rialachán, ioncam ó aon fhostaíocht, lena n-áirítear aon cheird, gnó, gairm, oifig nó slí bheatha.

(2) I gcás duine a bhí, an 31 Márta, 1974, ina ranníocóir saorálach a bhí i dteideal ranníocaí saorálacha a íoc agus a tháinig chun bheith ina ranníocóir fostaithe a raibh ranníocaí de réir ráta speisialta iníoctha ina leith faoi alt 17 (1) den Acht Leasa Shóisialaigh, 1975 , leanfaidh an duine sin, d'ainneoin alt 5 (3), de bheith i dteideal bheith ina ranníocóir saorálach ar an teideal sin a iarraidh ar an Aire i scríbhinn.

(3) Nuair a bheifear á chinneadh an bhfuil na coinníollacha ranníoca d'aon sochar seachas pinsean seanaoise (ranníocach), pinsean scoir nó deontas báis comhlíonta, déanfar neamhshuim de ranníocaí saorálacha a bheidh íoctha de bhun fho-alt (2) ag duine lena mbaineann an fo-alt sin.

(4) D'ainneoin aon fhoráil eile den Acht seo, ach faoi réir fho-alt (5), ní bheidh teideal ag ranníocóir saorálach chun sochair mhíchumais, sochair dhífhostaíochta, sochair mháithreachais, pinsin easláine ná sochair chóireála agus, más de réir an ráta faoin gcéad iníoctha de thuras na huaire faoi fho-alt (1) (b) (i) a bheidh aon ranníocaí saorálacha a íocann sé, déanfar neamhshuim díobh nuair a bheifear á chinneadh an bhfuil na coinníollacha ranníoca do phinsean seanaoise (ranníocach), do phinsean scoir nó do dheontas báis comhlíonta.

(5) D'ainneoin fho-alt (4), féadfar aon sochar a luaitear san fho-alt sin a dheonú do ranníocóir saorálach i cibé imthosca agus faoi réir cibé teorainneacha a fhorordófar.

(6) Measfar, maidir le ranníoc saorálach a íocadh faoi fho-alt (1) (a), i gcás ar le bliain ranníoca iomlán a bhaineann an ranníoc, gur íocadh é in aghaidh gach seachtain ranníoca sa bhliain ranníoca sin nó, i gcás ar le tréimhse is giorra ná sin a bhaineann an ranníoc, gur íocadh é i leith gach seachtain ranníoca sa tréimhse sin.

Rialacháin ag athrú rátaí ranníocaí.

[1952, a. 6(9)]

12. —Féadfar le rialacháin na rátaí ranníocaí fostaíochta nó ranníocaí saorálacha a athrú ach, i gcás ina mbeartaítear rialacháin den sórt sin a dhéanamh, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

Na Coimisinéirí Ioncaim do thabhairt faisnéise áirithe agus tuilleamh ináirithe a ríomh.

[1978 L. a.10, 11]

13. —(1) A mhéid is gá chun an Chuid seo a riaradh go cuí, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis i dtaobh fostóirí agus i dtaobh fostaíocht agus tuilleamh ináirithe daoine árachaithe a fhaigheann siad i ndáil le bailiú cánach ioncaim a thabhairt don Aire.

(2) Chun críocha na Coda seo, féadfar tuilleamh ináirithe a ríomh nó a mheas, do dhuine nó d'aicme daoine, ar cibé modh, faoi threoir cibé nithe agus ar cibé bonn a fhorordófar.

(3) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ríomhfar na méideanna is iníoctha i leith ranníocaí fostaíochta agus ranníocaí saorálacha de réir scálaí forordaithe, agus go ndéanfar coigeartuithe ar na méideanna sin chun an ríomh a éascú agus chun codáin de phingin sna méideanna sin a sheachaint.

Eisceachtaí agus creidmheasanna.

[1952, a.7]

14. —Féadfar le rialacháin foráil do na nithe seo a leanas—

(a) eisceachtaí a dhéanamh ón dliteanas chun ranníocaí a íoc in aghaidh aon tréimhsí sonraithe, agus

(b) ranníocaí a chreidiúnú do dhaoine árachaithe in aghaidh aon tréimhsí sonraithe, lena n-áirítear, go háirithe—

(i) tréimhsí dá ndéantar eisceacht ón dliteanas chun ranníocaí a íoc de bhua mhír (a), agus

(ii) an tréimhse ó thús na bliana ranníoca díreach roimh an mbliain ar tháinig siad chun bheith ina ndaoine árachaithe go dtí dáta a dteachta faoi árachas.

Ranníocaí a íoc agus taifid a choimeád.

[1978 L, a.6]

[1978 L, a. 12]

15. —(1) Féadfar le rialacháin foráil do na nithe seo a leanas—

(a) an t-am agus an modh chun ranníocaí fostaíochta a íoc,

(b) ranníocaí fostaíochta a bhailiú agus a ghnóthú, agus fostóirí do thabhairt tuairisceán i ndáil le ranníocaí fostaíochta,

(c) ús a mhuirearú ar riaráistí ranníocaí fostaíochta,

(d) na méideanna a mheas a bheidh dlite i leith ranníocaí fostaíochta agus achomhairc i ndáil leis na meastacháin sin,

(e) fostóirí do thabhairt tuairisceán i ndáil le tréimhsí fostaíochta inárachaithe,

(f) fostóir do bhaint as tuilleamh ináirithe ranníocóra fhostaithe aon ranníoc fostaíochta a gcreideann an fostóir le réasún go bhfuil sé dlite den ranníocóir, agus coigeartú in aon chás ró-asbhainte, agus

(g) aon ní a bhaineann nó a ghabhann le haon ní dá dtagraítear in aon cheann de na míreanna sin roimhe seo den fho-alt seo.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar le rialacháin faoin bhfo-alt sin foráil do na nithe seo a leanas—

(a) aon fheidhm a bhaineann le haon ní dá dtagraítear san fho-alt sin a shannadh don Ard-Bhailitheoir,

(b) aon fheidhm a thugtar don Aire le halt 116 a shannadh don Ard-Bhailitheoir agus aon fhoráil de chuid an ailt sin a mhodhnú chun na críche sin,

(c) taifid a fhorordaítear faoi fho-alt (5) a iniúchadh ag na Coimisinéirí Ioncaim nó thar a gceann,

(d) ranníocaí a íocadh tar éis na dátaí a áireamh, chun críche aon cheart chun sochair, mar ranníocaí a íocadh ar na dátaí sin nó ar cibé dátaí is déanaí ná sin a bheidh forordaithe, nó mar ranníocaí nár íocadh, agus

(e) ranníocaí fostaíochta is iníoctha ag fostóir i leith duine árachaithe ach nár íocadh a áireamh, chun críche aon cheart chun sochair, mar ranníocaí a íocadh, i gcás ina suífear nach le toiliú ná le cúlcheadú an duine árachaithe a mainníodh na ranníocaí sin a íoc ná nárbh fhaillí ar thaobh an duine árachaithe ba chúis leis an mainneachtain.

(3) Ní dhéanfaidh aon ní in aon rialacháin faoin alt seo difear do dhliteanas an fhostóra faoi alt 10 (3) ranníocaí fostaíochta a íoc.

(4) (a) Beidh ag forálacha aon achtacháin, rialacháin nó rialach cúirte a bhaineann le taifid a iniúchadh, le cáin ioncaim a mheas, a bhailiú agus a ghnóthú nó le fostóirí do thabhairt tuairisceán i ndáil le cáin ioncaim, nó a bhaineann le hachomhairc i ndáil le cáin ioncaim, feidhm, modhnaithe mar is gá, i ndáil le ranníocaí fostaíochta atá de dhualgas ar an Ard-Bhailitheoir a bhailiú mar atá feidhm acu i ndáil le cáin ioncaim.

(b) In imeachtaí a thionscnófar de bhua an ailt seo, beidh deimhniú a airbheartaíonn a bheith sínithe ag an Ard-Bhailitheoir agus a dheimhníonn go bhfuil suim a luafar dlite agus iníoctha ag an gcosantóir ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go bhfuil an méid sin dlite agus iníoctha amhlaidh, agus nuair a thabharfar i bhfianaise é measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, é a bheith sínithe aige.

(c) Chun críocha an fho-ailt seo, beidh ag rialacha na cúirte áirithe is infheidhme de thuras na huaire maidir le himeachtaí sibhialta feidhm maidir le himeachtaí de bhua an ailt seo.

(5) Chun críocha na Coda seo, féadfar le rialacháin a cheangal ar fhostóirí cibé taifid a choimeád a fhorordófar i ndáil le tuilleamh daoine a fhostaíonn siad agus leis na tréimhsí a raibh na daoine ar fostú agus na taifid sin a choimeád go ceann tréimhsí forordaithe.

(6) Féadfar na cumhachtaí a thugtar do chigire faoi alt 114 a fheidhmiú i ndáil le taifid dá dtagraítear i bhfo-alt (5).

Ranníocaí a íocadh de dhearmad a thabhairt ar ais.

[1952, a.9; 1960 L, a.4; 1974 (Uimh. 2), a. 11; 1975, a. 10; 1977, a.13]

[1962 FI, a.10]

[1970, a.19]

16. —(1) Forálfar le rialacháin go dtabharfar ar ais, faoi réir aon choinníollacha, srianta agus asbhaintí a shonrófar sna rialacháin, suimeanna a íocadh de dhearmad mar ranníocaí agus an oiread sin d'aon ranníoc a bheidh íoctha ag ranníocóir fostaithe nó ag ranníocóir saorálach a tháinig faoi árachas—

(a) tar éis dó 60 bliain d'aois a shlánú;

(b) tar éis dó 58 mbliana d'aois a shlánú i gcás duine a shlánaigh 57 mbliana d'aois an 1 Iúil, 1974, nó dá éis, agus

(c) tar éis dó 57 mbliana d'aois a shlánú i gcás duine a shlánaigh 56 bliana d'aois an 1 Aibreán, 1975, nó dá éis, agus

(d) tar éis dó 56 bliana d'aois a shlánú i gcás duine a shlánaigh 55 bliana d'aois an 1 Deireadh Fómhair, 1977, nó dá éis;

agus a chinnfear de réir na rialachán a bheith íoctha i leith pinsin seanaoise (ranníocach).

(2) (a) I gcás duine a shlánaigh 56 bliana d'aois an 1 Aibreán, 1975, nó dá éis, ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) (b) ar 57 mbliana d'aois a shlánú dó.

(b) I gcás duine a shlánaigh 55 bliana d'aois an 1 Deireadh Fómhair, 1977, nó dá éis, ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) (c) ar 56 bliana d'aois a shlánú dó ná ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) (b) ar 57 mbliana d'aois a shlánú dó.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar ranníocóir, cibé acu is ranníocóir fostaithe nó ranníocóir saorálach é, a theacht faoi árachas tar éis dó an aois iomchuí faoi fho-alt (1) a shlánú más rud é an tráth a shlánaigh sé an aois sin gur tháinig sé den chéad uair chun bheith ina ranníocóir fostaithe a bhfuil ranníocaí iníoctha ina leith atá ináirithe chun críocha na gcoinníollacha ranníoca le haghaidh pinsin seanaoise (ranníocach) agus nach raibh sé ina ranníocóir fostaithe faoi na hAchta Árachais Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1952, sular shlánaigh sé an aois sin.

(4) Forálfar le rialacháin go dtabharfar ar ais, faoi réir aon choinníollacha, srianta agus asbhaintí a shonrófar sna rialacháin, an oiread sin d'aon ranníoc a bheidh íoctha ag ranníocóir fostaithe nó ag ranníocóir saorálach a tháinig faoi árachas chun críocha alt 84 (1) tar éis dó 55 bliana d'aois a shlánú agus a chinnfear de réir na rialachán a bheith íoctha i leith pinsin scoir.

Sochair

Cineálacha sochar.

[1952, a.14; 1960 L. a.5; 1966 DC, a.7; 1970, a.4; 1973 SPC, a.2; 1973, a. 17]

17. —(1) Is iad seo a leanas na cineálacha sochair faoin gCuid seo agus tuairiscítear iad amhlaidh san Acht seo—

(a) sochar míchumais,

(b) liúntas máithreachais,

(c) sochar dífhostaíochta,

(d) sochar díobhálacha ceirde, a mbeidh sochar díobhála, sochar míthreorach agus sochar báis ar áireamh ann,

(e) sochar pá-choibhneasa,

(f) pinsean seanaoise (ranníocach) (lena n-áirítear sochar faoi alt 87),

(g) pinsean scoir (lena n-áirítear sochar faoi alt 87),

(h) pinsean easláine,

(i) pinsean baintrí (ranníocach),

(j) liúntas dílleachta (ranníocach),

(k) sochar banchéile thréigthe,

(l) deontas máithreachais,

(m) deontas báis.

(2) Faoi réir alt 110 agus fad a fhanfaidh an t-alt sin i bhfeidhm, folóidh sochar, i dteannta na sochar dá dtagraítear i bhfo-alt (1), sochar cóireála faoin alt sin freisin.

(3) Faoi réir alt 67 (2) (a), is as an gCiste Árachais Shóisialaigh a íocfar sochar agus a dhéanfar soláthar lena aghaidh.

CAIBIDIL 2

Sochar Míchumais

Teideal chun sochair.

[1952, a. 15]

[1980, a. 17]

[1974 (Uimh. 2), a.10]

[1980, a.17]

18. —(1) Faoi réir an Achta seo, beidh duine i dteideal sochair mhíchumais maidir le haon lá éagumais chun oibre (dá ngairtear lá éagumais chun oibre san Acht seo) ar cuid é de thréimhse bhearnaithe fostaíochta, i gcás—

(a) é a bheith faoi bhun aoise inphinsin an lá a bhfuil an sochar á éileamh ina aghaidh, agus

(b) go gcomhlíonann sé na coinníollacha ranníoca in alt 19.

(2) Ní bheidh duine i dteideal sochair mhíchumais in aghaidh na chéad 3 lá d'aon tréimhse éagumais chun oibre.

(3) Faoi réir alt 125, leanfar de shochar míchumais a íoc go ceann tréimhse 6 sheachtain tar éis dáta báis tairbhí a raibh cleithiúnaí aosaithe aige.

(4) Chun críocha aon fhorála den Acht seo a bhaineann le sochar míchumais—

(a) ní dhéanfar lá a áireamh i ndáil le duine árachaithe mar lá éagumais chun oibre mura bhfuil sé éagumasach chun oibre an lá sin,

(b) ciallaíonn “lá bearnaithe fostaíochta” lá is lá éagumais chun oibre nó lá dífhostaíochta,

(c) déanfar aon 3 lá bhearnaithe fostaíochta, bíodh siad comhleanúnach nó ná bíodh, laistigh de thréimhse 6 lá chomhleanúnacha, a áireamh mar thréimhse bhearnaithe fostaíochta agus déanfar aon dá thréimhse den sórt sin nach bhfuil tréimhse is mó ná 13 sheachtain eatarthu a áireamh mar thréimhse amháin bhearnaithe fostaíochta,

(d) déanfar aon trí lá éagumais chun oibre, bíodh siad comhleanúnach nó ná bíodh, laistigh de thréimhse 6 lá chomhleanúnacha a áireamh mar thréimhse éagumais chun oibre agus déanfar aon dá thréimhse den sórt sin nach bhfuil níos mó ná 3 lá eatarthu a áireamh mar thréimhse amháin éagumais chun oibre: ar choinníoll go measfar go bhfolaíonn tréimhse éagumais chun oibre aon lá nó laethanta dífhostaíochta sa tréimhse 3 lá chomhleanúnacha roimh an gcéad lá éagumais chun oibre, ach ní lá éagumais chun oibre lena mbaineann alt 74 (2) aon lá dífhostaíochta den sórt sin,

(e) ní dhéanfar an Domhnach ná aon lá eile den sórt sin i ngach seachtain a fhorordófar a áireamh mar lá éagumais chun oibre nó mar lá dífhostaíochta agus déanfar neamhshuim de nuair a bheidh aon tréimhse de laethanta comhleanúnacha á ríomh.

(5) Féadfar le rialacháin foráil a dhéanamh (faoi réir fho-alt (4)) maidir leis na laethanta a bheidh nó nach mbeidh le háireamh chun críocha sochair mhíchumais mar laethanta éagumais chun oibre nó mar laethanta dífhostaíochta.

(6) Is é an méid is iníoctha mar shochar in aghaidh aon lae éagumais chun oibre an séú cuid den ráta seachtainiúil iomchuí.

Coinníollacha maidir le sochar a fháil.

[1952, Sc. 4; 1974 (Uimh. 3), a.3; 1978 L, a.13, 14(2); I.R. Uimh. 156 de 1956]

[I.R. Uimh. 383 de 1980]

[1952, a.14]

[1952, a.28]

19. —(1) Is iad na coinníollacha ranníoca i gcás sochair mhíchumais—

(a) go mbeidh ag an éilitheoir ranníocaí cáilitheacha i leith 26 sheachtain ranníoca ar a laghad sa tréimhse ó theacht faoi árachas dó go dtí an lá a bhfuil an sochar á éileamh ina aghaidh, agus

(b) go mbeidh ag an éilitheoir ranníocaí cáilitheacha nó ranníocaí creidiúnaithe i leith 48 seachtain ranníoca ar a laghad sa bhliain ranníoca iomlán dheiridh roimh thosach na bliana sochair ar lá di an lá a bhfuil an sochar á éileamh ina aghaidh.

(2) I gcás ina raibh teideal ag duine chun íocaíochta sochair mhíchumais maidir le haon lá arb é an 3 Eanáir, 1981, nó lá dá éis sin é nó i gcás go mbeadh teideal ag duine amhlaidh mura mbeadh forálacha alt 18 (2) nó 23 (1), ansin, maidir le sochar míchumais, measfar, chun críche an choinníll i mír (b) d'fho-alt (1), an bhliain sochair ina bhfuil an chéad lá sin i ngach tréimhse éagumais chun oibre atá, nó a meastar a bheith, ina tréimhse éagumais ar leith, a bheith ar leanúint ar feadh gach lae éagumais chun oibre sa tréimhse sin nach mbeidh ceart an duine chun an tsochair sin ídithe ina leith suas go dtí an 312ú lá sa tréimhse sin, agus an lá sin san áireamh, ar íocadh an sochar sin ina leith.

(3) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndéanfar modhnuithe ar na coinníollacha ranníoca ach, i gcás ina mbeartaítear rialacháin den sórt sin a dhéanamh, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(4) Faoi réir fho-alt (5), féadfar a fhoráil le rialacháin go mbeidh teideal chun sochair mhíchumais ag daoine a mbeadh teideal acu chuige mura mbeadh an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (b) a bheith gan chomhlíonadh.

(5) Forálfar le rialacháin chun críocha fho-alt (4) go mbeidh sochar is iníoctha de bhua an fho-ailt sin iníoctha de réir ráta is lú ná an ráta sin a shonraítear sa Dara Sceideal, agus féadfaidh an ráta a shonrófar leis na rialacháin athrú i gcomhréir leis an méid a bheidh an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (b) comhlíonta, ach má dhéantar aon mhéadú ar shochar i leith linbh cháilithe déanfar é amhail is dá mbeadh an coinníoll sin comhlíonta go hiomlán.

Na rátaí sochair.

[1952, a.14(3)]

20. —Faoi réir an Achta seo is mar atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Dara Sceideal a bheidh na rátaí seachtainiúla sochair mhíchumais.

Méaduithe i leith cleithiúnaithe aosaithe agus leanaí cleithiúnacha.

[1952, a.26; 1980, a.19]

[1952, a.27; 1960 L, a.9; 1976, a.18]

21. —(1) Déanfar an ráta seachtainiúil sochair mhíchumais a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún 3 de Chuid I den Dara Sceideal in aghaidh aon tréimhse a mbeidh cleithiúnaí aosaithe ag an tairbhí, faoi réir an tsriain nach mbeidh an tairbhí i dteideal, in aghaidh na tréimhse céanna, méadú ar shochar faoin bhfo-alt seo a fháil i leith níos mó ná duine amháin.

(2) Déanfar an ráta seachtainiúil sochair mhíchumais a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (4) de Chuid I den Dara Sceideal i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an tairbhí agus, ina theannta sin, i gcás níos mó ná beirt leanbh den sórt sin a bheith ann, mar atá leagtha amach i gcolún (5) den Chuid sin i leith gach leanbh den sórt sin de bhreis ar bheirt.

Ré na híocaíochta.

[1952, a.16; 1978 L, a.13(1)]

22. —(1) I gcás—

(a) ranníocaí cáilitheacha a bheith ag duine i leith níos lú ná 156 sheachtain ranníoca sa tréimhse ó theacht faoi árachas dó go dtí aon lá éagumais chun oibre, agus

(b) roimh an lá sin go raibh teideal ag an duine sin i leith aon tréimhse bhearnaithe fostaíochta (cibé acu is cuid di an lá sin nó nach ea) chun sochair mhíchumais in aghaidh 312 lá,

ní bheidh teideal aige chun sochair mhíchumais in aghaidh an lae sin mura rud é gur athcháiligh sé chun sochair tar éis an lae dheiridh de na 312 lá sin agus roimh an lá sin.

(2) I gcás a cheart chun sochair mhíchumais a bheith ídithe ag duine—

(a) athcháileoidh sé chuige sin nuair a bheidh ranníocaí cáilitheacha aige i leith 13 sheachtain ranníoca a thosaigh nó a chríochnaigh tar éis an lae dheiridh dá raibh sé i dteideal sochair, agus

(b) ar é athcháiliú chuige sin, beidh feidhm arís maidir leis ag fo-alt (1) ach, i gcás an tréimhse bhearnaithe fostaíochta inar ídigh sé a cheart chun sochair do mharthain tar éis a athcháilithe, ionann is dá mba thréimhsí bearnaithe fostaíochta ar leithligh an chuid roimh a athcháiliú agus an chuid tar éis a athcháilithe.

(3) Féadfar a fhoráil le rialacháin go n-áireofar duine chun críocha an ailt seo mar dhuine a raibh teideal aige chun sochair in aghaidh aon lae dá mba rud é go mbeadh an teideal sin aige mura mbeadh aon mhoill nó mainneachtain ina pháirtsean maidir le héileamh a dhéanamh nó a thabhairt ar aghaidh nó maidir le fógra a thabhairt, faoi réir an choinníll nach ndéanfar duine a áireamh amhlaidh má thaispeánann sé nach raibh ar intinn aige, trí gan ceart chun sochair in aghaidh an lae sin a fháil nó a bhunú, dul ón riachtanas chun athcháiliú le haghaidh sochair faoin alt seo.

Dícháiliú.

[1952, a.17]

[1952, a.29]

23. —(1) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndícháileofar duine chun sochar míchumais a fháil in aghaidh cibé tréimhse nach mó ná 6 sheachtain a chinnfear faoi fhorálacha na Coda seo más rud é—

(a) gur tharla dó bheith éagumasach chun oibre trína mhí-iompar féin, nó

(b) go mainneoidh sé, gan cúis mhaith, dul, nó teacht i láthair chun dul, faoi cibé scrúdú dochtúra nó scrúdú eile nó cibé cóireáil liachta nó cóireáil eile is gá de réir na rialachán, nó go mainneoidh sé aon rialacha forordaithe iompair a chomhlíonadh.

(2) Féadfar a fhoráil le rialacháin freisin go bhforchuirfear i gcás aon aicme daoine, coinníollacha breise i ndáil le sochar míchumais a fháil agus i ndáil le srianta ar ráta agus ré an tsochair sin más rud é, ag féachaint d'imthosca speisialta, go bhfeictear don Aire gur gá sin a dhéanamh chun éagothromais a chosc nó chun éigeartas a chosc.

(3) Féadfar a fhoráil le rialacháin freisin go ndícháileofar duine chun sochar míchumais a fháil má mhainníonn sé, tar éis dó éirí éagumasach chun oibre, nó éirí éagumasach chun oibre arís, an fógra forordaithe á rá sin a thabhairt laistigh den tréimhse fhorordaithe, ach féadfar a fhoráil le haon rialacháin den sórt sin go bhfadófar an tréimhse ina bhféadfar éileamh a dhéanamh nó fógra a thabhairt, faoi réir aon choinníollacha forordaithe.

(4) Chun críocha fho-alt (3), measfar i gcás aon éileamh nó fógra a rinneadh nó a cuireadh leis an bpost gur ar an lá a cuireadh sa phost é a rinneadh nó a tugadh é.

CAIBIDIL 3

Liúntas Máithreachais

Teideal chun liúntais agus a ré.

[1952, a.20]

[1979, a.23]

[1974 (Uimh. 2), a.17]

24. —(1) Faoi réir an Achta seo, beidh teideal ag bean chun liúntais mháithreachais i gcás—

(a) go ndeimhneoidh liachleachtóir cláraithe nó go ndeimhneofar ar shlí eile chun sástacht an Aire go bhfuil tuar í bheith i luí seoil i seachtain a shonrófar sa deimhniú (dá ngairtear an tseachtain tuartha luí seoil san alt seo ina dhiaidh seo), agus ar seachtain í nach faide amach ná an líon forordaithe seachtainí tar éis na seachtaine sin ina dtabharfar an deimhniú, agus

(b) go gcomhlíonfaidh sí na coinníollacha ranníoca in alt 25.

(2) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, is í an tréimhse ar ina haghaidh a bheidh liúntas máithreachais iníoctha an tréimhse 12 sheachtain dar tosach an 6ú seachtain roimh dheireadh na seachtaine tuartha luí seoil, ach—

(a) má éagann an bhean ag a bhfuil teideal chun an liúntais, ní bheidh an liúntas iníoctha in aghaidh aon seachtaine ina dhiaidh sin,

(b) más tar éis na seachtaine tuartha luí seoil don dáta luí seoil, beidh an liúntas iníoctha, faoi réir mhír (a), go dtí deireadh an séú seachtain i ndiaidh na seachtaine ina bhfuil an dáta sin.

(3) Féadfar le rialacháin fo-ailt (1) agus (2) a mhodhnú i ndáil le cásanna—

(a) ina ndeimhneoidh liachleachtóir cláraithe nó ina ndeimhneofar ar shlí eile chun sástacht an Aire go raibh bean i luí seoil, agus

(b) nár tugadh aon deimhniú den sórt sin dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a).

(4) Chun críocha an ailt seo, ní dhéanfar in aon seachtain an Domhnach a áireamh mar lá a mbeadh duine i dteideal liúntais mháithreachais dó, agus, dá réir sin, is é an séú cuid den ráta seachtainiúil iomchuí an méid is iníoctha mar liúntas den sórt sin in aghaidh aon lá eile de sheachtain.

Coinníollacha maidir le liúntas máithreachais a fháil.

[1952, Sc. 4; 1960 FI, a.15; 1972, a.14; 1978 L, a.13]

[1952, a.14]

25. —(1) Is iad na coinníollacha ranníoca i gcás liúntais mháithreachais—

(a) ranníocaí cáilitheacha i leith 26 sheachtain ranníoca ar a laghad a bheith ag an éilitheoir sa tréimhse dar tosach an dáta a tháinig sí faoi árachas agus dar críoch am díreach roimh an am iomchuí, agus

(b) ranníocaí cáilitheacha nó ranníocaí creidiúnaithe i leith 26 sheachtain ranníoca ar a laghad a bheith ag an éilitheoir sa bhliain ranníoca iomlán dheiridh roimh thosach na bliana sochair ina bhfuil an t-am iomchuí nó i mbliain ranníoca iomlán dá éis sin roimh an am iomchuí.

San fho-alt seo ciallaíonn “am iomchuí” an dáta dar tosach an séú seachtain roimh dheireadh na seachtaine tuartha luí seoil.

(2) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndéanfar modhnuithe ar na coinníollacha ranníoca seo ach, i gcás ina mbeartaítear rialacháin den sórt sin a dhéanamh, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

An ráta liúntais.

[1952, a.14]

26. —Faoi réir an Achta seo, is mar atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Dara Sceideal a bheidh an ráta seachtainiúil liúntais mháithreachais.

Dícháiliú.

[1952, a.20(4)]

27. —Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndícháileofar bean chun liúntas máithreachais a fháil i gcás—

(a) go ngabhfaidh sí, i rith na tréimhse a bhfuil an liúntas iníoctha ina haghaidh, d'aon slí bheatha seachas dualgais tís dá líon tí féin, nó

(b) go mainneoidh sí, gan cúis mhaith, dul, nó teacht i láthair chun dul, faoi aon scrúdú dochtúra is gá de réir na rialachán.

Forálacha forlíontacha.

[1952, a.21]

28. —(1) Chun críocha na Caibidle seo—

(a) ciallaíonn “luí seoil” íona tuismidh dá dtagann leanbh beo a bhreith, nó íona tuismidh tar éis 28 seachtain toirchis dá dtagann leanbh, beo nó marbh, a bhreith, agus forléireofar “i luí seoil” dá réir sin,

(b) aon tagairtí a dhéantar don dáta luí seoil, measfar, i gcás íona tuismidh tosú lá amháin agus leanbh a bhreith dá dtoradh lá eile, gur tagairtí iad do dháta breithe an linbh nó, má bhíonn bean i luí seoil le cúpla nó le huimhir leanaí is mó ná sin, gur tagairtí iad do dháta breithe an linbh is déanaí acu.

(2) Nuair a bheidh an Breitheamh á chinneadh cé acu a dhéanfaidh nó nach ndéanfaidh sé ordú faoi Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 , á ordú na caiteachais a bhain le breith linbh a íoc, ní chuirfidh sé san áireamh go bhfuil máthair an linbh i dteideal liúntais mháithreachais.

CAIBIDIL 4

Sochar Dífhostaíochta

Teideal chun sochair.

[1952, a.15]

[1980, a.17]

[1974 (Uimh. 2), a.10]

29. —(1) Faoi réir an Achta seo, beidh teideal ag duine chun sochair dhífhostaíochta in aghaidh aon lae dhífhostaíochta (dá ngairtear lá dífhostaíochta san Acht seo) is cuid de thréimhse bhearnaithe fostaíochta i gcás—

(a) é a bheith faoi bhun aoise inphinsin an lá dá n-éileofar an sochar, agus

(b) na coinníollacha ranníoca in alt 30 a bheith comhlíonta aige.

(2) Ní bheidh teideal ag duine chun sochair dhífhostaíochta in aghaidh na chéad trí lá d'aon tréimhse bhearnaithe fostaíochta.

(3) Faoi réir alt 125, leanfar de shochar dífhostaíochta a íoc go ceann tréimhse 6 sheachtain tar éis dáta báis tairbhí a raibh cleithiúnaí aosaithe aige.

(4) Chun críocha aon fhorála den Acht seo a bhaineann le sochar dífhostaíochta—

(a) ní dhéanfar lá a áireamh i ndáil le duine árachaithe mar lá dífhostaíochta mura rud é an lá sin nach bhfuil sé éagumasach chun oibre agus go bhfuil sé, nó go meastar de réir rialachán go bhfuil sé, ar fáil le haghaidh fostaíochta,

(b) ciallaíonn “lá bearnaithe fostaíochta” lá is lá dífhostaíochta nó lá éagumais chun oibre,

(c) déanfar aon 3 lá bhearnaithe fostaíochta, bíodh siad comhleanúnach nó ná bíodh, laistigh de thréimhse 6 lá chomhleanúnacha a áireamh mar thréimhse bhearnaithe fostaíochta agus déanfar aon dá thréimhse den sórt sin nach bhfuil tréimhse is mó ná 13 sheachtain eatarthu a áireamh mar thréimhse bhearnaithe fostaíochta amháin,

(d) ní dhéanfar an Domhnach ná aon lá eile den sórt sin i ngach seachtain a fhorordófar a áireamh mar lá dífhostaíochta nó mar lá éagumais chun oibre agus déanfar neamhshuim de nuair a bheidh aon tréimhse de laethanta comhleanúnacha á ríomh.

(5) Féadfar le rialacháin foráil a dhéanamh (faoi réir fho-alt (4)) maidir leis na laethanta a bheidh nó nach mbeidh le háireamh chun críocha sochair dhífhostaíochta mar laethanta dífhostaíochta nó mar laethanta éagumais chun oibre.

(6) Is é an méid is iníoctha mar shochar in aghaidh aon lae dhífhostaíochta an séú cuid den ráta seachtainiúil iomchuí.

Coinníollacha maidir le sochar a fháil.

[1952, Sc. 4; 1974 (Uimh. 3) a.3; 1978 L, a.13(1), 14(2); I.R. Uimh. 156 de 1956]

[1952, a.14]

[1952, a.28]

30. —(1) Is iad na coinníollacha ranníoca i gcás sochair dhífhostaíochta—

(a) go mbeidh ag an éilitheoir ranníocaí cáilitheacha i leith 26 sheachtain ranníoca ar a laghad sa tréimhse ó theacht faoi árachas dó go dtí an lá a bhfuil an sochar á éileamh ina aghaidh, agus

(b) go mbeidh ag an éilitheoir ranníocaí cáilitheacha nó ranníocaí creidiúnaithe i leith 48 seachtain ranníoca ar a laghad sa bhliain ranníoca iomlán dheiridh roimh thosach na bliana sochair ar lá di an lá a bhfuil an sochar á éileamh ina aghaidh.

(2) I gcás ina raibh duine faoi bhun 65 bliana d'aois i dteideal sochar dífhostaíochta a íoc leis maidir le haon lá nó i gcás ina mbeadh sé ina theideal sin mura mbeadh forálacha alt 29 (2), 35 (1) nó 35 (3) ansin, maidir le sochar dífhostaíochta, measfar, chun críche an choinníll i bhfo-alt (1) (b), an bhliain sochair ina bhfuil an chéad lá sin i ngach tréimhse bhearnaithe fostaíochta atá, nó a meastar a bheith, ina tréimhse bhearnaithe fostaíochta ar leith, a bheith ar leanúint fad a mhairfidh an tréimhse bhearnaithe fostaíochta.

(3) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndéanfar modhnuithe ar na coinníollacha ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) ach, i gcás ina mbeartaítear rialacháin den sórt sin a dhéanamh, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(4) Faoi réir fho-alt (5), féadfar a fhoráil le rialacháin go mbeidh teideal chun sochair dhífhostaíochta ag daoine a mbeadh teideal acu chuige mura mbeadh an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (b) a bheith gan chomhlíonadh.

(5) Forálfar le rialacháin chun críocha fho-alt (4) go mbeidh sochar is iníoctha de bhua an fho-ailt sin iníoctha de réir ráta is lú ná an ráta sin a shonraítear sa Dara Sceideal, agus féadfaidh an ráta a shonrófar leis na rialacháin athrú i gcomhréir leis an méid a bheidh an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (b) comhlíonta, ach má dhéantar aon mhéadú ar shochar i leith linbh cháilithe déanfar é amhail is dá mbeadh an coinníoll sin comhlíonta go hiomlán.

Na rátaí sochair.

[1952, a.14]

31. —Faoi réir an Achta seo, is mar atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Dara Sceideal os coinne thagairt 1 (A) i gcolún (1) a bheidh na rátaí seachtainiúla sochair dhífhostaíochta.

Méaduithe i leith cleithiúnaithe aosaithe agus leanaí cleithiúnacha.

[1952, a.26; 1980, a.19]

[1952, a. 27; 1960 L, a.9; 1976, a.18]

32. —(1) Déanfar an ráta seachtainiúil sochair dhífhostaíochta a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (3) de Chuid I den Dara Sceideal in aghaidh aon tréimhse a mbeidh cleithiúnaí aosaithe ag an tairbhí, faoi réir an tsriain nach mbeidh tairbhí i dteideal in aghaidh na tréimhse céanna méadú ar shochar a fháil faoin bhfo-alt seo i leith níos mó ná duine amháin.

(2) Déanfar an ráta seachtainiúil sochair dhífhostaíochta a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (4) de Chuid I den Dara Sceideal i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an tairbhí agus, ina theannta sin, i gcás níos mó ná beirt leanbh den sórt sin a bheith ann, mar atá leagtha amach i gcolún (5) den Chuid sin i leith gach leanbh den sórt sin de bhreis ar bheirt.

Rátaí laghdaithe sochair.

[1967 FI, a.5]

[1978 L, a.13(4)]

[1978 L, a.14(2)]

33. —(1) Faoi réir fho-alt (2), is iad na rátaí seachtainiúla sochair dhífhostaíochta, lena n-áirítear aon mhéaduithe i leith cleithiúnaithe is iníoctha de bhua alt 32, na rátaí laghdaithe atá leagtha amach ag tagairt I (B) de Chuid I den Dara Sceideal tar éis an 156ú lá dá raibh teideal ag an duine sin chun an tsochair sin.

(2) Níl feidhm ag fo-alt (1)—

(a) i ndáil le duine os cionn 65 bliana d'aois a bhfuil ranníocaí cáilitheacha aige i leith 156 sheachtain ranníoca ar a laghad sa tréimhse ó theacht faoi árachas dó go dtí an lá a bhfuil an sochar á éileamh ina aghaidh, nó

(b) i ndáil le duine a bhfuil ranníocaí cáilitheacha aige i leith 280 seachtain ranníoca ar a laghad sa tréimhse 7 mbliana ranníoca iomlána díreach roimh an lá a n-éilítear sochar dífhostaíochta ina leith agus sa chuid (más ann) den bhliain ranníoca atá ag rith an tráth sin agus dar críoch an lá sin.

Ré na híocaíochta.

[1952, a.16; 1967 FI, a.5; 1978 L, a.13]

[1976, a.11]

[1979, a.22]

[1952, a.16]

34. —(1) Aon duine a raibh teideal aige, i leith aon tréimhse bhearnaithe fostaíochta, chun sochair dhífhostaíochta in aghaidh 156 lá, ní bheidh teideal dá éis sin aige, faoi réir fho-ailt (3) agus (6), chun an tsochair sin in aghaidh aon lae dhífhostaíochta (cibé acu sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta chéanna nó i dtréimhse bhearnaithe fostaíochta dá éis sin é) mura rud é, roimh an lá sin, gur athcháiligh sé chun sochair nó mura rud é, i gcás duine os cionn 65 bliana d'aois, go mbeidh ranníocaí cáilitheacha aige i leith 156 sheachtain ranníoca ar a laghad sa tréimhse ó theacht faoi árachas dó go dtí an lá a bhfuil sochar dífhostaíochta á éileamh ina aghaidh.

(2) I gcás duine a bhí i dteideal sochair dhífhostaíochta in aghaidh 156 lá a bheith tar éis a cheart chun sochair dhífhostaíochta a ídiú—

(a) athcháileoidh sé chuige sin nuair a bheidh ranníocaí cáilitheacha aige i leith 13 sheachtain ranníoca a thosaigh nó a chríochnaigh tar éis an lae dheiridh dá raibh sé i dteideal an tsochair sin, agus

(b) ar é athcháiliú chuige sin, beidh feidhm arís maidir leis ag fo-alt (1), ach, i gcás an tréimhse bhearnaithe fostaíochta inar ídigh sé a cheart chun an tsochair sin do mharthain tar éis a athcháilithe, ionann is dá mba thréimhsí bearnaithe fostaíochta ar leithligh an chuid roimh a athcháiliú agus an chuid tar éis a athcháilithe.

(3) Beidh éifeacht le fo-alt (1), maidir le duine os cionn 18 mbliana d'aois agus nach bean phósta (seachas bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó a bhfuil teideal aici chun méadú sochair i leith linbh nó fearchéile), ionann is dá gcuirfí “390 lá” in ionad “156 lá”.

(4) I gcás duine a bhí i dteideal sochair dhífhostaíochta in aghaidh 390 lá a bheith tar éis a cheart chun an tsochair sin a ídiú—

(a) athcháileoidh sé chuige sin nuair a bheidh ranníocaí cáilitheacha aige i leith 13 sheachtain ranníoca a thosaigh nó a chríochnaigh tar éis an 156ú lá dá raibh sé i dteideal an tsochair sin, agus

(b) ar é athcháiliú chuige sin, beidh feidhm arís maidir leis ag fo-ailt (1) agus (3), ach, i gcás an tréimhse bhearnaithe fostaíochta inar ídigh sé a cheart chun sochair do mharthain tar éis a athcháilithe, ionann is dá mba thréimhsí bearnaithe fostaíochta ar leithligh an chuid roimh an ídiú agus an chuid tar éis an ídithe.

(5) Más rud é, sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta, go mbeidh duine os cionn 18 mbliana d'aois agus nach bean phósta (seachas bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó a bhfuil teideal aici chun méadú sochair i leith linbh nó fearchéile) tar éis a cheart chun sochar dífhostaíochta 312 lá a ídiú laistigh den tréimhse 78 lá dar críoch an 5 Aibreán, 1976, beidh sé i dteideal sochair dhífhostaíochta i leith gach lae, gan dul thar 78 lá, de dhífhostaíocht a tharlóidh tar éis an dáta sin go dtí an 394ú lá de dhífhostaíocht sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta sin.

(6) Beidh éifeacht le fo-alt (1), maidir le bean phósta (seachas bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó a bhfuil teideal aici chun méadú sochair i leith linbh nó fearchéile), ionann is dá gcuirfí “312 lá” in ionad “156 lá”.

(7) I gcás a ceart chun sochair dhífhostaíochta in aghaidh 312 lá a bheith ídithe ag bean atá i dteideal an tsochair sin—

(a) athcháileoidh sí chuige nuair a bheidh ranníocaí cáilitheacha aici i leith 13 sheachtain ranníoca a thosaigh nó a chríochnaigh tar éis an 156ú lá dá raibh teideal aici chun an tsochair sin, agus

(b) ar í athcháiliú chuige, beidh feidhm arís maidir léi ag fo-ailt (1) agus (6) ach, i gcás an tréimhse bhearnaithe fostaíochta inar ídigh sí a ceart chun an tsochair sin do mharthain tar éis a hathcháilithe, ionann is dá mba thréimhsí bearnaithe fostaíochta ar leithligh an chuid roimh an ídiú agus an chuid tar éis an ídithe.

(8) Más rud é i dtréimhse bhearnaithe fostaíochta go mbeidh a ceart chun sochar dífhostaíochta 156 lá ídithe ag bean dá dtagraítear i bhfo-alt (6) laistigh den tréimhse 156 lá dar chríoch an 31 Márta, 1979, beidh sí i dteideal an tsochair sin i leith gach lae, gan dul thar 156 lá, de dhífhostaíocht tar éis an dáta sin suas go dtí an 315ú lá de dhífhostaíocht sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta sin.

(9) Féadfar a fhoráil le rialacháin go n-áireofar duine chun críocha an ailt seo mar dhuine ag a raibh teideal chun sochair in aghaidh aon lae dá mba rud é go mbeadh an teideal sin aige mura mbeadh aon mhoill nó mainneachtain aige maidir le héileamh a dhéanamh nó a thabhairt ar aghaidh nó maidir le fógra a thabhairt, faoi réir an choinníll nach ndéanfar duine a áireamh amhlaidh má thaispeánann sé nach raibh ar intinn aige, trí gan ceart chun sochair in aghaidh an lae sin a fháil nó a bhunú, dul ón riachtanas chun athcháiliú le haghaidh sochair faoin alt seo.

Dícháiliú.

[1952, a.17]

[1967 FI, a.8]

[1967 FI, a.8]

35. —(1) Duine a chaill fostaíocht mar gheall ar shaotharstad de bharr aighnis cheirde ag an monarcha, ag an gceardlann, ag an bhfeirm nó ag áitreabh nó áit eile ina raibh sé ar fostú, beidh sé dícháilithe chun sochar dífhostaíochta a fháil fad a leanfaidh an saotharstad, ach amháin i gcás ina mbeidh sé, le linn an tsaotharstad, tar éis fostú bona fide a fháil in áit eile sa tslí bheatha a mbíonn sé ag gabháil di de ghnáth nó tar éis gabháil go rialta le slí bheatha éigin eile:

Ar choinníoll nach mbainfidh na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo le duine—

(a) nach bhfuil páirteach, nó nach bhfuil leas díreach aige, san aighneas ceirde ba chúis leis an saotharstad nó ag íoc chuige, agus

(b) nach duine de ghrád nó d'aicme oibrithe é a raibh comhaltaí de nó di díreach roimh thosach an tsaotharstad, ar fostú ina áit fostaíochta agus aon duine díobh páirteach san aighneas nó leas díreach aige ann nó ag íoc chuige.

(2) In aon chás ina ndéantar brainsí leithleacha oibre is gnáth a sheoladh mar ghnóthaí leithleacha in áitribh leithleacha nó in áiteanna leithleacha a sheoladh i ranna leithleacha san áitreabh céanna nó san áit chéanna, measfar, chun críocha fho-alt (1), gur monarcha, ceardlann nó feirm leithleach nó áitreabh leithleach nó áit leithleach, de réir mar a bheidh, gach roinn acu sin.

(3) Beidh duine dícháilithe chun sochar dífhostaíochta a fháil in aghaidh cibé tréimhse nach faide ná 6 sheachtain a chinnfear faoi fhorálacha an Achta seo más rud é—

(a) gur chaill sé a fhostaíocht trína mhí-iompar féin nó gur fhág sé a fhostaíocht go saorálach gan cúis mhaith, nó

(b) gur dhiúltaigh sé tairiscint ar fhostaíocht oiriúnach, nó

(c) gur dhiúltaigh sé nó gur mhainnigh sé, gan cúis mhaith, glacadh le haon deis réasúnach ar oiliúint a fháil a sholáthraigh nó a cheadaigh An Chomhairle Oiliúna mar oiliúint oiriúnach ina chás, nó

(d) gur mhainnigh sé nó gur fhailligh sé glacadh le haon deis réasúnach ar fhostaíocht oiriúnach a fháil,

agus tosóidh an tréimhse dhícháilíochta an lá a chaill nó a d'fhág sé an fhostaíocht nó a rinne sé an diúltú, an mhainneachtain nó an fhaillí (de réir mar a bheidh).

(4) Féadfar a fhoráil le rialacháin freisin go bhforchuirfear, i gcás aon aicme daoine, coinníollacha breise i ndáil le sochar dífhostaíochta a fháil agus i ndáil le srianta ar ráta agus ré an tsochair sin, más rud é, ag féachaint d'imthosca speisialta, go bhfeictear don Aire gur gá sin a dhéanamh chun éagothromais a chosc nó chun éigeartas a chosc.

(5) Chun críche an ailt seo, ní mheasfar gur fostaíocht oiriúnach fostaíocht i gcás aon duine más rud é—

(a) gur fostaíocht í i bpost atá folamh mar gheall ar shaotharstad de bharr aighnis cheirde, nó

(b) gur fostaíocht í sa cheantar deiridh ina raibh sé ar gnáthfhostú de réir ráta luach saothair is ísle, nó faoi choinníollacha is neamhfhabhraí, ná ba ghnách leis a fháil ina ghnáth-fhostaíocht sa cheantar sin, nó a gheobhadh sé dá leanfadh sé de bheith ar fostú amhlaidh, nó

(c) gur fostaíocht í in aon cheantar eile de réir ráta luach saothair is ísle, nó faoi choinníollacha is neamhfhabhraí, ná iad sin lena nglactar go ginearálta sa cheantar sin trí chomhaontú idir comhlachais fostóirí agus comhlachais fostaithe nó, cheal comhaontú den sórt sin, ná iad sin a aithníonn fostóirí maithe go ginearálta sa cheantar sin.

(6) San alt seo ciallaíonn “aighneas ceirde” aon aighneas idir fostóirí agus fostaithe, nó idir fostaithe agus fostaithe, maidir le fostú nó neamhfhostú nó téarmaí fostaíochta nó coinníollacha fostaíochta aon daoine, cibé acu is fostaithe iad i bhfostaíocht an fhostóra lenar tharla an t-aighneas nó nach ea.

CAIBIDIL 5

Sochair Dhíobhála Ceirde

Réamhráiteach

Léiriú.

[1966 DC, a.1]

36. —(1) Sa Chaibidil seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “printíseach” duine a bhfuil oiliúint lánaimsire á fáil aige le haghaidh aon cheird, gnó, gairm, oifig, fostaíocht nó slí bheatha;

tá le “cóireáil oispidéil cheadaithe” an bhrí a shonraítear in alt 63 (2);

ciallaíonn “éilitheoir” duine atá ag éileamh sochair dhíobhálacha ceirde, agus folaíonn sé freisin iarratasóir ar dhearbhú gur thionóisc cheirde nó nár thionóisc cheirde tionóisc áirithe, agus déanfar tagairt d'éileamh a fhorléiriú dá réir sin;

ciallaíonn “an t-éagach”, i ndáil le sochar báis, an duine ar i leith a bháis a éilítear nó is iníoctha an sochar;

tá le “aisce mhíthreorach” an bhrí a shonraítear in alt 43 (7);

tá le “pinsean míthreorach” an bhrí a shonraítear in alt 43 (8) nó (9);

ciallaíonn “tréimhse shochair dhíobhála”, i ndáil le haon tionóisc, an tréimhse 156 lá (gan Domhnaí a áireamh) dar tosach lá na tionóisce, nó an chuid den tréimhse sin nach bhfuil, faoi alt 43 (2), sochar míthreorach ar fáil don duine árachaithe i leith na tionóisce;

folaíonn “scrúdú dochtúra” tástálacha baictéareolaíochta agus radagrafaíochta agus iniúchadh dá samhail, agus déanfar tagairtí do dhul faoi scrúdú dochtúra a fhorléiriú dá réir sin;

tá le “cóireáil liachta” an bhrí a shonraítear in alt 63 (1);

tá le “tionóisc cheirde” an bhrí a shonraítear in alt 60;

ciallaíonn “tionóisc iomchuí” agus “díobháil iomchuí”, faoi seach, i ndáil le haon sochar, an tionóisc agus an díobháil ar ina leith a éilítear nó is iníoctha an sochar; agus ciallaíonn “cailleadh cumais iomchuí” an cailleadh cumais de dheasca na díobhála iomchuí;

tá le “forlíonadh do-fhostaitheachta” an bhrí a shonraítear in alt 45 (3).

(2) Déanfar na tagairtí sa Chaibidil seo do chailleadh cumais choirp a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do mháchailiú, cibé acu a ghabhann nó nach ngabhann aon chailleadh cumais iarbhír leis.

Fostaíocht Inárachaithe

Árachas díobhálacha ceirde.

[1966 DC, a.2]

37. —(1) Faoi réir na Coda seo, déanfar gach duine, is cuma cad is aois dó, a bheidh fostaithe i bhfostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) a árachú faoin gCuid seo in aghaidh díobháil phearsanta a bhainfidh dó de thionóisc a tharlóidh de dhroim agus i gcúrsa na fostaíochta sin.

(2) Déanfar aon tagairt san Acht seo d'árachas díobhálacha ceirde a fhorléiriú mar thagairt don árachas dá bhforáiltear leis an alt seo.

Fostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde).

[1966 DC, a.3]

[1972, a.15]

[1974 (Uimh. 3), a.4]

[1967 FI, a.16]

38. —(1) Faoi réir na bhfo-alt seo a leanas den alt seo, déanfar aon tagairt atá san Acht seo d'fhostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) a fhorléiriú mar thagairt d'aon fhostaíocht atá de thuras na huaire sonraithe i gCuid I den Chéad Sceideal agus nach fostaíocht a shonraítear i gCuid II den Sceideal sin.

(2) (a) Chun críocha an ailt seo, measfar na fostaíochtaí seo a leanas a bheith curtha leis na fostaíochtaí a shonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal—

(i) fostaíocht sa Stát ag lorg fruilithe le haon fheithicil, árthach, aerárthach, inneall nó ainmhí, a bhfaightear a úsáid faoi aon chonradh earbtha (seachas comhaontú fruilcheannaigh) i gcomaoin suim chinnte a íoc nó scair den tuilleamh nó eile,

(ii) fostaíocht faoi aon chonradh seirbhíse nó printíseachta arna dhéanamh sa Stát (seachas mar chaptaen, mar mháistir nó mar chomhalta den fhoireann) ar bord loinge nó aerárthaigh, ar fostaíocht í chun críche na loinge nó an aerárthaigh nó aon phaisinéirí nó lasta nó poist a iompraíonn an long nó an t-aerárthach,

(iii) fostaíocht sa Stát mar chomhalta nó mar dhuine faoi oiliúint chun bheith ina chomhalta d'aon bhriogáid dóiteáin, briogáid tarrthála, buíon gharchabhrach nó buíon tarrthálais i monarcha, i mianach nó in oibreacha, a bheidh forordaithe, nó d'aon eagraíocht dá samhail sin a bheidh forordaithe.

(b) I mír (a) (ii)—

ciallaíonn “long”—

(i) aon long atá cláraithe sa Stát, nó

(ii) aon long nó árthach eile a bhfuil a húinéir nó, má tá níos mó ná úinéir amháin uirthi, a bhfuil a húinéir bainistí nó a bainisteoir, ina chónaí, nó a bhfuil a phríomh-áit ghnó aige, sa Stát;

ciallaíonn “aerárthach”—

(i) aon aerárthach atá cláraithe sa Stát, nó

(ii) aon aerárthach eile a bhfuil a húinéir nó, má tá níos mó ná úinéir amháin uirthi, a bhfuil a húinéir bainistí nó a bainisteoir, ina chónaí, nó a bhfuil a phríomh-áit ghnó aige, sa Stát.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar na fostaíochtaí seo a leanas a bheith curtha leis na fostaíochtaí a shonraítear i gCuid II den Chéad Sceideal—

(a) fostaíocht mar chomhalta d'Óglaigh na hÉireann,

(b) fostaíocht, nach fostaíocht lánaimsire mar a bheidh mínithe i rialacháin nó faoi chonradh seirbhíse, mar chomhalta d'fhoireann báid iascaireachta i gcás inarb é luach saothair iomlán an duine fhostaithe cion de na brabúis nó den mhór-thuilleamh as an árthach a oibriú,

(c) fostaíocht, ar shlí seachas faoi chonradh seirbhíse nó printíseachta, mar eachtar-oibrí,

(d) fostaíocht faoi aon údarás áitiúil nó údarás poiblí eile ag comhlíonadh aon chonartha i leith seirbhísí,

(e) fostaíocht mar chomhalta den Gharda Síochána, agus

(f) fostaíocht a shonraítear i mír 12 de Chuid I den Chéad Sceideal.

(4) Chun críocha an ailt seo, measfar nach bhfuil fostaíocht ócáideach chun críocha aon oibre in áit chónaithe an fhostóra nó ina timpeall ar áireamh i mír 2 de Chuid II den Chéad Sceideal.

(5) Chun críocha an ailt seo, measfar nach bhfuil fostaíocht faoi aon chonradh seirbhíse nó printíseachta ar áireamh i míreanna 6, 8 agus 9 de Chuid II den Chéad Sceideal.

(6) Chun críocha an ailt seo, i gcás píolóta lena mbaineann an Pilotage Act, 1913, measfar, nuair a bheidh sé fostaithe ar aon long mar a mhínítear i bhfo-alt (2) (b) gur comhalta d'fhoireann na loinge sin é.

(7) Féadfaidh an tAire, i ndáil le míreanna 4 agus 5 de Chuid II den Chéad Sceideal a fhoráil le rialacháin go ndéanfar, i gcás fostaíocht a sonraítear gur fofhostaíocht í nó i gcás fostaíocht a sonraítear gur mionfhostaíocht í, a mheas chun críocha an ailt seo gur fostaíocht í nach sonraítear amhlaidh.

(8) Féadfaidh an tAire le rialacháin a fhoráil go ndéanfar, i gcás aon fhostaíocht shonraithe faoi aon údarás áitiúil nó údarás poiblí eile, a mheas chun críocha an ailt seo í a bheith curtha le Cuid II den Chéad Sceideal.

(9) I gcás inar dóigh leis an Aire—

(a) go bhfuil cineál nó cúrsaí eile na seirbhíse nó na hoibre a dhéantar in aon fhostaíocht arb éard í, ar leith ón bhfo-alt seo, fostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) agus in aon fhostaíocht nach fostaíocht den sórt sin í ar leith ón bhfo-alt seo (toisc gur fostaíocht eiscthe nó eile í) chomh cosúil lena chéile go dtiocfadh aimhrialtachtaí díobh in oibriú na Coda seo, agus

(b) (i) gur féidir an fhostaíocht chéadluaite a áireamh go caothúil ar na fostaíochtaí eiscthe, nó

(ii) gur féidir an fhostaíocht a luaitear sa dara háit a áireamh go caothúil ar na fostaíochtaí inárachaithe (díobhálacha ceirde),

féadfaidh an tAire le rialacháin a fhoráil go mbeidh an fhostaíocht ar áireamh amhlaidh.

(10) Féadfaidh an tAire le rialacháin forálacha na Coda seo a mhodhnú maidir lena feidhm i gcás daoine ar fostú i bhfostaíochtaí a shonraítear i bhfo-alt (2) (a) (ii).

(11) Le linn d'aon duine atá dífhostaithe a bheith ag freastal ar chúrsa oiliúna a sholáthraigh nó a cheadaigh An Chomhairle Oiliúna, measfar chun críocha na Coda seo é a bheith i bhfostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) agus a bheith ar fostú ag An gComhairle Oiliúna.

Leathnú ar bhrí tagairtí do thionóiscí de dhroim agus i gcúrsa fostaíochta.

[1966 DC, a.4]

39. —(1) Aon tionóisc a tharlóidh i gcúrsa fostaíochta duine árachaithe measfar chun críocha na Coda seo, cheal fianaise dá mhalairt, í do tharlú de dhroim na fostaíochta sin freisin.

(2) Déanfar, chun críocha na Coda seo, tionóisc a áireamh, i gcás nach ndéanfaí ar leith ón alt seo í a áireamh amhlaidh, mar thionóisc a tharla de dhroim fostaíochta duine árachaithe más rud é—

(a) gur i gcúrsa na fostaíochta a tharla an tionóisc,

(b) maidir leis an tionóisc—

(i) gurb é is cúis léi mí-iompar, ábhaillí nó faillí duine eile, nó bearta a rinneadh de dhroim aon mhí-iompair, ábhaillí nó faillí den sórt sin, nó an chuma inar iompair ainmhí (lena n-áirítear éan, iasc nó feithid) é féin nó ainmhí a bheith sa láthair, nó

(ii) gurb é is cúis léi nó gurb é atá inti rud ar bith nó tintreach do bhualadh an duine árachaithe, agus

(c) nach ndearna an duine árachaithe go díreach ná go neamhdhíreach trína iompar lasmuigh den fhostaíocht nó trí aon ghníomh nár bhain leis an bhfostaíocht tarlú na tionóisce a aslú nó cabhrú lena tarlú.

(3) Chun críocha na Coda seo, measfar tionóisc tarlú de dhroim agus i gcúrsa fostaíochta duine árachaithe, d'ainneoin an duine a bheith tráth na tionóisce ag gníomhú contrártha d'aon rialacháin reachtúla nó rialacháin eile a bhaineann lena fhostaíocht, nó d'aon orduithe a bheidh tugtha ag a fhostóir nó thar a cheann, nó é a bheith ag gníomhú gan treoracha óna fhostóir, más rud é—

(a) go measfaí chun críocha na Coda seo an tionóisc tarlú amhlaidh dá mba nach ndearnadh an gníomh go contrártha mar a dúradh nó gan treoracha óna fhostóir, de réir mar a bheidh, agus

(b) gur chun críocha gairme nó gnó a fhostóra nó i ndáil leis an trádáil nó leis an ngnó sin a rinneadh an gníomh.

(4) Aon tionóisc a tharlóidh agus duine árachaithe ag taisteal, le cead sainráite nó intuigthe óna fhostóir, mar phaisinéir in aon fheithicil go dtí a ionad oibre nó uaidh, measfar chun críocha na Coda seo, d'ainneoin gan é a bheith faoi aon oibleagáid ag a fhostóir taisteal san fheithicil sin, gur tionóisc í a tharla de dhroim agus i gcúrsa a fhostaíochta, más rud é—

(a) go measfaí chun na gcríocha sin an tionóisc tarlú amhlaidh dá mbeadh sé faoi oibleagáid den sórt sin, agus

(b) tráth na tionóisce—

(i) go mbeidh an fheithicil á hoibriú ag an bhfostóir nó thar a cheann nó ag nó thar ceann duine éigin eile a sholáthraigh í de bhun comhshocraíochtaí a rinneadh lena fhostóir, agus

(ii) nach mbeidh sí á hoibriú i ngnáth-chúrsa seirbhíse iompair phoiblí.

San fho-alt seo folaíonn tagairtí d'fheithicil tagairtí do long, árthach nó aerárthach.

(5) Aon tionóisc a tharlóidh do dhuine árachaithe in aon áitreabh nó timpeall aon áitribh a mbeidh sé fostaithe ann de thuras na huaire chun críocha trádála nó gnó a fhostóra measfar chun críocha na Coda seo í tarlú de dhroim agus i gcúrsa a fhostaíochta má tharlaíonn sí agus bearta á ndéanamh aige, in éigeandáil iarbhír nó cheaptha san áitreabh sin, chun daoine a tharrtháil, a fhortacht nó a chosaint atá nó a mheastar a bheith, nó a mheastar a d'fhéadfadh a bheith, díobháilte nó i nguais, nó chun mórdhamáiste do mhaoin a chosc nó a laghdú.

(6) Aon tionóisc a tharlóidh do dhuine árachaithe, ar printíseach é, agus é ag freastal ar cheardscoil nó áit eile le haghaidh oiliúna nó teagaisc (cibé acu le linn gnáth-uaire fostaíochta nó eile), measfar chun críocha na Coda seo, cheal fianaise dá mhalairt, gur de dhroim agus i gcúrsa a fhostaíochta a tharla an tionóisc más le toiliú a fhostóra nó faoi cheanglas ordaithe a fhostóra nó faoina chonradh printíseachta a bhíonn sé ag freastal ar an scoil sin nó san áit sin.

Tionóiscí i gcúrsa fostaíochta neamhdhleathaí, etc.

[1966 DC, a.5]

40. —(1) I gcás ina ndéanfar éileamh ar shochar díobhálacha ceirde faoin gCuid seo maidir le haon tionóisc nó aon ghalar nó díobháil a bheidh forordaithe chun críocha alt 54, nó ina ndéanfar iarratas faoin gcéanna ar dhearbhú gur thionóisc cheirde aon tionóisc áirithe nó ar dhearbhú comhréireach i dtaobh aon ghalair nó díobhála den sórt sin, féadfaidh an tAire a ordú go ndéanfar, chun críocha na Coda seo, an fhostaíocht iomchuí a áireamh, i ndáil leis an tionóisc, an galar nó an díobháil sin, mar fhostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde), d'ainneoin gur tharla, mar gheall ar shárú nó neamhchomhlíonadh forála éigin atá in aon achtachán, nó lena bhfuil éifeacht faoi aon achtachán, a ritheadh chun daoine fostaithe nó aon aicme daoine fostaithe a chosaint, go raibh an conradh a d'airbheartaigh an fhostaíocht a rialú ar neamhní nó nach raibh an duine fostaithe ar fostú go dleathach léi san am nó san áit ar tharla an tionóisc nó ar tolgadh an galar nó ar tharla an díobháil.

(2) I bhfo-alt (1) ciallaíonn “fostaíocht iomchuí”, i ndáil le tionóisc, an fhostaíocht ar dá droim agus ina cúrsa a tharla an tionóisc agus, i ndáil le galar nó díobháil, an fhostaíocht arb é a cineál is cúis leis an ngalar nó an díobháil.

Tionóiscí lasmuigh den Stát.

[1966 DC, a.6]

41. —Ach amháin i gcás ina bhforálfar a mhalairt le rialacháin, ní bheidh sochar díobhálacha ceirde iníoctha i leith tionóisc a tharlóidh le linn don duine árachaithe a bheith lasmuigh den Stát.

Sochair

Sochar díobhála.

[1966 DC, a.8]

[1974 (Uimh. 2), a. 10]

42. —(1) Faoi réir na Coda seo, duine árachaithe dá mbainfidh díobháil phearsanta arb é is cúis léi tionóisc a tharlóidh an 1 Bealtaine, 1967, nó dá éis de dhroim agus i gcúrsa a fhostaíochta, is fostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde), beidh sé i dteideal sochair dhíobhála in aghaidh aon lá a bheidh sé, de dheasca na díobhála, éagumasach chun oibre sa tréimhse shochair dhíobhála:

Ar choinníoll nach mbeidh duine árachaithe, faoi réir alt 48 (1) (b), i dteideal sochair dhíobhála in aghaidh na chéad 3 lá acu sin mura mbeidh sé, de dheasca na díobhála, éagumasach chun oibre 12 lá ar a laghad sa tréimhse sin.

(2) Faoi réir alt 125, leanfar de shochar díobhála a íoc go ceann tréimhse 6 sheachtain tar éis dáta báis tairbhí a raibh cleithiúnaí aosaithe aige.

(3) I gcás cinneadh a bheith á dhéanamh i dtaobh duine árachaithe a bheith éagumasach chun oibre lá na tionóisce, ní thabharfar aird ar aon chuid den lá sin roimh an tionóisc tarlú.

(4) Faoi réir na Coda seo, is é a bheidh i sochar díobhála liúntas is iníoctha de réir na rátaí seachtainiúla atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Dara Sceideal.

(5) Is é an méid is iníoctha mar shochar díobhála in aghaidh aon lae áirithe éagumais an séú cuid den ráta seachtainiúil iomchuí.

(6) Ní bheidh duine faoi bhun 16 bliana d'aois i dteideal sochair dhíobhála ach amháin a mhéid a fhoráiltear le rialacháin.

Sochar míthreorach.

[1966 DC, a.9]

43. —(1) Faoi réir na Coda seo, duine árachaithe dá mbainfidh díobháil phearsanta arb é is cúis léi tionóisc a tharlóidh an 1 Bealtaine, 1967, nó dá éis de dhroim agus i gcúrsa a fhostaíochta, is fostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde), beidh sé i dteideal sochair mhíthreorach má bhaineann cailleadh cumais choirp nó mheabhrach dó de dheasca na tionóisce ionas nach lú ná aon faoin gcéad méid na míthreorach dá dhroim sin arna measúnú de réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo; agus chun críocha na bhforálacha sin measfar gan aon chailleadh cumais iomchuí a bheith ann nuair nár mhó ná aon faoin gcéad méid na míthreorach de dhroim na tionóisce dá measúnófaí amhlaidh í.

(2) Ní bheidh sochar míthreorach ar fáil do dhuine árachaithe go dtí tar éis an tríú lá den tréimhse 156 lá (gan Domhnaí a áireamh) dar tosach lá na tionóisce iomchuí nó go dtí tar éis an lae dheiridh, más ann, den tréimhse ar a mbeidh sé éagumasach chun oibre mar gheall ar an tionóisc iomchuí:

Ar choinníoll go bhféadfaidh sé, mura mbeidh sé éagumasach amhlaidh aon lá áirithe, arb é an 4ú lá é nó lá níos déanaí tar éis na tionóisce iomchuí, roimh dheireadh na tréimhse sin, sochar míthreorach a éileamh, agus má bhíonn sé ina theideal ar shlí eile, go bhféadfar sochar míthreorach a dhámhadh dó, amhail ón lá sin, ach sa chás sin nach dtabharfar, chun críocha an fho-ailt seo, aird ar é a bheith éagumasach, nó go bhféadfadh sé a bheith éagumasach, aon lá ina dhiaidh sin sa tréimhse.

(3) Chun críocha an ailt seo, déanfar méid na míthreorach a mheasúnú, faoi threoir na míchumas a thabhaigh an t-éilitheoir mar gheall ar an gcailleadh cumais iomchuí, de réir na bprionsabal ginearálta seo a leanas—

(a) ach amháin mar a fhoráiltear ina dhiaidh seo san fho-alt seo, is iad na míchumais a bheidh le cur i gcuntas na míchumais uile (cibé acu a ghabhann nó nach ngabhann cailleadh cumhacht tuillimh nó caiteachas breise leo) a bhféadfaí a bheith ag súil a thiocfadh ar an éilitheoir, ag féachaint dá staid choirp agus mheabhrach ar dháta an mheasúnaithe i gcaitheamh na tréimhse a chuirfear i gcuntas leis an measúnú i gcomparáid le duine den aois agus den ghnéas céanna ar ghnáth-staid choirp agus mheabhrach;

(b) déanfar aon mhíchumas den sórt sin a áireamh mar mhíchumas a tabhaíodh mar gheall ar an gcailleadh cumais iomchuí ach amháin, faoi réir fhorálacha aon rialacháin arna ndéanamh faoi fho-alt (4), nach ndéanfar é a áireamh amhlaidh sa mhéid—

(i) go mbeadh an míchumas sin ag cur ar an éilitheoir ar aon nós mar gheall ar éalaing ó bhroinn nó mar gheall ar dhíobháil a tharla nó galar a tolgadh roimh an tionóisc iomchuí, nó

(ii) nach mbeadh an míchumas sin ag cur ar an éilitheoir mura mbeadh díobháil éigin a tharla nó galar éigin a tolgadh tar éis na tionóisce sin agus nach inchurtha go díreach ina leith;

(c) déanfar an measúnú ar neamhshuim le himthosca áirithe an éilitheora seachas aois, gnéas agus staid choirp agus mheabhrach;

(d) na míchumais de bharr an chailleadh cumais sin a bheidh forordaithe measfar gur 100 faoin gcéad míthreorach a bheidh iontu agus déanfar míchumais eile a mheasúnú dá réir sin.

(4) Féadfar a fhoráil le rialacháin go sonrófar tuilleadh na prionsabail ar dá réir a bheidh méid na míthreorach le measúnú agus féadfar leis na rialacháin sin a ordú go háirithe go ndéanfar cailleadh cumais forordaithe a áireamh mar ní ar tháinig grád forordaithe míthreorach dá dheasca; agus, maidir le haon ordachán den sórt sin, ní ghlacfar le haon ní i bhfo-alt (3) (c) mar ní a choisceann foráil dá mhalairt a dhéanamh, i gcás cailleadh cumais i láimh nó i sciathán nó a bhaineann le láimh nó sciathán, do dhaoine deasógacha agus do dhaoine ciotógacha.

(5) Is í an tréimhse a bheidh le cur i gcuntas trí mhéid míthreorach éilitheora a mheasúnú an tréimhse (dar tosach dáta nach luaithe ná deireadh na tréimhse sochair dhíobhála, agus a bheidh teorannaithe faoi threoir shaol an éilitheora nó dháta chinnte) ina mbeidh an t-éilitheoir tar éis an cailleadh cumais iomchuí a fhulaingt, agus a bhféadfaidh súil a bheith ann go leanfaidh sé den chailleadh cumais iomchuí a fhulaingt: ar choinníoll, mura rud é ar aon mheasúnú nach amhlaidh do staid an éilitheora, á chur san áireamh gur dócha athruithe a theacht ar an staid sin (cibé acu is féidir nó nach féidir iad a thuar), gur féidir measúnú críochnaitheach a dhéanamh suas go dtí deireadh na tréimhse sin—

(a) go ndéanfar measúnú sealadach, agus nach gcuirfear i gcuntas ach amháin cibé tréimhse is giorra ná sin a dhealraíonn a bheith réasúnach ag féachaint dá staid agus don chosúlacht a dúradh, agus

(b) ar an gcéad mheasúnú eile go dtosóidh an tréimhse a bheidh le cur i gcuntas nuair a bheidh deireadh leis an tréimhse a cuireadh i gcuntas leis an measúnú sealadach.

(6) Luafar i measúnú an grád míthreorach mar chéatadán agus sonrófar ann an tréimhse a bheidh le cur i gcuntas leis agus, i gcás ina mbeidh dáta cinnte mar theorainn leis an tréimhse sin, luafar cé acu measúnú sealadach nó measúnú críochnaitheach é:

Ar choinníoll—

(a) nach ndéanfar an céatadán agus an tréimhse sin a shonrú níos beaichte ná mar is gá chun cearta an éilitheora maidir le sochar míthreorach a chinneadh de réir an ailt seo, agus

(b) go ndéanfar céatadán idir 20 agus 100 nach iolrú ar 10 a áireamh—

(i) más iolrú é ar 5, mar an gcéad chéatadán eile is airde ná sin is iolrú ar 10, agus

(ii) murab iolrú é ar 5, mar an gcéatadán is gaire is iolrú ar 10.

(7) (a) I gás ina ndéanfar méid na míthreorach a mheasúnú don tréimhse a chuirfear i gcuntas mar mhéid is lú ná 20 faoin gcéad, is é a bheidh i sochar míthreorach aisce (dá ngairtear aisce mhíthreorach sa Chaibidil seo)—

(i) a mbeidh inti an méid a shocrófar, de réir fad na tréimhse sin agus de réir an ghráid mhíthreorach, trí scála forordaithe, ach nach rachaidh in aon chás thar an méid atá leagtha amach i gCuid II den Dara Sceideal,

(ii) is iníoctha, má fhorálann na rialacháin é agus i cibé cásanna a fhorálfaidh siad amhlaidh, ina tráthchodanna.

(b) Is é an scála céanna a fhorordófar chun críocha mhír (a) do gach uile dhuine, ach amháin go bhféadfar méid níos lú a shocrú leis sin le haghaidh cásanna a mbeidh an tairbhí, i dtosach na tréimhse a chuirfear i gcuntas leis an measúnú, faoi bhun 18 mbliana d'aois, agus féadfar a shocrú go mbraithfidh sé ar an dáta a shroichfidh an tairbhí an aois sin, nó inarb éard í an tairbhí agus í os cionn 18 mbliana d'aois, bean phósta seachas bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh:

Ar choinníoll—

(i) nach mbeidh an méid is lú sin níos lú in aon chás ná dhá thrian an mhéid a mbeadh teideal ag an tairbhí chuige ar athrach dóigh, agus

(ii) i gcás ceachtar aicme tairbhí mar a luaitear sa mhír seo go mbeidh an ráta is mó sin iníoctha dá mbeadh teideal ag an tairbhí, i gcás eisean nó ise a bheith ag fáil sochair dhíobhála in ionad aisce mhíthreorach, chun méadú ar an sochar sin a fháil i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith cleithiúnaí aosaithe.

(8) I gcás ina measúnófar gur 20 faoin gcéad nó níos mó méid na míthreorach in aghaidh na tréimhse a chuirfear i gcuntas, is é a bheidh i sochar míthreorach pinsean (dá ngairtear pinsean míthreorach sa Chaibidil seo) in aghaidh na tréimhse sin de réir an ráta sheachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid III den Dara Sceideal agus is iomchuí don ghrád míthreorach:

Ar choinníoll—

(a) i gcás dáta cinnte a bheith mar theorainn leis an tréimhse sin, go scoirfidh an pinsean ar an tairbhí d'éag roimh an dáta sin, agus

(b) i gcás ina mbeidh an tairbhí faoi bhun 18 mbliana d'aois nó, má bhíonn an tairbhí os cionn na haoise sin, gur bean phósta í seachas bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh, is é a bheidh sa ráta seachtainiúil d'aon ghrád míthreorach an ráta atá leagtha amach i gcolún (3) de Chuid III den Dara Sceideal agus is iomchuí don ghrád míthreorach mura rud é go mbeadh teideal ag an tairbhí, i gcás í a bheith ag fáil sochair dhíobhála in ionad pinsin mhíthreorach, chun méadú ar an sochar sin a fháil i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith cleithiúnaí aosaithe.

(9) (a) Más rud é, ar leith ón bhfo-alt seo, go mbeadh aisce le híoc faoi fho-alt (7) i gcás inarb í an tréimhse a chuirfear i gcuntas leis an measúnú míthreorach tréimhse saoil an éilitheora nó tréimhse is mó ná 7 mbliana, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas má roghnaíonn an t-éilitheoir, sula n-íocfar an aisce, pinsean a chur in ionad na haisce—

(i) ní íocfar an aisce,

(ii) is é a bheidh i sochar míthreorach pinsean (dá ngairtear pinsean míthreorach freisin sa Chaibidil seo) de réir an ráta sheachtainiúil iomchuí ar scála forordaithe,

(iii) pinsean míthreorach a bheidh ann in aghaidh na tréimhse a chuirfear i gcuntas leis an measúnú míthreorach faoi réir an choinníll, má bhíonn dáta cinnte mar theorainn leis an tréimhse sin, go scoirfidh an pinsean ar an tairbhí d'éag roimh an dáta sin.

(b) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas i ndáil leis an scála a fhorordófar chun críocha an fho-ailt seo—

(i) is é an scála céanna a bheidh ann do gach uile dhuine, ach amháin go bhféadfar méid níos lú a shocrú leis sin do chásanna a mbeidh an tairbhí faoi bhun 18 mbliana d'aois nó, má bhíonn an tairbhí os cionn na haoise sin agus gur bean phósta í seachas bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh mura rud é go mbeadh teideal ag an tairbhí, i gcás í a bheith ag fáil sochair dhíobhála in ionad pinsin mhíthreorach, chun méadú ar an sochar sin a fháil i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith cleithiúnaí aosaithe,

(ii) féadfar méideanna éagsúla a shonrú i ndáil leis na céatadáin éagsúla faoi bhun 20 faoin gcéad, ach maidir le gach méid den sórt sin ní bheidh sé níos lú ná an méid a mbeidh idir é agus an pinsean míthreorach iomchuí (atá leagtha amach i gCuid III den Dara Sceideal) do ghrád míthreorach 20 faoin gcéad, an chomhréir chéanna a bheidh idir an céatadán ar ina leith a shonrófar é agus 20 faoin gcéad.

(10) D'ainneoin alt 298 (1), ní bheidh ábhar achomhairc ann in aghaidh measúnú sealadach ar mhéid na míthreorach roimh cheann dhá bliain ó dháta an chéad mheasúnú ar mhéid na míthreorach sa chás, ná i gcás ina mbeidh an tréimhse uile a bheidh curtha i gcuntas leis an measúnú laistigh den dá bhliain sin.

Méadú ar shochar díobhála agus ar phinsean míthreorach i leith cleithiúnaithe aosaithe agus i leith leanaí cleithiúnacha.

[1966 DC, a.10, 11; 1980, a. 23]

44. —(1) Déanfar an ráta seachtainiúil sochair dhíobhála a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (3) de Chuid I den Dara Sceideal in aghaidh aon tréimhse a mbeidh cleithiúnaí aosaithe ag an tairbhí, faoi réir an tsriain nach mbeidh teideal ag tairbhí in aghaidh na tréimhse céanna chun méadú sochair dhíobhála faoin bhfo-alt seo i leith níos mó ná duine amháin.

(2) Déanfar an ráta seachtainiúil sochair dhíobhála a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (4) de Chuid I den Dara Sceideal i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an tairbhí agus ina theannta sin, i gcás ina mbeidh níos mó ná beirt leanbh den sórt sin ann, mar atá leagtha amach i gcolún (5) den Chuid sin i leith gach leanbh den sórt sin de bhreis ar bheirt.

(3) Beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) maidir le pinsean míthreorach, mar atá feidhm acu maidir le sochar díobhála, in aghaidh aon tréimhse a mbeidh teideal ag an tairbhí chun forlíonadh dofhostaitheachta nó a mbeidh cóireáil ospidéil cheadaithe á fáil aige.

Méadú ar phinsean mar gheall ar dhofhostaitheacht.

[1966 DC, a. 12]

[1973, a. 19]

45. —(1) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin mhíthreorach a mhéadú mar atá leagtha amach i gCuid IV den Dara Sceideal más rud é, mar gheall ar an gcailleadh cumais iomchuí, go bhfuil an tairbhí éagumasach chun oibre agus gur dóigh dó bheith éagumasach amhlaidh go buan.

(2) (a) Chun críocha an ailt seo, féadfar a áireamh go bhfuil duine éagumasach chun oibre agus gur dóigh dó bheith éagumasach go buan chun oibre, d'ainneoin nach cailleadh cumais é de shórt a choisceann é ó bheith i gcumas oibre, más dóigh go gcoimeádfaidh sé é ó bhreis agus £234 sa bhliain a thuilleamh.

(b) I mír (a) folaíonn an tagairt do thuilleamh tagairt d'aon luach saothair nó brabús ó phost sochrach.

(3) Beidh méadú pinsin faoin alt seo (dá ngairtear forlíonadh dofhostaitheachta sa Chaibidil seo) iníoctha in aghaidh cibé tréimhse a chinnfear tráth a dheonaithe, ach féadfar é a athnuachan ó am go ham.

Méadú ar phinsean míthreorach i gcás inar gá síorfhreastal.

[1966 DC, a. 13]

46. —(1) I gcás inar iníoctha pinsean míthreorach i leith measúnú 100 faoin gcéad ansin, más rud é, mar gheall ar an gcailleadh cumais iomchuí, go mbeidh an tairbhí i ngá síor-fhreastail, déanfar ráta seachtainiúil an phinsin a mhéadú cibé méid a chinnfear de réir rialachán faoi threoir mhéid agus chineál an fhreastail is gá a bheith ag an tairbhí, ach sin faoi réir na teorann nach rachaidh an méid sin thar an méid a shonraítear i gCuid IV den Dara Sceideal.

(2) Beidh méadú pinsin faoin alt seo iníoctha in aghaidh cibé tréimhse a chinnfear tráth a dheonaithe, ach féadfar é a athnuachan ó am go ham: ar choinníoll nach mbeidh aon mhéadú den sórt sin iníoctha i leith aon tréimhse a mbeidh cóireáil leighis á fáil ag an tairbhí mar othar cónaithe in ospidéal nó i bhforas dá shamhail.

Méadú ar shochar míthreorach le linn cóireála ospidéil ceadaithe.

[1966 DC, a. 14]

47. —I gcás ina ndámhfar sochar míthreorach do dhuine, ach go measúnófar gur lú ná 100 faoin gcéad méid a mhíthreorach don tréimhse a chuirfear i gcuntas leis an measúnú, áireofar go bhfuil sé measúnaithe gur 100 faoin gcéad méid a mhíthreorach d'aon chuid den tréimhse sin ina bhfaighidh sé cóireáil ospidéil cheadaithe (cibé acu is roimh an measúnú a dhéanamh nó an sochar a dhámhadh nó ina dhiaidh sin é):

Ar choinníoll, i gcás méid na míthreorach a bheith measúnaithe amhlaidh ar mhéid is lú ná 20 faoin gcéad, nach ndéanfaidh an t-alt seo difear d'oibriú na bhforálacha a bhaineann le haiscí míthreorach, ach, i gcás pinsean míthreorach is iníoctha de bhua an ailt seo le duine dár dámhadh aisce mhíthreorach go hiomlán nó go páirteach i leith na tréimhse céanna, déanfar ráta seachtainiúil an phinsin (tar éis lamháil a dhéanamh i leith aon mhéadú dá bhforáiltear leis an gCaibidil seo) a laghdú an méid a bhforordófar gurb é luach seachtainiúil a aisce é.

Coigeartuithe i gcás tionóiscí i ndiaidh a chéile.

[1966 DC, a. 15]

48. —(1) I gcás ina mbainfidh dhá thionóisc nó níos mó i ndiaidh a chéile do dhuine agus go bhfuil sé árachaithe ina n-aghaidh le hárachas díobhálacha ceirde—

(a) ní bheidh an duine i dteideal (ar leith ó aon mhéadú sochair mar a luaitear i bhfo-alt (2)) sochar a fháil in aghaidh na tréimhse céanna mar shochar díobhála agus aon phinsean míthreorach nó pinsin mhíthreorach nó mar dhá phinsean míthreorach nó níos mó, de réir ráta chomhiomláin is mó ná cóimhéid an ráta uasta iomchuí pinsin mhíthreorach is iníoctha faoi alt 43 (8),

(b) an fhoráil den Chaibidil seo a eisiann ceart chun sochair dhíobhála do na chéad 3 lá éagumais de dheasca na tionóisce iomchuí mura bhfuil 12 lá den sórt sin ann i gcaitheamh na tréimhse sochair dhíobhála, beidh feidhm aici, i ndáil le dhá thionóisc nó níos mó a tharlóidh i gceann eatramh nach faide ná 13 sheachtain a mbeidh an duine éagumasach chun oibre dá ndeasca lá éigin i gcaitheamh na tréimhse sochair dhíobhála, ionas go gceadófar go gcuirfí i gcuntas, d'fhonn an 12 lá sin a dhéanamh suas i gcás gach tionóisce acu sin, aon laethanta a fhéadfar a chur i gcuntas amhlaidh i gcás aon chinn eile acu,

(c) féadfar a fhoráil le rialacháin go gcoigeartófar—

(i) sochar díobhála nó sochar míthreorach, nó na coinníollacha lena fháil, in aon chás ina bhfuair an duine aisce mhíthreorach nó ina bhféadfadh teideal a bheith aige chuici,

(ii) aon mhéadú sochair den sórt a luaitear i bhfo-alt (2), nó na coinníollacha lena fháil.

(2) Na méaduithe sochair dá dtagraítear i bhfo-alt (1) is méaduithe iad ar an ráta sochair dhíobhála nó pinsin mhíthreorach faoi ailt 44, 45 agus 46.

Teideal chun sochair bháis.

[1966 DC, a.16]

49. —Faoi réir na Coda seo, i gcás duine árachaithe d'éag de dheasca díobháil phearsanta a bhain dó an 1 Bealtaine, 1967 nó dá éis mar gheall ar thionóisc a tharla de dhroim agus i gcúrsa a fhostaíochta, arbh fhostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) í, beidh sochar báis iníoctha mar a fhoráiltear in ailt 50 go 53.

Sochar báis do bhaintreacha agus do bhaintreacha fir agus méaduithe i leith leanaí cáilithe.

[1966 DC, a.17; 1977, a.20]

[1966 DC, a. 18]

[1966 DC, a.19]

[1969 FI, a.13 (2)]

50. —(1) Beidh baintreach an éagaigh i dteideal sochair bháis más rud é go raibh sí, tráth a bháis, ina cónaí leis nó go raibh sí, nó go mbeadh sí mura mbeadh an tionóisc iomchuí, á cothabháil go hiomlán nó go formhór aige.

(2) I gcás baintrí, is é a bheidh i sochar báis pinsean de réir an ráta sheachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Dara Sceideal, agus má tá aois inphinsin slánaithe aici agus go bhfuil sí ina cónaí ina haonar méadófar an ráta sin mar atá leagtha amach i gcolún (7) den Chuid sin.

(3) Ní bheidh pinsean faoi fho-alt (2) iníoctha in aghaidh aon tréimhse tar éis don bhaintreach athphósadh.

(4) Beidh baintreach dícháilithe chun pinsean a fháil faoin alt seo má bhíonn sí féin, agus fad a bheidh sí féin, agus aon duine ag maireachtáil i bhfochair a chéile mar lánúin phósta.

(5) Beidh baintreach fir an éagaigh i dteideal sochair bháis má bhí sé tráth a báis, á chothabháil go hiomlán nó go formhór aici nó go mbeadh sé á chothabháil amhlaidh mura mbeadh an tionóisc iomchuí.

(6) I gcás baintreach fir a bhí, ar bhás an éagaigh, éagumasach ar é féin a chothabháil mar gheall ar éiglíocht éigin coirp nó meabhrach agus ar dóigh dó a bheith éagumasach amhlaidh go buan, is é a bheidh i sochar báis pinsean de réir an ráta sheachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Dara Sceideal, agus más rud é go bhfuil aois inphinsin slánaithe aige agus go bhfuil sé ina chónaí ina aonar méadófar an ráta sin mar atá leagtha amach i gcolún (7) den Chuid sin.

(7) I gcás aon bhaintreach fir eile, is é a bheidh i sochar báis aisce mar atá leagtha amach i gCuid II den Dara Sceideal.

(8) Ní bheidh pinsean faoi fho-alt (6) iníoctha in aghaidh aon tréimhse tar éis don duine lenarb iníoctha é scor de bheith éagumasach ar é féin a chothabháil mar gheall ar éiglíocht éigin coirp nó meabhrach.

(9) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin faoi fho-alt (2) nó (6) a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (4) nó (5) de Chuid I den Dara Sceideal i leith gach leanbh cáilithe a chónaíonn go rialta leis an tairbhí agus—

(a) a chónaigh go rialta leis an tairbhí nó leis an éagach díreach roimh bhás an éagaigh, nó

(b) is leanbh, ua nó leas-leanbh leis an éagach nó leis an tairbhí, agus a tháinig chun cónaithe go rialta leis an tairbhí tar éis bhás an éagaigh, nó

(c) a d'uchtaigh an tairbhí de bhun fhorálacha na nAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, tar éis bhás an éagaigh.

(10) Chun críche fho-alt (9), measfar duine os cionn 18 mbliana d'aois ar leanbh cáilithe é, dá mbeadh sé faoi bhun na haoise sin, a bheith ina leanbh cáilithe ar feadh aon tréimhse a mbeidh sé faoi bhun 21 bhliain d'aois agus é ag fáil teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras eile oideachais.

Sochar báis — tuismitheoirí.

[1966 DC, a.20]

[1977, a. 20]

51. —(1) Beidh tuismitheoir de chuid an éagaigh i dteideal sochair bháis más rud é, ar bhás an éagaigh, go raibh an tuismitheoir á chothabháil go hiomlán nó go formhór ag an éagach, nó go mbeadh sé, mura mbeadh an tionóisc iomchuí, á chothabháil amhlaidh.

(2) Is é a bheidh sa sochar báis pinsean de réir an ráta sheachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Dara Sceideal, agus i gcás duine a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige agus atá ina chónaí ina aonar méadófar an ráta sin mar atá leagtha amach i gcolún (7) den Chuid sin.

(3) I gcás duine lenarb iníoctha pinsean de réir an ráta sheachtainiúil atá leagtha amach ag tagairt 4 (c) (i) i gCuid I den Dara Sceideal do scor tráth ar bith de bheith éagumasach ar é féin a chothabháil mar gheall ar éiglíocht éigin coirp nó meabhrach is de réir an ráta sheachtainiúil atá leagtha amach ag tagairt 4 (c) (iv) sa Chuid sin a bheidh an pinsean iníoctha dá éis sin agus, más rud é go mbeidh pinsean de réir an ráta sheachtainiúil atá leagtha amach ag tagairt 4 (c) (iv) sa Chuid sin iníoctha an tráth sin lena bhanchéile, is de réir an ráta sheachtainiúil atá leagtha amach ag tagairt 4 (c) (iii) sa Chuid sin a bheidh an pinsean sin iníoctha dá éis sin.

(4) I gcás ina raibh tuismitheoir á chothabháil go páirteach ag gach duine de bheirt duine árachaithe nó níos mó a d'éag de dheasca tionóiscí a tharla de dhroim agus i gcúrsa a bhfostaíochtaí ab fhostaíochtaí inárachaithe (díobhálacha ceirde), féadfar a áireamh chun críocha an ailt seo go bhfuair an tuismitheoir ón duine ba dheireanaí a d'éag de na daoine árachaithe sin ranníocaí i leith chothabháil an tuismitheora ar cóimhéid leis an méid comhshuimithe a bhí á ranníoc i dteannta a chéile ag na daoine árachaithe sin sular tharla an chéad cheann de na tionóiscí, agus nach bhfuair sé aon rud ón duine nó ó na daoine eile.

(5) Aon phinsean ab iníoctha faoin alt seo le bean ar bhaintreach nó bean neamhphósta í tráth an t-éagach d'éag ní bheidh sé iníoctha in aghaidh aon tréimhse tar éis a hathphósta nó a pósta.

(6) Beidh baintreach nó bean neamhphósta dícháilithe chun pinsean a fháil faoin alt seo má bhíonn sí féin, agus fad a bheidh sí féin agus aon duine ag maireachtáil i bhfochair a chéile mar lánúin phósta.

(7) (a) Chun críocha fho-ailt (1) agus (4), má uchtaíodh an t-éagach de bhun fhorálacha na nAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, measfar go dtagraíonn “tuismitheoir” do na huchtaitheoirí nó don uchtaitheoir, agus folaíonn sé leastuismitheoir, agus forléireofar “athair” agus “máthair” ag tagairt 4 (c) de Chuid I den Dara Sceideal dá réir sin.

(b) Faoi réir mhír (a) má ba dhuine neamhdhlisteanach an t-éagach, measfar go dtagraíonn “tuismitheoir” san alt seo do mháthair an éagaigh.

Sochar báis— dílleachtaí.

[1966 DC, a.21]

[1969 FI, a.13 (2)]

52. —(1) Beidh sochar báis iníoctha i leith dílleachta is leanbh nó leas-leanbh de chuid an éagaigh agus i leith dílleachta a bhí á chothabháil go hiomlán nó go formhór ag an éagach ar dháta a bháis.

(2) I gcás dílleachta is é a bheidh i sochar báis pinsean de réir an ráta sheachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Dara Sceideal.

(3) Beidh feidhm ag alt 99 maidir le pinsean faoin alt seo mar atá feidhm aige maidir le liúntas dílleachta (ranníocach).

(4) Nuair a bheifear á chinneadh arb iníoctha pinsean faoin alt seo, measfar duine os cionn 18 mbliana d'aois, ar leanbh cáilithe é dá mbeadh sé faoi bhun na haoise sin, a bheith ina leanbh cáilithe ar feadh aon tréimhse a mbeidh sé faoi bhun 21 bhliain d'aois agus é ag fáil teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras eile oideachais.

Sochar báis— costais sochraide.

[1966 DC, a. 22]

53. —(1) Beidh sochar báis mar dheontas i leith costas sochraide iníoctha i leith bhás an éagaigh.

(2) Faoi réir fho-alt (3), is é a bheidh sa deontas an méid atá leagtha amach i gCuid II den Dara Sceideal.

(3) In aon chás de shórt a shonrófar le rialacháin, is é a bheidh sa deontas cibé méid is lú ná sin a shonrófar leis na rialacháin i leith an cháis sin.

(4) Ach amháin i gcás ina bhforálfar a mhalairt le rialacháin, ní bheidh deontas faoin alt seo iníoctha i leith bás a tharlóidh lasmuigh den Stát.

Árachas in aghaidh galar forordaithe agus díobhálacha nach tionóisc is cúis leo.

[1966 DC, a.23]

54. —(1) Faoi réir an ailt seo, duine atá árachaithe faoin gCuid seo in aghaidh díobhála pearsanta arbh é is cúis léi tionóisc a tharla de dhroim agus i gcúrsa a fhostaíochta beidh sé árachaithe freisin in aghaidh aon ghalair fhorordaithe agus in aghaidh aon díobhála pearsanta forordaithe nach é sin is cúis leis nó léi, ach is galar nó díobháil de bharr chineál na fostaíochta sin agus a tolgadh an 1 Bealtaine, 1967, nó dá éis.

(2) Déanfar galar nó díobháil a fhorordú chun críocha an ailt seo i ndáil le haon daoine árachaithe, más deimhin leis an Aire—

(a) gur chóir a áireamh, ag féachaint do na cúiseanna a bhí leis nó léi agus d'aon nithe iomchuí eile, gur fiontar é nó í a ghabhann lena slí bheatha agus nach fiontar é nó í a bhaineann i gcoitinne le gach uile dhuine, agus

(b) gur galar nó díobháil é nó í de shórt ar féidir, d'éagmais imthosca speisialta, a chruthú nó a thoimhdiú le cinnteacht réasúnach gurb é cineál na fostaíochta is cúis le cásanna áirithe den ghalar nó den díobháil sin.

(3) Féadfar le rialacháin a fhorordóidh aon ghalar nó díobháil chun críocha an ailt seo a fhoráil, maidir le duine a tholg an galar nó an díobháil tráth ar bith tar éis dáta a shonraítear sna rialacháin, is dáta roimh dháta na rialacháin a theacht i bhfeidhm ach nach dáta roimh an 1 Bealtaine, 1967, go ndéileálfar leis an duine sin chun críocha an ailt seo, faoi réir aon mhodhnuithe forordaithe, ionann agus dá mbeadh na rialacháin i bhfeidhm nuair a tholg sé an galar nó an díobháil.

(4) Féadfar a fhoráil le rialacháin go gcinnfear cad é an tráth a mbeidh sé le háireamh chun críocha na Coda seo gur tholg duine aon díobháil nó galar a fhorordófar chun críocha an ailt seo, agus maidir le haon ghalar nó díobháil den sórt sin, i gcás an duine a bheidh i gceist d'fhulaingt uaidh nó uaithi roimhe sin, cad iad na himthosca a mbeidh sé le háireamh go bhfuil sé nó sí tagtha in athchúrsa ar an duine sin, nó tolgtha aige, nó tar éis tarlú dó an athuair.

(5) Is é an sochar is iníoctha de bhun an ailt seo maidir le galar forordaithe nó díobháil fhorordaithe an sochar is iníoctha, agus is iad na coinníollacha a bhaineann le fáil an tsochair sin na coinníollacha ag a mbeidh feidhm, i gcás díobháil phearsanta ó thionóisc a tharla de dhroim agus i gcúrsa fostaíochta duine, ach sin faoi réir na cumhachta chun foráil dá mhalairt a dhéanamh le rialacháin maidir le haon ábhar a bheidh le forordú agus faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo.

(6) Féadfar a fhoráil le rialacháin, i ndáil le galair fhorordaithe agus díobhálacha forordaithe, go modhnófar forálacha na Caibidle seo maidir le sochar díobhála agus sochar míthreorach agus go n-oiriúnófar tagairtí sa Chaibidil seo do thionóiscí agus go modhnófar forálacha na Coda seo ina bhfeidhm i ndáil le héilimh ar shochar agus i ndáil le ceisteanna a éireoidh i ndáil leis an gcéanna nó i ndáil le dámhadh sochair ar aon éileamh den sórt sin.

(7) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (6) féadfar, go sonrach, foráil a dhéanamh sna rialacháin sin—

(a) go dtoimhdeofar i gcás aon ghalair fhorordaithe nó aon díobhála forordaithe—

(i) gurb é is trúig leis nó léi, mura gcruthófar a mhalairt, cineál fostaíochta duine i gcás é bheith ar fostú le haon slí bheatha fhorordaithe an tráth a tholg sé an galar nó an díobháil nó ar fostú laistigh de thréimhse fhorordaithe nó ar feadh fad forordaithe ama (cibé acu comhleanúnach dó nó nach ea) sular tholg sé an galar nó an díobháil,

(ii) nach é cineál fostaíochta duine is trúig leis nó léi mura rud é go raibh sé ar fostú le fostaíocht fhorordaithe éigin an tráth a tholg sé an galar nó an díobháil nó ar fostú laistigh de thréimhse fhorordaithe nó ar feadh fad forordaithe ama (cibé acu is comhleanúnach dó nó nach ea) sular tholg sé an galar nó an díobháil; agus

(b) le haghaidh cibé nithe is dóigh leis an Aire a bheith foghabhálach nó iarmhartach maidir le forálacha a bheidh sna rialacháin de bhua na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo.

(8) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear do cheart aon duine chun sochair maidir le galar is díobháil phearsanta ó thionóisc de réir bhrí na Caibidle seo, ach amháin nach mbeidh duine i dteideal sochair i leith galair ionann is gur díobháil é ó thionóisc a tharla de dhroim agus i gcúrsa aon fhostaíochta más rud é tráth na tionóisce gur galar forordaithe maidir leis an galar de bhua na slí bheatha dá raibh sé ag gabháil san fhostaíocht sin.

Forlíonadh ar íocaíochtaí cúitimh do lucht oibre.

[1966 DC, a. 24]

55. —(1) Forálfar le rialacháin go dtabharfar do dhaoine—

(a) atá nó a bhí an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1965, nó dá éis, i dteideal íocaíochtaí seachtainiúla mar chúiteamh faoi na hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre i leith aon díobhála nó galair, agus

(b) atá, nó a bhféadfaí a áireamh chun críche na bhforálacha den Chaibidil seo a bhaineann le forlíonadh do-fhostaitheachta go bhfuil siad éagumasach chun oibre, agus gur dóigh dóibh a bheith éagumasach amhlaidh go buan, de dheasca na díobhála nó an ghalair,

an ceart céanna chun íocaíochtaí faoin gCaibidil seo mar fhorlíonadh do-fhostaitheachta agus an ceart céanna chun íocaíochtaí faoin gCaibidil seo i leith linbh nó cleithiúnaí aosaithe ionann is dá mba dhíobháil nó galar a mbeadh pinsean míthreorach iníoctha de thuras na huaire ina leith an díobháil nó an galar.

(2) Forálfar freisin le rialacháin go dtabharfar do dhaoine—

(a) atá nó a bhí an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1965, nó dá éis, i dteideal íocaíochtaí seachtainiúla mar chúiteamh faoi na hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre i leith aon díobhála nó galair, agus

(b) a mbíonn síor-fhreastal ag teastáil uathu mar gheall ar an díobháil nó an galar sin,

an ceart céanna chun íocaíochtaí faoin gCaibidil seo maidir leis an ngá le síor-fhreastal ionann agus dá mba dhíobháil nó galar é arbh iníoctha pinsean míthreorach ina leith de thuras na huaire i leith measúnacht 100 faoin gcéad.

(3) Féadfar a fhoráil freisin leis na rialacháin sin go ndéanfar, i ndáil le híocaíochtaí faoin alt seo, na forálacha den Chuid seo a bhaineann le sochar agus le héilimh a dhéanamh agus le héilimh agus ceisteanna a chinneadh, sa mhéid go mbeidh feidhm ag na forálacha sin i ndáil le forlíonadh do-fhostaitheachta, a chur chun feidhme maidir le méadú ar phinsean míthreorach i leith linbh nó cleithiúnaí aosaithe, nó maidir le méadú ar phinsean míthreorach maidir leis an ngá le síor-fhreastal, de réir mar a bheidh, faoi réir aon bhreisithe nó modhnuithe.

(4) Déanfar gach íocaíocht faoin alt seo a íoc amach as Ciste na nDíobhálacha Ceirde.

Gan sochair a dhul thar thuilleamh roimh thionóisc.

[1966 DC, a. 25; 1970, a. 20]

[1966 DC, a. 25 (6)]

56. —(1) Ní rachaidh an ráta seachtainiúil sochair dhíobhála, lena n-áirítear aon mhéadú air, ná an ráta seachtainiúil pinsin mhíthreorach, lena n-áirítear aon mhéadú air, thar thuilleamh seachtainiúil an tairbhí ó fhostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) tráth na tionóisce iomchuí.

(2) Más rud é, maidir le hiomlán nó le cuid d'aon seachtain a bhfuil tairbhí i dteideal pinsean míthreorach a íoc leis ina haghaidh, go mbeidh aon cheann acu seo a leanas iníoctha leis freisin ina haghaidh—

(a) sochar míchumais,

(b) sochar dífhostaíochta,

(c) cúnamh dífhostaíochta,

(d) pinsean scoir,

(e) pinsean easláine,

agus mura mbeadh sin go mbeadh barrachas ag comhshuim an dá íocaíocht ar thuilleamh seachtainiúil an tairbhí ó fhostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) tráth na tionóisce iomchuí, déanfar ráta seachtainiúil an phinsin mhíthreorach, lena n-áirítear aon mhéadú air, a laghdú i leith na seachtaine sin méid an bharrachais.

(3) Beidh fo-ailt (1) agus (2) faoi réir an choinníll nach ndéanfar in aon chás an ráta is iníoctha, lena n-áirítear aon mhéadú air, a laghdú faoi bhun an mhéid atá leagtha amach i gCuid V den Dara Sceideal.

(4) Chun críocha fho-ailt (1) go (3), is é tuilleamh seachtainiúil duine ó fhostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) tráth na tionóisce iomchuí a ráta luach saothair an tráth sin in aghaidh gnáthsheachtain iomlán oibre leis an bhfostaíocht inar tharla an tionóisc, agus gan aird a thabhairt ar bhreis-am chun na críche sin, nó, mura raibh sé fostaithe go lánaimseartha leis an bhfostaíocht sin tráth na tionóisce iomchuí, an ráta luach saothair a chuirfeadh a fhostóir ar fáil i leith gnáth-sheachtain iomlán oibre leis an bhfostaíocht sin, agus gan aird a thabhairt ar bhreis-am:

Ar choinníoll—

(a) i gcás luach saothair a bheith á fháil ag duine ar shlí seachas de réir ráta sheachtainiúil, gurb é tuilleamh seachtainiúil an duine sin ó fhostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) tráth na tionóisce iomchuí ráta an luach saothair a thuillfeadh sé in aghaidh gnáth-sheachtain iomlán oibre leis an bhfostaíocht sin, agus gan aird a thabhairt ar bhreis-am,

(b) i gcás nach indéanta, mar gheall ar gur chorrfhostaíocht an fhostaíocht nó mar gheall ar théarmaí na fostaíochta, an ráta luach saothair a ríomh a chuirfeadh an fostóir ar fáil in aghaidh gnáth-sheachtain iomlán oibre tráth na tionóisce iomchuí, go bhféadfar aird a thabhairt ar an méid seachtainiúil a bhí á thuilleamh an tráth sin ag duine a bhí fostaithe leis an obair chéanna ag an bhfostóir céanna, nó mura raibh aon duine fostaithe amhlaidh, ag duine sa ghrád céanna a bhí fostaithe leis an aicme chéanna fostaíochta agus sa cheantar céanna, agus

(c) chun críocha fho-alt (1), i gcás pinsin mhíthreorach agus chun críocha fho-alt (2), go bhféadfar an luach saothair seachtainiúil, agus gan aird a thabhairt ar bhreis-am, a cuireadh ar fáil i gcaitheamh aon tréimhse tar éis na tionóisce iomchuí i bhfostaíocht lena raibh duine fostaithe tráth na tionóisce iomchuí a chur, i ndáil leis an tréimhse sin, in ionad a thuillimh sheachtainiúil iarbhír tráth na tionóisce iomchuí más tairbhiúla sin dó; agus go gcuirfear sa chuntas chun na críche sin (más iomchuí) ionchas réasúnach an duine sin dul ar aghaidh chun lánráta luach saothair duine aosaithe a fháil.

(5) Más rud é—

(a) go bhfuil duine, de bhua rialachán faoi alt 55, i dteideal íocaíochtaí seachtainiúla faoin gCaibidil seo, agus

(b) go bhfuil barrachas ag méid aon íocaíochta nó íocaíochtaí den sórt sin in aghaidh aon seachtaine mar aon leis an íocaíocht sheachtainiúil cúitimh a bhfuil sé ina dteideal faoi na hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre (nó i gcás inar scoir sé de bheith i dteideal íocaíochtaí seachtainiúla cúitimh faoi na hAchtanna sin, an íocaíocht sheachtainiúil dheiridh acu sin) ar mhéid an tuillimh sheachtainiúil, agus gan aird a thabhairt ar bhreis-am, a cuireadh ar fáil de thuras na huaire san fhostaíocht inar tharla an tionóisc iomchuí nó ar mar gheall ar a cinéal a tolgadh an galar iomchuí, agus ionchas réasúnach duine chun lánráta luach saothair duine aosaithe a fháil a chur sa chuntas chun na críche sin (más iomchuí),

déanfar méid na híocaíochta nó na n-íocaíochtaí seachtainiúla faoin gCaibidil seo in aghaidh na seachtaine sin a laghdú méid an bharrachais.

San fho-alt seo ciallaíonn “tionóisc iomchuí” an tionóisc ar ina leith a tháinig an íocaíocht sheachtainiúil chúitimh chun bheith iníoctha agus ciallaíonn “galar iomchuí” an galar ar ina leith a tháinig an íocaíocht sin chun bheith iníoctha.

(6) Chun críocha an ailt seo, i gcás nach inroinnte go cruinn ar 5 méid an tuillimh sheachtainiúil glacfar gurb é atá sa tuilleamh an chéad mhéid eile is mó ná sin atá inroinnte go cruinn ar 5.

Costas cúraim liachta.

[1966 DC, a. 26]

[I.R. Uimh. 106 de 1971]

[I.R. Uimh. 106 de 1971]

[1970 AS, a. 6]

[I.R. Uimh. 234 de 1967]

57. —(1) Faoi réir an ailt seo, déanfar costas an chúraim liachta a mheasfaidh an tAire a thabhaigh duine árachaithe go réasúnach agus go riachtanach de dheasca díobháil nó galar a raibh sé, nuair a bhain sí dó nó nuair a tholg sé é, faoi árachas ina haghaidh nó ina aghaidh faoin gCuid seo a íoc amach as Ciste na nDíobhálacha Ceirde a mhéid nach nglanfar an costas sin faoi na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1979, nó faoi na hAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1966, nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 110.

(2) I gcás ina mbeidh an duine árachaithe cáilithe chun leas a bhaint dó féin as seirbhísí arna soláthar faoi na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1979, nó faoi na hAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1966, nó as sochar cóireála faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 110, ach nach ndéanfaidh sé amhlaidh, ní rachaidh an méid is iníoctha faoin alt seo thar an méid ab iníoctha dá mba rud é gur bhain sé leas as na seirbhísí nó as an sochar sin.

(3) I gcás ina bhfaighidh duine árachaithe cúram liachta i gcaitheamh aon tréimhse a mbeidh sé ina othar cónaithe in ospidéal nó i bhforas dá shamhail, ní rachaidh an méid is iníoctha faoin alt seo i leith an chúraim sin thar—

(a) an méid uasta ab inmhuirearaithe faoi alt 53 den Acht Sláinte, 1970 , i gcás duine árachaithe a gcuirfí na seirbhísí forais arna soláthar faoin alt sin ar fáil dó in aghaidh na tréimhse sin, nó

(b) an méid uasta ab inmhuirearaithe faoi alt 231A den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 (a cuireadh isteach le halt 71 den Acht Sláinte, 1953 ), i gcás duine árachaithe a gcuirfí cúnamh ospidéil meabhair-ghalar ar fáil dó in aghaidh na tréimhse sin,

de réir mar is iomchuí.

(4) Maidir leis an méid is iníoctha faoin alt seo i leith cúram liachta a cuireadh ar fáil ar shlí seachas i gcaitheamh tréimhse a raibh an duine árachaithe ina othar cónaithe in ospidéal nó i bhforas dá shamhail, is é a bheidh ann cibé suim a mheasfaidh an tAire is iomchuí don chúram a tugadh dó, ag féachaint don ghá réasúnach a bhí leis an gcúram sin agus don táille is gnách ina leith.

(5) I gcás ina dteastóidh cúram liachta ó dhuine árachaithe de dheasca díobháil nó galar a raibh sé árachaithe ina haghaidh nó ina aghaidh faoin gCuid seo an tráth a bhain an díobháil dó nó a tholg sé an galar, déanfaidh seisean nó cibé duine eile a bheidh forordaithe fógra i scríbhinn a thabhairt don Aire, laistigh de cibé tréimhse a bheidh forordaithe, i dtaobh an chúraim a bheidh ag teastáil uaidh, agus tabharfaidh sé cibé sonraí a iarrfar i dtaobh an chúraim sin, agus ní dhéanfar aon íocaíocht faoin alt seo mura dtabharfar an fógra agus, má iarrtar aon sonraí mar a dúradh, na sonraí sin.

(6) I gcás ina dtabharfar fógra faoi fho-alt (5), féadfar a cheangal ar an duine árachaithe dul faoi scrúdú dochtúra d'fhonn a chruthú gur gá an cúram liachta de dheasca na tionóisce nó an ghalair iomchuí agus gur cúram é atá réasúnach ina chás, agus ní dhéanfar aon íocaíocht faoin alt seo má mhainníonn sé an ceanglas a chomhlíonadh.

(7) Is le cibé daoine is iomchuí leis an Aire a dhéanfar íocaíochtaí faoin alt seo agus, go sonrach, más do bhord sláinte a bheidh costas an chúraim liachta faoin alt seo dlite, féadfar íocaíocht a dhéanamh leis an mbord sin.

(8) Féadfar a fhoráil le rialacháin go gcuirfear chun feidhme maidir le híocaíochtaí faoin alt seo aon cheann d'fhorálacha na Coda seo a bhaineann le sochair agus le héilimh a dhéanamh, faoi réir aon bhreisithe nó modhnuithe.

(9) Chun críocha an ailt seo áireofar ar chúram liachta, faoi réir aon bhreisithe a dhéanfar le rialacháin—

(a) cúram gnáthdhochtúra agus cúram sainliachta, lena n-áirítear cuairteanna baile,

(b) cúram altranais sa bhaile ach amháin i gcás ina nglanfar an costas trí mhéadú faoi alt 46 i leith síor-fhreastail, agus cúram altranais agus cothabháil in ospidéil, i dtithe téarnaimh, i sanatoria nó i bhforais liachta eile,

(c) soláthairtí cógaisíochta agus soláthairtí liachta nó máinliachta eile, lena n-áirítear fearais phróistéiteacha agus chluasfhearais, arna bhforordú ag liachleachtóir cláraithe, iad sin a choinneáil i ndeisriocht, agus iad a athsholáthar nuair is gá sin,

(d) déadchóireáil agus déadfhearais agus súilchóireáil agus súilfhearais,

(e) cúram, ar oideas liachleachtóra chláraithe, ag comhaltaí de ghairmeacha atá gaolmhar do ghairm na liachta, lena n-áirítear fisiteiripithe agus cosleá, agus

(f) iompar go dtí an áit agus ón áit ina gcuirfear an cúram liachta atá sonraithe san fho-alt seo ar fáil.

Tionóiscí Ceirde

Fógra i dtaobh tionóiscí.

[1966 DC, a. 27]

58. —(1) Féadfar a fhoráil le rialacháin go gceanglófar ar an duine árachaithe an fógra forordaithe a thabhairt laistigh den tréimhse fhorordaithe faoi aon tionóisc a bhféadfadh sochar díobhálacha ceirde nó aon mhéid faoi alt 57 a bheith iníoctha ina leith, nó i gcás é d'fháil bháis sa tréimhse sin de dheasca na tionóisce, go gceanglófar ar cibé duine eile a bheidh forordaithe, an fógra sin a thabhairt d'fhostóir an duine árachaithe nó do dhuine forordaithe eile.

(2) Má mhainníonn duine gan cúis mhaith an fógra forordaithe a thabhairt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (lena n-áirítear, i gcás éileamh ar shochar báis, mainneachtain ag duine éigin eile an fógra forordaithe faoin tionóisc iomchuí a thabhairt) féadfar a fhoráil le rialacháin go ndícháileofar an duine sin chun sochar díobhálacha ceirde nó aon mhéid a fháil faoi alt 57 in aghaidh cibé tréimhse a chinnfear de réir na rialachán.

Fostóirí do thuairisciú tionóiscí.

[1966 DC, a. 28]

59. —Féadfar a fhoráil le rialacháin go gceanglófar ar fhostóirí—

(a) tuarascálacha a thabhairt, do cibé duine agus i cibé foirm agus laistigh de cibé am a fhorordófar, i dtaobh tionóiscí a bhféadfadh sochar díobhálacha ceirde nó aon mhéid faoi alt 57 a bheith iníoctha ina leith,

(b) aon fhaisnéis a thabhairt don duine forordaithe is gá le haghaidh cinneadh a dhéanamh ar éilimh ar shochar díobhálacha ceirde nó ar cheisteanna a éireoidh i ndáil le héilimh ar an sochar sin nó i ndáil leis an sochar sin a dhámhadh,

(c) cibé bearta eile a dhéanamh a fhorordófar chun gur fusa fógraí a thabhairt i dtaobh tionóiscí a bhféadfadh sochar díobhálacha ceirde nó aon mhéid faoi alt 57 a bheith iníoctha ina leith, éilimh a dhéanamh ar an sochar sin, agus cinneadh a dhéanamh ar éilimh ar an sochar sin agus ar cheisteanna a éireoidh i ndáil le héilimh ar an sochar sin nó i ndáil leis an sochar sin a dhámhadh.

Dearbhú gur tionóisc cheirde tionóisc áirithe.

[1966 DC, a. 29]

60. —(1) Más rud é, i ndáil le haon éileamh ar shochar díobhálacha ceirde, go gcinnfear gur thionóisc cheirde nó nárbh ea an tionóisc iomchuí déanfar agus taifeadfar dearbhú sainráite ar an ní sin agus (faoi réir fho-alt (3)) beidh sé de theideal ag an éilitheoir go ndéanfaí cinneadh ar an gceist i dtaobh an tionóisc iomchuí a bheith ina tionóisc cheirde d'ainneoin go ndiúltófar ar fhorais eile dá éileamh.

(2) Faoi réir fho-alt (3), beidh duine dá mbainfidh díobháil phearsanta de dheasca tionóisce i dteideal, má éilíonn sé gur tionóisc cheirde an tionóisc, go ndéanfar cinneadh ar an gceist sin, agus go ndéanfar dearbhú agus go dtaifeadfar é dá réir sin, d'ainneoin nach mbeidh aon éileamh déanta ar shochar díobhálacha ceirde ar ina leith a éiríonn an cheist, agus beidh feidhm ag forálacha an Achta seo chun na críche sin ionann agus dá mba rud é gur i ndáil le héileamh ar shochar díobhálacha ceirde a d'éirigh an cheist.

(3) D'ainneoin aon ní i bhfo-ailt (1) agus (2), féadfaidh an t-oifigeach breithiúnachta nó an t-oifigeach achomhairc, cibé acu é, diúltú cinneadh a dhéanamh ar an gceist i dtaobh ar thionóisc cheirde tionóisc áirithe más deimhin leis nach dócha go mbeidh sé riachtanach an cheist a chinneadh chun críocha aon éilimh ar shochar díobhálacha ceirde, ach déanfar aon diúltú den sórt sin ag oifigeach breithiúnachta, ar fhógra achomhairc a thabhairt don Aire laistigh den tréimhse fhorordaithe, a tharchur chun oifigeach achomhairc.

(4) Faoi réir an Achta seo, maidir le hachomharc agus athbhreithniú, beidh aon dearbhú faoin alt seo á dhearbhú gur thionóisc cheirde nó nárbh ea tionóisc áirithe ina dhearbhú críochnaitheach chun críocha aon éilimh ar shochar díobhálacha ceirde maidir leis an tionóisc sin, cibé acu is é nó nach é an t-éilitheoir an duine arb ar a thionscnamh a rinneadh an dearbhú.

(5) Chun críocha an ailt seo, aon tionóisc a mbaineann díobháil phearsanta do dhuine dá deasca measfar gur tionóisc cheirde í i ndáil leis an duine sin, más rud é—

(a) gur tharla sí de dhroim agus i gcúrsa a fhostaíochta,

(b) gur fostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) an fhostaíocht sin, agus

(c) nach bhfuil íoc sochair dhíobhálacha ceirde coiscthe toisc an tionóisc tarlú le linn dó a bheith lasmuigh den Stát,

agus forléireofar tagairt in ailt eile den Chaibidil seo do thionóisc cheirde dá réir sin.

Ilghnéitheach

Dícháiliú chun sochair dhíobhála nó sochair mhíthreorach agus imeachtaí a fhionraí.

[1966 DC, a. 31]

61. —(1) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndícháileofar duine chun sochar díobhála nó sochar míthreorach a fháil in aghaidh aon tréimhse nach faide ná 6 sheachtain, nó go bhfionrófar imeachtaí ar aon éileamh ar shochar díobhála nó ar shochar míthreorach nó ar aon íocaíocht shochair dhíobhála nó shochair mhíthreorach, má mhainníonn an duine gan cúis mhaith—

(a) dul faoi scrúdú dochtúra ó am go ham d'fhonn éifeacht na tionóisce iomchuí a chinneadh, d'fhonn a chinneadh ar tháinig cailleadh cumais den tionóisc, cén grád ar dá réir atá méid na míthreorach a tharla de dheasca cailleadh cumais le measúnú agus cén tréimhse atá le cur i gcuntas sa mheasúnacht, nó cén chóireáil is oiriúnach don díobháil iomchuí nó don chailleadh cumais iomchuí,

(b) dul ó am go ham faoi chóireáil liachta oiriúnach don díobháil iomchuí nó don chailleadh cumais iomchuí,

(c) teacht i láthair ag cibé áiteanna agus amanna is gá chun críocha an scrúdaithe dochtúra nó na cóireála liachta sin, nó

(d) aon rialacha forordaithe iompair a chomhlíonadh.

(2) Forálfar le rialacháin faoin alt seo go dtabharfar íocaíocht d'aon duine a thiocfaidh i láthair le haghaidh scrúdú dochtúra nó cóireáil liachta mar a dúradh a mbeidh cibé méid inti a chinnfidh an tAire gurb é méid na gcostas taistil agus na gcostas eile é (lena n-áirítear aon chostas arb é a bhí ann cailleadh ama lenar ghabh luach saothair) a thabhaigh an duine go réasúnach agus go riachtanach i leith teacht i láthair.

Duine a áireamh mar dhuine atá éagumasach chun oibre, etc.

[1966 DC, a. 32]

62. —Féadfar a fhoráil le rialacháin go n-áireofar duine chun críocha na Caibidle seo mar dhuine atá éagumasach chun oibre de dheasca tionóisce nó díobhála nuair nach n-áireofaí amhlaidh é ar leith ó na rialacháin agus féadfaidh foráil a bheith iontu freisin—

(a) maidir leis na laethanta a bheidh nó nach mbeidh, i gcás duine a áirítear nó atá le háireamh am ar bith mar dhuine atá éagumasach chun oibre de dheasca tionóisce nó díobhála, le háireamh chun críche sochair dhíobhálacha ceirde mar laethanta éagumais chun oibre, agus

(b) maidir leis an lá a bheidh, i gcás oibrithe oíche agus cásanna speisialta eile, le háireamh chun críche sochair dhíobhálacha ceirde mar lá na tionóisce.

Cóireáil liachta agus cóireáil ospidéil cheadaithe.

[1966 DC, a. 33]

63. —(1) Chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn “cóireáil liachta” cóireáil liachta, máinliachta nó athshlánúcháin (lena n-áirítear aon bhiachúrsa nó regimen eile) agus forléireofar dá réir sin tagairtí sa Chaibidil seo do dhuine a bhfuil cóireáil liachta á fáil aige nó atá ag dul faoi chóireáil liachta.

(2) Déanfar tagairtí sa Chaibidil seo do dhuine a bhfuil cóireáil ospidéil cheadaithe á fáil aige a fhorléiriú, i ndáil le haon sochar díobhálacha ceirde is iníoctha leis, mar thagairtí a thagraíonn do chóireáil liachta a bheith á fáil aige don díobháil iomchuí nó don chailleadh cumais iomchuí, mar othar cónaithe in ospidéal nó i bhforas dá shamhail le ceadú an Aire.

(3) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndéanfar, i gcás duine d'fháil cóireáil liachta mar othar cónaithe ar feadh dhá thréimhse ar leithligh nó níos mó a raibh eatramh nó eatraimh eatarthu ba ghiorra ná fad sonraithe, é a áireamh chun críocha na Caibidle seo mar dhuine a bhí á fáil go leanúnach ó thosach na chéad tréimhse go dtí deireadh na tréimhse deiridh.

Athshlánúchán.

[1966 DC, a. 34; I.R. Uimh. 106 de 1971]

64. —(1) Féadfaidh an tAire cibé ranníocaí a chinnfidh sé, le toiliú an Aire Airgeadais, a thabhairt i leith costas seirbhísí athshlánúcháin (lena n-áirítear seirbhísí athshlánúcháin arna soláthar faoi alt 68 den Acht Sláinte, 1970 ) do dhaoine a bheidh i dteideal sochair mhíthreorach.

(2) Déanfar na méideanna a bheidh ag teastáil le haghaidh aon ranníocaí faoin alt seo a íoc amach as Ciste na nDíobhálacha Ceirde.

Ranníocaí fostaíochta.

[1966 DC, a. 36; 1978 L, a. 16]

[1970, a. 20; 1973, a. 19]

65. —(1) Gach uile dhuine, is cuma cén aois é, a bheidh fostaithe le fostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) is ranníocóir fostaithe é agus déanfar tagairtí san Acht seo do ranníocóir fostaithe a fhorléiriú dá réir sin.

(2) (a) I ndáil le ranníocóir fostaithe nár ranníocóir fostaithe mura mbeadh fo-alt (1)—

(i) i gcás é a bheith faoi bhun 16 bliana d'aois, ní bheidh aon ranníocaí fostaíochta iníoctha,

(ii) in aon chás eile (lena n-áirítear cás ina mbeidh sé os cionn aoise inphinsin) ina ndéantar, in aon bhliain ranníoca, íocaíocht leis an ranníocóir nó chun sochar don ranníocóir i leith tuilleamh ináirithe an ranníocóra sin, is é a bheidh sa ranníoc fostaíochta ranníoc fostóra, agus sin amháin, de réir ráta 0.45 faoin gcéad de mhéid tuillimh ináirithe an ranníocóra lena mbaineann an íocaíocht sin.

(b) I ndáil le ranníocóir fostaithe is ranníocóir fostaithe de bhua alt 5 agus fho-alt (1) den alt seo, déanfar an ranníoc fostaíochta a luaitear in alt 10 (1) (b) (ii) a mhéadú méid arna ríomh de réir ráta 0.45 faoin gcéad de mhéid an tuillimh ináirithe ar faoina threoir a chinntear an ranníoc fostaíochta a luaitear in alt 10 (1) (b) (ii).

(3) Bainfidh forálacha ailt 10 (1) (c) agus 10 (1) (d) le ranníocaí faoi fho-alt (2) den alt seo mar a bhaineann siad le ranníocaí ó fhostóirí faoi alt 10 (1) (b).

(4) Ní dhéanfar ranníoc fostaíochta is iníoctha de bhua fho-alt (2) (a) (ii) a ríomh chun aon duine a cháiliú nó a athcháiliú le haghaidh aon cheann de na sochair dá dtagraítear in alt 17.

(5) Ní thabharfar aird ar árachas díobhálacha ceirde aon duine nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh ar a cheart chun bheith, nó leanúint de bheith, ina ranníocóir saorálach agus ní dhéanfaidh an t-árachas sin difear don ráta ranníoca shaorálaigh is iníoctha in aon chás.

Taighde.

[1966 DC, a. 35]

66. —(1) Féadfaidh an tAire taighde a chur chun cinn faoi chúiseanna agus minicíocht, agus faoi mhodhanna coiscthe—

(a) tionóiscí agus díobhálacha a soláthraítear árachas díobhálacha ceirde ina n-aghaidh, nó

(b) galair a soláthraítear árachas den sórt sin ina n-aghaidh nó a bhfuiltear ar intinn é a fhorordú chun críocha alt 54,

trí dhaoine a fhostú é féin chun an taighde a stiúradh nó trí ranníoc a thabhairt i leith costas daoine eile, nó trí chabhrú ar shlí eile le daoine eile, a bheidh ag gabháil don taighde.

(2) Féadfaidh an tAire cibé tuarastail nó luach saothair eile, agus cibé liúntais taistil nó liúntais eile, a chinnfidh sé le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le daoine a fhostófar amhlaidh.

(3) Déanfar na méideanna a bheidh ag teastáil le haghaidh aon íocaíochtaí faoin alt seo a íoc amach as Ciste na nDíobhálacha Ceirde.

Ciste na nDíobhálacha Ceirde.

[1966 DC, a. 37]

[1970, a. 20]

[1970, a. 20]

[I.R. Uimh. 215 de 1974]

67. —(1) Fanfaidh Ciste na nDíobhálacha Ceirde, a bunaíodh faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 , ar marthain agus is é a bheidh ann fós cuntas reatha, a bhainisteoidh agus a rialóidh an tAire, agus cuntas infheistíochta, a bhainisteoidh agus a rialóidh an tAire Airgeadais.

(2) (a) D'ainneoin aon fhoráil contrártha dó sin, déanfar sochair dhíobhálacha ceirde, mar aon le haon íocaíochtaí eile faoin gCaibidil seo is iníoctha as Ciste na nDíobhálacha Ceirde, a íoc amach as cuntas reatha an Chiste sin, agus, chun airgead a sholáthar le haghaidh an chaiteachais ar shochair agus íocaíochtaí eile den sórt sin, déanfar ranníocaí fostaíochta a íocadh isteach sa Chiste Árachais Shóisialaigh de dhroim alt 65 (2) (a) agus méaduithe ar ranníocaí fostaíochta a íocadh amhlaidh de dhroim alt 65 (2) (b) a íoc amach as an gCiste sin le cuntas reatha Chiste na nDíobhálacha Ceirde.

(b) Déanfar na suimeanna seo a leanas a bheifear tar éis a íoc amach as an gCiste Árachais Shóisialaigh a aisíoc leis an gCiste sin as Ciste na nDíobhálacha Ceirde—

(i) suimeanna a bheifear tar éis a íoc mar shochar míchumais nó pinsean easláine i leith éagumas chun oibre mar gheall ar thionóisc cheirde, nó ghalar nó dhíobháil a fhorordófar chun críocha alt 54, le duine i dteideal sochair mhíthreorach i leith na tionóisce, an ghalair nó na díobhála sin,

(ii) suimeanna a bheifear tar éis a íoc i leith aon tréimhse mar shochar míchumais nó pinsean easláine i leith éagumas chun oibre mar gheall ar dhíobháil nó galar, ar suimeanna iad a bheifear tar éis a íoc le duine a bheidh nó a bhí an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1965, nó dá éis, i dteideal íocaíochtaí seachtainiúla cúitimh faoi na hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre i leith na díobhála nó an ghalair sin.

(3) Aon airgead a bheidh chun creidiúna do chuntas reatha Chiste na nDíobhálacha Ceirde agus nach mbeidh ag teastáil faoi chomhair caiteachais reatha aistreofar é go dtí cuntas infheistíochta an Chiste sin.

(4) Aon uair nach leor an t-airgead i gcuntas reatha Chiste na nDíobhálacha Ceirde faoi chomhair dhliteanais an chuntais sin, aistreofar chun an chuntais sin ó chuntas infheistíochta an Chiste sin cibé suimeanna is gá chun na dliteanais sin a ghlanadh.

(5) Faoi réir fho-alt (4), aon airgead a bheidh chun creidiúna do chuntas infheistíochta Chiste na nDíobhálacha Ceirde infheisteoidh an tAire Airgeadais é agus íocfar isteach sa chuntas sin aon ioncam ó aon infheistíocht den sórt sin.

(6) Aon infheistíocht a dhéanfar de bhun fho-alt (5) féadfar í a dhéanamh in aon urrúis a mbeidh cumhacht ag iontaobhaithe de thuras na huaire de réir dlí cistí iontaobhais a infheistiú iontu nó in aon chuid de na stoic, de na cistí agus de na hurrúis a bheidh de thuras na huaire údaraithe le dlí mar infheistíochtaí do Chistí Bhanc Taisce an Phoist.

(7) Déanfar cuntais Chiste na nDíobhálacha Ceirde a ullmhú i cibé foirm, i cibé slí agus cibé tráthanna a ordóidh an tAire Airgeadais agus déanfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach cuntas den sórt sin a scrúdú agus a dheimhniú agus déanfar cóip de, mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste air, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(8) Beidh na caiteachais seo a leanas inghnóthaithe ó Chiste na nDíobhálacha Ceirde cibé tráthanna agus i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais—

(a) caiteachais an Aire (arna gcinneadh ar cibé foras is cuí leis) de bhun na Caibidle seo, agus

(b) caiteachais aon Aire eile (arna gcinneadh ar cibé foras ar a gcomhaontófar idir é féin agus an tAire) i ndáil leis an gCaibidil seo.

(9) Déanfar aon airgead a gheofar de bhun fho-alt (8) a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(10) Nuair a bheidh caiteachais á meas chun críocha fho-alt (8), áireofar orthu cibé méid is ionann, dar leis an Aire Airgeadais, agus méid an dliteanais a fhaibhreoidh i leith aon aoisliúntas nó liúntas scoir, cnapshuimeanna nó aiscí eile a fhaibhreoidh maidir le fostaíocht aon oifigigh nó duine eile chun críocha na Caibidle seo.

(11)  (a) Cuirfidh an tAire faoi deara go ndéanfar athbhreithnithe achtúireachta ar staid airgeadais Chiste na nDíobhálacha Ceirde, ag féachaint, go háirithe, do dhóthanacht, nó neamhdhóthanacht, na ranníocaí le haghaidh na sochar agus na n-íocaíochtaí eile, agus cuirfidh sé faoi deara cóip de gach tuarascáil ón achtúire faoin bhfo-alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(b) Déanfar athbhreithniú faoin bhfo-alt seo i leith na tréimhse cúig bliana dar críoch an 31 Nollaig, 1983, agus dá éis sin i leith na tréimhse dar críoch an 31 Nollaig gach cúigiú bliain, faoi réir an choinníll go bhféadfaidh an tAire an tréimhse lena mbainfidh aon athbhreithniú den sórt sin a athrú.

Sochar a chur i gcuntas agus damáistí á measúnú.

[1969 DC, a. 39; 1974 (Uimh. 2), a. 21]

68. —(1) D'ainneoin alt 2 den Acht um Dhliteanas Sibhialta (Leasú), 1964 , agus alt 306 den Acht seo, i gcaingean i leith damáistí mar gheall ar dhíobhálacha pearsanta (lena n-áirítear aon chaingean den sórt sin de dhroim conartha) cuirfear i gcuntas, agus na damáistí sin á measúnú, in aghaidh aon chailleadh tuillimh nó brabús a d'fhaibhrigh nó ar dóigh dó faibhriú chun an duine dhíobhálaithe ó na díobhálacha, luach aon chearta a d'fhaibhrigh nó ar dóigh dó faibhriú chuige uathu i leith sochair dhíobhála (gan aird a thabhairt ar aon cheart i leith sochair dhíobhála is iníoctha de bhua alt 42 (2), tar éis bhás an duine dhíobhálaithe) nó sochair mhíthreorach (gan aird a thabhairt ar aon mhéadú air sin faoi alt 46 i leith síor-fhreastail) do na 5 bliana dar tosach an tráth a d'fhaibhrigh an chúis chaingne.

(2) An tagairt atá i bhfo-alt (1) do mheasúnú na ndamáistí i leith díobhálacha pearsanta is tuigthe, i gcásanna ina bhfuil na damáistí is inghnóthaithe ar aon bhealach eile faoi réir a laghdaithe faoin dlí a bhaineann le faillí rannpháirteach nó teorannaithe le haon Acht nó faoi aon Acht nó le conradh, gur tagairt í d'iomlán na ndamáistí ab inghnóthaithe ar leith ón laghdú nó ón teorannú.

(3) D'ainneoin alt 50 den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961 , nuair a bheidh damáistí á measúnú i leith bás duine faoi Chuid IV den Acht sin, féadfar aon sochar báis, mar dheontas faoi alt 53 den Acht seo i leith costas sochraide, a tháinig de bhás an duine sin, a chur i gcuntas.

Cosaint maidir le haisghairm na nAchta um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955.

[1966 DC, a. 40]

69. —Leanfaidh na hAchta um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955, arna leasú le Cuid V den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961 , d'fheidhm a bheith acu maidir le cásanna a mbeadh feidhm acu maidir leo dá mba nár ritheadh an tAcht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 , i gcás ar cásanna iad inar éirigh ceart chun cúitimh i leith fostaíochta roimh an 1 Bealtaine, 1967, ach amháin, i gcás galar nó díobháil atá forordaithe chun críocha alt 54, nuair nár éirigh an ceart roimh an dáta sin agus go raibh an t-oibrí, roimh an gceart sin d'éirí, árachaithe faoin gCaibidil seo in aghaidh an ghalair nó na díobhála sin.

Forléiriú ar thagairtí áirithe san Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 .

[1966 DC, a. 42]

70. —Déanfar na tagairtí don Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966

(a) sna mínithe ar “lá seirbhíse” agus “páigh” in alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 , arna leasú le halt 42 den Acht chéadluaite, agus

(b) in alt 43 den Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 , sin, arna leasú amhlaidh,

a fhorléiriú mar thagairtí don Chaibidil seo.

CAIBIDIL 6

Sochar Pá-Choibhneasa

Léiriú.

[1973 SPC, a.1; 1978 L, a.18 (2)]

71. —Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn “tuilleamh ináirithe”, faoi réir rialcahán faoin gCaibidil seo, tuilleamh ó fhostaíocht inárachaithe a bhfuil ranníocaí fostaíochta iníoctha ina leith de réir alt 10 (1);

ciallaíonn “tuilleamh ináirithe seachtainiúil” meánmhéid, arna ríomh de réir rialachán, an tuillimh ináirithe a gheofar in imeacht seachtaine;

ciallaíonn “bliain chánach ioncaim iomchuí”, i ndáil le sochar páchoibhneasa is iníoctha i leith aon lae áirithe, cibé bliain mheasúnachta de réir bhrí na nAchtanna Cánach Ioncaim a bheidh forordaithe i ndáil le haon sochar den sórt sin.

Teideal chun sochair.

[1973 SPC, a.3; 1974 (Uimh. 2), a. 24]

72. —(1) Faoi réir na Caibidle seo duine a raibh tuilleamh ináirithe aige sa bhliain chánach ioncaim iomchuí beidh sé i dteideal sochair phá-choibhneasa maidir le haon lá—

(a) is lá éagumais chun oibre ar cuid é de thréimhse bhearnaithe fostaíochta agus a bhfuil an duine i dteideal sochair mhíchumais nó liúntais mháithreachais ina leith nó a mbeadh an duine i dteideal cheachtar de na sochair sin mura mbeadh go bhfuil sochar díobhála iníoctha leis an duine faoi Chaibidil 5 i leith an lae sin, nó

(b) is lá dífhostaíochta ar cuid é de thréimhse bhearnaithe fostaíochta agus a bhfuil an duine i dteideal sochair dhífhostaíochta ina leith,

agus nach luaithe ná an 13ú lá éagumais chun oibre nó nach luaithe ná an 13ú lá dífhostaíochta, de réir mar a bheidh, sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta.

(2) Aon lá a bhfuil duine i dteideal liúntais mháithreachais ina leith measfar, chun críocha an ailt seo, gur lá éagumais chun oibre é.

An ráta sochair.

[1976, a. 12]

73. —Is é an ráta seachtainiúil sochair phá-choibhneasa is iníoctha le duine in aon tréimhse bhearnaithe fostaíochta méid is comhionann—

(a) i leith aon chuid den tréimhse sin amach go dtí an 159ú lá éagumais chun oibre, nó i leith aon chuid den tréimhse sin amach go dtí an 159ú lá dífhostaíochta, le 40 faoin gcéad,

(b) i leith aon chuid den tréimhse sin ón 160ú lá éagumais chun oibre amach go dtí an 237ú lá den sórt sin, nó i leith aon chuid den tréimhse sin ón 160ú lá dífhostaíochta amach go dtí an 237ú lá den sórt sin, le 30 faoin gcéad,

(c) i leith aon chuid den tréimhse sin ón 238ú lá éagumais chun oibre amach go dtí an 315ú lá den sórt sin, nó i leith aon chuid den tréimhse sin ón 238ú lá dífhostaíochta amach go dtí an 315ú lá den sórt sin, le 25 faoin gcéad, agus

(d) i leith aon chuid den tréimhse sin ón 316ú lá éagumais chun oibre amach go dtí an 393ú lá den sórt sin, nó i leith aon chuid den tréimhse sin ón 316ú lá dífhostaíochta amach go dtí an 393ú lá den sórt sin, le 20 faoin gcéad,

den chuid (más aon chuid í) dá thuilleamh ináirithe seachtainiúil in aghaidh na bliana cánach ioncaim iomchuí is mó ná £14 ach nach rachaidh thar an teorainn a bheidh arna forordú de thuras na huaire, faoi réir cibé coinníollacha a bheidh forordaithe chun méid iomlán an tsochair is iníoctha faoin gCuid seo leis an duine i leith aon seachtaine a shrianadh.

Ré na híocaíochta.

[1976, a. 12]

[1980, a. 17]

74. —(1) In aon tréimhse bhearnaithe fostaíochta ní bheidh duine i dteideal sochair phá-choibhneasa i leith aon lá éagumais chun oibre tar éis an 393ú lá éagumais chun oibre sa tréimhse sin ná i leith aon lá dífhostaíochta tar éis an 393ú lá dífhostaíochta sa tréimhse sin.

(2) Nuair a bheifear á ríomh chun críocha na Caibidle seo an raibh, i dtréimhse bhearnaithe fostaíochta, duine éagumasach chun oibre ar feadh uimhir shonraithe laethanta nó dífhostaithe ar feadh uimhir shonraithe laethanta, ní chuirfear i gcuntas ach—

(a) aon lá nó laethanta éagumais chun oibre sa tréimhse sin ar íocadh sochar míchumais, liúntas máithreachais nó sochar díobhála leis an duine sin ina leith agus aon lá nó laethanta den sórt sin sa chéad tréimhse éagumais chun oibre sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta sin lena mbaineann alt 18 (2),

(b) aon lá nó laethanta dífhostaíochta sa tréimhse ar íocadh sochar dífhostaíochta leis an duine sin ina leith agus aon lá nó laethanta den sórt sin lena mbaineann alt 29 (2).

Forálacha idirlinne.

[1975 SPC, a.4; I.R. Uimh. 114 de 1975]

[1976, a. 12]

75. —(1) (a) D'ainneoin alt 74 (1) ach faoi réir alt 72 (1), i gcás ina bhfuair duine, i dtréimhse bhearnaithe fostaíochta a thosaigh roimh an 5 Meitheamh, 1975, sochar pá-choibhneasa roimh an dáta sin agus go raibh 159 lá ar a laghad éagumais chun oibre aige, beidh sé i dteideal sochair pháchoibhneasa i leith gach lá, suas go dtí 78 lá ar a mhéid, éagumais chun oibre a tharla tar éis an dáta sin ach roimh an 316ú lá éagumais chun oibre sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta sin.

(b) D'ainneoin alt 74 (1) ach faoi réir alt 72 (1), i gcás ina bhfuair duine, i dtréimhse bhearnaithe fostaíochta a thosaigh roimh an 5 Meitheamh, 1975, sochar pá-choibhneasa roimh an dáta sin agus go raibh 159 lá ar a laghad dífhostaíochta aige, beidh sé i dteideal sochair phá-choibhneasa i leith gach lá, suas go dtí 78 lá ar a mhéid, dífhostaíochta a tharla tar éis an dáta sin ach roimh an 316ú lá dífhostaíochta sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta sin.

(2) (a) D'ainneoin alt 74 (1) ach faoi réir alt 72 (1), i gcás ina bhfuair duine, i dtréimhse bhearnaithe fostaíochta a thosaigh roimh an 5 Aibreán, 1976, sochar pá-choibhneasa roimh an dáta sin agus go raibh 315 lá ar a laghad éagumais chun oibre aige, beidh sé i dteideal sochair phá-choibhneasa i leith gach lá, suas go dtí 78 lá ar a mhéid, éagumais chun oibre a tharla tar éis an dáta sin ach roimh an 394ú lá éagumais chun oibre sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta sin.

(b) D'ainneoin alt 74 (1) ach faoi réir alt 72 (1), i gcás ina bhfuair duine, i dtréimhse bhearnaithe fostaíochta a thosaigh roimh an 5 Aibreán, 1976, sochar pá-choibhneasa roimh an dáta sin agus go raibh 315 lá ar a laghad dífhostaíochta aige, beidh sé i dteideal sochair phá-choibhneasa i leith gach lá, suas go dtí 78 lá ar a mhéid, dífhostaíochta a tharla tar éis an dáta sin ach roimh an 394ú lá dífhostaíochta sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta sin.

Rialacháin.

[1973 SPC, a.8]

[1973 SPC, a.9; 1978 L, a. 18 (3)]

[1973 SPC, a. 10]

[1973 SPC, a. 11]

[1973 SPC, a. 13]

[1973 SPC, a. 10]

76. —(1) Féadfaidh an tAire a fhoráil le rialacháin—

(a) go ríomhfar nó go measfar méid an tuillimh ináirithe agus méid an tuillimh ináirithe sheachtainiúil ag duine nó ag aicme daoine chun críocha na Caibidle seo, i cibé slí, faoi threoir cibé nithe agus ar cibé foras a bheidh sonraithe;

(b) go ríomhfar na méideanna is iníoctha i leith sochair pháchoibhneasa de réir scálaí forordaithe agus go ndéanfar cibé coigeartuithe ar na méideanna is gá chun ríomh na méideanna a urasú agus codáin de phingin a sheachaint sna méideanna;

(c) go mbeidh feidhm ag an gCaibidil seo i gcás daoine a bheidh fostaithe i cibé aicme nó aicmí fostaíochta a shonrófar sna rialacháin agus féadfaidh an tAire leis na rialacháin sin cibé modhnuithe a dhéanamh ar fhorálacha na Caibidle seo is dóigh leis is gá chun na críche sin;

(d) go n-eisiafar ó fheidhm na Caibidle seo daoine a bheidh fostaithe i bhfostaíocht de cibé aicme nó aicmí a bheidh sonraithe sna rialacháin;

(e) go modhnófar aon choinníoll de na coinníollacha i dtaobh sochar pá-choibhneasa a fháil i gcás aon éileamh ar shochar den sórt sin sa tréimhse dar thosach an 8 Aibreán, 1974, agus dar críoch cibé dáta a shonrófar sna rialacháin;

(f) go gceanglófar ar fhostóirí, chun críocha ranníocaí pá-choibhneasa agus sochair phá-choibhneasa, cibé taifid a choimeád a shonrófar sna rialacháin ar thuilleamh daoine a bheidh fostaithe acu agus na taifid a choinneáil go ceann cibé tréimhsí a fhorordófar agus measfar gur doiciméid chun críocha alt 114 aon taifid a shonrófar amhlaidh.

(2) Féadfar aicme fostaíochta a shonrú i rialacháin faoi fho-alt (1) (c) nó (d) i cibé slí agus faoi threoir cibé nithe is iomchuí leis an Aire.

(3) I gcás ina mbeartófar rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (1) (c) nó (d) ag modhnú forálacha na Caibidle seo, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

Faisnéis i ndáil le tuilleamh ináirithe.

[1973 SPC, a. 12; 1978 L, a. 18 (3)]

77. —Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé faisnéis a thabhairt don Aire i ndáil le tuilleamh ináirithe is gá chun críche sochair pháchoibhneasa.

CAIBIDIL 7

Pinsean Seanaoise (Ranníocach)

Teideal chun pinsin.

[1952, a. 25A; 1960 L, a. 7]

[1974 (Uimh. 2), a.10]

[1978 L, a. 13(2)]

78. —(1) Faoi réir an Achta seo, beidh teideal ag duine chun pinsin seanaoise (ranníocach) má bhíonn aois inphinsin slánaithe aige agus má chomhlíonann sé na coinníollacha ranníoca in alt 79.

(2) Faoi réir alt 125, leanfar de phinsean seanaoise (ranníocach) a íoc go ceann tréimhse 6 sheachtain tar éis dáta báis tairbhí a raibh cleithiúnaí aosaithe aige.

(3) Chun críocha na Caibidle seo ciallaíonn “meánmhéid bliantúil” i ndáil le haon éilitheoir an meánmhéid i ngach bliain ranníoca de sheachtainí ranníoca a bhfuil ranníocaí cáilitheacha, ranníocaí saorálacha nó ranníocaí creidiúnaithe ag an éilitheoir ina leith sa tréimhse dar tosach tús na bliana ranníoca inar tháinig sé faoi árachas agus dar críoch deireadh na bliana ranníocha is deireanaí roimh an dáta a shlánaigh sé aois inphinsin.

Coinníollacha maidir le pinsean a fháil.

[1952, Sc. 4; 1960 L, a. 16; 1978 L, a.13, 14]

[1974 (Uimh. 2), a.11; 1975, a. 10; 1977, a. 13]

[1974 (Uimh. 2), a.11]

[1975, a. 10]

[1977, a. 13]

[1952, a. 14]

[1952, a. 28A; 1960 L, a. 10]

[1960 L, a. 10; 1964 FI, a. 9]

[1952, a.66A; 1960 L, a. 13]

[1967 FI, a. 11]

79. —(1) Is iad na coinníollacha ranníoca i leith pinsin seanaoise (ranníocach)—

(a) faoi réir fho-alt (2), gur tháinig an t-éilitheoir faoi árachas sular shlánaigh sé 56 bliana d'aois,

(b) ranníocaí cáilitheacha i leith 156 sheachtain ranníoca ar a laghad a bheith ag an éilitheoir ó tháinig sé faoi árachas, agus

(c) nach lú ná 48 meánmhéid bliantúil an éilitheora.

(2) (a) I gcás duine a shlánaigh 57 mbliana d'aois roimh an 1 Iúil, 1974, forléireofar fo-alt (1) (a) amhail is dá gcuirfí “60 bliain” in ionad “56 bliana”.

(b) I gcás duine a shlánaigh 57 mbliana d'aois an 1 Iúil, 1974, nó dá éis, forléireofar fo-alt (1) (a) amhail is dá gcuirfí “58 mbliana” in ionad “56 bliana”.

(c) I gcás duine a shlánaigh 56 bliana d'aois an 1 Aibreán, 1975, nó dá éis, forléireofar fo-alt (1) (a) amhail is dá gcuirfí “57 mbliana” in ionad “56 bliana” agus ní bheidh feidhm ag mír (b) den fho-alt seo ar 57 mbliana d'aois a shlánú dó.

(d) I gcás duine a shlánaigh 55 bliana d'aois an 1 Deireadh Fómhair, 1977, nó dá éis, ní bheidh feidhm ag mír (c) ar 56 bliana d'aois a shlánú dó ná ní bheidh feidhm ag mír (b) ar 57 mbliana d'aois a shlánú dó.

(3) (a) Duine a shlánaigh 69 mbliana d'aois an 1 Iúil, 1974, nó dá éis, ach roimh an 5 Eanáir, 1976, féadfar a theideal chun pinsin seanaoise (ranníocach) a chinneadh faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an 1 Iúil, 1974, más buntáiste dó é sin.

(b) Duine a shlánaigh 69 mbliana d'aois roimh an 1 Iúil, 1974, agus ar dámhadh pinsean seanaoise (ranníocach) dó faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an dáta sin beidh ceart aige ar an dáta sin agus dá éis chun an phinsin sin de réir an ráta is iníoctha de thuras na huaire faoi threoir meánmhéid bhliantúil is comhionann leis an meánmhéid bliantúil arna ríomh ina chás faoi na forálacha sin.

(4) (a) Duine a shlánaigh 68 mbliana d'aois an 1 Aibreán, 1975, nó dá éis, ach roimh an 3 Eanáir, 1977, féadfar a theideal chun pinsin seanaoise (ranníocach) a chinneadh faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an 1 Aibreán, 1975, más buntáiste dó é sin.

(b) Duine a shlánaigh 68 mbliana d'aois roimh an 1 Aibreán, 1975, agus ar dámhadh pinsean seanaoise (ranníocach) dó faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an dáta sin beidh ceart aige ar an dáta sin agus dá éis chun an phinsin sin de réir an ráta is iníoctha de thuras na huaire faoi threoir meánmhéid bhliantúil is comhionann leis an meánmhéid bliantúil arna ríomh ina chás faoi na forálacha sin.

(5) (a) Duine a shlánaigh 67 mbliana d'aois an 1 Deireadh Fómhair, 1977, nó dá éis, ach roimh an 1 Eanáir, 1979, féadfar a theideal chun pinsin seanaoise (ranníocach) a chinneadh faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an 1 Deireadh Fómhair, 1977, más buntáiste dó é sin.

(b) Duine a shlánaigh 67 mbliana d'aois roimh an 1 Deireadh Fómhair, 1977, agus ar dámhadh pinsean seanaoise (ranníocach) dó faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i bhfeidhm roimh an dáta sin, beidh ceart aige ar an dáta sin agus dá éis chun an phinsin sin de réir an ráta is iníoctha de thuras na huaire faoi threoir meánmhéid bhliantúil is comhionann leis an meánmhéid bliantúil arna ríomh ina chás faoi na forálacha sin.

(6) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndéanfar modhnuithe ar bhrí meánmhéid bhliantúil atá in alt 78 (3) nó ar na coinníollacha ranníoca atá leagtha amach san alt seo ach, i gcás ina mbeartófar rialacháin den sórt sin a dhéanamh, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(7) Faoi réir fho-alt (8), féadfar a fhoráil le rialacháin go mbeidh teideal chun pinsin seanaoise (ranníocach) ag daoine a mbeadh an teideal sin acu mura mbeadh nach bhfuil an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (c) comhlíonta.

(8) Forálfar le rialacháin chun críocha fho-alt (7) go mbeidh pinsean seanaoise (ranníocach) is iníoctha de bhua na rialachán sin iníoctha de réir ráta is lú ná an ráta sin a shonraítear sa Dara Sceideal, agus féadfaidh an ráta a shonrófar leis na rialacháin athrú de réir an méid a bheidh an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (c) comhlíonta, ach is é an méadú sochair céanna a bheidh iníoctha faoi alt 81 (1) nó alt 81 (2) ab iníoctha dá mbeadh an coinníoll sin comhlíonta go hiomlán.

(9) Aon ranníocaí a bheidh íoctha nó creidiúnaithe faoin gCuid seo, nó a bheidh íoctha nó maite, nó a mheasfar a bheidh íoctha, nó a ndéileálfar leo amhail agus dá mbeadh siad íoctha, faoi na hAchta um Árachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1952 (seachas ranníocaí a bheidh íoctha ag duine nó a bheidh íoctha ina leith in aghaidh tréimhse a bheidh nó a raibh an duine sin fostaithe go formhór i gceann amháin nó níos mó de na fostaíochtaí a shonraítear i bhfo-airteagal (1) d'Airteagal 7 de na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Modhnuithe ar Árachas), 1979 (I.R. Uimh. 87 de 1979)), áireofar iad ar cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha agus teorainneacha a bheidh forordaithe le haghaidh comhlíonadh na gcoinníollacha ranníoca i leith pinsin seanaoise (ranníocach).

(10) Féadfar freisin a fhoráil le rialacháin faoi fho-alt (9) go ndéanfar modhnuithe, i gcás daoine a bhí árachaithe faoi na hAchta um Árachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1952, nó a bhí as láthair ón Stát roimh an 3 Deireadh Fómhair, 1960, ar na coinníollacha ranníoca i leith pinsin seanaoise (ranníocach).

(11) I gcás ina dtiocfaidh duine chun bheith ina ranníocóir fostaithe de bhua alt 65 (1), agus nár ranníocóir fostaithe é ar leithligh ón alt sin, measfar nach teacht faoi árachas chun críocha fho-alt (1) den alt seo a theacht faoi árachas de bhua an ailt sin agus chun na gcríocha sin measfar a theacht faoi árachas tarlú nuair a thiocfaidh sé i gcéadóir chun bheith ina ranníocóir fostaithe de bhua alt 5.

Na rátaí pinsin.

[1952, a. 14]

80. —Faoi réir na Coda seo, is mar atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Dara Sceideal a bheidh na rátaí seachtainiúla pinsin seanaoise (ranníocach).

Méaduithe (lena n-áirítear méaduithe i leith cleithiúnaithe aosaithe agus leanaí cleithiúnacha).

[1952, a. 26; 1960 L, a. 8]

[1952, a. 27; 1960 L, a.9; 1964 FI, a.8; 1976, a. 18]

[1952, a. 26; 1974 (Uimh. 2), a.19]

[1977, a.14 (2)]

[1969 FI, a.9]

81. —(1) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin seanaoise (ranníocach) a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (3) de Chuid I den Dara Sceideal in aghaidh aon tréimhse—

(a) a mbeidh an tairbhí ina chónaí lena bhanchéile nó á cothabháil go hiomlán nó go formhór, nó

(b) a mbeidh an tairbhí ag cothabháil a fearchéile go hiomlán nó go formhór agus é éagumasach ar é féin a chothabháil de dheasca éiglíocht éigin coirp nó meabhrach,

agus nach tréimhse í a mbeidh céile an tairbhí ag fáil pinsin seanaoise (ranníocach) ina leith.

(2) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin seanaoise (ranníocach) a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (4) de Chuid I den Dara Sceideal i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an tairbhí agus, ina theannta sin, i gcás níos mó ná beirt leanbh den sórt sin a bheith ann déanfar é a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (5) den Chuid sin i leith gach leanbh den sórt sin de bhreis ar bheirt.

(3) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin seanaoise (ranníocach) a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (6) de Chuid I den Dara Sceideal in aghaidh aon tréimhse—

(i) a mbeidh an tairbhí chomh héagumasach sin go dteastaíonn cúram agus aire lánaimsire uaidh,

(ii) a mbeidh gaol forordaithe leis an tairbhí ina chónai leis an tairbhí chun an cúram agus an aire sin a thabhairt, agus

(iii) a gcomhlíonfar cibé coinníollacha a bheidh forordaithe.

(4) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin seanaoise (ranníocach) a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (7) de Chuid I den Dara Sceideal i gcás an duine atá i dteideal an phinsin a bheith ina chónaí ina aonar.

(5) Nuair a bheifear ag cinneadh ráta sheachtainiúil pinsin seanaoise (ranníocach) is iníoctha le baintreach, measfar duine os cionn 18 mbliana d'aois, ar leanbh cáilithe é dá mbeadh sé faoi bhun na haoise sin, a bheith ina leanbh cáilithe ar feadh aon tréimhse a mbeidh sé faoi bhun 21 bhliain d'aois agus é ag fáil teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras eile oideachais.

Cumhacht chun scéimeanna agus comhshocraíochtaí atá ann faoi láthair do sholáthar aoisliúntas agus íocaíochtaí i leith iomarcaíochta a fhoirceannadh nó a mhodhnú.

[1960 L, a. 18]

82. —(a) Féadfar aon scéim nó comhshocraíocht chun pinsin, cúiteamh i leith iomarcaíochta nó sochair eile a sholáthar (lena n-áirítear aon scéim nó comhshocraíocht arna bunú nó arna soláthar de bhua nó faoi réim aon achtacháin nó ag a bhfuil feidhm reachtúil de bhua aon achtacháin agus aon scéim nach bhfuil fianaithe ach trí pholasaí amháin árachais nó níos mó) a mhodhnú, agus

(b) féadfar aon scéim nó comhshocraíocht den sórt sin, seachas scéim nó comhshocraíocht chun cúiteamh i leith iomarcaíochta a sholáthar, a fhoirceannadh,

i ndáil le scéim pinsean seanaoise (ranníocach) a sholáthar faoin gCaibidil seo—

(i) trí chomhaontú idir na páirtithe éagsúla a mbeidh baint acu leis an scéim nó leis an gcomhshocraíocht, nó

(ii) de réir rialachán a dhéanfar, tar éis breithniú a bheidh déanta ar aon uiríolla a dhéanfaidh na páirtithe éagsúla a mbeidh baint acu leis an scéim nó leis an gcomhshocraíocht, ag cibé Aire a gcinnfidh an tAire Airgeadais gur Aire iomchuí é i ndáil leis an scéim nó leis an gcomhshocraíocht nó, má chinneann an tAire Airgeadais nach bhfuil aon Aire iomchuí ann, ag an Aire Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta.

CAIBIDIL 8

Pinsean Scoir

Teideal chun pinsin.

[1952, a. 25D; 1970, a.7]

[1974 (Uimh. 2), a.10]

[1978 L, a. 13]

83. —(1) Faoi réir an Achta seo, beidh duine a bhfuil 65 bliana d'aois slánaithe aige i dteideal pinsin scoir in aghaidh aon tréimhse scoir má chomhlíonann sé na coinníollacha ranníoca in alt 84.

(2) Faoi réir alt 125, leanfar de phinsean scoir a íoc go ceann tréimhse 6 sheachtain tar éis dáta báis tairbhí a raibh cleithiúnaí aosaithe aige.

(3) Sonrófar le rialacháin na tréimhsí a measfar chun críocha an ailt seo gur tréimhsí scoir iad.

(4) Chun críocha na Caibidle seo—

ciallaíonn “meánmhéid bliantúil” i ndáil le haon éilitheoir an meánmhéid i ngach bliain ranníoca de sheachtainí ranníoca a bhfuil ranníocaí cáilitheacha, ranníocaí saorálacha nó ranníocaí creidiúnaithe ag an éilitheoir sin ina leith sa tréimhse dar tosach—

(i) an 5 Eanáir, 1953, i gcás gur fear an t-éilitheoir nó an 6 Iúil, 1953, i gcás gur bean an t-éilitheoir, nó

(ii) tús na bliana ranníoca inar tháinig an t-éilitheoir faoi árachas (más tar éis an 5 Eanáir, 1953, é i gcás fir nó an 6 Iúil, 1953 i gcás mná),

(cibé acu is déanaí) agus dar críoch deireadh na bliana ranníoca iomláine deiridh roimh an dáta a shlánaigh an t-éilitheoir 65 bliana d'aois.

Coinníollacha maidir le pinsean a fháil.

[1952, Sc. 4; 1970, Sc.]

[1952, a. 14]

[1952, a. 66B; 1970, a. 16]

[1952, a. 28B; 1970, a. 10]

84. —(1) Is iad na coinníollacha ranníoca i gcás pinsin scoir—

(a) gur tháinig an t-éilitheoir faoi árachas sular shlánaigh sé 55 bliana d'aois,

(b) ranníocaí cáilitheacha i leith 156 sheachtain ranníoca ar a laghad a bheith ag an éilitheoir ó tháinig sé faoi árachas, agus

(c) nach lú ná 48 meánmhéid bliantúil an éilitheora.

(2) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndéanfar modhnuithe ar bhrí meánmhéid bhliantúil atá in alt 83 (4) nó ar na coinníollacha ranníoca atá leagtha amach san alt seo ach, i gcás ina mbeartófar rialacháin den sórt sin a dhéanamh, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rithe ag gach Teach acu sin.

(3) Aon ranníocaí a bheidh íoctha faoi na hAchta um Árachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1952, ag ranníocóir fostaithe nó ina leith, féadfar iad a chur san áireamh ar cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha agus teorainneacha a bheidh forordaithe le haghaidh comhlíonadh na gcoinníollacha ranníoca aige i leith pinsin scoir.

(4) Faoi réir fho-alt (5) féadfar a fhoráil le rialacháin go dtabharfar teideal chun pinsin scoir do dhaoine a bheadh ina theideal mura mbeadh an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (c) a bheith gan chomhlíonadh.

(5) Forálfar le rialacháin faoi fho-alt (4) go mbeidh pinsean scoir is iníoctha de bhua na rialachán sin iníoctha de réir ráta is lú ná an ráta sin a shonraítear sa Dara Sceideal, agus féadfaidh an ráta a shonrófar leis na rialacháin athrú de réir an méid a bheidh an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (c) comhlíonta, ach is é an méadú pinsin céanna bheidh iníoctha faoi alt 86 (1) nó alt 86 (2) ab iníoctha dá mbeadh an coinníoll sin comhlíonta go hiomlán.

Na rátaí pinsin.

[1952, a. 14]

85. —Faoi réir na Coda seo, is mar atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Dara Sceideal a bheidh na rátaí seachtainiúla pinsin scoir.

Méaduithe (lena n-áirítear méaduithe i leith cleithiúnaithe aosaithe agus leanaí cleithiúnacha).

[1952, a. 26; 1970, a.8]

[1952, a. 27; 1970, a. 9; 1976, a. 18]

[1974 (Uimh. 2), a. 19]

[1977, a.14 (2)]

86. —Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin scoir a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (3) de Chuid I den Dara Sceideal in aghaidh aon tréimhse—

(a) a mbeidh an tairbhí ina chónaí lena bhanchéile nó á cothabháil go hiomlán nó go formhór, nó

(b) a mbeidh an tairbhí ag cothabháil a fearchéile go hiomlán nó go formhór agus é éagumasach ar é féin a chothabháil de dheasca éiglíocht éigin coirp nó meabhrach.

(2) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin scoir a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (4) de Chuid I den Dara Sceideal i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an tairbhí agus, ina theannta sin, i gcás níos mó ná beirt leanbh den sórt sin a bheith ann, déanfar é a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (5) den Chuid sin i leith gach leanbh den sórt sin de bhreis ar bheirt.

(3) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin scoir, i gcás duine a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige, a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (6) de Chuid I den Dara Sceideal in aghaidh aon tréimhse—

(i) a mbeidh an tairbhí chomh héagumasach sin go dteastaíonn cúram agus aire lánaimsire uaidh,

(ii) a mbeidh gaol forordaithe leis an tairbhí ina chónaí leis an tairbhí chun an cúram agus an aire sin a thabhairt, agus

(iii) a gcomhlíonfar cibé coinníollacha a bheidh forordaithe.

(4) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin scoir a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (7) de Chuid I den Dara Sceideal i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine atá i dteideal an phinsin agus é ina chónaí ina aonar.

CAIBIDIL 9

Sochar Marthanóra

Teideal chun sochair.

[1952, a. 26; 1963 FI, a.11; 1976, a. 17]

87. —(1) Faoi réir an Achta seo, ar bhás mná a raibh pinsean seanaoise (ranníocach) nó pinsean scoir iníoctha léi ar ráta méadaithe seachtainiúil de bhua alt 81 (1) nó 86 (1) in aghaidh tréimhse dar críoch dáta an bháis sin, beidh a fearchéile i dteideal sochair arb ionann a ráta seachtainiúil agus an ráta pinsin bhaintrí (ranníocach) lena n-áirítear méaduithe i leith leanaí cáilithe, más iomchuí, a bheadh iníoctha leis faoi fhorálacha na Coda seo dá mba bhaintreach é.

(2) Ní bheidh sochar faoin alt seo iníoctha in aghaidh aon tréimhse tar éis athphósadh don duine a raibh sé iníoctha leis, nó in aghaidh aon tréimhse tar éis dó scor de bheith éagumasach ar é féin a chothabháil de dheasca éiglíocht éigin coirp nó meabhrach.

(3) Beidh fear dícháilithe chun sochar faoin alt seo a fháil má bhíonn, agus fad a bheidh, sé féin agus aon duine eile in aontíos le chéile mar lánúin phósta.

(4) I gcás ina mbeadh sochar faoin alt seo agus pinsean seanaoise (ranníocach) nó pinsean scoir iníoctha, mura mbeadh forálacha an fho-ailt seo, in aghaidh aon tréimhse—

(i) ní bheidh sochar faoin alt seo iníoctha in aghaidh na tréimhse sin mura mó ráta an tsochair sin ná ráta an phinsin,

(ii) ní bheidh an pinsean iníoctha in aghaidh na tréimhse sin mura bhfuil ráta an phinsin sin ar cóimhéid le ráta an tsochair faoin alt seo nó níos mó ná é.

CAIBIDIL 10

Pinsean Easláine

Teideal chun pinsin.

[1952, a. 25C; 1970, a. 6]

[1974 (Uimh. 2), a. 10]

88. —(1) Faoi réir an Achta seo, beidh duine i dteideal pinsin easláine—

(a) má tá sé buan-éagumasach chun oibre, agus

(b) má chomhlíonann sé na coinníollacha ranníoca atá in alt 89.

(2) Faoi réir alt 125, leanfar de phinsean easláine a íoc go ceann tréimhse 6 sheachtain tar éis dáta báis tairbhí a raibh cleithiúnaí aosaithe aige.

(3) Sonrófar le rialacháin na coinníollacha ar faoina réir a measfar chun críocha an ailt seo duine a bheith buan-éagumasach chun oibre.

(4) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndícháileofar duine chun pinsean easláine a fháil má mhainníonn sé gan cúis mhaith aon rialacha forordaithe iompair a chomhlíonadh.

Coinníollacha maidir le pinsean a fháil.

[1952, Sc. 4; 1970, Sc.; 1978 L, a. 13]

[1952, a. 14]

[1952, a. 66B; 1970, a. 16]

89. —(1) Is iad na coinníollacha ranníoca i gcás pinsin easláine—

(a) ranníocaí cáilitheacha i leith 156 sheachtain ranníoca ar a laghad ó tháinig sé faoi árachas a bheith ag an éilitheoir roimh an dáta iomchuí, agus

(b) ranníocaí cáilitheacha nó ranníocaí creidiúnaithe i leith 48 seachtain ranníoca ar a laghad sa bhliain ranníoca iomlán dheiridh roimh an dáta sin a bheith ag an éilitheoir roimh an dáta iomchuí.

(2) San alt seo ciallaíonn “dáta iomchuí” aon dáta i ndiaidh tréimhse iomlán bliana d'éagumas leanúnach chun oibre i gcás an duine árachaithe a bheith tar éis tosú ar thréimhse leanúnach éagumais chun oibre agus go mbeifear tar éis a chruthú ina dhiaidh sin é a bheith buan-éagumasach chun oibre.

(3) Féadfar a fhoráil le rialacháin go modhnófar na coinníollacha ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) ach, i gcás ina mbeartófar rialacháin den sórt sin a dhéanamh, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(4) Aon ranníocaí a bheidh íoctha faoi na hAchta um Árachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1952, ag ranníocóir fostaithe nó ina leith, féadfar iad a chur san áireamh ar cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha agus teorainneacha a bheidh forordaithe le haghaidh comhlíonadh na gcoinníollacha ranníoca i leith pinsin easláine.

Na rátaí pinsin.

[1952, a. 14]

90. —Faoi réir na Coda seo, is mar atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Dara Sceideal a bheidh na rátaí seachtainiúla pinsin easláine.

Méaduithe (lena n-áirítear méaduithe i leith cleithiúnaithe aosaithe agus leanaí cleithiúnacha).

[1952, a. 26; 1970, a.8; 1980, a. 19]

[1952, a. 27; 1960 L, a.9; 1970, a.9; 1976, a. 18]

[1952, a. 26; 1974 (Uimh. 2), a. 19]

[1977, a.14(2)]

91. —(1) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin easláine a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (3) de Chuid I den Dara Sceideal in aghaidh aon tréimhse ina bhfuil cleithiúnaí aosaithe ag an tairbhí, faoi réir an tsriain nach mbeidh tairbhí i dteideal méadú pinsin faoin bhfo-alt seo in aghaidh na tréimhse céanna i leith níos mó ná duine amháin.

(2) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin easláine a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (4) de Chuid I den Dara Sceideal i leith libh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an tairbhí agus, ina theannta sin, i gcás níos mó ná beirt leanbh den sórt sin a bheith ann, déanfar é a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (5) den Chuid sin i leith gach leanbh den sórt sin de bhreis ar bheirt.

(3) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin easláine a mhéadú, i gcás duine a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige, mar atá leagtha amach i gcolún (6) de Chuid I den Dara Sceideal in aghaidh aon tréimhse—

(i) a mbeidh an tairbhí chomh héagumasach sin go dteastaíonn cúram agus aire lánaimsire uaidh,

(ii) a mbeidh gaol forordáithe leis an tairbhí ina chónaí leis an tairbhí chun an cúram agus an aire sin a thabhairt, agus

(iii) a gcomhlíonfar cibé coinníollacha a bheidh forordaithe.

(4) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin easláine a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (7) de Chuid I den Dara Sceideal i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine atá i dteideal an phinsin agus é ina chónaí ina aonar.

CAIBIDIL 11

Pinsean Baintrí (Ranníocach).

Teideal chun pinsin.

[1952, a. 22; 1960 L, a.6; 1974 (Uimh. 2), a.18]

[1979, a. 24]

[1935 PBD, a.3; 1952, a. 109; 1969 FI, a.9; 1970, a. 29]

92. —(1) Faoi réir an Achta seo, beidh baintreach i dteideal pinsin bhaintrí (ranníocach) má chomhlíonann a hárachas féin nó árachas a fearchéile na coinníollacha ranníoca atá leagtha amach in alt 93 nó má bhí a fearchéile i dteideal pinsin seanaoise (ranníocach) nó pinsin scoir de réir ráta sheachtainiúil mhéadaithe de bhua alt 81 (1) nó alt 86 (1) i leith tréimhse a chríochnaigh lena bhás.

(2) Ní bheidh pinsean baintrí (ranníocach) iníoctha in aghaidh aon tréimhse tar éis athphósadh di.

(3) Beidh baintreach dícháilithe chun pinsean baintrí (ranníocach) a fháil má bhíonn, agus fad a bheidh, sí féin agus aon duine eile in aontíos le chéile mar lánúin phósta.

(4) Bean a thiocfaidh chun bheith ina baintreach le linn di bheith ag fáil nó i dteideal sochair bhanchéile thréigthe, beidh sí, ar theacht di chun bheith ina baintreach, i dteideal pinsin bhaintrí (ranníocach) de réir an ráta chéanna le ráta an tsochair bhanchéile thréigthe ab iníoctha léi, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh na coinníollacha ranníoca iomchuí chun bheith i dteideal an phinsin sin comhlíonta ina cás.

(5) Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn “leanbh cáilithe” leanbh cáilithe mar a mhínítear in alt 2 (1) agus folaíonn sé duine atá os cionn 18 mbliana d'aois agus faoi bhun 21 bhliain d'aois agus é ag fáil teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras eile oideachais agus a bheadh, dá mbeadh sé faoi bhun 18 mbliana d'aois, ina leanbh cáilithe mar a mhínítear amhlaidh;

ní thagraíonn “fearchéile”, i ndáil le bean a phós níos mó ná uair amháin, ach don fhearchéile is déanaí aici.

(6) Chun críocha na Caibidle seo ciallaíonn “meánmhéid bliantúil” an meánmhéid i ngach bliain ranníoca de sheachtainí ranníoca a bhfuil ranníocaí cáilitheacha, ranníocaí saorálacha nó ranníocaí creid iúnaithe ag an bhfearchéile (nó ag an éilitheoir) ina leith sa tréimhse iomchuí a shonraítear in alt 93 (1) (b).

Coinníollacha maidir le pinsean a fháil.

[1952, Sc. 4; 1966 FI, a. 12; 1978 L, a. 13]

[1960 L, a. 16]

[1952, a. 14]

[1952, a. 28A; 1960 L, a. 10; 1966 FI, a.6]

[1966 FI, a.6]

[1967 FI, a. 11]

[1974 (Uimh. 2), a. 11]

[1975, a. 10]

[1977, a. 13]

93. —(1) Is iad na coinníollacha ranníoca i gcás pinsin bhaintrí (ranníocach)—

(a) ranníocaí cáilitheacha i leith 156 sheachtain ranníoca ar a laghad a bheith ag an bhfearchéile sa tréimhse dar tosach dáta a theacht faoi árachas agus dar críoch dáta díreach roimh an am iomchuí, agus

(b) má bhíonn, ag an am iomchuí, 4 bliana nó tréimhse is faide ná sin caite ó theacht faoi árachas don fhearchéile—

(i) nach lú ná 39 an meánmhéid bliantúil do na 3 bliana ranníoca, nó (más gá sin de réir a thaifid árachais) do na 5 bliana ranníoca, dar chríoch deireadh na bliana ranníoca iomláine deiridh roimh an am iomchuí, nó

(ii) nach 1ú ná 48 an meánmhéid bliantúil i leith na tréimhse dar tosach tús na bliana ranníoca ar tharla dó teacht faoi árachas agus dar críoch deireadh na bliana ranníoca iomláine deiridh roimh an am iomchuí,

ach, mura mbeidh na coinníollacha sin comhlíonta de réir thaifead árachais an fhearchéile, féadfar iad a chomhlíonadh de réir thaifead árachais na baintrí (agus gan aird a thabhairt ar thaifead árachais an fhearchéile).

(2) San alt seo—

ciallaíonn “am iomchuí”—

(a) an dáta a shlánaigh an fearchéile aois inphinsin nó a fuair sé bás faoin aois sin, nó

(b) más ar thaifead árachais na baintrí atá na coinníollacha á gcomhlíonadh—

(i) dáta báis an fhearchéile, nó

(ii) má shlánaigh an bhaintreach aois inphinsin roimh an dáta a fuair an fearchéile bás, an dáta a shlánaigh sí an aois sin.

(3) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndéanfar modhnuithe ar bhrí meánmhéid bhliantúil atá in alt 92 (6) nó ar na coinníollacha ranníoca atá san alt seo ach, i gcás ina mbeartófar rialacháin den sórt sin a dhéanamh, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(4) Faoi réir fho-alt (5), féadfar a fhoráil le rialacháin go dtabharfar teideal chun pinsin bhaintrí (ranníocach) do dhaoine a bheadh ina theideal mura mbeadh an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (b) a bheith gan chomhlíonadh.

(5) Forálfar le rialacháin chun críocha fho-alt (4) go mbeidh pinsean baintrí (ranníocach) is iníoctha de bhua na rialachán sin iníoctha de réir ráta is lú ná an ráta sin a shonraítear sa Dara Sceideal, agus féadfaidh na rátaí a shonrófar leis na rialacháin athrú de réir an méid a bheidh an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (b) comhlíonta, ach is é an méadú sochair céanna a bheidh iníoctha faoi alt 95 (1) ab iníoctha dá mbeadh an coinníoll sin comhlíonta go hiomlán.

(6) I gcás ina dtiocfaidh duine chun bheith ina ranníocóir fostaithe de bhua alt 65 (1), agus nár ranníocóir é ar leithligh ón alt sin, measfar nach teacht faoi árachas chun críocha fho-alt (1) den alt seo a theacht faoi árachas de bhua an ailt sin agus chun na gcríocha sin measfar a theacht faoi árachas tarlú nuair a thiocfaidh sé i gcéadóir chun bheith ina ranníocóir fostaithe de bhua alt 5.

(7) (a) Féadfar teideal duine chun pinsin bhaintrí (ranníocach) atá le cinneadh faoi threoir thaifead árachais duine a shlánaigh 69 mbliana d'aois roimh an 5 Eanáir, 1976, a chinneadh faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an 1 Iúil, 1974, más buntáiste don éilitheoir é sin.

(b) Baintreach a ndearnadh, faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an 1 Iúil, 1974, pinsean baintrí (ranníocach) a dhámhadh di ar fhoras a taifid árachais féin nó taifead árachais a fearchéile ar an dáta ar shlánaigh sise nó seisean aois inphinsin na huaire sin, beidh ceart aici, an 1 Iúil, 1974, agus dá éis, chun an phinsin sin de réir an ráta is iníoctha de thuras na huaire faoi threoir meánmhéid bhliantúil a bheidh comhionann leis an meánmhéid bliantúil arna ríomh ina cás faoi na forálacha sin.

(8) (a) Féadfar teideal duine chun pinsin bhaintrí (ranníocach) atá le cinneadh faoi threoir thaifead árachais duine a shlánaigh 68 mbliana d'aois roimh an 3 Eanáir, 1977, a chinneadh faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an 1 Aibreán, 1975, más buntáiste don éilitheoir é sin.

(b) Baintreach a ndearnadh, faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an 1 Aibreán, 1975, pinsean baintrí (ranníocach) a dhámhadh di ar fhoras a taifid árachais féin nó taifead árachais a fearchéile ar an dáta ar shlánaigh sise nó seisean aois inphinsin na huaire sin, beidh ceart aici, an 1 Aibreán, 1975, agus dá éis, chun an phinsin sin de réir an ráta is iníoctha de thuras na huaire faoi threoir meánmhéid bhliantúil a bheidh comhionann leis an meánmhéid bliantúil arna ríomh ina cás faoi na forálacha sin.

(9) (a) Féadfar teideal chun pinsin bhaintrí (ranníocach) atá le cinneadh faoi threoir thaifead árachais duine a shlánaigh 67 mbliana d'aois roimh an 1 Eanáir, 1979, a chinneadh faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an 1 Deireadh Fómhair, 1977, más buntáiste don éilitheoir é sin.

(b) Baintreach a ndearnadh, faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an 1 Deireadh Fómhair, 1977, pinsean baintrí (ranníocach) a dhámhadh di ar fhoras a taifid árachais féin nó taifead árachais a fearchéile ar an dáta ar shlánaigh sise nó seisean aois inphinsin na huaire sin, beidh ceart aici, an 1 Deireadh Fómhair, 1977, agus dá éis, chun an phinsin sin de réir an ráta is iníoctha de thuras na huaire faoi threoir meánmhéid bhliantúil a bheidh comhionann leis an meánmhéid bliantúil arna ríomh ina cás faoi na forálacha sin.

Na rátaí pinsin.

[1952, a. 14]

94. —Faoi réir na Coda seo, is mar atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Dara Sceideal a bheidh na rátaí seachtainiúla pinsin bhaintrí (ranníocach).

Méaduithe (lena n-áirítear méaduithe i leith leanaí cleithiúnacha).

[1976, a. 18]

[1952, a. 26; 1974 (Uimh. 2), a.19]

[1977, a.14 (2)]

95. —(1) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin bhaintrí (ranníocach) a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (4) nó (5) de Chuid I den Dara Sceideal i leith gach leanbh cáilithe a chónaíonn go rialta leis an tairbhí.

(2) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin bhaintrí (ranníocach), i gcás duine a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige, a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (6) de Chuid I den Dara Sceideal in aghaidh aon tréimhse—

(i) a mbeidh an tairbhí chomh héagumasach sin go dteastaíonn cúram agus aire lánaimsire uaidh,

(ii) a mbeidh gaol forordaithe leis an tairbhí ina chónaí leis an tairbhí chun an cúram agus an aire sin a thabhairt, agus

(iii) a gcomhlíonfar cibé coinníollacha a bheidh forordaithe.

(3) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin bhaintrí (ranníocach) a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (7) de Chuid I den Dara Sceideal i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine atá i dteideal an phinsin agus é ina chónaí ina aonar.

CAIBIDIL 12

Liúntas Dílleachta Ranníocach

Teideal chun liúntais.

[1952, a. 23]

96. —Faoi réir an Achta seo, beidh liúntas dílleachta (ranníocach) iníoctha i leith dílleachta má chomhlíontar an coinníoll ranníoca atá in alt 97.

Coinníoll maidir le liúntas a fháil.

[1952, Sc. 4; 1978 L, a. 13]

[1952, a. 14]

[1969 FI, a.9; 1970, a. 29]

97. —(1) Is é an coinníoll ranníoca i gcás liúntais dílleachta (ranníocach) ranníocaí cáilitheacha i leith 26 sheachtain ranníoca ar a laghad a bheith ag duine amháin de na daoine seo a leanas—

(a) tuismitheoir an dílleachta,

(b) leas-tuismitheoir an dílleachta.

(2) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndéanfar modhnuithe ar an gcoinníoll ranníoca seo ach, i gcás ina mbeartófar rialacháin den sórt sin a dhéanamh, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(3) Nuair a bheifear á chinneadh an bhfuil liúntas dílleachta (ranníocach) iníoctha, measfar duine os cionn 18 mbliana d'aois, ar leanbh cáilithe é dá mbeadh sé faoi bhun na haoise sin, a bheith ina leanbh cáilithe ar feadh aon tréimhse a mbeidh sé faoi bhun 21 bhliain d'aois agus é ag fáil teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras eile oideachais.

An ráta liúntais.

[1952, a. 14]

98. —Faoi réir na Coda seo, is mar atá leagtha amach i gCuid I den Dara Sceideal a bheidh an ráta seachtainiúil liúntais dílleachta (ranníocach).

Liúntas a íoc.

[1952, a. 24]

99. —(1) Faoi réir fho-alt (2), íocfar liúntas dílleachta (ranníocach) le caomhnóir an dílleachta a bhfuil an liúntas iníoctha ina leith.

(2) Féadfar, más cuí leis an Aire, liúntas dílleachta (ranníocach) a íoc le duine éigin eile chun tairbhe an dílleachta, in ionad é a íoc le caomhnóir an dílleachta a bhfuil an liúntas iníoctha ina leith.

CAIBIDIL 13

Sochar Banchéile Thréigthe

Teideal chun sochair.

[1952, a.25E; 1973, a. 17; 1978 L, a. 13]

100. —(1) Faoir réir an Achta seo, beidh sochar banchéile thréigthe iníoctha le bean—

(a) atá tréigthe ag a fearchéile,

(b) más lú a haois ná 40 bliain, a gcónaíonn leanbh cáilithe amháin ar a laghad léi,

(c) a chomlíonann na coinníollacha ranníoca in alt 101, agus

(d) a chomhlíonann cibé coinníollacha eile atá forordaithe.

(2) Déanfar na himthosca ina mbeidh sé le meas chun críocha an ailt seo go bhfuil bean tréigthe ag a fearchéile a chinneadh de réir rialacháin arna ndéanamh faoi alt 195 (4) (a).

(3) Is leanbh cáilithe chun críocha an ailt seo maidir le bean leanbh más rud é, á chur i gcás nár bheo dá fearchéile, gur leanbh cáilithe maidir léi chun críocha pinsin bhaintrí (ranníocach) faoin gCuid seo an leanbh sin.

(4) Chun críocha na Caibidle seo ciallaíonn “meánmhéid bliantúil” an meánmhéid, i ngach bliain ranníoca, de sheachtainí ranníoca a bhfuil ranníocaí cáilitheacha, ranníocaí saorálacha nó ranníocaí creidiúnaithe ag an bhfearchéile (nó ag an éilitheoir) ina leith sa tréimhse iomchuí a shonraítear in alt 101 (1) (b).

Coinníollacha maidir le sochar a fháil.

[1952, Sc. 4; 1974 (Uimh. 2), a. 20; 1978 L, a. 13]

[1952, a. 14]

[1952, a. 28C; 1973, a. 17]

[1974 (Uimh. 2), a. 11]

[1975, a. 10]

[1977, a. 13]

101. —(1) Is iad na coinníollacha ranníoca i gcás sochair bhanchéile thréigthe—

(a) ranníocaí cáilitheacha i leith 156 sheachtain ranníoca ar a laghad a bheith ag an bhfearchéile sa tréimhse dar tosach dáta a theacht faoi árachas agus dar críoch dáta díreach roimh an am iomchuí, agus

(b) má bhíonn, ag an am iomchuí, 4 bliana nó tréimhse is faide ná sin caite ó theacht faoi árachas don fhearchéile—

(i) nach lú ná 39 an meánmhéid bliantúil do na 3 bliana ranníoca, nó (más gá sin de réir a thaifid árachais) do na 5 bliana ranníoca, dar críoch deireadh na bliana ranníoca iomláine deiridh roimh an am iomchuí, nó

(ii) nach lú ná 48 an meánmhéid bliantúil i leith na tréimhse dar tosach tús na bliana ranníoca ar tharla dó teacht faoi árachas agus dar críoch deireadh na bliana ranníoca iomláine deiridh roimh an am iomchuí,

ach, mura mbeidh na coinníollacha sin roimhe seo comhlíonta de réir thaifead árachais an fhearchéile, féadfar iad a chomhlíonadh de réir thaifead árachais na mná (gan aird a thabhairt ar thaifead árachais an fhearchéile).

(2) San alt seo ciallaíonn “am iomchuí”—

(a) an dáta a shlánaigh an fearchéile aois inphinsin nó an dáta, roimh shlánú na haoise sin dó, a cinneadh an bhean a bheith tréigthe aige, nó

(b) más ar thaifead árachais na mná atá na coinníollacha á gcomhlíonadh—

(i) i gcás inar shlánaigh sí aois inphinsin roimh an dáta a cinneadh í a bheith tréigthe ag a fearchéile, an dáta a shlánaigh sí an aois sin, nó

(ii) an dáta a cinneadh í a bheith tréigthe ag a fearchéile.

(3) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndéanfar modhnuithe ar bhrí meánmhéid bhliantúil atá in alt 100 (4) nó ar na coinníollacha ranníoca atá san alt seo ach, i gcás ina mbeartófar rialacháin den sórt sin a dhéanamh, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(4) Faoi réir fho-alt (5), féadfar a fhoráil le rialacháin go dtabharfar teideal chun sochair bhanchéile thréigthe do dhaoine a bheadh ina theideal mura mbeadh an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (b) a bheith gan chomhlíonadh.

(5) Forálfar le rialacháin faoi fho-alt (4) go mbeidh sochar banchéile thréigthe is iníoctha de bhua na rialachán sin iníoctha de réir ráta is lú ná an ráta sin a shonraítear sa Dara Sceideal, agus féadfaidh an ráta a shonrófar leis na rialacháin athrú de réir an méid a bheidh an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (b) comhlíonta, ach is é an méadú sochair céanna a bheidh iníoctha faoi alt 103 (1) ab iníoctha dá mbeadh an coinníoll sin comhlíonta go hiomlán.

(6) (a) Féadfar teideal duine chun sochair bhanchéile thréigthe atá le cinneadh faoi threoir thaifead árachais duine a shlánaigh 69 mbliana d'aois roimh an 5 Eanáir, 1976, a chinneadh faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an 1 Iúil, 1974, más buntáiste don éilitheoir é sin.

(b) Banchéile tréigthe a ndearnadh, faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an 1 Iúil 1974, sochar banchéile thréigthe a dhámhadh di ar fhoras a taifid árachais féin nó taifead árachais a fearchéile ar an dáta ar shlánaigh sise nó seisean aois inphinsin na huaire sin, beidh ceart aici, an 1 Iúil, 1974, agus dá éis, chun an tsochair sin de réir an ráta is iníoctha de thuras na huaire faoi threoir meánmhéid bhliantúil a bheidh comhionann leis an meánmhéid bliantúil arna ríomh ina cás faoi na forálacha sin.

(7) (a) Féadfar teideal duine chun sochair bhanchéile thréigthe atá le cinneadh faoi threoir thaifead árachais duine a shlánaigh 68 mbliana d'aois roimh an 3 Eanáir, 1977, a chinneadh faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an 1 Aibreán, 1975, más buntáiste don éilitheoir é sin.

(b) Banchéile tréigthe a ndearnadh, faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an 1 Aibreán, 1975, sochar banchéile thréigthe a dhámhadh di ar fhoras a taifid árachais féin nó taifead árachais a fearchéile ar an dáta ar shlánaigh sise nó seisean aois inphinsin na huaire sin, beidh ceart aici, an 1 Aibreán, 1975, agus dá éis, chun an tsochair sin de réir an ráta is iníoctha de thuras na huaire faoi threoir meánmhéid bhliantúil a bheidh comhionann leis an meánmhéid bliantúil arna ríomh ina cás faoi na forálacha sin.

(8) (a) Féadfar teideal chun sochair bhanchéile thréigthe atá le cinneadh faoi threoir thaifead árachais duine a shlánaigh 67 mbliana d'aois roimh an 1 Eanáir, 1979, a chinneadh faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an 1 Deireadh Fómhair, 1977, más buntáiste don éilitheoir é sin.

(b) Banchéile tréigthe a ndearnadh, faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an 1 Deireadh Fómhair, 1977, sochar banchéile thréigthe a dhámhadh di ar fhoras a taifid árachais féin nó taifead árachais a fearchéile ar an dáta ar shlánaigh sise nó seisean aois inphinsin na huaire sin, beidh ceart aici, an 1 Deireadh Fómhair, 1977, agus dá éis, chun an tsochair sin de réir an ráta is iníoctha de thuras na huaire faoi threoir meánmhéid bhliantúil a bheidh comhionann leis an meánmhéid bliantúil arna ríomh ina cás faoi na forálacha sin.

Na rátaí sochair.

[1952, a. 14]

102. —Faoi réir na Coda seo, is mar atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Dara Sceideal a bheidh na rátaí seachtainiúla sochair bhanchéile thréigthe.

Méaduithe (lena n-áirítear méaduithe i leith leanaí cleithiúnacha).

[1952, a. 27; 1973, a. 17; 1976, a. 18]

[1952, a. 26; 1974 (Uimh. 2), a. 19]

[1977, a. 14(2)]

103. —(1) Déanfar an ráta seachtainiúil sochair bhanchéile thréigthe a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (4) nó (5) de Chuid I den Dara Sceideal i leith gach leanbh cáilithe a chónaíonn go rialta leis an tairbhí.

(2) Déanfar an ráta seachtainiúil sochair bhanchéile thréigthe, i gcás duine a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige, a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (6) de Chuid I den Dara Sceideal in aghaidh aon tréimhse—

(i) a mbeidh an tairbhí chomh héagumasach sin go dteastaíonn cúram agus aire lánaimsire uaidh,

(ii) a mbeidh gaol forordaithe leis an tairbhí ina chónaí leis an tairbhí chun an cúram agus an aire sin a thabhairt, agus

(iii) a gcomhlíonfar cibé coinníollacha a bheidh forordaithe.

(3) Déanfar an ráta seachtainiúil sochair bhanchéile thréigthe a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (7) de Chuid I den Dara Sceideal i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine atá i dteideal an tsochair agus é ina chónaí ina aonar.

CAIBIDIL 14

Deontas Máithreachais

Teideal chun deontais.

[1952, a. 19]

[1952, a. 21]

104. —(1) Faoi réir an Achta seo, beidh teideal ag bean a bhí i luí seoil—

(a) má chomhlíonann sí na coinníollacha ranníoca in alt 105 agus nach gcomhlíonann a fearchéile iad nó má chomhlíonann a fearchéile na coinníollacha ranníoca sin agus nach gcomhlíonann sise iad—chun aon deontais mháithreachais amháin, agus

(b) má chomhlíonann sí na coinníollacha ranníoca sin agus go gcomhlíonann a fearchéile iad freisin — chun dhá dheontas mháithreachais.

(2) Chun críocha an ailt seo folaíonn “fearchéile” fearchéile éagtha baintrí i gcás ina raibh sí torrach tráth a bháis agus i gcás gur i leith luí seoil a lean as an toircheas sin a éilítear an sochar.

(3) Sa Chaibidil seo, d'fhonn teideal chun deontais mháithreachais a chinneadh—

(a) ciallaíonn “luí seoil” íona tuismidh dá dtagann leanbh beo a bhreith, nó íona tuismidh tar éis 28 seachtain toirchis dá dtagann leanbh, beo nó marbh, a bhreith, agus forléireofar “i luí seoil” dá réir sin,

(b) aon tagairtí a dhéantar don dáta luí seoil, measfar, i gcás íona tuismidh tosú lá amháin agus leanbh a bhreith dá dtoradh lá eile, gur tagairtí iad do dháta breithe an linbh nó, má bhíonn bean i luí seoil le cúpla nó le huimhir leanaí is mó ná sin, gur tagairtí iad do dháta breithe an linbh is déanaí acu.

(4) Nuair a bheidh an Breitheamh á chinneadh cé acu a dhéanfaidh nó nach ndéanfaidh sé ordú faoi Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 , á ordú na caiteachais a bhain le breith linbh a íoc, ní chuirfidh sé san áireamh go bhfuil máthair an linbh i dteideal deontais mháithreachais.

Coinníollacha maidir le deontas a fháil.

[1952, Sc. 4; 1978 L, a. 13]

[1952, a. 14]

105. —(1) Is iad na coinníollacha ranníoca i gcás deontais mháithreachais—

(a) ranníocaí cáilitheacha i leith 26 sheachtain ranníoca ar a laghad a bheith ag an duine iomchuí i leith na tréimhse dar tosach an dáta a tháinig an duine sin faoi árachas agus dar críoch dáta díreach roimh an dáta luí seoil, agus

(b) ranníocaí cáilitheacha nó ranníocaí creidiúnaithe i leith 26 sheachtain ranníoca ar a laghad a bheith ag an duine iomchuí sa bhliain ranníoca iomlán dheiridh roimh thús na bliana sochair ina bhfuil an t-am iomchuí nó i leith bliana ranníoca iomláine dá éis sin roimh an am iomchuí.

(2) San alt seo ciallaíonn “duine iomchuí” an duine a bhfuil na coinníollacha le comhlíonadh aige agus ciallaíonn “am iomchuí” an dáta luí seoil nó, i gcás inarb é an duine iomchuí an fearchéile agus é os cionn aoise inphinsin nó bheith marbh ar an dáta sin, an dáta a shlánaigh sé aois inphinsin nó a fuair sé bás faoi bhun na haoise sin.

(3) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndéanfar modhnuithe ar na coinníollacha ranníoca san alt seo ach, i gcás ina mbeartófar rialacháin den sórt sin a dhéanamh, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

Méid an deontais.

[1952, a. 14]

106. —Faoi réir na Coda seo, is mar atá leagtha amach i gCuid VI den Dara Sceideal a bheidh méid deontais mháithreachais.

CAIBIDIL 15

Deontas Báis

Teideal chun deontais.

[1952, a. 25B; 1970, a. 5]

107. —(1) Faoi réir an Achta seo, beidh deontas báis iníoctha, le cibé duine nó daoine a bheidh forordaithe, ar bhás—

(a) duine árachaithe,

(b) banchéile nó fearchéile duine árachaithe,

(c) baintreach nó baintreach fir duine árachaithe éagtha, nó

(d) linbh cháilithe,

má chomhlíontar na coinníollacha ranníoca in alt 108, ach ní íocfar ach deontas báis amháin de bhua an ailt seo ar aon bhás áirithe.

(2) Chun críocha an ailt seo, in ítim 2 de Chuid VI den Dara Sceideal agus in alt 108 (2) ciallaíonn “leanbh cáilithe” duine—

(a) faoi bhun 18 mbliana d'aois ar dháta an bháis,

(b) ar a bhfuil gnáthchónaí sa Stát ar an dáta sin, agus

(c) a bhfuil na coinníollacha ranníoca iomchuí le haghaidh deontais bháis gan chomhlíonadh i leith a bháis ag árachas an duine sin nó ag árachas banchéile nó fearchéile an duine sin.

Coinníollacha maidir le deontas a fháil.

[1952, Sc. 4; 1970, Sc.; 1978 L, a. 13]

[1974 (Uimh. 1), a. 7]

[1952, a. 14]

[1952, a. 28B; 1970, a. 10]

[1952, a. 66B; 1970, a. 16]

108. —(1) Is iad na coinníollacha ranníoca i gcás deontais bháis—

(a) ranníocaí cáilitheacha i leith 26 sheachtain ranníoca ar a laghad a bheith ag an duine árachaithe iomchuí roimh an dáta iomchuí óna theacht faoi árachas nó ón 1 Deireadh Fómhair, 1970, (cibé acu is déanaí), agus

(b)     (i) ranníocaí cáilitheacha, ranníocaí saorálacha nó ranníocaí creidiúnaithe i leith 48 seachtain ranníoca ar a laghad a bheith ag an duine árachaithe iomchuí sa bhliain ranníoca iomlán dheiridh roimh thosach na bliana sochair ar lá di an dáta iomchuí, nó

(ii) nach lú ná 48 an meánmhéid bliantúil i leith na tréimhse dar tosach tús na bliana ranníoca ar tharla dó teacht faoi árachas nó tús na bliana ranníoca díreach i ndiaidh an 1 Deireadh Fómhair, 1970, (cibé acu is déanaí) agus dar críoch deireadh na bliana ranníoca iomláine deiridh roimh thosach na bliana sochair ar lá di an dáta iomchuí.

(2) Sa Chaibidil seo ciallaíonn “duine árachaithe iomchuí”—

(a) i gcás inar leanbh cáilithe an duine éagtha—

(i) athair nó máthair an duine éagtha sin, nó

(ii) an duine a gcinntear, de réir rialacháin faoi alt 2 (6), an duine éagtha sin a bheith ina chónaí go rialta leis ar dháta a bháis nó gur leis a bheadh sé ina chónaí go rialta amhlaidh murach é a bheith cimithe chun scoile ceartúcháin nó scoile saothair, nó

(iii) céile an duine dá dtagraítear i bhfomhír (ii),

(b) in aon chás eile, an duine éagtha nó céile an duine éagtha;

ciallaíonn “dáta iomchuí” dáta báis an duine éagtha nó dáta báis an duine árachaithe iomchuí nó dáta slánaithe aois inphinsin an duine árachaithe iomchuí, cibé acu is túisce a tharlóidh, agus cibé acu arb é an duine éagtha an duine árachaithe iomchuí nó nach é;

ciallaíonn “meánmhéid bliantúil” an meánmhéid, i ngach bliain ranníoca, de sheachtainí ranníoca a bhfuil ranníocaí cáilitheacha, ranníocaí saorálacha nó ranníocaí creidiúnaithe ag an duine árachaithe iomchuí ina leith sa tréimhse iomchuí a shonraítear i bhfo-alt (1) (b) (ii).

(3) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndéanfar modhnuithe ar na coinníollacha ranníoca maidir le deontas báis a fháil ach, i gcás ina mbeartófar rialacháin den sórt sin a dhéanamh, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(4) Faoi réir fho-alt (5), féadfar a fhoráil le rialacháin go dtabharfar teideal chun deontais bháis do dhaoine a bheadh ina theideal mura mbeadh an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (b) a bheith gan chomhlíonadh.

(5) Forálfar le rialacháin faoi fho-alt (4) gur méid is lú ná an méid sin a shonraítear i gCuid VI den Dara Sceideal, a bheidh sa deontas báis is iníoctha de bhua na rialachán sin agus féadfaidh an méid a shonrófar sna rialacháin athrú de réir an méid a bheidh an coinníoll ranníoca iomchuí atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (b) comhlíonta.

(6) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndéanfar modhnuithe ar na coinníollacha ranníoca i leith deontais bháis i gcás duine ba dhuine árachaithe an 1 Deireadh Fómhair, 1970, agus, i gcaitheamh na bliana i ndiaidh an dáta sin, a bhí as láthair as an Stát ar feadh aon tréimhse nó ar creidiúnaíodh ranníocaí dó i leith aon tréimhse dífhostaíochta, éagumais chun oibre nó scoir nó atá nó a thiocfaidh chun bheith ina ranníocóir saorálach agus ranníocaí á n-íoc aige de réir an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (b) (ii).

Méid an deontais.

[1952, a. 14]

109. —Faoi réir na Coda seo, is mar atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid VI den Dara Sceideal a bheidh méid deontais bháis.

CAIBIDIL 16

Sochar Cóireála

Forálacha ginearálta maidir le sochar.

[1952, a. 25; 1964 FI, a. 7]

110. —(1) Beidh teideal ag duine, faoi réir é do chomhlíonadh na gcoinníollacha forordaithe, chun cibé sochar cóireála a bheidh sonraithe le rialacháin.

(2) Féadfaidh rialacháin chun críocha an ailt seo a shonrú go n-íocfar costas iomlán, nó aon chuid de chostas, aon ní acu seo a leanas—

(a) cóireáil déidliachta,

(b) cóireáil ospidéil agus cóireáil tí théarnaimh,

(c) fearais liachta agus mháinliachta,

(d) cóireáil agus fearais súil-liachta,

(e) sainchóireáil liachta agus sainchóireáil mháinliachta,

(f) aon sochair eile d'aon-ghné le haon cheann acu sin a luaitear sna míreanna sin roimhe seo.

(3) Ní bheidh na híocaíochtaí dá dtagraítear i bhfo-alt (2) níos mó san iomlán ná cibé suimeanna ar a gcomhaontóidh an tAire agus an tAire Airgeadais ó am go ham.

(4) Leanfaidh an t-alt seo i bhfeidhm go dtí an lá a cheapfar faoi fho-alt (5) agus rachaidh sé in éag ansin.

(5) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh mar lá a rachaidh an t-alt seo in éag.

CAIBIDIL 17

Riarachán, Imeachtaí Dlíthiúla agus Airgeadas

Riarachán

Cinntí.

[1952, a. 42; 1961 FI, a. 16]

[1966 DC, a. 36]

111. —(1) Gach ceist a éireoidh—

(a) i ndáil le héileamh ar shochar,

(b) i dtaobh duine a bheith dícháilithe chun sochair,

(c) i dtaobh tréimhse aon dícháilíochta chun sochair,

(d) i dtaobh fostaíocht a bheith ina fostaíocht inárachaithe nó ina fostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde),

(e) i dtaobh duine a bheith fostaithe i bhfostaíocht inárachaithe nó i bhfostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde),

(f) i dtaobh an ráta ranníoca fhostaíochta is iníoctha nó ab iníoctha ag fostóir i leith ranníocóra fhostaithe,

(g) i dtaobh cé hé nó cérbh é fostóir ranníocóra fhostaithe,

(h) i dtaobh teideal a bheith ag duine bheith ina ranníocóir saorálach, nó

(i) i dtaobh aon ní eile den sórt sin a bhaineann leis an gCuid seo agus a bheidh forordaithe;

is oifigeach breithiúnachta a chinnfidh í de réir Chuid VIII.

(2) Aon tagairt san alt seo do cheist a éireoidh i ndáil le héileamh ar shochar folaíonn sí tagairt do cheist i dtaobh sochar a bheith iníoctha nó gan a bheith iníoctha.

Riaradh sochair

[1952, a. 47]

[1960, L, a. 12 1966, DC, a. 30; 1970, a. 15; 1973, a. 17]

[1972, a. 9]

112. —(1) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin maidir le ham agus modh íoctha sochair, agus maidir leis an bhfaisnéis agus leis an bhfianaise a bheidh le tabhairt ag tairbhithe nuair a bheidh siad á iarraidh go n-íocfar sochar agus, le toiliú an Aire Poist agus Telegrafa, go n-íocfar sochar i gcásanna sonraithe trí Oifig an Phoist.

(2) Féadfar, le rialacháin a dhéanfar faoin alt seo maidir le ham íoctha sochair—

(a) a fhoráil go bhféadfaidh duine a mbeidh sochar iníoctha leis duine eile a ainmniú chun an sochar a ghlacadh thar a cheann,

(b) maidir le pinsean seanaoise (ranníocach), pinsean scoir, pinsean easláine, pinsean baintrí (ranníocach), liúntas dílleachta (ranníocach), sochar banchéile thréigthe nó sochar díobhálacha ceirde (seachas sochar díobhála) a fhoráil, d'ainneoin aon ní sa Chuid seo, go ndéanfar coigeartú ar thosú agus ar chríochnú sochair nó athruithe ar na rátaí sochair, ionas nach ndéanfar íocaíochtaí i leith tréimhsí is lú ná seachtain ná de réir rátaí éagsúla in aghaidh codanna éagsúla de sheachtain,

(c) a fhoráil go múchfar an ceart chun aon suim is iníoctha mar shochar i gcás nach bhfaightear íocaíocht uirthi laistigh de 6 mhí nó cibé tréimhse is giorra ná sin a fhorordófar ón am is inghlactha an tsuim sin de réir na rialachán.

(3) Féadfar freisin a fhoráil le rialacháin—

(a) go bhféadfar duine a cheapadh chun go bhfeidhmeoidh sé, thar ceann éilitheoir nó tairbhí atá faoi bhun 16 bliana d'aois nó atá nó a d'fhéadfadh a bheith éagumasach de thuras na huaire ar ghníomhú, aon cheart nó cumhacht a bhfuil teideal ag an éilitheoir nó ag an tairbhí é a fheidhmiú faoin gCuid seo, agus go n-údarófar do dhuine a cheapfar amhlaidh aon suim is iníoctha mar shochar a ghlacadh, agus déileáil léi, thar ceann an éilitheora nó an tairbhí,

(b) go bhféadfar, i gcás inar dóigh leis an Aire gur cóir sin sna himthosca, duine a cheapadh le go nglacfaidh agus go ndéileálfaidh sé thar ceann éilitheora nó tairbhí le sochar nó pinsean mar a leanas—

(i) maidir le sochar míchumais, sochar dífhostaíochta, pinsean seanaoise (ranníocach), pinsean scoir nó pin sean easláine, cibé cion den sochar nó den phinsean is iníoctha de bhua ailt 21, 32, 81, 86 agus 91, faoi seach,

(ii) maidir le pinsean baintrí (ranníocach), cibé cion den phinsean is iníoctha de bhua alt 95 (1),

(iii) maidir le sochar díobhála nó pinsean míthreorach, cibé cion den chéanna is iníoctha de bhua alt 44,

(c) i ndáil le bás aon duine, chun go bhféadfar éileamh ar shochar a dhéanamh nó a chur ar aghaidh ina ainm.

(4) Féadfar freisin a fhoráil le rialacháin go bhféadfar probháid nó cruthúnas eile ar theideal ionadaí pearsanta aon duine éagtha a ligean thar ceal i gcás íocaíocht aon suime i leith sochair, agus go bhféadfar, in aon chás den sórt sin, an tsuim a íoc leis na daoine nó a dháileadh ar na daoine a dhealraíonn, amhail mar a fhoráiltear leis na rialacháin, a bheith i dteideal an tsuim sin nó aon chuid di a fháil, mar dhaoine a bhfuil teideal tairbhiúil acu chuici faoi aon ionstraim thiomnach nó mar neasghaolta, nó mar chreidiúnaithe an duine éagtha, nó a íoc le haon duine nó daoine áirithe nó a dháileadh ar aon daoine áirithe d'eisiamh na coda eile, nó i gcás aon neamhdhlisteanacht bheith ag baint leis an duine éagtha nó le haon leanbh leis, í a íoc le cibé duine nó daoine nó a dháileadh ar cibé daoine a ordófar leis na rialacháin.

Íocaíochtaí eatramhacha, riaráistí agus aisíocaíochtaí.

[1952, a. 48]

[1961 FI, a. 17; I.R. Uimh. 227 de 1970, 190 de 1973, 209 agus 220 de 1974]

113. —(1) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin i ndáil le nithe a éireoidh—

(a) sula ndéanfar an cinneadh faoin gCuid seo nó faoi Chuid VIII (cibé acu is ar an gcéad chéim nó ar achomharc nó ar tarchur é, agus cibé acu is cinneadh bunaidh nó cinneadh de dhroim athbhreithnithe é) ar aon éileamh ar shochar nó ar aon cheist a bhaineann le ceart aon duine chun sochair nó chun sochar a ghlacadh nó le dliteanas aon duine maidir le ranníocaí, nó

(b) as éifeacht aon achomhairc nó athbhreithnithe ar aon chinneadh faoin gCuid seo nó faoi Chuid VIII maidir le haon éileamh nó ceist den sórt sin.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar a fhoráil, le rialacháin arna ndéanamh faoin bhfo-alt sin,

(a) go bhfionrófar sochar má dhealraíonn sé don Aire go bhfuil, nó go mbeidh ceist ann i dtaobh na coinníollacha chun sochar a fháil, de réir chinnidh, a bheith comhlíonta nó ar chóir an cinneadh a athbhreithniú,

(b) go n-áireofar aon sochar a íocadh le haon duine faoin gcinneadh nó de bhua aon fhorálacha de na rialacháin agus a gcinnfear ina dhiaidh sin nárbh iníoctha é mar shochar a íocadh ar cuntas aon sochair eile a gcinntear gur shochar é a bhí iníoctha leis, nó, i gcás dá dtagraítear in alt 300 (5) (a) go n-aisíocfar aon sochar den sórt sin agus go ngnóthófar é trína bhaint as aon sochar nó aon chúnamh (seachas pinsean dílleachta (neamhranníocach), liúntas leasa forlíontach nó liúntas leanaí) de réir mar a shonrófar, nó ar shlí eile.

Cigirí.

[1952, a. 49]

[1966 DC, a. 36]

[1976 (Uimh. 2), a. 3]

[1976 (Uimh. 2), a. 3]

114. —(1) Féadfaidh an tAire, le ceadú Aire na Seirbhíse Poiblí, cibé daoine agus cibé méid daoine is cuí leis a cheapadh ina gcigirí chun críocha na Coda seo.

(2) Chun an Chuid seo a fhorghníomhú beidh cumhacht ag cigire gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh—

(a) dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh nó áit a fhéadfar a iniúchadh faoin alt seo;

(b) cibé scrúdú agus fiosrú a dhéanamh is gá chun a fháil amach an ndéantar nó an ndearnadh forálacha na Coda seo a chomhlíonadh in aon áitreabh nó áit den sórt sin;

(c) scrúdú a dhéanamh, ina aonar nó i láthair aon duine eile, de réir mar is cuí leis, i ndáil le haon nithe faoin gCuid seo a dteastóidh, le réasún, aon fhaisnéis uaidh ina dtaobh, ar gach duine a gheobhaidh sé in aon áitreabh nó áit den sórt sin, nó a mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go bhfuil nó go raibh sé ina dhuine árachaithe agus a cheangal go scrúdófar amhlaidh gach duine den sórt sin agus go síneoidh gach duine den sórt sin dearbhú ar fhírinne na nithe a scrúdófar é amhlaidh, ina dtaobh;

(d) cibé cumhachtaí eile a fheidhmiú is gá chun an Chuid seo a chur in éifeacht.

(3) Déanfaidh áititheoir aon áitribh nó áite a fhéadfar a iniúchadh faoin alt seo, agus aon duine a bhfuil nó a raibh aon duine ar fostú aige i bhfostaíocht inárachaithe nó i bhfostaíocht inaráchaithe (díobhálacha ceirde), agus seirbhísigh agus gníomhairí aon áititheora nó duine eile den sórt sin, agus aon duine árachaithe, aon éilitheoir ar shochar nó aon duine a bhfuil sochar á éileamh ina leith, an fhaisnéis sin go léir a thabhairt do chigire agus na cláir, na cártaí, na leatháin phá, na taifid phá agus na doiciméid eile sin go léir a thabhairt ar aird lena n-iniúchadh, a theastóidh le réasún ón gcigire chun a fháil amach an bhfuil nó an raibh ranníocaí iníoctha, nó ar íocadh ranníocaí go cuí, i leith aon duine, nó an bhfuil nó an raibh sochar iníoctha le haon duine nó ina leith.

(4) Duine ar bith—

(a) a mhoilleoidh nó a bhacfaidh cigire go toiliúil agus é ag feidhmiú aon chumhachta faoin alt seo, nó

(b) a dhiúltóidh nó a fhailleoidh aon cheist a fhreagairt nó aon fhaisnéis a thabhairt nó aon doiciméad a thabhairt ar aird nuair a cheanglófar air sin a dhéanamh faoin alt seo, nó

(c) a dhéanfaidh aon duine a cheilt nó a chosc, nó a fhéachfaidh le haon duine a cheilt nó a chosc, ar láithriú os comhair duine a bheidh ceaptha faoin alt seo, nó ar a scrúdú ag duine den sórt sin,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air,

ach ní bheidh ceangal faoin alt seo ar dhuine ar bith aon cheist a fhreagairt ná aon fhianaise a thabhairt a d'ionchoireodh é féin.

(5) Tabharfar deimhniú a cheaptha do gach cigire, agus aon uair a iarrfaidh sé cead dul isteach in aon áitreabh nó áit chun críocha na Coda seo tabharfaidh sé an deimhniú sin ar aird má iarrtar sin air.

(6) Is iad na háitribh agus na háiteanna a fhéadfar a iniúchadh faoin alt seo aon áitribh nó áiteanna a bhfuil cúis réasúnach ag cigire a chreidiúint go bhfuil nó go raibh aon daoine ar fostú iontu agus aon áitribh nó áiteanna a bhfuil cúis réasúnach ag cigire a chreidiúint go bhfuil aon chártaí árachais nó aon doiciméid eile a bhaineann le daoine ar fostú á gcoimeád iontu.

(7) I gcás aon áitreabh nó áit a bheith le hiniúchadh ag cigire nó oifigeach a bheidh ceaptha nó ar fostú ag Aire eile, nó a bheidh faoi urláimh Aire eile, féadfaidh an tAire comhshocraíochtaí a dhéanamh leis an Aire eile sin chun cigire nó ofiigeach atá ar fostú ag an Aire eile sin d'fheidhmiú aon cheann de chumhachtaí nó de dhualgais chigirí a cheapfar faoin alt seo, agus, i gcás ina ndéanfar comhshocraíocht den sórt sin, beidh ag na cigirí nó na hoifigigh sin cumhachtaí uile cigire arna cheapadh faoin alt seo.

Imeachtaí Dlíthiúla

Cionta, lena n-áirítear cionta a bhaineann le comhlachtaí corpraithe.

[1952, a. 52; 1976 (Uimh. 2), a.4]

[1966 DC, a. 37]

[1966 DC, a. 37]

[1976 (Uimh. 2), a. 6]

115. —(1) (a) Duine ar bith—

(i) a cheannóidh, a dhíolfaidh nó a thairgfidh le díol, a ghlacfaidh nó a thabharfaidh ar malairt, nó a gheallearbfaidh nó a ghlacfaidh ar geallearbadh aon chárta árachais nó aon stampa árachais úsáidte,

(ii) a ghreamóidh aon stampa árachais úsáidte d'aon chárta árachais, nó

(iii) a ghreamóidh aon stampa brionnaithe nó góchumtha d'aon chárta árachais,

beidh sé ciontach i gcion.

(b) Duine ar bith, chun aon sochar nó íocaíocht eile a fháil faoin gCuid seo, dó féin nó do dhuine éigin eile, nó chun aon chríche a bhaineann leis an gCuid seo—

(i) a dhéanfaidh go feasach aon ráiteas bréagach nó uiríoll bréagach nó a cheilfidh go feasach aon fhíoras ábhartha, nó

(ii) a thabharfaidh ar aird nó a sholáthróidh, nó a chuirfidh faoi deara nó a cheadóidh go feasach go dtabharfar ar aird nó go soláthrófar, aon doiciméad nó faisnéis is eol dó a bheith bréagach i bponc ábhartha,

beidh sé ciontach i gcion.

(c) Má chabhraíonn nó má neartaíonn duine le fostaí dá chuid, nó má chomhairlíonn dó nó má thugann air, aon chion faoi mhír (a) nó (b) a dhéanamh, nó má chomhcheilgeann sé leis an bhfostaí chun an fostaí do dhéanamh aon chiona den sórt sin, beidh an duine sin ciontach i gcion.

(d) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(e) In aon imeachtaí faoin bhfo-alt seo maidir le stampaí árachais úsáidte, measfar go ndearnadh stampa árachais a úsáid má greamaíodh de chárta árachais é nó má cealaíodh nó má aghloiteadh in aon slí é, agus cibé acu a úsáideadh nó nár úsáideadh é iarbhír chun ranníoc a íoc.

(f)      (i) Aon duine a chiontófar i gcion faoin bhfo-alt seo i ndáil le sochar seachas liúntas dílleachta (ranníocach), sochar máithreachais, deontas báis nó sochar báis faoi alt 52 nó 53, beidh sé dícháilithe chun an sochar sin a fháil go ceann tréimhse 6 mhí díreach tar éis dáta an chiontaithe.

(ii) Ní bheidh éifeacht le fomhír (i) maidir le cion (seachas cion a bhaineann le sochar dífhostaíochta) a rinneadh roimh an 12 Iúil, 1976.

(2) (a) Má mhainníonn aon fhostóir aon ranníoc fostaíochta a íoc am forordaithe nó laistigh d'am forordaithe a bheidh dlite de faoin gCuid seo a íoc, beidh sé ciontach i gcion.

(b) Má dhéanann aon fhostóir iomlán aon ranníoca fostóra, nó aon chuid de ranníoc fostóra, i leith duine a bhaint as luach saothair an duine sin, nó má fhéachann sé leis sin a dhéanamh, beidh an fostóir ciontach i gcion.

(c) Má dhéanann aon fhostóir asbhaint as luach saothair duine i leith aon ranníoc fostaíochta a dhlíonn an fostóir faoin gCuid seo a íoc agus go mainneoidh sé an ranníoc fostaíochta a ndearnadh an asbhaint ina leith a íoc am forordaithe nó laistigh d'am forordaithe, beidh an fostóir ciontach i gcion.

(d) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó cibé suim ar cóimhéid le dhá oiread na suime a bheidh gan íoc nó asbhainte amhlaidh, cibé acu is mó, nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(3) Féadfar le rialacháin foráil a dhéanamh i dtaobh cionta is sárú nó neamhchomhlíonadh rialachán agus a fhoráil go ndéanfar, de rogha na cúirte—

(a) i gcás duine a chiontú go hachomair i gcionta den sórt sin fíneáil nach mó a méid sonraithe ná £500, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(b) i gcás duine a chiontú ar díotáil i gcionta den sórt sin, fíneáil nach mó a méid sonraithe ná £2,000 nó príosúnacht ar feadh téarmaí nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, mar aon, i gcás ciona leanúnaigh, le fíneáil bhreise den sórt sin i leith gach lá a leanfar den chion, a chur air.

(4) (a) I gcás fostóir a chiontú faoin alt seo sa chion gur mhainnigh sé aon ranníocaí fostaíochta a íoc a dhlitear de faoin gCuid seo a íoc, dlífidh sé suim a íoc leis an gCiste Árachais Shóisialaigh nó le Ciste na nDíobhálacha Ceirde, de réir mar a bheidh, ar cóimhéid leis an tsuim a mhainnigh sé a íoc agus, ar chiontú den sórt sin, má rinneadh fógra i dtaobh é a bheith beartaithe sin a dhéanamh a sheirbheáil leis an toghairm nó leis an mbarántas, féadfar fianaise a thabhairt gur mhainnigh an fostóir ranníocaí fostaíochta eile a íoc i leith an duine chéanna i rith na dtrí bliana roimh an dáta a seirbheáladh an fógra amhlaidh, agus ar an mainneachtain sin a bheith cruthaithe féadfaidh an chúirt a ordú don fhostóir suim a íoc leis an gCiste Árachais Shóisialaigh nó le Ciste na nDíobhálacha Ceirde, de réir mar a bheidh, ar cóimhéid le hiomlán na ranníocaí fostaíochta go léir a mbeidh cruthaithe air amhlaidh gur mhainnigh sé iad a íoc, agus áireofar ar cheart an fhostóra achomharc a dhéanamh in aghaidh an chiontaithe faoin alt ceart achomharc a dhéanamh in aghaidh ordaithe den sórt sin.

(b) Aon suim a íocfaidh fostóir faoin bhfo-alt seo déileálfar léi mar íocaíocht do shásamh na ranníocaí fostaíochta neamhíoctha, agus ní fhéadfaidh an fostóir cuid an duine árachaithe de na ranníocaí fostaíochta sin a ghnóthú ón duine árachaithe.

(5) Ní dhéanfar aon ní san alt seo ná aon ní i rialacháin faoin alt seo a fhorléiriú mar ní a choisceann ar an Aire aon suimeanna atá dlite don Chiste Árachais Shóisialaigh nó do Chiste na nDíobhálacha Ceirde a ghnóthú trí imeachtaí sibhialta.

(6) Má dhéanann comhlacht corpraithe cion faoin gCuid seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoin gCuid seo, beidh gach duine a bhí, tráth déanta an chiona, ina stiúrthóir nó ina bhainisteoir nó ina rúnaí nó ina oifigeach eile don chomhlacht corpraithe, nó a d'airbheartaigh bheith ag gníomhú in aon cháil díobh sin, ciontach freisin sa chion sin.

(7) Is cosaint mhaith ar ionchúiseamh i leith cion faoi fho-alt (6) do dhuine a shuíomh gur gan fhios dó a rinneadh an cion agus go ndearna sé gach dícheall ba chóir dó a dhéanamh chun an cion a chosc, ag féachaint dá phost mar stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile agus do na himthosca go léir.

(8) Aon toghairm nó doiciméad eile is gá chun críche imeachtaí faoin gCuid seo a sheirbheáil ar chomhlacht corpraithe féadfar an céanna a sheirbheáil—

(a) trína fhágáil in oifig chláraithe an chomhlachta chorpraithe nó trína chur leis an bpost go dtí an oifig sin,

(b) trína fhágáil in aon áit sa Stát ina ndéanann an comhlacht corpraithe gnó nó trína chur leis an bpost go dtí an áit sin, nó

(c) trína chur leis an bpost chuig aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile don chomhlacht corpraithe nó a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú in aon cháil díobh sin san áit a gcónaíonn an duine sin.

Forálacha ginearálta maidir le hionchúisimh.

[1952, a. 53]

[1976 (Uimh. 2), a. 5, 11]

116. —(1) Ní dhéanfar imeachtaí i leith cion faoin gCuid seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú forálacha na Coda seo a thionscnamh ach amháin ag an Aire nó le toiliú an Aire nó ag oifigeach a bheidh údaraithe chuige sin le treoracha speisialta nó ginearálta ón Aire.

(2) Féadfar ionchúiseamh i leith cion faoin gCuid seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú forálacha na Coda seo a thionscnamh ar agra an Aire.

(3) D'ainneoin aon fhoráil in aon Acht a shonraíonn an tréimhse ar féidir imeachtaí a thionscnamh lena linn, féadfar ionchúiseamh i leith cion faoin gCuid seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú forálacha na Coda seo a thionscnamh tráth ar bith laistigh de cibé tréimhse díobh seo a leanas is deireanaí a rachaidh in éag—

(a) an tréimhse trí mhí dar tosach an dáta a ndeimhneofar i scríbhinn arna séalú le séala oifigiúil an Aire gur tháinig fianaise ar dheis nó i seilbh an Aire ba leor le gur cheart an t-ionchúiseamh sin a thionscnamh, nó

(b) an tréimhse dhá bhliain dar tosach an dáta a rinneadh an cion.

(4) Chun críocha fho-alt (3), is fianaise dhochloíte ar an dáta a fuair an tAire amach an fhianaise sin a dúradh a bheith ann deimhniú arna shéalú le séala oifigiúil an Aire ag lua an dáta sin.

(5) In aon imeachtaí i leith cion faoin gCuid seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú forálacha na Coda seo, beidh banchéile nó fearchéile an duine a cúisíodh sa chion inniúil, d'ainneoin aon Achta eile, ar fhianaise a thabhairt, cibé acu ar son nó i gcoinne an duine sin é, ach ní inordaithe don bhanchéile ná don fhearchéile fianaise a thabhairt ná, le linn fianaise a thabhairt, aon eolas a nochtadh a thug an duine sin di nó dó, de réir mar a bheidh, le linn iad a bheith pósta.

(6) Má tharlaíonn in ionchúiseamh i leith cion faoin gCuid seo, nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú forálacha na Coda seo, go suífear chun sástacht na cúirte—

(a) go bhfuil iarratas déanta ag duine (dá ngairtear an cosantóir san alt seo) ar shochar faoin gCuid seo, agus

(b) go ndearnadh de thoradh an iarratais sin sochar faoin gCuid seo a íoc le haon duine (cibé acu arbh é an sochar sin a iarradh nó nárbh é agus cibé acu ar leis an gcosantóir a íocadh é nó nár leis),

toimhdeofar gur thug an cosantóir aon fhaisnéis a bheidh san iarratas (nó gur chuir sé faoi deara í a thabhairt thar a cheann) agus, i gcás ar faisnéis bhréagach an fhaisnéis sin, gurb eol dó go hiomlán gurbh fhaisnéis bhréagach í agus gur thug sé í le hintinn go meabhlódh sí; ach féadfar an toimhde sin a fhrisnéis.

Suimeanna a bheidh dlite don Chiste Árachais Shóisialaigh a ghnóthú trí imeachtaí sibhialta.

[1952, a. 54; 1966 DC, a. 37]

117. —Na suimeanna go léir a bheidh dlite don Chiste Árachais Shóisialaigh nó do Chiste na nDíobhálacha Ceirde beidh siad inghnóthaithe mar fhiacha atá dlite don Stát agus, gan dochar d'aon leigheas eile, féadfaidh an tAire iad a ghnóthú mar fhiach faoi reacht in aon chúirt dlínse inniúla.

Feidhm an Probation of Offenders Act, 1907.

[1952, a. 55]

118. —I gcás—

(a) ina gcúiseofar fostóir ranníocóra fhostaithe i gcion i ndáil le híoc ranníocaí fostaíochta i leith an ranníocóra sin, agus

(b) ina mbeartóidh an chúirt ordú a dhéanamh faoi alt 1 (1) den Probation of Offenders Act, 1907,

ní dhéanfaidh an chúirt an t-ordú sin go dtí gur deimhin léi na riaráistí go léir i leith na ranníocaí sin a bheith íoctha ag an bhfostóir sin.

An éifeacht a bheidh le cinneadh.

[1952, a. 57; 1966 DC, a. 37]

119. —In aon imeachtaí i leith cion faoin gCuid seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú forálacha na Coda seo nó in aon imeachtaí ina mbeidh aon saincheist maidir le híoc ranníocaí nó in aon imeachtaí chun aon suimeanna a ghnóthú a bheidh dlite don Chiste Árachais Shóisialaigh nó do Chiste na nDíobhálacha Ceirde, beidh cinneadh a dhéanfar de réir na Coda seo nó Chuid VIII ar aon cheist a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí ina chinneadh críochnaitheach chun críche na n-imeachtaí sin, mura mbeidh achomharc nó tarchur ar feitheamh i leith an chinnidh nó nár caitheadh an tréimhse chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh, agus—

(a) mura bhfuarthas aon chinneadh den sórt sin a d'fhéadfaí a thabhairt amhlaidh agus gur gá an cinneadh chun na himeachtaí a chríochnú, cuirfear an cheist faoi chinneadh de réir na Coda seo agus Chuid VIII, agus

(b) má bhíonn aon achomharc nó tarchur den sórt sin ar feitheamh nó murar caitheadh an tréimhse chun achomharc a dhéanamh amhlaidh nó má cuireadh aon cheist faoi chinneadh faoi mhír (a), cuirfidh an chúirt a bheidh ag breithniú an cháis na himeachtaí ar atráth go dtí go bhfaighfear cinneadh críochnaitheach ar an gceist.

Foirceannadh agus féimheacht.

[1976 (Uimh. 2), a. 7]

[1952, a.58(3); 1972, a. 10]

120. —(1) San alt seo ciallaíonn “Acht 1889” an Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889.

(2) Aon suim a bhainfidh fostóir as luach saothair fostaí dá chuid i leith ranníoc fostaíochta a bheidh dlite den fhostóir agus a bheidh gan íoc ag an bhfostóir i leith an ranníoca sin, ní bheidh sí ina cuid de shócmhainní cuideachta teoranta i bhfoirceannadh faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , agus i bhfoirceannadh den sórt sin déanfar, d'ainneoin aon ní san Acht sin, suim ar cóimhéid leis an tsuim a asbhaineadh amhlaidh a íoc leis an gCiste Árachais Shóisialaigh i dtosaíocht ar na fiacha a shonraítear in alt 285 (2) den Acht sin.

(3) Aon suim a bhainfidh fostóir as luach saothair fostaí dá chuid i leith ranníoc fostaíochta a bheidh dlite den fhostóir agus a bheidh gan íoc ag an bhfostóir i leith an ranníoca sin roimh dháta an ordaithe bhreithnithe nó roimh dháta comhdaithe na hachainí comhshocraíochta (cibé acu é), ní bheidh sí ina cuid de mhaoin an fhéimhigh nó an fhéichiúnaí comhshocraíochta sa dóigh go ndéanfaí í a áireamh ar na fiacha a bheidh, faoi alt 4 d'Acht 1889, le híoc i dtosaíocht ar gach fiach eile nuair a bheidh an mhaoin sin á dáileadh, ach déanfar, roimh an dáileadh sin agus d'ainneoin aon ní in Acht 1889, í a íoc leis an gCiste Árachais Shóisialaigh i dtosaíocht ar na fiacha a shonraítear in alt 4 d'Acht 1889.

(4) Ní gá cruthúnas foirmiúil maidir le fiach dá dtugtar tosaíocht leis an alt seo ach amháin i gcás ina gceanglaítear sin le hAcht 1889, nó faoi, nó le hAcht na gCuideachtaí, 1963 , nó faoi.

(5) Áireofar ar na fiacha a bheidh, faoi alt 4 d'Acht 1889, le híoc i dtosaíocht ar gach fiach eile nuair a bheidh maoin féimhigh nó féichiúnaí comhshocraíochta á dáileadh, na ranníocaí fostaíochta go léir is iníoctha ag an bhféimheach nó ag an bhféichiúnaí comhshocraíochta i gcaitheamh an dá mhí dhéag roimh dháta an ordaithe bhreithnithe i gcás féimhigh nó roimh dháta comhdaithe na hachainí comhshocraíochta i gcás féichiúnaí comhshocraíochta, agus beidh éifeacht dá réir sin leis an Acht sin, agus ní gá cruthúnas foirmiúil ar na fiacha dá dtugtar tosaíocht faoin bhfo-alt seo ach amháin i gcásanna a bhforáiltear a mhalairt le horduithe ginearálta faoin Acht sin.

Mná pósta.

[1952, a. 59]

121. —Maidir le ranníocaí fostaíochta, beidh bean phósta—

(a) inniúil ar agra a dhéanamh agus ar bheith inagartha (lena n-áirítear agra a dhéanamh agus bheith inagartha faoi alt 132), agus

(b) faoi réir an dlí a bhaineann le féimheacht agus le breithiúnais agus orduithe a chur i bhfeidhm,

ar gach slí amhail is nach mbeadh sí pósta.

Airgeadas

An Ciste Árachais Shóisialaigh.

[1952, a. 39]

122. —(1) Leanfaidh an Ciste Árachais Shóisialaigh (dá ngairtear an Ciste san alt seo agus in alt 123), a bunaíodh faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, ar marthain agus is é a bheidh ann fós cuntas reatha agus cuntas infheistíochta.

(2) Is é an tAire a bhainisteoidh agus a rialóidh cuntas reatha an Chiste.

(3) Is é an tAire Airgeadais a bhainisteoidh agus a rialóidh cuntas infheistíochta an Chiste.

(4) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt go sonrach—

(a) déanfar suimeanna is iníoctha isteach sa Chiste a íoc isteach i gcuntas reatha an Chiste, agus

(b) déanfar suimeanna is iníoctha amach as an gCiste a íoc amach as an gcuntas sin.

(5) Aon airgead a bheidh chun creidiúna do chuntas reatha an Chiste agus nach mbeidh ag teastáil faoi chomhair caiteachais reatha aistreofar é go dtí cuntas infheistíochta an Chiste.

(6) Aon uair nach leor an t-airgead i gcuntas reatha an Chiste faoi chomhair dhliteanais an chuntais sin, aistreofar chun an chuntais sin ó chuntas infheistíochta an Chiste cibé suimeanna is gá chun na dliteanais sin a ghlanadh.

(7) Faoi réir fho-alt (6), aon airgead a bheidh chun creidiúna do chuntas infheistíochta an Chiste infheisteoidh an tAire Airgeadais é agus íocfar isteach sa chuntas sin aon ioncam ó aon infheistíocht den sórt sin.

(8) Aon infheistíocht a dhéanfar faoi fho-alt (7), féadfar í a dhéanamh in aon urrúis a mbeidh cumhacht ag iontaobhaithe de thuras na huaire de réir dlí cistí iontaobhais a infheistiú iontu nó in aon chuid de na stoic, de na cistí agus de na hurrúis a bheidh de thuras na huaire údaraithe le dlí mar infheistíochtaí do Chistí Bhanc Taisce an Phoist.

(9) (a) Déanfar an méid a bheidh ioncam an Chiste in aghaidh aon bhliana airgeadais níos lú ná a chaiteachas a íoc isteach sa Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(b) Déanfaidh an tAire ioncam agus caiteachas an Chiste in aghaidh bliana airgeadais a chinneadh chun críocha an fho-ailt seo ar cibé foras ar a gcomhaontóidh sé féin agus an tAire Airgeadais.

(10) Déanfar aon suim is iníoctha isteach sa Chiste faoi fho-alt (9) (a) a íoc i cibé slí agus cibé tráthanna a chinnfidh an tAire Airgeadais.

(11) Déanfar cuntais an Chiste a ullmhú i cibé foirm, i cibé slí agus cibé tráthanna a ordóidh an tAire Airgeadais agus déanfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach cuntas den sórt sin a scrúdú agus a dheimhniú agus déanfar cóip de, mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste air, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Íocaíochtaí as an gCiste chun talamh, etc., a fháil.

[1950, a. 21; 1952, a. 68]

123. —(1) Féadfar íocaíochtaí a dhéanamh as an gCiste i leith caiteachais ag an Aire chun talamh, áitreabh, troscán nó trealamh a fháil nó chun áitreabh a fhoirgniú nó a athfhoirgniú, agus sealbhóidh an tAire aon talamh, áitreabh, troscán nó trealamh den sórt sin thar ceann an Chiste.

(2) Ní dhéanfar íocaíocht faoi fho-alt (1) ach amháin le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Beidh gnóchan infheistíochta ann i leith íocaíochtaí a dhéanfar as an gCiste faoi fho-alt (1) agus is i bhfoirm ranníocaí leis an gCiste i leith na n-íocaíochtaí a dhéanfar as an gCiste a bheidh an gnóchan sin.

(4) Na ranníocaí a bheidh le déanamh faoi fho-alt (3) beidh siad de réir rátaí ar a gcomhaontóidh an tAire agus an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Chiste iad as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Féadfaidh an tAire aon talamh, áitreabh, troscán nó trealamh a dhiúscairt a bheidh faighte, foirgnithe nó athfhoirgnithe aige faoin alt seo agus íocfar isteach sa Chiste aon airgead a gheobhaidh sé i leith aon diúscartha den sórt sin.

(6) Ní dhéanfar diúscairt faoi fho-alt (5) ach amháin le toiliú an Aire Airgeadais.

CAIBIDIL 18

Forálacha Ilghnéitheacha

Méadú dúbailte a chosc i leith gaoil fhorordaithe.

[1968 FI, a.9; 1972, a. 8; 1980, a. 3, 9]

124. —D'ainneoin ailt 81 (3), 86 (3), 91 (3), 95 (2), 103 (2), 162 (1) (a), 179 (a), 195 (2), 196 (2) agus 197 (2), ní bheidh ach méadú amháin pinsin, sochair nó liúntais iníoctha i leith gaoil fhorordaithe.

Íocaíochtaí tar éis bháis.

[1974 (Uimh. 2), a. 10]

125. —(1) San alt seo ciallaíonn “sochar”—

(a) sochar míchumais (lena n-áirítear aon mhéid is iníoctha mar shochar pá-choibhneasa más iomchuí),

(b) sochar dífhostaíochta (lena n-áirítear aon mhéid is iníoctha mar shochar pá-choibhneasa más iomchuí),

(c) sochar díobhála (lena n-áirítear aon mhéid is iníoctha mar shochar pá-choibhneasa más iomchuí),

(d) pinsean seanaoise (ranníocach),

(e) pinsean scoir,

(f) pinsean easláine,

(g) cúnamh dífhostaíochta faoi Chuid III,

(h) pinsean faoi Chaibidil 3 de Chuid III.

(2) D'ainneoin aon fhorálacha dá mhalairt sa Chuid seo nó i gCuid III nó i rialacháin faoi na Codanna sin—

(a) i gcás duine atá ag fáil sochair lena n-áirítear méadú i leith cleithiúnaí aosaithe, nó lena n-áireofaí méadú den sórt sin mura mbeadh an cleithiúnaí aosaithe ag fáil sochair as a cheart féin d'fháil bháis, leanfar den sochar sin a íoc go ceann tréimhse 6 sheachtain tar éis dáta an bháis agus i gcaitheamh na tréimhse sin íocfar é le cibé duine agus faoi réir cibé coinníollacha a bheidh forordaithe, agus

(b) in aon chás ina dtabharfar íocaíocht faoin alt seo, ní thiocfaidh duine i dteideal pinsin bhaintrí (ranníocach), pinsin bhaintrí (neamhranníocach), liúntais dílleachta (ranníocach), pinsin dílleachta (neamhranníocach), sochair faoi alt 87 nó sochair bháis faoi alt 50 nó 52 nó go mbeidh an tréimhse 6 sheachtain a luaitear i mír (a) caite mura bhforáiltear agus a mhéid a fhoráiltear a mhalairt le rialacháin.

Forálacha maidir le cothabháil.

[1952, a. 36]

126. —Féadfar a fhoráil le rialacháin go gcinnfear na himthosca ina measfar, chun críocha na Coda seo, duine a bheith nó gan bheith ag cothabháil duine eile go hiomlán nó go formhór.

Deimhnithe in aisce.

[1952, a. 38]

127. —(1) Féadfaidh an tAire socrú a dhéanamh chun deimhnithe liachta nó deimhnithe ar luí seoil tuartha nó luí seoil iarbhír a eisiúint saor in aisce chun críocha na Coda seo.

(2) Ní bheidh na caiteachais faoina rachfar ag tabhairt éifeachta don alt seo níos mó ná cibé suimeanna ar a gcomhaontóidh an tAire agus an tAire Airgeadais ó am go ham.

Éilimh.

[1952, a. 29]

128. —(1) Is coinníoll a ghabhfaidh le ceart aon duine chun aon sochair go ndéanfaidh sé éileamh ar an sochar sa tslí fhorordaithe.

(2) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndícháileofar duine chun aon sochar a fháil má mhainníonn sé a éileamh ar an sochar sin a dhéanamh laistigh den am forordaithe, ach féadfar a fhoráil le haon rialacháin den sórt sin go bhfadófar faoi réir aon choinníollacha forordaithe, an t-am chun an t-éileamh a dhéanamh.

(3) Chun críocha na Coda seo, measfar, i gcás aon éilimh a cuireadh leis an bpost, gur ar an lá a cuireadh sa phost é a rinneadh é.

Duine a bheith as láthair ón Stát nó i bpríosún.

[1952, a. 31; 1966 DC, a. 1]

1970, a. 12]

129. —(1) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt le rialacháin, beidh duine dícháilithe chun aon sochar (lena n-áirítear aon mhéadú air) a fháil in aghaidh aon tréimhse a mbeidh an duine sin—

(a) as láthair ón Stát, nó

(b) faoi phianseirbhís, faoi phríosúnacht nó faoi choinneáil i gcoimeád dleathach.

(2) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt le rialacháin, má ghabhann le haon sochar a bhfuil teideal ag duine chuige méadú faoi alt 21 (1), 32 (1), 44, 81 (1), 86 (1) nó 91 (1) i leith fearchéile nó banchéile an duine sin, ní bheidh an méadú iníoctha in aghaidh aon tréimhse a mbeidh an fearchéile nó an banchéile—

(a) as láthair ón Stát, nó

(b) faoi phianseirbhís, faoi phríosúnacht nó faoi choinneáil i gcoimeád dleathach.

(3) Féadfar a fhoráil le rialacháin go bhfionrófar íocaíocht le haon duine nó ina leith i gcaitheamh aon tréimhse den sórt sin a luaitear i bhfo-alt (1) nó (2) agus a eisctear ó oibriú an fho-ailt sin nó is iníoctha seachas i leith na tréimhse sin.

(4) D'ainneoin dícháiliú de bhua fho-alt (1) chun sochar lena ngabhann méadú a fháil, déanfar, i cibé cásanna a fhorordófar, an méadú a íoc leis an duine forordaithe.

(5) Féadfaidh rialacháin chun críocha an ailt seo a bheith ceaptha sa tslí gur faoi réir aon choinníollacha, teorainneacha nó srianta sonraithe a íocfar deontas báis, pinsean easláine agus pinsean scoir agus, go háirithe, i gcás daoine a bheidh as láthair ón Stát, féadfaidh siad na tréimhsí a mhodhnú a fhéadfar a áireamh chun críocha alt 83 mar thréimhsí scoir.

Forálacha forluiteacha, etc.

1952, a. 32, 75; 1966 FI, a. 7; 1960 DC, a. 37; I.R. Uimh. 227 de 1970, 190 de 1973, 209 agus 220 de 1974]

[I.R. Uimh. 168 de 1977]

130. —(1) Féadfar maidir le cásanna inarb iníoctha le duine—

(a) níos mó ná aon sochar amháin, nó

(b) níos mó ná aon chúnamh amháin (seachas liúntas leasa forlíontach), nó

(c) aon teaglaim orthu seo a leanas—

(i) aon sochar,

(ii) aon chúnamh (seachas liúntas leasa forlíontach), agus

(iii) liúntas leanaí

a fhoráil le rialacháin go gcoigeartófar aon sochar, cúnamh nó liúntas (lena n-áirítear a íoc a dhícheadú go hiomlán nó go páirteach) is iníoctha leis an duine sin nó go gcúiteofar leis an Státchiste as an gCiste Árachais Shóisialaigh nó as Ciste na nDíobhálacha Ceirde, de réir mar a bheidh, suimeanna (nó cibé cuid díobh a fhorordófar) a íocadh mar chúnamh dífhostaíochta in aghaidh tréimhsí nach bhfuarthas sochar, nó suimeanna is iníoctha mar phinsean baintrí (ranníocach) in aghaidh tréimhsí a roghnóidh an duine pinsean baintrí (neamhranníocach) a fháil.

(2) Chun críocha fho-alt (1), féadfar méadú sochair a áireamh mar shochar ar leithligh, agus féadfar aon sochar, pinsean, liúntas nó cúnamh, de réir mar a bheidh, is iníoctha i leith duine a áireamh mar shochar, pinsean, liúntas nó cúnamh is iníoctha leis an duine sin.

(3) Féadfar a fhoráil le rialacháin—

(a) go gcúiteofar le bord sláinte as an gCiste Árachais Shóisialaigh nó as Ciste na nDíobhálacha Ceirde, de réir mar a bheidh, suimeanna (nó cibé cuid díobh a fhorordófar) a íocadh mar liúntas leasa forlíontach in aghaidh tréimhsí nach bhfuarthas sochar, agus

(b) go gcúiteofar le bord sláinte as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, suimeanna (nó cibé cuid díobh a fhorordófar) a íocadh mar liúntas leasa forlíontach in aghaidh tréimhsí nach bhfuarthas cúnamh dífhostaíochta, pinsean seanaoise nó pinsean dall, ná liúntas leanaí.

Íocaíochtaí sochar a choigeartú.

[1952, a. 32]

[1970, a. 13]

[1960 L, a. 19]

131. —(1) Féadfar, maidir le cásanna ina mbeidh duine faoi chóireáil liachta nó cóireáil eile, nó ina iostaí, i cibé ospidéal, teaghais nó foras eile a fhorordófar, a fhoráil le rialacháin—

(a) go gcoigeartófar na coinníollacha chun sochar a fháil,

(b) go bhfionrófar íoc sochair,

(c) go laghdófar rátaí sochair, nó

(d) go n-íocfar sochar ar shlí seachas leis an duine sin.

(2) Féadfar a fhoráil le rialacháin go gcoigeartófar aon sochar míchumais nó pinsean easláine (lena n-áirítear a íoc a dhícheadú go hiomlán nó go páirteach) is iníoctha le duine atá ag fáil pinsean nó liúntas ar bith i leith aon mhíchumais a bhain dó i bhfórsaí armtha an Stáit nó aon Stáit eile, is pinsean sa ghrád is airde nó, i gcás liúntais, is liúntas sa ghrád is airde nó liúntas arna dheonú do dhuine atá ag dul faoi chúrsa speisialta cóireála liachta in aon fhoras nó atá ag fáil oiliúna i bhforas teicniúil.

(3) Féadfar maidir le cásanna ina bhfuil nó ina raibh teideal chun aon chúitimh i leith aon díobhála nó galair faoi na hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre ag duine, a fhoráil le rialacháin—

(a) go gcoigeartófar sochar míchumais nó pinsean easláine (lena n-áirítear a íoc a dhícheadú go hiomlán nó go páirteach) is iníoctha leis an duine sin i leith na díobhála nó an ghalair sin, nó

(b) go ndéanfar airleacain (faoi réir cibé forálacha a fhorordófar maidir lena ngnóthú) leis an duine sin go dtí go bhfaighidh sé an cúiteamh sin.

(4) I bhfo-alt (3), folaíonn an tagairt do dhuine a bhfuil nó a raibh teideal aige chun cúitimh tagairt do chás ina ndearnadh comhaontú nó comhréiteach (cibé acu i dteannta nó d'éagmais dliteanas a admháil) i leith éilimh ar chúiteamh.

(5) I gcás duine a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige agus atá ag fáil pinsin faoi Chaibidil 3 de Chuid III agus dá ndámhfar pinsean seanaoise (ranníocach) nó pinsean baintrí (ranníocach), déanfar aon íocaíocht ar scór an phinsin chéadluaite sin i leith tréimhse ar iníoctha an pinsean seanaoise (ranníocach) nó an pinsean baintrí (ranníocach), de réir mar a bheidh, ina leith a áireamh mar íocaíocht ar cuntas an phinsin seanaoise (ranníocach) nó an phinsin bhaintrí (ranníocach), de réir mar a bheidh.

(6) I gcás duine atá ag fáil pinsin faoi Chaibidil 3 de Chuid III, a bheith ina dhuine a ndéanfar an ráta seachtainiúil pinsin seanaoise (ranníocach) is iníoctha le duine eile a mhéadú ina leith de bhua alt 81 (1), déanfar aon íocaíocht ar scór an phinsin chéadluaite i leith tréimhse a ndéanfar an pinsean seanaoise (ranníocach) a mhéadú ina leith a áireamh mar íocaíocht ar cuntas an phinsin seanaoise (ranníocach).

Sochar a chailleadh mar gheall ar mhainneachtain fostóra.

[1952, a. 35]

[1971, a. 9]

[1966 FI, a. 8]

132. —(1) Má mhainnigh nó má d'fhailligh fostóir—

(a) aon ranníoc fostaíochta a íoc a dhlíonn sé faoin gCuid seo a íoc i leith ranníocóra fhostaithe ina fhostaíocht, nó

(b) i ndáil le haon ranníocóir fostaithe den sórt sin, aon cheanglas, den Chuid seo nó de rialacháin, a chomhlíonadh a bhaineann le ranníocaí fostaíochta a íoc nó a bhailiú,

agus mar gheall air sin gur chaill an ranníocóir fostaithe nó aon duine eile, go hiomlán nó go páirteach, aon sochar a mbeadh teideal aige chuige, beidh an ranníocóir nó an duine eile sin i dteideal suim ar cóimhéid le méid an tsochair a cailleadh amhlaidh a ghnóthú ón bhfostóir mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(2) Má chaill ranníocóir fostaithe nó duine eile sochar i gcás dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus nár thionscain sé imeachtaí faoin bhfo-alt sin, féadfaidh an tAire, in ainm agus thar ceann an ranníocóra nó an duine eile sin, suim ar cóimhéid le méid an tsochair a cailleadh a ghnóthú ón bhfostóir mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(3) I gcás inar tharla, de bhua rialacháin a rinneadh faoi alt 14—

(a) gur áiríodh gur íocadh ranníocaí fostaíochta nár íocadh, nó

(b) gur áiríodh gur íocadh ar na dátaí a bhí siad dlite ranníocaí fostaíochta a íocadh mall,

agus gur íocadh dá dhroim sin sochar a bheadh caillte mura mbeadh sin, dlífear den fhostóir don Chiste Árachais Shóisialaigh méid an tsochair a bheadh caillte amhlaidh.

(4) Féadfar imeachtaí a thionscnamh faoin alt seo d'ainneoin gur tionscnaíodh imeachtaí faoi aon fhoráil eile den Chuid seo i leith na mainneachtana nó na faillí céanna.

(5) Nuair a bheidh méid an tsochair a chaill ranníocóir fostaithe nó duine eile mar gheall ar mhainneachtain nó faillí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) á dhéanamh amach chun críocha an ailt seo, ní áireofar aon

chúnamh a íocadh leis an ranníocóir nó leis an duine eile sin ar feadh tréimhse a bhí sé ag cailleadh sochair mar gheall ar an mainneachtain nó ar an bhfaillí sin.

(6) Féadfaidh an tAire méid an chúnaimh a íocadh le ranníocóir fostaithe nó le duine eile ar feadh tréimhse a bhí sé ag cailleadh sochair mar gheall ar mhainneachtain nó faillí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a ghnóthú—

(a) i gcás an ranníocóir nó an duine eile sin do ghnóthú méid iomlán an tsochair a cailleadh, ón ranníocóir sin nó ón duine eile sin—

(i) trí shuim a bhaint as aon sochar nó cúnamh a bhfuil nó a mbeidh an ranníocóir nó an duine eile sin ina theideal, nó

(ii) mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla, nó

(b) in aon chás eile, ón bhfostóir a bhí ciontach sa mhainneachtain nó san fhaillí mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla,

agus, má ghnóthaíonn an tAire méid an chúnaimh ón bhfostóir, déanfar an tsuim is inghnóthaithe ag an ranníocóir sin nó ag an duine eile sin ón bhfostóir faoin alt seo a laghdú méid an chúnaimh sin.

(7) Íocfar isteach sa Státchiste aon suimeanna a ghnóthóidh an tAire faoi fho-alt (6).

(8) San alt seo ciallaíonn “cúnamh” pinsean seanaoise nó pinsean dall, cúnamh dífhostaíochta nó pinsean baintrí (neamhranníocach) nó pinsean dílleachta (neamhranníocach) faoi Chuid III.

Árachas faoi na seanchórais do leanúint ar marthain.

[1952, a. 66]

[1952, a. 69]

133. —(1) Féadfar, faoi réir cibé modhnuithe, breisithe agus eisceachtaí a shonrófar, rialacháin a dhéanamh á áirithiú go bhféadfaidh daoine a bhí, nó a mheastar a bhí, nó a áirítear mar dhaoine a bhí, árachaithe sa tréimhse fhorordaithe roimh an 5 Eanáir, 1953, faoin National Insurance Act, 1911, faoin Unemployment Insurance Act, 1920 (nó aon scéim faoin Acht sin) nó faoin Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 , leanúint de bheith árachaithe faoi fhorálacha na Coda seo nó ar shlí eile chun na cearta a thugtar dóibh de bhua na n-achtachán sin a chaomhnú.

(2) Forálfar, go háirithe, le rialacháin faoi fho-alt (1), ar cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha a shonrófar, i ndáil le daoine a bhí árachaithe amhlaidh, go modhnófar na coinníollacha ranníoca chun sochar a fháil faoin gCuid seo ionas go gcuirfear i gcuntas ranníocaí a íocadh, nó a meastar a íocadh, nó a áirítear mar ranníocaí a íocadh, faoi na hachtacháin sin agus tréimhsí árachais faoi na hachtacháin sin.

(3) Gan dochar d'aon chumhacht shonrach a thugtar le fo-ailt (1) agus (2), féadfar rialacháin a dhéanamh chun a n-oibriú a éascú nó chun an córas árachais a bhunaítear leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, a thabhairt i bhfeidhm, lena n-áirítear, go háirithe, rialacháin á fhoráil—

(a) go modhnófar maidir leis an tréimhse roimh an 5 Eanáir, 1953, aon fhorálacha in aon achtachán, nó a rinneadh faoi aon achtachán, a aisghairtear nó a leasaítear le Cuid V den Acht sin, nó

(b) go ndéanfar aon chosaintí nó aon chosaintí breise in aghaidh éifeacht aon aisghairme nó leasaithe a dhéantar leis an Acht sin.

CUID III

CÚNAMH SÓISIALACH

CAIBIDIL 1

Réamhráiteach

An cineál cúnaimh. [1908 OAP, a. 1; 1933 CD, a. 24; 1952, a. 61; 1970, a. 22; 1973, a.8; 1974 (Uimh. 2), a.8, 9]

134. —(1) Is iad seo a leanas na cineálacha cúnaimh agus tuairiscítear an cúnamh amhlaidh, i ngach cás, san Acht seo—

(a) cúnamh dífhostaíochta,

(b) pinsean seanaoise,

(c) pinsean dall,

(d) pinsean baintrí (neamhranníocach),

(e) pinsean dílleachta (neamhranníocach),

(f) liúntas banchéile thréigthe,

(g) liúntas do bhanchéile príosúnaigh,

(h) liúntas cúnaimh shóisialaigh,

(i) liúntas do bhean shingil,

(j) liúntas leasa forlíontach.

(2) Déanfar cúnamh, ach amháin liúntas leasa forlíontach, a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

CAIBIDIL 2

Cúnamh Dífhostaíochta

Léiriú.

[1935 CD, a.4; 1952, a. 98; 1970, a. 25]

[1935 CD, a. 2]

[1940 CD, a. 1]

[1948, a. 31]

[1933 CD, a. 2]

[1952, a. 100]

[1933 CD, a. 4]

135. —(1) Chun críocha na Caibidle seo—

déanfar tagairtí do chleithiúnaithe, i ndáil le duine ar bith, a fhorléiriú mar thagairtí do chleithiúnaithe aosaithe nó do leanaí cáilithe a chónaíonn go rialta leis an duine sin, de réir mar is gá sa chás;

ciallaíonn “lá” tréimhse 24 huaire a chloig ó mheán oíche go meán oíche nó cibé tréimhse eile 24 huaire a chloig a fhorordófar, chun aon chríche ginearálta nó speisialta;

folaíonn “oidhreachtáin” gach talamh, tionóntán, foirgneamh, agus maoin eile, corpraithe nó neamhchorpraithe, is gá de réir na nAchtanna Luachála a luacháil faoi na hAchtanna sin, agus folaíonn siad freisin cuid d'aon mhaoin den sórt sin arna luacháil ar leithligh faoi na hAchtanna sin;

ciallaíonn “faighteoir” duine atá i dteideal cúnaimh dhífhostaíochta.

(2) Chun críocha na Caibidle seo, déanfar aon 3 lá dífhostaíochta, bíodh siad comhleanúnach nó ná bíodh, laistigh de thréimhse 6 lá chomhleanúnacha a áireamh mar thréimhse leanúnach dífhostaíochta, agus déanfar aon dá thréimhse den sórt sin nach bhfuil tréimhse is mó ná 20 seachtain eatarthu a áireamh mar thréimhse amháin leanúnach dífhostaíochta, agus forléireofar “ar dífhostú go leanúnach” dá réir sin.

(3) Faoi réir alt 156, is limistéar uirbeach gach ceann díobh seo a leanas chun críocha na Caibidle seo—

(a) gach contaebhuirg,

(b) buirg Dhún Laoghaire,

(c) gach ceantar uirbeach ar mó ná 7,000 a dhaonra (de réir an daonáirimh arb é an daonáireamh is deireanaí den sórt sin é de thuras na huaire).

(4) I gcás teach le bardas nó comhairle limistéir uirbigh a bheith lasmuigh den limistéar sin, measfar duine atá ina chónaí nó ina ghnáth-chónaí sa teach sin a bheith ina chónaí nó ina ghnáth-chónaí sa limistéar uirbeach sin.

(5) Ní mheasfar duine a bheith dífhostaithe de réir bhrí na Caibidle seo—

(a) lá ar bith a oibríonn sé ar pá nó ar luach saothair eile, cibé acu is in airgead nó in earraí nó in aon slí eile a íocfar é, ná

(b) i rith aon tréimhse is tréimhse fostaíochta i leith an duine sin de réir bhrí an ailt seo.

(6) Féadfaidh an tAire, le rialacháin arna ndéanamh aige faoin gCaibidil seo, aon tréimhse a fhorordú, go ginearálta nó maidir le haon aicme nó aicmí áirithe daoine nó aon cheantar nó ceantair áirithe, chun bheith ina tréimhse fostaíochta agus dá réir sin ní áireofar aon duine atá san aicme sin nó a chónaíonn sa cheantar sin le linn na tréimhse fostaíochta sin mar dhuine atá dífhostaithe de réir bhrí na Caibidle seo.

Deimhnithe cáilíochta.

[1933 CD, a. 10]

[1933 CD, a. 10; 1980, a. 8]

[1933 CD, a. 10]

136. —(1) Féadfaidh aon duine, faoi réir an ailt seo, deimhniú cáilíochta a iarraidh sa tslí fhorordaithe.

(2) I gcás ina ndéanfaidh duine iarratas go cuí ar dheimhniú cáilíochta agus ina suífidh sé sa tslí fhorordaithe go gcomhlíonann sé na coinníollacha, a mhéid is infheidhme iad, a luaitear i bhfo-alt (3), beidh sé i dteideal deimhniú (dá ngairtear deimhniú cáilíochta sa Chaibidil seo) a fháil á dheimhniú go gcomhlíonann sé na coinníollacha sin.

(3) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (2) mar choinníollacha a bheidh le comhlíonadh ag duine a mbeidh deimhniú cáilíoctha á iarraidh aige—

(a) go bhfuil cónaí air sa Stát ar dháta an iarratais;

(b) go bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige agus nach bhfuil aois inphinsin slánaithe aige;

(c) nach bhfuil a acmhainn, arna ríomh de réir na Caibidle seo, níos mó ná méid sa bhliain is ionann agus 52 oiread—

(i) méid an chúnaimh dhífhostaíochta atá leagtha amach ag tagairt 1A (1) i gCuid I den Cheathrú Sceideal agus a bhaineann le duine a bhfuil cleithiúnaí aosaithe aige agus a chónaíonn i limistéar uirbeach, agus

(ii) i gcás leanbh cáilithe nó leanaí cáilithe a bheith aige, cibé cion den chúnamh dífhostaíochta atá leagtha amach ag tagairt 1A (1) i gCuid I den Cheathrú Sceideal agus a bhaineann leis an duine arbh é an cion é ab iníoctha maidir leis an leanbh sin nó leis na leanaí sin, cibé acu é; agus

(d) i gcás mná pósta—

(i) go bhfuil a fearchéile i gcleithiúnas uirthi, nó

(ii) nach bhfuil sí féin ná a fearchéile i gcleithiúnas ar a chéile agus go bhfuil cleithiúnaí amháin nó níos mó aici.

(4) Is san fhoirm fhorordaithe a bheidh gach deimhniú cáilíochta agus beidh ráiteas ann i dtaobh an ráta sheachtainiúil, a fhreagraíonn don ráta bliantúil arna ríomh de réir na Caibidle seo, d'acmhainn an duine lena mbaineann an deimhniú sin.

Ceart chun cúnaimh.

[1933 CD, a. 14]

[1974 (Uimh. 2), a. 10]

137. —(1) Féadfaidh duine ar bith is sealbhóir ar dheimhniú cáilíochta cúnamh dífhostaíochta a iarraidh sa tslí fhorordaithe, faoi réir an ailt seo.

(2) Má dhéanann duine iarratas go cuí ar chúnamh dífhostaíochta agus teideal aige de thuras na huaire faoi fho-alt (1) iarratas den sórt sin a dhéanamh agus go seachadfaidh an duine a dheimhniú cáilíochta d'oifigeach breithiúnachta agus go sásóidh sé an t-oifigeach sin sa tslí fhorordaithe go gcomhlíonann sé na coinníollacha reachtúla, beidh an duine, fad a leanfaidh sé de na coinníollacha reachtúla a chomhlíonadh agus nach mbeidh sé dícháilithe faoin gCaibidil seo chun cúnamh dífhostaíochta a fháil, i dteideal, faoi réir fhorálacha na Caibidle seo, íocaíochtaí (dá ngairtear cúnamh dífhostaíochta sa Chaibidil seo) a fháil cibé tráthanna, i cibé slí agus de réir cibé ráta a cheaptar nó a cheapfar leis an gCaibidil seo nó fúithi.

(3) Nuair a bheidh duine de thuras na huaire ag fáil cúnaimh dhífhostaíochta, coimeádfar a dheimhniú cáilíochta san áit fhorordaithe, le linn an ama fhorordaithe agus sa tslí fhorordaithe.

(4) Faoi réir alt 125, leanfar de chúnamh dífhostaíochta a íoc go ceann tréimhse 6 sheachtain tar éis dáta báis faighteora a raibh cleithiúnaí aosaithe aige.

Coinníollacha reachtúla.

[1933 CD, a. 15; 1935 CD, a. 8; 1978, a. 5]

[1962 FI, a. 6]

[1933 CD, a. 15]

138. —(1) Sa Chaibidil seo gairtear na coinníollacha reachtúla de na coinníollacha seo a leanas agus is é a bheidh iontu, faoi réir na Caibidle seo (lena n-áirítear an t-alt seo), na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh ag sealbhóir ar dheimhniú cáilíochta le bheith i dteideal cúnamh dífhostaíochta a fháil—

(a) go ndearna sé iarratas ar chúnamh dífhostaíochta sa tslí fhorordaithe agus go gcruthóidh sé sa tslí fhorordaithe go raibh sé dífhostaithe go leanúnach ó dháta a iarratais ar chúnamh dífhostaíochta;

(b) go bhfuil sé ábalta obair a dhéanamh agus go bhfuil sé ar fáil i gcóir fostaíochta a bheadh oiriúnach dó agus go bhfuil fostaíocht den sórt sin á lorg dáiríre aige ach nach bhfuil sé in ann í a fháil ag féachaint dá aois, dá ghnéas, dá neart coirp, dá oideachas, dá ghnáth-shlí bheatha, dá áit chónaithe agus d'imthosca a theaghlaigh;

(c) ó eisíodh a dheimhniú cáilíochta chuige nach ndearna sé rud ar bith agus nár tharla aon athrú imthosca ná imeacht eile a d'fhágfadh an deimhniú sin neamhbhailí nó a bhainfeadh teideal de deimhniú den sórt sin a shealbhú;

(d) má cheangail oifigeach breithiúnachta go cuí air freastal ar chúrsa teagaisc a ceapadh nó a ceadaíodh le rialacháin faoin gCaibidil seo, gur fhreastail sé go cuí ar an gcúrsa de réir an cheanglais.

(2) Ní mheasfar nár chomhlíon duine na coinníollacha atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (a) agus i bhfo-alt (1) (b) de bhíthin amháin go bhfuil sé ag déanamh cúrsa oiliúna athshlánúcháin a sholáthraigh eagras (is eagras a cheadaigh an tAire Sláinte chun an oiliúint sin a sholáthar) bíodh nó ná bíodh an cúrsa sin ina chúrsa a bhfuil sé ag fáil liúntas oiliúna ina leith in airgead atá á íoc ag an eagras.

(3) Ní mheasfar nár chomhlíon duine na coinníollacha reachtúla de bhíthin amháin gur dhiúltaigh sé tairiscint fostaíochta i bpost atá folamh mar gheall ar shaotharstad de bharr aighnis cheirde.

Na rátaí cúnaimh.

[1933 CD, a. 17; 1980, a. 6]

139. —Faoi réir alt 140, is é a bheidh sa ráta cúnaimh dhífhostaíochta (dá ngairtear an ráta sceidealta sa Chaibidil seo) an ráta seachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Cheathrú Sceideal, arna mhéadú—

(a) mar atá leagtha amach i gcolún (3) den Chuid sin in aghaidh aon tréimhse a mbeidh cleithiúnaí aosaithe ag an iarratasóir nó ag an bhfaighteoir, faoi réir an tsriain nach mbeidh teideal ag an iarratasóir ná ag an bhfaighteoir méadú ar chúnamh a fháil faoin mír seo i leith níos mó ná duine amháin, agus

(b) mar atá leagtha amach i gcolún (4) den Chuid sin i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an iarratasóir nó leis an bhfaighteoir agus, ina theannta sin, i gcás níos mó ná beirt leanbh den sórt sin a bheith ann, mar atá leagtha amach i gcolún (5) den Chuid sin i leith gach leanbh den sórt sin de bhreis ar bheirt.

Éifeacht acmhainne ar rátaí.

[1933 CD, a. 17; 1966 FI, a. 3]

140. —(1) Aon uair a bheidh duine i dteideal cúnamh dífhostaíochta a fháil faoin gCaibidil seo, tabharfar an cúnamh sin dó i bhfoirm íocaíochta airgid de réir cibé ráta díobh seo a leanas is infheidhme—

(a) má bhíonn sé gan acmhainn, de réir an ráta sceidealta, agus

(b) má bhíonn acmhainn aige, de réir ráta is ionann agus an ráta sceidealta arna laghdú 5p sa tseachtain in aghaidh gach 5p nó cuid de 5p dá acmhainn.

(2) Aon uair a tharlóidh, le linn an ráta a bheith á ríomh ar dá réir a bheidh cúnamh dífhostaíochta iníoctha le duine, go mbeidh an méid seachtainiúil a laghdófar an ráta sceidealta comhionann le méid seachtainiúil an ráta sceidealta nó níos mó ná an méid sin, ní bheidh aon chúnamh dífhostaíochta iníoctha leis an duine.

(3) Measfar gurb í acmhainn duine ar bith chun críche an ailt seo acmhainn an duine sin mar a bheidh luaite sa deimhniú cáilíochta a bheidh aige de thuras na huaire.

Deimhnithe cáilíochta a chúlghairm agus a leasú.

[1935 CD, a. 7; 1976 (Uimh. 2), a.9]

141. —(1) Aon uair a mbeidh scortha ag sealbhóir ar dheimhniú cáilíochta de na coinníollacha a shonraítear sa deimhniú a chomhlíonadh nó a mbeidh méid a acmhainne tar éis méadú thar an bhfigiúr a sonraítear sa deimhniú gurb í a acmhainn í, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas—

(a) déanfaidh sé, laistigh de 7 lá tar éis an scoir sin nó tar éis an dáta ar méadaíodh a acmhainn amhlaidh, an scor sin agus an chúis atá leis nó an méadú (de réir mar a bheidh) a chur in iúl d'oifigeach breithiúnachta, agus

(b) má mhainníonn sé nó má fhaillíonn sé forálacha mhír (a) a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar é a chiontú go hachomair ann dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

(2) Aon uair a chinnfear nach raibh aon duine i dteideal a dheimhniú cáilíochta a fháil nó deimhniú cáilíochta den chineál a bhí ina sheilbh a shealbhú, déanfaidh an té is sealbhóir ar an deimhniú, ar éileamh ó oifigeach breithiúnachta, an deimhniú a sheachadadh láithreach don oifigeach sin.

(3) Gach duine, ar oifigeach breithiúnachta á éileamh air faoi fho-alt (2) a dheimhniú cáilíochta a sheachadadh, a mhainneoidh an deimhniú a sheachadadh láithreach don oifigeach sin, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar é a chiontú go hachomair ann dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

(4) I gcás ina gciontófar duine i gcion faoi fho-alt (3) féadfaidh an chúirt a chiontóidh é, más gá sin sna himthosca, cibé ordú a dhéanamh is cuí leis an gcúirt chun a áirithiú go seachadfar d'oifigeach breithiúnachta an deimhniú cáilíochta a ndearnadh an cion sin ina leith.

Dícháiliú.

[1933 CD, a. 16(6); 1935 CD, a.9; 1952, Sc. 6; 1977, a. 7(2)]

[1948, a. 35; 1967 FI, a. 15]

[1933 CD, a. 16(5); 1967 FI, a. 15(a)]

[1935 CD, a. 10]

142. —(1) Beidh duine dícháilithe chun cúnamh dífhostaíochta a fháil—

(a) le linn cónaí a bheith air, go sealadach nó go buan, lasmuigh den Stát, nó

(b) le linn dó bheith faoi phianseirbhís, faoi phríosúnacht nó faoi choinneáil i gcoimeád dleathach, nó

(c) le linn dó bheith ina iostaí i bhforas a chothabháiltear go hiomlán nó go páirteach as airgead poiblí nó ag údarás áitiúil, nó

(d) le linn dó bheith ag fáil nó i dteideal pinsean dall faoi alt 175, nó aon sochar míchumais, liúntas máithreachais nó sochar dífhostaíochta faoi Chuid II.

(2) Aon duine a chaillfidh a fhostaíocht trína mhí-iompar féin, nó a fhágfaidh a fhostaíocht dá dheoin féin gan cúis chóir nó a dhiúltóidh nó a mhainneoidh gan cúis mhaith glacadh le haon deis réasúnach ar oiliúint a fháil a sholáthraigh nó a cheadaigh An Chomhairle Oiliúna mar oiliúint oiriúnach ina chás, beidh sé dícháilithe chun cúnamh dífhostaíochta a fháil in aghaidh na tréimhse trí mhí nó cibé tréimhse is giorra ná sin (nach lú ná seachtain amháin) a chinnfear faoin gCaibidil seo ón dáta a chaill sé nó a d'fhág sé a fhostaíocht amhlaidh nó a dhiúltaigh sé nó a mhainnigh sé amhlaidh.

(3) (a) Duine a chaillfidh fostaíocht mar gheall ar shaotharstad de bharr aighnis cheirde ag an monarcha, ag an gceardlann nó ag an áitreabh eile ina raibh sé ar fostú, beidh sé dícháilithe chun cúnamh dífhostaíochta a fháil fad a leanfaidh an saotharstad, ach amháin i gcás ina mbeidh sé, le linn an tsaotharstad, tar éis fostú bona fide a fháil in áit eile sa tslí bheatha ar gnách dó bheith ag gabháil di nó tar éis gabháil go rialta le slí bheatha éigin eile.

(b) Ní bhainfidh mír (a) le duine—

(i) nach bhfuil páirteach, nó nach bhfuil leas díreach aige, san aighneas ceirde ba chúis leis an saotharstad nó nach bhfuil ag íoc chuige, agus

(ii) nach duine de ghrád nó d'aicme oibrithe é a raibh comhaltaí de nó di díreach roimh thosach an tsaotharstad, ar fostú ina áit fostaíochta agus aon duine díobh páirteach san aighneas nó leas díreach aige ann nó ag íoc chuige.

(4) In aon chás ina ndéantar brainsí leithleacha oibre, is gnáth a sheoladh mar ghnóthaí leithleacha in áitribh leithleacha, a sheoladh i ranna leithleacha san áitreabh céanna, measfar, chun críocha fho-alt (3), gur monarcha nó ceardlann leithleach nó áitreabh leithleach, de réir mar a bheidh, gach roinn acu sin.

(5) Ní bheidh cúnamh dífhostaíochta agus sochar dífhostaíochta iníoctha i leith an lae nó na laethanta céanna.

Dáta feidhme cinntí áirithe.

[1965 FI, a. 16]

[1964, FI, a. 11]

[1935 CD, a. 12]

143. —(1) Nuair a dhéanfaidh duine iarratas mar a fhorordaítear ar dheimhniú cáilíochta agus go gcinnfidh oifigeach breithiúnachta nó oifigeach achomhairc go bhfuil an duine i dteideal deimhniú cáilíochta a shealbhú—

(a) measfar, chun críocha na Caibidle seo, éifeacht a bheith ag an gcinneadh amhail ar dháta an iarratais a dhéanamh agus ón dáta sin nó ar cibé dáta ina dhiaidh sin is iomchuí agus ón dáta sin, agus

(b) measfar, chun críocha na Caibidle seo, an duine a bheith ina shealbhóir ar dheimhniú cáilíochta amhail ar an dáta agus ón dáta a tháinig an cinneadh in éifeacht.

(2) An t-iarratas ar chúnamh dífhostaíochta a dhéanfaidh duine, a thiocfaidh chun bheith i dteideal deimhniú cáilíochta, féadfar a mheas go ndearnadh é ar an dáta ónar tháinig an cinneadh i ndáil le hiarratas an duine ar an deimhniú in éifeacht nó ó cibé dáta ina dhiaidh sin is iomchuí.

(3) Más rud é, de dhroim cinneadh a fhreaschur nó a athbhreithniú, go dtiocfaidh duine chun bheith i dteideal deimhniú cáilíochta a shealbhú faoin gCaibidil seo, measfar, chun críocha na Caibidle seo, go raibh an duine ina shealbhóir ar dheimhniú cáilíochta amhail ar an dáta agus ón dáta a tháinig an cinneadh arna fhreaschur nó arna athbhreithniú amhlaidh, in éifeacht.

(4) Más rud é, de dhroim cinneadh a fhreaschur nó a athbhreithniú, go gcúlghairfear deimhniú cáilíochta a bheidh eisithe chun duine faoin gCaibidil seo, measfar, chun críocha na Caibidle seo, nach raibh an duine ina shealbhóir ar dheimniú cáilíochta amhail ar an dáta agus ón dáta a tháinig an cinneadh, arna fhreaschur agus arna athbhreithniú amhlaidh, in éifeacht.

(5) Más rud é, de dhroim cinneadh a fhreaschur nó a athbhreithniú, go n-athrófar an ráiteas ar an ráta seachtainiúil acmhainne i ndeimhniú cáilíochta a eiseofar chun duine faoin gCaibidil seo, measfar, chun críocha na Caibidle seo, go raibh an duine sin ina shealbhóir ar cibé deimhniú a bheidh sé i dteideal a shealbhú faoin gcinneadh, arna fhreaschur nó arna athbhreithniú amhlaidh amhail ar an dáta agus ón dáta a tháinig an cinneadh arna fhreaschur nó arna athbhreithniú amhlaidh, in éifeacht.

(6) An t-iarratas ar chúnamh dífhostaíochta a dhéanfaidh duine a thiocfaidh chun bheith i dteideal deimhniú cáilíochta de dhroim cinneadh a fhreaschur nó a athbhreithniú, féadfar a mheas go ndearnadh é ar an dáta a tháinig an cinneadh, arna fhreaschur nó arna athbhreithniú amhlaidh, in éifeacht, nó ar aon dáta ina dhiaidh sin.

(7) San alt seo ciallaíonn “cinneadh” cinneadh ag oifigeach breithiúnachta nó ag oifigeach achomhairc i ndáil le deimhniú cáilíochta faoin gCaibidil seo.

(8) I gcás ina gcinnfear nár chomhlíon sealbhóir ar dheimhniú cáilíochta an coinníoll reachtúil atá in alt 138 (1) (b) ní gá go gcinnfí faoi alt 296 aon iarratas ar chúnamh dífhostaíochta ina dhiaidh sin a dhéanfaidh sé roimh dheireadh 6 sheachtain ón dáta a mhainnigh sé an coinníoll reachtúil sin a chomhlíonadh.

Ráitis bhréagacha agus cionta.

[1933 CD, a. 29; 1935 CD, a. 14; 1976 (Uimh. 2), a.9]

[1938 CD, a. 8; 1976 (Uimh. 2), a. 9]

[1961 FI, a. 10, 14]

[1976 (Uimh. 2), a. 12]

144. —(1) Más rud é, chun deimhniú cáilíochta nó aon íocaíocht chúnaimh dhífhostaíochta a fháil dó féin nó d'aon duine eile nó chun aon aisíoc faoin gCaibidil seo aige féin nó ag aon duine eile a sheachaint, go ndéanfaidh duine aon ráiteas nó uirríoll (scríofa nó ó bhéal) is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha nó go gceilfidh sé aon fhíoras ábhartha, beidh sé ciontach i i gcion faoin alt seo agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(2) Má chabhraíonn nó má neartaíonn duine (dá ngairtear an fostóir san alt seo) le duine (dá ngairtear an fostaí san alt seo) atá ar fostú aige nó má chomhairlíonn dó nó má thugann air cion faoi fho-alt (1) a dhéanamh nó má chomhcheilgeann sé leis an bhfostaí chun an fostaí do dhéanamh ciona faoin bhfo-alt sin, beidh an fostóir ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(3) Aon duine a chiontófar i gcion faoin alt seo—

(a) más cion é i ndáil le cúnamh dífhostaíochta a íoc nó a aisíoc, beidh sé dícháilithe chun cúnamh dífhostaíochta a fháil go ceann tréimhse sé mhí díreach tar éis dáta an chiontaithe, agus

(b) más cion é i ndáil le deimhniú cáilíochta, beidh sé dícháilithe chun deimhniú cáilíochta a fháil nó a shealbhú go ceann tréimhse sé mhí díreach tar éis dáta an chiontaithe.

(4) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin faoin gCaibidil seo i dtaobh cionta is sárú nó neamhchomhlíonadh ar na rialacháin sin agus i dtaobh fíneáil nach mó a méid sonraithe ná £500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a ghearradh, de rogha na cúirte, i gcás ciontú go hachomair i gcion den sórt sin.

Ionchúisimh.

[1933 CD, a. 30; 1976 (Uimh. 2), a.5, 11]

[1935 CD, a. 18]

[1976 (Uimh. 2), a. 11]

145. —(1) Ní thionscnófar imeachtaí i leith cion faoi aon alt den Chaibidil seo ach amháin ag an Aire nó le toiliú an Aire.

(2) Féadfar ionchúiseamh i leith cion faoi aon alt den Chaibidil seo a thionscnamh ar agra an Aire.

(3) D'ainneoin aon fhoráil in aon Acht a shonraíonn an tréimhse ar féidir imeachtaí a thionscnamh lena linn, féadfar ionchúiseamh i leith cion faoin gCaibidil seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim, nó d'fheidhmiú forálacha, na Caibidle seo a thionscnamh tráth ar bith laistigh de cibé tréimhse díobh seo a leanas is deireanaí a rachaidh in éag—

(a) an tréimhse trí mhí dar tosach an dáta a ndeimhneofar i scríbhinn arna séalú le séala oifigiúil an Aire gur tháinig fianaise ar dheis nó i seilbh an Aire ba leor le gur cheart an t-ionchúiseamh sin a thionscnamh, nó

(b) an tréimhse dhá bhliain dar tosach an dáta a rinneadh an cion.

(4) D'ainneoin aon ní in alt 1 den Acht Breithiúnais Choiriúla (Fianaise), 1924 , féadfar banchéile nó fearchéile duine a chúiseofar i gcion faoin gCaibidil seo a ghlaoch mar fhinné don ionchúiseamh nó don chosaint agus sin gan toiliú an duine a bheidh á chúiseamh.

(5) Má tharlaíonn in ionchúiseamh i leith cion faoin gCaibidil seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim, nó d'fheidhmiú forálacha, na Caibidle seo, go suífear chun sástacht na cúirte—

(a) go bhfuil iarratas déanta ag duine (dá ngairtear an cosantóir san alt seo) ar chúnamh dífhostaíochta, agus

(b) go ndearnadh de thoradh an iarratais sin cúnamh dífhostaíochta a íoc le haon duine (cibé acu arbh é an cúnamh sin a iarradh nó nárbh é agus cibé acu ar leis an gcosantóir a íocadh é nó nár leis),

toimhdeofar gur thug an cosantóir aon fhaisnéis a bheidh san iarratas (nó gur chuir sé faoi deara í a thabhairt thar a cheann) agus, i gcás ar faisnéis bhréagach an fhaisnéis sin, gurb eol dó go hiomlán gurbh fhaisnéis bhréagach í agus gur thug sé í le hintinn go meabhlódh sí; ach féadfar an toimhde sin a fhrisnéis.

Acmhainn a ríomh.

[1933 CD, a. 13]

[I.R. Uimh. 168 de 1977]

[1952, Sc. 6; 1944 LL, a. 15; 1973, a. 18]

[1960 FI, a. 10]

[1968 FI, a. 13]

[1962 FI, a. 7]

[1964 FI, a. 12; 1980, a. 7]

[1967 FI, a. 13]

[1933 CD, a. 13; 1979, a. 18]

146. —(1) Nuair a bheidh acmhainn duine á ríomh chun críche na Caibidle seo, measfar gurb iad na nithe seo a leanas agus iad sin amháin a bheidh in acmhainn an duine—

(a) an luach bliantúil, arna fhionnadh sa tslí fhorordaithe, a bhaineann le gach maoin dá chuid (nach maoin a úsáideann sé nó a theachtann sé go pearsanta) atá infheistithe nó atá á húsáid go tairbhiúil ar mhodh eile nó a d'fhéadfaí a infheistiú nó a úsáid go tairbhiúil ach nach ndéantar amhlaidh;

(b) gach ioncam a bhféadfaidh sé súil a bheith aige go réasúnach é a fháil in airgead i gcaitheamh na bliana ina dhiaidh sin, lena n-áirítear méid iarbhír nó measta aon ioncaim a bhféadfaidh sé súil a bheith aige go réasúnach é a fháil i rith na bliana sin ina dhiaidh sin mar cheann an teaghlaigh, cibé acu mar ranníocaí in aghaidh chaiteachais an teaghlaigh nó ar shlí eile, ach gan na nithe seo a leanas a áireamh—

(i) aon ioncam nó airgead faoi réim aon mhíre eile den fho-alt seo,

(ii) an t-airgead go léir a thuillfidh sé i leith fostaíocht reatha pearsanta faoi chonradh seirbhíse,

(iii) aon airgead a gheofar mar chúnamh dífhostaíochta faoin gCaibidil seo,

(iv) aon airgead a gheofar mar liúntas leasa forlíontach,

(v) aon airgead a gheofar mar shochar míchumais, mar shochar dífhostaíochta, mar shochar máithreachais nó mar liúntas leanaí,

(vi) aon ioncam ó bhónas faoi scéim a riarann Aire na Gaeltachta chun deontais speisialta a thabhairt do dhaoine a chónaíonn sa Ghaeltacht nó sa Bhreac-Ghaeltacht (arna míniú sa scéim sin) agus is tuismitheoirí nó caomhnóirí le leanaí a fhreastalaíonn bunscoileanna,

(vii) méid aon liúntais, liúntais chleithiúnaí (nach liúntas cleithiúnaí lena mbaineann mír (viii)), pinsin mhíchumais nó pinsin chréachta faoi na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1980, nó na liúntais agus na pinsin sin i dteannta a chéile a mhéid nach mó ná £80 sa bhliain an méid sin,

(viii) liúntas cleithiúnaí faoi na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1980, de bhun seirbhíse sa tréimhse ón 23 Aibreán, 1916, go dtí an 30 Meán Fómhair, 1923,

(ix) aon airgead a gheofar mar liúntas oiliúna ó eagras fad a bheifear faoi chúrsa oiliúna athshlánúcháin a sholáthraigh eagras (is eagras a bheidh ceadaithe ag an Aire Sláinte chun an oiliúint sin a sholáthar),

(x) aon airgead, ach amháin sa mhéid go mbeidh sé níos mó ná £104 sa bhliain, a gheobhaidh an duine sin nó céile an duine sin i leith obair den chineál dá dtagraítear i mír 7 de Chuid I den Chéad Sceideal, faoi scéim atá, dar leis an Aire, carthanúil ó cháilíocht agus ó chuspóir,

(xi) i gcás duine a bheith ag gabháil de réir séasúir d'iascaireacht mar shlí bheatha, leath an oiread sin den ioncam a fhaightear uaithi nach dtéann thar £120 sa bhliain agus an tríú cuid den oiread sin den ioncam a théann thar £120 sa bhliain ach nach dtéann thar £300 sa bhliain,

(xii) aon airgead a gheofar faoi scéim reachtúil a riarann an tAire Saothair i leith iomarcaíochta nó mar chúnamh airgid do dhaoine dífhostaithe a athraíonn áit chónaithe;

(c) an luach bliantúil arna fhionnadh sa tslí fhorordaithe d'aon tairbhe a fhaibhreoidh chuige as úsáid maoine (seachas teach cónaithe nó foirgneamh feirme ar úinéireacht agus ar áitiú, troscán agus earraí pearsanta) atá á húsáid agus á teachtadh go pearsanta aige;

(d) an t-ioncam go léir agus luach bliantúil, arna fhionnadh sa tslí fhorordaithe, na maoine go léir a cheil sé air féin go díreach nó go neamhdhíreach le cáiliú chun cúnamh dífhostaíochta a fháil;

(e) luach bliantúil aon sochair nó pribhléide a theachtann sé.

(2) Chun críocha fho-alt (1) (b), measfar gurb é atá in ioncam duine, in éagmais aon dóigh eile lena fhionnadh, an t-ioncam a gheofar iarbhír i gcaitheamh na bliana díreach roimh dháta an ríofa.

Acmhainn a ríomh — modh eile.

[1965 FI, a. 8, 9; 1979, a. 4]

[1977, a. 5]

[1976, a. 4]

[1979, a. 5]

147. —(1) Faoi réir fho-alt (5), measfar, chun críocha alt 146 (1)(c), gurb é luach bliantúil aon tairbhe a fhaibhreoidh chun duine a mbeidh cónaí air i limistéar a bheidh sonraithe de thuras na huaire in ordú faoi fho-alt (3) as talamh a úsáid atá á úsáid nó á theachtadh go pearsanta ag an duine méid arna ríomh—

(a) de réir £30 in aghaidh gach punt de luacháil inrátaithe na talún in aon chás nach mó ná £10 an luacháil agus de réir ráta chomhréirigh in aghaidh aon chuid de £1 den luacháil,

(b) de réir £50 in aghaidh gach punt de luacháil inrátaithe na talún in aon chás ar mó ná £10 ach nach mó ná £15 an luacháil agus de réir ráta chomhréirigh in aghaidh aon chuid de £1 den luacháil,

(c) de réir £60 in aghaidh gach punt de luacháil inrátaithe na talún in aon chás ar mó ná £15 ach nach mó ná £20 an luacháil agus de réir ráta chomhréirigh in aghaidh aon chuid de £1 den luacháil,

(d) de réir fhorálacha Rialachán 3 (3) den Ordú um Chongnamh Dhíomhaointis (Rialacháin um Áireamh Acfuinne), 1934 (R. & O.R. Uimh. 34 de 1934 ) in aon chás ar mó ná £20 an luacháil.

(2) (a) Féadfaidh an Rialtas ó am go ham, le hordú, ráta a shonraítear i bhfo-alt (1) nó luacháil inrátaithe a shonraítear amhlaidh i ndáil le ráta den sórt sin a athrú, agus féadfaidh, le hordú, foráil a dhéanamh le haghaidh ráta nó rátaí breise i dteannta na rátaí dá bhforáiltear san fho-alt sin agus féadfaidh sé luacháil bhreise nó luachálacha breise a shonrú i ndáil leis an ráta nó leis na rátaí sin.

(b) Féadfaidh an Rialtas ó am go ham, le hordú, ordú faoin bhfo-alt seo, lena n-áirítear ordú faoin mír seo, a chúlghairm nó a leasú.

(3) (a) Féadfaidh an Rialtas ó am go ham, le hordú, limistéir a shonrú chun críocha fho-alt (1).

(b) Féadfaidh an Rialtas ó am go ham, le hordú, ordú faoin bhfo-alt seo, lena n-áirítear ordú faoin mír seo, a chúlghairm nó a leasú.

(4) Gach ordú a dhéanfaidh an Rialtas faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(5) D'ainneoin fho-ailt (1) go (4), féadfaidh duine a mbeidh cónaí air i limistéar a bheidh sonraithe in ordú faoi fho-alt (3) é a ghlacadh de rogha go ndéanfar, chun críocha alt 146 (1) (c), luach bliantúil aon tairbhe a fhaibhreoidh chuige as talamh a úsáid a bheidh á usáid nó á theachtadh go pearsanta aige a ríomh de réir fhorálacha mhír (3) de Rialachán 3 den Ordú um Chongnamh Dhíomhaointis (Rialacháin um Áireamh Acfuinne), 1934 (R. & O. R., Uimh 34 de 1934 ).

Rialacháin— ginearálta.

[1933 CD, a. 7]

[1933 CD, a. 8]

[1952, a. 101]

148. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag forordú aon ní nó rud a údaraítear go sainráite leis an gCaibidil seo a fhorordú le rialacháin a bheidh arna ndéanamh aige faoin gCaibidil seo.

(2) Féadfar le rialacháin a bheidh arna ndéanamh ag an Aire faoin alt seo ag forordú foirme iarratais chun aon chríche faoin gCaibidil seo a cheangal go ndéanfar na ráitis go léir, nó aon cheann díobh, a dhéanfaidh an t-iarratasóir san fhoirm sin, a fhíorú le dearbhú reachtúil.

(3) I gcás ina gceanglófar le haon rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo na ráitis go léir, nó aon cheann díobh, a dhéanfaidh iarratasóir i bhfoirm iarratais a fhorordaítear leis na rialacháin sin chun aon chríche faoin gCaibidil seo, a fhíorú le dearbhú reachtúil, féadfaidh oifigeach breithiúnachta nó aon oifigeach eile don Aire arna údarú ag an Aire chuige sin an dearbhú reachtúil sin a thógáil agus a ghlacadh.

(4) Féadfar, le rialacháin aon cheann d'fhorálacha ailt 111, 112, 113, 128, 295, 296, 297, 298, 299 agus 300 nó d'fhorálacha arna ndéanamh faoi na hailt sin a chur chun feidhme maidir le cúnamh dífhostaíochta, agus féadfaidh aon fheidhm den sórt sin a bheith ina feidhm mhodhnaithe nó ina feidhm gan mhodhnú agus a bheith i dteannta nó in ionad forálacha láithreacha na Caibidle seo nó Chuid VIII.

Rialacháin— sonrach

[1935 CD, a. 17]

[1933 CD, a. 22]

[1940 CD, a. 6]

149. —Féadfaidh an tAire—

(a) le rialacháin, a fhoráil go gceapfar duine chun aon suimeanna a ghlacadh thar ceann iarratasóra nó mar ionadaí d'iarratasóir a thiocfaidh chun bheith mímheabhrach nó a éagfaidh, ar suimeanna iad is iníoctha mar chúnamh dífhostaíochta leis an iarratasóir sin nó ina leith;

(b) le rialacháin, socrú a dhéanamh tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais, maidir le daoine dífhostaithe do dhéanamh freastail ar chúrsaí teagaisc de bhun ceanglas ó oifigeach breithiúnachta agus féadfaidh sé leis na rialacháin sin cúrsaí teagaisc a bhunú nó a cheadú chun na críche sin;

(c) a fhorordú go ginearálta nó i leith aon aicme nó aicmí áirithe daoine nó i leith aon cheantar nó ceantar áirithe, go ndéanfar, i gcás duine a bheith fostaithe chun obair a dhéanamh go leanúnach ó am áirithe lá amháin go dtí am áirithe an lá dár gcionn, an duine sin a áireamh, chun críocha na Caibidle seo, mar dhuine atá, de bhua na fostaíochta sin, fostaithe ar cibé ceann de na laethanta sin a bheidh forordaithe agus an lá sin amháin.

Cúnamh dífhostaíochta a íoc.

[1933 CD, a. 19; 1952, a. 96]

[1960 FI, a. 11; 1974 (Uimh. 2), a.25]

150. —(1) Beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas i ndáil le cúnamh dífhostaíochta a íoc—

(a) ní bheidh aon chúnamh dífhostaíochta iníoctha i leith na chéad 3 lá de dhífhostaíocht leanúnach in aon tréimhse leanúnach dífhostaíochta;

(b) ní íocfar aon chúnamh dífhostaíochta in aghaidh aon tréimhse is giorra ná lá amháin;

(c) chun críocha an ailt seo, ní dhéanfar aon tráth roimh an iarratas cuí ar chúnamh dífhostaíochta a áireamh mar thréimhse dífhostaíochta nó mar chuid de thréimhse dífhostaíochta;

(d) ní dhéanfar aon tráth a mbeidh duine dícháilithe chun cúnamh dífhostaíochta a fháil a áireamh nuair a bheidh aon tréimhse dífhostaíochta a bhaineann leis an duine sin á ríomh;

(e) faoi réir fhorálacha na Caibidle seo (lena n-áirítear forálacha an ailt seo) íocfar cúnamh dífhostaíochta ag na tráthanna forordaithe agus sa tslí fhorordaithe.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) (a) i ndáil le cúnamh dífhostaíochta a íoc le duine a scoir, tráth nach luaithe ná 20 seachtain roimh an lá ar ina leith a dhéanfar a iarratas ar chúnamh dífhostaíochta, de theideal a bheith aige chun sochair dhífhostaíochta—

(a) toisc a theideal chun an tsochair sin a bheith caite aige, de bhua alt 34 (1), nó

(b) má bhíonn an duine os cionn 65 bliana d'aois, toisc gan an coinníoll ranníoca atá leagtha amach in alt 30 (1) (b) a bheith comhlíonta aige.

Ró-íocaíochtaí.

[1933 CD, a. 28]

151. —(1) Maidir le gach íocaíocht cúnaimh dhífhostaíochta a bheidh faighte ag aon duine le linn dó a bheith dícháilithe chun cúnamh dífhostaíochta a fháil nó fad a bhí na coinníollacha reachtúla gan comhlíonadh aige nó a bhí sé as teideal ar dhóigh eile í a fháil, beidh sí inaisíoctha ag an duine sin leis an Aire ar éileamh arna dhéanamh chuige sin ag oifigeach breithiúnachta agus, mura n-aisíocfar amhlaidh í, féadfaidh an tAire í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla nó trína baint as aon íocaíocht nó íocaíochtaí cúnaimh dhífhostaíochta a mbeidh teideal ag an duine sin chuici nó chucu ina dhiaidh sin.

(2) Déanfar gach suim a aisíocfar leis an Aire nó a ghnóthóidh an tAire faoin alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a dhiúscairt chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

Cúnamh dífhostaíochta a dheonófar do dhaoine a bheidh ag fáil liúntais leasa fhorlíontaigh.

[1935 CD, a. 16; 1953 AS, a. 69; I.R. Uimh. 168 de 1977]

152. —Más rud é—

(a) i leith aon tréimhse go mbeidh liúntas leasa forlíontach deonaithe ag bord sláinte do dhuine nó ar cuntas duine nach mbeidh an tráth sin, cé go mbeidh sé i dteideal cúnaimh dhífhostaíochta, ag fáil íocaíochtaí ar a chuntas sin, agus

(b) go mbeidh an liúntas sin níos mó ná an méid a dheonófaí don duine sin dá mbeadh sé ag fáil íocaíochta ar cuntas cúnaimh dhífhostaíochta, agus

(c) go dtiocfaidh aon suim (dá ngairtear an riaráiste san fho-alt seo) a fhaibhreoidh i leith aon chuid den tréimhse sin ar cuntas cúnaimh dhífhostaíochta chun bheith iníoctha ina dhiaidh sin leis an duine sin, agus

(d) go mbeidh an bord sláinte, sula n-íocfar an riaráiste leis an duine sin, tar éis an méid breise (dá ngairtear an bhreis san fho-alt seo) a d'íoc an bord amhlaidh in aghaidh na tréimhse ar ina leith a d'fhaibhrigh an riaráiste, a dheimhniú don Aire,

féadfaidh an tAire méid nach mó ná méid na breise a bhaint as an riaráiste agus, sa chás sin, íocfaidh sé leis an mbord sláinte an méid a asbhaineadh amhlaidh.

Íocaíochtaí leis an Aire ó údaráis áitiúla.

[1935 CD, a. 26; 1938 CD, a. 6; 1940 CD, a. 2]

[1940 CD, a. 2; 1971 RA, a. 1]

[I.R. Uimh. 215 de 1974]

[I.R. Uimh. 215 de 1974]

[1933 CD, a. 26]

[1933 CD, a. 27]

153. —(1) Gach bliain airgeadais íocfar na suimeanna seo a leanas leis an Aire i cibé slí a ordóidh sé—

(a) íocfaidh bardas gach contaebhuirge agus bardas bhuirg Dhún Laoghaire, suim ar cóimhéid leis an séú cuid de 49p sa phunt ar an luach inrátaithe i dtosach na bliana airgeadais áitiúla díreach roimhe sin don chontaebhuirg sin nó do bhuirg Dhún Laoghaire, de réir mar a bheidh;

(b) íocfaidh bardas nó comhairle, de réir mar a bheidh, gach limistéir uirbigh (seachas limistéar uirbeach is contaebhuirg nó buirg Dhún Laoghaire), suim ar cóimhéid leis an gceathrú cuid de 15p sa phunt ar an luach inrátaithe i dtosach na bliana airgeadais áitiúla díreach roimhe sin don limistéar uirbeach sin.

(2) (a) I bhfo-alt (1) ciallaíonn “luach inrátaithe” i ndáil le haon limistéar uirbeach méid iomlán na luachálacha faoi na hAchtanna Luachála atá ar na hoidhreachtáin go léir atá sa limistéar uirbeach sin a bhfuil aon ráta iníoctha ina leith nó, i gcás oidhreachtáin neamháitithe, a mbeadh aon ráta iníoctha ina leith dá mbeadh an t-oidhreachtán ar áitiú, cibé acu is iníoctha an ráta sin le bardas nó comhairle an limistéir uirbigh sin nó le húdarás éigin eile a bhfuil cumhacht aige le reacht rátaí a leagan agus a thobhach, agus cibé acu is iníoctha an ráta sin, i gcás aon oidhreachtáin áirithe, ar a luacháil faoi na hAchtanna sin nó ar chodán den luacháil sin.

(b) Aon uair a bheidh luach inrátaithe limistéir uirbigh i dtosach bliana airgeadais á ríomh chun críocha an ailt seo, tabharfar aird ar gach achomharc faoi na hAchtanna Luachála a chinnfear an 31ú lá de Mhárta nó roimh an lá sin sa bhliain airgeadais ina dhiaidh sin agus ní thabharfar aon aird ar aon achomharc den sórt sin a chinnfear i ndiaidh an dáta sin.

(3) Beidh de dhualgas ar gach bardas nó comhairle, de réir mar a bheidh, ag a mbeidh airgead iníoctha leis an Aire faoin alt seo i mbliain airgeadais áitiúil, an t-airgead sin a íoc leis an Aire ina cheithre thráthchuid chothroma, an 31 Márta, an 30 Meitheamh, an 30 Meán Fómhair, agus an 31 Nollaig an bhliain sin.

(4) Déanfar aon airgead is iníoctha leis an Aire faoin alt seo a chruinniú tríd an ráta bardasach.

(5) Más rud é, faoin alt seo, go mbeidh aon airgead dlite don Aire agus iníoctha leis ag údarás áitiúil, féadfar méid an airgid sin a bhaint as aon airgead is iníoctha leis an údarás áitiúil sin ó chistí a sholáthróidh an tOireachtas chun críche ar bith.

(6) Aon airgead a aistreofar chun an Aire nó a íocfar leis faoin alt seo déanfar é a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

Deimhniú luachála.

[1940 CD, a. 5]

[1960 FI, a. 12]

154. —(1) Tabharfaidh an Coimisinéir Luachála don Aire, cibé uair a iarrfaidh an tAire sin air, deimhniú ina luafar, ag féachaint go cuí d'fhorálacha na Caibidle seo, an luach inrátaithe, chun críocha alt 153 i dtosach aon bhliana airgeadais áirithe a shonrófar in iarraidh den sórt sin, d'aon limistéar uirbeach áirithe a shonrófar amhlaidh.

(2) Beidh deimhniú a thabharfaidh an Coimisinéir Luachála don Aire de bhun an ailt seo ina fhianaise dhochloíte chun críocha na

Caibidle seo ar luach inrátaithe an limistéir uirbigh lena mbaineann an deimhniú sin i dtosach na bliana airgeadais a shonrófar chuige sin sa deimhniú sin.

(3) I gcás inar deimhin leis an gCoimisinéir Luachála aon deimhniú a bheidh tugtha aige faoin alt seo nó leasaithe aige faoin bhfo-alt seo a bheith earráideach, toisc dearmad a bheith ann i ndáil le haon phointe dlí nó fíorais ar ar thug an Coimisinéir aird nuair a bhí an deimhniú á dhéanamh amach aige, nó mar is léir ó aon fhíoras a tháinig ar a aird ó thug sé an deimhniú, féadfaidh an Coimisinéir an deimhniú a leasú chun an earráid a bheidh ann a cheartú agus beidh éifeacht le fo-alt (2) i ndáil le deimhniú arna leasú faoin bhfo-alt seo ionann agus dá mba thagairtí do dheimhniú arna leasú faoin bhfo-alt seo na tagairtí atá ann do dheimhniú.

Brí “limistéar uirbeach” a leathnú.

[1938 CD, a.3; I.R. Uimh. 215 de 1974]

155. —(1) Cibé uair, agus a mhinice, is oiriúnach leis é, féadfaidh an tAire le hordú, a dhéanfar le comhthoiliú an Aire Airgeadais agus an Aire Comhshaoil, agus tar éis dó dul i gcomhairle le comhairle aon cheantair uirbigh nach mó ná 7,000 a dhaonra (de réir an daonáirimh arb é an daonáireamh is deireanaí den sórt sin é de thuras na huaire), a ordú go mbeidh an ceantar uirbeach sin ina limistéar uirbeach an 1ú lá d'Eanáir tar éis dáta an ordaithe sin chun críocha na Caibidle seo, agus ar an ordú sin a bheith déanta amhlaidh beidh an ceantar uirbeach sin, agus leanfaidh sé de bheith, ina limistéar uirbeach chun na gcríoch sin go dtí go bhforálfar a mhalairt le hordú faoi fho-alt (2).

(2) Cibé uair a bheidh ordú déanta ag an Aire faoi fho-alt (1) i leith ceantair uirbigh, féadfaidh sé tráth ar bith ina dhiaidh sin, más cuí leis é, le hordú a dhéanfar le comhthoiliú an Aire Airgeadais agus an Aire Comhshaoil agus tar éis dó dul i gcomhairle le comhairle an cheantair uirbigh sin, a ordú go scoirfidh an ceantar uirbeach sin an lú lá d'Eanáir tar éis dáta an ordaithe de bheith ina limistéar uirbeach chun críocha na Caibidle seo, agus ar an ordú sin a bheith déanta amhlaidh scoirfidh an ceantar uirbeach sin an lú lá sin d'Eanáir de bheith ina limistéar uirbeach chun na gcríoch sin.

Dáta feidhme daonáirimh.

[1938 CD, a.2; I.R. Uimh. 215 de 1974]

156. —(1) Chun an daonáireamh a chinneadh arb é an daonáireamh is deireanaí den sórt sin é chun críocha ailt 135 (3) (c) agus 155, déanfaidh an tAire, cibé uair a bheidh daonáireamh déanta, dáta foilsithe thoradh an daonáirimh sin a dheimhniú le hordú, agus measfar chun na gcríoch sin ach ní mheasfar ar athrach dóigh ná i slí ar bith eile, gach daonáireamh den sórt sin a bheith déanta ar an dáta foilsithe a dheimhneofar amhlaidh i leith an daonáirimh sin.

(2) Cibé uair a gheofar amach, ar dhaonáireamh a dhéanamh, nach mó ná 7,000 daonra ceantair uirbigh ar léir ón daonáireamh deireanach den sórt sin roimhe sin a dhaonra a bheith níos mó ná 7,000, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas—

(a) leanfaidh an ceantar uirbeach sin, d'ainneoin an laghdaithe sin ar a dhaonra, de bheith ina limistéar uirbeach chun críocha na Caibidle seo go dtí an 1ú lá d'Eanáir (ach gan an lá sin a áireamh) tar éis an dáta foilsithe a bheidh deimhnithe faoin alt seo i leith an daonráirimh sin agus (mura bhforáiltear a mhalairt le hordú faoin bhfo-alt seo) scoirfidh sé an 1ú lá sin d'Eanáir de bheith ina limistéar uirbeach chun na gcríoch sin;

(b) féadfaidh an tAire, le hordú, a dhéanfaidh sé roimh an 1ú lá sin d'Eanáir le comhthoiliú an Aire Airgeadais agus tar éis dó dul i gcomhairle le comhairle an cheantair uirbigh sin, a ordú go leanfaidh an ceantar uirbeach sin, d'ainneoin an laghdú sin ar a dhaonra, de bheith ina limistéar uirbeach chun críocha na Caibidle seo, agus ar an ordú sin a bheith déanta amhlaidh leanfaidh an ceantar uirbeach sin de bheith ina limistéar uirbeach chun na gcríoch sin go dtí go bhforálfar a mhalairt le hordú faoi mhír (c);

(c) cibé uair bheidh ordú déanta ag an Aire faoi mhír (b) maidir le ceantar uirbeach, féadfaidh sé tráth ar bith ina dhiaidh sin, más cuí leis é, le hordú a dhéanfaidh sé le comhthoiliú an Aire Airgeadais agus tar éis dó dul i gcomhairle le comhairle an cheantair uirbigh sin, a ordú go scoirfidh an ceantar uirbeach sin, an 1ú lá d'Eanáir tar éis dáta an ordaithe sin, de bheith ina limistéar uirbeach chun críocha na Caibidle seo, agus ar an ordú sin a bheith déanta amhlaidh scoirfidh an ceantar uirbeach sin an 1ú lá sin d'Eanáir de bheith ina limistéar uirbeach chun na gcríoch sin.

(3) Cibé uair a gheofar amach, ar dhaonáireamh a dhéanamh, gur mó ná 7,000 daonra cheantair uirbigh ar léir ón daonáireamh deireanach den sórt sin roimhe sin a dhaonra a bheith níos 1ú ná 7,000 beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas—

(a) leanfaidh an ceantar uirbeach sin, d'ainneoin an mhéadaithe sin ar a dhaonra, de bheith ina limistéar nach limistéar uirbeach chun críocha na Caibidle seo go dtí an 1ú lá d'Eanáir (ach gan an lá sin a áireamh) tar éis an dáta foilsithe a bheidh deimhnithe faoin alt seo i leith an daonáirimh sin agus (mura bhforáiltear a mhalairt le hordú faoin bhfo-alt seo) déanfar, an 1ú lá sin d'Eanáir, limistéar uirbeach de chun na gcríoch sin;

(b) féadfaidh an tAire, le hordú, a dhéanfaidh sé an 1ú lá sin d'Eanáir le comhthoiliú an Aire Airgeadais agus tar éis dó dul i gcomhairle le comhairle an cheantair uirbigh sin, a ordú go leanfaidh an ceantar uirbeach sin, d'ainneoin an mhéadaithe sin ar a dhaonra, de bheith ina limistéar nach limistéar uirbeach chun críocha na Caibidle seo, agus ar an ordú sin a bheith déanta amhlaidh leanfaidh an ceantar uirbeach sin de bheith ina limistéar nach limistéar uirbeach chun na gcríoch sin go dtí go bhforálfar a mhalairt le hordú faoi mhír (c);

(c) cibé uair a bheidh ordú déanta ag an Aire faoi mhír (b) maidir le ceantar uirbeach, féadfaidh sé, tráth ar bith ina dhiaidh sin, más cuí leis é, le hordú a dhéanfaidh sé le comhthoiliú an Aire Airgeadais agus tar éis dó dul i gcomhairle le comhairle an cheantair uirbigh sin, a ordú go ndéanfar, an 1ú lá d'Eanáir tar éis dáta an ordaithe sin, limistéar uirbeach den cheantar uirbeach sin chun críocha na Caibidle seo, agus ar an ordú sin a bheith déanta amhlaidh déanfar limistéar uirbeach den cheantar uirbeach sin an 1ú lá sin d'Eanáir chun na gcríoch sin.

CAIBIDIL 3

Pinsean Seanaoise agus Pinsean Dall (Neamhranníocach)

Pinsean Seanaoise

Léiriú.

[1974 (Uimh. 1), a. 6]

[1952, a. 77]

157. —Chun críocha na Caibidle seo—

ciallaíonn “leanbh cáilithe” i ndáil le héilitheoir nó le pinsinéir—

(a) leanbh cáilithe, mar a mhínítear in alt 2 (1), atá ina chónaí go rialta leis an éilitheoir nó leis an bpinsinéir, nó

(b) i gcás inar bean nach baintreach an t-éilitheoir nó an pinsinéir, leanbh cáilithe, mar a mhínítear amhlaidh, atá ina chónaí go rialta le fearchéile an éilitheora nó an phinsinéara nó le ceann an teaghlaigh ina bhfuil cónaí uirthi, nó

(c) i gcás inar baintreach an t-éilitheoir nó an pinsinéir—

(i) leanbh cáilithe, mar a mhínítear amhlaidh, nó

(ii) duine os cionn 18 mbliana d'aois agus faoi bhun 21 bhliain d'aois, atá ag fáil teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras oideachais eile agus ar leanbh cáilithe mar a mhínítear amhlaidh é dá mbeadh sé faoi bhun 18 mbliana d'aois,

agus atá ina chónaí go rialta léi;

is í an “acmhainn sheachtainiúil” an acmhainn bhliantúil arna roinnt ar 52.

Ceart chun pinsin.

[1908 OAP, a.1]

[1974 (Uimh. 2), a. 10]

158. —(1) Gach duine a mbeidh na coinníollacha atá leagtha síos leis an gCaibidil seo i leith pinsean seanaoise a fháil (dá ngairtear coinníollacha reachtúla sa Chaibidil seo) comhlíonta ina chás, beidh sé i dteideal pinsean den sórt sin faoin gCaibidil seo a fháil fad a leanfar de na coinníollacha sin a chomhlíonadh, agus fad nach mbeidh sé dícháilithe faoin gCaibidil seo chun an pinsean a fháil.

(2) Faoi réir alt 125, leanfar den phinsean a íoc go ceann tréimhse 6 sheachtain tar éis dáta báis pinsinéara a mbeidh méadú faighte aige faoi alt 162 (1) (d).

Coinníollacha reachtúla.

[1908 OAP, a. 2; 1976 (Uimh. 2), a. 13; 1977, a. 13; 1978, a. 3]

[1924 PSA, a. 8; 1980, a. 3]

[1932 PSA, a.2]

[1952, a. 80]

159. —(1) Is iad na coinníollacha reachtúla chun aon duine d'fháil pinsin seanaoise—

(a) go mbeidh aois inphinsin slánaithe ag an duine;

(b) nach mór don duine na húdaráis phinsin a shásamh go raibh sé ina chónaí sa Stát ar feadh tréimhse nach lú ná 15 bliana san iomlán; agus

(c) nach mór don duine na húdaráis phinsin a shásamh nach mó a acmhainn arna ríomh de réir na Rialacha atá sa Tríú Sceideal ná an t-uasmhéid iomchuí acmhainne ag ar féidir pinsean a íoc leis an duine sin de réir alt 161.

(2) Nuair a bheidh tréimhse chónaithe aon duine sa Stát á ríomh chun críocha na gcoinníollacha a fhorchuirtear le fo-alt (1) (b), déanfar aon seal a bhí sé as láthair go sealadach ón Stát agus nach faide ná 6 mhí sa tréimhse sin agus aon seal a raibh cónaí air i sean-Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann, sa tréimhse sin roimh an 6 Nollaig, 1922, agus aon seal a bhí sé as láthair ón Stát sa tréimhse sin inar chothaigh an duine sin aon chleithiúnaí sa Stát nó inar chuidigh sé le haon chleithiúnaí a chothú sa Stát, a áireamh sa tréimhse sin agus beidh siad ina gcuid di.

(3) I gcás bean a bheith i dteideal díreach sular shlánaigh sí aois inphinsin, pinsean baintrí (neamhranníocach) a fháil, ní gá na coinníollacha reachtúla a fhorchuirtear le fo-alt (1) (b) a chomhlíonadh ina cás.

Coinníollacha speisialta maidir le pinsean a fháil.

[1966 FI, a. 13; 1974 (Uimh. 2), a. 23]

160. —I gcás duine a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige a bheith ag fáil nó i dteideal sochair bhanchéile thréigthe, pinsin bhaintrí (ranníocach) nó pinsin seanaoise (ranníocach) nó ar duine é a bhfuil méadú ar an bpinsean deiridh sin iníoctha leis de bhua alt 81 (1) agus a bheadh, mura mbeadh alt 163 (4), (5) agus (6), cáilithe chun pinsean seanaoise a fháil—

(a) féadfar, d'ainneoin aon ní san alt sin 163(4), (5) agus (6), an pinsean seanaoise a íoc leis an duine sin in aghaidh aon tréimhse ar mhó ráta an phinsin is iníoctha ná ráta an tsochair bhanchéile thréigthe, an phinsin bhaintrí (ranníocach), an phinsin seanaoise (ranníocach) nó an méadú ar an gcéanna, de réir mar a bheidh, ab iníoctha, agus

(b) in aon chás ina n-íocfar amhlaidh an pinsean seanaoise, leanfar de bheith i dteideal sochair bhanchéile thréigthe, pinsin bhaintrí (ranníocach), pinsin seanaoise (ranníocach) nó an mhéadaithe ar an gcéanna, de réir mar a bheidh, ach aon sochar, pinsean nó méadú den sórt sin is iníoctha ar feadh aon tréimhse den sórt sin—

(i) ní íocfar é leis an duine ná ina leith, agus

(ii) íocfar é as an gCiste Árachais Shóisialaigh leis an Státchiste.

Rátaí pinsin agus méaduithe i leith leanaí cleithiúnacha.

[1952, a. 77; 1980, a. 3]

161. —(1) Is é an ráta pinsin seanaoise (dá ngairtear an ráta sceidealta sa Chaibidil seo) an ráta seachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Cheathrú Sceideal arna mhéadú, i gcás leanbh cáilithe nó leanaí cáilithe a bheith ann, mar atá leagtha amach i gcolún (4) den Chuid sin i leith linbh cháilithe nó gach duine de bheirt leanbh cháilithe agus, ina theannta sin, i gcás níos mó ná beirt leanbh den sórt sin a bheith ann, mar atá leagtha amach i gcolún (5) den Chuid sin i leith gach leanbh den sórt sin de bhreis ar bheirt.

(2) Beidh an pinsean iníoctha—

(a) i gcás nach mó ná £6 acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara, de réir an ráta sceidealta, agus

(b) i gcás ar mó ná £6 an acmhainn sheachtainiúil sin, de réir an ráta sceidealta arna laghdú mar atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid II den Cheathrú Sceideal i leith gach suim £1 (más ann) atá san acmhainn sheachtainiúil sin de bhreis ar £6, agus aon chodán de £1 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche sin mar £1: ach más lú ná 50p an ráta arna ríomh de bhun na míre seo ar dá réir, murach an coinníoll seo, a bheadh an pinsean iníoctha, ní bheidh an pinsean iníoctha.

Méaduithe i leith pinsinéirí éagumasacha agus i leith pinsinéirí pósta.

[1980, a. 3]

[1977, a. 2]

[1972, a. 2; 1979, a. 2]

[1969 FI, a. 16]

162. —(1) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin seanaoise is iníoctha de réir alt 161 a mhéadú—

(a) mar atá leagtha amach i gcolún (6) de Chuid I den Cheathrú Sceideal in aghaidh aon tréimhse—

(i) a mbeidh an pinsinéir chomh héagumasach sin go dteastóidh cúram agus aire lánaimsire uaidh,

(ii) a mbeidh gaol forordaithe leis an bpinsinéir ina chónaí leis an bpinsinéir chun an cúram agus an aire sin a thabhairt, agus

(iii) a gcomhlíonfar cibé coinníollacha a bheidh forordaithe, agus

(b) mar atá leagtha amach i gcolún (7) de Chuid I den Cheathrú Sceideal i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine atá i dteideal an phinsin agus é ina chónaí ina aonar, agus

(c) mar atá leagtha amach i gcolún (8) de Chuid I den Cheathrú Sceideal i gcás 80 bliain d'aois a bheith slánaithe ag an bpinsinéir, agus

(d) mar a ríomhfar de réir Chuid III den Cheathrú Sceideal i gcás ar duine de lánúin phósta an pinsinéir—

(i) más fear an pinsinéir, i leith a bhanchéile má tá sé ina chónaí léi nó á cothabháil go hiomlán nó go formhór agus nach bhfuil aon sochar, pinsean nó liúntas faoi Chuid II nó faoin gCuid seo á fháil aici, nó

(ii) más bean an pinsinéir, i leith a fearchéile má tá sí á chothabháil go hiomlán nó go formhór agus go bhfuil seisean éagumasach de dheasca éiglíocht coirp nó meabhrach ar é féin a chothú agus nach bhfuil aon sochar, pinsean nó liúntas faoi Chuid II nó faoin gCuid seo á fháil aige.

(2) Breithneoidh oifigeach breithiúnachta iarratas ar mhéadú faoi fho-alt (1) (a).

Dícháiliú.

[1911 OAP, a. 5; 1932 PSA, a. 4; 1960 FI, a. 7]

[1960 FI, a. 6]

[1908 OAP, a. 3; 1919 OAP, a. 10]

[1960 L, a. 20]

[1974 (Uimh. 2), a. 22]

163. —Ní íocfar aon suim ar cuntas pinsin seanaoise—

(a) le haon duine fad a bheidh sé as láthair ón Stát, nó

(b) mura bhfaighfear íocaíocht na suime laistigh de 3 mhí nó, in aon chás inar cuí leis an Aire, laistigh de 6 mhí tar éis an dáta a tháinig an tsuim chun bheith iníoctha.

(2) I gcás ina raibh duine, a rachaidh nó a chuaigh chun cónaithe i dTuaisceart Éireann, ag fáil pinsin seanaoise, díreach sula ndeachaigh sé chun cónaithe ann, féadfar an pinsean a íoc, d'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) (a) ach faoi réir fho-alt (1) (b)—

(a) go ceann tréimhse 5 bliana ó thosaigh an cónaí sin agus cónaí leanúnach a bheith ar an duine sin i dTuaisceart Éireann, nó

(b) go bhfaighidh an duine íocaíocht mar phinsean seanaoise nó mar chúnamh poiblí ón údarás iomchuí i dTuaisceart Éireann,

cibé acu is túisce a tharlóidh.

(3) I gcás ina gciontófar duine in aon chion agus go n-ordófar é a phríosúnú gan rogha fíneála nó go n-ordófar é a chur faoi phionós is troime ná sin, beidh sé dícháilithe chun pinsean seanaoise a fháil nó leanúint dá fháil fad a bheidh sé ar coinneáil i bpríosún de dhroim an ordaithe.

(4) Ach amháin mar a fhoráiltear in alt 160, má bhíonn duine ag fáil pinsin seanaoise (ranníocach) is dícháiliú é sin maidir leis an duine sin d'fháil pinsin seanaoise.

(5) Aon duine lenar iníoctha sochar faoi alt 87 nó a ndéanfar an ráta seachtainiúil pinsin seanaoise (ranníocach) is iníoctha le duine eile a mhéadú ina leith de bhua alt 81 (1), beidh sé, ach amháin mar a fhoráiltear in alt 160, dícháilithe, in aghaidh aon tréimhse dá mbeidh an sochar sin faoin alt sin 87 iníoctha leis nó a ndéanfar ráta seachtainiúil an phinsin sin is iníoctha leis an duine eile sin a mhéadú amhlaidh ina leith, chun pinsean seanaoise a fháil.

(6) Duine a mbeidh aois inphinsin slánaithe aici agus pinsean baintrí (ranníocach) nó sochar banchéile thréigthe á fháil aice, beidh sí, ach amháin mar a fhoráiltear in alt 160, dícháilithe chun pinsean seanaoise a fháil in aghaidh aon tréimhse a mbeidh an pinsean baintrí (ranníocach) nó an sochar banchéile thréigthe á fháil aici ina leith.

Cinntí agus achomhairc.

[1908 OAP, a. 7]

[1978, a. 21]

164. —(1) Is mar a leanas a bhreithneofar agus a chinnfear gach éileamh ar phinsin seanaoise agus gach ceist i dtaobh na coinníollacha reachtúla a bheith comhlíonta i gcás aon duine a mbeidh pinsean den sórt sin á éileamh aige, nó i dtaobh na coinníollacha sin a bheith á gcomhlíonadh i gcónaí i gcás duine a mbeidh an pinsean sin á fháil aige, nó i dtaobh duine a bheith dícháilithe chun pinsean a fháil nó pinsean a bheith á fháil aige i gcónaí—

(a) beidh aon éileamh nó ceist den sórt sin ar tarchur chuig an gcoiste pinsin áitiúil iomchuí de réir bhrí alt 165 (1), agus beidh ar an gcoiste (ach amháin i gcás ceist a thionscain an t-oifigeach leasa shóisialaigh agus a mbeidh an tuarascáil uirthi ón oifigeach sin faighte cheana ag an gcoiste), sula mbreithneoidh siad nó sula gcinnfidh siad an t-éileamh nó an cheist, í a tharchur chuig an oifigeach leasa shóisialaigh lena fiosrú agus le tuairisc a thabhairt uirthi,

(b) beidh ar an oifigeach leasa shóisialaigh iomchuí a cheapfar faoi alt 165 (4) fiosrúchán a dhéanamh agus tuarascáil a thabhairt ar aon éileamh nó ceist a tharchuirfear chuige amhlaidh, agus ar thuarascáil an oifigigh sin a fháil agus tar éis aon fhaisnéis eile maidir leis an éileamh nó leis an gceist a fháil uaidh nó ó aon fhoinse eile déanfaidh an coiste pinsin áitiúil, más gá, an cás a bhreithniú agus tabharfaidh siad a gcinneadh ar an éileamh nó ar an gceist.

(2) Is cinneadh críochnaitheach, dochloíte cinneadh an choiste phinsin áitiúil ar aon éileamh nó ceist nach dtarchuirfear chuig oifigeach achomhairc.

(3) D'ainneoin aon ní sa Chaibidil seo, i gcás arb é tuairim oifigigh leasa shóisialaigh go bhfuil na coinníollacha reachtúla comhlíonta chun pinsean seanaoise a fháil, féadfar an pinsean sin a íoc de réir ráta a shonróidh an t-oifigeach gan dochar d'aon chinneadh ina dhiaidh sin a bhaineann leis an bpinsean sin (nó le ráta an phinsin) ó choiste pinsin áitiúil nó ó oifigeach achomhairc.

Coistí pinsin áitiúla agus oifigigh leasa shóisialaigh.

[1908 OAP, a. 8, 11 (2)]

[1908 OAP, a.8 (4); R & O.R. Uimh. 18 de 1947 ; 1960 FI, a. 24]

165. —(1) Is é a bheidh sa choiste pinsin áitiúil coiste a bheidh ceaptha do gach buirg agus ceantar uirbeach, ina bhfuil, de thuras na huaire, daonra 10,000 nó os a chionn de réir an daonáirimh is deireanaí a foilsíodh, agus do gach contae (gan limistéar aon bhuirge nó ceantair den sórt sin a áireamh), ag comhairle na buirge, an cheantair nó an chontae. Ní gá, maidir leis na daoine a cheapfar chun bheith ina gcomhaltaí de choiste pinsin áitiúil, gur comhaltaí iad den chomhairle a cheapfaidh iad.

(2) Féadfaidh coiste pinsin áitiúil cibé fo-choistí agus cibé méid fo-choistí a cheapadh, arb é a bheidh iontu go hiomlán nó go páirteach comhaltaí an choiste amhail mar is cuí leis an gcoiste, agus féadfaidh coiste pinsin áitiúil aon chumhachtaí agus dualgais de chuid an choiste phinsin áitiúil faoin gCaibidil seo a tharmligean, go huile nó faoi cibé coinníollacha is cuí leo, chuig aon fho-choiste den sórt sin.

(3) Déanfar aon tagairt sa Chaibidil seo d'údaráis phinsin a fhorléiriú mar thagairt don oifigeach leasa shóisialaigh, don choiste pinsin áitiúil agus don oifigeach achomhairc, nó d'aon cheann díobh sin, de réir mar is gá sa chás.

(4) Ceapfaidh an tAire oifigigh leasa shóisialaigh agus féadfaidh an tAire cibé líon de na hoifigigh sin is cuí leis a cheapadh chun gníomhú do cibé limistéir a ordóidh sé.

Ceisteanna a thógáil.

[1911 OAP, a. 6]

166. —(1) Féadfar iarratas a dhéanamh tráth ar bith ar lamháil shealadach maidir le héileamh ar phinsean seanaoise a athrú nó a chúlghairm agus féadfar na ceisteanna seo a leanas a thógáil tráth ar bith—

(a) an raibh duine ag fáil pinsin seanaoise tráth ar bith nó le linn aon tréimhse nuair nach raibh na coinníollacha reachtúla comhlíonta, nó nuair a bhí sé dícháilithe chun an pinsean a fháil; agus

(b) an raibh duine, tráth ar bith nó le linn aon tréimhse, ag fáil pinsin seanaoise de réir ráta áirithe nuair ba mhó a acmhainn ná an méid ar chall pinsean a íoc de réir an ráta sin, agus, má bhí, cad é an ráta ar dá réir ba cheart an pinsean (más ann) a íoc, agus

(c) an bhfuil duine, atá ag fáil pinsin seanaoise de réir ráta áirithe, ag féachaint dá acmhainn, i dteideal pinsin de réir ráta is airde nó is ísle ná an ráta sin, agus, má tá, cad é an ráta ar dá réir ba cheart an pinsean (más ann) a íoc.

(2) Beidh feidhm ag alt 164 maidir le haon cheist nó iarratas den sórt sin amhail mar atá feidhm aige maidir le ceisteanna a luaitear san alt sin.

(3) Féadfar aon cheist den sórt sin a thógáil d'ainneoin cinneadh maidir le cuibheas aon chinneadh roimhe sin ón gcoiste pinsin áitiúil nó ón oifigeach achomhairc, de réir mar a bheidh, a bheith ag gabháil le breithniú na ceiste, ach, i gcás ina bhfreaschuirfear cinneadh a tugadh roimhe sin le cinneadh is déanaí ná sin, beidh duine a mbeidh aon suimeanna faighte aige ar cuntas pinsin seanaoise de réir an chinnidh roimhe sin, d'ainneoin aon ní in alt 169 (3), agus d'uireasa aon chalaois ar a los féin i dteideal aon suim a choimeád a fuarthas amhlaidh go dtí dáta an chinnidh is déanaí i gcás gur suim í a bheadh sé i dteideal a choimeád murach an cinneadh roimhe sin a bheith freaschurtha.

(4) I gcás ina dtógfar ceist i dtaobh duine a dhícháiliú chun pinsean seanaoise a fháil agus go líomhnaítear gur tharla an dícháiliú ó fuair an duine sin an pinsean, agus go bhfuil an dícháiliú ag dul ar aghaidh an tráth a thógfar an cheist, nó má bhíonn deireadh leis, gur cuireadh deireadh leis tráth ba ghiorra ná trí sheachtain roimh an am sin, scoirfear den phinsean a íoc, agus ní íocfar aon suim leis an bpinsinéir ar cuntas an phinsin tar éis an dáta a tógadh an cheist: ar choinníoll, má dhéantar cinneadh ar an gceist i bhfabhar an phinsinéara, go mbeidh sé i dteideal gach suim a fháil ab iníoctha leis dá mba rud é nár tógadh an cheist.

(5) Má bhíonn scor pinsin seanaoise, nó laghdú ar an ráta ar dá réir a íoctar an pinsean ag gabháil leis an gcinneadh ar aon cheist, nó más rud é, i gcás ar scoireadh den phinsean a íoc nuair a tógadh an cheist, nach i bhfabhar an phinsinéara a dhéanfar cinneadh ar an gceist, ní bheidh an duine a ndéanfar an cinneadh i leith a phinsin i dteideal pinsean a fháil nó pinsean a fháil de réir ráta is airde ná an ráta a chinnfidh an coiste nó an t-oifigeach achomhairc, de réir mar a bheidh, d'ainneoin aon athrú ar na himthosca, mura ndéanfaidh sé éileamh nua chun na críche sin agus go lamhálfar an t-éileamh nó, i gcás ina líomhnóidh sé go bhfuil sé i dteideal pinsean de réir ráta is airde a fháil, mura dtógfaidh sé ceist chun na críche sin agus go lamhálfar an pinsean de réir ráta is airde.

Tosach feidhme pinsean.

[1908 OAP, a. 5]

[1919 OAP, a. 6]

167. —(1) Déanfar pinsean seanaoise, faoi réir aon orduithe ón Aire i gcásanna speisialta, a íoc roimh ré go seachtainiúil i cibé slí agus faoi réir cibé coinníollacha maidir le céannacht nó eile a ordóidh an tAire.

(2) Faoi réir rialacháin faoi alt 170 (4), má lamháiltear pinsean seanaoise den chéad uair, tosóidh an pinsean ag faibhriú, agus más rud é, de bhua cinneadh ar aon cheist a tógadh, go dtiocfaidh pinsean chun bheith iníoctha de réir ráta is airde, tiocfaidh an pinsean chun bheith iníoctha de réir an ard-ráta an chéad Aoine tar éis an dáta a bhfaighidh an t-oifigeach leasa shóisialaigh an t-éileamh ar an bpinsean nó a bhfaighidh an t-oifigeach sin an fógra i dtaobh na ceiste, de réir mar a bheidh, nó an chéad Aoine tar éis an dáta a dtiocfaidh an t-éilitheoir nó an pinsinéir chun bheith i dteideal an phinsin den chéad uair nó a dtiocfaidh an pinsean chun bheith iníoctha de réir an ardráta den chéad uair, cibé acu is déanaí, nó más Aoine an dáta is déanaí den dá dháta sin, an Aoine sin.

(3) Más ar Aoine do lá saoire poiblí de réir bhrí an Achta um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973 , féadfaidh an tAire, más cuí leis, a ordú go ndéanfar suimeanna is iníoctha mar phinsean seanaoise an Aoine sin a íoc lá éigin eile, cibé acu is túisce nó is déanaí ná sin dó.

Forálacha ginearálta i dtaobh ionchúiseamh.

[1960 FI, a. 20; 1976 (Uimh. 2), a. 5, 11]

168. —(1)—Ní thionscnófar imeachtaí i leith cion faoin gCaibidil seo nó faoi rialacháin faoin gCaibidil seo ach amháin ag an Aire nó le toiliú an Aire nó ag oifigeach a bheidh údaraithe chuige sin le horduithe speisialta nó ginearálta ón Aire.

(2) Féadfar ionchúiseamh i leith cion faoin gCaibidil seo nó faoi rialacháin faoin gCaibidil seo a thionscnamh ar agra an Aire.

(3) D'ainneoin aon fhoráil in aon Acht a shonraíonn an tréimhse inar féidir imeachtaí a thionscnamh féadfar ionchúiseamh i leith cion faoin gCaibidil seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim, nó d'fheidhmiú forálacha, na Caibidle seo a thionscnamh tráth ar bith laistigh de cibé tréimhse díobh seo a leanas is deireanaí a rachaidh in éag—

(a) an tréimhse trí mhí dar tosach an dáta a dheimhneofar i scríbhinn arna séalú le séala oifigiúil an Aire gur tháinig fianaise ar dheis nó i seilbh an Aire ba leor le gur cheart an t-ionchúiseamh sin a thionscnamh, nó

(b) an tréimshe dhá bhliain dar tosach an dáta a rinneadh an cion.

(4) Chun críocha fho-alt (3), beidh deimhniú, a bheidh séalaithe le séala oifigiúil an Aire, i dtaobh an dáta a fuair sé an fhianaise sin ina fhianaise dhochloíte air sin.

(5) Má tharlaíonn in ionchúiseamh i leith cion faoin gCaibidil seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim, nó d'fheidhmiú forálacha, na Caibidle seo, go suífear chun sástacht na cúirte—

(a) go bhfuil iarratas déanta ag duine (dá ngairtear an cosantóir san alt seo) ar phinsean seanaoise, agus

(b) go ndearnadh de thoradh an iarratais sin pinsean a íoc le haon duine (cibé acu arbh é an pinsean sin a iarradh nó nárbh é agus cibé acu ar leis an gcosantóir a íocadh é nó nár leis),

toimhdeofar gur thug an cosantóir aon fhaisnéis a bheidh san iarratas (nó gur chuir sé faoi deara í a thabhairt thar a cheann) agus, i gcás ar faisnéis bhréagach an fhaisnéis sin, gurb eol dó go hiomlán gurbh fhaisnéis bhréagach í agus gur thug sé í le hintinn go meabhlódh sí; ach féadfar an toimhde sin a fhrisnéis.

Imeachtaí dlíthiúla.

[1908 OAP, a.9; 1960 FI, a.22; 1976 (Uimh. 2), a.9, 10]

[1908 OAP, a. 9]

[1976 (Uimh. 2), a. 12]

[1911 OAP, a. 7]

[1961 FI, a. 7]

[1960 FI, a. 21]

[1960 FI, a. 23]

169. —(1) Gach duine—

(a) a dhéanfaidh go feasach aon ráiteas nó uiríoll (scríofa nó ó bhéal) is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, nó a cheilfidh go feasach aon fhíoras is eol dó a bhaineann le hábhar, chun pinsean seanaoise a fháil nó a choimeád i bhfeidhm dó féin nó d'aon duine eile, nó chun pinsean a fháil nó a choimeád i bhfeidhm dó féin nó d'aon duine eile, is pinsean ar mó a mhéid ná an méid is iomchuí don chás, nó

(b) a gheobhaidh go feasach, íocaíocht pinsin, nó a leanfaidh dá fháil, gan teideal aige chuige nó is pinsean ar mó a mhéid ná an méid a bhfuil teideal aige chuige,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(2) Duine a chiontófar i gcion faoi fho-alt (1), beidh sé dícháilithe chun pinsean seanaoise a fháil go ceann tréimhse 6 mhí díreach tar éis dáta an chiontaithe. Ní bhainfidh an fo-alt seo le haon chion a rinneadh roimh an 12 Iúil, 1976.

(3) Má fhaightear amach tráth ar bith go raibh duine ag fáil pinsin seanaoise fad a bhí na coinníollacha reachtúla gan comhlíonadh ina chás nó fad a bhí sé dícháilithe chun pinsean a fháil, dlífear den duine sin nó, i gcás é d'fháil bháis, dlífear dá ionadaí pearsanta, aon suimeanna a íocadh leis i leith an phinsin fad a bhí na coinníollacha reachtúla gan comhlíonadh nó fad a bhí sé dícháilithe chun an pinsean a fháil a aisíoc leis an Aire, agus féadfar méid na suimeanna sin a ghnóthú mar fhiach atá dlite don Stát.

(4) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin faoin gCaibidil seo i dtaobh cionta is sárú nó neamhchomhlíonadh ar na rialacháin sin agus i dtaobh fíneáil nach mó a méid sonraithe ná £500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a ghearradh, de rogha na cúirte, i gcás ciontú go hachomair i gcion den sórt sin.

(5) Beidh feidhm ag fo-alt (3), fara na modhnuithe is gá, maidir le cásanna ina bhfaighfear pinsean seanaoise de réir ráta is airde ná an ráta sin is iomchuí don chás amhail mar atá feidhm aige maidir le cásanna ina raibh duine ag fáil pinsin seanaoise fad a bhí na coinníollacha reachtúla gan comhlíonadh.

(6) Chun críocha fho-ailt (3), (5), (7) agus an fho-ailt seo, beidh aon chinneadh ón gcoiste pinsin áitiúil faoi alt 164 ar aon cheist nach mbeidh tarchurtha chuig oifigeach achomhairc agus an cinneadh ón oifigeach achomhairc sin ar aon cheist a bheidh tarchurtha chuige de réir alt 298, ina bhfianaise dhochloíte ar aon ábhair a chinnfidh an coiste nó an t-oifigeach sin. Déanfar cóip d'aon chinneadh ón gcoiste pinsin áitiúil nó ó oifigeach achomhairc, má fhíordheimhnítear í mar a fhoráiltear le rialacháin arna ndéanamh chun na críche faoi alt 170, a ghlacadh i bhfianaise.

(7) Má dhlíonn aon duine atá ag fáil pinsin seanaoise aon suimeanna faoi fho-alt (3) a aisíoc leis an Aire mar gheall ar chinneadh an choiste phinsin áitiúil, nó oifigigh achomhairc i gcás ceist a tharchuirfear chuige, beidh an tAire, gan dochar dá chumhachtaí faoin bhfo-alt sin, i dteideal a ordú go mbainfear na suimeanna sin as aon suimeanna a mbeidh teideal ag an duine sin chucu ar cuntas pinsin seanaoise, mar a fhoráiltear le rialacháin arna ndéanamh chun na críche faoi alt 170: ar choinníoll, i gcás ionadaí phearsanta, gur as aon suimeanna a mbeidh teideal ag an duine sin chucu mar ionadaí pearsanta a dhéanfar an asbhaint.

(8) Féadfar an chumhacht a thugtar don Aire le fo-alt (7) a fheidhmiú d'ainneoin imeachtaí a bheith tionscanta i gcúirt chun na suimeanna a ghnóthú a bheidh dlite den duine a aisíoc leis an Aire mar a dúradh nó ordú a bheith déanta ag cúirt á cheangal ar an duine na suimeanna a íoc a bheidh dlite de a aisíoc leis an Aire mar a dúradh, agus, chun críocha an fho-ailt sin (7), measfar gur suimeanna a bheidh dlite den duine a aisíoc leis an Aire faoi fho-alt (3) aon chostais a cheanglóidh an t-ordú réamhráite a íoc leis an Aire.

(9) Más rud é, in aon imeachtaí sibhialta in aon chúirt, go suífear chun sástacht na cúirte gur lamháladh nó gur dámhadh pinsean seanaoise de bhun éilimh ó dhuine nó thar ceann duine nó gur athraíodh méid an phinsin ab iníoctha le duine nó i leith duine agus go raibh an pinsean a lamháladh nó a dámhadh amhlaidh nó a athraíodh amhlaidh i gcúrsa a íoctha tráth ar bith leis an duine lenarbh iníoctha an pinsean, toimhdeofar, i ngach cás, mura suífear a mhalairt, go raibh an duine sin ag fáil pinsean den mhéid a lamháladh nó a dámhadh amhlaidh, nó a athraíodh amhlaidh, de réir mar a bheidh, ón dáta a tháinig an pinsean den mhéid a lamháladh nó a dámhadh amhlaidh nó a athraíodh amhlaidh, de réir mar a bheidh, chun bheith iníoctha, go dtí an dáta, más aon dáta é, a n-athrófar méid an phinsin nó a n-athrófar tuilleadh é, de réir mar a bheidh, nó an dáta a scoirfidh an pinsean de bheith iníoctha, cibé acu mar gheall ar bhás an duine nó cúis eile é, cibé dáta acu is túisce.

(10) Aon fhiach a bheidh dlite don Stát nó don Aire faoin gCaibidil seo i leith íocaíochtaí pinsin seanaoise a íocadh le daoine tráthanna nach raibh teideal acu iad a fháil nó íocaíochtaí pinsin a íocadh le daoine de bhreis ar na méideanna a raibh teideal acu iad a fháil, féadfaidh an tAire, gan dochar d'aon leigheas eile, é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Rialacháin.

[1908 OAP, a. 10]

[1961 FI, a. 6]

[1919 OAP, a. 7]

[1952, a. 84]

170. —(1) Féadfaidh an tAire, i gcomhar leis an Aire Poist agus Telegrafa (a mhéid a bhainfidh le hOifig an Phoist), rialacháin a dhéanamh chun críocha na Caibidle seo—

(a) ina sonrófar an fhianaise a éileofar maidir le coinníollacha reachtúla a chomhlíonadh;

(b) ina sonrófar an tslí a bhféadfar éilimh ar phinsin a dhéanamh, agus an nós imeachta a bheidh le leanúint tráth a bheidh breithniú agus cinneadh á dhéanamh ar éilimh agus ceisteanna a bheidh le breithniú agus le cinneadh ag oifigigh leasa shóisialaigh agus coistí pinsin áitiúla nó ag oifigeach achomhairc, agus an modh a bhféadfar aon cheist a thógáil maidir le leanúint, i gcás pinsinéara, ag comhlíonadh na gcoinníollacha reachtúla, agus maidir le dícháiliú pinsinéara; agus

(c) maidir le líon, córam, téarma oifige agus imeachtaí i gcoitinne an choiste phinsin áitiúil agus maidir leis an gcoiste d'úsáid, le híocaíocht nó gan í, aon oifigí de chuid údaráis áitiúil, agus maidir leis an bhforáil a dhéanfar i dtaobh aon chaiteachais de chuid an choiste a bheidh le híoc faoi dheoidh ag an Aire a íoc láithreach.

(2) Forálfar le rialacháin go gcumasófar d'éilitheoirí ar phinsin a n-éilimh a dhéanamh agus faisnéis i dtaobh pinsean seanaoise faoin gCaibidil seo a fháil trí Oifig an Phoist, agus go lamhálfar éilimh ar phinsin go sealadach roimh an dáta a thiocfaidh an t-éilitheoir chun bheith iarbhír i dteideal an phinsin i cibé slí agus faoi réir cibé coinníollacha a leagfar sios leis na rialacháin, agus go n-éascófar, a mhéid is féidir, an nós imeachta i dtaobh aon éileamh ar phinsean nó ceist maidir le pinsean seanaoise faoin gCaibidil seo a bhreithniú agus a chinneadh.

(3) Féadfar a fhoráil le rialacháin freisin go gcumasófar do choiste pinsin áitiúil duine a cheapadh a dhéanfaidh, thar ceann aon éilitheora nó pinsinéara nach bhfuil in ann gníomhú, de dheasca aon éagumais mheabhrach nó éagumais eile, aon cheart a fheidhmiú a mbeidh teideal ag an éilitheoir nó ag an bpinsinéir sin chuige faoin gCaibidil seo agus go n-údarófar d'aon duine a bheidh ceaptha amhlaidh aon suimeanna is iníoctha mar phinsean seanaoise a ghlacadh thar ceann agus chun tairbhe an éilitheora nó an phinsinéara.

(4) Féadfar, le rialacháin, aon cheann d'fhorálacha ailt 112, 113, 128, 297, 298, 299 agus 300 nó d'fhorálacha arna ndéanamh faoi na hailt sin a chur chun feidhme maidir le pinsin faoin gCaibidil seo, agus féadfaidh aon fheidhm den sórt sin a bheith ina feidhm mhodhnaithe nó ina feidhm gan mhodhnú agus a bheith i dteannta nó in ionad forálacha láithreacha na Caibidle seo nó Chuid VIII.

Pinsin daoine i bhforais mheabhairghalar áirithe.

[1960 FI, a. 8]

[1965 FI, a. 11; 1969 FI, a. 17]

171. —(1) Faoi réir fho-alt (2), déanfar iomlán aon mhéideanna is iníoctha ar scór pinsin seanaoise le duine fad a bheidh an duine ar coinneáil in ospidéal meabhair-ghalar ceantair nó i bhfo-ospidéal meabhair-ghalar de réir bhrí an Achta Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 , nó fad a bheidh sé ar coinneáil in aon áit mar othar cáilithe de réir bhrí an Achta sin, nó sa Phríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar, a leithreasú mar chabhair chun costas cothabhála an duine san áit ina mbeidh sé ar coinneáil a íoc.

(2) I gcás ina ndéanfar pinsean duine a leithreasú faoi fho-alt (1), féadfaidh an duine is feighlí, de réir bhrí an Achta sin, ar an áit ina bhfuil an duine ar coinneáil, nó, má bhíonn an duine ar coinneáil sa Phríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar, féadfaidh Lia Cónaitheach agus Gobharnóir an Phríomh-Ospidéil sin, dá rogha féin amháin, ceachtar ní nó an dá ní acu seo a leanas a dhéanamh—

(a) cibé cuid den phinsean is cuí leis sna himthosca áirithe a íoc leis an duine chun a úsáide féin, más rud é, de réir a thuairime, gur féidir leis an duine an chuid a íocfar amhlaidh a úsáid i gceart,

(b) íocaíocht a dhéanamh as an bpinsean san iomlán nó sa chuid den oiread sin de na híocaíochtaí seo a leanas is cuí leis an bhfeighlí a dhéanamh sna himthosca agus a thagann chun bheith le déanamh ag an duine, is é sin le rá, cíos, bunchíos, rátaí (lena n-áirítear rátaí uisce), blianachtaí talamh-cheannaigh, íocaíochtaí i leith muirear nó morgáistí, blianachtaí ceannaigh iostán, tráthchodanna is iníoctha faoi chomhaontuithe fruilcheannaigh nó díola creidmheasa agus préimheanna árachais.

Fógra i dtaobh méadú ar acmhainn.

[1960, FI, a. 16]

[1979, a. 27]

172. —(1) I gcás—

(a) pinsean seanaoise a bheith á fháil ag duine nó éileamh ar phinsean nár cinneadh go críochnaitheach a bheith déanta aige, agus

(b) (i) ioncam an duine sin in airgead, nó

(ii) an méid maoine atá ag an duine sin nó a úsáideann nó a theachtann sé go pearsanta,

a bheith méadaithe ón dáta deiridh a rinne oifigeach leasa shóisialaigh imscrúdú faoi nó, mura ndearnadh aon imscrúdú den sórt sin, ón dáta a rinneadh an t-éileamh, déanfaidh an duine, sula mbeidh an tréimhse 3 mhí tar éis deireadh na míosa inar tharla an méadú sin caite, fógra i dtaobh an mhéadaithe a thabhairt, nó a chur faoi deara go dtabharfar é, d'oifigeach leasa shóisialaigh.

(2) Dlífidh duine a sháróidh fo-alt (1) nó, má bhíonn sé marbh, a ionadaí pearsanta, mura gcruthófar chun sástacht an Aire nárbh eol don duine an méadú lenar bhain an sárú, agus d'ainneoin aon ní in alt 166 (3), go n-íocfaidh sé leis an Aire ar an Aire á éileamh sin—

(a) má bhí an duine, de dheasca an tsáraithe, ag fáil pinsin seanaoise am nach raibh sé i dteideal é a fháil, na suimeanna a íocadh leis ar scór an phinsin i rith an ama sin, agus

(b) má bhí an duine, de dheasca an tsáraithe, ag fáil pinsin de mhéid ba mhó ná an méid a raibh teideal aige é a fháil, cibé codanna de na suimeanna a íocadh leis ar scór an phinsin agus ar bhreis iad ar na suimeanna a bhí sé i dteideal a fháil.

(3) Aon suim is iníoctha ag duine leis an Aire faoin alt seo, is fiach í a bheidh dlite den duine sin don Aire.

(4) I gcás fo-alt (1) a bheith sáraithe ag duine agus gur deimhin leis an Aire nach raibh, i ndáil leis an sárú, aon chalaois ar intinn ag an duine agus nach bhfuil aon acmhainní suntasacha ar fáil ag an duine sin, ní bheidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (3) i ndáil leis an méadú dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

Faisnéis a thabhairt d'oifigigh leasa shóisialaigh.

[1960 FI, a. 17]

173. —(1) Duine a bheidh ag fáil pinsin seanaoise, déanfaidh sé, ar oifigeach leasa shóisialaigh dá iarraidh sin air i gcúrsa imscrúdaithe i dtaobh acmhainn an duine, agus laistigh de cibé tréimhse (nach giorra ná 30 lá) a shonrófar san iarraidh—

(a) cibé faisnéis, leabhair agus doiciméid a bheidh ar urláimh nó i seilbh an duine nó ar fáil aige agus a iarrfaidh an t-oifigeach le réasún a thabhairt dó, agus a cheadú dó sleachta a thógáil as na leabhair agus as na doiciméid agus cibé faisnéis a thabhairt dó a iarrfaidh sé le réasún i ndáil leis na sleachta sin, agus

(b) údarás a thabhairt don oifigeach aon taifid a bhaineann le gnó an duine i leabhair aon bhainc (lena n-áirítear aon bhanc taisce) a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh de na taifid sin agus cibé faisnéis a thabhairt don oifigeach a bheidh ar urláimh nó i seilbh an duine nó ar fáil aige agus a iarrfaidh sé le réasún i ndáil leis na taifid sin.

(2) Má mhainníonn duine a bheidh ag fáil pinsin seanaoise iarraidh faoi fho-alt (1) a chomhlíonadh, déanfaidh an tAire, nó oifigeach don Aire a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag an Aire, íoc an phinsin a fhionraí, agus

(a) mairfidh an fhionraí go dtí cibé tráth (más ann) a gcomhlíonfar an iarraidh nó ar deimhin leis an Aire—

(i) nach bhfuil aon chuid den fhaisnéis, de na leabhair nó de na doiciméid lenar bhain an iarraidh ar urláimh ná i seilbh an duine nó nach bhfuil fáil aige ar an gcéanna,

(ii) nach ndearna an duine aon cheann de na leabhair nó de na doiciméid sin a dhiúscairt, ó rinneadh an iarraidh, chun faisnéis i ndáil lena acmhainn a cheilt, agus

(iii) má iarradh an t-údarás dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b), gur tugadh an t-údarás sin,

(b) ní bheidh teideal ag an duine tráth ar bith aon íocaíocht a fháil ar scór an phinsin in aghaidh tréimhse fionraí an phinsin, ach amháin, i gcás ina n-atosófar faoi mhír (c) ar an bpinsean a íoc, cibé íocaíocht (más ann) a dhéanfar leis faoin mír sin, agus

(c) cibé tráth (más ann) a chomhlíonfar an iarraidh nó a mbeidh an tAire deimhneach mar a dúradh, agus má bhíonn teideal ag an duine an tráth sin, ag féachaint dá acmhainn, chun an pinsean a fháil, atosófar ar an bpinsean a íoc, de réir an ráta is iomchuí an tráth sin, ag féachaint dá acmhainn, agus íocfar leis an duine cibé suim (más ann) i leith tréimhse fionraí an phinsin is cuí leis an Aire sna himthosca.

Ionadaithe pearsanta do thabhairt faisnéise d'oifigigh leasa shóisialaigh.

[1960 FI, a. 18; 1976 (Uimh. 2), a. 9]

[1960 FI, a. 19]

174. —(1) Déanfaidh ionadaí pearsanta duine a bhí, tráth ar bith, ag fáil pinsin seanaoise, ar oifigeach leasa shóisialaigh á iarraidh sin air chun críocha fiosrúcháin agus tuarascála i ndáil leis an bpinsean, agus laistigh de cibé tréimhse (nach giorra ná 30 lá) a shonrófar san iarraidh—

(a) cibé faisnéis, leabhair agus doiciméid a bhaineann le gnó an duine a bheidh ar urláimh nó i seilbh an ionadaí phearsanta nó ar fáil aige agus a iarrfaidh an t-oifigeach le réasún a thabhairt dó agus a cheadú don oifigeach sleachta a thógáil as na leabhair agus as na doiciméid, agus cibé faisnéis a thabhairt dó a iarrfaidh sé le réasún i ndáil leis na sleachta sin, agus

(b) údarás a thabhairt don oifigeach aon taifid a bhaineann le gnó an duine i leabhair aon bhainc (lena n-áirítear aon bhanc taisce) a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh de na taifid sin agus cibé faisnéis a thabhairt don oifigeach a bheidh ar urláimh nó i seilbh an ionadaí phearsanta nó ar fáil aige agus a iarrfaidh sé le réasún i ndáil leis na taifid sin.

(2) Duine a mhainneoidh iarraidh faoi fho-alt (1) a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(3) Déanfaidh ionadaí pearsanta duine a bhí, tráth ar bith, ag fáil pinsin, sula ndáilfidh sé sócmhainní an duine, a chur in iúl don Aire, trí fhógra i scríbhinn a sheachadfar don Aire tráth nach giorra ná trí mhí sula dtosóidh an dáileadh, go bhfuil ar intinn aige na sócmhainní a dháileadh.

(4) Ionadaí pearsanta a sháróidh fo-alt (3) agus a dháilfidh sócmhainní an duine arb é ionadaí a eastáit é gan aon suim a íoc a bheidh dlite don Aire i leith—

(a) íocaíochtaí pinsin a íocadh leis an duine nuair nach raibh an duine i dteideal an pinsean a fháil, nó

(b) íocaíochtaí pinsin a íocadh leis an duine de bhreis ar na méideanna a raibh teideal ag an duine iad a fháil,

dlífidh sé go pearsanta méid a aisíoc leis an Aire is comhionann leis an méid (más ann) a bheadh faighte ag an Aire dá ndéanfaí, agus eastát an duine á riaradh, an tsuim a dúradh a chur san áireamh go cuí agus a aisíoc leis an Aire a mhéid (más ann) is iomchuí, ag féachaint do shócmhainní an duine, agus beidh an méid sin ina fhiach a bheidh dlite den ionadaí pearsanta don Aire.

Pinsean Dall

Ceart chun pinsin agus coinníollacha reachtúla.

[1976 (Uimh. 2), a. 13; 1980, a. 4]

175. —(1) Beidh gach dall a bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige i dteideal cibé pinsean (dá ngairtear pinsean dall san Acht seo) a fháil, agus leanúint dá fháil, a bheadh sé i dteideal a fháil faoin gCaibidil seo dá mbeadh aois inphinsin slánaithe aige, agus beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo agus alt 4 i dtaobh caiteachas ar gach bealach i gcás an duine sin faoi réir na modhnuithe seo a leanas—

(a) cuirfear in ionad an choinníll reachtúil atá in alt 159 (1) (a) an coinníoll nach foláir nó gur duine é an duine sin a bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige agus go sásóidh sé na húdaráis phinsin go bhfuil sé chomh dall sin nach féidir leis aon obair a dhéanamh a bhfuil radharc na súl riachtanach di nó nach féidir leis leanúint dá ghnáth-shlí bheatha; agus

(b) cuirfear in ionad an choinníll reachtúil atá in alt 159(1)(b) coinníoll go sásóidh an duine na húdaráis phinsin go raibh sé, ó shlánaigh sé 10 mbliana d'aois, ina chónaí sa Stát ar feadh 5 bliana san iomlán, agus beidh ag forálacha alt 159 (2) i ndáil le léiriú alt 159 (1) feidhm maidir le léiriú an choinníll a fhorchuirtear leis an mír seo.

(2) Ní bheidh dall a bhfuil pinsean iníoctha ina leith faoin alt seo ina leanbh cáilithe chun críocha an Achta seo.

CAIBIDIL 4

Pinsin Bhaintrí agus Dílleachta (Neamhranníocach)

Léiriú.

[1935 PBD, a. 3; 1952, a. 109; 1969 FI, a. 9; 1970, a. 29]

[1952, a. 105 (2); 1980, a. 11]

[1980, a. 9, 11]

[1935 PBD, a. 2]

176. —(1) Chun críocha na Caibidle seo—

ciallaíonn “leanbh cáilithe” leanbh cáilithe mar a mhínítear in alt 2(1) agus folaíonn sé duine atá os cionn 18 mbliana d'aois agus faoi bhun 21 bhliain d'aois agus é ag fáil teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras oideachais eile agus a bheadh, dá mbeadh sé faoi bhun 18 mbliana d'aois, ina leanbh cáilithe mar a mhínítear amhlaidh;

ní thagraíonn “fearchéile”, i ndáil le bean a phós níos mó ná uair amháin, ach don fhearchéile is déanaí aici;

ciallaíonn “pinsean” pinsean baintrí (neamhranníocach) nó pinsean dílleachta (neamhranníocach) faoin gCaibidil seo de réir mar a éileoidh an cás;

ríomhfar acmhainn de réir na Rialacha atá sa Tríú Sceideal;

is í an “acmhainn sheachtainiúil” an acmhainn bhliantúil arna roinnt ar 52.

(2) I gcás ina n-athphósfaidh baintreach ní mheasfar, chun críocha na Caibidle seo, gurb í baintreach an fhearchéile a bhí aici roimhe sin í.

Pinsean Baintrí

Ceart chun pinsin.

[1935 PBD, a. 19; 1980, a. 10]

[1935 PBD, a. 22; 1979, a. 7]

177. —(1) Faoi réir an Achta seo, beidh pinsean baintrí (neamhranníocach) iníoctha le baintreach.

(2) Bean a bhfaighidh a fearchéile bás le linn di bheith ag fáil nó i dteideal liúntais bhanchéile thréigthe, beidh sí, faoi réir fhorálacha na Caibidle seo, i dteideal, in ionad an liúntais sin, pinsin bhaintrí (neamhranníocach) de réir an ráta chéanna le ráta an liúntais bhanchéile thréigthe ab iníoctha léi.

(3) Pinsean baintrí (neamhranníocach) is iníoctha le baintreach, leanfaidh sé, faoi réir na Caibidle seo, de bheith iníoctha mura n-athphósfaidh sí agus i gcás den sórt sin scoirfidh an pinsean ar a hathphósadh agus uaidh sin amach.

Rátaí pinsin agus méaduithe i leith leanaí cleithiúnacha.

[1935 PBD, a. 20; 1980, a. 9]

178. —(1) Is é an ráta pinsin bhaintrí (neamhranníocach) (dá ngairtear an ráta sceidealta san alt seo) an ráta seachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Cheathrú Sceideal arna mhéadú i gcás leanbh cáilithe nó leanaí cáilithe a bheith ann, mar atá leagtha amach i gcolún (4) nó (5) den Chuid sin i leith gach leanbh cáilithe a chónaíonn go rialta leis an mbaintreach.

(2) Beidh pinsean baintrí (neamhranníocach) iníoctha—

(a) i gcás nach mó ná £6 acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara, de réir an ráta sceidealta, agus

(b) i gcás ar mó ná £6 an acmhainn sheachtainiúil, de réir an ráta sceidealta arna laghdú mar atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid II den Cheathrú Sceideal i leith gach suim £1 (más ann) atá san acmhainn sheachtainiúil sin de bhreis ar £6, agus aon chodán de £1 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche sin mar £1: ach más lú ná 50p an ráta arna ríomh de bhun na míre seo ar dá réir, mura mbeadh an coinníoll seo, a bheadh an pinsean iníoctha, ní bheidh an pinsean iníoctha.

Méaduithe i leith pinsinéirí éagumasacha.

[1980, a. 9]

179. —Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin is iníoctha de réir alt 178 a mhéadú—

(a) mar atá leagtha amach i gcolún (6) de Chuid I den Cheathrú Sceideal in aghaidh aon tréimhse—

(i) ina mbeidh an bhaintreach tar éis aois inphinsin a shlánú agus ina mbeidh sí chomh héagumasach sin go dteastóidh cúram agus aire lánaimsire uaithi,

(ii) ina mbeidh gaol forordaithe leis an mbaintreach ina chónaí leis an mbaintreach chun an cúram agus an aire sin a thabhairt, agus

(iii) ina gcomhlíonfar cibé coinníollacha a bheidh forordaithe, agus

(b) mar atá leagtha amach i gcolún (7) de Chuid I den Cheathrú Sceideal i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine atá i dteideal an phinsin agus í ina cónaí ina haonar, agus

(c) mar atá leagtha amach i gcolún (8) de Chuid I den Cheathrú Sceideal i gcás 80 bliain d'aois a bheith slánaithe ag an bpinsinéir.

Dícháiliú.

[1935 PBD, a. 30; I.R. Uimh. 25 de 1953 ]

180. —(1) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt le rialacháin, beidh baintreach dícháilithe chun pinsean baintrí (neamhranníocach) (lena n-áirítear aon mhéadú i leith linbh cháilithe) a fháil in aghaidh aon tréimhse a bheidh sí faoi phianseirbhís, faoi phríosúnacht nó faoi choinneáil i gcoimeád dleathach.

(2) Féadfar a fhoráil le rialacháin go bhfionrófar íocaíocht pinsin le haon bhaintreach nó ina leith in aghaidh aon tréimhse den sórt sin a luaitear i bhfo-ailt (1) a bheidh eiscthe ó oibriú an fho-ailt sin nó is iníoctha seachas i leith na tréimhse sin.

(3) D'ainneoin duine a dhícháiliú de bhua fho-alt (1) chun pinsean a fháil lena ngabhann méadú i leith linbh cháilithe, déanfar an méadú sin, i cibé cásanna a fhorordófar, a íoc leis an duine forordaithe.

(4) Má bhíonn baintreach, agus fad a bheidh sí, agus aon duine eile ag maireachtáil i bhfochair a chéile mar lánúin phósta, ní bheidh teideal aici agus beidh sí dícháilithe chun íocaíocht pinsin bhaintrí (neamhranníocach) a fháil.

Forálacha i gcoinne pinsean dúbailte.

[1935 PBD, a. 32; I.R. Uimh. 247 de 1966]

181. —(1) I gcás ina mbeadh, faoin gCaibidil seo, teideal ag baintreach, mura mbeadh an fo-alt seo, chun pinsin bhaintrí (ranníocach) agus chun pinsin bhaintrí (neamhranníocach), ní bheidh an pinsean baintrí (neamhranníocach) iníoctha ach a mhéid a fhorálfar le rialacháin faoi alt 130.

(2) Ní bheidh níos mó ná pinsean baintrí (ranníocach) amháin nó pinsean baintrí (neamhranníocach) amháin iníoctha le haon bhaintreach áirithe.

Pinsean Dílleachta

Ceart chun pinsin.

[1935 PBD, a.24, 32; 1948, a. 52; 1952, a. 114]

182. —(1) Faoi réir an Achta seo, beidh pinsean dílleachta (neamhranníocach) iníoctha i leith dílleachta.

(2) Ní bheidh níos mó ná pinsean amháin iníoctha i leith aon dílleachta áirithe.

(3) Ní bheidh pinsean iníoctha i leith dílleachta a mbeidh méadú faoi alt 95 (1) nó 178 (1) inéilithe ina leith.

Na rátaí pinsin.

[1980, a. 11]

183. —Is é an ráta seachtainiúil pinsin dílleachta (neamhranníocach)—

(a) i gcás nach mó ná £1 acmhainn sheachtainiúil an dílleachta, an ráta atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Cheathrú Sceideal, agus

(b) i gcás ar mó ná £1 a acmhainn sheachtainiúil, an ráta sin arna laghdú mar atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid II den Cheathrú Sceideal i leith gach suim £1 (más ann) atá san acmhainn sheachtainiúil sin de bhreis ar £1, agus aon chodán de £1 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche sin mar £1: ach más lú ná 50p an ráta arna ríomh de bhun na míre seo ar dá réir, mura mbeadh an coinníoll seo, a bheadh an pinsean iníoctha, ní bheidh an pinsean iníoctha.

Ilghnéitheach

Éilimh.

[1952, a. 29; I.R. Uimh. 25 de 1953 ]

184. —Chun críche na Caibidle seo, measfar, maidir le haon éileamh nó fógra a dhéanfar nó a chuirfear leis an bpost, gur ar an lá a cuireadh sa phost é a rinneadh nó a tugadh é.

Ceapadh agus dualgais oifigeach leasa shóisialaigh.

[1935 PBD, a. 47, 48;

1960 FI, a. 24]

185. —(1) Féadfaidh an tAire, le ceadú Aire na Seirbhíse Poiblí, cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh leasa shóisialaigh chun críocha na Caibidle seo.

(2) Déanfaidh gach oifigeach den sórt sin imscrúdú agus tabharfaidh sé tuarascáil don Aire i dtaobh aon éilimh ar phinsean nó i leith pinsin agus i dtaobh aon cheist maidir le pinsean nó i ndáil le pinsean a tharchuirfidh an tAire chuige, agus féadfaidh sé, chun críche an imscrúdaithe agus na tuarascála sin, a cheangal ar éilitheoir ar phinsean nó ar phinsinéir nó aon fhostóir de chuid an éilitheora nó an phinsinéara cibé faisnéis a thabhairt dó agus cibé doiciméid a bhaineann leis an éilitheoir nó leis an bpinsinéir sin a theastóidh uaidh le réasún a thabhairt ar aird dó lena n-iniúchadh.

(3) Má mhainníonn duine, is éilitheoir ar phinsean nó pinsinéir nó fostóir éilitheoir ar phinsean nó fostóir pinsinéara, cibé faisnéis a thabhairt d'oifigeach leasa shóisialaigh a cheanglaítear air a thabhairt dó leis an alt seo nó cibé doiciméid a thabhairt ar aird d'oifigeach leasa shóisialaigh a cheanglaítear air a thabhairt ar aird dó leis an alt seo, beidh an duine ciontach i gcion faoin alt seo agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £5 a chur air.

Duine a bheith as láthair ón Stát.

[1935 PBD, a. 29; 1937 PBD, a. 18; 1978, a. 8]

186. —(1) I gcás ina mbeidh duine, le linn tréimhse ar bith, ina chónaí lasmuigh den Stát, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas—

(a) ní dheonófar pinsean don duine sin ná i leith an duine sin,

(b) má deonaíodh pinsean don duine sin nó i leith an duine sin, ní bheidh aon suim iníoctha le linn na tréimhse sin ar cuntas an phinsin sin.

(2) Ní oibreoidh aon ní i bhfo-alt (1) chun go gcoiscfear, i gcás duine a bheith ina chónaí ar feadh tréimhse ar bith lasmuigh den Stát—

(a) pinsean a dheonú don duine sin nó i leith an duine sin más rud é go ndearnadh éileamh ar an bpinsean sin sular tháinig an duine sin chun bheith ina chónaí amhlaidh, nó

(b) pinsean a dheonófar de bhua mhír (a) a íoc in aghaidh aon tréimhse roimh theacht don duine sin chun bheith ina chónaí amhlaidh (ach ní ina dhiaidh sin), nó

(c) aon riaráiste pinsin a dheonófar don duine sin nó i leith an duine sin (is riaráiste a bheidh dlite in aghaidh tréimhse roimh theacht don duine sin chun bheith ina chónaí amhlaidh) a íoc.

Tosach feidhme pinsean.

[1935 PBD, a. 35; 1937 PBD, a. 19]

187. —(1) Faoi réir rialachán faoi alt 189 (3), i gcás ina dtiocfaidh duine chun bheith i dteideal pinsin, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas—

(a) i gcás ina ndéanfar éileamh ar an bpinsean roimh dheireadh trí mhí tar éis an dáta a thiocfaidh an duine chun bheith i dteideal an phinsin, tosóidh an pinsean ag faibhriú an dáta sin,

(b) in aon chás eile, tosóidh an pinsean ag faibhriú an dáta a dhéanfar an t-éileamh.

(2) Maidir leis an dáta a thosódh pinsean ag faibhriú faoi fho-alt (1) más lá é den tseachtain seachas lá a bheidh forordaithe mar an lá sa tseachtain a mbeidh na híocaíochtaí seachtainiúla ar cuntas pinsean den aicme sin le déanamh, ní thosóidh an pinsean ag faibhriú go dtí cibé lá forordaithe sa tseachtain díreach tar éis an lae chéadluaite.

Pionós mar gheall ar ráitis bhréagacha.

[1935 PBD, a. 58; 1961 FI, a. 13; 1976 (Uimh. 2), a. 9, 10]

[1976 (Uimh. 2), a. 5]

[1976 (Uimh. 2), a. 11]

[1960 FI, a. 21]

[1976 (Uimh. 2), a. 12]

188. —(1) Gach duine—

(a) a dhéanfaidh, go feasach, aon ráiteas nó uiríoll (scríofa nó ó bhéal) is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, nó a cheilfidh go feasach aon fhíoras a bhaineann le hábhar, chun pinsean a fháil nó a choimeád i bhfeidhm dó féin nó d'aon duine eile, nó chun pinsean a fháil nó a choimeád i bhfeidhm dó féin nó d'aon duine eile de réir ráta is airde ná an ráta is iomchuí don chás, nó

(b) a gheobhaidh, go feasach, íocaíocht pinsin, nó a leanfaidh de bheith á fháil, agus é dícháilithe chun an pinsean sin a fháil nó gan teideal aige chuige nó is pinsean ar mó a mhéid ná an méid atá sé i dteideal a fháil, nó

(c) a gheobhaidh nó a ghlacfaidh go feasach aon íocaíocht pinsin ar cuntas pinsin nach bhfuil iníoctha leis ar chúis ar bith,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(2) Duine a chiontófar i gcion faoi fho-alt (1) i ndáil le pinsean baintrí (neamhranníocach), beidh sé dícháilithe chun an pinsean sin a fháil go ceann tréimhse 6 mhí díreach tar éis dáta an chiontaithe. Ní bhainfidh an fo-alt seo le haon chion a rinneadh roimh an 12 Iúil, 1976.

(3) Beidh feidhm ag an alt seo, fara na modhnuithe is gá, i gcás duine a n-íocfar pinsean nó méadú i leith linbh cháilithe leis faoi aon cheann d'fhorálacha na Caibidle seo i leith aon duine nó chun tairbhe d'aon duine.

(4) D'ainneoin aon fhoráil in aon Acht a shonraíonn an tréimhse inar féidir imeachtaí a thionscnamh, féadfar ionchúiseamh i leith cion faoin gCaibidil seo, nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim, nó d'fheidhmiú forálacha, na Caibidle seo, a thionscnamh tráth ar bith laistigh de cibé tréimhse díobh seo a leanas is deireanaí a rachaidh in éag—

(a) an tréimhse trí mhí dar tosach an dáta a ndeimhneofar i scríbhinn arna séalú le séala oifigiúil an Aire gur tháinig fianaise ar dheis nó i seilbh an Aire ba leor le gur cheart an t-ionchúiseamh sin a thionscnamh, nó

(b) an tréimhse dhá bhliain dar tosach an dáta a rinneadh an cion.

(5) Má tharlaíonn in ionchúiseamh i leith cion faoin gCaibidil seo, nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim, nó d'fheidhmiú forálacha, na Caibidle seo, go suífear chun sástacht na cúirte—

(a) go bhfuil iarratas déanta ag duine (dá ngairtear an cosantóir san alt seo) ar phinsean, agus

(b) go ndearnadh de thoradh an iarratais sin pinsean a íoc le haon duine (cibé acu arbh é an pinsean sin a iarradh nó nárbh é agus cibé acu ar leis an gcosantóir a íocadh é nó nár leis),

toimhdeofar gur thug an cosantóir aon fhaisnéis a bheidh san iarratas (nó gur chuir sé faoi deara í a thabhairt thar a cheann) agus, i gcás inar faisnéis bhréagach an fhaisnéis sin, gurb eol dó go hiomlán gurbh fhaisnéis bhréagach í agus gur thug sé í le hintinn go meabhlódh sí; ach féadfar an toimhde sin a fhrisnéis.

(6) Más rud é, in aon imeachtaí sibhialta in aon chúirt, go suífear chun sástacht na cúirte gur lamháladh nó gur dámhadh pinsean de bhun éilimh ó dhuine nó thar ceann duine nó gur athraíodh méid an phinsin ab iníoctha le duine nó i leith duine agus go raibh an pinsean a lamháladh nó a dámhadh amhlaidh nó a athraíodh amhlaidh i gcúrsa a íoctha tráth ar bith leis an duine lenarbh iníoctha an pinsean, toimhdeofar, i ngach cás, mura suífear a mhalairt, go raibh an duine sin ag fáil pinsean den mhéid a lamháladh nó a dámhadh amhlaidh nó a athraíodh amhlaidh, de réir mar a bheidh, ón dáta a tháinig an pinsean den mhéid a lamháladh nó a dámhadh amhlaidh nó a athraíodh amhlaidh, de réir mar a bheidh, chun bheith iníoctha go dtí an dáta, más aon dáta é, a n-athrófar an pinsean nó a n-athrófar tuilleadh é, de réir mar a bheidh, nó an dáta a scoirfidh an pinsean de bheith iníoctha, cibé acu mar gheall ar bhás an duine nó cúis eile é, cibé dáta acu is túisce.

(7) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin faoin gCaibidil seo i dtaobh cionta is sárú nó neamhchomhlíonadh ar na rialacháin sin agus i dtaobh fíneáil nach mó a méid sonraithe ná £500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a ghearradh, de rogha na cúirte, i gcás ciontú go hachomair i gcion den sórt sin.

Rialacháin.

[1935 PBD, a. 65]

[1952, a. 121]

189. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a) lena sonrófar an modh a bhféadfar éilimh ar phinsin a dhéanamh, agus an modh a n-íocfar pinsin;

(b) lena sonrófar an nós imeachta a leanfar i gcás tarchur faoin gCaibidil seo, agus chun aon cheann d'fhorálacha an Common Law Procedure Amendment Act (Ireland), 1856, a chur i bhfeidhm chun críocha aon tarchuir den sórt sin, agus chun feidhmiú aon cheann d'fhorálacha eile an Achta sin a eisiamh;

(c) lena n-údarófar, i cibé cásanna a bheidh forordaithe, aon suim a íoc mar phinsean le linn aon tréimhse idir an tráth a ndéanfar aon éileamh nó a dtarchuirfear aon cheist agus an tráth a gcinnfear an t-éileamh nó an cheist go críochnaitheach;

(d) lena bhféadfar duine a cheapadh a dhéanfaidh, thar ceann aon éilitheora nó duine atá i dteideal nó ag fáil pinsin ach nach bhfuil in ann gníomhú, de dheasca aon éagumais mheabhrach nó éagumais eile, aon cheart a fheidhmiú a mbeidh teideal ag an éilitheoir nó ag an duine sin chuige faoin gCaibidil seo, agus chun a údarú d'aon duine arna cheapadh amhlaidh aon phinsean a ghlacadh thar ceann agus chun tairbhe an éilitheora nó an duine;

(e) lena bhforálfar, d'ainneoin aon ní in alt 190 nó 191 a bhaineann le teorainn ama chun íocaíochtaí ar cuntas pinsean a fháil, ach faoi réir na rialachán—

(i) i gcás duine a bhí ag fáil pinsin d'fháil bháis, go bhféadfar aon suim a íoc a tháinig chun bheith iníoctha laistigh de thrí mhí roimh dháta a bháis ar cuntas an phinsin, ach nár íocadh; agus

(ii) i gcás duine a rinne éileamh ar phinsean ó tharla teideal a bheith aige chuige d'fháil bháis, go bhféadfar aon suim a íoc a thiocfadh, dá mba rud é gur lamháladh a éileamh díreach roimh a bhás, chun bheith iníoctha ar cuntas an phinsin amach go dtí dáta a bháis;

(f) lena bhforálfar, faoi réir na rialachán, go bhféadfar probháid nó cruthúnas eile ar theideal ionadaithe pearsanta an duine éagtha a ligean thar ceal i gcás aon suim den sórt sin atá luaite i mír (e) agus go bhféadfar aon suim den sórt sin a íoc leis na daoine nó a dháileadh ar na daoine a dhealraíonn, amhail mar a fhoráiltear leis na rialacháin a bheith i dteideal an tsuim sin nó aon chuid di a fháil, mar dhaoine a bhfuil teideal tairbhiúil acu chuici faoi aon ionstraim thiomnach nó mar neasghaolta, nó mar chreidiúnaithe an duine éagtha, nó a íoc le haon duine nó daoine áirithe nó a dháileadh ar aon daoine áirithe d'eisiamh na coda eile, nó, i gcás aon neamhdhlisteanacht a bheith ag baint leis an duine éagtha nó le haon leanbh leis, í a íoc le cibé duine nó daoine nó a dháileadh ar cibé daoine a ordófar leis na rialacháin.

(2) Is le toiliú an Aire Poist agus Telegrafa a dhéanfar rialacháin faoin alt seo ina sonrófar an modh a n-íocfar pinsin.

(3) Féadfar, le rialacháin, aon cheann d'fhorálacha ailt 111, 112, 113, 128, 129, 295, 296, 297, 298, 299 agus 300 nó d'fhorálacha arna ndéanamh faoi na hailt sin a chur chun feidhme maidir le pinsin, agus féadfaidh aon fheidhm den sórt sin a bheith ina feidhm mhodhnaithe nó ina feidhm gan mhodhnú agus a bheith i dteannta nó in ionad forálacha láithreacha na Caibidle seo nó Chuid VIII.

Pinsin bhaintreach a íoc.

[1935 PBD, a. 33; 1952, a. 118]

[1935 PBD, a. 37]

[1935 PBD, a. 36; 1979, a. 7]

[1935 PBD, a. 31; I.R. Uimh. 25 de 1953 ]

190. —(1) Faoi réir fho-alt (2), íocfar pinsean baintrí (neamhranníocach) leis an bpinsinéir.

(2) Féadfaidh an tAire, dá rogha féin, ó am go ham, a ordú—

(a) go ndéanfar pinsean, in ionad é a íoc leis an bpinsinéir, a íoc le duine éigin eile chun tairbhe don phinsinéir, agus go ndéanfar aon mhéadú i leith linbh cháilithe, ar cuid den phinsean sin é, in ionad é a íoc leis an bpinsinéir, a íoc le duine éigin eile chun tairbhe don leanbh ar ina leith atá an méadú sin iníoctha, nó

(b) go ndéanfar aon mhéid i leith linbh cháilithe, in ionad é a íoc leis an bpinsinéir, a íoc le duine éigin eile chun tairbhe don leanbh ar ina leith atá an méid sin iníoctha.

(3) Faoi réir aon orduithe ón Aire i gcásanna speisialta, déanfar pinsean a íoc roimh ré go seachtainiúil i cibé slí agus faoi réir cibé coinníollacha maidir le céannacht nó eile a ordóidh an tAire.

(4) I gcás ar lá den tseachtain seachas an lá díreach roimh an lá sa tseachtain a bhforordaítear gurb é an lá é a n-íocfar íocaíochtaí seachtainiúla ar cuntas an phinsin an dáta a scoirfeadh pinsean de bheith iníoctha, leanfaidh an pinsean de bheith iníoctha i leith na laethanta sa tseachtain amach go dtí an lá forordaithe, ach gan an lá sin a áireamh.

(5) Múchfar an ceart chun aon suim is iníoctha mar phinsean mura bhfaighfear íoc na suime sin laistigh de 3 mhí nó, má cheadaíonn an tAire amhlaidh in aon chás áirithe, laistigh de 6 mhí ón dáta ar infhaighte an tsuim sin faoi Airteagal 5 den Ordú um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe (Rialacháin um Éilithe agus Íocaíochta), 1935 (R. & O.R., Uimh. 678 de 1935).

Pinsin dílleachtaí a íoc.

[1935 PBD, a. 34]

[1935 PBD, a. 37]

[1935 PBD, a. 36; 1937 PBD, a. 20]

[1935 PBD, a. 31; I.R. Uimh. 25 de 1953 ]

191. —(1) Faoi réir an ailt seo, íocfar pinsean dílleachta (neamhranníocach) le caomhnóir an dílleachta a bhfuil an pinsean sin iníoctha ina leith.

(2) Féadfaidh an tAire, má mheasann sé gurb inmholta déanamh amhlaidh, a ordú go ndéanfar pinsean, in ionad é a íoc le caomhnóir an dílleachta a bhfuil an pinsean sin iníoctha ina leith, a íoc le duine éigin eile chun tairbhe don dílleachta.

(3) Faoi réir aon orduithe ón Aire i gcásanna speisialta, déanfar pinsean a íoc roimh ré go seachtainiúil i cibé slí agus faoi réir cibé coinníollacha maidir le céannacht nó eile a ordóidh an tAire.

(4) I gcás ar lá den tseachtain seachas an lá díreach roimh an lá sa tseachtain a bhforordaítear gurb é an lá é a n-íocfar íocaíochtaí seachtainiúla ar cuntas an phinsin an dáta a scoirfeadh pinsean de bheith iníoctha, leanfaidh an pinsean sin de bheith iníoctha i leith na laethanta sa tseachtain amach go dtí an lá forordaithe, ach gan an lá sin a áireamh.

(5) Múchfar an ceart chun aon suim is iníoctha mar phinsean mura bhfaighfear íoc na suime sin laistigh de 3 mhí nó, má cheadaíonn an tAire amhlaidh in aon chás áirithe, 6 mhí ón dáta ar infhaighte an tsuim sin faoi Airteagal 5 den Ordú um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe (Rialacháin um Éilithe agus Íocaíochta), 1935 (R. & O.R. Uimh. 678 de 1935).

Pinsean a ró-íocadh a aisíoc.

[1935 PBD, a. 57]

[1952, a. 61]

[1961 FI, a. 12]

192. —(1) Má fhaightear amach tráth ar bith go raibh duine ag fáil pinsin le linn aon tréimhse nach raibh teideal ag an duine sin chuige, nó go raibh sé ag fáil pinsin de réir ráta is airde ná an ráta ab iomchuí don chás, ansin, dlífear den duine sin nó, i gcás an duine sin a bheith marbh, dlífear d'ionadaí pearsanta an duine sin, aon suimeanna a íocadh leis an duine sin i leith an phinsin le linn na tréimhse sin nó, de réir mar a bheidh, suim arb é a bheidh inti an difríocht idir pinsean de réir an ráta a íocadh iarbhír agus pinsean de réir an ráta is iomchuí don chás, a íoc leis an Aire ar é á iarraidh sin.

(2) Aon suim is iníoctha ag duine leis an Aire faoin alt seo is fiach í a bheidh dlite den duine don Aire agus féadfaidh an tAire é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla nó trína bhaint as aon íocaíocht nó íocaíochtaí ar cuntas pinsin a mbeidh teideal aige chuige ina dhiaidh sin.

(3) Gach suim a íocfar leis an Aire, nó a ghnóthóidh an tAire, faoin alt seo, íocfar isteach sa Státchiste í nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste í i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(4) Beidh feidhm ag an alt seo, fara na modhnuithe is gá, i gcás duine a n-íocfar pinsean leis faoi aon cheann d'fhorálacha na Caibidle seo i leith aon duine nó chun tairbhe d'aon duine.

(5) An chumhacht a thugtar don Aire leis an alt seo chun aon suimeanna is iníoctha ag duine leis an Aire faoin alt seo a bhaint as aon íocaíochtaí ar cuntas pinsin a dtiocfaidh duine chun bheith ina theideal, féadfar í a fheidhmiú d'ainneoin imeachtaí a bheith tionscanta i gcúirt chun na suimeanna a ghnóthú a bheidh dlite den duine a aisíoc leis an Aire mar a dúradh nó ordú a bheith déanta ag cúirt á cheangal ar an duine na suimeanna a íoc a bheidh dlite de a íoc leis an Aire faoin alt seo, agus, chun críocha an ailt seo, measfar gur suimeanna is iníoctha ag an duine leis an Aire faoin alt seo aon chostais a cheanglóidh an t-ordú sin a íoc leis an Aire.

Pinsean a dheonófar do dhuine a bheidh ag fáil cúnaimh dhífhostaíochta.

[1935 PBD, a. 56; 1952, a. 61]

193. —Más rud é—

(a) i leith aon tréimhse, go mbeidh cúnamh dífhostaíochta íoctha le duine a dtarlóidh dó bheith i dteideal pinsin, ach nach mbeidh, an tráth sin, ag fáil íocaíochtaí ar cuntas an phinsin sin, agus

(b) nach n-íocfaí an cúnamh dífhostaíochta dá dtarlódh don duine sin bheith an tráth sin ag fáil íocaíochta ar cuntas an phinsin, agus

(c) go dtiocfaidh aon suim (dá ngairtear an riaráiste san alt seo) a fhaibhreoidh i leith aon chuid den tréimhse sin ar cuntas an phinsin chun bheith iníoctha leis an duine sin ina dhiaidh sin,

féadfaidh an tAire an riaráiste a laghdú méid nach mó ná an méid a bheidh íoctha mar chúnamh dífhostaíochta.

Pinsean a dheonófar do dhuine a bheidh ag fáil liúntais leasa fhorlíontaigh.

[1935 PBD, a. 55; 1953 AS, a. 69; I.R. Uimh. 168 de 1977]

[1952, a. 61]

194. —(1) Más rud é—

(a) i leith aon tréimhse go mbeidh liúntas leasa forlíontach deonaithe ag bord sláinte do dhuine nó ar cuntas duine a dtarlóidh dó bheith i dteideal pinsin, ach nach mbeidh, an tráth sin, ag fáil íocaíochtaí ar cuntas an phinsin sin, agus

(b) gur mó an liúntas sin ná an méid a dheonófaí don duine sin dá dtarlódh dó bheith ag fáil íocaíochta ar cuntas pinsin, agus

(c) go dtiocfaidh aon suim (dá ngairtear an riaráiste san fho-alt seo) a fhaibhreoidh i leith aon chuid den tréimhse sin ar cuntas pinsin chun bheith iníoctha leis an duine sin ina dhiaidh sin, agus

(d) go mbeidh an bord sláinte, sula n-íocfar an riaráiste leis an duine sin, tar éis deimhniú a thabhairt don Aire i dtaobh an méid (dá ngairtear an bhreis san fho-alt seo) a d'íoc an bord de bhreis in aghaidh na tréimhse ar fhaibhrigh an riaráiste ina leith,

féadfaidh an tAire an riaráiste a laghdú méid nach mó ná méid na breise agus déanfaidh sé, i gcás den sórt sin, suim ar cóimhéid leis an méid a laghdófar an riaráiste amhlaidh a íoc leis an mbord sláinte as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Sroichfidh an t-alt seo go dtí cás ina dtiocfaidh aon suim chun bheith iníoctha ina dhiaidh sin ar cuntas méid is iníoctha i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe faoin gCaibidil seo nó go dtí pinsean is iníoctha i leith dílleachta a mbeidh aon liúntas leasa forlíontach a luaitear i bhfo-alt (1) deonaithe ar a chuntas amhail mar shroicheann sé go dtí cás ina dtiocfaidh suim ar cuntas pinsin chun bheith iníoctha ina dhiaidh sin le duine a mbeidh an liúntas leasa forlíontach sin deonaithe ina leith nó ar a chuntas, agus beidh feidhm aige i gcás den sórt sin faoi réir na modhnuithe is gá.

CAIBIDIL 5

Liúntais do Mhná Áirithe

Liúntas banchéile thréigthe.

[1970, a. 22; 1972, a. 19; 1979, a. 7]

195. —(1) Déanfar, faoi réir rialachán, liúntas banchéile thréigthe a íoc le bean—

(a) atá tréigthe ag a fearchéile,

(b) a bhfuil, i gcás í a bheith faoi bhun 40 bliain d'aois, leanbh cáilithe amháin ar a laghad ina chónaí léi, agus

(c) a chomhlíonann na coinníollacha maidir le hacmhainn atá sonraithe chun críocha an fho-ailt seo le rialacháin.

(2) Beidh ráta liúntais bhanchéile thréigthe comhionann le ráta an phinsin bhaintrí (neamhranníocach) ab iníoctha leis an mbean faoi Chaibidil 4 dá mba bhaintreach í.

(3) Is leanbh cáilithe chun críocha an ailt seo i ndáil le bean leanbh dá mba rud é, ar é a ghlacadh ina áirithe gur bhaintreach í, gur leanbh cáilithe an leanbh i ndáil léi chun críocha Chaibidil 4.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil le liúntas banchéile thréigthe agus, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil ansin roimhe seo, féadfaidh na rialacháin sin—

(a) na dálaí a shonrú ina mbeidh sé le meas chun críocha an ailt seo go bhfuil bean tréigthe ag a fearchéile,

(b) aon fhorálacha de chuid, nó aon fhorálacha arna ndéanamh faoi réim, Chodanna I, II agus VIII a chur chun feidhme (modhnaithe nó gan mhodhnú), nó forálacha ar comhréir leo (modhnaithe nó gan mhodhnú) a dhéanamh, agus

(c) a fhoráil gurb amhlaidh a bheidh, le linn forálacha alt 300 a chur chun feidhme agus d'ainneoin aon ní atá san alt sin, go mbeidh, i gcás ar bith ina ndílamhálfar nó ina laghdófar liúntas banchéile thréigthe de bhua cinneadh athbhreithnithe ó oifigeach breithiúnachta nó ó oifigeach achomhairc, cibé méid a ordóidh an tAire d'aon chuid den liúntas a bheidh íoctha thar an ráta a chinnfear leis an gcinneadh sin a bheith iníoctha, inghnóthaithe mar fhiach atá dlite don Stát.

Liúntas do bhanchéile príosúnaigh.

[1974 (Uimh. 2), a.9; 1979, a. 7]

[1979, a.8]

196. —(1) Déanfar, faoi réir rialachán, liúntas do bhanchéile príosúnaigh a íoc le bean—

(a) a ndearnadh a fearchéile, is príosúnach, a chimiú i gcoimeád chun príosúin nó áite coinneála ar feadh tréimhse nach lú ná 6 mhí féilire,

(b) a bhfuil, i gcás í a bheith faoi bhun 40 bliain d'aois, leanbh cáilithe amháin ar a laghad ina chónaí léi, agus

(c) a chomhlíonann na coinníollacha maidir le hacmhainn atá sonraithe chun críocha an fho-ailt seo le rialacháin.

(2) Beidh ráta an liúntais do bhanchéile príosúnaigh comhionann le ráta an phinsin bhaintrí (neamhranníocach) ab iníoctha leis an mbean faoi Chaibidil 4 dá mba bhaintreach í.

(3) Leanfar de liúntas do bhanchéile príosúnaigh a íoc go ceann tréimhse 4 sheachtain tar éis an príosúnach a scaoileadh saor as príosún nó as áit choinneála.

(4) Is leanbh cáilithe chun críocha an ailt seo i ndáil le bean leanbh dá mba rud é, ar é a ghlacadh ina áirithe gur bhaintreach í, gur leanbh cáilithe an leanbh i ndáil léi chun críocha Chaibidil 4.

(5) Féadfaidh an tAire rialacháin, a dhéanamh i ndáil le liúntas do bhanchéile príosúnaigh agus, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil ansin roimhe seo, féadfaidh na rialacháin aon fhorálacha de chuid, nó aon fhorálacha arna ndéanamh faoi réim, Chodanna I, II agus VIII a chur chun feidhme (modhnaithe nó gan mhodhnú), nó forálacha ar comhréir leo (modhnaithe nó gan mhodhnú) a dhéanamh.

Liúntas cúnaimh. shóisialaigh.

[1973, a. 8; 1979, a. 7]

197. —(1) Déanfar, faoi réir rialachán, liúntas cúnaimh shóisialaigh a íoc le bean—

(a) atá gan phósadh,

(b) a gcónaíonn leanbh cáilithe amháin ar a laghad léi, agus

(c) a chomhlíonann na coinníollacha maidir le hacmhainn atá sonraithe chun críocha an fho-ailt seo le rialacháin.

(2) Beidh ráta an liúntais chúnaimh shóisialaigh comhionann le ráta an phinsin bhaintrí (neamhranníocach) ab iníoctha leis an mbean faoi Chaibidil 4 dá mba bhaintreach í.

(3) Is leanbh cáilithe chun críocha an ailt seo i ndáil le bean leanbh más í máthair an linbh í agus dá mba rud é, ar é a ghlacadh ina áirithe gur bhaintreach í, gur leanbh cáilithe an leanbh i ndáil léi chun críocha Chaibidil 4.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil le liúntas cúnaimh shóisialaigh agus, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil ansin roimhe seo, féadfaidh na rialacháin—

(a) na dálaí a shonrú ina mbeidh sé le meas chun críocha an ailt seo go bhfuil bean ina máthair neamhphósta,

(b) aon fhorálacha de chuid, nó aon fhorálacha arna ndéanamh faoi réim, Chodanna I, II agus VIII a chur chun feidhme (modhnaithe nó gan mhodhnú), nó forálacha ar comhréir leo (modhnaithe nó gan mhodhnú) a dhéanamh, agus

(c) a fhoráil gurb amhlaidh a bheidh, le linn forálacha alt 300 a chur chun feidhme agus d'ainneoin aon ní atá san alt sin, go mbeidh, i gcás ar bith ina ndílamhálfar nó ina laghdófar liúntas cúnaimh shóisialaigh de bhua cinneadh athbhreithnithe ó oifigeach breithiúnachta nó ó oifigeach achomhairc, cibé méid a ordóidh an tAire den liúntas a bheidh íoctha thar an ráta a chinnfear leis an gcinneadh sin. inghnóthaithe mar fhiach atá dlite don Stát.

Liúntas do bhean shingil.

[1974 (Uimh. 2), a.8].

[1980, a. 13]

198. —(1) Déanfar, faoi réir rialachán, liúntas do bhean shingil a íoc le bean—

(a) atá singil,

(b) a bhfuil 58 mbliana d'aois slánaithe aici ach nach bhfuil aois inphinsin slánaithe aici, agus

(c) a chomhlíonann na coinníollacha maidir le hacmhainn atá sonraithe chun críocha an fho-ailt seo le rialacháin.

(2) Beidh liúntas do bhean shingil iníoctha—

(a) i gcás nach mó ná £1 a hacmhainn sheachtainiúil, de réir an ráta sheachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Cheathrú Sceideal, agus

(b) i gcás ar mó ná £1 a hacmhainn sheachtainiúil, de réir an ráta sin arna laghdú mar atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid II den Cheathrú Sceideal i leith gach suim £1 (más ann) atá san acmhainn sheachtainiúil sin de bhreis ar £1, agus aon chodán de £1 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche sin mar £1: ach, más lú ná 50p an ráta arna ríomh de bhun na míre seo ar dá réir, murach an coinníoll seo, a bheadh an liúntas iníoctha, ní bheidh an liúntas iníoctha.

(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil le liúntas do bhean shingil agus, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil ansin roimhe seo, féadfaidh na rialacháin aon fhorálacha de chuid, nó aon fhorálacha arna ndéanamh faoi réim, Chodanna I, II agus VIII a chur chun feidhme (modhnaithe nó gan mhodhnú), nó forálacha ar comhréir leo (modhnaithe nó gan mhodhnú) a dhéanamh.

CAIBIDIL 6

Liúntas Leasa Forlíontach

Léiriú.

[1975 LLF, a. 1, 10]

199. —Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn “Acht 1939” an tAcht um Chongnamh Phuiblí, 1939 ;

ciallaíonn “leanbh cleithiúnach”, i ndáil le faighteoir, aon leanbh, nach cleithiúnaí aosaithe, nach bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige agus atá i gcleithiúnas ar an bhfaighteoir sin lena chothú;

ciallaíonn “cúnamh teaghlaigh” cúnamh teaghlaigh de réir bhrí Acht 1939;

ciallaíonn “údarás cúnaimh phoiblí” údarás cúnaimh phoiblí de réir bhrí alt 8 d'Acht 1939, arna leathnú le halt 7 den Acht um Údaráis Sláinte, 1960 , agus le halt 84 den Acht Sláinte, 1970 ;

ciallaíonn “faighteoir” duine atá i dteideal liúntais leasa fhorlíontaigh;

ciallaíonn “liúntas leasa forlíontach” liúntas in airgead nó liúntas comhchineáil arna dheonú faoin gCaibidil seo.

Teideal chun liúntais leasa fhorlíontaigh.

[1975 LLF, a. 2]

200. —Faoi réir na Caibidle seo, beidh gach duine sa Stát nach leor a acmhainn chun freastal dá riachtanais agus do riachtanais aon chleithiúnaí aosaithe nó aon linbh chleithiúnaigh leis i dteideal liúntais leasa fhorlíontaigh.

Daoine atá ag fáil oideachais lánaimsire a bheith eisiata.

[1975 LLF, a. 3]

201. —(1) Ní bheidh teideal chun liúntais leasa fhorlíontaigh ag aon duine atá ag fáil oideachais lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras eile oideachais.

(2) Is fo-alt é fo-alt (1) atá gan dochar do theideal aon duine liúntas leasa forlíontach a fháil i leith duine dá dtagraítear san fho-alt sin ar cleithiúnaí aosaithe nó leanbh cleithiúnach leis é.

(3) D'ainneoin fho-alt (1), féadfar liúntas leasa forlíontach a dheonú, i gcás imthosca neamhghnácha, do dhuine a bheadh i dteideal liúntas leasa forlíontach a fháil mura mbeadh an fo-alt sin.

Daoine i bhfostaíocht lánaimsire a bheith eisiata.

[1975 LLF, a. 4]

202. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), ní bheidh duine i dteideal liúntais leasa fhorlíontaigh i ndáil le haon tréimhse a bheidh sé fruilithe le hobair chúititheach lánaimsire.

(2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, socrú a dhéanamh le gníomhú fho-alt (1) i leith aon aicme daoine a thiocfaidh chun bheith fruilithe le hobair chúititheach lánaimsire a chur siar go dtí cibé tréimhse tar éis tosú don fhruiliú a shonrófar sna rialacháin.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i gcás aon duine a bheidh fruilithe le hobair chúititheach lánaimsire más lú, go substainteach, de bharr aon mhíchumais choirp nó mheabhrach, cumas tuillimh an duine sin i gcomórtas le cumas tuillimh daoine eile a bheidh fruilithe le hobair dá samhail.

Daoine dá ndéanfaidh aighnis cheirde difear.

[1975 LLF, a. 5]

203. —(1) In aon chás ina mbeidh duine, mar gheall ar shaotharstad de bharr aighnis cheirde ina áit fostaíochta, gan fostaíocht ar feadh aon tréimhse a leanfaidh an saotharstad agus nach mbeidh an duine sin, le linn an tsaotharstad sin, tagtha chun bheith fostaithe bona fide in áit eile lena ghnáthshlí bheatha nó tar éis dul ar fostú go rialta le slí bheatha éigin eile, déanfar neamhshuim dá riachtanais féin don tréimhse sin lena theideal chun liúntais leasa fhorlíontaigh a fhionnadh ach amháin a mhéid gur de na riachtanais sin an riachtanas soláthar a dhéanamh dá chleithiúnaithe aosaithe nó dá leanaí cleithiúnacha.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) le haon duine nach mbeidh páirteach san aighneas ceirde ba chúis leis an saotharstad nó nach mbeidh ag maoiniú an aighnis sin, nó nach mbeidh leas díreach aige san aighneas sin agus nach de ghrád ná d'aicme oibrithe é a raibh comhaltaí de nó di fostaithe, díreach roimh thosú don saotharstad, ina áit fostaíochta agus aon duine díobh páirteach san aighneas nó ag maoiniú an aighnis nó leas díreach aige san aighneas.

(3) San alt seo—

ciallaíonn “áit fostaíochta”, i ndáil le haon duine, an mhonarcha, an cheardlann, an fheirm nó an t-áitreabh nó an áit eile ina raibh sé fostaithe, ach in aon chás ina ndéantar brainsí leithleacha oibre is gnách a sheoladh mar ghnóthaí leithleacha in áitribh leithleacha nó in áiteanna leithleacha a sheoladh i ranna leithleacha san áitreabh céanna nó san áit chéanna, measfar, chun críocha an ailt seo, gur monarcha nó ceardlann nó feirm leithleach nó áitreabh leithleach nó áit leithleach, de réir mar a bheidh, gach roinn acu sin;

tá le “aighneas ceirde” an bhrí a shanntar le halt 35 (6).

Riarachán.

[1975 LLF, a. 6]

204. —(1) Faoi réir threorú agus rialú an Aire i gcoitinne, beidh gach bord sláinte freagrach, maidir lena limistéar feidhmiúcháin, i riaradh na bhfeidhmeanna a bhainfidh le liúntas leasa forlíontach agus feidhmeanna eile is infheidhmithe faoin gCaibidil seo.

(2) Deonóidh gach bord sláinte do gach duine ina limistéar feidhmiúcháin a bheidh cáilithe chuige cibé liúntas leasa forlíontach a chinnfear, de réir na Caibidle seo, a bheith dlite don duine sin.

(3) Cinnfidh an tAire aon amhras nó aighneas i dtaobh cén bord sláinte a bheidh freagrach i liúntas leasa forlíontach a sholáthar do dhuine áirithe nó do dhaoine d'aicme áirithe.

(4) Faoi réir alt 205, is feidhm de chuid an phríomhoifigigh feidhmiúcháin (de réir bhrí alt 13 den Acht Sláinte, 1970 ) don bhord sláinte aon fheidhm i ndáil le cinneadh a dhéanamh ar theideal aon duine chun liúntais leasa fhorlíontaigh agus ar mhéid aon liúntais den sórt sin.

Achomhairc.

[1975 LLF, a. 7]

205. —(1) I gcás ina mbeidh duine míshásta le cinneadh oifigigh bhord sláinte ar éileamh uaidh ar liúntas leasa forlíontach beidh ábhar achomhairc ann in aghaidh an chinnidh sin chun duine (is oifigeach eile don bhord sláinte nó duine nach oifigeach den sórt sin) a cheapfaidh nó a ainmneoidh an tAire.

(2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin a dhéanfar faoi alt 219, socrú a dhéanamh le haghaidh achomhairc a dhéanamh agus a chinneadh faoin alt seo.

Coinníollacha ar a ndeonófar liúntas leasa forlíontach.

[1975 LLF, a. 8]

206. —Féadfaidh bord sláinte, faoi réir rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoi alt 219, a chinneadh nach mbeidh duine i dteideal liúntais leasa fhorlíontaigh—

(a) mura mbeidh sé cláraithe le haghaidh fostaíochta i cibé slí a bheidh forordaithe ag an Aire, agus

(b) mura ndéanfaidh sé iarratas ar aon sochair reachtúla nó sochair eile nó ar aon chúnamh a mbeidh teideal aige chucu nó chuige ar a n-áirítear sochair nó cúnamh den sórt sin ó thíortha seachas an Stát.

Liúntas leasa forlíontach a ríomh.

[1975 LLF, a. 9; 1980, a. 14]

207. —(1) Is é méid an liúntais leasa fhorlíontaigh a mbeidh teideal ag duine chuige an méid ar lú a acmhainn ná a riachtanais, agus chun an méid sin a fhionnadh—

(a) measfar, faoi réir aon íocaíochta de bhun fhorálacha alt 209, gurb iad riachtanais sheachtainiúla duine—

(i) i gcás duine gan acmhainn, an méid a ríomhfar de réir alt 208, nó

(ii) i gcás duine ag a bhfuil acmhainn, an méid a ríomhfar de réir alt 208 ab iomchuí ina chás dá mbeadh sé gan acmhainn, arna laghdú 5p sa tseachtain in aghaidh gach 5p nó cuid de 5p dá acmhainn sheachtainiúil,

(b) ríomhfar de réir fhorálacha alt 210 acmhainn sheachtainiúil aon duine.

(2) Le linn méid an liúntais leasa fhorlíontaigh is iníoctha le haon duine a bheith á ríomh, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas—

(a) i gcás inar daoine den teaghlach céanna fearchéile agus banchéile, comhiomlánófar a riachtanais agus a n-acmhainn agus measfar gurb iad riachtanais agus acmhainn an fhearchéile, nó an bhanchéile, más ise an t-éilitheoir, iad;

(b) i gcás duine ag a bhfuil leanbh cleithiúnach, measfar go bhfolaíonn riachtanais an duine sin riachtanais an linbh chleithiúnaigh sin;

(c) i gcás ina gcuirfear riachtanais aon duine i gcuntas le linn teideal aon duine eile chun liúntais leasa fhorlíontaigh a bheith á chinneadh, ní bheidh i dteideal liúntais ach an duine eile sin.

Méideanna seachtainiúla liúntais leasa fhorlíontaigh do dhaoine gan acmhainn.

[1975 LLF, a. 10; 1980, a. 14]

208. —(1) I gcás duine gan acmhainn mar a bheidh cinnte leis an gCaibidil seo agus faoi réir aon íocaíochta de bhun alt 209, is é a bheidh sa mhéid seachtainiúil de liúntas leasa forlíontach is iníoctha an méid atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Cheathrú Sceideal, arna mhéadú—

(a) mar atá leagtha amach i gcolún (3) den Chuid sin in aghaidh aon tréimhse a mbeidh cleithiúnaí aosaithe ag an bhfaighteoir, agus

(b) mar atá leagtha amach i gcolún (4) den Chuid sin i leith linbh chleithiúnaigh nó i leith beirt leanbh den sórt sin agus, ina theannta sin, i gcás níos mó ná beirt leanbh den sórt sin a bheith ann, mar atá leagtha amach i gcolún (5) den Chuid sin i leith gach leanbh den sórt sin de bhreis ar bheirt.

(2) Chun críocha an ailt seo, déanfar an míniú ar chleithiúnaí aosaithe atá in alt 2 (1) agus i gcolúin (4) agus (5) de Chuid I den Cheathrú Sceideal a fhorléiriú amhail is dá gcuirfí “leanbh cleithiúnach”, “leanaí cleithiúnacha”, “linbh chleithiúnaigh” agus “leanbh chleithiúnacha”, faoi seach, in ionad “leanbh cáilithe”, “leanaí cáilithe”, “linbh cháilithe”, “leanbh cháilithe”.

Breisithe le méid seachtainiúil liúntais leasa fhorlíontaigh agus ioncaim eile.

[1975 LLF, a. 11]

209. —(1) Mura leor méid seachtainiúil liúntais leasa fhorlíontaigh, más ann, is iníoctha le duine de bhun alt 207, agus aon ioncaim eile, ar a n-áirítear aon íocaíocht faoin Acht seo nó faoi aon reacht eile, de chuid an duine sin le freastal dá riachtanais, ansin—

(a) i gcás liúntas leasa forlíontach a bheith á fháil ag an duine sin, féadfar, faoi réir an ailt seo, méid seachtainiúil an liúntais sin is iníoctha leis an duine sin a mhéadú, nó

(b) in aon chás eile, féadfar íocaíocht liúntais leasa fhorlíontaigh a íoc in aghaidh na seachtaine, faoi réir an ailt seo, d'fhorlíonadh ar ioncam eile an duine sin.

(2) Féadfaidh an tAire na nithe seo a leanas a fhorordú—

(a) na himthosca ina bhféadfar íocaíocht a dhéanamh le haon duine de bhun fho-alt (1), agus

(b) méideanna na n-íocaíochtaí a bheidh le déanamh i gcoitinne nó i ndáil le haicme áirithe daoine.

(3) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin faoi fho-alt (2) i dtaobh liúntais chomhchineáil a dheonú i ndáil le riachtanais shonraithe agus i dtaobh na n-ábhar go léir a ghabhfaidh le liúntais den sórt sin, nó a leanfaidh as liúntais den sórt sin, a sholáthar.

Acmhainn a ríomh.

[1975 LLF, a. 12]

[1979, a. 18]

210. —(1) Le teideal duine chun liúntais leasa fhorlíontaigh a fhionnadh, déanfar a acmhainn sheachtainiúil a ríomh de réir fho-alt (2).

(2) Le linn acmhainn sheachtainiúil duine a bheith á ríomh, cuirfear i gcuntas an méid seo a leanas—

(a) an t-ioncam airgid go léir, ar a n-áirítear glanluach airgid aon tuillimh nach tuilleamh airgid ó luain phearsanta agus méid iarbhír nó méid measta aon ioncaim mar cheann an teaghlaigh, cibé acu mar ranníocaí i leith chostais an teaghlaigh nó eile, ach gan na suimeanna seo a leanas a áireamh—

(i) aon suimeanna a fuarthas mar liúntas leanaí faoi Chuid IV,

(ii) aon suimeanna a fuarthas mar liúntas as aire a thabhairt, faoi alt 61 den Acht Sláinte, 1970 , ina dteaghaisí féin do leanaí éislinneacha, agus

(iii) aon suimeanna ó mhaoin (nach maoin a úsáideann nó a theachtann an duine sin féin) a infheistiú nó a úsáid go sochrach;

(b) luach aon mhaoine leis an duine sin (nach maoin a úsáideann nó a theachtann sé féin) atá infheistithe nó, cé gur féidir í a infheistiú nó a úsáid go sochrach, nach bhfuil infheistithe ná á húsáid go sochrach amhlaidh, agus á mheas gurb é luach bliantúil an chéad £400 den mhaoin an fichiú cuid den luach caipitiúil agus á mheas gurb é luach bliantúil an oiread sin is fiú thar £400 de luach caipitiúil na maoine an deichiú cuid den luach caipitiúil; agus á ríomh gurb é luach seachtainiúil na maoine an caoga dóú cuid den luach bliantúil arna ríomh amhlaidh;

(c) luach aon bhuntáiste a fhaibhríonn chun an duine sin ó úsáid nó ó theachtadh maoine (seachas teach cónaithe nó foirgneamh feirme atá ar úinéireacht agus ar áitiú, nó troscán agus éifeachtaí pearsanta) a úsáideann nó a theachtann an duine sin féin;

(d) luach aon sochair nó pribhléide a theachtann an duine sin;

(e) an t-ioncam uile agus luach na maoine uile ar scar an duine sin leis go díreach nó go hindíreach le cáiliú chun liúntas leasa forlíontach a fháil.

(3) Féadfaidh an tAire le rialacháin athrú a dhéanamh ar fhorálacha fho-alt (2).

Liúntais chomhchineáil.

[1975 LLF, a. 13]

211. —(1) Aon uair is dealraitheach do bhord sláinte gur fearr is féidir, mar gheall ar imthosca neamhghnácha, freastal do riachtanais duine trí earraí nó seirbhísí a sholáthar in ionad na híocaíochta uile, nó coda den íocaíocht, a mbeadh teideal aige chuici ar shlí eile faoin gCaibidil seo, féadfaidh an bord sláinte a chinneadh go soláthrófar na hearraí sin nó na seirbhísí sin don duine sin de réir comhshocraíochtaí a dhéanfaidh an bord.

(2) Le linn cinneadh faoin alt seo a dhéanamh chun freastal do riachtanas obann, práinneach, féadfaidh an bord sláinte fiosrú faoin acmhainn nó imthosca eile agus comhlíonadh aon rialachán a rinneadh faoin gCaibidil seo a ligean thar ceal.

(3) I ndáil le haon earraí nó seirbhísí a sholáthróidh bord sláinte de bhun fho-alt (1) den alt seo, measfar gur tagairtí do luach na n-carraí nó na seirbhísí a sholáthrófar amhlaidh na tagairtí sa Chaibidil seo do mhéid liúntais leasa fhorlíontaigh.

Cumhacht íocaíocht aonair a dhéanamh le freastal do riachtanas neamhghnách.

[1975 LLF, a. 14]

212. —Féadfaidh bord sláinte, in aon chás inar dóigh leis, ag féachaint dó d'imthosca uile an cháis, gur réasúnach sin a dhéanamh, a chinneadh go ndéanfar liúntas leasa forlíontach ina íocaíocht aonair le duine chun freastal do riachtanas neamhghnách.

Liúntas leasa forlíontach a dheonú i gcásanna práinne.

[1975 LLF, a. 15]

213. —(1) Ní choiscfidh aon ní in alt 201, 202 nó 203 liúntas leasa forlíontach a íoc i gcás práinne agus, le linn cinneadh a bheith á dhéanamh arb iníoctha liúntas de bhua an ailt seo agus cé mhéad de liúntas é nó cad é an cineál liúntais é, ní bheidh an bord sláinte faoi cheangal ag aon ní atá in ailt 206 go 210 nó in aon rialacháin faoin gCaibidil seo is míchuí, dar leis, in imthosca an cháis.

(2) I gcás ina ndéanfar, de bhun fho-alt (1), liúntas leasa forlíontach a íoc le duine a bheidh fruilithe le hobair chúititheach lánaimsire, féadfaidh bord sláinte, más deimhin leis in imthosca uile an cháis gur den chothromas sin a dhéanamh, a chinneadh go mbeidh an liúntas uile a íocadh amhlaidh, nó cuid de, inghnóthaithe ón duine lenar íocadh é.

Dliteanas cleithiúnaithe a chothabháil.

[1975 LLF, a. 16]

214. —(1) Chun críocha na Caibidle seo, agus gan dochar d'aon oibleagáidí a fhorchuirtear leis an dlí nó ar shlí eile, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas—

(a) dlífidh gach fear gach duine dá chlann dlisteanach faoi 16 bliana d'aois a chothabháil;

(b) dlífidh gach bean gach duine dá clann faoi 16 bliana d'aois a chothabháil;

(c) dlífidh gach fear pósta a bhanchéile agus aon leanbh lena bhanchéile, a rugadh sular phós sí eisean agus atá faoi 16 bliana d'aois, a chothabháil; agus

(d) dlífidh gach bean phósta a fearchéile a chothabháil.

(2) Déanfar gach tagairt sa Chaibidil seo do dhuine a dhlíonn duine eile a chothabháil a fhorléiriú mar thagairt a chiallaíonn duine a dhlíonn, de bhua fho-alt (1), an duine eile sin a chothabháil.

Liúntas leasa forlíontach a ghnóthú agus ranníocaí a íoc ina leith.

[1975 LLF, a. 17]

215. —(1) I gcás ina ndeonóidh bord sláinte liúntas leasa forlíontach d'aon fhaighteoir, dlífidh gach duine a dhlífidh an faighteoir sin a chothabháil ranníoc ar feadh a chumais a íoc leis an mbord sláinte i leith aon liúntais a dheonófar amhlaidh.

(2) I gcás aon duine a dhlíonn ranníoc a íoc i leith liúntais leasa fhorlíontaigh a deonaíodh don fhaighteoir do mhainniú nó d'fhaillí an ranníoc sin a íoc, féadfaidh an bord sláinte lena mbainfidh ordú a iarraidh ar an gCúirt Dúiche á ordú don duine a dhlíonn ranníoc a dhéanamh an ranníoc sin a íoc i leith an liúntais a deonaíodh amhlaidh.

(3) Sula ndéanfaidh an bord sláinte lena mbainfidh iarratas chun na Cúirte Dúiche de bhun fho-alt (2), seirbheálfaidh sé fógra faoin iarratas ar an duine a dhlíonn ranníoc a dhéanamh.

(4) Aon uair is deimhin leis an gCúirt Dúiche an duine atá faoi dhliteanas ranníoc a dhéanamh i leith liúntas leasa forlíontach a dheonú don fhaighteoir a bheith, tráth iarratas ó bhord sláinte faoi fho-alt (2) a éisteacht, i gcumas ranníoc a íoc i leith an liúntais a deonaíodh amhlaidh, socróidh an Chúirt Dúiche méid an ranníoca a íocfaidh an duine atá faoi dhliteanas amhlaidh agus ordóidh sí an ranníoc sin a íoc leis an mbord sláinte ina chnapíocaíocht nó ina thráthchodanna seachtainiúla nó míosúla de réir mar is cuí leis an gCúirt.

(5) Ní ghnóthóidh bord sláinte trí iarratas faoi fho-alt (2) i ndáil le liúntas leasa forlíontach a deonaíodh do dhuine méid is mó ná an liúntas a deonaíodh amhlaidh mar aon le costais na n-imeachtaí nó, i gcás ranníoc a bheith íoctha de bhun an ailt seo gan aon iarratas den sórt sin, méid is mó ná an difear idir an ranníoc sin agus an liúntas a deonaíodh amhlaidh mar aon le costais na n-imeachtaí.

Socruithe adhlactha.

[1975 LLF, a. 18]

216. —(1) Féadfaidh bord sláinte socrú a dhéanamh i dtaobh aon duine de na daoine seo a leanas a adhlacadh—

(a) duine a fuair bás i limistéar feidhmiúcháin an bhord sláinte agus nach mbeidh socruithe oiriúnacha lena adhlacadh á ndéanamh ar aon slí eile,

(b) duine a báthadh agus a tháinig faoi thír ina limistéar feidhmiúcháin nó ar bás eile a bhain dó agus a fuarthas marbh sa limistéar feidhmiúcháin sin agus (i gceachtar cás) nár iarradh a chorp lena adhlacadh.

(2) Féadfaidh bord sláinte, in aon chás inar cuí leis é, corp duine a bhí cáilithe le haghaidh liúntais leasa fhorlíontaigh agus a fuair bás lasmuigh de limistéar feidhmiúcháin an bhord sláinte a thabhairt isteach sa limistéar feidhmiúcháin sin agus a adhlacadh ann.

(3) Féadfaidh bord sláinte na caiteachais go léir a íoc a tabhaíodh de riachtanas ag adhlacadh duine faoin alt seo nó ag tabhairt corp duine isteach ina limistéar feidhmiúcháin lena adhlacadh.

(4) I gcás ina dtabhóidh bord sláinte caiteachais faoin alt seo i ndáil le corp éagaigh, féadfaidh an bord sláinte sin aisíoc na gcaiteachas sin a fháil ó eastát an éagaigh sin nó ó aon duine a dhligh an t-éagach sin a chothabháil díreach roimh éag dó.

Meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas i leith liúntais leasa fhorlíontaigh.

[1975 LLF, a. 19]

217. —Déanfaidh bord sláinte meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas i leith liúntais leasa fhorlíontaigh a chur faoi bhráid an Aire i cibé foirm, cibé tráthanna agus i ndáil le cibé tréimhsí a ordóidh an tAire le toiliú an Aire Sláinte agus tabharfaidh sé, freisin, don Aire aon fhaisnéis a theastóidh uaidh i ndáil leis na meastacháin sin.

Caiteachais bhord sláinte a mhaoiniú.

[1975 LLF, a. 20; I.R. Uimh. 156 de 1977]

218. —(1) Gach údarás áitiúil ab údarás cúnaimh phoiblí díreach roimh an 1 Iúil, 1977, íocfaidh sé leis an mbord sláinte ar ina limistéar feidhmiúcháin do limistéar feidhmiúcháin an údaráis áitiúil, i leith gach bliana, suim in ionannas—

(a) le caiteachas iomlán an údaráis áitiúil sin ar chúnamh teaghlaigh sa bhliain dar chríoch an 31 Nollaig, 1975, agus

(b) le cion 40 faoin gcéad den bhreis a bheidh ag caiteachas iomlán na mbord sláinte go léir ar liúntas leasa forlíontach sa bhliain a mbeidh an íocaíocht dlite ina leith ar chaiteachas iomlán na n-údarás áitiúil go léir ar chúnamh teaghlaigh sa bhliain dar chríoch an 31 Nollaig, 1975, agus arb é an cion sin 40 faoin gcéad is iníoctha ag an údarás sin cion is ionann agus an coibhneas idir caiteachas iomlán an údaráis sin ar chúnamh teaghlaigh sa bhliain dar chríoch an 31 Nollaig, 1975, agus caiteachas iomlán na n-údarás áitiúil go léir ar chúnamh den sórt sin sa bhliain sin.

(2) Le linn méid an chaiteachais ar chúnamh teaghlaigh agus ar liúntas leasa forlíontach a chinneadh chun críocha fho-alt (1), ní áireofar costais riaracháin.

(3) An caiteachas a thabhóidh bord sláinte ag riaradh liúntais leasa fhorlíontaigh íocfaidh na húdaráis áitiúla é arbh údaráis chúnaimh phoiblí iad agus arbh i limistéar feidhmiúcháin an bhord sláinte dá limistéir fheidhmiúcháin díreach roimh an 1 Iúil, 1977.

(4) Beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, ag alt 32 den Acht Sláinte, 1970 , a bhaineann le comhaontú nó, cheal comhaontú, le cinneadh ar an modh a roinnfear ranníocaí idir údaráis áitiúla, maidir le híocaíochtaí faoi fho-alt (3) mar atá feidhm aige maidir le ranníocaí faoin alt sin 32.

(5) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, an modh agus na tráthanna a shonrú a n-íocfaidh údaráis áitiúla íocaíochtaí le boird sláinte faoi fho-alt (1), agus i gcás inarb iomchuí é, féadfar foráil a dhéanamh le haon rialacháin den sórt sin le haghaidh íocaíochtaí eatramhacha arna ríomh de réir meastacháin a bheidh tugtha ag bord sláinte de bhun alt 217.

(6) (a) I gcás ina mbeidh aon suim dlite do bhord sláinte de údarás áitiúil, agus iníoctha ag an údarás áitiúil sin leis an mbord sláinte sin, faoin gCaibidil seo, féadfar méid na suime sin a bhaint as aon airgead is iníoctha leis an údarás áitiúil sin as cistí arna soláthar ag an Oireachtas chun aon chríche ar bith.

(b) Déanfar gach méid a asbhainfear de bhun mhír (a) a íoc leis an mbord sláinte iomchuí agus a chreidiúnú i gcuntais an bhord sláinte sin mar íocaíocht ón údarás áitiúil iomchuí ag íoc na suime ar ina leith a asbhaineadh an méid amhlaidh.

(7) Forléireofar tagairtí do liúntas léasa forlíontach san alt seo mar thagairtí a fholaíonn tagairt do chostas adhlactha de bhun alt 216.

(8) Tabharfaidh an tAire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontais do bhoird sláinte chun íoc as an méid dá gcaiteachas ar liúntas leasa forlíontach nach n-íoctar as ioncam faoin alt seo.

Rialacháin.

1975 LLF, a. 21]

219. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a) i ndáil le haon ábhar a bhaineann le liúntas leasa forlíontach agus féadfaidh na rialacháin sin, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil ansin roimhe seo, aon fhorálacha de chuid, nó aon fhorálacha arna ndéanamh faoi réim, Chodanna I, II agus VIII a chur chun feidhme (modhnaithe nó gan mhodhnú), nó forálacha ar comhréir leo (modhnaithe nó gan mhodhnú) a dhéanamh, agus

(b) chun aon chríche a bhforáiltear rialacháin ina leith le haon cheann d'fhorálacha na Caibidle seo.

(2) Gan dochar d'aon fhoráil shonrach sa Chaibidil seo, féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha nó cibé forálacha forlíontacha a bheith in aon rialacháin faoin gCaibidil seo is dóigh leis an Aire a bheith fóirsteanach chun críocha na rialachán.

Maoin áirithe a aistriú.

[1975 LLF, a. 22]

220. —(1) An mhaoin go léir a aistrítear le halt 22 den Acht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leasa Forlíontacha), 1975 , chuig bord sláinte agus a bhí, díreach roimh an 1 Iúil, 1977, i leabhar aon bhainc nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta in ainm údaráis chúnaimh phoiblí, déanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta í a aistriú, ar iarratas ón mbord sláinte, go dtí ainm an bhord sláinte.

(2) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear leis an alt sin 22 chuig bord sláinte, féadfaidh an bord sláinte agairt ina leith, é a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm ina ainm féin agus ní gá don bhord fógra faoin aistriú a dhéantar leis an alt sin a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean.

(3) Gach banna, ráthaíocht, nó urrús eile de ghné leanúnach a thug údarás cúnaimh phoiblí de bhun a fheidhmeanna faoi Acht 1939 do dhuine eile, nó a thug aon duine d'údarás cúnaimh phoiblí i ndáil leis na feidhmeanna sin, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an 1 Iúil, 1977, agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn in ndáil leis na feidhmeanna sin a rinneadh idir údarás cúnaimh phoiblí agus duine eile agus nach raibh forghníomhaithe agus comhlánaithe go hiomlán roimh an dáta sin forléireofar é nó í, agus beidh éifeacht leis nó léi ionann is dá ndéanfaí ainm an bhord sláinte ar ina limistéar feidhmiúcháin do limistéar feidhmiúcháin an údaráis c phoiblí a chur sa chéanna in ionad ainm an údaráis chúnaimh phoiblí, agus beidh an t-urrús, an conradh nó an comhaontú infhorghníomhaithe dá réir sin ag an mbord sláinte nó ina aghaidh.

Oifigigh áirithe a aistriú agus conarthaí a bheith infhorghníomhaithe.

[1975 LLF, a. 23]

221. —(1) Cuirfear faoi bhráid an Aire aon cheist a éireoidh i dtaobh oifigeach áirithe nó oifigigh d'aicme áirithe údaráis chúnaimh phoiblí a bheith aistrithe chuig bord sláinte de bhun alt 23 den Acht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leasa Forlíontacha), 1975 agus déanfaidh seisean cinneadh uirthi tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte nó leis an Aire Comhshaoil, cibé acu is iomchuí, agus, má chinntear gur aistríodh amhlaidh aon oifigeach den sórt sin, ansin, chun críche aon achtacháin a bhaineann le haoisliúntais, measfar nár cuireadh a oifig faoin údarás cúnaimh phoiblí ar ceal.

(2) Gach conradh seirbhíse, sainráite nó intuigthe—

(a) a rinneadh idir údarás cúnaimh phoiblí agus aon duine nárbh oifigeach don údarás sin ach ba dhuine a bhí le haistriú chuig bord sláinte de bhun an ailt sin 23, agus

(b) a coimeádadh i bhfeidhm le fo-alt (6) den alt sin agus atá i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo,

leanfaidh sé i bhfeidhm agus leanfar dá fhorléiriú agus d'éifeacht a bheith leis ionann is dá gcuirfí an bord sláinte ann in ionad an údaráis chúnaimh phoiblí, agus beidh gach conradh den sórt sin infhorghníomhaithe dá réir sin ag an mbord sláinte nó ina aghaidh.

(3) Cuirfear faoi bhráid an Aire aon cheist i ndáil le fo-alt (2) i dtaobh ar dhuine nó daoine a bheadh le haistriú de bhun an ailt sin 23 duine áirithe nó daoine d'aicme áirithe, agus déanfaidh seisean cinneadh uirthi tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte nó leis an Aire Comhshaoil, cibé acu is iomchuí.

Forálacha idirlinne.

[1975 LLF, a. 25]

222. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, aon oiriúnú nó modhnú a dhéanamh maidir le haon reacht, ordú nó rialachán a bhí i bhfeidhm an 1 Iúil, 1977, agus a bhaineann le haon ábhar nó ní lena mbaineann an Chaibidil seo nó dá ndéanann an Chaibidil seo difear, is oiriúnú nó modhnú is dóigh leis is gá le go bhféadfaidh an reacht, an t-ordú nó an rialachán sin éifeacht a bheith leis i gcomhréir leis an gCaibidil seo.

(2) Aon imeachtaí chun suim a ghnóthú a d'fhéadfadh údarás cúnaimh phoiblí a thionscnamh dá mba nár ritheadh an tAcht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leasa Forlíontacha), 1975 , féadfaidh an bord sláinte ar ina limistéar feidhmiúcháin do limistéar feidhmiúcháin an údaráis chúnaimh phoiblí díreach roimh an 1 Iúil, 1977, iad a thionscnamh.

(3) Féadfaidh bord sláinte aon imeachtaí a thionscnamh agus a shaothrú chun ordú faoi alt 29 d'Acht 1939 ag ordú airgead a íoc is iníoctha leis an mbord sláinte de bhua alt 220 a chur i ngníomh, a athrú nó a chúlghairm.

CUID IV

Liúntais Leanaí

Leanbh cáilithe.

[1946 LL, a. 4; 1973, a. 6]

[1965 FI, a. 17]

223. —(1) Is leanbh cáilithe (dá ngairtear leanbh cáilithe sa Chuid seo) chun críocha liúntas leanaí leanbh más rud é—

(a) go bhfuil sé faoi bhun 16 bliana d'aois, nó

(b) ar 16 bliana d'aois a bheith slánaithe aige go bhfuil sé faoi bhun 18 mbliana d'aois agus—

(i) go bhfuil sé ag fáil teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras eile oideachais, nó

(ii) gur printíseach é, nó

(iii) go bhfuil sé éagumasach, de dheasca éiglíocht coirp nó meabhrach, ar é féin a chothú agus gur dócha go mbeidh sé faoi éagumas amhlaidh go ceann i bhfad, agus

(c) go bhfuil gnáthchónaí air sa Stát, agus

(d) nach bhfuil sé ar coinneáil i scoil cheartúcháin ná i scoil saothair ná faoi phríosúnacht ná faoi choinneáil i gcoimeád dleathach.

(2) D'ainneoin fho-alt (1), is leanbh cáilithe chun críocha na Coda seo leanbh a chónaíonn lena athair le linn an t-athair (agus é ina chomhalta d'Óglaigh na hÉireann nó de státseirbhís an Rialtais nó an Stáit) a bheith lasmuigh den Stát i seirbhís an Rialtais, an Stáit nó eagraíochta idirnáisiúnta.

Daoine cáilithe.

[1946 LL, a. 5; 1963 FI, a. 5]

[1974 (Uimh. 1), a. 8]

[1946 LL, a. 5]

[1974 (Uimh. 1), a.9; I.R. Uimh. 196 de 1974]

224. —(1) Duine a mbeidh leanbh cáilithe ina chónaí go rialta leis beidh sé cáilithe chun liúntais leanaí i leith an linbh sin agus duine cáilithe a ghairtear de sa Chuid seo.

(2) Chun críche fho-alt (1)—

(a) féadfaidh an tAire rialacha a dhéanamh chun a chinneadh cé leis a measfar leanbh cáilithe a bheith ina chónaí go rialta,

(b) ní mheasfar leanbh cáilithe a bheith ina chónaí go rialta le níos mó ná duine amháin, agus

(c) i gcás leanbh cáilithe a bheith ina chónaí i bhforas agus go ndéantar ranníocaí i leith chostas a chothabhála san fhoras sin, measfar é a bheith ina chónaí go rialta leis an duine a gcinnfí de réir na rialacha faoi mhír (a) é a bheith ina chónaí go rialta leis murach é a bheith ina chónaí i bhforas ach, i gcás an leanbh a bheith tréigthe nó fágtha ag an duine a measfaí amhlaidh é a bheith ina chónaí go rialta leis, measfar an leanbh a bheith ina chónaí go rialta le ceann an teaghlaigh ar chomhalta de é de ghnáth murach é a bheith ina chónaí i bhforas.

(3) Rialacha a dhéanfar faoi fho-alt (2) leagfar iad faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis na rialacha a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na rialacha beidh na rialacha ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacha.

(4) I gcás máthair nó leasmháthair linbh cháilithe a bheith ag fáil liúntas leanaí i leith an linbh sin díreach roimh an 3 Iúil, 1974, ar í a bheith ainmnithe de réir rialacháin faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1973, chun an liúntas a fháil, measfar, ar í a theacht chun bheith ina duine cáilithe i leith an linbh sin, go ndearna sí an t-éileamh ar an liúntas sin.

(5) I gcás, díreach roimh an 3 Iúil, 1974, nach ndearna duine a bhí cáilithe chun liúntas leanaí a fháil i leith linbh cháilithe máthair nó leasmháthair an linbh a ainmniú amhlaidh chun an liúntas a fháil, measfar an duine sin, má scoireann sé de bheith ina dhuine cáilithe ag an dáta sin, a bheith ainmnithe amhlaidh ag an duine cáilithe chun an liúntas a fháil mura roghnóidh agus go dtí go roghnóidh an duine cáilithe a mhalairt.

Méideanna liúntais leanaí.

[1946 LL, a. 6; 1980, a. 24]

[1965 FI, a. 18]

[1969 FI, a. 8; 1980, a. 25]

225. —(1) Faoi réir na Coda seo agus na rialachán fúithi, aon duine atá cáilithe le haghaidh liúntais leanaí, íocfar leis, fad a bheidh sé cáilithe amhlaidh, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, liúntas míosúil arb é a bheidh ann an méid atá leagtha amach i gcolún (1) de Chuid IV den Cheathrú Sceideal i leith leanbh cáilithe amháin, agus, ina theannta sin, an méid atá leagtha amach i gcolún (2) den Chuid sin i leith gach leanbh cáilithe (más ann) de bhreis ar dhuine amháin.

(2) D'ainneoin aon ní sa Chuid seo, is é an liúntas míosúil is iníoctha le duine cáilithe i leith leanbh cáilithe a saolaíodh in ilbhreith triúr leanbh nó níos mó a bhfanfaidh triúr ar a laghad díobh cáilithe ná dúbailt an liúntais a bheadh iníoctha dá mba nár achtaíodh an fo-alt seo.

(3) Aon duine a bheidh cáilithe le haghaidh liúntais leanaí faoin gCuid seo, íocfar leis, faoi réir na Coda seo agus na rialachán fúithi, liúntais leanaí mar dheontas i leith triúr leanbh cháilithe nó níos mó ar saolaíodh gach duine acu san ilbhreith chéanna agus £300 méid an deontais más triúr an líon leanaí cáilithe agus £400 más mó ná triúr an líon.

(4) Tiocfaidh deontas faoi fho-alt (3) chun bheith iníoctha ar dháta breithe an linbh is déanaí a rugadh de leanaí cáilithe na hilbhreithe.

(5) Aon deontas a íocfar faoi fho-alt (3) íocfar é i dteannta aon liúntas leanaí is iníoctha mar liúntas míosúil faoin gCuid seo i leith na leanaí iomchuí.

Teorainn ama le haghaidh íocaíochta.

[1944 LL, a. 18; 1952 LL, a. 6]

226. —Ní íocfar suim ar cuntas liúntais leanaí mura bhfaighfear íoc na suime laistigh de 3 mhí (nó, más cuí leis an Aire, 6 mhí) tar éis an dáta a thiocfaidh sí chun bheith iníoctha.

Ceapadh agus dualgais oifigeach leasa shóisialaigh.

[1944 LL, a.5, 6; 1960 FI, a. 24]

227. —(1) Féadfaidh an tAire, le ceadú Aire na Seirbhíse Poiblí, cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh leasa shóisialaigh chun críocha na Coda seo.

(2) Déanfaidh gach oifigeach den sórt sin imscrúdú agus tabharfaidh sé tuarascáil don Aire i dtaobh aon éilimh ar liúntas leanaí nó i leith liúntais leanaí agus i dtaobh aon cheist maidir le liúntas leanaí nó i ndáil le liúntas leanaí a tharchuirfidh an tAire chuige, agus féadfaidh sé, chun críche an imscrúdaithe agus na tuarascála sin, a cheangal ar aon éilitheoir ar liúntas leanaí nó ar aon duine ar faoina chúram atá leanbh a mbeidh an t-éileamh bunaithe ina leith, cibé faisnéis a thabhairt dó agus cibé doiciméid a bhaineann leis an éileamh a theastóidh uaidh le réasún a thabhairt ar aird dó lena n-iniúchadh.

(3) Má mhainníonn duine, is éilitheoir ar liúntas leanaí nó is duine ar faoina chúram atá leanbh a mbeidh an t-éileamh bunaithe ina leith, cibé faisnéis a thabhairt d'oifigeach leasa shóisialaigh a cheanglaítear air a thabhairt dó leis an alt seo nó cibé doiciméid a thabhairt ar aird d'oifigeach leasa shóisialaigh a cheanglaítear air a thabhairt ar aird dó leis an alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £5 a chur air.

Liúntas leanaí a eisiamh chun críocha aoisliúntas nó pinsean.

[1944 LL, a. 15]

228. —Ní dhéanfar ioncam as liúntas leanaí a áireamh chun críche aon fhorálacha laghdaithe in aon achtachán a bhaineann le haoisliúntais nó le pinsin.

Liúntais leanaí a ró-íocadh a aisíoc.

[1944 LL, a. 11; 1946 LL, a. 12]

229. —(1) Má fhaightear amach tráth ar bith go raibh duine ag fáil liúntais leanaí nach raibh teideal aige chuige, nó go raibh sé ag fáil liúntais leanaí de réir ráta is airde ná an ráta ab iomchuí don chás, ansin, dlífear de nó, i gcás é a bheith marbh, dlífear dá ionadaí pearsanta, aon suimeanna a íocadh leis an duine sin i leith an liúntais leanaí nó, de réir mar a bheidh, suim arb é a bheidh inti an difríocht idir liúntas leanaí de réir an ráta a íocadh iarbhír agus liúntas leanaí de réir an ráta is iomchuí don chás, a íoc leis an Aire ar é á iarraidh sin.

(2) Aon suim is iníoctha ag duine leis an Aire faoin alt seo is fiach é a bheidh dlite den duine sin don Aire agus féadfaidh an tAire é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla nó trína bhaint as aon íocaíocht nó íocaíochtaí ar cuntas liúntais leanaí a mbeidh teideal aige chuici ina dhiaidh sin.

(3) Gach suim a aisíocfar, nó a ghnóthóidh an tAire, faoin alt seo, íocfar isteach sa Státchiste í nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste í i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(4) Beidh feidhm ag an alt seo, fara na modhnuithe is gá, i gcás duine a n-íocfar liúntas leanaí leis faoi aon cheann d'fhorálacha na Coda seo nó faoi rialacháin fúthu, agus nach é an duine é dá ndeonófar an liúntas leanaí sin.

Íocaíochtaí le daoine ceaptha agus duine a bheith as láthair ón Stát.

[1946 LL, a. 6; I.R. Uimh. 143 de 1973]

230. —(1) Féadfaidh an tAire, má dhealraítear dó gur cóir sin sna himthosca, duine a cheapadh chun glacadh agus déileáil le liúntas leanaí thar ceann iarratasóra.

(2) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, ceapachán a dhéanfar faoi fho-alt (1) a chúlghairm agus féadfaidh aon duine a cheapfar faoin bhfo-alt sin éirí as ach fógra míosa a thabhairt don Aire go bhfuil beartaithe aige sin a dhéanamh.

(3) Féadfaidh duine, a cheapfar faoi fho-alt (1) glacadh agus déileáil, thar ceann an iarratasóra, le liúntas leanaí agus is urscaoileadh maith don Aire admháil an duine sin ar aon suimeanna a íocadh leis thar ceann an iarratasóra.

(4) I gcás duine cáilithe a bheith, de thuras na huaire, as láthair ón Stát, féadfar iarratas thar a cheann i leith liúntais leanaí a ghlacadh ó cibé duine is cuí leis an Aire.

(5) Is sa Stát amháin a íocfar liúntas leanaí.

Pionós mar gheall ar ráitis bhréagacha.

[1944 LL, a. 12; 1946 LL, a. 12; 1976 (Uimh. 2), a.9, 10, 11]

[1976 (Uimh. 2), a.5]

[1976 (Uimh. 2), a.12]

231. —(1) Gach duine—

(a) a dhéanfaidh, go feasach, aon ráiteas nó uiríoll (scríofa nó ó bhéal) is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, nó a cheilfidh go feasach aon fhíoras a bhaineann le hábhar, chun liúntas leanaí a fháil nó a choimeád i bhfeidhm dó féin nó d'aon duine eile, nó chun liúntas leanaí a fháil nó a choimeád i bhfeidhm dó féin nó d'aon duine eile de réir ráta is airde ná an ráta is iomchuí don chás, nó

(b) a gheobhaidh, go feasach, íocaíocht liúntais leanaí, nó a leanfaidh de bheith á fháil, gan teideal aige chuige, nó

(c) a gheobhaidh nó a ghlacfaidh go feasach aon íocaíocht ar cuntas liúntais leanaí nach bhfuil iníoctha leis ar aon chúis ar bith,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(2) Duine a chiontófar i gcion faoi fho-alt (1) beidh sé dícháilithe chun an liúntas leanaí, ar ina leith a rinneadh an cion, a fháil go ceann tréimhse 6 mhí díreach tar éis dáta an chiontaithe. Ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo i ndáil le cionta a rinneadh roimh an 12 Iúil, 1976.

(3) Beidh feidhm ag fo-alt (1), fara na modhnuithe is gá, i gcás duine a n-íocfar liúntas leanaí leis faoi aon cheann d'fhorálacha na Coda seo nó faoi rialacháin fúthu agus nach é an duine é dá ndeonófar an liúntas leanaí.

(4) Má tharlaíonn in ionchúiseamh i leith cion faoin gCuid seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim, nó d'fheidhmiú forálacha, na Coda seo, go suífear chun sástacht na cúirte—

(a) go bhfuil iarratas déanta ag duine (dá ngairtear an cosantóir san alt seo) ar liúntas leanaí, agus

(b) go ndearnadh de thoradh an iarratais sin liúntas a íoc le haon duine (cibé acu arbh é an liúntas sin a iarradh nó nárbh é agus cibé acu ar leis an gcosantóir a íocadh é nó nár leis),

toimhdeofar gur thug an cosantóir aon fhaisnéis a bheidh san iarratas (nó gur chuir sé faoi deara í a thabhairt thar a cheann) agus, i gcás inar faisnéis bhréagach an fhaisnéis sin, gurb eol dó go hiomlán gurbh fhaisnéis bhréagach í agus gur thug sé í le hintinn go meabhlódh sí; ach féadfar an toimhde sin a fhrisnéis.

(5) D'ainneoin aon fhoráil in aon Acht a shonraíonn an tréimhse inar féidir imeachtaí a thionscnamh, féadfar ionchúiseamh i leith cion faoin gCuid seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim, nó d'fheidhmiú forálacha, na Coda seo a thionscnamh tráth ar bith laistigh de cibé tréimhse díobh seo a leanas is deireanaí a rachaidh in éag—

(a) an tréimhse trí mhí dar tosach an dáta a ndeimhneofar i scríbhinn arna séalú le séala oifigiúil an Aire gur tháinig fianaise ar dheis nó i seilbh an Aire ba leor le gur cheart an t-ionchúiseamh sin a thionscnamh, nó

(b) an tréimhse dhá bhliain dar tosach an dáta a rinneadh an cion.

(6) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin faoin gCuid seo i dtaobh cionta is sárú nó neamhchomhlíonadh ar na rialacháin sin agus i dtaobh fíneáil nach mó a méid sonraithe ná £500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a ghearradh, de rogha na cúirte, i gcás ciontú go hachomair i gcionta den sórt sin.

Rialacháin.

[1944 LL, a.20]

[1952 LL, a.6]

[1946 LL, a. 12]

[1944 LL, a. 20]

[1952 LL, a. 5]

232. —(1) Féadfaidh an tAire—

(a) an modh agus na tráthanna a n-íocfar liúntais leanaí a fhorordú;

(b) an nós imeachta a fhorordú a bheidh le leanúint i gcás tarchur (a bhaineann le liúntais leanaí) faoi alt 298 agus an nós imeachta chun aon cheann d'fhorálacha an Common Law Procedure Amendment Act (Ireland), 1856, a chur i bhfeidhm chun críocha aon tarchuir den sórt sin agus chun feidhmiú aon cheann d'fhorálacha eile an Achta sin a eisiamh;

(c) rialacháin a dhéanamh chun go bhféadfaidh duine a bhfuil liúntas leanaí iníoctha leis duine eile a ainmniú chun an liúntas sin a fháil thar ceann an duine chéadluaite;

(d) rialacháin a dhéanamh lena n-údarófar, i cibé cásanna a shonrófar, aon suim a íoc mar liúntas leanaí le linn aon tréimhse idir an tráth a ndéanfar aon éileamh nó a dtarchuirfear aon cheist agus an tráth a gcinnfear an t-éileamh nó an cheist go críochnaitheach;

(e) rialacháin a dhéanamh lena bhforálfar, d'ainneoin aon ní in alt 226—

(i) i gcás duine a bhí ag fáil liúntais leanaí d'fháil bháis, go bhféadfar aon suim a íoc a tháinig chun bheith iníoctha laistigh de 3 mhí (nó, más cuí leis an Aire, 6 mhí) roimh dháta a bháis ar cuntas an liúntais leanaí, ach nár íocadh, agus

(ii) i gcás duine a bhí cáilithe chun liúntais leanaí d'fháil bháis, go bhféadfar aon suim a íoc a thiocfadh, dá mba rud é gur lamháladh éileamh ar an liúntas leanaí díreach roimh a bhás, chun bheith iníoctha ar cuntas an liúntais leanaí amach go dtí dáta a bháis;

(f) rialacháin a dhéanamh lena bhforálfar go bhféadfar, faoi réir na rialachán, probháid nó cruthúnas eile ar theideal ionadaithe pearsanta an duine éagtha a ligean thar ceal i gcás aon suim den sórt sin atá luaite i mír (e), agus go bhféadfar aon suim den sórt sin a íoc leis na daoine nó a dháileadh ar na daoine a dhealraíonn, amhail mar a fhoráiltear leis na rialacháin a bheith i dteideal an tsuim sin nó aon chuid di a fháil, mar dhaoine a bhfuil teideal tairbhiúil acu chuici faoi aon ionstraim thiomnach nó mar neasghaolta, nó mar chreidiúnaithe an duine éagtha, nó a íoc le haon duine nó daoine áirithe nó a dháileadh ar aon daoine áirithe d'eisiamh na coda eile, nó, i gcás aon neamhdhlisteanacht a bheith ag baint leis an duine éagtha nó le haon leanbh leis, í a íoc le cibé duine nó daoine nó a dháileadh ar cibé daoine a ordófar leis na rialacháin;

(g) an modh a fhorordú ina ndéanfar éilimh ar liúntais leanaí;

(h) na dátaí a fhorordú ar a dtosóidh liúntaís leanaí, mar a deonaíodh ar dtús iad, ag faibhriú;

(i) na dátaí a fhorordú ar a mbeidh éifeacht, d'ainneoin aon ní in alt 300, le liúntais leanaí, arna n-athchóiriú ó am go ham mar gheall ar athruithe sna himthosca;

(j) rialacháin a dhéanamh chun aon cheann d'fhorálacha ailt 111, 112, 113, 128, 295, 296, 297, 298, 299 agus 300 nó d'fhorálacha arna ndéanamh faoi na hailt sin a chur chun feidhme maidir le liúntais leanaí, cibé acu is feidhm mhodhnaithe nó feidhm gan mhodhnú an fheidhm sin agus cibé acu a dtarlaíonn di bheith i dteannta nó in ionad aon fhorálacha den Chuid seo nó de Chuid VIII.

(2) Is le toiliú an Aire Poist agus Telegrafa a dhéanfar rialacháin faoin alt seo á fhoráil liúntais leanaí a íoc trí Oifig an Phoist.

CUID V

Árachas Breac-Dhífhostaíochta

Réamhráiteach agus Ginearálta

Léiriú.

[1942 BD, a. 2, 6, 7, 8, 9]

[I.R. Uimh. 82 de 1955]

[1963 FI, a. 17]

[1942 BD, a. 7; 1963 FI, a. 17]

[1963 FI, a. 17]

[1942 BD, a. 7]

233. —(1) Sa Chuid seo—

ciallaíonn “seachtain féilire” an tréimhse 7 lá dar tosach an meán oíche idir an Domhnach agus an Luan;

ciallaíonn “an Ciste” an Ciste Díomhaointis Fhoirlíontaigh a bunaíodh faoin Acht Árachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942 ;

ciallaíonn “doineann” aimsir a d'fhágfadh obair i bhfostaíocht inárachaithe contúirteach nó neamhphraiticiúil go sealadach mar gheall ar bháisteach, stoirm, sneachta, clocha sneachta, sioc, tuile nó mí-shíon eile, ag féachaint do shláinte nó sábháilteacht na ndaoine a bheidh a ghabháil don fhostaíocht sin nó ag féachaint do chineál nó riachtanais theicniúla na hoibre;

tá le “fostaíocht inárachaithe” an bhrí a shanntar le halt 234;

ciallaíonn “bliain árachais” cibé tréimhse a fhorordófar;

ciallaíonn “duine árachaithe” aon duine a bhfuil 16 bliana d'aois nó níos mó slánaithe aige agus atá fostaithe i bhfostaíocht inárachaithe faoi chonradh seirbhíse nó printíseachta, scríofa nó ó bhéal, cibé acu sainráite nó intuigthe dó agus cibé acu is é an fostóir nó duine éigin eile a íocann an duine sin, agus cibé acu is de réir ama nó de réir an taisc nó go páirteach de réir ama agus go páirteach de réir an taisc, nó ar shlí eile, nó gan aon íocaíocht airgid, a íoctar é, ach ní fholaíonn sé duine atá fostaithe faoi chonradh printíseachta nach bhfuil aon airgead iníoctha faoi ag an bhfostóir, nó duine is duine eiscthe, de thuras na huaire de réir bhrí alt 236 (2);

ciallaíonn “breac-dhífhostaíocht” dífhostaíocht agus cailliúint iarmhartach pá de dheasca saotharstad nach féidir a sheachaint mar gheall ar dhoineann, i bhfostaíocht inárachaithe agus forléireofar an abairt “breac-dhífhostaithe” dá réir sin;

ciallaíonn “oifig áitiúil” malartán fostaíochta nó áit eile a cheapfaidh an tAire chun bheith ina hoifig áitiúil;

ciallaíonn “oifigeach áitiúil” oifigeach atá, de thuras na huaire, i bhfeighil oifige áitiúla;

ciallaíonn “oibrí oilte”—

(a) maidir le fostaíocht i gceirdeanna na foirgníochta, na hinnealtóireachta sibhialta nó na péintéireachta, duine árachaithe atá fostaithe faoi chonradh seirbhíse nó printíseachta—

(i) mar shaor adhmaid, siúinéir, meaisíneadóir gearrtha adhmaid, bríceadóir, saor cloiche, snoíodóir cloiche, fear suite cloch, oibrí terrazzo agus mósáice; tíleadóir urláir agus balla, pláistéir, slinneadóir, tíleadóir dín, péintéir, crochadóir páipéir, maisitheoir, gloineadóir, luadóir, oirtheoir téacháin, oirtheoir gáis, líomhnóir adhmaid nó leictreoir, nó

(ii) i cibé cáil eile a chinnfidh an tAire go ginearálta nó i gcás áirithe gur fostaíocht í mar oibrí oilte,

(b) maidir le fostaíocht in aon cheird eile a ndearbhaítear le hordú arna dhéanamh ag an Aire faoin gCuid seo gur fostaíocht inárachaithe í chun críocha na Coda seo, duine árachaithe atá fostaithe faoi chonradh seirbhíse nó printíseachta—

(i) i gcáil inar oibrí oilte mar a mhínítear leis an ordú sin an duine sin, nó

(ii) i cibé cáil eile a chinnfidh an tAire, go ginearálta nó i gcás áirithe, gur fostaíocht mar oibrí oilte í;

ciallaíonn “oibrí neamhoilte” duine árachaithe nach oibrí oilte;

ciallaíonn “duine óg” duine árachaithe a bhfuil 16 bliana d'aois slánaithe aige ach nach bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige.

(2) Ní mheasfar duine a bheith ina oibrí oilte nó ina oibrí neamhoilte go dtí an chéad lá tar éis dheireadh na bliana árachais ina slánóidh sé 18 mbliana d'aois.

(3) Duine a shlánóidh 18 mbliana d'aois measfar é a bheith ina dhuine óg go dtí an lá deireanach den bhliain árachais ina slánóidh sé an aois sin.

(4) Duine árachaithe is oibrí oilte a n-athróidh a shlí bheatha rialta ar dhóigh a d'fhágfadh ina oibrí neamhoilte é, meafar gur oibrí oilte é go dtí cibé dáta a gcruthófar chun sástacht an Aire go bhfuil slí bheatha rialta an duine árachaithe athraithe amhlaidh.

(5) Duine árachaithe is oibrí neamhoilte a n-athróidh a shlí bheatha rialta ar dhóigh a d'fhágfadh ina oibrí oilte é, measfar gur oibrí neamhoilte é go dtí cibé dáta a gcruthófar chun sástacht an Aire go bhfuil slí bheatha rialta an duine árachaithe athraithe amhlaidh.

Fostaíocht inárachaithe.

[1942 BD, a. 4; I.R. Uimh. 82 de 1955]

234. —Sa Chuid seo ciallaíonn “fostaíocht inárachaithe” fostaíocht lámh-oibre is fostaíocht i gceirdeanna na foirgníochta, na hinnealtóireachta sibhialta nó na péintéireachta nó fostaíocht in aon cheird eile a ndearbhaítear le hordú a dhéanfaidh an tAire faoin gCuid seo gur fostaíocht inárachaithe í chun críocha na Coda seo agus—

(a) nach fostaíocht i gceird na foirgníochta—

(i) atá faoi aon údarás poiblí áitiúil nó údarás poiblí eile, in aon oifig, post nó fostaíocht inphinsin i gcáil bhuan, nó

(ii) i seirbhís mhíleata an Stáit, nó

(iii) is fostaíocht oibrithe neamhoilte agus daoine óga ar oibreacha atá á ndéanamh ag Coimisiún Talún na hÉireann nó thar a cheann ag feabhsú tailte a ceannaíodh nó a aontaíodh a cheannach faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh, nó

(b) nach fostaíocht i gceirdeanna na hinnealtóireachta sibhialta nó na péintéireachta—

(i) atá faoi aon údarás poiblí áitiúil nó údarás poiblí eile, nó

(ii) is fostaíocht oibrithe neamhoilte agus daoine óga ar obair atá á dhéanamh chun portaigh a fhorbairt nó i ndáil le bunú agus cothabháil foraoiseacha, nó

(iii) is fostaíocht faoin Stát ar obair dhéanta, athdhéanta, cothabhála, athraithe, deisithe nó scartála bóithre poiblí, nó

(iv) is fostaíocht ar oibreacha atá á ndéanamh faoin Acht Siltin Airtéirigh, 1945 , nó faoin Acht um Míntíriú Talún, 1949 , nó faoi aon Achtanna atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus a ghlacann ionad na nAchtanna sin nó a leasaíonn iad, nó

(v) is fostaíocht faoin Aire Poist agus Telegrafa ar an obair go léir a bhaineann le cuaillí, crainn, cleathair, piolóin, sreanga nó cáblaí le haghaidh cumarsáide teileafóin, teileagraif nó raidió nó le haghaidh craolta, a chur suas nó a leagan síos, a athrú, a dheisiú, a phéinteáil, a mhaisiú nó a scartáil, nó

(vi) is fostaíocht faoi Chóras Iompair Éireann i gcás nach mbaintear asbhaintí as pá daoine fostaithe de dheasca am a cailleadh mar gheall ar dhoineann, nó

(vii) is fostaíocht faoi Bhord Soláthair an Leictreachais ar obair a dhéanann an Bord go díreach de réir a fheidhmeanna reachtúla.

Fostaíocht i gceirdeanna na foirgníochta, na hinnealtóireachta sibhialta agus na péintéireachta.

[1942 BD, a. 3; I.R. Uimh. 82 de 1955]

235. —(1) Sa Chuid seo ciallaíonn “fostaíocht i gceird na foirgníochta” fostaíochta ar obair de chineál is gnách d'fhoirgneoirí nó do chonraitheoirí foirgníochta a ghlacadh de láimh nó a dhéanamh agus folaíonn sí fostaíocht ar obair de na cineálacha seo a leanas—

(a) an obair go léir a bhaineann le foirgnimh a dhéanamh, a athdhéanamh, a athrú, a dheisiú, a phéinteáil, a mhaisiú nó a scartáil;

(b) an obair go léir a bhaineann le hearraí, feistis, píopaí, coimeádáin, feadáin, sreanga nó ionstraimí (lena n-áirítear fearas nó innealra téimh lárnaigh nó coimeádáin bhreosla i gceangal leis an gcéanna), le haghaidh téamh, soilsiú nó soláthar cumhachta nó uisce aon fhoirgnimh, a shuiteáil, a athrú, a fheistiú, a dheisiú, a phéinteáil, a mhaisiú, a chothabháil nó a scartáil san fhoirgneamh sin nó ar a láithreán ach gan obair a áireamh a bhaineann le príomhphíopaí poiblí soláthair uisce, gáis nó leictreachais a dhéanamh nó a leagan síos nó le foirgnimh agus a láithreáin a chur i gceangal le príomhphíopaí den sórt sin;

(c) an obair go léir a dhéanann foirgneoir nó conraitheoir foirgníochta de ghnáth—

(i) chun láithreáin i gcóir foirgneamh a ghlanadh agus a leagan amach,

(ii) chun dúshraitheanna a dhéanamh ar na láithreáin sin,

(iii) chun gach séarach, draein nó obair eile le húsáid i ndáil le sláintíocht foirgneamh nó diúscairt iarmhair a dhéanamh, a athdhéanamh, a dheisiú agus a chothabháil laistigh de na láithreáin sin,

(iv) chun ballaí nó fálta teorann a thógáil ar na láithreáin sin chun úsáide foirgneamh, nó mar chosaint nó mar ornáidiú dóibh, agus

(v) chun bóithre agus cosáin a dhéanamh laistigh de theorainneacha na láithreán sin;

(d) an obair go léir a bhaineann le monarú, athrú, feistiú nó deisiú earraí d'adhmad, de chloch oibrithe, de mharmar, de shlinn, de phlástar, de stroighin (lena n-áirítear bloic choincréite) nó earraí d'ábhar de chineál stroighne, lena n-úsáid chun foirgnimh a dhéanamh, a athdhéanamh, a athrú, a fheistiú, a dheisiú, a mhaisiú nó a chothabháil agus ar earraí iad de chineál a dhéantar de ghnáth i gceardlanna nó i gclóis foirgneoirí, ach gan iad seo a leanas a áireamh—

(i) aon earra nó séadchomhartha atá ceaptha mar chuimhneachán ar bheo nó ar mhairbh a mhonarú, a athrú nó a dheisiú,

(ii) slinn a bhaint agus a ghearradh i gcairéal,

(iii) garbh-bhloic marmair nó cloiche a bhaint,

(iv) earraí troscáin soghluaiste a mhonarú,

(v) earraí a mhonarú is gá a chóireáil in oigheann nó in áith i bpróiseas a monaraithe,

(vi) píopaí séaraigh, píopaí draenála, brící, tíleanna urláir, tíleanna dín a mhonarú, agus

(vii) earraí a mhonarú arb é atá iontu go hiomlán nó go formhór cumasc stroighne agus aispeiste.

(2) Ciallaíonn “fostaíocht i gceird na hinnealtóireachta sibhialta” fostaíocht ar obair de chineál is gnách le conraitheoirí innealtóireachta sibhialta nó oibreacha poiblí a ghlacadh de láimh nó a dhéanamh agus folaíonn sé fostaíocht ar obair de na cineálacha seo a leanas—

(a) iad seo a leanas a dhéanamh, a athdhéanamh, a athrú, a dheisiú, a phéinteáil, a mhaisiú nó a scartáil—

(i) bóithre, cosáin, ciumhaiseanna, droichid, tarbhealaí, uiscerianta, cuanta, dugaí, calaí, piaraí, lamairní, céanna, promanáid, áiteanna calaíochta, tithe solais, rabhcháin, cumhdaigh mara, aerfoirt, iarnróid, tolláin, trambhealaí nó canálacha,

(ii) oibreacha uisce, taiscumair, leapacha scagtha, toibreacha, oibreacha soláthair gháis nó leictreachais, oibreacha séarachais, príomhphíopaí nó príomhcháblaí poiblí chun uisce, gás nó leictreachas a sholáthar nó chun séarachas a dhiúscairt agus an obair go léir a bhaineann le foirgnimh agus a láithreáin a cheangal leis na príomhphíopaí nó na príomhcháblaí sin,

(iii) oibreacha abhann, dambaí, coraí, claífoirt, tonnchoscanna, muirmhúrtha, oibreacha chun talamh nó bóthar nó abhainn a dhraenáil, chun talamh a mhíntiriú nó chun creimeadh cósta a chosc, agus

(iv) faichí spóirt, faichí súgartha, faichí leadóige, cúirteanna liathróid láimhe, linnte snámha agus folcadáin phoiblí nó áiteanna snámha de choincréit, de chloch, de tharramhacadam, d'asfalt, nó d'ábhar dá samhail;

(b) cuaillí, crainn, cleathair, piolóin, sreanga nó cáblaí le haghaidh cumarsáide teileafóin, teileagraif nó raidió nó le haghaidh craolta a chur suas nó a leagan síos, a athrú, a dheisiú, a phéinteáil, a mhaisiú nó a scartáil; agus

(c) talamh a leacú, talamh a fhoirmiú nó a dhraenáil i ndáil le féar-fhaichí spóirt, páirceanna poiblí, páirceanna imeartha, faichí leadóige, faichí gailf, faichí súgartha, ráschúrsaí agus rás-rianta con a dhéanamh nó a athdhéanamh, ach gan síol-chur féir ar an talamh sin a áireamh.

(3) Ciallaíonn “fostaíocht i gceird na péintéireachta” fostaíocht ar obair de chineál is gnách le conraitheoirí péintéireachta a ghlacadh de láimh nó a dhéanamh.

Daoine eiscthe.

[1942 BD, a. 5]

236. —(1) Aon uair is deimhin leis an Aire, i leith aon aicme daoine ar fostú ag fostóir áirithe i bhfostaíocht inárachaithe—

(a) gur buan-fhostaíocht fostaíocht na haicme sin daoine, ag féachaint do ghnáth-chleachtadh an fhostóra, agus

(b) nach mbaintear aon ní as pá na haicme sin daoine de dheasca am a cailleadh mar gheall ar dhoineann, agus

(c) de bharr imthosca eile a bhaineann le fostaíocht na haicme sin daoine, nach gá do dhaoine a bhaineann leis an aicme sin a bheith árachaithe faoin gCuid seo,

féadfaidh sé deimhniú (dá ngairtear deimhniú eisceachta sa Chuid seo) a eisiúint don fhostóir á rá gur deimhin leis amhlaidh.

(2) I gcás deimhniú eisceachta i leith aicme daoine a bheith eisithe d'fhostóir, ansin, is duine eiscthe chun críocha na Coda seo aon duine ar fostú leis an bhfostóir agus a bhaineann leis an aicme sin agus a bhfuil trí bliana nó níos mó de bhuanseirbhís curtha isteach aige leis an bhfostóir, fad a bheidh an deimhniú sin i bhfeidhm agus fad a leanfaidh sé i bhfostaíocht an fhostóra, agus forléireofar “daoine eiscthe” dá réir sin sa Chuid seo.

(3) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, aon deimhniú eisceachta a chúlghairm.

Daoine ar fostú ag an Stát.

[1942 BD, a. 11]

237. —Bainfidh an Chuid seo le daoine ar fostú i bhfostaíocht inárachaithe ag an Stát lena mbainfeadh an Chuid seo dá mba dhuine príobháideach an fostóir, lasmuigh de cibé méid de na daoine sin atá ag fónamh i gcáil bhunaithe i mbuanseirbhís an Stáit nó atá, tar éis deimhnithe a bheith deonaithe dóibh ag Coimisinéirí na Státseirbhíse, ag cur tréimhse profa díobh roimh a mbunú.

Brí “fostaíocht inárachaithe” agus “oibrí oilte” a leathnú.

[1942 BD, a. 15]

238. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, aon uair agus a mhinice is cuí leis, le hordú—

(a) a dhearbhú gur fostaíocht inárachaithe chun críocha na Coda seo fostaíocht in aon cheird (arna míniú i cibé slí is cuí leis an Aire), agus

(b) an abairt “oibrí oilte” i ndáil leis an bhfostaíocht a ndearbhaítear leis an ordú gur fostaíocht inárachaithe í a mhíniú, faoi threoir fostaíochta sna cáileanna sin is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé san ordú.

(2) Ní thiocfaidh aon ordú a dhéanfar faoin alt seo i bhfeidhm mura leagfar, agus go dtí go leagfar, faoi bhráid gach Tí den Oireachtas é agus go ndaingneofar é le rún ó gach Teach acu sin.

Daoine Árachaithe agus Ranníocaí

Árachas in aghaidh breac-

dhífhostaíochta.

[1942 BD, a. 16]

239. —Ní mór gach duine árachaithe bheith faoi árachas in aghaidh breac-dhífhostaíochta sa tslí a fhoráiltear leis an gCuid seo.

Ranníocaí.

[1942 BD, a. 17]

240. —Na cistí is gá chun sochar forlíontach (de réir bhrí alt 251 (1)) a sholáthar agus chun aon íocaíochtaí eile a dhéanamh a bheidh le déanamh faoin gCuid seo as an gCiste, gheofar iad go páirteach as ranníocaí seachtainiúla ó dhaoine árachaithe agus go páirteach as ranníocaí seachtainiúla ó fhostóirí na ndaoine sin.

Dlíteanas i leith ranníocaí.

[1942 BD, a. 18]

241. —(1) Dlífidh gach duine árachaithe sna haicmí atá leagtha amach i gcolún (1) de Chuid I den Chúigiú Sceideal agus gach fostóir atá ag aon duine árachaithe den sórt sin ranníocaí (dá ngairtear ranníocaí seachtainiúla sa Chuid seo) a íoc in aghaidh na seachtaine de réir na rátaí faoi seach atá leagtha amach i gcolúin (2) agus (3) den Chuid sin den Sceideal sin.

(2) Ach amháin mar a bhforordaítear a mhalairt faoin gCuid seo, dlífidh fostóir duine árachaithe, sa chéad ásc, an ranníoc seachtainiúil is iníoctha aige féin (dá ngairtear ranníoc an fhostóra sa Chuid seo) agus freisin, thar ceann agus d'eisiamh an duine árachaithe, an ranníoc seachtainiúil is iníoctha ag an duine árachaithe (dá ngairtear ranníoc an duine árachaithe sa Chuid seo) a íoc, agus chun críocha na Coda seo measfar gur ranníocaí seachtainiúla ón duine árachaithe ranníocaí seachtainiúla a íocfaidh fostóir thar ceann duine árachaithe.

(3) Beidh ranníoc seachtainiúil iníoctha in aghaidh gach seachtaine féilire a mbeidh duine árachaithe ar fostú ag fostóir ar feadh na seachtaine sin go huile nó ar feadh coda di, ach sin faoi réir an méid seo a leanas—

(a) i gcás ranníoc seachtainiúil amháin a bheith íoctha i leith duine árachaithe in aon seachtain féilire, ní bheidh aon ranníoc seachtainiúil eile iníoctha ina leith in aghaidh na seachtaine féilire céanna, agus

(b) i gcás gan aon seirbhísí a bheith tugtha ag duine árachaithe le linn aon seachtaine féilire agus gan aon luach saothair a bheith íoctha i leith na seachtaine féilire sin, ní dhlífidh an fostóir aon ranníoc seachtainiúil a íoc thar a cheann féin ná thar ceann an duine árachaithe i leith na seachtaine féilire sin.

(4) I gcás duine a bheith ar fostú in aon seachtain féilire faoin bhfostóir céanna, go páirteach i bhfostaíocht inárachaithe agus go páirteach i bhfostaíocht eile, ansin, d'ainneoin fho-alt (3), ní bheidh aon ranníoc seachtainiúil iníoctha i leith an duine sin in aghaidh na seachtaine féilire sin mura rud é gur san fhostaíocht inárachaithe atá leath nó breis agus leath an ama a mbeidh sé ar fostú amhlaidh.

Gan ranníoc an fhostóra a bheith inghnóthaithe ón duine árachaithe.

[1942 BD, a. 19]

242. — D'ainneoin aon chonradh dá mhalairt, ní bheidh fostóir duine árachaithe i dteideal ranníoc an fhostóra a bhaint as pá an duine árachaithe ná a ghnóthú uaidh i slí eile.

Fostóir do ghnóthú ranníoc an duine árachaithe.

[1942 BD, a. 20]

243. —(1) Faoi réir an ailt seo agus aon rialacháin a dhéanfaidh an tAire faoin gCuid seo, beidh fostóir duine árachaithe i dteideal méid aon ranníoca sheachtainiúil a íocfaidh sé thar ceann an duine árachaithe a ghnóthú ón duine árachaithe de réir an ailt seo.

(2) Má fhaigheann duine árachaithe pá nó luach saothair airgid eile óna fhostóir beidh méid aon ranníoca sheachtainiúil a íocfaidh an fostóir thar ceann an duine árachaithe, d'ainneoin forálacha aon Achta nó conradh dá mhalairt, inghnóthaithe trí asbhaintí as pá an duine árachaithe nó as aon luach saothair eile a bheidh dlite den fhostóir don duine árachaithe agus ní ar aon slí eile, ach ní fhéadfar aon asbhaintí den sórt sin a bhaint as pá nó luach saothair seachas an pá nó an luach saothair sin a bheidh íoctha i leith na tréimhse nó na coda den tréimhse ar iníoctha an ranníoc seachtainiúil ina leith nó de bhreis ar an tsuim is ionann agus méid na ranníocaí seachtainiúla in aghaidh na tréimhse a n-íoctar an pá nó an luach saothair eile ina leith.

(3) I gcás ranníoc seachtainiúil a bheidh íoctha ag fostóir duine árachaithe thar ceann an duine árachaithe a bheith inghnóthaithe ón duine árachaithe, ach nach mbeidh sé inghnóthaithe trí asbhaintí faoi fho-alt (2), beidh sé (gan dochar d'aon slí ghnóthaithe eile) inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla ach ní bheidh aon ranníoc seachtainiúil den sórt sin inghnóthaithe mura ndéanfar imeachtaí chun na críche a thionscnamh laistigh de thrí mhí ón dáta ar a raibh an ranníoc iníoctha.

(4) I gcás nach n-íocann a fhostóir nó aon duine eile pá nó íocaíochtaí airgid eile le duine árachaithe, dlífidh an fostóir na ranníocaí seachtainiúla is iníoctha aige féin agus ag an duine árachaithe a íoc agus ní bheidh sé i dteideal aon chuid díobh a ghnóthú ón duine árachaithe.

(5) Aon suim a bhainfidh fostóir as pá nó luach saothair eile faoin alt seo measfar í a bheith tugtha dó ar iontaoibh chun an ranníoc seachtainiúil ar ina leith a asbhaineadh í a íoc.

Daoine a áirítear mar fhostóirí.

[1942 BD, a. 21]

244. —I gcás duine árachaithe a bheith ar fostú ag níos mó ná duine amháin in aon seachtain féilire, measfar gurb é an chéad duine a d'fhostaigh é an tseachtain sin fostóir an duine árachaithe chun críocha fhorálacha na Coda seo i dtaobh ranníocaí seachtainiúla a íoc.

Dátaí chun ranníocaí a íoc.

[1942 BD, a. 22; I.R. Uimh. 11 de 1953 ]

245. —(1) I gcás inar cinneadh de réir alt 271 nach iníoctha ranníocaí seachtainiúla faoin gCuid seo i leith aon duine nó aicme daoine agus go ndéanfar an cinneadh sin a choigeartú nó a fhreaschur ina dhiaidh sin de réir ailt 295 go 300 nó, go ndéanfaidh an Ard-Chúirt amhlaidh, ar achomharc, chun gur iníoctha ranníocaí seachtainiúla i leith an duine sin nó na haicme daoine sin ní iníoctha ranníocaí seachtainiúla amhlaidh ach amháin amhail ón dáta a ndearnadh an cinneadh a choigeartú nó a fhreaschur.

(2) I gcás inar cinneadh de réir alt 271 gur iníoctha ranníocaí seachtainiúla faoin gCuid seo i leith duine nó aicme daoine de réir ráta áirithe faoin gCuid seo agus go ndéanfar an cinneadh sin a choigeartú nó a fhreaschur ina dhiaidh sin de réir ailt 295 go 300, nó go ndéanfaidh an Ard-Chúirt amhlaidh, ar achomharc, chun gur iníoctha ranníocaí seachtainiúla de réir ráta eile i leith an duine nó na haicme daoine sin, ní iníoctha ranníocaí seachtainiúla amhlaidh de réir an ráta eile sin ach amháin amhail ón dáta a ndearnadh an cinneadh a choigeartú nó a fhreaschur.

Ranníocaí a aisíoc.

[1942 BD, a. 23]

246. —Féadfaidh an tAire aon ranníocaí seachtainiúla a íocfaidh duine agus a fhostóir faoi seach ar an míthuiscint go raibh na ranníocaí seachtainiúla iníoctha i leith an duine sin faoin gCuid seo a thabhairt ar ais dóibh ar iarratas a dhéanamh chuige chun na críche sin i cibé foirm a éileoidh sé sula mbeidh 12 mhí caite ón dáta a íocadh na ranníocaí seachtainiúla, ach, i gcás ranníocaí an duine árachaithe, asbhainfear aon mhéid de shochar forlíontach a bheidh faighte aige agus nach mbeadh sé i dteideal a fháil dá mba rud é nár íocadh na ranníocaí seachtainiúla sin.

Rialacháin maidir le ranníocaí a íoc le stampaí, etc.

[1942 BD, a. 24; 1952, a. 122]

[1952, a. 122]

247. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ina mbeidh foráil i dtaobh aon nithe a ghabhann le ranníocaí seachtainiúla a íoc agus a bhailiú agus go háirithe i dtaobh—

(a) ranníocaí seachtainiúla a íoc le stampaí greamaitheacha (dá ngairtear stampaí árachais forlíontacha sa Chuid seo) a bheidh greamaithe de leabhair nó de chártaí (dá ngairtear faoi seach sa Chuid seo leabhair dhífhostaíochta fhorlíontacha agus cártaí dífhostaíochta forlíontacha) nó ar shlí eile, agus i dtaobh na slí ina mbeidh, na dtráthanna a bheidh, agus na gcoinníollacha faoina mbeidh stampaí árachais forlíontacha le greamú nó íocaíochtaí le déanamh ar shlí eile;

(b) sonraí a thaifeadadh i leabhair dhífhostaíochta fhorlíontacha nó i gcártaí dífhostaíochta forlíontacha maidir le ranníocaí seachtainiúla a bheidh íoctha i leith aon tréimhse sonraithe nó cibé sonraí eile a thaifeadadh is gá i gcás daoine lena mbaineann na leabhair dhífhostaíochta fhorlíontacha nó na cártaí dífhostaíochta forlíontacha, agus i dtaobh glacadh leis an taifeadadh sin mar leorfhianaise ar an líon ranníocaí seachtainiúla a bheidh íoctha amhlaidh nó ar na sonraí eile a bheidh taifeadta amhlaidh;

(c) leabhair dhífhostaíochta fhorlíontacha nó cártaí dífhostaíochta forlíontacha a iarraidh, agus a eisiúint, a dhíol, a choimeád, a thabhairt ar aird agus a thabhairt suas agus leabhair dhífhostaíochta fhorlíontacha nó cártaí dífhostaíochta forlíontacha a bheidh caillte, díothaithe nó aghloite a athsholáthar;

(d) fostóirí do thabhairt don Aire cibé sonraí a bhaineann le daoine ar fostú acu a éileoidh nó a fhorordóidh an tAire.

(2) Rialacháin faoin alt seo a fhorálfaidh ranníocaí seachtainiúla a íoc, de rogha na ndaoine a dhlífidh iad a íoc—

(a) le stampaí árachais forlíontacha, nó

(b) ar shlí éigin eile, a tharraingeoidh níos mó caiteachais riaracháin ar na ranna Stáit iomchuí ná mar a tharraingeofaí dá mba le stampaí árachais forlíontacha a d'íocfaí na ranníocaí,

féadfaidh, le toiliú an Aire Airgeadais, foráil a bheith iontu go n-íocfaidh aon duine a roghnóidh aon slí eile na táillí forordaithe leis an Aire agus go ngnóthóidh an tAire iad. Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir leis na táillí sin agus baileofar agus tógfar gach táille den sórt sin i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar iad isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste iad de réir orduithe an Aire sin.

Stampaí árachais forlíontacha a eisiúint.

[1942 BD, a. 25]

248. —Déanfar stampaí árachais forlíontacha a ullmhú agus a eisiúint i cibé slí a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim, le toiliú an Aire Airgeadais, agus féadfaidh na Coimisinéirí sin, le rialacháin, foráil a dhéanamh chun gach ceann nó aon cheann nó cinn d'fhorálacha, lena n-áirítear pianfhorálacha, ailt 21, 35 agus 36 den Inland Revenue Regulation Act, 1890, an Stamp Duties Management Act, 1891, alt 9 den Stamp Act, 1891, agus alt 65 den Post Office Act, 1908, a chur i bhfeidhm, fara aon oiriúnuithe is gá, maidir le stampaí árachais forlíontacha, agus féadfaidh siad, le toiliú an Aire Poist agus Telegrafa, foráil a dhéanamh chun stampaí árachais forlíontacha a dhíol i bPost-Oifigí.

Cumhachtaí an Aire Poist agus Telegrafa i ndáil le stampaí árachais forlíontacha.

[1942 BD, a. 26]

249. —Féadfaidh an Rialtas le hordú a fhoráil go ndéanfaidh an tAire Poist agus Telegrafa, d'eisiamh na gCoimisinéirí Ioncaim nó i gcomhthráth leis na Coimisinéirí Ioncaim, aon chumhachtaí agus dualgais de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le stampaí árachais forlíontacha a fheidhmiú agus a chomhlíonadh, agus féadfaidh cibé forálacha a bheith in aon ordú den sórt sin a dhealraíonn don Rialtas a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun éifeacht iomlán a thabhairt d'fheidhmiú agus do chomhlíonadh na ndualgas lena mbaineann an t-ordú sa tslí a fhoráiltear le hordú den sórt sin.

Foirceannadh agus féimheacht.

[1976 (Uimh. 2), a.7]

[1942 BD, a. 27 (3)]

250. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1889” an Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889.

(2) Aon suim a bhainfidh fostóir as luach saothair fostaí dá chuid agus a bhainfear as amhlaidh faoi alt 243 i leith ranníoca sheachtainiúil faoin gCuid seo agus a bheidh gan íoc ag an bhfostóir i leith an ranníoca sin, ní bheidh sí ina cuid de shócmhainní cuideachta teoranta i bhfoirceannadh faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , agus i bhfoirceannadh den sórt sin déanfar, d'ainneoin aon ní san Acht sin, suim ar cóimhéid leis an tsuim a asbhaineadh amhlaidh a íoc leis an gCiste i dtosaíocht ar na fiacha a shonraítear in alt 285 (2) den Acht sin.

(3) Aon suim a bhainfidh fostóir as luach saothair fostaí dá chuid agus a bhainfear as amhlaidh faoi alt 243 i leith ranníoca sheachtainiúil faoin gCuid seo agus a bheidh gan íoc ag an bhfostóir i leith an ranníoca sin roimh dháta an ordaithe bhreithnithe nó roimh dháta comhdaithe na hachainí comhshocraíochta (de réir mar a bheidh), ní bheidh sí ina cuid de mhaoin an fhéimhigh nó an fhéichiúnaí comhshocraíochta sa dóigh go ndéanfaí í a áireamh ar na fiacha a bheidh, faoi alt 4 d'Acht 1889, le híoc i dtosaíocht ar gach fiach eile nuair a bheidh an mhaoin sin á dáileadh, ach déanfar, roimh an dáileadh sin agus d'ainneoin aon ní in Acht 1889, í a íoc leis an gCiste i dtosaíocht ar na fiacha a shonraítear in alt 4 den Acht sin.

(4) Ní gá cruthúnas foirmiúil maidir le fiach dá dtugtar tosaíocht leis an alt seo ach amháin i gcás ina gceanglaítear sin le hAcht 1889 nó faoi, nó le hAcht na gCuideachtaí, 1963 , nó faoi.

(5) Ar na fiacha a bheidh, faoi alt 4 d'Acht 1889, nuair a bheidh maoin féimhigh nó féichiúnaí chomhshocraíochta á dáileadh, le híoc i dtosaíocht ar gach fiach eile, áireofar na ranníocaí seachtainiúla go léir is iníoctha ag an bhféimheach nó ag an bhféichiúnaí comhshocraíochta i leith daoine árachaithe i gcaitheamh na 4 mhí roimh dháta an ordaithe bhreithnithe i gcás féimhigh nó roimh dháta comhdaithe na hachainí comhshocraíochta i gcás féichiúnaí comhshocraíochta agus beidh éifeacht ag an Acht sin dá réir sin agus ní gá cruthúnas foirmiúil maidir leis na fiacha dá dtugtar tosaíocht faoin bhfo-alt seo ach amháin i gcásanna ina bhforálfar a mhalairt le horduithe ginearálta arna ndéanamh faoin Acht sin.

Sochar Forlíontach

Ceart chun sochair fhorlíontaigh.

[1942 BD, a. 28]

[1963 FI, a. 18]

251. —(1) Gach duine árachaithe a bheidh breac-dhífhostaithe lá ar bith (seachas Domhnach nó lá saoire poiblí de réir bhrí an Achta um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973 , nó an chéad lá de sheal fostaíochta inárachaithe leis an duine arbh é a fhostóir é nuair a tharla an bhreac-dhífhostaíocht sin) agus a mbeidh na coinníollacha in alt 253 comhlíonta ina chás, beidh sé, faoi réir na Coda seo, i dteideal íocaíocht a fháil (dá ngairtear sochar forlíontach sa Chuid seo) i leith gach uair a chloig de bhreac-dhífhostaíocht a tharlóidh an lá sin le linn uaire oibre.

(2) I gcás gan ach codán d'uair a chloig nó i gcás uair nó uaire a chloig agus codán d'uair a chloig a bheith i dtréimhse breacdhífhostaíochta a tharlóidh le linn uaire oibre aon lá ní bheidh sochar forlíontach iníoctha i leith an chodáin sin d'uair a chloig agus, chun críocha an fho-ailt seo, má tharlaíonn dhá thréimhse nó níos mó de bhreac-dhífhostaíocht le linn uaire oibre aon lá measfar gur tréimhse leanúnach amháin na tréimhsí sin:

Ar choinníoll, más é atá in uaire oibre aon lá líon uaire agus codán d'uair a chloig (nach lú ná leathuair), go mbeidh sochar forlíontach iníoctha i leith an chodáin sin d'uair a chloig má tharlaíonn breacdhífhostaíocht le linn na n-uaire oibre an lá sin agus go leanfaidh sí ar feadh iomlán na n-uaire sin.

(3) San alt seo ciallaíonn “uaire oibre”, i ndáil le duine árachaithe, na huaire, gan breis-am ná am béilí a áireamh, a ndéanfadh an duine árachaithe obair i bhfostaíocht inárachaithe lena linn mura mbeadh doineann ann.

Rátaí sochair fhorlíontaigh.

[1942 BD, a. 29; 1963 FI, a. 19]

252. —Faoi réir na Coda seo, i gcás duine árachaithe d'aon aicme atá leagtha amach i gcolún (1) de Chuid II den Chúigiú Sceideal, is de réir an ráta uairiúil atá leagtha amach i gcolún (2) den Chuid sin os coinne lua na haicme sin a íocfar sochar forlíontach: ach i gcás inarb iníoctha sochar forlíontach i leith codán d'uair a chloig, is é méid an tsochair fhorlíontaigh is iníoctha amhlaidh leath an ráta uairiúil iomchuí.

Coinníollacha maidir le sochar forlíontach a fháil.

[1942 BD, a. 30; 1978 L, a. 15]

253. —(1) Is é an chéad choinníoll maidir le duine árachaithe d'fháil sochar forlíontach i leith breac-dhífhostaíochta aon bhliain árachais go mbeidh 12 ranníoc sheachtainiúla ar a laghad íoctha ina leith mar dhuine árachaithe roimh an tseachtain ina dtarlóidh an bhreacdhífhostaíocht—

(a) i gcás inarb í an bhliain árachais sin an chéad bhliain árachais, ó thosach na bliana árachais sin, agus

(b) in aon chás eile, ó thosach na bliana árachais díreach roimh an mbliain árachais ina dtarlóidh an bhreacdhífhostaíocht.

(2) Is é an dara coinníoll maidir le duine árachaithe d'fháil sochar forlíontach i leith aon tréimhse breac-dhífhostaíochta go mbeidh tuarascáil i dtaobh na tréimhse sin faighte ag an duine chun a gcuirfear í faoi alt 254 laistigh de thrí lá (nó cibé tréimhse is faide ná sin a nglacfaidh an tAire léi i gcás áirithe) tar éis an lae a tharla an bhreac-dhífhostaíocht agus go mbeidh admháil tugtha ag an duine sin go bhfuair sé an tuarascáil sin.

Fógra i dtaobh breacdhífhostaíochta.

[1942 BD, a. 31]

254. —(1) I gcás saotharstad tarlú lá ar bith agus go ndéarfaidh fostóir duine árachaithe nó an duine árachaithe gur breacdhífhostaíocht an saotharstad, cuirfidh an fostóir tuarascáil an lá sin chuig cibé duine a ordóidh an tAire in aon chás áirithe nó, in éagmais ordú den sórt sin, chuig oifigeach áitiúil á chur in iúl gur tharla an saotharstad, cá fhad a mhair sé agus cad é an cineál aimsire a líomhnaítear ba chúis leis.

(2) I gcás ina ndéarfaidh duine árachaithe go raibh sé breacdhífhostaithe lá ar bith, féadfaidh sé tuarascáil a chur chuig cibé duine a ordóidh an tAire in aon chás áirithe nó, in éagmais ordú den sórt sin, chuig oifigeach áitiúil á chur in iúl gur tharla an saotharstad, cá fhad a mhair sé agus cad é an cineál aimsire a líomhnaítear ba chúis leis, ach ní fhorléireofar an fhoráil seo mar ní a shaorfaidh fostóir an duine árachaithe ón oibleagáid a fhorchuirtear air le fo-alt (1).

(3) I gcás ina bhfaighidh duine tuarascáil faoin alt seo tabharfaidh sé admháil, a luaithe is féidir, go bhfuair sé í.

Fostóirí d'íoc sochair fhorlíontaigh

[1942 BD, a. 32]

255. —(1) Faoi réir na Coda seo agus cibé orduithe a thabharfaidh an tAire go ginearálta nó in aon chás áirithe, íocfaidh fostóir duine árachaithe aon mhéid nó méideanna de shochar forlíontach a bheidh duine árachaithe i dteideal a fháil, agus déanfaidh an duine árachaithe agus a fhostóir, i leith gach íocaíocht den sórt sin, cibé sonraí a sholáthar don Aire, agus cibé foirmeacha a chomhlánú agus a chur ar aghaidh, lena n-áirítear an admháil ón duine árachaithe ar an méid a fuair sé, amhail mar a bheidh forordaithe.

(2) I gcás ar dóigh le duine árachaithe maidir leis an méid de shochar forlíontach a d'íoc a fhostóir leis nach é an méid é atá sé i dteideal a fháil faoin gCuid seo, beidh an duine árachaithe sin, nó beidh a fhostóir, ar achainí uaidh, i dteideal a iarraidh ar oifigeach breithiúnachta a chinneadh cad é an méid de shochar forlíontach a bhfuil teideal aige chuige de réir fhorálacha na Coda seo i dtaobh ceisteanna a chinneadh maidir le sochar forlíontach a íoc.

(3) I gcás ina gcuirfidh oifigeach áitiúil nó duine eile a mbeidh tuarascáil i ndáil le breac-dhífhostaíocht duine árachaithe curtha chuige de réir alt 254 fógra chuig fostóir an duine árachaithe á rá nach deimhin leis gur mar gheall ar dhoineann a tharla an saotharstad lena mbaineann an tuarascáil nó nach deimhin leis gur comhlíonadh forálacha eile na Coda seo a rialaíonn íoc sochair fhorlíontaigh, nó má tharlaíonn in aon chás go mbeidh fostóir in amhras i dtaobh sochar forlíontach a bheith iníoctha nó i dtaobh méid nó ráta an tsochair fhorlíontaigh is iníoctha, iarrfaidh an fostóir láithreach ar oifigeach breithiúnachta an cheist a chinneadh de réir fhorálacha na Coda seo a bhaineann le ceisteanna a chinneadh i dtaobh sochar forlíontach a íoc.

(4) Má tharlaíonn i gcás ar bith nach bhfaighidh duine árachaithe íocaíocht ar aon sochar forlíontach a gcreideann sé teideal a bheith aige chuici faoin gCuid seo agus nach deimhin leis gur tarchuireadh an cheist i dtaobh é a bheith i dteideal an sochar sin a fháil chuig oifigeach breithiúnachta faoi fho-alt (3), beidh sé i dteideal a iarraidh ar a fhostóir í a tharchur amhlaidh nó beidh sé féin i dteideal an cheist a tharchur chuig oifigeach breithiúnachta lena cinneadh.

(5) Fostóir a gheobhaidh iarratas ó dhuine árachaithe go ndéanfar ceist i dtaobh a theideal chun sochair fhorlíontaigh a tharchur chuig oifigeach breithiúnachta lena cinneadh, beidh air, mura mbeidh sin déanta aige cheana féin, an cheist a tharchur láithreach chuig oifigeach breithiúnachta lena cinneadh.

(6) I gcás inar gá, de réir fho-alt (3) nó fho-alt (4), aon cheist a tharchur chuig oifigeach breithiúnachta, ní bheidh an duine árachaithe i dteideal íocaíocht a fháil óna fhostóir faoi fho-alt (1) mura gcinnfidh agus go dtí go gcinnfidh an t-oifigeach breithiúnachta teideal a bheith aige chuici amhlaidh, agus ní dhéanfaidh an fostóir an íocaíocht sin go dtí go ndéanfar an cinneadh sin ná ní dhéanfaidh sé í ach de réir an chinnidh sin.

An tAire d'íoc sochair fhorlíontaigh.

[1942 BD, a. 33]

256. —In aon chás speisialta inarb é tuairim an Aire go mbeadh sé dodhéanta nó ródheacair d'fhostóir an méid de shochar forlíontach a bheidh dlite do dhuine árachaithe a íoc faoin gCuid seo, féadfaidh an tAire an fostóir a shaoradh ó dhualgas a íoctha amhlaidh agus i gcás ina saorfar fostóir amhlaidh íocfaidh an tAire, nó cuirfidh sé faoi deara go n-íocfar, as an gCiste, aon mhéid de shochar forlíontach ab iníoctha leis an duine árachaithe ag an bhfostóir dá mbeadh sé gan bheith saortha amhlaidh.

An tAire d'aisíoc sochair a d'íoc fostóirí.

[1942 BD, a. 34]

257. —Déanfaidh an tAire an méid d'aon sochar forlíontach a bheidh íoctha go cuí de réir na Coda seo ag fostóir a aisíoc leis as an gCiste ar an bhfostóir do dhéanamh iarratais, i cibé slí a fhorordófar, ag lorg na haisíocaíochta sin.

Na himthosca nach ceadaithe aisíocaíochtaí ar bith a dhéanamh le fostóirí.

[1942 BD, a. 35]

258. —Aon uair a íocfaidh fostóir sochar forlíontach le duine nach bhfuil i dteideal sochar forlíontach a fháil faoin gCuid seo nó a íocfaidh fostóir méid de bhreis ar an méid a raibh teideal aige chuige, ní bheidh an méid ná an méid breise a íocfar amhlaidh inaisíoctha leis an bhfostóir as an gCiste.

Méideanna a íocadh go míchuí a ghnóthú.

[1942 BD, a. 36]

259. —(1) Aon mhéid de shochar forlíontach a gheobhaidh duine árachaithe óna fhostóir nach mbeidh inaisíoctha leis an bhfostóir as an gCiste de dheasca alt 258, beidh sé inaisíoctha ag an duine árachaithe leis an bhfostóir ar an bhfostóir á éileamh sin agus, mura n-aisíocfar amhlaidh é, féadfaidh an fostóir é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla nó trína bhaint as aon íocaíocht nó íocaíochtaí sochair fhorlíontaigh chun a mbeidh teideal ag an duine árachaithe ina dhiaidh sin.

(2) Gach íocaíocht de shochar forlíontach a gheobhaidh duine árachaithe ón Aire gan teideal a bheith aige í a fháil faoin gCuid seo, beidh sí inaisíoctha aige leis an Aire ar an Aire á éileamh sin agus, mura n-aisíocfar amhlaidh, í féadfar í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla nó trína baint as aon íocaíocht nó íocaíochtaí de shochar forlíontach chun a mbeidh teideal ag an duine árachaithe ina dhiaidh sin.

(3) I gcás ina bhféadfar, faoi fho-alt (2), méid a bhaint as an sochar forlíontach a mbeidh teideal ag duine árachaithe chuige, beidh sé de dhualgas ar fhostóir cibé asbhaint a ordóidh an tAire a dhéanamh as aon sochar forlíontach is iníoctha leis an duine árachaithe ag an bhfostóir sin faoin gCuid seo agus aon mhéid nó méideanna a asbhainfear amhlaidh a íoc leis an Aire.

(4) Aon mhéid a íocfar le fostóir as an gCiste nach mbeidh teideal aige chuige faoin gCuid seo, beidh sé inaisíoctha ag an bhfostóir ar an Aire á éileamh sin agus, mura n-aisíocfar amhlaidh é, féadfar é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla nó trína bhaint as aon mhéid nó méideanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha leis an bhfostóir sin as an gCiste ina dhiaidh sin.

(5) Déanfar gach suim a ghnóthóidh an tAire nó a aisíocfar leis faoin alt seo a íoc isteach sa Chiste.

Fógra i dtaobh méideanna a íocadh go míchuí.

[1942 BD, a. 37]

260. —I gcás ina gcinnfear de réir na Coda seo nach inaisíoctha as an gCiste méid a bheidh íoctha ag fostóir, cuirfidh an t-oifigeach breithiúnachta an cinneadh in iúl don fhostóir a d'íoc an méid sin agus don duine a fuair é.

Nós imeachta.

[1942 BD, a. 42]

261. —(1) Féadfaidh an tAire—

(a) a fhorordú cad í an fhianaise a bheidh ina ceangal i dtaobh chomhlíonadh na gcoinníollacha atá leagtha amach in alt 253 agus na bhforálacha eile den Chuid seo a bhaineann le teideal duine árachaithe chun sochair fhorlíontaigh, agus féadfaidh sé, chun na críche sin, a cheangal ar dhaoine árachaithe freastal ag cibé oifigí nó áiteanna agus cibé tráthanna a cheanglófar, agus a cheangal ar fhostóirí fiafraithe a fhreagairt a bhaineann le haon nithe a n-iarrtar faisnéis ina dtaobh chun go bhféadfar teideal duine árachaithe chun sochair fhorlíontaigh a chinneadh;

(b) an t-am, an tslí agus an fhoirm a fhorordú—

(i) ina ndéanfaidh fostóirí sochar forlíontach a bheidh dlite do dhaoine árachaithe a íoc leo,

(ii) ina ndéanfar méideanna de shochar forlíontach a bheidh íoctha ag fostóirí a aisíoc leo as an gCiste,

(iii) ina dtógfar ceisteanna le cinneadh oifigigh bhreithiúnachta a fháil orthu, agus

(iv) ina ndéanfar aon ní eile a ghabhann le breacdhífhostaíocht a thuairisciú, le hadmháil a thabhairt faoi thuarascálacha ar bhreac-dhífhostaíocht a fháil agus le sochar forlíontach a íoc agus sochar forlíontach a bheidh íoctha ag fostóirí a aisíoc as an gCiste;

(c) le rialacháin, a cheangal ar fhostóirí, ar dhaoine árachaithe agus ar dhaoine eile cibé faisnéis a mheasfaidh an tAire a bheith inmhianaithe a thabhairt maidir le híocaíochtaí sochair fhorlíontaigh agus maidir le breac-dhífhostaíocht;

(d) a fhorordú cad é an cleachtas agus an nós imeachta a leanfar nuair a bheidh ceisteanna atá le meas agus le cinneadh ag oifigigh achomhairc agus ag oifigigh bhreithiúnachta á meas agus á scrúdú;

(e) le rialacháin, a fhoráil go gceapfar duine a ghlacfaidh, thar ceann duine nó mar ionadaí do dhuine, a éireoidh mímheabhrach nó a gheobhaidh bás, aon suimeanna is iníoctha leis nó ina leith as an gCiste.

(2) Ní fhorléireofar rialacháin a dhéanfaidh an tAire de bhua fho-alt (1) (a) mar ní a dhéanfaidh difear d'oibriú alt 262.

Modhanna breise chun coinníollacha a chomhlíonadh.

[1942 BD, a. 43; 1978 L, a. 15]

[1952, a. 122]

262. —(1) I gcás ina mbeidh sochar forlíontach íoctha le duine árachaithe, i leith aon lae nó coda de lá, ansin, maidir le deimhniú, san fhoirm fhorordaithe, agus é sínithe ag an duine árachaithe nó ag an duine arbh é fostóir an duine árachaithe é an lá sin, ag deimhniú aon ní nó nithe acu seo a leanas—

(a) go raibh an duine árachaithe breac-dhífhostaithe an lá sin,

(b) gur uaire oibre na huaire a raibh an duine árachaithe breacdhífhostaithe lena linn an lá sin,

(c) nár Dhomhnach ná lá saoire poiblí de réir bhrí an Achta um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973 an lá sin, agus

(d) nárbh é an lá sin an chéad lá de sheal fostaíochta inárachaithe leis an duine arbh é fostóir an duine árachaithe é,

beidh an deimhniú sin ina fhianaise leordhóthanach, chun críocha na Coda seo, ar na fíorais a bheidh deimhnithe amhlaidh, mura gcruthófar agus go dtí go gcruthófar a mhalairt.

(2) I gcás ina mbeidh sochar forlíontach íoctha le duine árachaithe ansin, maidir le deimhniú, san fhoirm fhorordaithe, ón duine árachaithe á dheimhniú gurb é is sealbhóir dlisteanach ar leabhar dífhostaíochta forlíontach áirithe nó deimhniú, san fhoirm fhorordaithe, ón duine arbh é fostóir an duine sin é an tráth a íocadh an sochar forlíontach sin á dheimhniú gur deimhin leis gurb é an duine árachaithe is sealbhóir dlisteanach ar an leabhar sin, beidh an deimhniú sin ina fhianaise leordhóthanach, chun críocha na Coda seo, ar chéannacht an duine árachaithe sin, mura suífear agus go dtí go suífear a mhalairt.

(3) I gcás ina ndéanfar ranníocaí seachtainiúla i leith duine árachaithe a íoc trí stampaí árachais forlíontacha a ghreamú dá leabhar dífhostaíochta forlíontach nó i slí eile, agus go mbeidh sochar forlíontach íoctha leis an duine árachaithe in aon bhliain árachais, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas, chun críocha an chéad choinníll in alt 253—

(a) maidir le deimhniú, san fhoirm fhorordaithe agus na sonraí forordaithe ann, ón duine (dá ngairtear an fostóir san fho-alt seo) arbh é fostóir an duine árachaithe é an tráth a íocadh an sochar forlíontach sin á dheimhniú go ndearnadh, roimh an tseachtain inar tharla an bhreac-dhífhostaíocht ar íocadh an sochar forlíontach ina haghaidh, líon sonraithe ranníocaí seachtainiúla a íoc don duine árachaithe sin i leith na bliana árachais sin, beidh an deimhniú sin ina fhianaise leordhóthanach ar na fíorais a bheidh deimhnithe amhlaidh, mura suífear agus go dtí go suífear a mhalairt;

(b) maidir le deimhniú, san fhoirm fhorordaithe agus na sonraí forordaithe ann, ón bhfostóir á dheimhniú go ndearnadh, de réir rialacháin faoi alt 247, ráiteas a thaifeadadh ar leabhar dífhostaíochta forlíontach reatha an duine árachaithe gur íocadh líon sonraithe ranníocaí seachtainiúla don duine árachaithe sin i leith na bliana árachais díreach roimhe sin, beidh an deimhniú sin ina fhianaise leordhóthanach, mura suífear agus go dtí go suífear a mhalairt, gur íocadh an líon ranníocaí seachtainiúla ar deimhníodh amhlaidh iad a bheith taifeadta amhlaidh.

Srian le sochar dífhostaíochta agus cúnamh dífhostaíochta a íoc.

[1942 BD, a. 44]

263. —Ní bheidh sochar dífhostaíochta ná cúnamh dífhostaíochta iníoctha in aghaidh lá ar ina leith nó i leith coda de a íoctar nó is iníoctha sochar forlíontach faoin gCuid seo.

Riarachán

Cigirí.

[1942 BD, a. 48, 49; 1952, Sc. 6]

264. —(1) Féadfaidh an tAire, le ceadú Aire na Seirbhíse Poiblí, cibé daoine agus cibé méid daoine is cuí leis a cheapadh ina gcigirí chun críocha na Coda seo.

(2) Sa Chuid seo ciallaíonn “cigire” duine—

(a) is duine a cheapfar ina chigire faoi fho-alt (1), nó

(b) is duine ar cigire é a cheapfar faoi alt 114.

(3) Chun críocha na Coda seo, beidh cumhacht ag cigire, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh—

(a) dul isteach, gach tráth réasúnach, in aon áitreabh nó áit a mbeidh cúis réasúnach aige lena chreidiúint go bhfuil aon daoine i bhfostaíocht inárachaithe ar fostú ann nó go gcoimeádtar aon taifid i ndáil le haon duine den sórt sin ann;

(b) cibé scrúdú agus fiosrú a dhéanamh is gá chun a fháil amach an bhfuil forálacha na Coda seo á gcomhlíonadh in aon áitreabh nó áit den sórt sin;

(c) scrúdú a dhéanamh, ina aonar nó i láthair duine eile, de réir mar is cuí leis, i ndáil le haon nithe faoin gCuid seo ar gach duine a gheobhaidh sé in aon áitreabh nó áit den sórt sin, nó a mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go bhfuil nó go raibh sé ina dhuine fostaithe, agus a cheangal go scrúdófar amhlaidh gach duine den sórt sin agus go síneoidh gach duine den sórt sin dearbhú ar fhírinne na nithe a scrúdofar amhlaidh é ina dtaobh;

(d) cibé cumhachtaí eile a fheidhmiú is gá chun an Chuid seo a chur in éifeacht.

(4) Déanfaidh áititheoir aon áitribh nó áite den sórt sin agus aon duine eile a bheidh ag fostú aon duine árachaithe, agus seirbhísigh agus gníomhairí aon áititheora nó duine eile den sórt sin, agus aon duine fostaithe, an fhaisnéis sin go léir a theastóidh le réasún ó aon chigire a thabhairt dó agus déanfaidh siad na cláir, na leabhair, na cártaí, na leatháin phá, na taifid phá agus na doiciméid eile sin go léir a theastóidh ón gcigire le réasún a thabhairt ar aird d'aon chigire lena n-iniúchadh.

(5) Duine ar bith a mhoilleoidh nó a bhacfaidh cigire go toiliúil agus é ag feidhmiú aon chumhachta faoin alt seo nó a mhainneoidh cibé faisnéis a thabhairt nó cibé doiciméid a thabhairt ar aird mar a dúradh, nó a cheilfidh nó a choiscfidh aon duine, nó a fhéachfaidh le haon duine a cheilt nó a chosc, ar láithriú os comhair cigire nó ar a scrúdú ag cigire, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar é a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná £5 a chur air.

(6) Ní bheidh ceangal faoin alt seo ar aon duine aon cheist a fhreagairt ná aon fhianaise a thabhairt a d'ionchoireodh é féin.

(7) Tabharfar deimhniú a cheaptha do gach cigire, agus aon uair a iarrfaidh sé cead dul isteach in aon áitreabh nó áit chun críocha na Coda seo tabharfaidh sé an deimhniú ar aird don áititheoir má iarrtar sin air.

Forálacha a bhaineann le daoine eiscthe a bhfoirceannfar a bhfostaíocht.

[1942 BD, a. 50]

265. —I gcás ina bhfoirceannfaidh duine (dá ngairtear an fostóir san alt seo) fostaíocht duine (dá ngairtear an fostaí san alt seo) i bhfostaíocht inárachaithe agus é ina dhuine eiscthe díreach roimh fhoirceannadh den sórt sin, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas—

(a) i gcás an fostaí a bheith ina dhuine eiscthe i gcaitheamh an 12 sheachtain díreach roimh an bhfoirceannadh sin, íocfaidh an fostóir leis an Aire, i leith an 12 sheachtain sin, suim ar cóimhéid le méid na ranníocaí seachtainiúla ab iníoctha, dá mba rud é nár dhuine eiscthe an fostaí i gcaitheamh an 12 sheachtain sin, i leith an fhostaí faoin gCuid seo in aghaidh an 12 sheachtain sin;

(b) i gcás gan an fostaí a bheith ina dhuine eiscthe i gcaitheamh an 12 sheachtain díreach roimh an bhfoirceannadh sin, íocfaidh an fostóir leis an Aire, i leith na seachtainí díreach roimh an bhfoirceannadh sin ina raibh an fostaí ina dhuine eiscthe, suim ar cóimhéid le méid na ranníocaí seachtainiúla ab iníoctha, dá mba rud é nár dhuine eiscthe an fostaí i gcaitheamh na seachtainí sin, faoin gCuid seo i leith an fhostaí in aghaidh na seachtainí sin;

(c) ní bheidh aon chuid d'aon suim a íocfaidh an fostóir faoin alt seo inghnóthaithe ag an bhfostóir ón bhfostaí;

(d) measfar, chun críocha fhorálacha eile (lena n-áirítear pianfhorálacha) na Coda seo gur ranníocaí seachtainiúla aon suim is iníoctha leis an Aire ag an bhfostóir faoin alt seo, agus beidh feidhm ag na forálacha sin dá réir sin;

(e) déanfar aon suim a ghnóthóidh an tAire nó a íocfar leis a íoc isteach sa Chiste;

(f) measfar, chun críocha an chéad choinníll in alt 253, maidir le haon suimeanna a ghnóthóidh an tAire nó a íocfar leis faoin alt seo i leith aon seachtainí, gur ranníocaí seachtainiúla iad arna n-íoc faoin gCuid seo i leith an fhostaí in aghaidh na seachtainí sin.

Cionta, lena n-áirítear cionta a bhaineann le comhlachtaí corpraithe.

[1942 BD, a. 51; 1976 (Uimh. 2), a. 8]

[1976 (Uimh. 2), a. 6]

266. —(1) (a) Duine ar bith—

(i) a cheannóidh, a dhíolfaidh nó a thairgfidh le díol, a ghlacfaidh nó a thabharfaidh ar malairt, nó a gheallearbfaidh nó a ghlacfaidh ar geallearbadh aon chárta dífhostaíochta forlíontach, leabhar dífhostaíochta forlíontach nó aon stampa árachais forlíontach úsáidte,

(ii) a ghreamóidh aon stampa árachais forlíontach úsáidte d'aon chárta dífhostaíochta forlíontach nó d'aon leabhar dífhostaíochta forlíontach, nó

(iii) a ghreamóidh aon stampa árachais forlíontach brionnaithe nó góchumtha d'aon chárta dífhostaíochta forlíontach nó d'aon leabhar dífhostaíochta forlíontach,

beidh sé ciontach i gcion.

(b) Duine ar bith, chun aon sochar forlíontach nó íocaíocht nó aisíocaíocht a fháil faoin gCuid seo, dó féin nó do dhuine éigin eile, nó chun aon chríche a bhaineann leis an gCuid seo—

(i) a dhéanfaidh go feasach aon ráiteas bréagach nó uiríoll bréagach nó a cheilfidh go feasach aon fhíoras ábhartha, nó

(ii) a thabharfaidh ar aird nó a sholáthróidh, nó a chuirfidh faoi deara nó a cheadóidh go feasach go dtabharfar ar aird nó go soláthrófar, aon doiciméad nó faisnéis is eol dó a bheith bréagach i bponc ábhartha,

beidh sé ciontach i gcion.

(c) Má chabhraíonn nó má neartaíonn duine ar bith le fostaí dá chuid, nó má chomhairlíonn dó nó má thugann air, aon chion faoi mhír (a) nó (b) a dhéanamh nó má chomhcheilgeann sé leis an bhfostaí chun an fostaí do dhéanamh aon chiona den sórt sin, beidh an duine sin ciontach i gcion.

(d) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(e) In aon imeachtaí faoin bhfo-alt seo maidir le stampaí árachais forlíontacha úsáidte, measfar go ndearnadh stampa árachais forlíontach a úsáid má greamaíodh é de chárta dífhostaíochta forlíontach nó de leabhar dífhostaíochta forlíontach nó má cealaíodh nó má aghloiteadh in aon slí é, agus cibé acu a úsáideadh nó nár úsáideadh é iarbhír chun ranníoc seachtainiúil a íoc.

(2) (a) Má mhainníonn aon fhostóir aon ranníoc seachtainiúil a íoc am forordaithe nó laistigh d'am forordaithe a bheidh dlite de faoin gCuid seo a íoc, beidh sé ciontach i gcion.

(b) Má dhéanann aon fhostóir iomlán aon ranníoca fostóra, nó aon chuid de ranníoc fostóra, i leith duine a bhaint as luach saothair an duine sin, nó má fhéachann sé leis sin a dhéanamh, beidh an fostóir ciontach i gcion.

(c) Má dhéanann aon fhostóir asbhaint as luach saothair duine i leith aon ranníoc seachtainiúil a dhlíonn an fostóir faoin gCuid seo a íoc agus go mainneoidh sé an ranníoc seachtainiúil a ndearnadh an asbhaint ina leith a íoc am forordaithe nó laistigh d'am forordaithe, beidh an fostóir ciontach i gcion.

(d) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó cibé suim ar cóimhéid le dhá oiread na suime a bheidh gan íoc nó asbhainte amhlaidh, cibé acu is mó, nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(3) Féadfar le rialacháin foráil a dhéanamh i dtaobh cionta is sárú nó neamhchomhlíonadh rialachán agus a fhoráil go ndéanfar, de rogha na cúirte—

(a) i gcás duine a chiontú go hachomair i gcionta den sórt sin, fíneáil nach mó a méid sonraithe ná £500, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(b) i gcás duine a chiontú ar díotáil i gcionta den sórt sin, fíneáil nach mó a méid sonraithe ná £2,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, mar aon, i gcás cionta leanúnacha, le fíneáil bhreise den sórt sin i leith gach lae a leanfar den chion, a chur air.

(4) (a) I gcás fostóir a chiontú faoin alt seo sa chion gur mhainnigh sé aon ranníocaí seachtainiúla a íoc a dhlitear de faoin gCuid seo a íoc, dlífidh sé suim a íoc leis an gCiste ar cóimhéid leis an tsuim a mhainnigh sé amhlaidh a íoc agus, ar chiontú den sórt sin, má rinneadh fógra i dtaobh é a bheith beartaithe sin a dhéanamh a sheirbheáil leis an toghairm nó leis an mbarántas, féadfar fianaise a thabhairt gur mhainnigh an fostóir ranníocaí seachtainiúla eile a íoc i leith an duine chéanna i rith na dtrí bliana roimh an dáta a seirbheáladh an fógra amhlaidh, agus ar an mainneachtain sin a bheith cruthaithe féadfaidh an chúirt a ordú don fhostóir suim a íoc leis an gCiste ar cóimhéid le hiomlán na ranníocaí seachtainiúla go léir a mbeidh cruthaithe air gur mhainnigh sé iad a íoc, agus áireofar ar cheart an fhostóra achomharc a dhéanamh in aghaidh an chiontaithe faoin alt ceart achomharc a dhéanamh in aghaidh ordaithe den sórt sin.

(b) Aon suim a íocfaidh fostóir faoin bhfo-alt seo déileálfar léi mar íocaíocht do shásamh na ranníocaí seachtainiúla neamhíoctha, agus ní fhéadfaidh an fostóir cuid an duine árachaithe de na ranníocaí seachtainiúla sin a ghnóthú ón duine árachaithe.

(5) (a) In aon imeachtaí faoin alt seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo nó in aon imeachtaí a bhaineann le haon cheist i dtaobh ranníocaí seachtainiúla a íoc faoin gCuid seo nó aon suimeanna atá dlite don Chiste a ghnóthú, beidh feidhm mar an gcéanna ag alt 119, ach é modhnaithe mar is gá, i ndáil le cinneadh faoin gCuid seo is iomchuí do na himeachtaí sin.

(b) Beidh feidhm ag alt 301 i ndáil le cinneadh de bhun na Coda seo nó de bhun rialacháin faoin gCuid seo.

(6) Aon suim a dhlífidh fostóir a íoc faoi fho-alt (4) nó aon suim a bheidh dlite don Chiste a ndearna cúirt ordú íoca ina leith, féadfaidh an tAire, gan dochar do mhodhanna gnóthaithe eile, an tsuim sin a bhaint as aon suimeanna is iníoctha as an gCiste leis an bhfostóir sin faoin gCuid seo agus íocfaidh an tAire isteach sa Chiste aon suimeanna a asbhainfear amhlaidh.

(7) Ní dhéanfar aon ní san alt seo nó i rialacháin faoin alt seo a fhorléiriú mar ní a choisceann ar an Aire aon suimeanna a bheidh dlite don Chiste a ghnóthú trí imeachtaí sibhialta agus féadfar na suimeanna uile den sórt sin a ghnóthú mar fhiacha atá dlite don Stát agus gan dochar d'aon leigheas eile féadfaidh an tAire iad a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(8) Má dhéanann comhlacht corpraithe cion faoin gCuid seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoin gCuid seo, beidh gach duine a bhí, tráth déanta an chiona, ina stiúrthóir, ina bhainisteoir, ina rúnaí nó ina oifigeach eile don chomhlacht corpraithe, nó a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil díobh sin, ciontach sa chion sin freisin.

(9) Is cosaint mhaith ar ionchúiseamh i leith cion faoi fho-alt (8) do dhuine a shuíomh gur gan fhios dó a rinneadh an cion agus go ndearna sé gach dícheall ba chóir dó a dhéanamh chun an cion a chosc, ag féachaint dá phost mar stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile agus do na himthosca go léir.

(10) Aon toghairm nó doiciméad eile is gá, chun críche imeachtaí faoin gCuid seo, a sheirbheáil ar chomhlacht corpraithe féadfar an céanna a sheirbheáil—

(a) trína fhágáil in oifig chláraithe an chomhlachta chorpraithe nó trína chur leis an bpost go dtí an oifig sin,

(b) trína fhágáil in aon áit sa Stát ina ndéanann an comhlacht corpraithe gnó nó trína chur leis an bpost go dtí an áit sin, nó

(c) trína chur leis an bpost chuig aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile don chomhlacht corpraithe nó a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú in aon cháil díobh sin san áit a gcónaíonn an duine sin.

Ionchúisimh.

[1942 BD, a. 52]

[1976 (Uimh. 2) a.5]

[1976 (Uimh. 2), a. 11]

267. —(1) Ní thionscnófar imeachtaí i leith cion faoin gCuid seo ach amháin ag an Aire nó le toiliú an Aire nó ag cigire nó oifigeach eile a cheapfar chun críche na Coda seo agus é údaraithe chuige sin le horduithe speisialta nó ginearálta ón Aire.

(2) Féadfar ionchúiseamh i leith cion faoi aon alt den Chuid seo a thionscnamh ar agra an Aire.

(3) D'ainneoin aon fhoráil in aon Acht a shonraíonn an tréimhse inar féidir imeachtaí a thionscnamh féadfar ionchúiseamh i leith cion faoin gCuid seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim, nó d'fheidhmiú forálacha, na Coda seo a thionscnamh tráth ar bith laistigh de cibé tréimhse díobh seo a leanas is deireanaí a rachaidh in éag—

(a) an tréimhse trí mhí dar tosach an dáta a ndeimhneofar i scríbhinn arna séalú le séala oifigiúil an Aire gur tháinig fianaise ar dheis nó i seilbh an Aire ba leor le gur cheart an t-ionchúiseamh sin a thionscnamh, nó

(b) an tréimhse dhá bhliain dar tosach an dáta a rinneadh an cion.

(4) Má tharlaíonn in ionchúiseamh i leith cion faoin gCuid seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim, nó d'fheidhmiú forálacha, na Coda seo go suífear chun sástacht na cúirte—

(a) go bhfuil iarratas déanta ag duine (dá ngairtear an cosantóir san alt seo) ar shochar forlíontach, agus

(b) go ndearnadh, de thoradh an iarratais sin an sochar sin a íoc le haon duine (cibé acu arbh é an sochar sin a iarradh nó nárbh é agus cibé acu ar leis an gcosantóir a íocadh é nó nár leis),

toimhdeofar gur thug an cosantóir aon fhaisnéis a bheidh san iarratas (nó gur chuir sé faoi deara í a thabhairt thar a cheann) agus, i gcás ar faisnéis bhréagach an fhaisnéis sin, gurb eol dó go hiomlán gurbh fhaisnéis bhréagach í agus gur thug sé í le hintinn go meabhlódh sí; ach féadfar an toimhde sin a fhrisnéis.

Imeachtaí sibhialta i gcoinne fostóra.

[1942 BD, a. 53]

268. —(1) I gcás inar mhainnigh nó inar fhailligh aon fhostóir aon ranníocaí seachtainiúla a íoc a dhlíonn sé faoin gCuid seo a íoc i leith aon duine árachaithe ar fostú aige nó inar mhainnigh sé nó inar fhailligh sé aon cheanglais eile den Chuid seo agus na rialacháin fúithi a chomhlíonadh agus, dá dheasca sin, gur chaill an duine sin go hiomlán nó go páirteach an sochar forlíontach a mbeadh teideal aige chuige faoin gCuid seo, beidh sé i dteideal suim ar cóimhéid le méid an tsochair fhorlíontaigh a cailleadh amhlaidh a ghnóthú ón bhfostóir mar fhiach conartha shimplí.

(2) Féadfar imeachtaí a thionscnamh faoin alt seo d'ainneoin imeachtaí a bheith tionscanta faoi aon fhoráil eile den Chuid seo i leith na mainneachtana nó na faillí céanna.

An Ciste a bhuanú, etc.

[1942 BD, a. 45]

[1942 BD, a. 46]

269. —(1) Leanfaidh an Ciste ar marthain faoi rialú agus faoi bhainistí an Aire. Íocfar isteach sa Chiste na ranníocaí seachtainiúla go léir is iníoctha ag fostóirí agus ag daoine árachaithe agus aon airgead eile a cheanglaítear a íoc amhlaidh faoin gCuid seo agus íocfar as an gCiste na híocaíochtaí go léir a cheanglaítear a dhéanamh amhlaidh faoin gCuid seo.

(2) Coimeádfar cuntais an Chiste i cibé foirm a ordóidh nó a cheadóidh an tAire Airgeadais.

(3) Cuirfear cuntais an Chiste do gach bliain chuntais faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus tar éis iad a scrúdú agus a dheimhniú leagfar iad faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(4) Féadfar aon airgead is cuid den Chiste a íoc, ó am go ham, leis an Aire Airgeadais agus féadfaidh seisean é a infheistiú agus a choimeád infheistithe dá rogha féin thar ceann an Chiste i ngach slí nó in aon slí nó slite acu seo a leanas, is é sin le rá, aon stoc, ciste nó urrús a cheannach a mbeidh údarás ag iontaobhaithe leis an dlí a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire cistí iontaobhais a infheistiú ann nó aon stoc, scaireanna nó urrús a cheannach a mbeidh an phríomhshuim agus an t-ús ráthaithe faoi údarás reachtúil ag an Rialtas agus déanfar aon ús a gheofar ó infheistíocht den sórt sin a íoc isteach sa Chiste.

(5) Aon airgead a bheidh ar fáil lena infheistiú faoi fho-alt (4) is airgead Rialtais é de réir bhrí an Achta um Shuncáil Cheaduithe, 1933 , agus beidh feidhm dá réir sin ag an Acht sin maidir leis an airgead sin.

(6) Aon uair agus a mhinice a fheicfear don Aire go bhfuil nó gur dócha go mbeidh an Ciste neamhdhóthanach nó ródhóthanach chun na dliteanais a fhorchuirtear nó a bheifear ar tí a fhorchur ar an gCiste faoin gCuid seo a chur i gcrích nó go bhfuil nó gur dócha go mbeidh na rátaí ranníocaí seachtainiúla iomarcach nó easnamhach féadfaidh an tAire, le rialacháin, aon ní nó an dá ní acu seo a leanas a dhéanamh—

(a) Cuid I den Chúigiú Sceideal a leasú trí cibé rátaí ranníocaí seachtainiúla eile is cuí leis a chur in ionad na rátaí ranníocaí seachtainiúla faoi seach atá leagtha amach i gcolúin (2) agus (3) den Chuid sin, ach ní i slí a d'athródh na rátaí ranníocaí seachtainiúla go mí-chothrom idir fostóirí agus daoine árachaithe,

(b) Cuid II den Chúigiú Sceideal a leasú trí cibé rátaí uairiúla eile sochair fhorlíontaigh is cuí leis a chur in ionad na rátaí uairiúla sochair fhorlíontaigh atá leagtha amach i gcolún (2) den Chuid sin.

(7) Forléireofar tagairtí i bhfo-alt (6) don Chúigiú Sceideal mar thagairtí don Sceideal sin arna leasú le haon rialacháin a rinneadh roimhe sin faoi fho-alt (6).

Airleacain as an bPríomh-Chiste.

[1942 BD, a. 47]

270. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon suimeanna a bheidh ag teastáil chun dliteanais an Chiste a urscaoileadh a thabhairt ar airleacan as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis, agus chun na suimeanna a bheidh le tabhairt ar airleacan amhlaidh a sholáthar féadfaidh an tAire Airgeadais airgead a fháil ar iasacht i cibé slí is cuí leis agus déanfar an t-airgead go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh a íoc isteach sa Státchiste.

(2) Déanfar aon suimeanna a thabharfar ar airleacan faoi fho-alt (1) mar aon le hús (más ann) orthu de réir cibé ráta a shocróidh an tAire Airgeadais a mhuirearú ar an gCiste agus beidh siad inaisíoctha as an gCiste agus nuair a aisíocfar amhlaidh iad déanfar iad a íoc isteach sa Státchiste.

(3) Déanfar príomhshuim aon urrús agus an t-ús ar aon urrúis a eiseoidh an tAire Airgeadais chun críche iasachta faoi fho-alt (1) agus na caiteachais a thabhófar i ndáil le heisiúint na n-urrús sin a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus beidh siad iníoctha as an gcéanna.

Cinntí.

[1942 BD, a. 40; I.R. Uimh. 11 de 1953 ]

271. —Is oifigeach breithiúnachta a chinnfidh gach ceist—

(a) i dtaobh ar dhoineann ba chúis le saotharstad i bhfostaíocht inárachaithe; nó

(b) i dtaobh chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le duine árachaithe d'fháil sochar forlíontach; nó

(c) i dtaobh teideal duine árachaithe chun sochair fhorlíontaigh nó i dtaobh ráta nó méid an tsochair sin; nó

(d) i dtaobh teideal fostóra chun aisíoc a fháil as an gCiste; nó

(e) i dtaobh chomhlíonadh aon fhorála in ailt 251 go 263 a bhaineann le sochar forlíontach a íoc nó a bhaineann le haisíoc as an gCiste; nó

(f) i dtaobh aon fhostaíocht nó aicme fostaíochta a bheith san am i láthair, san am a caitheadh nó san am le teacht ina fostaíocht de chineál a dhéanfaidh duine árachaithe de réir bhrí na Coda seo den duine ar fostú inti nó i dtaobh duine a bheith, san am i láthair nó san am a caitheadh, ina dhuine árachaithe de réir bhrí na Coda seo; nó

(g) i dtaobh duine árachaithe a bheith, san am i láthair nó san am a caitheadh, ina oibrí oilte nó ina oibrí neamhoilte nó ina dhuine óg de réir bhrí na Coda seo; nó

(h) i dtaobh cé hé nó cérbh é fostóir aon duine árachaithe; nó

(i) i dtaobh an ráta ranníoca sheachtainiúil a íocfar faoin gCuid seo i leith duine árachaithe; nó

(j) i dtaobh aon ní eile a bhaineann leis an gCuid seo agus a bheidh forordaithe.

Forálacha riaracháin a chur i bhfeidhm.

[1952, a. 123]

272. —Féadfar, le rialacháin, aon cheann d'fhorálacha ailt 111, 112, 113, 128, 295, 296, 297, 298, 299 agus 300 nó d'fhorálacha arna ndéanamh faoi na hailt sin a chur chun feidhme maidir le hárachas in aghaidh breac-dhífhostaíochta, agus féadfaidh aon fheidhm den sórt sin a bheith ina feidhm mhodhnaithe nó ina feidhm gan mhodhnú agus a bheith i dteannta nó in ionad forálacha láithreacha na Coda seo agus ailt 295 go 300.

CUID VI

Scéimeanna Béilí Scoile agus Breosla

CAIBIDIL I

Béilí Scoile (Scoileanna Náisiúnta)

Léiriú.

[1914 PM, a. 5; 1930 BS, a. 1, 2]

[1914 PM, a. 5]

273. —Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn “údarás áitiúil” aon chomhlacht—

(a) is bardas contaebhuirge,

(b) is bardas buirge seachas contaebhuirg,

(c) is comhairle cheantair uirbigh, nó

(d) is coimisinéirí baile;

folaíonn “leanbh” aon leanbh atá ag freastal ar scoil náisiúnta

Cumhacht údaráis áitiúil chun béilí a sholáthar.

[1914 PM, a. 1]

[1975, a. 18]

274. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil cibé bearta a dhéanamh is cuí leis chun béilí a sholáthar do leanaí atá ag freastal ar aon scoil náisiúnta ina limistéar, agus chun na críche sin—

(a) féadfaidh sé comhthú le haon choiste a mbeidh ionadaíocht ag an údarás áitiúil air agus a thabharfaidh faoi bhia a sholáthar do na leanaí sin (dá ngairtear “coiste béilí scoile” sa Chaibidil seo), agus

(b) féadfaidh sé cabhrú leis an gcoiste sin trí cibé foirgneamh, troscán agus gaireas a chur ar fáil maille le cibé oifigigh agus seirbhísigh is gá chun na béilí sin a eagrú, a ullmhú agus a sheirbheáil;

ach ní thabhóidh an t-údarás áitiúil aon chaiteachas ag ceannach bia a sholáthrófar sna béilí sin, ach amháin mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo.

(2) I gcás inar deimhin le húdarás áitiúil maidir le cuid nach lú ná a leath de na leanaí atá ag freastal ar scoil náisiúnta atá lasmuigh de limistéar feidhmiúcháin an údaráis gur sa limistéar sin, nó lasmuigh den limistéar sin i dteaghaisí leis an údarás nó a sholáthair an t-údarás, a chónaíonn siad, féadfaidh an t-údarás áitiúil a chinneadh go mbeidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis an scoil náisiúnta sin ionann is dá mba i limistéar feidhmiúcháin an údaráis di.

(3) Féadfaidh údarás áitiúil cinneadh faoi fho-alt (2) a chúlghairm.

(4) Is feidhm fhorchoimeádta chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972, agus chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistí contaebhuirgí, cinneadh a dhéanamh nó a chúlghairm faoi fho-alt (2).

Costas béilí a ghnóthú.

[1914 PM, a. 2]

275. —(1) Muirearófar ar thuismitheoir gach linbh i leith gach béile a thabharfar don leanbh sin faoin gCaibidil seo cibé méid a chinnfidh an t-údarás áitiúil agus, i gcás nach ndéanfaidh an tuismitheoir an íocaíocht, beidh de dhualgas ar an údarás, mura deimhin leis nach bhfuil an tuismitheoir ábalta, mar gheall ar a dheis seachas a fhaillí féin, an méid a íoc, é a chur de cheangal ar an tuismitheoir sin an méid sin a íoc, agus féadfar aon suim den sórt sin a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(2) Íocfaidh an t-údarás áitiúil leis an gcoiste béilí scoile cibé méid d'aon airgead a íocfaidh aon tuismitheoir leis nó a ghnóthófar ó aon tuismitheoir agus a gcinnfidh an t-údarás ina leith gurb ionann é agus costas an bhia a bheidh tugtha ag an gcoiste do leanbh an tuismitheora sin, lúide asbhaint réasúnach i leith na gcaiteachas a ghabhfaidh leis an airgead sin a ghnóthú.

Cumhacht údaráis áitiúil costas bia a íoc i gcásanna áirithe.

[1914 PM, a. 3; 1957 FI, a. 3]

[1917 PM, a. 1; 1957 FI, a. 3]

[R. & O.R. Uimh. 329 de 1947]

276. —(1) I gcás ina gcinnfidh údarás áitiúil nach bhfuil ar chumas aon duine de na leanaí atá ag freastal ar scoil náisiúnta ina limistéar, cheal bia, leas iomlán a bhaint as an oideachas a sholáthraítear dóibh, agus gur dearbh leis nach bhfuil cistí seachas cistí poiblí ar fáil nó gur neamhdhóthanach a méid chun íoc as an gcostas bia a thabharfar faoin gCaibidil seo, féadfaidh sé a iarraidh ar an Aire, agus féadfaidh seisean, d'ainneoin aon ní in alt 274 (1) nó 275, a údarú dó béilí a sholáthar saor in aisce, nó an t-iomlán nó cuid den chostas a ghlanadh chun béilí a sholáthar saor in aisce, do na leanaí sin atá ag freastal ar an scoil sin.

(2) Féadfar a údarú d'údarás áitiúil cibé suimeanna is gá chun íoc as an gcaiteachas a thabhófar de bhun údaraithe faoi fho-alt (1) a chaitheamh as na rátaí.

(3) I gcás ina ndéanfaidh údarás áitiúil in aon limistéar aon suimeanna a chaitheamh as na rátaí i leith caiteachas a thabhófar de bhun údaraithe faoi fho-alt (1), déanfar méid nach mó ná leath na suimeanna a chaithfear amhlaidh a íoc leis an údarás áitiúil as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, faoi réir rialacháin a bheidh le déanamh ag an Aire chun a áirithiú gur leordhóthanach na socraíochtaí i leith béilí a sholáthar agus go gcuirfear i gcrích go héifeachtúil iad.

Béilí a sholáthar ar laethanta nach mbíonn scoil ann.

[1917 PM, a. 1]

277. —Beidh cumhachtaí údaráis áitiúil faoin gCaibidil seo infheidhmithe i leith leanaí atá ag freastal ar scoil náisiúnta ina limistéar ar laethanta a mbíonn scoil ann agus ar laethanta eile.

Múinteoirí a eisceadh ó dhualgais.

[1914 PM, a. 6]

278. —Ní cheanglófar ar mhúinteoir a bheidh fostaithe i scoil náisiúnta, mar chuid dá dhualgais, maoirseacht a dhéanamh nó cabhair a thabhairt, nó staonadh ó mhaoirseacht a dhéanamh nó ó chabhair a thabhairt, maidir le béilí a sholáthar, nó maidir le costas na mbéilí sin a bhailiú.

CAIBIDIL 2

Béilí (Seachas Béilí i Scoileanna Náisiúnta)

Cumhachtaí ginearálta údarás áitiúil.

[1957 FI, a. 2]

279. —(1) Féadfaidh bardas contaebhuirge béilí (seachas béilí i scoileanna náisiúnta) a sholáthar do cibé daoine is cuí leo agus chun na críche sin féadfaidh siad—

(a) bia a sholáthar do na béilí,

(b) cibé iostaí, cóiríocht, gaireas, trealamh agus seirbhís a chur ar fáil de réir mar is gá chun an bia a ullmhú, a chócaireacht agus a dháileadh, agus

(c) cibé bearta eile a dhéanamh a mheasfaidh siad is gá chun na béilí a sholáthar nó a bhainfidh lena soláthar.

(2) Féadfaidh bardas contaebhuirge na cumhachtaí a thugtar dóibh leis an alt seo a fheidhmiú go díreach nó i gcomhpháirt nó trí chomhshocraíocht le haon duine nó comhlacht eile.

(3) Féadfaidh bardas contaebhuirge cibé méideanna is cuí leo a ghearradh i leith béilí a sholáthróidh siad faoin alt seo.

(4) Ní sholáthróidh bardas contaebhuirge béilí faoin alt seo ach amháin le linn cibé tréimhse nó tréimhsí a ordóidh an tAire i ndáil leis an mbardas.

(5) Ní dhéanfar na cumhachtaí a thugtar do bhardas contaebhuirge leis an alt seo a fheidhmiú ach amháin de réir scéime nó scéimeanna a dhéanfaidh an bardas agus a cheadóidh an tAire.

(6) Beidh, go sonrach, in aon scéim den sórt sin forálacha a shonróidh na daoine dá bhféadfar béilí a sholáthar agus na himthosca ina bhféadfar béilí a sholáthar.

CAIBIDIL 3

Béilí Scoile (An Ghaeltacht).

Léiriú.

[1930 BSG, a. 1; 1940 BC, a. 36]

[1930 BSG, a. 2]

280. —Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn “comhairle chontae” comhairle chontae arna bunú faoi alt 1 den Local Government (Ireland) Act, 1898;

ciallaíonn “limistéar Gaeltachta” nuair a úsáidtear i ndáil le comhairle chontae é cibé codanna den Ghaeltacht a áirítear i gceantar sláinte contae na comhairle sin;

tá le “bia” an bhrí a shanntar dó leis an hAchtanna um Biadh agus Druganna do Dhíol, 1875 go 1936;

is é atá sa Ghaeltacht na toghranna ceantair atá leagtha amach in alt 288.

Feidhm.

[1930 BSG, a. 3]

281. —Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir le gach comhairle chontae a bhfuil a ceantar sláinte contae go hiomlán nó go páirteach sa Ghaeltacht, de réir mar atá leagtha amach in alt 288.

Údarás chun béilí a sholáthar.

[1930 BSG, a. 4]

282. —Féadfaidh gach comhairle chontae lena mbaineann an Chaibidil seo, faoi réir na Caibidle seo, béilí a sholáthar do leanaí atá ag freastal ar scoileanna náisiúnta i gceantar Gaeltachta na comhairle sin agus chun na críche sin féadfaidh sí na nithe seo a leanas a dhéanamh—

(a) bia a sholáthar do na béilí sin;

(b) cibé cóiríocht, gaireas, trealamh agus seirbhís a chur ar fáil is gá chun an bia sin a ullmhú agus a dháileadh;

(c) cibé bearta eile a dhéanamh a mheasfaidh an chomhairle sin is gá chun na béilí sin a sholáthar nó a bhainfidh lena soláthar.

Coistí a cheapadh.

[1930 BSG, a. 5]

283. —(1) Féadfaidh comhairle chontae lena mbaineann an Chaibidil seo cibé coistí agus cibé méid coistí is cuí léi a cheapadh ó am go ham chun na cumhachtaí agus na dualgais a thugtar di agus a fhorchuirtear uirthi leis an gCaibidil seo a fheidhmiú agus a chomhlíonadh, i gcás ar cumhachtaí agus dualgais iad, dar leis an gcomhairle, is fearr nó is caothúla a fhéadfaidh coiste a fheidhmiú agus a chomhlíonadh.

(2) Sa choiste a cheapfaidh comhairle chontae faoin alt seo, beidh daoine ar comhaltaí den chomhairle sin iad go léir nó daoine ar comhaltaí den chomhairle sin cuid acu agus nach comhaltaí den chomhairle an chuid eile acu, de réir mar is rogha leis an gcomhairle.

(3) Beidh gníomhartha gach coiste de chuid comhairle contae a cheapfar faoin alt seo faoi réir a ndaingnithe ag an gcomhairle sin ach amháin i gcás ina ndéanfaidh an chomhairle sin, le ceadú an Aire, an gá atá leis an daingniú sin a ligean thar ceal.

Múinteoirí a eisceadh ó dhualgais.

[1930 BSG, a. 7]

284. —Ní cheanglófar ar mhúinteoir a bheidh fostaithe i scoil náisiúnta sa Ghaeltacht, mar chuid dá dhualgais mar mhúinteoir den sórt sin, maoirseacht a dhéanamh nó cabhair a thabhairt, nó staonadh ó mhaoirseacht a dhéanamh nó ó chabhair a thabhairt, maidir le haon bhéilí a sholáthar faoin gCaibidil seo.

Íocaíochtaí i gcabhair le comhairlí contae.

[1930 BSG, a. 9]

[1933 BSG, a. 2]

[1933 BSG, a. 1]

285. —(1) Féadfaidh an tAire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, i leith aon bhliana airgeadais áitiúla agus de réir rialachán arna ndéanamh faoin gCaibidil seo, suim a íoc le comhairle chontae lena mbaineann an Chaibidil seo agus a sholáthraíonn béilí i rith na bliana sin faoi réim agus de réir na Caibidle seo agus rialachán arna ndéanamh fúithi, ar suim í nach mó ná cibé méid acu seo a leanas is lú mar chabhair chun íoctha na gcaiteachas a thabhóidh an chomhairle sin an bhliain sin ag soláthar bia faoin gCaibidil seo—

(a) leath na gcaiteachas sin, nó

(b) suim a mbeidh idir í agus £10,000 an chomhréir chéanna atá idir an líon leanaí a dheimhneoidh an tAire Oideachais faoin alt seo a bheith ag freastal ar scoileanna náisiúnta i limistéar Gaeltachta na comhairle sin le linn na tréimhse forordaithe don bhliain sin agus an líon leanaí a dheimhneoidh an tAire sin a bheith ag freastal ar scoileanna náisiúnta sa Ghaeltacht le linn na tréimhse sin.

(2) Chun na gcríocha a bhaineann le deimhnithe an Aire Oideachais dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b) beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas—

(a) déanfaidh an tAire sin, i ndáil le gach bliain airgeadais áitiúil, tréimhse 12 mhí a fhorordú le bheith ina tréimhse fhorordaithe don bhliain sin, agus

(b) déanfar amach agus ríomhfar i cibé slí is cuí leis an Aire sin an líon leanaí a bheidh ag freastal ar aon scoil nó scoileanna.

(3) I gcás breis a bheith ag £10,000 ar iomlán na ndeontas a dhéanfar faoi fho-alt (1) i leith aon bhliana airgeadais áitiúla, agus go mbeidh, i ndáil le haon chomhairle, easnamh ann i leith na bliana sin, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas—

(a) i gcás gur i ndáil le comhairle chontae amháin a bheidh easnamh ann i leith na bliana sin, féadfaidh an tAire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, suim nach mó ná cibé méid acu seo a leanas is lú a íoc leis an gcomhairle sin—

(i) cóimhéid na breise sin; nó

(ii) cóimhéid an easnaimh sin;

(b) i gcás easnaimh a bheith ann i ndáil le dhá chomhairle nó níos mó i leith na bliana sin, agus nach lú an bhreis ná iomlán na n-easnamh, féadfaidh an tAire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, suim a íoc le gach comhairle acu sin nach mó ná méid an easnaimh i ndáil leis an gcomhairle sin i leith na bliana sin;

(c) i gcás easnaimh a bheith ann i ndáil le dhá chomhairle nó níos mó i leith na bliana sin agus gur lú an bhreis ná iomlán na n-easnamh, féadfaidh an tAire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas suim a íoc le gach comhairle den sórt sin a mbeidh idir í agus an bhreis an chomhréir chéanna atá idir an t-easnamh i ndáil leis an gcomhairle sin i leith na bliana sin agus iomlán na n-easnamh i ndáil leis na comhairlí sin go léir i leith na bliana sin.

(4) Aon airgead a íocfar faoi fho-alt (3) le comhairle i leith bliana airgeadais áitiúla is mar mhéadú ar an deontas faoi fho-alt (1) don chomhairle sin i leith na bliana sin a íocfar amhlaidh é.

(5) I gcás deontas a bheith tugtha faoi fho-alt (1) do chomhairle i leith aon bhliana airgeadais áitiúla agus méid an deontais a bheith níos lú ná leath na gcaiteachas a bheidh tabhaithe ag an gcomhairle an bhliain sin maidir le bia a sholáthar faoin gCaibidil seo, is í an difríocht idir an deontas agus an leath sin a bheidh mar easnamh, chun críocha na Caibidle seo, i ndáil leis an gcomhairle i leith na bliana sin.

Rialacháin.

[1930 BSG, a. 11; 1933 BSG, a. 3]

286. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun gach críche nó aon chríche acu seo a leanas—

(a) chun a áirithiú gur leor na socraíochtaí atá déanta ag comhairlí contae maidir le béilí a sholáthar faoin gCaibidil seo agus go bhfuil na socraíochtaí sin éifeachtach;

(b) chun a shocrú conas a choimeádfaidh comhairlí contae cuntais i ndáil le caiteachais a thabhóidh siad maidir le bia a sholáthar faoin gCaibidil seo;

(c) chun a shocrú cad iad na tráthanna agus cad é an tslí ina ndéanfar suimeanna is iníoctha faoin gCaibidil seo ag an Aire le comhairlí contae a íoc.

Caiteachais chomhairlí contae.

[1930 BSG, a. 8]

287. —An caiteachas go léir a thabhóidh comhairle chontae lena mbaineann an Chaibidil seo ag cur na Caibidile seo in éifeacht, measfar, sa mhéid nach n-íocfar na caiteachais sin as deontais ón Aire faoin gCaibidil seo, gur caiteachais iad a thabhaigh sí faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1964.

An Ghaeltacht.

[1930 BSG, a. 2, Sc.]

288. —Is é a bheidh sa Ghaeltacht chun críche na Caibidle seo na toghranna ceantair seo a leanas—

I gCONTAE CHORCAÍ

Eadarghóil

Cill Cascán

I gCONTAE DHÚN NA nGALL

Anagaire

Dún Lúiche

An Learga Mhór

Árainn

Baile na Finne

Leitir Mhic an Bhaird

Ard an Rátha

Gleann Cholm Cille

Más

Binn Boghaine

Gleann Gheis

Machaire Chlochair

Bun an Ghleanna

Gleann Léithín

An Mhachaire

Na Croisbhealaigh

Na Gleanntaí

Málainn Bhig

Cróbheithe

Gort an Choirce

Mín an Chladaigh

Cró Caorach

An Grafaidh

Alt na gCapall

Cró na Ráid

Inis Chaol

Inis Mhac an Duirn

Damhros

Cill Charthaigh

Taobh Scaoilte

Dubhcharaidh

Cill Ghabhlaigh

An Clochán Liath

Na Cealla Beaga

I gCONTAE NA GAILLIMHE

Baile na Cille

Doire Liath

Leitir Breacáin

(Tuathcheantar an Chlocháin)

Dún Locháin

Leitir Feoir

Beann Chorr

Iorras Fhlannáin

Leitir Móir

Bun Abhann

Garamna

Maigh-Iorras

Camas

Na hUillinneacha

Abhainn Gabhla

An Cloigeann

Inis Bó Finne

Rinn Mhaoile

An Clochán

Inis Mór

An Ros

An Fhairche

Cill Chuimín

Cloch na Rón

Conga

(Tuathcheantar na Gaillimhe)

Sailearna

An Crompán

Cill Chuimín

Sailearna

An Corr

(Tuathcheantar Uachtar Ard)

Scainimh

Cois Caolsháile

Cill Ainin

An Spidéal

Doire Conlaigh

Cnoc Buí

Turloch

I gCONTAE CHIARRAÍ

Na Beathacha

Doire Fhionáin

Licín

Baile an Sceilg

Doire Fhianna

Loch an Churtháin

An Baile Breac

Dún Chaoin

Márthain

Cé Bhréanainn

Dún Urlaing

Máistir Gaoithe

Cathair Uíbh Ráthach

Imleach

An Caladh

Cathair Dónall

Gleann Beithe

An Gleann Iarthach

Ceanbhaidh

Cill Fhionáin

Tír Aniarach

Taobh Daodh

Cill Maolchéadar

Dairbhre

An Clochán

Cill Cuan

Ceann Trá

I gCONTAE MHAIGH EO

Acaill

Béal an Mhuirthead

Cnoc an Daimh

An Geata Mór Thuaidh

Cliara

Cnoc na Lobhar

An Geata Mór Theas

Corrán Acaille

Muing na Bó

Baile Chruaich Thuaidh

Éige

Na Muingí

Baile Chruaich Theas

Gleann na Muaidhe

Cnoc na Rátha

Beannchar Iorrais

Gleann Caisleáin

Na Seiscinn

Barr Rúscaí

Gleann Cumha

An Sliabh Mór

Béal Deirg Mór

Guala Mhór

CAIBIDIL 4

Scéim Bhreosla

Scéim bhreosla shaoir.

[1957 FI, a. 4]

289. —(1) Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn “scéim bhreosla shaoir” scéim arna ceadú ag an Aire chun breosla a sholáthar d'aicmí sonraithe daoine;

ciallaíonn “adhmad” adhmad (lena n-áirítear adhmad atá ag fás) atá oiriúnach lena úsáid mar chonnadh nó le haghaidh connaidh;

ciallaíonn “údarás uirbeach” aon chomhlacht—

(a) is bardas contaebhuirge,

(b) is bardas buirge seachas contaebhuirg,

(c) is comhairle cheantair uirbigh, nó

(d) is coimisinéirí baile.

(2) Chun críocha scéime breosla shaoir arna déanamh ag údarás uirbeach, féadfaidh an t-údarás sin—

(a) aon adhmad nó móin a fháil trí chomhaontú,

(b) aon adhmad a gheofar amhlaidh a leagan, trí shaothar díreach nó trí chonradh,

(c) connadh a dhéanamh den adhmad go léir nó de chuid den adhmad a gheofar amhlaidh, trí shaothar díreach nó trí chonradh, agus

(d) aon adhmad nó móin a gheofar amhlaidh a iompar, a stóráil, a dhíol nó a dhiúscairt.

(3) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (2) mar ní a shrianfaidh oibriú na nAchtanna Foraoiseachta, 1946 go 1976.

CUID VII

Coimhthiú Leabhar agus Doiciméad

Feidhm.

[1932 LP, a. 1; 1952, a. 63; I.R. Uimh. 168 de 1977]

290. —Sa Chuid seo ciallaíonn “doiciméad lena mbaineann an Chuid seo” gach leabhar, cárta, ordú, dearbhán nó doiciméad eile a eiseofar chuig aon duine agus a mbeidh aon sochar, cúnamh nó liúntas leanaí faoin Acht seo iníoctha leis an duine sin as é dá sheachadadh nó dá thabhairt ar aird nó dá shealbhú ar dháta nó i ndiaidh dáta a bheidh curtha in iúl, go sainráite nó go hintuigthe, ar an doiciméad sin agus ar dáta é i ndiaidh dáta eisiúna an doiciméid sin.

Coimhthiú doiciméad a thoirmeasc.

[1932 LP, a. 2]

291. —Gach duine a dhéanfaidh aon doiciméad lena mbaineann an Chuid seo a cheannach, a ghlacadh ar malairt nó a ghlacadh ar geallearbadh, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

Coimhthiú doiciméad a sheachaint.

[1932 LP, a. 3]

292. —Gach coimhthiú nó coimhthiú airbheartaithe ar dhoiciméid lena mbaineann an Chuid seo, cibé acu trí dhíol, trí mhalartú nó trí chur i ngeall a dhéanfar é, beidh sé, agus measfar é a bheith i gcónaí, neamhbhailí agus gan éifeacht.

Doiciméid a thabhairt ar ais ar iad a éileamh.

[1932 LP, a. 4]

293. —(1) Gach duine a mbeidh doiciméad lena mbaineann an Chuid seo ina sheilbh aige de bhua coimhthiú nó coimhthiú airbheartaithe a dhearbhaítear leis an gCuid seo a bheith neamhbhailí, déanfaidh sé, i gcás aon doiciméad den sórt sin a bheidh eisithe i leith aon sochair, cúnaimh nó liúntais leanaí is iníoctha faoin Acht seo, ar éileamh ó oifigeach leasa shóisialaigh, an doiciméad sin a sheachadadh láithreach don oifigeach sin nó, i gcás nach ndéanfaidh oifigeach leasa shóisialaigh aon éileamh den sórt sin, déanfaidh sé, ar éileamh ó úinéir an doiciméid sin nó óna ghníomhaire cuí-údaraithe, an doiciméad sin a sheachadadh láithreach don úinéir nó don ghníomhaire sin.

(2) Gach duine a mhainneoidh, ar éileamh a dhéanamh air faoin alt seo, doiciméad a sheachadadh de réir an ailt seo i gcás gur doiciméad é a cheanglaítear air a sheachadadh amhlaidh leis an alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

(3) I gcás ina gciontófar duine i gcion faoin alt seo, féadfaidh an chúirt a chiontóidh amhlaidh é, más gá sin sna himthosca, cibé ordú is cuí leis an gcúirt a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar an doiciméad ar ina leith a rinneadh an cion a sheachadadh dá úinéir nó, más iomchuí, d'oifigeach leasa shóisialaigh.

Pionós mar gheall ar chionta.

[1932 LP, a. 5; 1976 (Uimh. 2), a.9]

294. —Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi aon alt den Chuid seo dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

CUID VIII

Cinntí, Achomhairc agus Ilghnéitheach

Cinntí agus Achomhairc

Oifigigh bhreithiúnachta.

[1952, a. 41]

295. —Féadfaidh an tAire cibé daoine agus cibé méid daoine dá oifigigh is cuí leis a cheapadh ina n-oifigigh bhreithiúnachta chun críocha an Achta seo, agus beidh gach duine a cheapfar amhlaidh i seilbh oifige mar oifigeach breithiúnachta fad is toil leis an Aire é.

Cinntí oifigeach breithiúnachta.

[1952, a. 42; I.R. Uimh. 9 de 1953 ; I.R. Uimh. 11 de 1953 ]

296. —(1) Faoi réir na Coda seo agus de réir aon rialachán cuí is oifigeach breithiúnachta a chinnfidh gach ceist lena mbaineann an t-alt seo.

(2) Baineann an t-alt seo le gach ceist—

(a) faoi Chuid II (árachas sóisialach), ar ceist í dá dtagraítear in alt 111,

(b) faoi Chuid III (cúnamh sóisialach) seachas Caibidil 3 (pinsean seanaoise) ach amháin mar a fhoráiltear le halt 162 (2) agus Caibidil 6 (liúntas leasa forlíontach),

(c) faoi Chuid IV (liúntas leanaí), agus

(d) faoi Chuid V (árachas breac-dhífhostaíochta), ar ceist í dá dtagraítear in alt 271.

Oifigigh achomhairc.

[1952, a. 43]

297. —(1) Féadfaidh an tAire cibé daoine agus cibé méid daoine dá oifigigh is cuí leis a cheapadh ina n-oifigigh achomhairc chun críocha an Achta seo, ach amháin na forálacha a bhaineann le liúntas leasa forlíontach, agus beidh gach duine a cheapfar amhlaidh i seilbh oifige mar oifigeach achomhairc fad is toil leis an Aire é.

(2) Ainmneoidh an tAire duine amháin de na hoifigigh achomhairc chun bheith ina Phríomh-Oifigeach Achomhairc agus ainmneoidh an tAire duine eile díobh chun gníomhú mar ionadaí don Phríomh-Oifigeach Achomhairc nuair nach mbeidh an tOifigeach sin ar fáil.

(3) Beidh an Príomh-Oifigeach Achomhairc freagrach as ceisteanna a tharchuirfear chuig na hoifigigh achomhairc a dháileadh orthu agus as iad a bhreithniú gan mhoill.

Achomhairc agus tarchuir chun oifigeach achomhairc.

[1952, a. 44; 1908 OAP, a. 7 (1) (c); I.R. Uimh. 9 de 1953 ]

[1908 OAP, a.7(1)(d); I.R. Uimh. 9 de 1953 ]

[1966 DC, a. 38]

[1976 (Uimh. 2), a.2]

298. —(1) Má bhíonn aon duine míshásta leis an gcinneadh a dhéanfaidh oifigeach breithiúnachta nó coiste pinsin áitiúil déanfar an cheist, ar fhógra achomhairc a thabhairt don Aire laistigh den am forordaithe, a tharchur chuig oifigeach achomhairc.

(2) Más éagóir le haon duine, lena n-áirítear oifigeach leasa shóisialaigh, diúltú nó faillí ag coiste pinsin áitiúil éileamh ar phinsean seanaoise nó pinsean dall a bhreithniú nó aon cheist a tharchuirfear chucu a chinneadh, féadfaidh an duine sin an ní sin a chur faoi bhráid an Aire agus, más dóigh leis an Aire gur dhiúltaigh nó gur fhailligh an coiste pinsin áitiúil an t-éileamh nó an cheist a bhreithniú agus a chinneadh laistigh de thráth réasúnach, féadfaidh sé an t-éileamh nó an cheist a tharchur chuig an bPríomh-Oifigeach Achomhairc lena chinneadh sa tslí chéanna ina gcinnfí é de thoradh achomhairc ó chinneadh an choiste pinsin áitiúil.

(3) Féadfaidh oifigeach breithiúnachta, más cuí leis é, aon cheist a bheidh le cinneadh aige a tharchur sa tslí fhorordaithe chuig oifigeach achomhairc in ionad í a chinneadh é féin.

(4) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin maidir leis an nós imeachta a leanfar i gcás achomhairc agus tarchuir faoin alt seo.

(5) Nuair a bheidh oifigeach achomhairc ag cinneadh ceiste a tharchuirfear chuige faoi fho-alt (1) ní bheidh air cloí leis na forais ar a raibh cinneadh an oifigigh bhreithiúnachta bunaithe ach féadfaidh sé an cheist a chinneadh amhail is dá mbeadh sí á cinneadh den chéad uair.

(6) Faoi réir alt 300 (3) agus 300 (4), is cinneadh críochnaitheach dochloíte cinneadh oifigigh achomhairc ar aon cheist—

(a) a shonraítear in alt 111 (1) (a), (b) nó (c), seachas ceist faoi Chaibidil 5 de Chuid II i dtaobh tionóisc a bheith ann de thoradh agus i gcúrsa fostaíochta, nó

(b) faoi Chuid III nó IV, nó

(c) a shonraítear in alt 271 (a) (b) (c) (d) nó (e).

(7) Beidh cumhacht ag oifigeach achomhairc, le linn dó aon ní a tharchuirfear chuige faoin alt seo a éisteacht, fianaise a ghlacadh faoi mhionn agus chun na críche sin féadfaidh sé daoine a bheidh i láthair mar fhinnéithe ag an éisteacht sin a chur faoi mhionn.

(8) Féadfaidh oifigeach achomhairc, trí fhógra chuige sin a thabhairt i scríbhinn d'aon duine, a cheangal ar an duine teacht i láthair cibé tráth agus i cibé áit a bheidh sonraithe san fhógra chun fianaise a thabhairt i ndáil le haon ní a tharchuirfear chuig an oifigeach achomhairc sin faoin alt seo nó chun aon doiciméid a bheidh ina sheilbh, ina choimeád nó faoina urláimh agus a bhaineann le haon ní den sórt sin a thabhairt ar aird.

(9) Féadfar fógra faoi fho-alt (8) a thabhairt trína sheachadadh don duine lena mbaineann sé nó trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a dhíreofar chuig an duine sin ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air.

(10) Duine dár tugadh fógra faoi fho-alt (8) agus a dhiúltóidh nó a fhailleoidh go toiliúil teacht i láthair de réir an fhógra nó, ar bheith i láthair amhlaidh, a dhiúltóidh fianaise a thabhairt nó a dhiúltóidh nó a mhainneoidh go toiliúil aon doiciméad lena mbaineann an fógra a thabhairt ar aird, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

(11) Féadfaidh oifigeach achomhairc, i ndáil le haon ní a tharchuirfear chuige faoin alt seo, aon chostais nó caiteachais (lena n-áirítear caiteachais i leith aimsir tuillimh a cailleadh) is réasúnach leis a dhámhadh d'aon duine, agus beidh an dámhachtain iníoctha ag an Aire.

(12) (a) Féadfaidh an tAire aon duine is oiriúnach leis a cheapadh chun suí mar mheasúnóir in éineacht le hoifigeach achomhairc nuair a bheidh aon cheist a fheicfear don Aire cúnamh measúnóirí a bheith ag teastáil chuici á héisteacht.

(b) Féadfaidh an tAire rollaí daoine a ullmhú, de réir ceantar nó ar shlí eile is iomchuí leis, chun suí mar mheasúnóirí in éineacht le hoifigigh achomhairc agus féadfar comhaltaí a roghnú sa tslí fhorordaithe as na rollaí sin chun suí nuair a bheidh aon cheist á héisteacht is ceist d'aicme a bhforordófar cúnamh measúnóirí a bheith iomchuí chuici.

(c) Aon ní a tharchuirfear chuig oifigeach achomhairc faoin alt seo agus a bheidh le héisteacht ag an oifigeach achomhairc agus é ina shuí in éineacht le haon mheasúnóir den sórt sin, féadfar, le toiliú na bpáirtithe a láithreoidh ag an éisteacht, ach ní ar shlí eile, dul ar aghaidh leis in éagmais an mheasúnóra.

(13) Féadfaidh an tAire cibé suimeanna i leith caiteachas (lena n-áirítear caiteachais i leith aimsir tuillimh a cailleadh) a chinnfidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, a íoc le measúnóirí dá dtagraítear i bhfo-alt (12).

Achomhairc chun na hArd-Chúirte.

[1952, a. 45; 1966 DC, a. 38]

299. —I gcás aon cheist seachas ceist lena mbaineann alt 298 (6) a tharchur chuig oifigeach achomhairc—

(a) féadfaidh an tAire, ar an bPríomh-Oifigeach Achomhairc á iarraidh sin, an cheist a tharchur chuig an Ard-Chúirt chun a cinneadh a fháil uirthi, agus

(b) má dhéanann oifigeach achomhairc cinneadh ar an gceist, féadfaidh aon duine a bheidh míshásta leis an gcinneadh achomharc ina choinne a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar aon cheist dlí.

Cinntí a athbhreithniú.

[1952, a. 46; I.R. Uimh. 9 de 1953 ]

[I.R. Uimh. 305 de 1953]

[I.R. Uimh. 127 de 1963]

300. —(1) Féadfaidh oifigeach breithiúnachta, aon tráth agus ó am go ham, aon chinneadh ag oifigeach breithiúnachta a athbhreithniú, má fheictear dó an cinneadh a bheith earráideach ag féachaint d'fhianaise nua nó d'fhíorais nua a cuireadh in iúl dó ón dáta a rinneadh an cinneadh nó mar gheall ar dhearmad éigin a bheith déanta i ndáil leis an dlí nó leis na fíorais, nó má fheictear dó aon athrú cuí a bheith tagtha ar na himthosca ó rinneadh an cinneadh, agus beidh feidhm ag forálacha na Coda seo a bhaineann le hachomhairc maidir leis an gcinneadh athbhreithnithe sa tslí chéanna a bhfuil feidhm acu maidir le cinneadh bunaidh.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le cinneadh a bhaineann le ní atá ar achomharc nó ar tarchur faoi alt 298 mura mbeadh an cinneadh athbhreithnithe i bhfabhar éilitheora.

(3) Féadfaidh oifigeach achomhairc, aon tráth agus ó am go ham, aon chinneadh ó oifigeach achomhairc a athbhreithniú, má fheictear dó an cinneadh a bheith earráideach ag féachaint d'fhianaise nua nó d'fhíorais nua a cuireadh in iúl dó ón dáta a rinneadh an cinneadh, nó má fheictear dó aon athrú cuí a bheith tagtha ar na himthosca ó rinneadh an cinneadh.

(4) Féadfaidh an Príomh-Oifigeach Achomhairc, aon tráth agus ó am go ham, aon chinneadh ó oifigeach achomhairc a athbhreithniú, má fheictear dó an cinneadh a bheith earráideach mar gheall ar dhearmad éigin a bheith déanta i ndáil leis an dlí nó leis na fíorais, agus, ach amháin i gcás ar ceist lena mbaineann alt 298 (6) an cheist, féadfaidh aon duine a bheidh míshásta leis an gcinneadh athbhreithnithe achomharc ina choinne a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar aon cheist dlí.

(5) Beidh éifeacht mar a leanas le cinneadh athbhreithnithe ó oifigeach breithiúnachta nó ó oifigeach achomhairc—

(a) i gcás ina ndéanfar, de bhua an chinnidh athbhreithnithe, aon sochar (lena n-áirítear sochar forlíontach faoi Chuid V), cúnamh nó liúntas leanaí a dhícheadú nó a laghdú nó go gcúlghairfear deimhniú cáilíochta faoi Chaibidil 2 de Chuid III agus go ndéanfar an cinneadh athbhreithnithe toisc an cinneadh bunaidh a dhéanamh, nó a leanúint de bheith in éifeacht, mar gheall ar aon ráiteas nó uiríoll (scríofa nó ó bhéal) ab eol don duine a rinne é a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha nó mar gheall ar aon fhíoras ábhartha a cheilt go toiliúil, tiocfaidh sé in éifeacht amhail ón dáta a tháinig an cinneadh bunaidh in éifeacht, ach féadfaidh an cinneadh bunaidh, de rogha an oifigigh bhreithiúnachta nó an oifigigh achomhairc (de réir mar a bheidh), leanúint d'fheidhm a bheith aige maidir le haon tréimhse lena mbaineann an cinneadh bunaidh agus nach mbaineann an ráiteas nó an t-uiríoll bréagach nó míthreorach sin nó an cheilt thoiliúil sin ar aon fhíoras ábhartha leis;

(b) in aon chás eile, tiocfaidh sé in éifeacht amhail ón dáta is iomchuí leis an oifigeach breithiúnachta nó leis an oifigeach achomhairc (de réir mar a bheidh), ach—

(i) ní dhéanfar difear d'aon íocaíocht sochair (lena n-áirítear sochar forlíontach faoi Chuid V) a bheidh íoctha cheana féin ar dháta an athbhreithnithe (gan dochar dá áireamh, de réir rialachán chun críocha alt 113 (2) (b), mar shochar a íocadh ar cuntas sochair eile), agus

(ii) ní dhéanfar difear d'aon íocaíocht ar chúnamh nó liúntas leanaí a bheidh íoctha cheana féin ar dháta an athbhreithnithe, cé go bhféadfar é a áireamh mar chúnamh nó liúntas a íocadh ar cuntas cúnaimh nó liúntais leanaí eile nó ar cuntas sochair (seachas sochar forlíontach faoi Chuid V) i gcás ina gcinnfear an cúnamh, an liúntas nó an sochar eile sin a bheith iníoctha go cuí.

(6) I gcás ina bhfeicfear don Aire gur tharla ceist nó go bhféadfadh ceist tarlú—

(a) i dtaobh na coinníollacha a bheith comhlíonta, san am i láthair nó san am a caitheadh, i leith cúnamh (seachas liúntas leasa forlíontach faoi Chuid III) nó liúntas leanaí is iníoctha faoi chinneadh a fháil, nó

(b) i dtaobh ar cheart athbhreithniú faoin alt seo a dhéanamh ar chinneadh gur iníoctha an cúnamh sin nó an liúntas sin,

féadfaidh sé a ordú go bhfionrófar íoc an chúnaimh nó an liúntais go hiomlán nó go páirteach go dtí go ndéanfar cinneadh ar an gceist.

(7) Más rud é, de réir fhorálacha an Achta seo—

(a) go ndéanfaidh oifigeach breithiúnachta, coiste pinsin áitiúil nó oifigeach achomhairc cinneadh a athrú nó a fhreaschur ag dícheadú nó ag laghdú cúnaimh (seachas liúntas leasa forlíontach faoi Chuid III) nó liúntais leanaí a íocadh nó is iníoctha le duine, agus

(b) go ndéanfar an cinneadh athbhreithnithe toisc an cinneadh bunaidh a dhéanamh, nó a leanúint de bheith in éifeacht, mar gheall ar aon ráiteas nó uiríoll (scríofa nó ó bhéal) ab eol don duine a rinne é a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha nó mar gheall ar aon fhíoras ábhartha a cheilt go toiliúil,

féadfar aon chúnamh nó liúntas leanaí is inaisíoctha de bhun an chinnidh athbhreithnithe, gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile agus i dteannta na gcumhachtaí gnóthaithe atá ann faoin Acht seo, a ghnóthú trí asbhaint a dhéanamh as sochar (seachas sochar máithreachais, liúntas dílleachta (ranníocach) nó sochar forlíontach faoi Chuid V) nó as cúnamh (seachas pinsean dílleachta (neamhranníocach) nó liúntas leasa forlíontach) a bhfuil teideal ag an duine sin chuige an tráth sin nó a dtiocfaidh sé chun bheith ina theideal.

(8) Folaíonn tagairt san alt seo d'athbhreithniú tagairt d'athbhreithniú ina ndéantar freaschur.

Deimhniú ó oifigeach oreithiúnachta nó ó oifigeach achomhairc.

1952, a. 56; 1946 LL, a. 8]

301. —Aon doiciméad a airbheartóidh a bheith ina dheimhniú ar chinneadh a rinne oifigeach breithiúnachta nó oifigeach achomhairc de bhun an Achta seo nó de bhun rialachán agus a bheith sínithe aige, beidh sé ina fhianaise prima facie go ndearnadh an cinneadh sin agus ar a théarmaí, gan cruthúnas ar shíniú an oifigigh sin nó ar a cháil oifigiúil.

Ilghnéitheach

Dleacht stampa. [1933 CD, a. 32; 1937 PBD, a. 29; 1942 BD, a. 55; 1946 LL, a. 11; 1952, a. 51; I.R. Uimh. 168 de 1977]

302. —Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon doiciméad trína ndéanfar aon íocaíocht, aisíoc, aisíocaíocht nó aischur de bhun an Achta seo.

Deimhnithe breithe, pósta agus báis.

[1933 CD, a. 31; 1935 PBD, a. 59; 1942 BD, a. 54; 1944 LL, a. 13; 1948, a. 8; 1952, a. 50; I.R. Uimh. 61 de 1953; I.R. Uimh. 384 de 1952]

[I.R. Uimh. 168 de 1977]

303. —(1) I gcás inar gá, chun críocha an Achta seo (seachas Caibidil 6 de Chuid III), aois, pósadh nó bás aon duine a chruthú trí dheimhniú breithe, pósta nó báis a thabhairt ar aird, beidh teideal ag aon duine, ar iarratas i scríbhinn a thíolacadh i cibé foirm agus cibé sonraí ann a ordóidh an tAire Sláinte, na nithe seo a leanas a fháil, ar an táille atá leagtha amach ina leith a íoc—

(a) cóip d'iontráil i gclár breitheanna—cúig phingin,

(b) cóip d'iontráil i gclár básanna—seacht bpingin go leith,

(c) cóip d'iontráil i gclár póstaí—seacht bpingin go leith,

arna deimhniú faoi láimh an chláraitheora nó an chláraitheora mhaoirseachta nó an duine eile a mbeidh an clár faoina choimeád.

(2) I gcás inar gá, chun críocha Chaibidil 6 de Chuid III nó rialachán arna ndéanamh faoin gCaibidil sin, aois, pósadh nó bás aon duine a chruthú trí dheimhniú breithe, pósta nó báis a thabhairt ar aird, beidh teideal ag aon duine, ar iarratas i scríbhinn a thíolacadh i cibé foirm agus cibé sonraí ann a ordóidh an tAire Sláinte, cóip dheimhnithe saor ó mhuirear a fháil d'iontráil breithe, pósta nó báis (de réir mar a bheidh) an duine sin i gclár na mbreitheanna, na bpóstaí nó na mbásanna (de réir mar a bheidh) faoi láimh an chláraitheora nó an chláraitheora mhaoirseachta nó an duine eile a mbeidh an clár sin faoina choimeád.

(3) Déanfaidh gach cláraitheoir breitheanna agus básanna agus gach cláraitheoir maoirseachta nó gach duine eile a mbeidh an clár faoina choimeád foirmeacha chun críocha fho-ailt (1) agus (2) a sholáthar, ar iad a iarraidh, saor ó mhuirear.

(4) Féadfaidh an tAire Sláinte, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, na táillí atá leagtha amach i bhfo-alt (1) a athrú le rialacháin.

Dochoimhthíocht.

[1908 OAP, a. 6; 1933 CD, a. 23; 1935 PBD, a. 62; 1944 LL, a. 16; 1952, a. 33; I.R. Uimh. 168 de 1977]

304. —Faoi réir an Achta seo, beidh gach sannadh nó muirearú sochair nó cúnaimh nó liúntais leanaí ar bith, agus gach comhaontú chun sochar nó cúnamh nó liúntas leanaí ar bith a shannadh nó a mhuirearú, ar neamhní agus, i gcás aon duine a bheidh i dteideal sochair nó cúnaimh nó liúntais leanaí d'fhéimheadh, ní rachaidh an sochar nó an cúnamh nó an liúntas (de réir mar a bheidh) chuig aon iontaobhaí nó duine eile a bheidh ag gníomhú thar ceann na gcreidiúnaithe.

Acmhainn chun críche an Debtors Act (Ireland), 1872.

[1935 PBD, a. 62; 1944 LL, a. 16; 1952, a. 33; I.R. Uimh. 227 de 1970, 190 de 1973, 209 agus 220 de 1974, 168 de 1977]

305. —Ní dhéanfar aon suim a bheidh faighte ag aon duine mar shochar, mar liúntas leanaí nó mar chúnamh, seachas cúnamh faoi Chaibidlí 2 agus 3 de Chuid III, a áireamh nuair a bheidh acmhainn an duine sin á ríomh chun críocha alt 6 den Debtors Act (Ireland), 1872.

Eisiamh i gcás damáistí a mheasúnú.

[1935 PBD, a. 60; 1944 LL, a. 14; 1952, a. 34]

306. —(1) Nuair a bheidh damáistí á measúnú in aon chaingean faoin Acht Díobhála Marfacha, 1956 , nó faoi Chuid IV den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961 , cibé acu roimh an Acht seo a bheith rite nó ina dhiaidh a tionscnaíodh í, ní áireofar aon liúntas leanaí, pinsean baintrí (ranníocach), liúntas dílleachta (ranníocach), pinsean baintrí (neamhranníocach) nó pinsean dílleachta (neamhranníocach).

(2) Faoi réir alt 68, nuair a bheidh damáistí á measúnú in aon chaingean i leith díobhála nó galair, nó nuair a bheidh an méid cúitimh á ríomh faoi mhír (1) (a) (ii) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Workmen's Compensation Act, 1906, nó faoi Riail 2 nó 4 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934, ní áireofar aon sochar faoi Chuid II, pinsean baintrí (neamhranníocach), pinsean dílleachta (neamhranníocach) nó liúntas leanaí.

Comhshocraíochtaí cómhalartacha.

[1966 FI, a. 15; 1977, a. 22]

307. —(1) Féadfaidh an tAire cibé orduithe is gá a dhéanamh chun go gcuirfear i gcrích aon chomhshocraíochtaí cómhalartacha nó aon chomhshocraíochtaí eile, arna ndéanamh le haon eagraíocht idirnáisiúnta, le haon Stát nó Rialtas eile nó leis an údarás cuí faoi aon Rialtas eile, maidir le nithe a bhaineann le hárachas agus le sochair faoi Chuid II, le pinsean seanaoise agus le pinsean dall, le pinsean baintrí (neamhranníocach) nó le pinsean dílleachta (neamhranníocach), le cúnamh dífhostaíochta agus le liúntais leanaí, agus féadfaidh sé le haon ordú den sórt sin cibé oiriúnuithe agus modhnuithe a mheasann sé is gá a dhéanamh i ndáil leis na nithe sin.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

Rialacháin ag athrú rátaí sochair nó cúnaimh.

[1975, a. 16; 1975 LLF, a. 10]

308. —(1) D'ainneoin aon ní san Acht seo nó in aon rialacháin faoin Acht seo, féadfaidh an tAire aon cheann nó gach ceann de na rátaí sochair, liúntais, pinsin nó cúnaimh a athrú le rialacháin.

(2) Ní dhéanfaidh rialacháin faoi fho-alt (1) ráta aon sochair, liúntais, pinsin nó cúnaimh a athrú sa dóigh go mbeidh laghdú ar an méid is iníoctha nuair a thiocfaidh na rialacháin i bhfeidhm.

Rialacháin á áirithiú go leanfaidh forálacha áirithe a aisghairtear, a leasaítear, etc., i bhfeidhm.

[1978 L, a. 20]

309. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun a áirithiú go leanfaidh forálacha an Achta Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1978 , atá san Acht seo, i bhfeidhm maille le haon fhoráil a aisghairtear nó a leasaítear leis an Acht sin nó ar dhóigh eile chun cearta a thugtar faoi réim nó de bhua aon cheann de na forálacha sin a chaomhnú. Gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil ansin roimhe seo, féadfaidh rialacháin faoin alt seo foráil a dhéanamh faoin dóigh a ndéanfar ranníocaí a íocadh nó a creidiúnaíodh i leith aon tréimhse roimh thosach feidhme aon fhorála den Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1978 , a chur i gcuntas d'fhonn teideal chun aon sochair faoin Acht seo tar éis an tosach feidhme sin a chinneadh.

CUID IX

Tosach Feidhme, Aisghairm agus Buanú

Tosach feidhme agus aisghairm.

310. —Faoi réir na Coda seo, tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú, agus airghairtear leis seo na hachtacháin a luaitear sa Séú Sceideal (achtacháin a ngairtear achtacháin aisghairthe díobh san Acht seo) a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin amhail ón lá sin: ar choinníoll go leanfaidh forálacha na n-achtachán aisghairthe d'fheidhm a bheith acu maidir le sochar, le cúnamh agus leis na scéimeanna ilghnéitheacha faoi Chodanna IV, V agus VI a bhí ann roimh thosach feidhme an Achta seo amhail mar a bheadh feidhm acu maidir leis na nithe sin dá mba rud é nár ritheadh an tAcht seo.

Leanúnachas achtachán aisghairthe.

311. —Ní dhéanfar difear do leanúnachas oibriú an dlí a bhaineann leis na nithe dá bhforáiltear sna hachtacháin aisghairthe mar gheall ar an Acht seo a chur in ionad na n-achtachán sin, agus—

(a) déanfar an oiread sin d'aon achtachán nó doiciméad (lena n-áirítear achtacháin atá san Acht seo) a thagraíonn, go sainráite nó go hintuigthe, d'aon fhoráil den Acht seo, nó do nithe a rinneadh nó a bheidh le déanamh faoi réim nó chun críocha aon fhorála den Acht seo, a fhorléiriú, má cheadaíonn agus a mhéid a cheadaíonn an cineál ábhair san achtachán nó sa doiciméad é, mar ní a fholaíonn, i ndáil leis na tráthanna, na blianta nó na tréimhsí, na himthosca nó na críocha a bhfuil nó a raibh éifeacht leis an bhforáil chomhréire sna hachtacháin aisghairthe i ndáil leo, tagairt don fhoráil chomhréire sin, nó, de réir mar a bheidh, do nithe a rinneadh nó a bheidh le déanamh faoi réim nó chun críocha na forála comhréire sin;

(b) déanfar an oiread sin d'aon achtachán nó doiciméad (lena n-áirítear achtacháin aisghairthe agus achtacháin agus doiciméid a rithfear nó a dhéanfar tar éis tosach feidhme an Achta seo) a thagraíonn, go sainráite nó go hintuigthe, d'aon fhoráil de na hachtacháin aisghairthe, nó, do nithe a rinneadh nó a bheidh le déanamh faoi réim nó chun críocha aon fhorála de na hachtacháin aisghairthe, a fhorléiriú, má cheadaíonn agus a mhéid a cheadaíonn an cineál ábhair san achtachán nó sa doiciméad é, mar ní a fholaíonn, i ndáil leis na tráthanna, na blianta nó na tréimhsí, na himthosca nó na críocha a bhfuil éifeacht le foráil chomhréire an Achta seo i ndáil leo, tagairt don fhoráil chomhréire sin, nó, de réir mar a bheidh, do nithe a rinneadh nó a mheastar a rinneadh nó a bheidh le déanamh faoi réim nó chun críocha na forála comhréire sin.

Ionstraimí, oifigigh agus doiciméid a bhuanú.

312. —(1) Gach oifigeach a ceapadh faoi na hachtacháin aisghairthe agus a bheidh i seilbh oifige díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, leanfaidh sé in oifig amhail is dá mba faoin Acht seo a ceapadh é.

(2) Gach ionstraim agus doiciméad a rinneadh nó a eisíodh faoi na hachtacháin aisghairthe agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo (seachas forálacha aon ionstraimí atá corpraithe san Acht seo) leanfaidh siad i bhfeidhm amhail is dá mba faoin Acht seo a rinneadh nó a eisíodh iad.

Aoisliúntais oifigeach áirithe.

[1950, a. 7]

313. —(1) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “an Cumann” Cumann an Árachais Náisiúnta ar Shláinte.

(2) I gcás duine a bheith, díreach roimh an 1 Lúnasa, 1950, ina oifigeach nó ina fhostaí de chuid an Chumainn agus, de bhun alt 7 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1950 , gur ceapadh é chun poist i státseirbhís an Rialtais, d'ainneoin aon ní in aon achtachán eile, measfar, chun críocha na nAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, gur as airgead a sholáthraigh an tOireachtas a íocadh é ar feadh a sheirbhíse faoin gCumann agus a sheirbhíse roimhe sin (más ann) faoi aon chumann ceadaithe.

(3) I gcás duine lena mbaineann fo-alt (2) a bheith ina chomhalta den chiste pinsean faoin scéim phinsean a bunaíodh de dhroim na tuarascála a tugadh de bhun mhír (d) d'alt 10 den Acht um Árachas Sláinte Náisiúnta, 1933 , déanfar cibé méid dá sheirbhís faoin gCumann agus dá sheirbhís roimhe sin (más ann) faoi chumann ceadaithe a bheadh, murach Cuid II den Acht Leasa Shóisialaigh, 1950 , ináirithe mar sheirbhís inphinsin chun críche na scéime sin, a áireamh mar sheirbhís bhunaithe chun críocha na nAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963.

(4) I gcás aon fheidhm a bheith ag na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, maidir le bean lena mbaineann fo-alt (3), ní bheidh feidhm maidir léi ag aon fhorálacha de na hAchtanna sin is infheidhme maidir léi toisc gur bean í agus, ina ionad sin, beidh feidhm maidir léi ag forálacha comhréire na nAchtanna sin is infheidhme maidir le fir.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Fostaíochtaí agus Fostaíochtaí Eiscthe

Alt 5.

CUID I

Fostaíochtaí

[1952, Sc. 1]

1. Fostaíocht sa Stát faoi aon chonradh seirbhíse nó printíseachta, i scríbhinn nó ó bhéal, sainráite nó intuigthe, agus cibé acu is é an fostóir nó duine éigin eile a íocann an duine fostaithe, agus cibé acu is faoi aon fhostóir nó níos mó dó, agus cibé acu is de réir ama nó de réir taisc nó go páirteach de réir ama agus go páirteach de réir taisc, nó ar shlí eile, a íoctar é, nó fostaíocht gan aon íocaíocht airgid.

2. Fostaíocht faoi chonradh den sórt sin a dúradh—

(a) mar mháistir nó mar dhuine d'fhoireann—

(i) aon loinge atá cláraithe sa Stát, nó

(ii) aon loinge nó soithigh eile a bhfuil a húinéir, nó, má tá níos mó ná úinéir amháin ann, a bhfuil a húinéir bainistí nó a bainisteoir, ina chónaí, nó a bhfuil a phríomh-áit ghnó aige, sa Stát, nó

(b) mar chaptaen nó mar dhuine d'fhoireann—

(i) aon aerárthaigh atá claraithe sa Stát, nó

(ii) aon aerárthaigh eile a bhfuil a húinéir, nó, má tá níos mó ná úinéir amháin ann, a bhfuil a húinéir bainistí nó a bainisteoir, ina chónaí, nó a bhfuil a phríomh-áit ghnó aige, sa Stát.

[1960 FI, a. 14]

3. Fostaíocht i státseirbhís an Rialtais nó i státseirbhís an Stáit agus fostaíocht de shórt go meastar nó gurb inmheasta faoi alt 24 den Acht Aois-liúntas, 1936 gur seirbhís i státseirbhís an Rialtais nó i státseirbhís an Stáit seirbhís an duine fhostaithe inti.

4. Fostaíocht mar chomhalta d'Óglaigh na hÉireann.

5. Fostaíocht faoi aon údarás áitiúil nó údarás poiblí eile.

6. Fostaíocht mar dhuine d'fhoireann bhád iascaireachta i gcás inarb é amháin is luach saothair don duine fostaithe cion de na brabúis nó den mhór-thuilleamh as an árthach a oibriú.

7. Fostaíocht mar eachtar-oibrí, is é sin le rá, duine a dtugtar earraí nó ábhair dó le déanamh suas, le glanadh, le ní, le hathrú, le hornáidiú, le críochnú nó le deisiú nó le hoiriúnú chun a ndíolta ina bhaile féin nó in áitreabh eile nach bhfuil faoi rialú ná faoi bhainistí an duine a thug amach na hearraí nó na hábhair chun críocha cheird nó ghnó an duine is deireanaí atá luaite.

[I.R. Uimh. 373 de 1952]

8. Fostaíocht mar theachtaire cúirte faoi alt 4 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 .

[1960 FI, a. 14]

9. Fostaíocht mar bhean chabhartha faoi oiliúint, bean chabhartha foghlama, bean chabhartha faoi theagasc, bean chabhartha ar promhadh, banaltra faoi oiliúint, banaltra foghlama, banaltra faoi theagasc nó banaltra ar promhadh. Sa mhír seo folaíonn “banaltra” banaltra naíolainne nó banaltra leanaí.

[I.R. Uimh. 51 de 1968]

10. Fostaíocht ag an Aire mar bhainisteoir oifig fostaíochta.

[1972, a. 15]

11. Fostaíocht mar chomhalta den Gharda Síochána.

[1974 (Uimh. 3), a.2]

12. Fostaíocht mar mhinistir reiligiúin i gcás, maidir leis an duine fostaithe—

(a) go bhfaigheann sé luach saothair trí stipinn, trí thuarastal nó trí íocaíocht dá samhail, agus

(b) gur comhalta é d'aicme daoine a bhfuil an tAire sásta ina leith agus a bhfuil deimhnithe aige ina leith go bhfuil curtha in iúl dó i scríbhinn ag údarás nó comhlacht iomchuí ag gníomhú thar ceann comhaltaí na haicme sin gur de chineál na seirbhísí nó na dualgais a dhéanann na daoine den aicme sin, agus na coinníollacha ceapacháin agus na himthosca iomchuí eile a bhaineann leis an gcéanna, gur míréasúnach, ag féachaint do ghairmeacha eile is fostaíochtaí inárachaithe, nár fhostaíocht inárachaithe fostaíocht comhaltaí na haicme sin.

CUID II

Fostaíochtaí Eiscthe

1. Fostaíocht i seirbhís fhearchéile nó bhanchéile an duine fhostaithe.

2. Fostaíocht ócáideach seachas chun críocha cheird nó ghnó an fhostóra, agus seachas chun críocha aon chluiche nó siamsa i gcás ina ndéantar na daoine a fhostaítear a fhruiliú nó a íoc trí chlub.

3. Fostaíocht ag gaol forordaithe leis an duine fostaithe, is fostaíocht i gcomhbhaile an fhostóra agus an duine fhostaithe nó fostaíocht a bheidh sonraithe le rialacháin a bheith ar comhréir le fostaíocht i gcomhbhaile an fhostóra agus an duine fhostaithe.

4. Fostaíocht a bheidh sonraithe le rialacháin a bheith de chineál gur mar fho-fhostaíocht amháin agus nach mar phríomh-shlí bheatha a ghabhtar léi.

5. Fostaíocht a bheidh sonraithe le rialacháin a bheith ina mionfhostaíocht.

[I.R. Uimh. 373 de 1952]

6. Fostaíocht faoi aon údarás áitiúil nó údarás poiblí eile—

(a) mar chróinéir nó leas-chróinéir;

(b) mar anailísí poiblí;

(c) mar chláraitheoir maoirseachta nó cláraitheoir breitheanna, básanna agus póstaí, nó mar leas-chláraitheoir maoirseachta, cláraitheoir maoirseachta cúnta nó cláraitheoir maoirseachta eatramhach nó mar leas-chláraitheoir, cláraitheoir cúnta nó cláraitheoir eatramhach sna nithe sin;

(d) i bhforghníomhú conarthaí (nach fostaíocht de réir bhrí na bhfomhíreanna sin roimhe seo den mhír seo) seachas

(i) conarthaí seirbhíse nó printíseachta;

(ii) conarthaí i leith seirbhísí i gcás ar duine amháin a bheidh fostaithe agus ar fostaíocht í ina ndéantar obair láimhe agus go dtugann an duine fostaithe seirbhís phearsanta.

[1974 (Uimh. 3), a. 2]

7. Fostaíocht seachas fostaíocht a shonraítear i mír 12 de Chuid I den Sceideal seo i gcás inar duine in Ord Beannaithe nó ministir eile reiligiúin nó duine i sámhadh crábhaidh ina chónaí mar chomhalta den sámhadh sin an duine fostaithe.

[I.R. Uimh. 373 de 1952]

8. Fostaíocht mar lia-chleachtóir cláraithe nó lia-chleachtóir arna chlárú go sealadach.

9. Fostaíocht mar fhiaclóir cláraithe.

[I.R. Uimh. 51 de 1968]

10. Fostaíocht ag an Aire mar bhainisteoir oifig fostaíochta i gcás—

(a) freastal ar feadh níos lú ná 18 n-uaire a chloig i seachtain ranníoca a bheith ag gabháil leis an bhfostaíocht, nó

(b) nach mbraitheann slí bheatha an duine a bheidh fostaithe go formhór ar a dtuilleann sé as an bhfostaíocht sin.

[1980, a. 15, 20, 21]

AN DARA SCEIDEAL

Rátaí Sochar

CUID I

Rátaí na Sochar Tréimhsiúil agus na Méaduithe Orthu

[1952, Sc. 3]

Ailt 159 agus 176.

[1952, Sc. 7; 1979, a. 13]

1. Faoi réir mhíreanna (2) agus (3), nuair a bheidh acmhainn duine á ríomh, cuirfear i gcuntas na nithe seo a leanas—

(1) luach bliantúil aon mhaoine leis an duine (nach maoin a úsáideann nó a theachtann an duine go pearsanta) atá infheistithe nó curtha chun úsáide tairbhiúla ar shlí eile ag an duine nó, cé go bhféadfaí í a infheistiú nó a úsáid go tairbhiúil, nach bhfuil infheistithe ná curtha chun úsáide tairbhiúla amhlaidh ag an duine, agus is mar a leanas a ríomhfar luach bliantúil na maoine—

(a) eisiafar an chéad £200 de luach caipitiúil na maoine, agus

(b) glacfar gurb é luach bliantúil an chéad £375 eile de luach caipitiúil na maoine an fichiú cuid den luach caipitiúil, agus

(c) glacfar gurb é luach bliantúil na coda sin de luach caipitiúil na maoine is mó ná £575 an deichiú cuid den luach caipitiúil,

ach ní chuirfear i gcuntas faoi aon fhoráil eile de na Rialacha seo aon leithreasú ar an maoin chun críche caiteachais reatha.

[1963 FI, a. 16]

(2) Nuair a bheidh mír (1) á cur chun feidhme chun críocha pinsin bhaintrí (neamhranníocach) nó pinsin dílleachta (neamhranníocach) faoi Chuid III, cuirfear na fomhíreanna seo a leanas in ionad fhomhíreanna (a), (b) agus (c) den mhír sin:

[1979, a. 14]

“(a) eisiafar an chéad £200 de luach caipitiúil na maoine, agus

(b) i gcás baintreach a bhfuil leanbh cáilithe nó leanaí cáilithe aici a chónaíonn go rialta léi, eisiafar £100 breise de luach caipitiúil na maoine i leith gach leanbh cáilithe den sórt sin arb inéilithe méadú pinsin ina leith, agus

(c) glacfar gurb é luach bliantúil aon iarmhair de luach caipitiúil na maoine an fichiú cuid den iarmhar sin.”.

[1975, a. 5]

(3) Má tharlaíonn, chun críocha pinsin seanaoise, pinsin dall nó pinsin bhaintrí (neamhranníocach), gurb é atá san acmhainn nó i gcuid den acmhainn, acmhainn arna measúnú de réir mhír (1) nó mhíreanna (1) agus (2), cibé acu é, agus nach lú ná £52 an acmhainn arna measúnú amhlaidh, glacfar go bhfuil £52 de mhéadú ar an acmhainn.

(4) An t-ioncam go léir in airgead (lena n-áirítear, i gcás pinsin bhaintrí (neamhranníocach) agus pinsin dílleachta (neamhranníocach) faoi Chuid III, glanluach airgid aon tuilleamh nach in airgead as luain phearsanta) ar réasúnach don duine súil a bheith aige leis i gcaitheamh na bliana i ndiaidh dáta an ríofa, d'eisiamh—

(a) aon suimeanna as infheistiú nó úsáid thairbhiúil maoine (nach maoin a úsáideann nó a theachtann an duine go pearsanta),

[1944 LL, a.15; I.R.Uimh. 168 de 1977]

(b) aon suimeanna a fhaightear mar phinsean, liúntas, cúnamh nó sochar faoi Chuid II, III nó IV,

(c) aon ioncam ó bhónas faoi scéim a riarann an tAire Oideachais chun deontais speisialta a thabhairt do thuismitheoirí nó do chaomhnóirí a chónaíonn sa Ghaeltacht nó sa Bhreac-Ghaeltacht (mar a mhínítear sa scéim sin) is tuismitheoirí nó caomhnóirí le leanaí a fhreastalaíonn bunscoileanna,

1965 FI, a. 15]

(d) (i) aon ioncam ó eagraíocht charthanúil, ar comhlacht í a bhfuil a gníomhaíochtaí á seoladh seachas le haghaidh brabúis (ach aon údarás poiblí nó áitiúil a eisiamh) agus ar feidhm dá cuid cabhrú le daoine i ngátar trí dheontais airgid a thabhairt dóibh, agus

(ii) aon ioncam, seachas ioncam den sórt a shonraítear i gclásal (i), as íocaíochtaí saorálacha nó as aiscí a mhéid nach mó é ná £52.25 sa bhliain,

[1960 FI, a. 13; 1970 AS, a. 6]

(e) aon ioncam mar íocaíochtaí faoi alt 44 den Acht Sláinte, 1947 , ó bhord sláinte leis an duine nó le cleithiúnaithe an duine nó ina leith, agus aon ioncam mar íocaíochtaí ar scór liúntais chothabhála faoi alt 69 den Acht Sláinte, 1970 , leis an duine,

[I.R. Uimh. 67 de 1966]

(f) faoi réir Riail 5, méid aon liúntais, liúntais chleithiúnaí, pinsin mhíchumais nó pinsin chréachta faoi na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1980 (lena n-áirítear, chun críocha na fomhíre seo, pinsean cogaidh Briotanach) nó méid na liúntas agus na bpinsean sin i dteannta a chéile ach amháin sa mhéid gur mó ná £80 sa bhliain an méid sin,

(g) i gcás daill, a thuilleamh (lena n-áirítear pá agus brabús as aon chineál féin-fhostaíochta) mar dhall ach amháin agus a mhéid a ríomhfar gur mó méid bliantúil an tuillimh sin ná méid a chomhaireofar mar a leanas—

[1977, a. 3; 1980, a.5]

(i) más fear an duine—£312, móide £208 má chónaíonn a bhanchéile leis nó má tá sé á cothabháil go hiomlán nó go formhór, nó, más fear singil nó baintreach fir é, má tá bean os cionn 16 bliana á cothabháil go hiomlán nó go formhór aige agus í ag tabhairt aire do leanbh cáilithe amháin nó níos mó a chónaíonn go rialta leis, móide £104 i leith gach leanbh cáilithe a chónaíonn go rialta leis,

(ii) más bean an duine—£312, móide £104 i leith gach leanbh cáilithe a chónaíonn go rialta léi, móide £208 má tá a fearchéile á chothabháil go hiomlán nó go formhór aici agus é éagumasach ar é féin a chothabháil mar gheall ar éiglíocht éigin coirp nó meabhrach,

(h) aon ioncam as deontas nó liúntas de bhun scéime, a ullmhaíodh faoi alt 2 den Blind Persons Act, 1920, chun leas na ndall a chur chun cinn,

1979, a. 16]

(i) i gcás duine nach dall agus a bhfuil leanbh cáilithe nó leanaí cáilithe aige a chónaíonn go rialta leis, a thuilleamh go léir óna luain phearsanta ach amháin agus a mhéid a ríomhfar gur mó ná £104 i leith gach linbh den sórt sin suim bhliantúil an tuillimh sin,

[1962 FI, a. 14]

(j) i gcás duine nach dall, aon airgead, ach amháin a mhéid gur mó ná £52 sa bhliain é, a gheobhaidh an duine i leith fostaíochta den chineál dá dtagraítear i mír 7 de Chuid I den Chéad Sceideal faoi scéim atá, dar leis an Aire, carthanúil ó cháilíocht agus ó chuspóir,

[1965 FI, a. 15]

(k) aon ioncam mar íocaíocht bhliantúil nó mar íocaíochtaí bliantúla faoi alt 6 den Acht Talún, 1965 , sa mhéid nach mó ná £156 sa bhliain an íocaíocht nó na híocaíochtaí sin, agus

[1967 FI, a. 12]

(l) aon airgead a gheofar faoi scéim reachtúil a riarann an tAire Saothair i leith iomarcaíochta nó mar chúnamh airgid do dhaoine dífhostaithe a athraíonn áit chonaithe,

agus measfar gurb é an t-ioncam sin, in éagmais aon dóigh eile lena fhionnadh, an t-ioncam a gheofar iarbhír i gcaitheamh na bliana díreach roimh dháta an ríofa.

[1970, a. 36; 1979, a. 18]

(5) Luach bliantúil aon tairbhe a fhaibhreoidh chuig duine as úsáid nó teachtadh maoine (seachas teach cónaithe nó foirgneamh feirme ar úinéireacht agus ar áitiú, troscán agus earraí pearsanta) atá á húsáid nó á teachtadh go pearsanta ag an duine, ach chun críocha na Rialach seo, ní dhéanfar iostán a cuireadh ar fáil faoi Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1965, agus a dílsíodh don duine nó do chéile an duine sin de bhun na nAchtanna sin nó de bhun Achtanna na dTithe, 1966 go 1979, a áireamh mar mhaoin a úsáideann nó a theachtann an duine sin nó céile an duine sin go pearsanta fad is nach mbeidh íoc na blianachta ceannaigh comhlánaithe.

2. (1) Faoi réir mhír (2), má dhealraíonn sé gur cheil duine ar bith, go díreach nó go neamhdhíreach, roimh thosach feidhme an Achta seo nó ina dhiaidh aon ioncam nó maoin air féin le cáiliú chun an pinsean i dtrácht a fháil, nó chun an pinsean sin a fháil ar ráta is airde ná an ráta sin a mbeadh teideal aige chuige ar shlí eile, is tuigthe, chun críocha na Rialacha seo, gur cuid d'acmhainn an duine sin an t-ioncam sin nó luach bliantúil na maoine sin.

(2) (a) Faoi réir fhomhír (b), ní bhainfidh mír (1) le haon sannadh—

(i) is sannadh chun linbh nó leanaí leis an sannóir, agus

(ii) is sannadh ar mhaoin arb é atá inti feirm thalún (i dteannta nó d'éagmais an stoic agus na hairnéise uirthi) nach mó a luach inrátaithe (lena n-áirítear na foirgnimh uirthi) ná £30 agus arb é an sannóir a húinéir agus a háititheoir nó arb é a háititheoir amháin é.

(b) Ní bhainfidh fomhír (a) le sannadh ag duine a bhí, tráth ar bith laistigh de na trí bliana dar chríoch an uair a rinneadh an t-éileamh cuí ar phinsean nó an t-iarratas cuí ar mhéadú pinsin, ina úinéir agus ina áititheoir ar aon tailte talmhaíochta ar mó ná £30 a luach inrátaithe nó comhiomlán a luach inrátaithe, nó nach raibh sé ach ina áititheoir ar na tailte sin nó ina úinéir agus ina áititheoir ar chuid de na tailte sin agus ina áititheoir ar an gcuid eile.

(c) Sa mhír seo folaíonn “sannadh” tíolacadh, aistriú, nó idirbheart eile d'aon chineál trína scarann duine le húinéireacht nó seilbh maoine.

3. (1) I gcás pinsean faoi Chaibidil 3 de Chuid III, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas nuair a bheidh acmhainn duine de lánúin phósta a chónaíonn le chéile á ríomh—

(a) is tuigthe gurb é acmhainn an duine leath acmhainn iomlán na lánúine pósta;

(b) measfar an duine a bheith i dteideal leath na maoine go léir a bhfuil teideal ag an duine nó ag an duine eile den lánúin phósta chuici nó a bhfuil comhtheideal ag an duine sin agus ag an duine eile den lánúin phósta chuici;

(c) chun críocha na Rialach seo, déanfar acmhainn gach duine den lánúin phósta a chinneadh ar dtús de réir na Rialacha seo (agus gach duine acu á áireamh mar iarratasóir ar phinsean nó ar phinsean de réir ráta is airde) agus is í an acmhainn iomlán comhshuim acmhainn gach duine arna cinneadh amhlaidh;

(d) i gcás ina bhfaighidh duine amháin den lánúin phósta bás, ní dhéanfar aon ní a áiríodh chun críocha pinsin, nó a d'áireofaí amhlaidh (dá mbeadh an duine éagtha sin i dteideal aon phinsean a fháil), mar acmhainn leis an duine éagtha, a áireamh amhlaidh mar acmhainn an mharthanóra chun pinsean an mharthanóra a laghdú, má rinneadh aon íoc aíocht i leith an phinsin sin roimh bhás an duine éagtha nó má tharlaíonn d'íocaíocht a bheith iníoctha i leith tréimhse a bhí caite nó a raibh cuid di caite roimh an mbás sin.

(2) I gcás an fearchéile a bheith scartha óna bhanchéile, déanfar aon suim a bheidh á híoc aige léi faoi ordú scartha a asbhaint nuair a bheidh a acmhainn á ríomh.

4. D'ainneoin na Rialacha seo, i gcás—

[1979, a. 17]

(a) pinsean faoi Chaibidil 3 nó 4 de Chuid III a bheith i gcúrsa a íoctha leis an duine nó le céile an duine nó leo araon, nó ina leith, agus

(b) pinsean (dá ngairtear “an pinsean eile” sa Riail seo), nach pinsean dá dtagraítear i mír (a), a bheith i gcúrsa a íoctha leis an duine nó le céile an duine nó leo araon, nó ina leith, agus

(c) méadú a theacht ar an bpinsean eile an 6 Aibreán, 1979, nó dá éis,

le linn acmhainn an duine nó acmhainn a chéile nó a n-acmhainn araon a bheith á ríomh chun críocha Chaibidil 3 nó 4 (de réir mar is gá sa chás) de Chuid III, ní áireofar mar acmhainn aon chuid den mhéadú ar an bpinsean eile a thabharfadh, dá n-áireofaí mar acmhainn í, laghdú ar mhéid an phinsin nó ar mhéid na gcomhphinsean (de réir mar a bheidh) ba mhó ná méid an mhéadaithe.

[1968 FI, a. 13]

5. D'ainneoin an Sceidil seo, eisiafar méid aon liúntais, liúntais speisialta, liúntais chleithiúnaí, pinsin mhíchumais nó pinsin chréachta faoi na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1980, nó aon phinsin faoi Achtanna na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1964, de bhun seirbhíse sa tréimhse dar tosach an 23 Aibreán, 1916, agus dar críoch an 30 Meán Fómhair, 1923, nó aon phinsin faoi na hAchtanna um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 go 1964, le linn acmhainn a bheith á ríomh chun críocha Chaibidlí 3 agus 4 de Chuid III.

[1980, a. 2]

AN CEATHRÚ SCEIDEAL

Na Rátaí Cúnaimh

CUID I

Rátaí an Chúnaimh Shóisialaigh Thréimhsiúil agus na Méaduithe Orthu

An cineál cúnaimh, pinsin nó liúntais

An ráta nó an méid seachtainiúil

An méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha)

An méadú i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe (más iníoctha)

An méadú i leith gach leanbh cáilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha)

An méadú i leith gaoil fhorordaithe faoi alt 162 (1) (a), 179 (a), 195 (2), 196 (2), nó 197 (2) (más iníoctha)

An méadú i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine agus é ina chónaí ina aonar (más iníoctha)

An méadú i gcás 80 bliain d'aois a bheith slánaithe ag an duine (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

(6)

(7)

(8)

£

£

£

£

£

£

£

Alt 139.

1. Cúnamh Dífhostaíochta:

A. Daoine seachas iad sin ag B:

(1) i gcás daoine seachas iad sin ag (2)

(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach     ..     ..

17.00

12.25

5.30

4.10

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile     ..     ..     ..     ..

16.45

11.95

5.30

4.10

--

--

--

(2) i gcás daoine dá ndéantar an tairbhe bhliantúil ó thalamh a ríomh de réir mhír (a), (b) nó (c) d'alt 147(1)

(a) i gcás nach mó ná £10 luacháil inrátaithe na talún—

(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

14.15

10.20

4.40

3.40

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile.

13.70

9.95

4.40

3.40

--

--

--

(b) i gcás ar mó ná £10 ach nach mó ná £15 luacháil inrátaithe na talún—

(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

12.00

8.55

3.65

2.90

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile

11.55

8.45

3.65

2.90

--

--

--

(c) i gcás ar mó ná £15 ach nach mó ná £20 luacháil inrátaithe na talún—

(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

10.05

7.15

3.10

2.45

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile

9.70

7.05

3.10

2.45

--

--

--

B. Daoine gan cleithiúnaí aosaithe ach a bhfuil leanbh cáilithe amháin nó níos mó acu:

(1) i gcás daoine seachas iad sin ag (2)

(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

17.20

--

5.30

4.10

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile

16.70

--

5.30

4.10

--

--

--

(2) i gcás daoine dá ndéantar an tairbhe bhliantúil ó thalamh a ríomh de réir mhír (a), (b) nó (c) d'alt 147 (1)

(a) i gcás nach mó ná £10 luacháil inrátaithe na talún—

(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

14.35

--

4.40

3.40

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile

13.90

--

4.40

3.40

--

--

--

(b) i gcás ar mó ná £10 ach nach mó ná £15 luacháil inrátaithe na talún—

(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

12.15

--

3.65

2.90

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile

11.70

--

3.65

2.90

--

--

--

(c) i gcás ar mó ná £15 ach nach mó ná £20 luacháil inrátaithe na talún—

(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

10.25

--

3.10

2.45

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile

9.85

--

3.10

2.45

--

--

--

Ailt 161 agus 162

2. Pinsean Seanaoise agus Pinsean Dall

21.00

--

5.70

4.40

11.75

1.65

1.50

Ailt 178, 179, 195(2), 196(2) agus 197(2).

3. Pinsean Baintrí (Neamhranníocach), Liúntas Banchéile Thréigthe, Liúntas do Bhanchéile Príosúnaigh agus Liúntas Cúnaimh Shóisialaigh

21.00

--

6.90

6.90

11.75

1.65

1.50

Alt 183.

4. Pinsean Dílleachta (Neamhranníocach)

13.55

--

--

--

--

--

--

Alt 198(2).

5. Liúntas do Bhean Shingil     ..

18.30

--

--

--

--

--

--

Alt 208.

6. Liúntas Leasa Forlíontach:

(a) Daoine seachas iad sin ag (b)     ..     ..     ..     ..     ..

16.45

11.95

5.30

4.10

--

--

--

(b) Daoine gan cleithiúnaí aosaithe ach a bhfuil leanbh cleithiúnach amháin nó níos mó acu     ..     ..     ..     ..

16.70

--

5.30

4.10

--

--

--

CUID II

Laghduithe i leith Acmhainne

Ailt 161(2)(b), 178(2)(b), 183(b), 195(2), 196(2), 197(2) agus 198(2)(b).

An cineál cúnaimh shóisialaigh

Méid an laghdaithe i leith gach £1 d'acmhainn sheachtainiúil

(1)

(2)

£

Pinsean Seanaoise agus Pinsean Dall     ..     ..     ..     ..     ..

1.20

Pinsean Baintrí (Neamhranníocach), Liúntas Banchéile Thréigthe, Liúntas do Bhanchéile Príosúnaigh agus Liúntas Cúnaimh Shóisialaigh     ..     ..     ..     ..     ..     ..

1.20

Pinsean Dílleachta (Neamhranníocach)     ..     ..     ..     ..     ..

1.20

Liúntas do Bhean Shingil     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..

1.20

CUID III

An Méadú ar Phinsean Seanaoise i leith Céile

Alt 162(1)(d).

Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara

Ráta seachtainiúil an mhéadaithe

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara—

£

gan bheith níos mó ná £6

..

..

..

..

..

..

..

..

10.55

níos mó ná £6 gan bheith níos mó ná £7

..

..

..

..

9.95

níos mó ná £7 gan bheith níos mó ná £8

..

..

..

..

9.35

níos mó ná £8 gan bheith níos mó ná £9

..

..

..

..

8.75

níos mó ná £9 gan bheith níos mó ná £10

..

..

..

..

8.15

níos mó ná £10 gan bheith níos mó ná £11

..

..

..

7.55

níos mó ná £11 gan bheith níos mó ná £12

..

..

..

6.95

níos mó ná £12 gan bheith níos mó ná £13

..

..

..

6.35

níos mó ná £13 gan bheith níos mó ná £14

..

..

..

5.75

níos mó ná £14 gan bheith níos mó ná £15

..

..

..

5.15

níos mó ná £15 gan bheith níos mó ná £16

..

..

..

4.55

níos mó ná £16 gan bheith níos mó ná £17

..

..

..

3.95

níos mó ná £17 gan bheith níos mó ná £18

..

..

..

3.35

níos mó ná £18 gan bheith níos mó ná £19

..

..

..

2.75

níos mó ná £19 gan bheith níos mó ná £20

..

..

..

2.15

níos mó ná £20 gan bheith níos mó ná £21

..

..

..

1.55

níos mó ná £21 gan bheith níos mó ná £22

..

..

..

0.95

níos mó ná £22 gan bheith níos mó ná £23

..

..

..

0.35

níos mó ná £23

..

..

..

..

..

..

..

..

..

..

Neamhní

CUID IV

méideanna na Liúntas Leanaí

Alt 225.

An méid i leith linbh amháin

An méid breise i leith gach leanbh de bhreis ar duine amháin

(1)

(2)

£4.50

£7

AN CÚIGIÚ SCEIDEAL

Árachas Breac-Dhífhostaíochta

CUID I

Rátaí ranníocaí seachtainiúla is Iníoctha ag Daoine Árachaithe agus ag Fostóirí

Alt 241.

[I.R. Uimh. 347 de 1978]

Alt 310.

CUID I

Reachtanna Briotanacha

Seisiún agus caibidil

Gearrtheideal

Méid na haisghairme

8 Edw. 7, c. 40.

Old Age Pensions Act, 1908.

An tAcht iomlán.

1 & 2 Geo. 5, c. 16.

Old Age Pensions Act, 1911.

An tAcht iomlán.

4 & 5 Geo. 5, c. 35.

Education (Provision of Meals) (Ireland) Act, 1914.

An tAcht iomlán.

6 Geo. 5, c. 10.

Education (Provision of Meals) (Ireland) Act, 1916.

An tAcht iomlán.

7 & 8 Geo. 5, c. 53.

Education (Provision of Meals) (Ireland) Act, 1917.

An tAcht iomlán.

9 & 10 Geo. 5, c. 102.

Old Age Pensions Act, 1919.

An tAcht iomlán.

CUID II

Achtanna Oireachtas Shaorstát Éireann agus an Oireachtais

Uimhir agus bliain

Gearrtheideal

Méid na haisghairme

Uimh. 19 de 1924 .

Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1924 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 23 de 1930 .

Acht na mBéilí Scoile (Gaeltacht), 1930 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 34 de 1930 .

An tAcht Oideachais (Béilí do Sholáthar) (Leasú), 1930 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 1 de 1932 .

Acht na Leabhar Pinsean (Toirmeasc ar Aistriú), 1932 .

An tAcht iomlán a mhéid a bhaineann sé le haon doiciméad lena mbaineann Cuid VII den Acht seo.

Uimh. 18 de 1932 .

Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1932 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 46 de 1933 .

An tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 48 de 1933 .

Acht na mBéilí Scoile (Gaeltacht), 1933 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 29 de 1935 .

An tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 38 de 1935 .

An tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1935 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 12 de 1936 .

An tAcht um Árachas Sláinte Náisiúnta agus um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1936 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 11 de 1937 .

An tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1937 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 2 de 1938 .

An tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1938 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 4 de 1940 .

An tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1940 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 7 de 1942 .

An tAcht Árachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 2 de 1944 .

An tAcht Liúntaisí Leanbhaí, 1944 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 8 de 1946 .

An tAcht Liúntas Leanbhaí (Leasú), 1946 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 8 de 1947 .

An tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1947 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 10 de 1948 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhar-Shocraíochta), 1948 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 17 de 1948 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1948 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 14 de 1950 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1950 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 16 de 1951 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1951 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 11 de 1952 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952.

An tAcht iomlán.

Uimh. 12 de 1952 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1952 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 11 de 1955 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1955 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 27 de 1955 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forála Sealadacha), 1955 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 24 de 1956 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1956 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 8 de 1957 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1957 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 9 de 1957 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1957 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 21 de 1957 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forála Ilghnéitheacha), 1957 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 36 de 1958 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1958 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 13 de 1959 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1959 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 25 de 1960 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1960 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 28 de 1960 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1960 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 22 de 1961 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1961 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 17 de 1962 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1962 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 26 de 1963 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1963 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 28 de 1964 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1964 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 20 de 1965 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1965 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 16 de 1966 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 24 de 1966 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1966 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 18 de 1967 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1967 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 31 de 1968 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 19 de 1969 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1969 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 12 de 1970 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1970 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 16 de 1971 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1971.

An tAcht iomlán.

Uimh. 15 de 1972 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1972 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 2 de 1973 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Sochar Pá-Choibhneasa), 1973.

An tAcht iomlán.

Uimh. 10 de 1973 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1973 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 12 de 1974 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1974 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 14 de 1974 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1974 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 31 de 1974 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 3), 1974 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 1 de 1975 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1975 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 8 de 1975 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Sochar Pá-Choibhneasa), 1975.

An tAcht iomlán.

Uimh. 28 de 1975 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leasa Forlíontacha), 1975 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 6 de 1976 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1976 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 28 de 1976 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1976 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 3 de 1977 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1977 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 5 de 1978 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1978 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 25 de 1978 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1978 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 8 de 1979 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1979 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 3 de 1980 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1980 .

An tAcht iomlán.


Giorrúcháin Imill

19—OAP/PSA

=Acht Pinsean Seanaoise na bliana a thaispeántar.

19—CD

=Acht um Chongnamh Dhíomhaointis na bliana a thaispeántar.

19—PBD

=Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí na bliana a thaispeántar.

19—LL

=Acht Liúntas Leanaí na bliana a thaispeántar.

19—

=Acht Leasa Shóisialaigh na bliana a thaispeántar.

19—FI

=Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha) na bliana a thaispeántar.

1942 BD

=An tAcht Árachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942.

19—L

=Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú) na bliana a thaispeántar.

1966 DC

=An tAcht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 .

1974 (Uimh. 1), (Uimh. 2), (Uimh. 3)

=An tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 1, 2 nó 3, de réir mar a bheidh), 1974.

19—PM/BS

=Acht Oideachais (Béilí do Sholáthar) (Éire) na bliana a thaispeántar.

19—BSG

=Acht na mBéilí Scoile (Gaeltacht) don bhliain a thaispeántar.

19—SPC

=Acht Leasa Shóisialaigh (Sochar Pá-Choibhneasa) na bliana a thaispeántar.

19—AS

=Acht Sláinte na bliana a thaispeántar.

1932 LP

= Acht na Leabhar Pinsean (Toirmeasc ar Aistriú), 1932 .

1939 CP

=An tAcht um Chongnamh Phuiblí, 1939 .

1940 BC

=An tAcht um Bainistí Chontae, 1940 .

1971 RA

=An tAcht Rialtais Áitiúil (Inrátaitheacht Chíosanna) (Cealú), 1971 .

1975 LLF

=An tAcht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leasa Forlíontacha), 1975 .

1976 (Uimh. 2)

=An tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1976 .

TÁBLA NA REACHTANNA DÁ dTAGRAÍTEAR

Gearrtheideal

Seisiún agus caibidil nó uimhir agus bliain

Common Law Procedure Amendment Act (Ireland), 1856.

19 & 20 Vic.

c.102.

Debtors Act (Ireland), 1872.

35 & 36 Vic.

c. 57.

Public Offices Fees Act, 1879.

42 & 43 Vic.

c. 58.

Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889.

52 & 53 Vic.

c. 60.

Inland Revenue Regulation Act, 1890.

53 & 54 Vic.

c. 21.

Stamp Duties Management Act, 1891.

54 & 55 Vic.

c. 38.

Stamp Act, 1891.

54 & 55 Vic.

c. 39.

Local Government (Ireland) Act, 1898.

61 & 62 Vic.

c. 37.

Workmen's Compensation Act, 1906.

6 Edw. 7.

c. 58.

Probation of Offenders Act, 1907.

7 Edw. 7.

c. 17.

Post Office Act, 1908.

8 Edw. 7.

c. 48.

National Insurance Act, 1911.

1 & 2 Geo. 5.

c. 55.

Pilotage Act, 1913.

2 & 3 Geo. 5.

c. 31.

Unemployment Insurance Act, 1920.

10 & 11 Geo. 5.

c. 30.

Blind Persons Act, 1920.

10 & 11 Geo. 5.

c. 49.

An tAcht Breithiúnais Choiriúla (Fianaise), 1924 .

Uimh. 37 de 1924 .

An tAcht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 .

Uimh. 18 de 1926 .

Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 .

Uimh. 17 de 1930 .

An tAcht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1933 .

Uimh. 13 de 1933 .

An tAcht um Shuncáil Cheaduithe, 1933 .

Uimh. 34 de 1933 .

An tAcht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934.

Uimh. 9 de 1934 .

An tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 .

Uimh. 29 de 1935 .

An tAcht Aois-liúntas, 1936 .

Uimh. 39 de 1936 .

An tAcht um Chongnamh Phuiblí, 1939 .

Uimh. 27 de 1939 .

An tAcht Árachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942 .

Uimh. 7 de 1942 .

An tAcht Siltin Airtéirigh, 1945 .

Uimh. 3 de 1945 .

An tAcht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 .

Uimh. 19 de 1945 .

An tAcht Sláinte, 1947 .

Uimh. 28 de 1947 .

An tAcht um Míntíriú Talún, 1949 .

Uimh. 25 de 1949 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1950 .

Uimh. 14 de 1950 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952.

Uimh. 11 de 1952 .

An tAcht Sláinte, 1953 .

Uimh. 26 de 1953 .

An tAcht Díobhála Marfacha, 1956 .

Uimh. 3 de 1956 .

An tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 .

Uimh. 10 de 1956 .

An tAcht um Údaráis Sláinte, 1960 .

Uimh. 9 de 1960 .

An tAcht um Dhliteanas Sibhialta, 1961 .

Uimh. 41 de 1961 .

Acht na gCuideachtaí, 1963 .

Uimh. 33 de 1963 .

An tAcht um Dhliteanas Sibhialta (Leasú), 1964 .

Uimh. 17 de 1964 .

An tAcht Talún, 1965 .

Uimh. 2 de 1965 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 .

Uimh. 16 de 1966 .

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967 .

Uimh. 6 de 1967 .

An tAcht Sláinte, 1970 .

Uimh. 1 de 1970 .

An tAcht um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973 .

Uimh. 25 de 1973 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1975 .

Uimh. 1 de 1975 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leasa Forlíontacha), 1975 .

Uimh. 28 de 1975 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1978 .

Uimh. 25 de 1978 .

Achtanna Comhluaite


Na hAchtanna Cánach Ioncaim.

Na hAchtanna Talamh-Cheannaigh.

Na hAchtanna Luachála.

Na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963.

Na hAchtanna um Biadh agus Druganna do Dhíol, 1875 go 1936.

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1964.

Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1965.

Na hAchta um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1952.

Na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1980.

Achtanna na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1964.

Na hAchta um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955.

Na hAchtanna um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 go 1964.

Na hAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972.

Na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1973.

Na hAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1966.

Na hAchtanna Foraoiseachta, 1946 go 1976.

Na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1979.

Na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976.

Achtanna na dTithe, 1966 go 1979.