2 1981


Uimhir 2 de 1981


AN tACHT UM CHOSAINT MHÁITHREACHAIS D'FHOSTAITHE, 1981

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO THABHAIRT TEIDEAL DO BHANFHOSTAITHE CHUN SAOIRE MÁITHREACHAIS, DUL AR AIS AG OBAIR TAR ÉIS SAOIRE DEN SÓRT SIN AGUS AM SAOR Ó OBAIR A BHEITH ACU LE hAGHAIDH CÚRAIM RÉAMHBHREITHE AGUS IARBHREITHE, DO LEATHNÚ, DE DHROIM NA bhFORÁLACHA THUAS-LUAITE, NA COSANTA IN AGHAIDH DÍFHOSTÚ ÉAGÓRACH A THUGTAR LEIS AN ACHT UM DHÍFHOSTÚ ÉAGÓRACH, 1977 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE THUASLUAITE. [26 Márta, 1981]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Cuid I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —Féadfar an tAcht um Chosaint Mháithreachais d'Fhostaithe, 1981 , a ghairm den Acht seo, agus tiocfaidh sé i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1981.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1977” an tAcht um Dhífhostú Éagórach, 1977 ;

tá le “saoire mháithreachais bhreise” an bhrí a shanntar dó le halt 14;

ciallaíonn “fostaí”, ach amháin i gCuid IV, duine atá i bhfostaíocht atá sonraithe de thuras na huaire i gCuid I nó faoi Chuid I (seachas mír 7) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 , nach fostaíocht í atá sonraithe i gCuid II nó faoi Chuid II den Sceideal sin;

Ní fholaíonn “fostóir”, i ndáil le fostaí, fostóir a fhostaíonn an fostaí sin—

(a) ar buan-fhoras ar feadh tréimhse is 1ú ná 18 n-uaire an chloig gach seachtain, nó

(b) faoi chonradh fostaíochta, nó eile, ar feadh téarma shocraithe is 1ú ná 26 sheachtain nó ar 1ú ná 26 sheachtain an méid de atá le rith fós;

tá le “saoire mháithreachais” an bhrí a shanntar dó le halt 8;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Saothair;

tá le “an comharba” an bhrí a shanntar dó le halt 20.

(2) San Acht seo aon tagairt do Chuid nó d'alt is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(3) San Acht seo aon tagairt d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Daoine lena mbaineann Codanna II agus III.

3. —(1) Baineann Codanna II agus III le banfhostaithe.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú, arna dhéanamh le toiliú an Aire Leasa Shóisialaigh, fo-alt (1) a leasú chun feidhmiú Chuid II nó Chuid III a athrú.

Orduithe agus rialacháin.

4. —(1) Féadfaidh an tAire, i ndáil le haon fhoráil de chuid an Achta seo a bhaineann le fógra (nó fógra a dhaingniú), aon fhoráil den sórt sin a athrú le hordú.

(2) Féadfaidh ordú faoin Acht seo cibé forálacha iarmhartacha, forlíontacha agus coimhdeacha a bheith ann, lena n-áirítear aon fhorálacha a mhodhnaíonn aon fhoráil den Acht seo, a mheasfaidh an tAire a bheith riachtanach nó oiriúnach.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin Acht seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.

(4) I gcás a mbeartófar ordú a dhéanamh faoin Acht seo leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach díobh sin.

(5) Sula ndéanfaidh an tAire ordú nó rialacháin faoin Acht seo rachaidh sé i gcomhairle le cibé eagraíochtaí nó comhlachtaí eile daoine a fheidhmíonn ar son fostóirí agus le cibé eagraíochtaí nó comhlachtaí eile daoine a fheidhmíonn ar son ceardchumann nó comhlachtaí ar comhchineál le ceardchumainn a mheasfaidh sé is cuí.

(6) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Forálacha áirithe i gcomhaontuithe ar neamhní nó modhnaithe.

5. —(1) Is foráil ar neamhní foráil in aon chomhaontú (cibé acu is conradh fostaíochta é nó nach ea, agus cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis a rinneadh é), a mhéid a airbheartaíonn sí feidhm aon fhorála den Acht seo a eisiamh nó a theorannú, nó a mhéid atá sí ar neamhréir le haon fhoráil den Acht seo.

(2) Maidir le foráil in aon chomhaontú (cibé acu is conradh fostaíochta é nó nach ea, agus cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis a rinneadh é) ar foráil í is 1ú fabhar nó a thiocfaidh chun bheith ina foráil is lú fabhar i ndáil le fostaí lena mbaineann Cuid II nó Cuid III ná teideal den tsamhail chéanna nó teideal comhréire a thugtar di le ceachtar de na Codanna sin, measfar í a bheith modhnaithe ar shlí nach lú fabhar don fhostaí í.

(3) Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a thoirmisceann aon chomhaontú dá dtagraítear san alt seo ó aon fhoráil a bheith ann is fabhraí d'fhostaí lena mbaineann Cuid II nó Cuid III ná aon fhoráil i gceachtar de na Codanna sin.

(4) Déanfar tagairtí san alt seo don Acht seo (seachas na tagairtí do thosach feidhme an Achta seo) nó do Chuid a fhorléiriú mar thagairtí don Acht seo nó don Chuid arna leasú nó arna leathnú leis an Acht seo nó faoi nó le haon Acht eile nó faoi.

Caiteachais.

6. —Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Cuid II

Saoire Mháithreachais

Mínithe do Chuid II.

7. —Sa Chuid seo—

tá le “an tseachtain tuartha luí seoil” agus le “luí seoil” na bríonna a shanntar dóibh faoi seach le hailt 24 agus 28 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 ;

tá le “an tréimhse íosta saoire máithreachais” an bhrí a shanntar dó le halt 8.

Teideal chun saoire máithreachais.

8. —(1) Faoi réir na Coda seo, beidh teideal ag fostaí lena mbaineann an Chuid seo chun saoire, ar a dtabharfar (agus dá ngairtear san Acht seo) “saoire mháithreachais”, óna fostaíocht ar feadh tréimhse (dá ngairtear “an tréimhse íosta saoire máithreachais” sa Chuid seo) nach lú ná 14 sheachtain chomhleanúnacha.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú, a dhéanfar le toiliú an Aire Leasa Shóisialaigh agus le toiliú an Aire Airgeadais, fo-alt (1) a leasú ionas go gcuirfear fad leis an tréimhse a luaitear san fho-alt sin.

Fógra d'fhostóir.

9. —(1) Beidh teideal chun na tréimhse íosta saoire máithreachais faoi réir fostaí—

(a) do thabhairt fógra a scríbhinn, a luaithe is féidir le réasún ach tráth nach deánaí ná ceithre sheachtain roimh thosach na saoire máithreachais, dá fostóir (nó í do chur faoi deara fógra a thabhairt dó amhlaidh) go bhfuil sé ar intinn aici saoire mháithreachais a thógáil, agus

(b) do thabhairt deimhniú dochtúra nó deimhniú iomchuí eile dá fostóir nó í do thabhairt deimhniú den sórt sin ar aird lena iniúchadh ag a fostóir, tráth an fhógra a thabhairt, á dhaingniú go bhfuil sí toircheasach agus ag sonrú na seachtaine tuartha luí seoil.

(2) Féadfar fógra faoin alt seo a chúlghairm tríd an bhfostaí lena mbaineann do thabhairt fógra eile i scríbhinn dá fostóir.

Tréimhse íosta saoire máithreachais a chur in áirithe.

10. —Faoi réir ailt 11 go 13, tosóidh an tréimhse íosta saoire máithreachais cibé lá a roghnóidh an fostaí, ar lá é nach déanaí ná ceithre sheachtain roimh dheireadh na seachtaine tuartha luí seoil, agus críochnóidh sí cibé lá a roghnóidh sí, ar lá é nach luaithe ná ceithre sheachtain i ndiaidh dheireadh na seachtaine tuartha luí seoil.

Athrú ar áirithint na tréimhse íosta saoire máithreachais.

11. —(1) I gcás a ndeimhneoidh lia-chleachtóir cláraithe nó a ndeimhneofar ar shlí eile chun sástacht an Aire agus an Aire Leasa Shóisialaigh gur cheart, maidir le duine a bheidh sonraithe sa deimhniú, go dtosódh an tréimhse íosta saoire máithreachais, ar chúis liachta a shonrófar amhlaidh, ar dháta a shonrófar amhlaidh, agus go dtabharfar an deimhniú ar aird lena iniúchadh ag an bhfostóir lena mbaineann laistigh de cibé tréimhse a fhorordófar le rialacháin faoin alt seo, is ar an dáta a shonrófar amhlaidh a thosóidh an tréimhse íosta saoire máithreachais don duine sin.

(2) I gcás a n-eiseofar deimhniú faoin alt seo agus go gcomhlíonfar an ceanglas i bhfo-alt (1) a bhaineann leis an deimhniú a thabhairt ar aird lena iniúchadh ag an bhfostóir, measfar go ndearna an fostaí a bheidh sonraithe sa deimhniú alt 9 (1) (a) a chomhlíonadh freisin.

Saoire mháithreachais a fhadú.

12. —(1) I gcás a dtarlóidh dáta luí seoil fostaí lena mbaineann an Chuid seo seachtain i ndiaidh na seachtaine tuartha luí seoil, déanfar an tréimhse íosta saoire máithreachais a fhadú cibé líon seachtainí comhleanúnacha (ach gan an fadú do dhul thar cheithre sheachtain chomhleanúnacha) i ndiaidh na seachtaine a dtarlóidh an dáta luí seoil a chinnteoidh go gcomhlíonfar alt 10.

(2) I gcás a mbeartófar an tréimhse íosta saoire máithreachais a fhadú faoin alt seo, déanfaidh an fostaí lena mbaineann—

(a) fógra i scríbhinn a thabhairt dá fostóir (nó a chur faoi deara fógra a thabhairt dó amhlaidh) a luaithe is féidir tar éis fadú den sórt sin a bheith beartaithe á rá go bhfuil an fadú beartaithe, agus

(b) an fógra faoi mhír (a) a dhaingniú i scríbhinn dá fostóir a luaithe is féidir tar éis an dáta luí seoil agus tréimhse an fhadaithe a shonrú.

Tús na saoire máithreachais (luí seoil luath).

13. —(1) Más rud é, i ndáil le fostaí lena mbaineann an Chuid seo, go dtarlóidh an dáta luí seoil i seachtain atá ceithre sheachtain nó níos mó roimh an tseachtain tuartha luí seoil, measfar, i gcás a n-éileoidh na himthosca amhlaidh, alt 9(1)(a) a bheith comhlíonta ag an bhfostaí má dhéantar an fógra a cheanglaítear a thabhairt leis an alt sin a thabhairt sa tréimhse 14 lá dar tús an dáta luí seoil.

(2) D'ainneoin alt 10, ach faoi réir rialacháin faoi alt 11, is tréimhse nach lú ná 14 sheachtain chomhleanúnacha, dar tús cibé ceann díobh seo a leanas is túisce, an tréimhse íosta saoire máithreachais d'fhostaí dá dtagraítear i bhfo-alt (1)—

(a) an chéad lá de shaoire mháithreachais a thógfar de réir alt 10, nó

(b) an dáta luí seoil.

Teideal chun saoire mháithreachais bhreise a fháil.

14. —(1) Faoi réir an ailt seo, beidh fostaí a mbeidh saoire mháithreachais tógtha aici i dteideal, más mian léi, saoire bhreise a fháil ar a dtabharfar (agus dá ngairtear san Acht seo) “saoire mháithreachais bhreise” go ceann tréimhse uasta ceithre sheachtain chomhleanúnacha a thosóidh díreach tar éis deireadh a saoire máithreachais.

(2) Beidh fostaí i dteideal saoire mháithreachais bhreise a fháil cibé acu a fadaíodh nó nár fadaíodh an tréimhse íosta saoire máithreachais faoi alt 12.

(3) Beidh teideal chun saoire máithreachais breise faoi réir fostaí do thabhairt fógra i scríbhinn dá fostóir (nó í do chur faoi deara fógra a thabhairt dó amhlaidh) de réir fho-alt (4) go bhfuil sé ar intinn aici saoire den sórt sin a thógáil.

(4) Tabharfar fógra faoi fho-alt (3) an tráth céanna a dtabharfar an fógra iomchuí faoi alt 9 nó tráth nach déanaí ná ceithre sheachtain roimh an dáta arbh é an dáta tuartha é chun dul ar ais ag obair faoi Chuid III dá mba nár thóg an fostaí lena mbaineann an tsaoire mháithreachais bhreise.

(5) Féadfar fógra faoin alt seo a chúlghairm tríd an bhfostaí lena mbaineann do thabhairt fógra eile i scríbhinn dá fostóir tráth nach déanaí ná ceithre sheachtain roimh an dáta arbh é an dáta tuartha é chun dul ar ais ag obair faoi Chuid III dá mba nár thóg an fostaí lena mbaineann an tsaoire mháithreachais bhreise.

(6) Féadfaidh an tAire le hordú fo-alt (1) a leasú chun an tréimhse ceithre sheachtain chomhleanúnacha dá dtagraítear san fho-alt sin a fhadú.

Cearta áirithe etc. a chaomhnú nó a fhionraí fad a bheifear ar shaoire mháithreachais nó ar shaoire mháithreachais bhreise.

15. —(1) Fad a bheidh fostaí as láthair óna cuid oibre le linn di bheith ar shaoire mháithreachais, measfar fostaí den sórt sin a bheith ar fostaíocht ag a fostóir agus, dá réir sin, déileálfar léi, faoi réir alt 19, fad a bheidh sí as láthair amhlaidh, amhail is dá mbeadh sí gan a bheith as láthair amhlaidh agus ní dhéanfaidh an asláithreacht sin difear d'aon cheart (seachas a ceart chun luach saothair fad a bheidh sí as láthair amhlaidh), cibé acu le reacht, le conradh nó ar shlí eile a thugtar di é, a bhaineann lena fostaíocht.

(2) Maidir le tréimhse a mbeidh fostaí as láthair óna cuid oibre ar a feadh le linn di bheith ar shaoire mháithreachais bhreise, measfar gur fostaíocht leanúnach an tréimhse fostaíochta roimh an asláithreacht sin agus a fostaíocht tar éis na hasláithreachta sin maidir le haon cheart, cibé acu le reacht, le conradh nó ar shlí eile a thugtar di é, a bhaineann lena fostaíocht (seachas a ceart chun luach saothair, is ceart a bheidh ar fionraí le linn na hasláithreachta sin).

(3) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear do cheart fostaí fostaíocht oiriúnach eile a thairiscint di faoi alt 21.

(4) Ní dhéileálfar le tréimhse asláithreachta fostaí óna cuid oibre le linn di bheith ar shaoire mháithreachais nó ar shaoire mháithreachais bhreise mar chuid d'aon saoire eile (lena n-áirítear saoire bhreoiteachta nó saoire bhliantúil) a bheidh fostaí lena mbaineann i dteideal a fháil.

(5) Measfar nach ranníocóir fostaithe chun críocha an Achta Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 , fostaí ar feadh aon seachtaine ranníoca (de réir bhrí an Achta sin) i dtréimhse a mbeidh sí as láthair óna cuid oibre ar shaoire mháithreachais nó ar shaoire mháithreachais bhreise mura bhfaighidh sí aon tuillimh ináirithe (dé réir bhrí an Achta sin) i leith na seachtaine sin.

Ceart chun am saor ó obair le haghaidh cúraim réamhbhreithe nó iarbhreithe.

16. —(1) Chun cúram réamhbhreithe nó iarbhreithe (nó cúram réamhbhreithe agus iarbhreithe) a fháil, beidh fostaí lena mbaineann an Chuid seo i dteideal am saor óna cuid oibre a fháil de réir rialacháin a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh rialacháin faoin alt seo socrú a dhéanamh i ndáil leis na hábhair seo a leanas go léir nó le haon cheann díobh—

(a) an méid saor-ama a mbeidh fostaí i dteideal a fháil faoin alt seo;

(b) na téarmaí nó na coinníollacha a bhainfidh le saor-am den sórt sin;

(c) an fógra roimh ré a thabharfaidh fostaí a bheidh i dteideal amhlaidh dá fostóir (lena n-áirítear imthosca nuair nach gá fógra den sórt sin a thabhairt);

(d) an fhianaise a bheidh le tabhairt ag fostaí, a bheidh i dteideal amhlaidh, dá fostóir maidir le haon choinne dochtúra iomchuí nó le haon choinné den tsamhail sin.

(3) Bainfidh alt 15(1) le fostaí a bheidh i dteideal am saor a fháil de réir rialacháin faoin alt seo amhail is dá mba thréimhse asláithreachta óna cuid oibre le linn di bheith ar shaoire mháithreachais tréimhse asláithreachta an fhostaí óna cuid oibre faoin alt seo.

Foirceantaí fostaíochta airbheartaithe áirithe ar neamhní, etc.

17. —Beidh gach ceann díobh seo a leanas ar neamhní:

(a) aon fhoirceannadh airbheartaithe fostaíochta fhostaí lena mbaineann an Chuid seo, le linn di bheith as láthair óna cuid oibre ar shaoire mháithreachais nó ar shaoire mháithreachais bhreise;

(b) aon fhoirceannadh airbheartaithe fostaíochta fhostaí lena mbaineann an Chuid seo, le linn di bheith as láthair óna cuid oibre ar shaor-am faoi alt 16;

(c) aon fhógra foirceanta fostaíochta fhostaí lena mbaineann an Chuid seo, a thabharfar le linn di bheith as láthair óna cuid oibre ar shaoire mháithreachais nó ar shaoire mháithreachais bhreise agus a rachaidh in éag tar éis na hasláithreachta sin;

(d) aon fhógra foirceanta fostaíochta fhostaí lena mbaineann an Chuid seo, a thabharfar le linn di bheith as láthair óna cuid oibre ar shaor-am faoi alt 16 agus a rachaidh in éag tar éis na hasláithreachta sin;

(e) aon fhionraí airbheartaithe óna fostaíocht ar a gcuirfear fostaí lena mbaineann an Chuid seo, ar a gcuirfear í le linn di a bheith as láthair óna cuid oibre ar shaoire mháithreachais, ar shaoire mháithreachais bhreise nó ar shaor-am faoi alt 16.

Fógraí foirceanta fostaíochta áirithe nó fionraíochtaí áirithe a fhadú.

18. —Déanfar aon fhógra foirceanta fostaíochta a thabharfar maidir le fostaí lena mbaineann an Chuid seo, nó aon fhionraí óna fostaíocht ar a gcuirfear fostaí den sórt sin, sula bhfaighidh a fostóir fógra faoi alt 9, 12, 14 nó 16 (nó, más iomchuí, faoi alt 22), nó sula dtabharfar deimhniú ar aird faoi alt 11 lena iniúchadh ag an bhfostóir, agus atá le dul in éag le linn di bheith as láthair óna cuid oibre ar shaoire mháithreachais, ar shaoire mháithreachais bhreise nó ar shaor-am faoi alt 16, a fhadú achar na tréimhse a bheidh sí as láthair óna cuid oibre ar shaoire mháithreachais, ar shaoire mháithreachais bhreise nó ar shaor-am den sórt sin.

Forálacha maidir le tréimhsí promhaidh, oiliúna agus printíseachta.

19. —(1) Fad a bheidh fostaí lena mbaineann an Chuid seo as láthair óna cuid oibre ar shaoire mháithreachais nó ar shaoire mháithreachais bhreise, is fostaí atá, ó thosach a fostaíochta lena fostóir, ar promhadh ina fostaíocht, ag fáil oiliúint i ndáil lena fostaíocht nó ar fostú faoi chonradh printíseachta, beidh a promhadh, a hoiliúint nó a printíseacht ar fionraí fad a bheidh sí as láthair amhlaidh agus críochnóidh sí an céanna ar dhul ar ais ag obair di tar éis na hasláithreachta sin.

(2) Féadfaidh an tAire le rialacháin tréimhse nó tréimhsí oiliúna a fhorordú nach mbeidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil leo.

Cuid III

An Ceart chun Dul ar Ais ag Obair

Ceart ginearálta chun dul ar ais ag obair ar dheireadh a bheith le saoire mháithreachais, etc.

20. —(1) Faoi réir na Coda seo, ar dheireadh a bheith le tréimhse a raibh fostaí lena mbaineann an Chuid seo as láthair ó obair ar a feadh le linn di bheith ar shaoire mháithreachais nó ar shaoire mháithreachais bhreise, beidh sí i dteideal dul ar ais ag obair—

(a) leis an bhfostóir a raibh sí ag obair leis díreach roimh thosach na tréimhse sin nó, más rud é, le linn di bheith as láthair óna cuid oibre, gur tharla athrú úinéireachta ar an ngnóthas ina raibh sí fostaithe díreach sula raibh sí as láthair, le húinéir an ghnóthais ar dheireadh a theacht le tréimhse na hasláithreachta (dá ngairtear “an comharba” san Acht seo),

(b) sa phost a bhí aici díreach roimh thosach na tréimhse sin, agus

(c) faoin gconradh fostaíochta a raibh sí fostaithe faoi díreach roimh thosach na tréimhse sin, nó, i gcás ar tharla athrú úinéireachta den sórt dá dtagraítear i mír (a), faoi chonradh fostaíochta leis an gcomharba is ionann agus an conradh a raibh sí fostaithe faoi díreach roimh thosach na tréimhse sin, agus (i gceachtar cás) faoi théarmaí nó coinníollacha nach lú fabhar ná na téarmaí agus na coinníollacha a bheadh infheidhmithe ina cás dá mbeadh sí gan a bheith as láthair amhlaidh óna cuid oibre.

(2) Chun críche fho-alt (1) (b), más rud é nach é a gnáthphost nó an post is iondúil a bhíodh aici an post a bhí ag fostaí díreach roimh thosach na tréimhse a raibh sí as láthair ar shaoire mháithreachais nó ar shaoire mháithreachais bhreise ar a feadh, beidh sí i dteideal dul ar ais ag obair ina gnáthphost nó sa phost is iondúil a bhíodh aici nó sa phost sin a luaithe is féidir gan í do shárú, ná gan a fostóir do shárú, forála de reacht nó d'ionstraim arna dhéanamh faoi reacht.

(3) San alt seo ciallaíonn “post”, i ndáil le fostaí, an cineál oibre a bhfuil sí fostaithe lena dhéanamh de réir a conartha fostaíochta agus na cáile agus na háite ina bhfuil sí fostaithe amhlaidh.

Ceart chun fostaíocht oiriúnach eile in imthosca áirithe ar dhul ar ais ag obair.

21. —(1) I gcás teideal a bheith ag fostaí dul ar ais ag obair de réir alt 20 ach nach indéanta le réasún dá fostóir nó don chomharba a cheadú di dul ar ais ag obair de réir an ailt sin, beidh sí i dteideal, faoi réir na Coda seo, go ndéanfadh a fostóir, an comharba nó fostóir comhlachaithe fostaíocht oiriúnach eile faoi chonradh nua fostaíochta a thairiscint di.

(2) Bainfidh na forálacha seo a leanas le conradh nua fostaíochta faoin alt seo:

(a) is obair de shaghas atá oiriúnach i ndáil leis an bhfostaí lena mbaineann agus is iomchuí di lena dhéanamh sna himthosca an obair a cheanglófar a dhéanamh faoi;

(b) maidir leis na téarmaí nó na coinníollacha a bhaineann leis an áit ina gceanglaítear an obair faoi a dhéanamh, leis an gcáil ina bhfostófar an fostaí lena mbaineann agus aon téarmaí nó coinníollacha eile fostaíochta, ní lú fabhar go substaintiúil di iad ná téarmaí agus coinníollacha a conartha fostaíochta díreach roimh thosach na tréimhse a raibh sí as láthair óna cuid oibre ar a feadh le linn di bheith ar shaoire mháithreachais nó ar shaoire mháithreachais bhreise.

Fógra go bhfuiltear chun dul ar ais ag obair.

22. —(1) Beidh an teideal chun dul ar ais ag obair de réir alt 20, nó go dtairgfí fostaíocht oiriúnach eile faoi alt 21, faoi réir fostaí a bhí as láthair óna cuid oibre le linn di bheith ar shaoire mháithreachais nó ar shaoire mháithreachais bhreise de réir an Achta seo do thabhairt fógra i scríbhinn, tráth nach déanaí ná ceithre sheachtain roimh an dáta is dóigh léi a rachaidh sí ar ais ag obair, dá fostóir (nó do chur faoi deara fógra a thabhairt dó amhlaidh) nó, i gcás arb eol di gur tharla athrú úinéireachta ar an ngnóthas lena mbaineann, don chomharba, go bhfuil sé ar intinn aici dul ar ais ag obair agus i dtaobh an dáta is dóigh léi a rachaidh sí ar ais ag obair.

(2) Déanfar fógra faoi fho-alt (1) a dhaingniú go hiardain i scríbhinn tráth nach luaithe ná ceithre sheachtain agus tráth nach déanaí ná dhá sheachtain roimh an dáta is dóigh leis an bhfostaí lena mbaineann go rachaidh sí ar ais ag obair.

Dui ar ais ag obair a chur siar.

23. —Más rud é, mar gheall ar stop leis an obair nó scor d'obair in ionad fostaíochta fostaí, a bheidh ann ar an dáta a bheidh sonraithe i bhfógra faoi alt 22 a thug sí, gur míréasúnach a bheith ag súil go rachadh fostaí ar ais ag obair ar an dáta a sonraíodh san fhógra, féadfaidh sí, ina ionad sin, dul ar ais ag obair nuair a atosófar ar an obair san ionad fostaíochta tar éis an stop nó an scoir, nó a luaithe is féidir le réasún tar éis an atosaithe sin.

Cuid IV

Achtacháin Eile a Leasú nó a Fheidhmiú

Leasú ar alt 2(2) d'Acht 1977.

24. —Leasaítear leis seo alt 2(2) d'Acht 1977 (a shonraíonn dífhostuithe nach bhfuil feidhm ag an Acht sin i ndáil leo) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“,nó

(c) dífhostú i gcás a gcuirfidh fostóir an fhostaí in iúl don fhostaí i scríbhinn i dtosach na fostaíochta go gcuirfear deireadh leis an bhfostaíocht tar éis d'fhostaí eile atá as láthair óna cuid oibre le linn di bheith ar shaoire mháithreachais nó ar shaoire mháithreachais bhreise nó ar shaor-am faoin Acht um Chosaint Mháithreachais d'Fhostaithe, 1981 , teacht ar ais ag obair leis an bhfostóir sin, agus go dtarlóidh dífhostú an fhostaí chéadluaite i dtráth cuí le gurbh fhusaide don fhostaí eile sin teacht ar ais ag obair.”.

Leasú ar alt 6(2) d'Acht 1977.

25. —Leasaítear leis seo alt 6(2) d'Acht 1977 (a shonraíonn na nithe a thugann go measfar gur dífhostú éagórach dífhostú ar ceann ar bith de na nithe sin is cúis leis) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (f):

“(g) fostaí lena mbaineann Cuid II den Acht um Chosaint Mháithreachais d'Fhostaithe. 1981 (seachas duine a shonraítear in alt 2(1) den Acht seo), d'fheidhmiú a cirt faoin Acht um Chosaint Mháithreachais d'Fhostaithe, 1981 , chun saoire mháithreachais, saoire mháithreachais bhreise nó saor-am a bheith aici faoin Acht sin; ar choinníoll—

(i) nach mbainfidh an ceanglas maidir le seirbhís leanúnach bliana leis an bhfostóir a dhífhostaigh í i ndáil le cás laistigh den mhír seo, agus

(ii) nach mbainfidh ailt 3 agus 4 den Acht seo le cás den sórt sin.”.

Forálacha a bhaineann i gcás nach gceadaítear d'fhostaí dul ar ais ag obair.

26. —(1) Baineann an t-alt seo le fostaí atá i dteideal faoi Chuid III, tar éis di alt 22 a chomhlíonadh go cuí, dul ar ais ag obair ach nach gceadaíonn a fostóir, an comharba nó fostóir comhlachaithe di sin a dhéanamh, agus ar fostaí í lena mbaineann Acht dá dtagraítear san fho-alt iomchuí den alt seo.

(2) Chun críocha na nAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1979, measfar fostaí lena mbaineann an t-alt seo a bheith dífhostaithe de bharr iomarcaíochta agus gurb é an dáta dífhostaithe an dáta a bheidh sonraithe san fhógra iomchuí faoi alt 22(1).

(3) Chun críocha an Achta um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 , measfar gur foirceannadh conradh fostaíochta fostaí lena mbaineann an t-alt seo ar an dáta a bheidh sonraithe san fhógra iomchuí faoi alt 22(1).

(4) Chun críocha Acht 1977, measfar gur dífhostaíodh fostaí lena mbaineann an t-alt seo ar an dáta a bheidh sonraithe san fhógra iomchuí faoi alt 22(1), agus measfar gur dífhostú éagórach an dífhostú mura rud é, ag féachaint do na himthosca go léir, go raibh cúiseanna maithe leis an dífhostú.

Díospóidí maidir le teideal faoin Acht seo.

27. —(1) Aon díospóid (seachas éileamh faoi alt 8 d'Acht 1977, arna leathnú le halt 26) idir fostaí lena mbaineann Acht 1977 agus lena mbaineann Cuid II nó Cuid III agus a fostóir, an comharba nó fostóir comhlachaithe, i ndáil le teideal an fhostaí faoin Acht seo (nó le haon ní a thig as teideal den sórt sin nó a bhaineann leis) féadfaidh ceachtar páirtí sa díospóid í a tharchur chuig coimisinéir cirt nó chun an Bhinse.

(2) Éistfidh coimisinéir cirt nó an Binse na páirtithe i ndíospóid faoin alt seo agus aon fhianaise a thabharfaidh siad agus is iomchuí maidir leis an díospóid agus, i gcás coimisinéara cirt, déanfaidh sé moladh i ndáil leis an díospóid agus, i gcás an Bhinse, déanfaidh sé cinneadh i ndáil leis an díospóid.

(3) Beidh feidhm ag ailt 8(3), 8(4)(a), 8(5) go 8(10), 9(1), 10 agus 11 d'Acht 1977 i ndáil le díospóid faoin alt seo, faoi réir na modhnuithe seo a leanas:

(a) déanfar tagairtí sna hailt sin d'éileamh ar shásamh faoin Acht sin a fhorléiriú mar thagairtí do dhíospóid faoin alt seo;

(b) forléireofar alt 8(4)(a) amhail is dá gcuirfí “a tharchur chun” in ionad “a thabhairt os comhair”;

(c) déanfar an tagairt in alt 8(8)(a) do éilimh faoin alt sin a thabhairt os comhair an Bhinse a fhorléiriú mar thagairt do dhíospóid a tharchur faoin alt seo, agus forléireofar ailt 8(8)(d) agus 8(8)(g) dá réir sin;

(d) forléireofar alt 8(10) amhail is dá gcuirfí “faoin alt seo” in ionad “i ndáil le dífhostú is dífhostú éagórach chun críocha an Achta seo”;

(e) forléireofar alt 10 amhail is dá gcuirfí “ag iarraidh ordú á ordú don fhostóir an cinneadh a chur i gcrích de réir téarmaí an chinnte” in ionad “ag iarraidh sásaimh faoin Acht seo” i bhfo-alt (1), agus amhail is dá gcuirfí an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (2):

“(2) I gcás a gcinnfidh an Chúirt Chuarda in imeachtaí faoin alt seo go bhfuil fostaí i dteideal ordú a fháil faoi fho-alt (1) den alt seo, déanfaidh sí ordú den sórt sin.”;

(f) forléireofar alt 11 amhail is dá gcuirfí “faoin alt seo” in ionad “faoin Acht seo”.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don alt seo agus féadfaidh sé leis na rialacháin sin aon mhodhnuithe breise is gá leis a dhéanamh ar Acht 1977 nó aon mhodhnuithe is gá leis a dhéanamh ar rialacháin faoin Acht sin.

(5) San alt seo ciallaíonn “an Binse” an Binse Achomhairc Fostaíochta.

Leasú ar Sceideal 3 a ghabhann leis an Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 .

28. — Leasaítear leis seo Sceideal 3 a ghabhann leis an Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 , tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír 5 (1) (d) (a cuireadh isteach leis an Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1979 ):

“(d) tréimhse a raibh an fostaí as láthair óna cuid oibre ar a feadh le linn di bheith ar shaoire mháithreachais, ar shaoire mháithreachais bhreise nó ar shaor-am faoin Acht um Chosaint Mháithreachais d'Fhostaithe, 1981 .”.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973

1973, Uimh. 4

An tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967

1967, Uimh. 21

An tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1979

1979, Uimh. 7

Na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1979

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981

1981, Uimh. 1

An tAcht um Dhífhostú Éagórach, 1977

1977, Uimh. 10