6 1981


Uimhir 6 de 1981


AN tACHT UM OBAIR OÍCHE (BÁCÚIS) (LEASÚ), 1981

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM OBAIR OÍCHE (BÁCÚIS), 1936 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS SIN. [15 Aibreán, 1981]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “cigire” duine arna cheapadh ag an Aire chun bheith ina chigire chun críocha an Achta seo;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Obair Oíche (Bácúis), 1936 .

É bheith neamhdhleathach monarú a bheith ar siúl i mbácús i rith tréimhse na hoíche ach amháin faoi cheadúnas.

2. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 3:

“3.—(1) Ach amháin faoi réim agus de réir cheadúnas faoin alt seo, ní bheidh sé dleathach d'aon duine a sheolann bacús lena mbaineann an tAcht seo aon phróis mhonaraíochta, nach monaraíocht brioscaí lena mórdhíol ná obair neamhchoitianta a bheith ar siúl aige ná a cheadú d'aon oibrí é bheith ar siúl aige sa bhácús sin aon tráth i dtréimhse na hoíche.

(2) Ar iarratas a dhéanfaidh aon duine i cibé foirm agus ina mbeidh cibé sonraí a ordóidh an tAire, féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle le daoine atá, dar leis, ionadaitheach d'fhostóirí ag a bhfuil leas i mbácúis agus le daoine atá, dar leis, ionadaitheach d'oibrithe ag a bhfuil leas amhlaidh, más é a thuairim go mbeidh sé ar leas an phobail sin a dhéanamh, ceadúnas a eisiúint chuig an duine sin aon phróis mhonaraíochta atá toirmiscthe le fo-alt (1) den alt seo a bheith ar siúl aige i dtréimhse na hoíche i mbácús lena mbaineann an tAcht seo.

(3) Ceadúnas a eiseofar faoin alt seo is ceadúnas é in aghaidh cibé tréimhse, nach mó ná dhá bhliain, a chinnfidh an tAire.

(4) Beidh ceadúnas a eiseofar faoin alt seo faoi réir cibé coinníollacha (más ann) a shonróidh an tAire sa cheadúnas.

(5) Féadfaidh an tAire ceadúnas a eisíodh faoin alt seo a chúlghairm.

(6) Duine nach gcomhlíonfaidh forálacha fho-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £500 agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise (nach mó san iomlán ná £600) nach mó ná £50 in aghaidh gach lae a leanfar den chion, a chur air.

(7) Aon duine a dhéanfaidh—

(a) chun ceadúnas faoin alt seo a fháil dó féin nó d'aon duine eile, aon ráiteas nó uiríoll is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach, nó

(b) nach gcomhlíonfaidh coinníoll a bheidh sonraithe i gceadúnas faoin alt seo,

beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £250 a chur air.”

Leasú ar alt 5 den Phríomh-Acht.

3. —Leasaítear leis seo alt 5 den Phríomh-Acht trí fho-alt (2) a scriosadh.

Cumhachtaí chun dul isteach agus imscrúdú a dhéanamh.

4. —(1) Is cigire a fheidhmeoidh na cumhachtaí chun dul isteach agus cigireacht a dhéanamh a thugtar do chomhalta den Gharda Síochána le halt 9 den Phríomh-Acht, agus, dá réir sin, beidh éifeacht leis an alt sin amhail is dá gcuirfí tagairt do chigire in ionad gach tagartha ansin do bhall den Gharda Síochána agus tagairt don Aire in ionad na tagartha do Chigire den Gharda Síochána.

(2) Tabharfaidh an tAire deimhniú a cheapacháin do gach cigire agus, ar iarratas a dhéanamh chun é a ligean isteach in aon áitreabh nó áit chun críocha an Achta seo, déanfaidh an cigire, má iarrtar air é, an deimhniú a thabhairt ar aird d'áititheoir an áitribh agus d'aon duine a bheidh á cheistiú aige.

(3) Leasaítear leis seo alt 9 den Phríomh-Acht trí “£250” a chur in ionad “deich bpúint” i bhfo-alt (3).

Ionchúiseamh i gcionta.

5. —(1) Féadfaidh an tAire imeachtaí i ndáil le cion faoin bPríomh-Acht a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(2) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achomaire maidir le cion faoin bPríomh-Acht a thionscnamh laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an chiona.

Gearrtheideal, forléiriu agus comhlua.

6. —(1) Féadfar an tAcht um Obair Oíche (Bácúis) (Leasú), 1981 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht um Obair Oíche (Bácúis), 1936 , agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile agus féadfar na hAchtanna um Obair Oíche (Bácúis), 1936 agus 1981, a ghairm díobh le chéile.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Obair Oíche (Bácúis), 1936

1936, Uimh. 42

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

1851, c. 93