12 1981


Uimhir 12 de 1981


AN tACHT UM NÍTRIGIN ÉIREANN TEORANTA, 1981

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM NÍTRIGIN ÉIREANN TEORANTA, 1963 GO 1977.

[25 Bealtaine, 1981]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Chuideachta” Nítrigin Éireann Teoranta;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1963 .

Méadú ar scairchaipiteal na Cuideachta.

2. —D'ainneoin aon ní sna hAchtanna um Nítrigin Éireann Teoranta, 1963 go 1977, i meabhrán na Cuideachta nó in airteagail chomhlachais na Cuideachta, £77,500,000 arna roinnt i 77,500,000 scair, £1 an scair, méid scairchaipiteal na Cuideachta, agus féadfaidh an Chuideachta, le toiliú an Aire Airgeadais, na scaireanna i gcaipiteal na Cuideachta a roinnt in aicmí éagsúla agus aon chearta, pribhléidí nó coinníollacha, tosaíochta, iarchurtha, cáilithe nó speisialta, a chur ag gabháil leo faoi seach.

An tAire Airgeadais d'fháil scaireanna.

3. —Cuirtear leis seo an t-alt seo a leanas in ionad alt 2 den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach leis an Acht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1975 ):

“2. Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, scaireanna d'aon aicme nó aicmí sa Chuideachta a thógáil trí shuibscríobh nó trína gceannach ón sealbhóir suas go dtí méid nach mó san iomlán ná £77,500,000.”.

An tAire do ráthú iasachtaí a gheobhaidh an Chuideachta.

4. —Leasaítear leis seo alt 7 den Phríomh-Acht trí “£150,000,000” a chur in ionad “£100,000,000” (a cuireadh isteach leis an Acht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1977 ) i bhfo-alt (2) agus tá an fo-alt sin arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú i slí go mbeidh méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin bhfo-alt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire mar aon le méid na príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCuideachta, níos nó ná £150,000,000.

Gearrtheideal agus comhlua.

5. —(1) Féadfar an tAcht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1981 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Nítrigin Éireann Teoranta, 1963 go 1981, a ghairm de na hAchtanna um Nítrigin Éireann Teoranta, 1963 go 1977, agus den Acht seo le chéile.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1963

1963, Uimh. 2

An tAcht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1975

1975, Uimh. 24

An tAcht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1977

1977, Uimh. 35

Na hAchtanna um Nítrigin Éireann Teoranta, 1963 go 1977

Na hAchtanna um Nítrigin Éireann Teoranta, 1963 go 1981