14 1981


Uimhir 14 de 1981


AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL (UIMH. 2), 1981

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM AN ÚDARÁS FORBARTHA TIONSCAIL, 1950 , AGUS NA nACHTANNA UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1969 GO 1981. [26 Bealtaine, 1981]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an tÚdarás” an tÚdarás Forbartha Tionscail;

tá le “deontas fostaíochta” an bhrí a shanntar dó le halt 2 den Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1969 ;

tá le “gnóthas seirbhíse” an bhrí a shanntar dó leis an bPríomh-Acht, arna leasú leis an Acht seo.

Deontais fhostaíochta do thionscail seirbhíse.

2. —(1) Féadfaidh an tÚdarás deontas a thabhairt (dá ngairtear “deontas fostaíochta” san Acht seo), ar cibé téarmaí agus coinníollacha a mheasfaidh sé is cuí chun daoine a fhostú i ngnóthas seirbhíse.

(2) Féadfar deontas fostaíochta a thabhairt i gcás a gcuideodh an gnóthas go húimléideach, i dtuairim an Údaráis, le forbairt réigiúnach agus forbairt náisiúnta agus, go háirithe,—

(a) gur ghnóthas inmharthana ó thaobh tráchtála é,

(b) gur thuar maith fáis é, agus

(c) nach ndéanfaí é a fhorbairt d'éagmais deontais fhostaíochta.

(3) Beidh méid deontais fhostaíochta faoi réir cibé teorainn airgeadais a shocróidh an tAire ó am go ham le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(4) Ní dhéanfaidh an tÚdarás, gan cead roimh ré ón Rialtas, deontas fostaíochta nó deontais fhostaíochta is mó san iomlán ná £1,250,000 a thabhairt i leith aon ghnóthais áirithe.

Leasú ar alt 1 den Acht um an Údarás Forbartha Tionscail, 1950 .

3. —(1) Leasaítear leis seo alt 1 den Acht um an Údarás Forbartha Tionscail, 1950 , trí “folaíonn tagairtí do thionscal tagairtí do cibé tionscail seirbhíse (de réir bhrí an Achta um Fhorbairt Tionscail, 1969 , arna leasú) a bheidh sonraithe ó am go ham le hordú arna dhéanamh ag an Aire” a chur in ionad “ní fholaíonn tagairtí do thionscal tagairtí do bhancaeireacht, árachas ná talmhaíocht” agus déanfar tagairtí do thionscal san Acht um an Údarás Forbartha Tionscail, 1950 , agus sa Phríomh-Acht a fhorléiriú dá réir sin.

(2) Ní dhéanfar ordú faoi alt 1 den Acht um an Údarás Forbartha Tionscail, 1950 (arna leasú leis an Acht seo) i ndáil le baincéireacht gan dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

4. —Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “gnóthas tionscail”;

“folaíonn ‘gnóthas tionscail’ gnóthas atá coimhdeach do thionscal agus gnóthas (dá ngairtear ‘gnóthas seirbhíse’ san Acht seo) atá ag gabháil do sheirbhís a sholáthar;”.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

5. —(1) Féadfar an tAcht um Fhorbairt Tionscail (Uimh.2), 1981, a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo agus na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1969 go 1981, a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.

(3) Folófar an tAcht seo sa chomhlua “na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1969 go 1981.”.

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1969

1969, Uimh. 32

Na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1969 go 1978

Na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1969 go 1981

An tAcht um an Údarás Forbartha Tionscail, 1950

1950, Uimh. 29