17 1981


Uimhir 17 de 1981


AN tACHT SLÁINTE (SEIRBHÍSÍ MEABHAIRGHALAR), 1981

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE AGUS FEABH-SAITHE MAIDIR LE CÚRAM AGUS CÓIREÁIL DAOINE AR A bhFUIL ÉALANG MHEABHRACH A RIALÁIL AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [30 Bealtaine, 1981]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

1. —(1) Féadfar an tAcht Sláinte (Seirbhísí Meabhairghalar), 1981 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1981, a ghairm de na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1979, agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1979, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó fhorála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo.

Léiriú.

3. —San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “lia-chleachtóir údaraithe” lia-chleachtóir cláraithe ag a bhfuil ceapachán nó a sholáthraíonn seirbhísí mar shíciatraí comhairleach i lárionad síciatrach;

ciallaíonn “oifigeach údaraithe” oifigeach bhord sláinte d'aicme atá ainmnithe ag an Aire chun críocha an Achta seo;

ciallaíonn “lárionad síciatrach ceantair” ospidéal nó aonad atá ainmnithe mar lárionad den sórt sin faoi alt 9;

ciallaíonn “dochtúir oifigiúil i bhfeighil” lia-chleachtóir údaraithe—

(a) arb é príomh-shíciatraí an lárionaid é i ndáil le lárionad síciatrach ceantair,

(b) arb é príomh-dhochtúir oifigiúil an lárionaid é, i ndáil le lárionad síciatrach cláraithe, nó

(c) atá de thuras na huaire ag gníomhú thar ceann an phríomhshíciatraí nó an phríomh-dhochtúra oifigiúil sin;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin;

ciallaíonn “lárionad síciatrach” lárionad síciatrach ceantair nó lárionad síciatrach cláraithe;

ciallaíonn “lia-chleachtóir cláraithe” duine a bhfuil a ainm taifeadta i gClár Ginearálta na Lia-Chleachtóirí a bunaíodh faoi alt 26 d'Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978 ;

ciallaíonn “lárionad síciatrach cláraithe” ospidéal, aonad, foras nó áitreabh atá cláraithe nó a mheastar a bheith cláraithe mar lárionad den sórt sin faoi alt 10;

tá le “teaghlach síciatrach cláraithe” an bhrí a shanntar dó le halt 12;

ciallaíonn “bord athbhreithnithe” bord athbhreithnithe síciatrach faoi alt 37;

ciallaíonn “lárionad síciatrach speisialta” lárionad síciatrach speisialta faoi alt 30.

Gnáthchónaí.

4. —Chun críocha an Achta seo, measfar duine gan chónaí seasta a bheith ina ghnáthchónaí san áit ina bhfuil sé de thuras na huaire.

Rialacháin.

5. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil le haon ní nó rud dá dtagraítear san Acht seo mar ní nó rud atá forordaithe nó le forordú nó mar ní nó rud is ábhar do rialacháin.

Rialacháin a leagan faoi bhráid an Oireachtais.

6. —Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den 21 lá a shuífidh sé tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Aisghairm.

7. —Aisghairtear leis seo na hachtachtáin a luaitear sa Sceideal a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal.

Cionta.

8. —(1) Duine a dhéanfaidh aon ní a dhearbhaítear le halt 10 (1), 12 (1), 17 (1) nó 44 (2) a bheith neamhdhleathach beidh sé ciontach i gcion faoin Acht seo agus ar é a chiontú ar díotáil, dlífear fíneáil nach mó ná £10,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain nó an fhíneáil agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(2) Beidh dlínse ag Breitheamh den Chúirt Dúiche cion lena mbaineann fo-alt (1) a thriail go hachomair—

(a) más é tuairim an Bhreithimh gur mionchion is intriailte go hachomair na fíorais a cruthaíodh nó a líomhnaíodh in aghaidh cosantóir a cúisíodh i gcion den sórt sin,

(b) má thoilíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí leis, agus

(c) mura ndiúltóidh an cosantóir (ar bheith curtha in iúl dó ag an mBreitheamh gurb é a cheart dul ar a thriail roimh ghiúiré) dul ar a thriail go hachomair,

agus, ar é a chiontú faoin bhfo-alt seo dlífear fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht sin le chéile a chur ar an gcosantóir sin.

(3) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , i ndáil le cion lena mbaineann fo-alt (1) amhail is dá mbeadh na pionóis dá bhforáiltear i bhfo-alt (2) den alt seo sonraithe ann in ionad na bpionós dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) den alt sin agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin 13 do na pionóis dá bhforáiltear san fho-alt sin (3) a fhorléiriú agus beidh éifeacht léi dá réir sin.

(4) Duine a mhainneoidh dualgas a fhorchuirtear air le halt 10 (3), 12 (5), 36 (3) nó 45 a chomhlíonadh nó a chuirfidh cosc nó bac le haon duine i bhfeidhmiú cumhachta a thugtar don duine eile sin faoi aon alt den Acht seo beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

CUID II

Forais Shíciatracha a Chlárú agus a Mhaoirseacht

Lárionaid shíciatracha cheantair.

9. —(1) Chun críche an Achta seo, féadfaidh an tAire, ar iarratas ó bhord sláinte, aon ospidéal nó aonad in ospidéal atá curtha ar fáil agus á chothabháil ag an mbord sláinte nó atá beartaithe aige a chur ar fáil agus a chothabháil, mar aon leis an limistéar dá bhfónfaidh sé, a ainmniú mar lárionad síciatrach ceantair.

(2) Is lárionad síciatrach ceantair gach ospidéal meabhairghalar ceantair nó gach aonad síciatrach in aon ospidéal atá á chothabháil ag bord sláinte díreach roimh thosach feidhme an ailt seo.

(3) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le bord sláinte, ainmniú ospidéil nó aonaid mar lárionad síciatrach ceantair a chealú.

(4) Coimeádfaidh gach bord sláinte i bhfoirm fhorordaithe clár de na lárionaid shíciatracha cheantair atá á gcothabháil ag an mbord agus cuirfidh sé an clár ar fáil d'aon duine den phobal lena iniúchadh le linn uaire oifige.

Lárionaid shíciatracha chláraithe.

10. —(1) Ní dleathach d'aon duine seachas bord sláinte aon áitreabh a sheoladh le daoine a choinneáil ar gá cúram agus cóireáil dóibh d'éalang mheabhrach ná ní dleathach a thuairisciú ná a thabhairt le fios gur áit den sórt sin é mura mbeidh sé ceadaithe agus cláraithe ag an Aire de réir rialachán arna ndéanamh ag an Aire faoin alt seo.

(2) Féadfaidh lárionad síciatrach cláraithe a bheith ina ospidéal ar leithligh nó ina aonad in aon ospidéal.

(3) Is é dualgas an duine a mbeidh lárionad síciatrach cláraithe á chothabháil aige a áirithiú go gcomhlíonfar aon ordacháin a eiseoidh an tAire nó aon choinníollacha a fhorordóidh sé.

(4) Aon fhoras a bheidh cláraithe de réir Chuid X nó XI den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 , díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, measfar é a bheith cláraithe faoin alt seo ar feadh a mbeidh gan chaitheamh dá thréimhse chláraithe faoin Acht sin.

(5) Aon fhoras nó áitreabh a bheidh ceadaithe le hordú ceadúcháin faoi alt 158 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 , agus feidhm a bheith ag an ordú sin díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, measfar é a bheith cláraithe faoin alt seo faoi réir choinníollacha an ordaithe don tréimhse 12 mhí dar tosach an tosach feidhme sin.

(6) Aon fhoras a bheidh údaraithe le hAcht speisialta nó le hachtachán eile (lena n-áirítear cairt) chun cúram, cothabháil agus cóireáil a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil éalang mheabhrach orthu, i gcás nach é an Príomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar é, measfar é a bheith cláraithe faoin alt seo.

Diúltú clárú a dhéanamh agus clárú a chealú.

11. —(1) Féadfaidh an tAire diúltú clárú a dhéanamh ar lárionad síciatrach nó ar chuid de lárionad síciatrach nó féadfaidh sé an clárú a chealú.

(2) In aon chás ina ndiúltóidh an tAire clárú a dhéanamh ar lárionad síciatrach nó ar chuid de lárionad síciatrach nó ina gcealóidh sé an clárú beidh na fáthanna ar ar dhiúltaigh sé an clárú a dhéanamh nó ar ar chealaigh sé an clárú le tabhairt aige i scríbhinn don duine a mbeidh an lárionad nó cuid den lárionad á chothabháil aige.

(3) Féadfaidh duine a bhfuil lárionad síciatrach á chothabháil aige nó a bhfuil sin á bheartú aige achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte i gcoinne diúltú an lárionad a chlárú agus féadfaidh an chúirt, de réir mar is cuí léi, an diúltú a dhaingniú nó a ordú don Aire an lárionad a chlárú.

(4) Féadfaidh duine a bhfuil lárionad síciatrach cláraithe á chothabháil aige achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte i gcoinne cealú ar chlárú an lárionaid ag an Aire agus féadfaidh an chúirt, de réir mar is cuí léi, an cealú a dhaingniú nó a ordú don Aire an clárú a chur ar ais.

(5) I gcás ina gcealófar clárú lárionaid shíciatraigh nó ina ndiúltófar athnuachan a dhéanamh ar an gclárú, féadfaidh an tAire, más cuí leis é, cead a thabhairt an lárionad a choimeád ar siúl ar feadh cibé tréimhse a ordóidh sé (is tréimhse nach faide ná trí mhí ón am a ndiúltófar an clárú a dhéanamh nó a gcealófar é) chun othair a bheidh á gcoinneáil sa lárionad a urscaoileadh, a thabhairt as agus a aistriú as agus is dleathach an lárionad a choimeád ar siúl de bhun an cheada sin.

Teaghlaigh shíciatracha chláraithe.

12. —(1) Ní dleathach d'aon duine seachas bord sláinte teaghlach (dá ngairtear teaghlach síciatrach sa Chuid seo) a choimeád ar siúl i limistéar feidhme an bhoird sláinte chun cúram agus cóireáil a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil éalang mheabhrach orthu i gcás nach lárionad síciatrach é ná ní dleathach a thuairisciú nó a thabhairt le fios gur teaghlach den sórt sin é mura mbeidh sé ceadaithe agus cláraithe ag an mbord sláinte de réir rialachán arna ndéanamh ag an Aire faoin alt seo.

(2) Féadfaidh an bord sláinte diúltú clárú a dhéanamh ar theaghlach síciatrach nó féadfaidh sé an clárú a chealú.

(3) I gcás ina mbeidh teaghlach síciatrach á chothabháil ag duine ag tosach feidhme an ailt seo agus, laistigh de mhí tar éis an tosach feidhme sin go ndéanfaidh sé iarratas go cuí chun an teaghlach a chlárú, féadfaidh sé, d'ainneoin fho-alt (1), leanúint air ag coimeád an teaghlaigh ar siúl mura ndiúltófar agus go dtí go ndiúltófar an clárú a dhéanamh.

(4) In aon chás ina ndiúltóidh an bord sláinte teaghlach síciatrach a chlárú nó ina gcealóidh sé an clárú beidh an fáth ar ar dhiúltaigh sé an clárú a dhéanamh nó ar ar chealaigh sé an clárú le tabhairt aige i scríbhinn don duine a mbeidh an teaghlach á chothabháil aige.

(5) Beidh de dhualgas ar dhuine a bhfuil teaghlach síciatrach á chothabháil aige cead a thabhairt d'oifigeach ainmnithe don bhord sláinte é a iniúchadh agus cibé saoráidí agus faisnéis a bheidh ag teastáil ón oifigeach sin chun na críche sin a chur ar fáil dó.

(6) Féadfaidh an duine a bhfuil teaghlach síciatrach á chothabháil aige nó a bhfuil sin á bheartú aige achomharc a dhéanamh chun an Aire i gcoinne—

(a) an teaghlach a bhaint den chlár, nó

(b) i gcás lena mbaineann fo-alt (2), diúltú an teaghlach a chlárú,

agus féadfaidh an tAire, más cuí leis é, a ordú don bhord sláinte an teaghlach a chur ar ais ar an gclár nó an teaghlach a chlárú.

(7) Féadfaidh duine a bhfuil teaghlach síciatrach á chothabháil aige nó a bhfuil sin á bheartú aige achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte i gcoinne diúltú an Aire ordachán a thabhairt faoi fho-alt (6) agus féadfaidh an chúirt, de réir mar is cuí léi, an diúltú a dhaingniú nó a ordú don bhord sláinte an clárú a chur ar ais nó an teaghlach a chlárú.

CUID III

Nósanna Imeachta Maidir Le Duine a Ligean Isteach agus a Urscaoileadh

Othair a ligean isteach go saorálach.

13. —Ní léifear aon ní sa Chuid seo mar ní a chuirfidh cosc nó dímhisneach ar dhuine i dtaobh é a ligean isteach go saorálach chun cúram agus cóireáil a fháil i lárionad síciatrach.

Lia-chleachtóir cláraithe a bheith dícháilithe i ndáil le duine áirithe.

14. —Beidh lia-chleachtóir cláraithe dícháilithe chun críocha ailt 15, 16, agus 19, i ndáil le duine—

(a) más é an cleachtóir fearchéile nó banchéile, athair, leasathair, nó athair céile, máthair, leasmháthair nó máthair chéile, mac, leasmhac, nó cliamhain, iníon, leasiníon, nó banchliamhain, deartháir, leasdeartháir, nó deartháir céile, deirfiúr, leasdeirfiúr, nó deirfiúr céile nó uncail, aintín, nia, nó neacht trí ghaol fola nó cleamhnas, nó caomhnóir nó iontaobhaí an duine, nó

(b) má tá an cleachtóir fostaithe sa lárionad síciatrach nó ag an lárionad síciatrach inar mian an duine a ghlacadh ann nó má tá sé i bhfeighil othar sa lárionad, nó

(c) i gcás inar lárionad síciatrach cláraithe an lárionad, más comhalta de chomhlacht ceannais an lárionaid shíciatraigh sin an cleachtóir nó más é atá á choimeád ar siúl nó i bhfeighil air.

Moladh glactha a iarraidh.

15. —(1) I gcás inar mian go ndéanfaí duine a ghlacadh, a choinneáil agus a chur faoi chóireáil i lárionad síciatrach féadfar iarratas a dhéanamh san fhoirm fhorordaithe chuig lia-chleachtóir cláraithe ag iarraidh moladh (dá ngairtear moladh glactha san Acht seo) chun an duine sin a ghlacadh, a choinneáil agus a chur faoi chóireáil sa lárionad sin.

(2) Féadfaidh duine ar bith acu seo a leanas iarratas a dhéanamh ar mholadh glactha maidir le duine:—

(a) tuismitheoir nó caomhnóir an duine sin,

(b) céile an duine sin a bhfuil gnáthchónaí air leis an duine sin nó deartháir nó deirfiúr an duine sin agus cónaí air nó uirthi amhlaidh, agus é nó í os cionn 18 mbliana d'aois,

(c) mac nó iníon an duine sin, agus é nó í os cionn 18 mbliana d'aois,

(d) oifigeach údaraithe, ar iarratas ó thuismitheoir, ó chaomhnóir, nó ó chéile, nó ó dheartháir, deirfiúr, mac nó iníon agus é nó í os cionn 18 mbliana d'aois,

(e) faoi alt 16, comhalta den Gharda Síochána,

(f) faoi réir fho-alt (3), oifigeach údaraithe, nó

(g) faoi réir fho-alt (3), aon duine eile.

(3) I gcás iarratas faoi fho-alt (2) (f) nó (g), beidh ráiteas san iarratas maidir leis na fáthanna a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh, maidir leis an mbaint atá ag an iarratasóir leis an duine lena mbaineann an t-iarratas agus maidir leis na himthosca ina bhfuil an t-iarratas á dhéanamh.

Duine a gcreidtear éalang mheabhrach a bheith air a thabhairt go dtí stáisiún Garda Síochána.

16. —(1) Más dóigh le comhalta den Gharda Síochána nó má chuireann oifigeach údaraithe in iúl dó gur dóigh leis go bhfuil oiread sin d'éalang mheabhrach ar dhuine gur chóir, ar mhaithe lena shláinte nó lena shábháilteacht féin nó chun daoine eile nó maoin a chosaint, an duine sin a chur láithreach faoi chúram agus faoi urlámhas, féadfaidh sé an duine sin a ghlacadh i gcoimeád agus é a thabhairt as go dtí stáisiún Garda Síochána.

(2) Má dhéanann comhalta den Gharda Síochána duine a thabhairt as faoin alt seo, cuirfidh sé iarratas san fhoirm fhorordaithe láithreach chuig lia-chleachtóir cláraithe ag iarraidh moladh glactha chun an duine sin a ghlacadh i lárionad síciatrach.

(3) Beidh de cheart ag comhalta den Gharda Síochána chun críche an ailt seo dul isteach gan bharántas in aon teach nó áitreabh eile a gcreideann sé an duine dá dtagraítear a bheith ann.

Áit choinneála.

17. —(1) Faoi réir ailt 29 agus 31, ní dleathach duine a choinneáil faoin Acht seo in aon áit eile seachas i lárionad síciatrach ceantair a bheidh ainmnithe don limistéar ina bhfuil gnáthchónaí air nó i lárionad síciatrach cláraithe a bheidh ceadaithe maidir leis an limistéar sin nó ceadaithe i gcoitinne.

(2) Ní choiscfidh fo-alt (1) duine a ligean isteach mar shocrú sealadach fad a bheifear ag feitheamh lena aistriú go dtí lárionad ainmnithe ná ní choiscfidh sé duine a ligean isteach mar othar príobháideach de chuid lia-chleachtóra údaraithe.

Faisnéis a thabhairt i dtaobh iarratas a rinneadh cheana ag iarraidh moladh glactha.

18. —Más rud é, tar éis diúltú d'iarratas, go ndéanfar iarratas eile ar mholadh glactha maidir leis an duine céanna laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis dáta an iarratais roimhe sin, déanfaidh an t-iarratasóir, sa mhéid gurb eol dó na fíorais a bhain leis an iarratas roimhe sin agus lena dhiúltú, na fíorais sin a lua leis an lia-chleachtóir cláraithe a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh chuige.

Moladh glactha.

19. —(1) (a) Is gá moladh scríofa san fhoirm fhorordaithe ó dhá lia-chleachtóir chláraithe (nó, i gcás lena mbaineann fo-alt (1) (b), ó lia-chleachtóir cláraithe amháin) agus ní mór é bheith de réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo i gcás moladh chun duine a ghlacadh i lárionad síciatrach.

(b) Féadfaidh an tAire le rialacháin limistéar a ainmniú nó na himthosca a fhorordú inar leor moladh scríofa ó lia-chleachtóir cláraithe amháin.

(2) I gcás ina bhfaighidh lia-chleachtóir cláraithe iarratas ar mholadh glactha faoin gCuid seo, scrúdóidh sé an duine a luaithe is féidir tar éis dó an t-iarratas a fháil agus féadfaidh sé—

(a) moladh glactha a dhéanamh, nó

(b) diúltú moladh a dhéanamh.

(3) Más rud é i gcás lena mbaineann fo-alt (1) (a) go ndéanfaidh lia-chleachtóir cláraithe moladh glactha, féadfaidh an t-iarratasóir laistigh de 7 lá nó, i gcás lena mbaineann alt 16, 24 uaire a chloig tar éis an moladh a dhéanamh, iarratas a dhéanamh san fhoirm fhorordaithe chuig lia-chleachtóir cláraithe eile ag iarraidh moladh glactha.

(4) Ar an iarratas a fháil gníomhóidh an lia-chleachtóir cláraithe eile de réir fhorálacha fho-alt (2).

(5) Maidir le moladh glactha—

(a) luafar ann an dáta a scrúdaigh an lia-chleachtóir cláraithe an duine agus síneoidh an lia-chleachtóir cláraithe í ar dháta an scrúdaithe,

(b) deimhneofar ann gur dearbh leis—

(i) go bhfuil oiread sin d'éalang mheabhrach ar an duine, gur gá é a choinneáil agus a chur faoi chóireáil i lárionad síciatrach ar mhaithe le sláinte nó sábháilteacht an duine féin nó chun daoine eile nó maoin a chosaint, agus

(ii) nach bhfuil an duine toilteanach dul faoi chóireáil nó nach bhfuil sé oiriúnach le haghaidh cóireála ach amháin mar othar faoi choinneáil; agus

(c) déarfar ann cad iad na fíorais ar a bhfuil tuairim an liachleachtóra chláraithe bunaithe agus déanfar idirdhealú idir fíorais a thug sé féin faoi deara agus fíorais a cuireadh in iúl dó.

(6) Má bheartaíonn lia-chleachtóir cláraithe moladh a dhéanamh cuirfidh sé in iúl don duine lena mbaineann agus don iarratasóir go bhfuil ar intinn aige an moladh sin a dhéanamh.

Lárionad síciatrach speisialta a eisiamh.

20. —Ní dhéanfar moladh glactha maidir le lárionad síciatrach speisialta.

Coimhdeacht.

21. —(1) Má dheimhníonn lia-chleachtóir cláraithe a bheidh ag moladh duine a ghlacadh i lárionad síciatrach gur gá coimhdeacht a chur ar fáil chun a áirithiú go dtabharfar an duine sin go sábháilte go dtí an lárionad sin, socróidh an dochtúir oifigiúil i bhfeighil an lárionaid go gcuirfear coimhdeacht ar fáil don othar.

(2) Féadfaidh an dochtúir oifigiúil i bhfeighil lárionaid shíciatraigh a bhfuil sé beartaithe duine lena mbaineann moladh glactha a thabhairt chuige cúnamh a iarraidh ar an nGarda Síochána, má mheasann sé gur gá é, chun coimhdeacht den sórt sin a shocrú.

(3) Cuirfidh an Garda Síochána, má iarrtar orthu é, an choimhdeacht sin ar fáil.

An éifeacht atá le moladh glactha.

22. —(1) I gcás ina ndéanfar moladh glactha, féadfaidh an té a d'iarr an moladh glactha nó aon duine a bheidh údaraithe aige nó, i gcás moladh glactha arna dhéanamh de bhun alt 16, aon chomhalta den Gharda Síochána nó coimhdeacht a bheidh údaraithe faoi alt 21, an duine lena mbaineann an moladh a thabhairt, faoi réir an ailt seo, go dtí lárionad síciatrach.

(2) I gcás nach dtabharfar an duine go dtí lárionad laistigh de 7 lá tar éis an lae a ndéanfar an moladh, scoirfidh an moladh d'éifeacht a bheith leis, faoi réir fho-alt (3).

(3) Má tharlaíonn laistigh den tréimhse 7 lá go ndeimhneoidh duine de na lia-chleachtóirí a mbeidh an moladh á dhéanamh aige nach mbeidh an duine inaistrithe go dtí go mbeidh an tréimhse sin caite ní scoirfidh an moladh d'éifeacht a bheith leis ar an tréimhse sin a bheith caite ach, mura dtabharfar an duine go dtí lárionad síciatrach laistigh de 7 lá eile, scoirfidh an moladh ansin d'éifeacht a bheith leis.

Duine a ghlacadh agus a choinneáil.

23. —(1) I gcás ina dtabharfar duine go dtí lárionad síciatrach de réir fhorálacha an Achta seo déanfaidh dochtúir oifigiúil de chuid an lárionaid an duine sin a ghlacadh sa lárionad síciatrach agus scrúdóidh sé an duine sin a luaithe is féidir tar éis don duine teacht go dtí an lárionad.

(2) Chun na gcríocha a bhaineann le scrúdú agus measúnú ag liachleachtóir údaraithe nó ag lia-chleachtóirí údaraithe féadfaidh an dochtúir oifigiúil a scrúdaigh an duine ordú a dhéanamh san fhoirm fhorordaithe chun an duine sin a choinneáil sa lárionad go ceann tréimhse nach faide ná 48 n-uaire a chloig tar éis a theachta.

(3) Laistigh den tréimhse a shonraítear ag fo-alt (2) déanfaidh liachleachtóir údaraithe de chuid an lárionaid shíciatraigh—

(a) ordú san fhoirm fhorordaithe (dá ngairtear ordú glactha sa Chuid seo) go ndéanfar an duine a ghlacadh, a choinneáil agus a chur faoi chóireáil sa lárionad, nó

(b) an duine a urscaoileadh.

Foirm an ordaithe ghlactha.

24. —(1) Is san fhoirm fhorordaithe a bheidh ordú glactha agus forálfar ann an duine a ghlacadh, a choinneáil agus a chur faoi chóireáil go ceann tréimhse nach faide ná 28 lá ón dáta a ligfear isteach é sa lárionad síciatrach sonraithe.

(2) Féadfar, de réir an ailt seo, an tréimhse bhailíochta d'ordú glactha a fhadú ó am go ham le hordú (dá ngairtear ordú fadaithe san alt seo) agus ní mór é bheith sínithe ag dhá lia-chleachtóir údaraithe a mbeidh an duine scrúdaithe ar leithligh ag gach duine acu agus measfar gach ordú fadaithe a bheith ina chuid den ordú glactha lena mbaineann sé.

(3) Déanfar ordú fadaithe sula mbeidh tréimhse reatha coinneála an duine caite agus ordú a bheidh ann le haghaidh tréimhse—

(a) i gcás an chéad fhadú, nach faide ná 3 mhí ón dáta a ligeadh an duine isteach sa lárionad,

(b) in aon chás eile, nach faide ná 12 mhí ón dáta a mbeidh an tréimhse reatha coinneála caite.

(4) I gcás ina ndéanfar ordú glactha nó ordú fadaithe maidir le duine in aon lárionad cuirfidh an dochtúir oifigiúil i bhfeighil an lárionaid an méid sin in iúl láithreach don duine sin, don té a d'iarr an moladh glactha agus do na lia-chleachtóirí cláraithe nó don liachleachtóir cláraithe a shínigh an moladh agus tabharfaidh sé le fios cad é an fáth a bhí leis an bhfadú agus le fios freisin go bhfuil de cheart athbhreithniú a dhéanamh faoi alt 38.

An éifeacht atá le hordú glactha.

25. —I gcás ina ndéanfar ordú glactha déanfaidh an dochtúir oifigiúil i bhfeighil an lárionaid shíciatraigh lena mbaineann an t-ordú agus oifigigh agus seirbhísigh an lárionaid an duine lena mbaineann an t-ordú a ghlacadh agus coinneoidh siad é faoi réir fhorálacha an Achta seo.

Duine a chur amach ar iostas.

26. —(1) Féadfaidh bord sláinte, faoi réir aon rialachán a dhéanfaidh an tAire chuige sin, socrú a dhéanamh agus a chur i ngníomh chun duine a bhfuil cúram á fháil aige nó ar gá cúram dó i lárionad síciatrach, i dteaghlach síciatrach nó i lárionad do dhaoine meabhairéislinneacha a chur ar iostas i dteach cónaithe príobháideach (cibé acu ar laistigh nó lasmuigh dá limistéar feidhme dó).

(2) Féadfar, go háirithe, socrú a dhéanamh sna rialacháin, maidir le ceart chun an teach cónaithe a bhfuil daoine ar iostas ann a iniúchadh agus chun íocaíochtaí a dhéanamh le daoine a bhfuil siad ar iostas acu.

Duine atá as láthair gan chead a thabhairt ar ais.

27. —(1) Má fhanann duine a bheidh á choinneáil i lárionad síciatrach nó in áit eile faoi ordú arna dhéanamh faoi alt 23 (2) nó faoi ordú glactha (arna oiriúnú, más cuí, de bhua alt 29 (5) nó 31 (7)) as láthair gan chead, féadfaidh daoine atá fostaithe sa lárionad nó san áit sin nó comhalta den Gharda Síochána, le linn tréimhse reatha an ordaithe sin, é a thabhairt ar ais go dtí an lárionad nó go dtí an áit sin.

(2) Beidh de cheart ag comhalta den Gharda Síochána, chun críche an ailt seo, dul isteach gan bharántas in aon teach nó áitreabh eile a gcreideann sé an duine dá dtagraítear a bheith ann.

Bheith as láthair le cead.

28. —(1) Féadfaidh an dochtúir oifigiúil i bhfeighil lárionaid shíciatraigh nó an lia-chleachtóir údaraithe a mbeidh freagracht shonrach air maidir le cúram duine áirithe a bheidh á choinneáil sa lárionad cead a thabhairt don duine sin bheith as láthair ón lárionad go ceann tréimhse nó tréimhse fadaithe ar lú fad di ná a mbeidh gan chaitheamh den líon laethanta dá bhforáiltear san ordú coinneála reatha.

(2) I gcás nach dtiocfaidh duine a bheidh as láthair faoin alt seo ar ais i gceann na tréimhse nó na tréimhse fadaithe is cead dó a bheith as láthair agus i gcás nach mbeidh deimhniú ó aon lia-chleachtóir údaraithe tugtha don dochtúir oifigiúil i bhfeighil an lárionaid shíciatraigh á dheimhniú nach gá a thuilleadh an duine sin a choinneáil, measfar é bheith fanta as láthair gan chead agus beidh feidhm dá réir sin ag alt 27.

(3) I gcás ina gceadófar faoin alt seo do dhuine bheith as láthair ó lárionad, féadfaidh an dochtúir oifigiúil i bhfeighil an lárionaid nó an lia-chleachtóir údaraithe a mbeidh freagracht shonrach air maidir le cúram an duine sin an cead a tharraingt siar tráth ar bith agus mura bhfillfidh an duine láithreach ar an lárionad tar éis don tarraingt siar a bheith curtha in iúl dó measfar é bheith fanta as láthair gan chead agus beidh feidhm dá réir sin ag alt 27.

Aistriú.

29. —(1) Féadfar duine atá á choinneáil i lárionad síciatrach a aistriú de réir an ailt seo, ar mhaithe leis féin, go dtí lárionad síciatrach eile tar éis dul i gcomhairle leis an duine féin, agus, má bhíonn sé ar fáil, leis an té a d'iarr an moladh glactha chun an duine a ghlacadh sa lárionad.

(2) (a) Is é an bord sláinte a dhéanfaidh aistriú ó lárionad síciatrach ceantair.

(b) Is é an dochtúir oifigiúil i bhfeighil lárionaid shíciatraigh chláraithe a dhéanfaidh aistriú ón lárionad sin agus, i gcás duine atá á chothabháil sa lárionad ar chostas boird sláinte, is le toiliú an bhoird sin a dhéanfar é.

(c) Ní dhéanfar aistriú go dtí lárionad síciatrach ceantair i limistéar feidhme boird sláinte eile ach amháin le toiliú an bhoird sin.

(d) Ní dhéanfar aistriú go dtí lárionad síciatrach cláraithe ach amháin le toiliú an dochtúra oifigiúil i bhfeighil an lárionaid.

(3) (a) Más é tuairim an dochtúra oifigiúil i bhfeighil lárionaid shíciatraigh gur gá nó go rachadh sé chun tairbhe do shláinte duine atá á choinneáil sa lárionad go ndéanfaí é a aistriú go sealadach chun cóireáil agus cúram a fháil i lárionad eile nó in áit seachas lárionad síciatrach, féadfaidh sé socrú a dhéanamh dá réir sin chun an duine a aistriú.

(b) Féadfar an duine a aistriú go dtí an lárionad nó go dtí an áit sin agus é a choinneáil ann fad is gá sin, i dtuairim an dochtúra oifigiúil i bhfeighil an lárionaid nó na háite sin agus, faoi réir fhorálacha na Coda seo, féadfar é a thabhairt ar ais ina dhiaidh sin agus é a choinneáil sa lárionad síciatrach ina raibh sé á choinneáil roimhe sin.

(4) Ní dhéanfar duine a aistriú faoin alt seo go dtí lárionad síciatrach speisialta.

(5) I gcás ina n-aistreofar duine faoin alt seo, beidh éifeacht leis an ordú glactha faoina raibh sé á choinneáil ionann is dá mbeadh an lárionad nó an áit a bhfuil sé aistrithe chuige sonraithe san ordú mar lárionad nó áit ina bhfuil sé le coinneáil.

Lárionaid shíciatracha speisialta.

30. —(1) Féadfaidh an tAire lárionad síciatrach ceantair nó cuid d'aon lárionad den sórt sin a ainmniú mar lárionad síciatrach speisialta chun aicme nó aicmí sonraithe d'othair a aistriú chuige faoi alt 31 agus féadfaidh sé deireadh a chur le haon ainmniú den sórt sin.

(2) Chun críocha an Achta seo, is lárionad síciatrach speisialta an Príomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar.

Aistriú go dtí lárionad síciatrach speisialta.

31. —(1) I gcás ina gcoinneofar duine faoin Acht seo i lárionad síciatrach ceantair nó cláraithe agus más é tuairim an dochtúra oifigiúil i bhfeighil an lárionaid gur cheart, mar gheall ar a staid mheabhrach, é a aistriú go dtí lárionad síciatrach speisialta, féadfaidh sé a mholadh don bhord athbhreithnithe iomchuí an t-aistriú sin a dhéanamh.

(2) Féadfaidh an bord athbhreithnithe, más cuí leis, a ordú an duine a aistriú go dtí lárionad síciatrach speisialta.

(3) Sula n-aistreofar an duine, tabharfaidh an bord athbhreithnithe fógra 7 lá ar a laghad maidir leis an ordachán uaidh don duine sin agus—

(a) don iarratasóir a d'iarr an moladh glactha ar dá bhun atá sé á choinneáil, i gcás inar faoi mhír (a), (b), (c), (d) nó (g) d'alt 15 (2) a rinneadh an t-iarratas.

(b) do chúramaí an duine, más ann.

(4) Mura féidir fógra maidir leis an ordachán a thabhairt don iarratasóir dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (a), tabharfar an fógra do ghaol éigin eile sna haicmí a luaitear in alt 15 (2).

(5) (a) Féadfaidh an duine a bheidh le haistriú, a chúramaí nó a neaschara, an t-iarratasóir a d'iarr an moladh glactha nó an duine ar tugadh fógra dó faoi fho-alt (4), sa tréimhse 7 lá a luaitear i bhfo-alt (3) nó cibé tréimhse bhreise dá bhforálfar le rialacha cúirte, iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte le hordachán an bhoird athbhreithnithe a urscaoileadh agus ní aistreofar an duine go dtí an lárionad síciatrach speisialta go dtí go ndéanfar an t-achomharc.

(b) Más deimhin leis an Ard-Chúirt gur chuí déanamh amhlaidh tar éis di an t-iarratas agus cibé fianaise a thabharfar ar aird mar aon le haon uiríll a dhéanfaidh an duine atá á choinneáil nó a dhéanfar thar a cheann a bhreithniú, féadfaidh an chúirt an t-ordachán a dhaingniú.

(c) Mura deimhin leis an gcúirt an méid sin déanfaidh sí an t-ordachán a urscaoileadh.

(6) Ar dhuine a aistriú faoin alt seo, déanfar é a choinneáil sa lárionad síciatrach speisialta go dtí go gcuirfear ar ais é, faoin alt seo, go dtí an lárionad ónar aistríodh é nó go dtí go n-urscaoilfear é.

(7) Maidir le duine a aistreofar go dtí lárionad síciatrach speisialta faoin alt seo, measfar é a bheith á choinneáil faoin ordú glactha a bheidh déanta ina leith faoin Acht seo.

(8) Féadfaidh an bord athbhreithnithe a d'ordaigh duine a aistriú faoi fho-alt (2), a ordú go gcuirfí ar ais é go dtí an lárionad síciatrach ónar aistríodh é nó a ordú go ndéanfaí é a aistriú go dtí lárionad síciatrach eile le toil an duine a bhfuil an lárionad sin á chothabháil aige agus áireofar a choinneáil faoin ordachán sin mar choinneáil faoin ordú glactha.

(9) I gcás ina ndeimhneoidh an dochtúir oifigiúil i bhfeighil lárionaid shíciatraigh speisialta le toiliú an bhoird athbhreithnithe a d'ordaigh duine a aistriú faoi fho-alt (2) nach gá an duine sin a choinneáil agus a choimeád faoi chóireáil níos faide, déanfaidh an dochtúir oifigiúil i bhfeighil an lárionaid an duine sin a urscaoileadh.

(10) (a) Más é tuairim an dochtúra oifigiúil i bhfeighil lárionaid shíciatraigh speisialta gur gá nó go rachadh sé chun tairbhe do shláinte duine atá á choinneáil sa lárionad go ndéanfaí é a aistriú go sealadach chun cóireáil agus cúram a fháil i lárionad nó in áit eile, féadfaidh sé socrú a dhéanamh dá réir sin chun an duine a aistriú.

(b) Féadfar an duine a aistriú go dtí an lárionad nó go dtí an áit sin agus é a choinneáil ann fad is gá sin, i dtuairim an dochtúra oifigiúil i bhfeighil an lárionaid nó na háite sin agus, faoi réir fhorálacha an ailt seo, féadfar é a thabhairt ar ais ina dhiaidh sin agus é a choinneáil sa lárionad síciatrach speisialta ina raibh sé á choinneáil roimhe sin.

Urscaoileadh.

32. —(1) Más rud é, maidir le duine a bheidh á choinneáil i lárionad síciatrach, gur deimhin leis an dochtúir oifigiúil i bhfeighil an lárionaid nó an lia-chleachtóir údaraithe a mbeidh freagracht speisialta air maidir le cúram an duine sin nach gá coinneáil agus cóireáil sa lárionad níos faide ar mhaithe le sláinte nó sábháilteacht an duine nó chun daoine eile nó maoin a chosaint déanfaidh sé an duine a urscaoileadh.

(2) Duine a bheidh faoi chúram i lárionad síciatrach seachas mar othar atá á choinneáil féadfaidh sé fógra a thabhairt i scríbhinn don dochtúir oifigiúil i bhfeighil an lárionaid gur mian leis an lárionad a fhágáil tráth nach luaithe ná ceithre huaire a chloig is fiche tar éis an fógra a thabhairt agus beidh sé i dteideal agus ceadófar dó an lárionad a fhágáil tráth ar bith ar na ceithre huaire a chloig is fiche sin a bheith caite.

CUID IV

Caomhaintí D'Othair

Faisnéis faoi dhaoine atá á gcoinneáil.

33. —(1) Féadfaidh aon duine faisnéis a lorg ó bhord sláinte i dtaobh duine áirithe a bheith á choinneáil i lárionad síciatrach speisialta nó ceantair i limistéar feidhme an bhoird sláinte agus, má tá sé á choinneáil amhlaidh, i dtaobh cad é ainm agus seoladh an lárionaid agus ainm an dochtúra oifigiúil i bhfeighil an lárionaid.

(2) Féadfaidh aon duine na nithe seo a leanas a iarraidh ar dhochtúir oifigiúil i bhfeighil lárionaid shíciatraigh cheantair, speisialta nó chláraithe—

(a) faisnéis i dtaobh duine áirithe a bheith á choinneáil sa lárionad,

(b) cóip den ordú glactha faoina bhfuil duine áirithe á choinneáil,

(c) ainm an iarratasóra ar mholadh chun duine áirithe a ghlacadh,

(d) ainm aon lia-chleachtóra chláraithe a rinne moladh maidir leis an duine sin.

(3) Is i scríbhinn a bheidh iarratas faoin alt seo agus géillfear dó más deimhin leis an mbord sláinte nó leis an dochtúir oifigiúil, de réir mar a bheidh, go ndearnadh an t-iarratas de mheon macánta ar mhaithe leis an duine dá ndearnadh é agus go mbeadh sé ag cur le leas an duine sin géilleadh dó.

(4) I gcás ina ndiúltófar don iarratas cuirfidh an bord sláinte nó an dochtúir oifigiúil é sin in iúl i scríbhinn don iarratasóir.

(5) Féadfaidh duine a ndiúltófar dá iarratas a iarraidh ar bhreitheamh na Cúirte Cuarda don chuaird ina bhfuil a oifig ag an mbord sláinte nó ina bhfuil an lárionad, de réir mar a bheidh, ordú a dhéanamh á ordú don bhord sláinte nó don dochtúir oifigiúil i bhfeighil an lárionaid an fhaisnéis agus na doiciméid is gá a chur ar fáil agus comhlíonfaidh an bord sláinte nó an dochtúir oifigiúil aon ordú den sórt sin láithreach.

Doiciméid a chur ar fáil do dhaoine atá á gcoinneáil agus do dhaoine atá urscaoilte.

34. —(1) Tabharfaidh an dochtúir oifigiúil i bhfeighil lárionaid shíciatraigh ar ordú glactha a dhéanamh faoina mbeidh duine le coinneáil sa lárionad cóip den ordú agus cóip den mholadh lena ghlacadh sa lárionad don duine sin agus, ar aon ordú fadaithe a dhéanamh, tabharfaidh sé cóip den ordú sin don duine sin.

(2) Tabharfaidh an dochtúir oifigiúil i bhfeighil lárionaid shíciatraigh, ar ordú glactha a dhéanamh faoina mbeidh duine le coinneáil sa lárionad, ráiteas i scríbhinn don duine sin maidir leis na cearta agus na nithe a bhfuil teideal aige chucu faoin Acht seo.

(3) Tabharfaidh an dochtúir oifigiúil i bhfeighil lárionaid shíciatraigh nó lárionaid shíciatraigh speisialta, má iarrtar air é le réasún, cóip de gach doiciméad dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó (2) do dhuine a bheidh á choinneáil sa lárionad.

(4) Déanfaidh an dochtúir oifigiúil i bhfeighil lárionaid shíciatraigh speisialta, cheantair nó chláraithe óna n-urscaoilfear duine a bheidh á choinneáil, má dhéantar iarratas laistigh de dhá mhí dhéag tar éis é a urscaoileadh, cóip a thabhairt don duine sin den ordú glactha faoina raibh sé á choinneáil agus d'aon ordú fadaithe agus cóip den mholadh lena ghlacadh sa lárionad sin.

Litreacha a chur ar aghaidh.

35. —Déanfar gach litir a scríobhfaidh duine (ar othar é) i lárionad síciatrach speisialta, ceantair nó cláraithe a sheachadadh agus a phostáil, gan oscailt, agus cuirfidh an dochtúir oifigiúil i bhfeighil an lárionaid faoi deara na saoráidí is gá a sholáthar le haghaidh scríbhneoireachta, seachadta nó postála.

Lárionaid agus teaghlaigh a iniúchadh.

36. —(1) Tabharfaidh dochtúir oifigiúil ainmnithe de chuid an Aire cuairt uair sa bhliain ar gach lárionad síciatrach speisialta, ceantair agus cláraithe, agus déanfaidh sé iad a iniúchadh agus tabharfaidh sé tuarascáil ar an gcuairt don Aire.

(2) Beidh aon oifigeach de chuid an Aire i dteideal cuairt a thabhairt agus iniúchadh a dhéanamh ar aon lárionad den sórt sin nó ar theaghlach síciatrach de réir mar a údaróidh agus nuair a údaróidh an tAire dó sin a dhéanamh.

(3) Beidh de dhualgas ar an duine a mbeidh lárionad nó teaghlach á chothabháil aige cibé saoráidí agus faisnéis a bheidh ag teastáil ón duine a bheidh ag déanamh an iniúchta a thabhairt dó chun críocha a iniúchta.

Boird athbhreithnithe shíciatracha.

37. —(1) Beidh bord nó boird athbhreithnithe shíciatracha ann do gach limistéar bhord sláinte.

(2) Ar an mbord athbhreithnithe beidh triúr a bheidh le ceapadh ag an Aire agus duine atá nó a bhí ina abhcóide nó ina aturnae a chleacht a ghairm ar feadh 7 mbliana ar a laghad a bheidh i nduine díobh, lia-chleachtóir údaraithe a bheidh sa dara duine agus duine nach comhalta den ghairm dlí ná den ghairm liachta a bheidh sa tríú duine.

(3) Ainmneoidh an tAire comhalta de bhord athbhreithnithe le bheith ina chathaoirleach ar an mbord.

(4) I gcás nach mbeidh aon chomhalta den bhord athbhreithnithe in ann gníomhú nó má bhíonn toirmeasc air faoi fho-alt (7) gníomhú ag suí áirithe cuirfidh an cathaoirleach duine iomchuí as rolla daoine a bheidh le ceapadh ag an Aire ina ionad.

(5) Ainmneoidh cathaoirleach boird athbhreithnithe comhalta eile den bhord le bheith ina chathaoirleach ag suí áirithe den bhord mura mbeidh sé féin in ann gníomhú.

(6) 3 bliana a bheidh duine ina chomhalta de bhord athbhreithnithe nó de rolla boird athbhreithnithe mura túisce a éagfaidh sé, a éireoidh sé as oifig, nó a chuirfidh an tAire as oifig é ach féadfar comhalta a athcheapadh ar bhord nó ar rolla.

(7) I ndáil leis an athbhreithniú a bheidh á dhéanamh ar aon chás áirithe ní gaol leis an othar laistigh d'aicme a thuairiscítear in alt 14 (a) a bheidh i gcomhalta de bhord athbhreithnithe ná ní bheidh caidreamh gairmiúil aige leis ná ní comhalta a bheidh ann d'fhoireann an lárionaid ina bhfuil an t-othar á choinneáil.

(8) Féadfaidh an tAire cibé luach saothair agus caiteachas a chinnfidh sé tar éis dul i gcomhairle le hAire na Seirbhíse Poiblí a íoc le comhaltaí de bhord athbhreithnithe.

(9) Cuirfidh bord sláinte cibé foireann, cóiríocht agus saoráidí eile is gá ar fáil do bhord athbhreithnithe sa dóigh go bhféadfaidh an bord athbhreithnithe a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh.

Coinneáil a athbhreithniú.

38. —(1) Féadfar a iarraidh ar bhord athbhreithnithe athbhreithniú a dhéanamh ar choinneáil aon duine atá á choinneáil i lárionad síciatrach speisialta, ceantair nó cláraithe nó ar na coinníollacha a bhaineann le duine a urscaoileadh go coinníollach.

(2) Géillfear don iarratas más é an duine atá á choinneáil a dhéanfaidh é, sin nó—

(a) tuismitheoir nó caomhnóir an duine sin,

(b) céile an duine sin, nó deartháir nó deirfiúr an duine sin, agus é nó í os cionn 18 mbliana d'aois,

(c) mac nó iníon an duine sin, agus é nó í os cionn 18 mbliana d'aois.

(3) Más é an tAire, Uachtarán na hArd-Chúirte nó Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte a dhéanfaidh an t-iarratas, géillfear dó.

(4) Más duine éigin eile a dhéanfaidh an t-iarratas, féadfar géilleadh nó diúltú dó, de réir mar is rogha leis an mbord.

(5) Má ghéilltear d'iarratas ní mór an scrúdú a dhéanamh laistigh de mhí.

(6) Féadfar an modh chun iarratais a dhéanamh agus an nós imeachta a leanfaidh bord athbhreithnithe, lena n-áirítear socruithe arna ndéanamh aige chun scrúdú dochtúra a dhéanamh go neamhspleách ar an othar, a fhorordú.

Cinneadh an bhoird athbhreithnithe maidir le duine atá á choinneáil.

39. —(1) I gcás ina ndéanfaidh bord athbhreithnithe scrúdú faoi alt 38 ar dhuine atá á choinneáil, ansin, de réir mar is cuí leis—

(a) cinnfidh sé nach ndéanfar an duine a urscaoileadh, nó

(b) ordóidh sé an duine a urscaoileadh gan choinníoll nó faoi réir choinníollacha i ndáil le cúram agus maoirseacht a chur ar fáil don duine sin go leanúnach.

(2) Sula n-ordóidh bord athbhreithnithe duine a urscaoileadh déanfaidh sé deimhin de nach gá coinneáil agus cóireáil sa lárionad a thuilleadh ar mhaithe le sláinte nó sábháilteacht an duine nó chun daoine eile nó maoin a chosaint.

(3) I gcás ina n-ordóidh an bord athbhreithnithe an duine a urscaoileadh déanfaidh an dochtúir oifigiúil i bhfeighil an lárionaid é a urscaoileadh láithreach, faoi réir aon choinníollacha a shonróidh an bord athbhreithnithe.

(4) I gcás ina gcomhaontóidh bord athbhreithnithe, tar éis scrúdú a dhéanamh, nár cheart duine a urscaoileadh, ní ghlacfaidh an bord le hiarratas ar scrúdú eile ar an duine sin laistigh de thréimhse 6 mhí ó dháta an scrúdaithe roimhe sin.

(5) I gcás ina gcinnfidh bord athbhreithnithe, tar éis scrúdú a dhéanamh, nár cheart duine a urscaoileadh, féadfaidh an t-iarratasóir, laistigh de mhí ón am ar cuireadh cinneadh an bhoird in iúl dó, achomharc a dhéanamh chun an Aire in aghaidh an chinnte.

(6) I gcás ina ndéanfar achomharc chun an Aire faoi fho-alt (5), ainmneoidh an tAire dochtúir oifigiúil de chuid an Aire nó liachleachtóir údaraithe chun an duine a scrúdú agus tuarascáil a thabhairt dó. Tar éis an tuarascáil a scrúdú, féadfaidh an tAire, de réir mar is cuí leis, diúltú don achomharc nó féadfaidh sé a ordú an duine a urscaoileadh go coinníollach nó gan choinníoll agus déanfaidh an dochtúir oifigiúil i bhfeighil an lárionaid lena mbaineann an duine sin a urscaoileadh de réir an ordacháin ón Aire.

(7) Chun scrúdú a dhéanamh faoin alt seo beidh ag bord athbhreithnithe na cumhachtaí, na cearta agus na pribhléidí a dhílsítear don Ard-Chúirt nó do bhreitheamh den Ard-Chúirt ar chaingean a éisteacht—

(a) maidir lena thabhairt ar fhinnéithe freastal agus maidir lena gceistiú faoi mhionn nó ar shlí eile, agus

(b) maidir le hiallach a chur ar dhaoine doiciméid a thabhairt ar aird,

agus féadfar toghairm arna síniú ag cathaoirleach an bhoird athbhreithnithe nó ag cibé comhalta eile den bhord a bheidh údaraithe ag an mbord chun na críche sin, a chur in ionad aon nós imeachta foirmiúil, agus is ionann di agus d'aon nós imeachta foirmiúil, a fhéadfar a eisiúint i gcaingean chun a thabhairt ar fhinnéithe freastal agus iallach a chur ar dhaoine doiciméid a thabhairt ar aird.

(8) Féadfaidh aon dá chomhalta de bhord athbhreithnithe aon cheist a chinneadh.

Athbhreithniú ar urscaoileadh coinníollach.

40. —(1) I gcás ina ndéanfaidh bord athbhreithnithe scrúdú faoi alt 38 ar dhuine a bheidh urscaoilte go coinníollach féadfaidh sé na nithe seo a leanas a dhéanamh de réir mar is cuí leis—

(a) daingneoidh sé na coinníollacha a bhaineann leis,

(b) athróidh nó cealóidh sé na coinníollacha, nó

(c) cealóidh sé an t-ordachán chun é a urscaoileadh agus déanfaidh sé ordú san fhoirm fhorordaithe á ordú go ndéanfaí, de réir fhorálacha an ailt seo, é a ghlacadh agus a choinneáil le haghaidh cóireála i lárionad síciatrach (nach lárionad síciatrach speisialta).

(2) Beidh éifeacht le hordachán faoi fho-alt (1) (c) amhail is dá mba ordú glactha é.

(3) (a) Chun an duine lena mbaineann an t-ordú glactha a thabhairt go dtí an lárionad síciatrach iomchuí agus coimhdeacht a chur ar fáil dó lena linn, measfar gur moladh chun é a ghlacadh sa lárionad an t-ordú sin.

(3) (b) Beidh feidhm dá réir sin ag ailt 21 agus 22 faoi réir an mhodhnaithe go bhféadfaidh an bord athbhreithnithe deimhniú a thabhairt faoi alt 21 (a bhaineann le coimhdeacht).

(4) I gcás ina ndaingneoidh bord athbhreithnithe, tar éis scrúdú a dhéanamh, na coinníollacha a bhaineann le duine, ní ghlacfaidh an bord le hiarratas ar scrúdú eile ar an duine sin laistigh de thréimhse 6 mhí ó dháta an scrúdaithe roimhe sin.

(5) I gcás ina n-ordóidh bord athbhreithnithe, tar éis scrúdú a dhéanamh, duine a choinneáil, féadfaidh an duine sin nó an té a d'iarr an scrúdú, laistigh de mhí ón am ar cuireadh cinneadh an bhoird in iúl dó, achomharc a dhéanamh chun an Aire i gcoinne an ordaithe.

(6) I gcás ina ndéanfar achomharc chun an Aire faoi fho-alt (5) ainmneoidh an tAire dochtúir oifigiúil de chuid an Aire nó liachleachtóir údaraithe chun an duine a scrúdú agus chun tuarascáil a thabhairt dó faoin duine a bheith á choinneáil go leanúnach. Tar éis an tuarascáil a scrúdú, féadfaidh an tAire, de réir mar is cuí leis, diúltú don achomharc nó féadfaidh sé a ordú an duine a urscaoileadh go coinníollach nó gan choinníoll agus déanfaidh an dochtúir oifigiúil i bhfeighil an lárionaid lena mbaineann an duine sin a urscaoileadh de réir an ordacháin ón Aire.

Athbhreithniú ar choinneáil fhadtéarma.

41. —(1) I gcás ina mbeidh duine á choinneáil faoin Acht seo i lárionad síciatrach ceantair, speisialta nó cláraithe ar feadh tréimhse 2 bhliain, tabharfaidh an dochtúir oifigiúil i bhfeighil an lárionaid, mura mbeidh athbhreithniú déanta ag bord athbhreithnithe ar choinneáil an duine sin sna 6 mhí roimhe sin, tuarascáil air don bhord athbhreithnithe iomchuí laistigh de mhí agus déanfaidh an bord an choinneáil a athbhreithniú agus, de réir mar is cuí leis—

(a) cinnfidh sé nach ndéanfar an duine sin a urscaoileadh, nó

(b) ordóidh sé go ndéanfar é a urscaoileadh gan choinníoll nó faoi réir choinníollacha i ndáil le cúram nó maoirseacht a chur ar fáil don duine sin go leanúnach.

(2) Sula n-ordóidh an bord duine a urscaoileadh déanfaidh sé deimhin de nach gá coinneáil agus cóireáil sa lárionad a thuilleadh ar mhaithe le sláinte nó sábháilteacht an duine nó chun daoine eile nó maoin a chosaint.

(3) I gcás ina n-ordóidh an bord athbhreithnithe duine a urscaoileadh, déanfaidh an dochtúir oifigiúil i bhfeighil an lárionaid é a urscaoileadh láithreach, faoi réir aon choinníollacha a shonróidh an bord athbhreithnithe.

(4) Maidir le duine a bhfuiltear á choinneáil go leanúnach, tabharfaidh an lia-chleachtóir údaraithe a mbeidh freagracht shonrach air i ndáil le cúram an duine sin sa lárionad tuarascáil ar an duine sin don bhord athbhreithnithe ag deireadh gach tréimhse dhá bhliain choinneála ina dhiaidh sin agus gníomhóidh an bord de réir fhorálacha an ailt seo.

(5) I gcás ina ndéanfaidh bord athbhreithnithe faoin alt seo coinneáil duine a athbreithniú agus go gcinnfidh sé nár chóir é a urscaoileadh, féadfaidh an duine sin, nó—

(a) tuismitheoir nó caomhnóir an duine sin,

(b) céile an duine sin,

(c) deartháir nó deirfiúr an duine sin, agus é nó í os cionn 18 mbliana d'aois, nó

(d) mac nó iníon an duine sin, agus é nó í os cionn 18 mbliana d'aois,

laistigh de mhí ón am ar cuireadh cinneadh an bhoird in iúl dó, achomharc a dhéanamh chun an Aire i gcoinne an chinnte.

(6) I gcás ina ndéanfar achomharc chun an Aire faoi fho-alt (5) ainmneoidh an tAire dochtúir oifigiúil de chuid an Aire nó liachleachtóir údaraithe chun an duine lena mbaineann a scrúdú agus chun tuarascáil a thabhairt dó. Tar éis an tuarascáil a scrúdú, féadfaidh an tAire, de réir mar is cuí leis, diúltú don achomharc, nó féadfaidh sé a ordú an duine a urscaoileadh go coinníollach nó gan choinníoll agus déanfaidh an dochtúir oifigiúil i bhfeighil an lárionaid an duine sin a urscaoileadh de réir an ordacháin ón Aire.

(7) Maidir le daoine a bheidh, ag tosach feidhme an ailt seo, faoi choinneáil ar feadh dhá bhliain nó níos mó, féadfaidh an tAire le hordú fadú a dhéanamh ar an tréimhse ar dá héis a d'fhéadfaí a cheangal ar bhord athbhreithnithe a gcoinneáil a athbhreithniú agus féadfar ordú faoin bhfo-alt seo a dhéanamh go ginearálta nó maidir le lárionad áirithe nó le duine áirithe.

(8) Féadfaidh an tAire le rialacháin an tréimhse dhá bhliain dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó (4) a laghdú go dtí bliain.

Ionadaíocht.

42. —I gcás ina ndéanfaidh bord athbhreithnithe scrúdú faoin Acht seo, beidh de cheart ag an duine a mbeidh a choinneáil á scrúdú, duine eile a bheith aige chun ionadaíocht a dhéanamh dó le linn scrúdú an bhoird.

Éisteachtaí ó bhéal.

43. —Féadfaidh bord athbhreithnithe iarratas a chinneadh gan éisteacht ó bhéal a bheith ann i gcás nach n-iarrfaidh an t-iarratasóir éisteacht den sórt sin nó i gcás ar léir don bhord go mbeadh an éisteacht sin díobhálach do shláinte an duine lena mbaineann.

Toiliú maidir le modhanna teiripeacha áirithe.

44. —(1) Féadfaidh Comhairle na nDochtúirí Leighis, le toiliú an Aire, rialacha a dhéanamh de réir chleachtas liachta inghlactha—

(a) maidir le haon mhodh teiripeach sonraithe a úsáid i ndáil le haon duine chun tinneas meabhrach a chóireáil, agus

(b) a shonróidh na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh agus na réamhchúraimí a bheidh le glacadh chun cearta agus soileas na n-othar a n-úsáidfear an modh sin ina leith a chaomhnú.

(2) Ní dleathach aon mhodh a shonrófar amhlaidh a úsáid ná a chur faoi deara é a úsáid mura mbeidh toilithe leis ag an duine amhail mar a fhoráiltear sna rialacha nó, d'ainneoin fhorálacha alt 4 den Acht Sláinte, 1953 , i gcás nach mbeidh an cumas meabhrach sa duine toiliú leis, go mbeidh toilithe leis ag an duine a shonrófar sna rialacha.

Ábhair áirithe a thuairisciú don Aire.

45. —Láithreach tar éis d'aon ní acu seo a leanas tarlú i lárionad síciatrach ceantair, speisialta nó cláraithe tabharfaidh an dochtúir oifigiúil i bhfeighil an lárionaid tuairisc air don Aire agus do phríomh-oifigeach feidhmiúcháin an bhoird sláinte don limistéar ina bhfuil an lárionad—

(a) díobháil, seachas miondíobháil, do dhuine a mbeidh cúram agus cóireáil á chur ar fáil dó sa lárionad nó bás aon duine den sórt sin,

(b) ionsaí a líomhnaítear a rinneadh ar aon duine den sórt sin,

(c) aon ní eile a mbeadh mórthábhacht leis do leas na ndaoine sin.

CUID V

Ilghnéitheach

Cead ón Ard-Chúirt i gcóir imeachtaí áirithe.

46. —(1) Ní thionscnófar aon imeachtaí sibhialta i leith gnímh a n-airbheartófar é bheith arna dhéanamh de bhun an Achta seo ach amháin le cead ón Ard-Chúirt agus ní thabharfar an cead sin mura deimhin leis an Ard-Chúirt forais shubstainteacha a bheith ann chun a chur i dtuiscint gur de mheon mí-mhacánta nó gan aire réasúnach a ghníomhaigh an duine ar ina choinne a bheidh na himeachtaí le bunú.

(2) Tabharfar fógra i dtaobh iarratais ag iarraidh ceada ón Ard-Chúirt faoi fho-alt (1) don duine a mbeidh sé beartaithe na himeachtaí a thionscnamh ina choinne agus beidh an duine sin i dteideal éisteacht a fháil i gcoinne an iarratais.

(3) I gcás ina ndéanfar, le cead arna thabhairt de bhun fho-alt (1), imeachtaí a thionscnamh i leith gnímh a n-airbheartófar é bheith arna dhéanamh de bhun an Achta seo, ní dhéanfaidh an chúirt na himeachtaí a chinneadh i bhfabhar an ghearánaí mura deimhin léi gur de mheon mí-mhacánta nó gan aire réasúnach a ghníomhaigh an cosantóir.

Cosaint do dhlínse cúirte.

47. —Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear d'aon dlínse is infheidhme díreach roimh thosach feidhme an ailt seo ag Breitheamh den Ard-Chúirt nó ag Breitheamh den Chúirt Chuarda maidir le cúram agus cosaint a chur ar fáil do dhaoine agus eastáit de chuid daoine a bhfaighfear éalang mheabhrach orthu.

Táille do liachleachtóir cláraithe a dhéanfaidh scrúdú dochtúra.

48. —I gcás ina ndéanfaidh lia-chleachtóir cláraithe scrúdú dochtúra faoi alt 19 ar dhuine le lán-cháilíocht nó cáilíocht theoranta le haghaidh seirbhísí sláinte faoin Acht Sláinte, 1970 , íocfaidh an bord sláinte leis an lia-chleachtóir cláraithe cibé méid de tháille a údaróidh an tAire tar éis dul i gcomhairle le hAire na Seirbhíse Poiblí.

Idirthréimhseach.

49. —(1) Más rud é, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, go raibh duine á choinneáil faoi na hAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1966, mar othar sealadach nó mar dhuine mímheabhrach, measfar é bheith arna ghlacadh agus arna choinneáil faoin Acht seo sa lárionad síciatrach ina bhfuil sé á choinneáil ag an tosach feidhme sin.

(2) (a) I gcás othar sealadach, measfar a chóireáil agus a choinneáil a bheith údaraithe go ceann tréimhse nach faide ná 3 mhí tar éis tosach feidhme an ailt seo.

(b) I gcás duine mímheabhrach, measfar a chóireáil agus a choinneáil a bheith údaraithe go ceann tréimhse nach faide ná 12 mhí tar éis an tosach feidhme sin.

(3) Más rud é, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, go mba othar saorálach duine faoi Chuid XV den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945, measfar gur duine é a ligeadh isteach go saorálach chun cúram agus cóireáil a fháil sa lárionad síciatrach ar othar ann é ag an tosach feidhme sin.

Cosaint d'achtacháin sonraithe.

50. —(1) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear d'aon chumhacht is infheidhme díreach roimh thosach feidhme an ailt seo faoi aon achtachán a shonraítear i bhfo-alt (2) agus ní bheidh feidhm ag aon chumhacht, srian nó toirmeasc san Acht seo i ndáil le duine a bheidh á choinneáil faoi aon achtachán a shonraítear amhlaidh.

(2) Is iad seo a leanas na hachtacháin a shonraítear—

(a) ailt 17 agus 18 den Lunacy (Ireland) Act, 1821;

(b) ailt 2 agus 3 den Criminal Lunatics (Ireland) Act, 1838;

(c) alt 12 den Central Criminal Lunatic Asylum (Ireland) Act, 1845;

(d) ailt 12 agus 13 den Lunatic Asylums (Ireland) Act, 1875;

(e) alt 91 den Army Act, 1881;

(f) alt 2 den Trial of Lunatics Act, 1883;

(g) alt 17 den Criminal Justice Administration Act, 1914;

(h) ailt 202 agus 203 den Acht Cosanta, 1954 .

AN SCEIDEAL

Na hAchtacháin a Aisghairtear

Alt 7.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

Uimh. 19 de 1945 .

An tAcht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 .

An tAcht iomlán ach amháin Cuid VIII.

Uimh. 35 de 1953 .

An tAcht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1953 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 4 de 1961 .

An tAcht Cóireála Meabhair-Ghalar (Coinneáil i bhForais Cheadaithe), 1961 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 7 de 1961 .

An tAcht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961 .

An tAcht iomlán ach amháin alt 41.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Army Act, 1881

1881, c. 58

Central Criminal Lunatic Asylum (Ireland) Act, 1845

1845, c. 107

Criminal Justice Administration Act, 1914

1914, c. 58

Criminal Lunatics (Ireland) Act, 1838

1838, c. 27

An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967

1967, Uimh. 12

An tAcht Cosanta, 1954

1954, Uimh. 18

An tAcht Sláinte, 1953

1953, Uimh. 35

An tAcht Sláinte, 1970

1970, Uimh. 1

Lunacy (Ireland) Act, 1821

1821, c. 33

Lunatic Asylums (Ireland) Act, 1875

1875, c. 67

Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978

1978, Uimh. 4

An tAcht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945

1945, Uimh. 19

Trial of Lunatics Act, 1883

1883, c. 38