18 1983


Uimhir 18 de 1983


AN tACHT LOINGIS CHEANNAÍOCHTA (DÍRÍ SOLAIS), 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ MAIDIR LE DÍRÍ SOLAIS.

[29 Meitheamh, 1983]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair;

ciallaíonn “Acht 1898” an Merchant Shipping (Mercantile Marine Fund) Act, 1898.

Féadfar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1898 a leasú le hordú.

2. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1898 a leasú.

(2) Féadfaidh ordú faoin alt seo éifeacht chúlghabhálach a bheith leis ó dháta nach túisce ná an 31ú lá de Bhealtaine, 1983, agus a bheidh sonraithe san ordú agus, i gcás ina bhforálann an t-ordú an éifeacht sin a bheith leis, beidh éifeacht leis agus measfar éifeacht a bheith leis riamh amhail ar an dáta agus ón dáta a bheidh sonraithe amhlaidh chuige sin.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm.

(4) Cuirfidh an tAire faoi deara gach ordú a dhéanfar faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(5) I gcás ordú faoin alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, forléireofar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1898 agus beidh éifeacht leis faoi réir théarmaí an ordaithe.

Aisghairm.

3. —Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas d'alt 5 d'Acht 1898; is é sin—

(a) na focail go léir i ndiaidh “of this Act” i bhfo-alt 2;

(b) fo-alt (3).

Gearrtheideal, tosach feidhme, comhlua agus forléiriú.

4. —(1) Féadfar an tAcht Loingis Cheannaíochta (Dírí Solais), 1983 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1983, a ghairm de na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1981, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar iad le chéile mar aon Acht amháin, agus, gan dochar do ghinearáltacht na forála seo, déanfar tagairtí sna hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1981, do na hAchtanna Loingis Cheannaíochta a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don Acht seo.


An tAcht dá dTagraítear

Merchant Shipping (Mercantile Marine Fund) Act, 1898

1898, c. 44