19 1983


Uimhir 19 de 1983


AN tACHT UM ACHOMHAIRC ARMCHÚIRTEANNA, 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO BHUNÚ CÚIRT ACHOMHAIRC ARM-CHÚIRTEANNA, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN AN STÁT DO DHEONÚ CÚNAMH DLÍ IN AISCE I gCÁSANNA ÁIRITHE ARMCHÚIRTEANNA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS SIN. [29 Meitheamh, 1983]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Achomhairc Armchúirteanna, 1983 , a ghairm den Acht seo.

Tosach feidhme Chuid III.

2. —Tiocfaidh Cuid III den Acht seo i ngníomh cibé lá a shocrófar chuige sin le hordú ón Aire.

Mínithe.

3. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1954” an tAcht Cosanta, 1954 ;

ciallaíonn “an Chúirt” an Chúirt Achomhairc Armchúirteanna a bhunaítear le halt 9;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Cosanta.

Caiteachais.

4. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh Aire den Rialtas ag riar an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Leasú ar alt 202 d'Acht 1954.

5. —Leasaítear leis seo alt 202 d'Acht 1954—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (b) agus (c) d'fho-alt (1):

“(b) ordóidh an armchúirt go gcoinneofar an duine sin faoi choimeád in institiúid atá oiriúnach chun an duine sin a choinneáil go dtí go mbeidh sé inniúil ar a thriail a sheasamh nó go dtí go mbeidh ordaithe roimhe sin ag an Aire nó ag an Ard-Chúirt go scaoilfear saor é, agus beidh ag an gcúirt sin chun na críche sin na cumhachtaí go léir a bheadh ag breitheamh den Phríomh-Chúirt Choiriúil dá mba os a chomhair a thriailfí an cás.”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Ní gá cinneadh faoin alt seo a dhaingniú ná ní bheidh sé faoi réir a athscrúdaithe.”,

agus tá an t-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

202.—(1) Más rud é, an tráth a bheas duine a cúisíodh i gcion á thriail ag armchúirt, gur léir go bhfuil an duine sin, de dheasca gealtachta, neamhinniúil ar a thriail a sheasamh, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) cinnfidh an armchúirt go speisialta gurb amhlaidh atá;

(b) ordóidh an armchúirt go gcoinneofar an duine sin faoi choimeád in institiúid atá oiriúnach chun an duine sin a choinneáil go dtí go mbeidh sé inniúil ar a thriail a sheassamh nó go dtí go mbeidh ordaithe roimhe sin ag an Aire nó ag an Ard-Chúirt go scaoilfear saor é, agus beidh ag an gcúirt sin chun na críche sin na cumhachtaí go léir a bheadh ag breitheamh den Phríomh-Chúirt Choiriúil dá mba os a chomhair a thriailfí an cás.

(2) Ní gá cinneadh faoin alt seo a dhaingniú ná ní bheidh sé faoi réir a athscrúdaithe.

Leasú ar alt 203 d'Acht 1954.

6. —Leasaítear leis seo alt 203 d'Acht 1954—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (b) agus (c) d'fho-alt (1):

“(b) ordóidh an armchúirt go gcoinneofar an duine sin faoi choimeád in institiúid atá oiriúnach chun an duine sin a choinneáil go dtí go bhfaighfear ordú eile ón Ard-Chúirt, agus beidh ag an gcúirt sin chun na críche sin na cumhachtaí go léir a bheadh ag breitheamh den Phríomh-Chúirt Choiriúil dá mba os a chomhair a thriailfí an duine sin.”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Ní gá cinneadh faoin alt seo a dhaingniú ná ní bheidh sé faoi réir a athscrúdaithe.”,

agus tá an t-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

203.—(1) Más rud é, an tráth a bheas duine a cúisíodh i gcion á thriail ag armchúirt, gur léir go ndearna an duine sin gníomh nó neamhghníomh an chúisimh, ach go raibh sé ina gheilt tráth an ghnímh nó an neamhghnímh sin, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) cinnfidh an armchúirt go speisialta go raibh an cúisí ciontach i ngníomh nó i neamhghníomh an chúisimh ach go raibh sé ina gheilt tráth an ghnímh nó an neamhghnímh;

(b) ordóidh an armchúirt go gcoinneofar an duine sin faoi choimeád in institiúid atá oiriúnach chun an duine sin a choinneáil go dtí go bhfaighfear ordú eile ón Ard-Chúirt, agus beidh ag an gcúirt sin chun na críche sin na cumhachtaí go léir a bheadh ag breitheamh den Phríomh-Chúirt Choiriúil dá mba os a chomhair a thriailfí an duine sin.

(2) Ní gá cinneadh faoin alt seo a dhaingniú ná ní bheidh sé faoi réir a athscrúdaithe.

Leasú ar alt 215 d'Acht 1954.

7. —Leasaítear leis seo alt 215 d'Acht 1954 trí “Faoi réir ailt 202 go 204,” a chur in ionad “Faoi réir ailt 204,” agus tá an t-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

215.—Faoi réir ailt 202 go 204, ní bheidh cinneadh ná pianbhreith armchúirte bailí ach amháin sa mhéid go ndaingneoidh údarás daingniúcháin iad faoin gCaibidil seo.

Alt 224 d'Acht 1954 a shrianadh.

8. —Ní bheidh éifeacht le halt 224 d'Acht 1954 (cinneadh armchúirte a neamhniú) i ndáil le cinneadh nó pianbhreith armchúirte a bhféadfaidh an duine a ciontaíodh, de bhua ordú faoi alt 24 den Acht seo, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte ina aghaidh.

CUID II

An Chúirt Achomhairc Armchúirteanna

Bunú agus comhdhéanamh na Cúirte Achomhairc Armchúirteanna.

9. —(1) Bunaítear leis seo Cúirt Achomhairc, ar a dtabharfar an Chúirt Achomhairc Armchúirteanna (The Courts-Martial Appeal Court) agus “an Chúirt” a ghairtear di san Acht seo.

(2) Chun aon achomharc ar leith is intriailte ag an gCúirt a éisteacht agus a chinneadh, gairfear an Chúirt de réir orduithe a thabharfaidh an Príomh-Bhreitheamh, agus beidh an Chúirt comhdhéanta go cuí má bhíonn triúr breitheamh ar a laghad ar a líon—

(a) ar duine díobh—

(i) an Príomh-Bhreitheamh, nó

(ii) gnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtarach a bheidh ainmnithe ag an bPríomh-Bhreitheamh, agus

(b) arb iad an bheirt eile—

(i) beirt ghnáth-bhreitheamh den Ard-Chúirt a bheidh ainmnithe ag an bPríomh-Bhreitheamh, nó

(ii) Uachtarán na hArd-Chúirte, má bhíonn sé ainmnithe ag an bPríomh-Bhreitheamh agus toilteanach gníomhú, agus gnáth-bhreitheamh amháin den Ard-Chúirt a bheidh ainmnithe ag an bPríomh-Bhreitheamh,

ach féadfaidh aon bhreitheamh nó bhreithiúna eile den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt a bheidh ar fáil, freastal, má iarrann an Príomh-Bhreitheamh orthu é, mar chomhalta nó mar chomhaltaí den Chúirt.

Is uaschúirt taifid, etc. an Chúirt.

10. —Is uaschúirt taifid an Chúirt agus, chun críocha agus faoi réir fhorálacha na Coda seo den Acht seo, beidh cumhacht iomlán aici aon cheisteanna a chinneadh is gá a chinneadh chun an ceartas a dhéanamh sa chás os a comhair.

Cláraitheoir na Cúirte.

11. —(1) Feidhmeoidh Cláraitheoir na Cúirte Uachtaraí mar Chláraitheoir ar an gCúirt agus comhallfaidh agus comhlíonfaidh sé i ndáil leis an gCuirt gach uile dhualgas agus feidhm a chomhallann agus a chomhlíonann cláraitheoir cúirte de ghnáth, agus beidh aige agus feidhmeoidh sé freisin cibé cumhachtaí agus údaráis agus comhallfaidh agus comhlíonfaidh sé cibé dualgais agus feidhmeanna a shannfar dó ó am go ham le reacht nó le riail chúirte faoi alt 23 den Acht seo.

(2) Beidh Cláraitheoir na Cúirte Uachtaraí faoi réir orduithe an Phríomh-Bhreithimh maidir le gach uile ábhar a bhaineann le seoladh na coda sin de ghnó na Cúirte a gceanglaítear leis an dlí gur breitheamh amháin nó níos mó de bhreithiúna na Cúirte a dhéanfaidh é nó gur os comhair breithimh amháin nó níos mó de bhreithiúna na Cúirte a dhéanfar é.

(3) Is in Oifig Chláraitheoir na Cúirte Uachtaraí a dhéanfar gnó na Cúirte (ach amháin cibé gnó a gceanglaítear de thuras na huaire leis an dlí gur breitheamh amháin nó níos mó de bhreithiúna na Cúirte a dhéanfaidh é nó gur os comhair breithimh amháin nó níos mó de bhreithiúna na Cúirte a dhéanfar é).

Suíonna agus nós imeachta na Cúirte.

12. —(1) I mBaile Átha Cliath a shuífidh an Chúirt ach amháin i gcásanna ina dtabharfaidh an Príomh-Bhreitheamh orduithe speisialta gur in áit éigin eile a shuífidh sí.

(2) Is é a bheidh ina Uachtarán ar an gCúirt cibé comhalta a bheidh i láthair agus i dteideal tosaíocht a bheith aige ar na comhaltaí eile, agus is de réir na tuairime a bheidh ag tromlach na gcomhaltaí i láthair a chinnfear gach uile cheist a bheidh os comhair na Cúirte, ach, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, is é Uachtarán na Cúirte, nó cibé comhalta eile den Chúirt a ordóidh an tUachtarán, a fhógróidh breithiúnas na Cúirte, agus ní dhéanfaidh aon chomhalta eile den Chúirt aon bhreithiúnas maidir leis an gcinneadh ar aon cheist a fhógairt ar leithligh.

Ceart achomhairc chun na Cúirte.

13. —Féadfaidh duine a bheidh ciontaithe ag armchúirt achomharc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh chinneadh nó phianbhreith (ar bheith daingnithe di) na harmchúirte nó in aghaidh an chinnidh sin agus na pianbhreithe sin.

Achomharc chun na Cúirte Uachtaraí.

14. —(1) Is cinneadh críochnaitheach cinneadh na Cúirte ar aon achomharc nó ábhar eile atá ar a cumas a chinneadh, agus ní bheidh ábhar achomhairc ann ón gCúirt chun na Cúirte Uachtaraí, mura ndeimhneoidh an Chúirt nó an tArd-Aighne go bhfuil ponc dlí lena ngabhann tábhacht phoiblí as cuimse i gceist sa bhreith agus gur inmhianaithe, ar mhaithe le leas an phobail, achomharc ón duine a ciontaíodh a thabhairt chun na Cúirte Uachtaraí agus, sa chás sin, féadfaidh sé achomharc a thabhairt chun na Cúirte Uachtaraí, agus is breith chríochnaitheach dhochloíte breith na Cúirte sin.

(2) Más rud é, ar cheist dlí, go mbreithneofar achomharc chun na Cúirte i bhfabhar an achomharcóra, feadfaidh an freagróir san achomharc, gan dochar don bhreith i bhfabhar an achomharcóra, an cheist dlí a tharchur chun na Cúirte Uachtaraí lena cinneadh.

(3) Is é an tArd-Aighne a shocróidh an ráiteas faoin gceist dlí atá le tarchur chun na Cúirte Uachtaraí faoi fho-alt (2) den alt seo.

(4) Sannfaidh an Chúirt Uachtarach abhcóide chun argóint a dhéanamh i bhfabhar na breithe dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo.

Iarratais idirbhreitheacha.

15. —I gcás ina ndéanfaidh duine a bheidh ciontaithe ag armchúirt achomharc chun na Cúirte, féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh nó aon bhreitheamh den Chúirt Uachtarach a bheidh ainmnithe ag an bPríomh-Bhreitheamh chun na críche sin, aon iarratas idirbhreitheach i ndáil leis an achomharc a éisteacht agus a chinneadh.

Orduithe iarmhartacha ón gCúirt.

16. —I gcás duine a bheidh ciontaithe ag armchúirt do thabhairt fógra achomhairc don Chúirt, beidh de chumhacht ag an gCúirt gach uile ordú iarmhartach is oiriúnach léi a dhéanamh, lena n-áirítear—

(a) i gcás achomharcóir is comhalta d'Óglaigh na hÉireann, ordú chun oibriú pianbhreithe pianseirbhíse, príosúnachta nó coinneála a chur ar fionraí go dtí go gcinnfear an t-achomharc, agus

(b) i gcás achomharcóir nach comhalta d'Óglaigh na hÉireann, ordú chun an t-achomharcóir a ligean faoi bhannaí ar cibé téarmaí is cuí leis an gCúirt go dtí go gcinnfear an t-achomharc.

An Chúirt d'éisteacht achomhairc.

17. —(1) Is ar na himeachtaí i dtriail an achomharcóra a éistfidh agus a chinnfidh an Chúirt achomharc a rinneadh chun na Cúirte, ach beidh cumhacht ag an gCúirt fianaise nua nó fianaise bhreise a éisteacht agus aon ní a tharchur le tuarascáil a fháil ó uachtarán nó ó abhcóide breithiúnais na harmchúirte a thriail an t-achomharcóir.

(2) I gcás inar deimhin leis an gCúirt nach indéanta tuarascáil a fháil ó uachtarán na harmchúirte nó go mbainfeadh moill mhíchuí leis, féadfaidh sí an t-ábhar a tharchur le tuarascáil a fháil ó aon chomhalta eile den armchúirt.

Dlínse na Cúirte.

18. —(1) Beidh dlínse ag an gCúirt an ciontú a dhaingniú nó a fhreaschur go hiomlán nó go páirteach, agus an phianbhreith a loghadh nó a laghdú, nó í a mhéadú nó a athrú ar shlí eile, agus, i gcoitinne, cibé ordú a dhéanamh, lena n-áirítear aon ordú i leith costas, is gá chun an ceartas a dhéanamh sa chás os comhair na Cúirte.

(2) Féadfaidh an Chúirt, d'ainneoin gurb é a tuairim go bhféadfaí pointe a tógadh in achomharc a bhreithniú i bhfabhar an achomharcóra, an t-achomharc a dhíbhe más dóigh léi nár tharla aon iomrall ceartais iarbhír.

(3) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt ciontú a fhreaschur ina iomláine, beidh dlínse ag an gCúirt ordú a dhéanamh á údarú an duine a bhfuarthas an ciontú ina leith a atriail mar gheall ar chion arb é an cion céanna é ab ábhar don chiontú agus ordóidh sí gurb é an Stát a íocfaidh costais an achomhairc agus costais na trialach nua a chuirfear ar an duine cúisithe, murab é tuairim na Cúirte gurb í an chosaint ba chúis nó ba chionchúis leis an achomharc agus an triail nua a bheith riachtanach.

(4) Aon uair a dhéanfar ordú i gcomhair atrialach faoin alt seo, féadfar an duine ar i leith a chiontaithe a rinneadh an t-ordú, d'ainneoin aon ní in Acht 1954 nó in aon riail dlí, a chúiseamh agus a thriail arís agus, má fhaightear ciontach é, féadfar pianbhreith a ghearradh air mar gheall ar an gcion ab ábhar don chiontú.

Cinneadh go bhfuil duine ciontach ach ina gheilt.

19. —Más rud é, ar aon achomharc, go bhfeicfear don Chúirt, cé go ndearna an t-achomharcóir an gníomh nó an neamhghníomh ar cúisíodh é ina leith, go raibh sé ina gheilt an tráth a ndearnadh an gníomh nó an neamhghníomh sa dóigh nach raibh sé freagrach de réir dlí as an ngníomh nó as an neamhghníomh, féadfaidh an Chúirt an phianbhreith a gearradh ag an triail a neamhniú agus a ordú go ndéanfar an t-achomharcóir a choinneáil i gcoimeád amhail mar a dhéanfaí dá mba í an Chúirt Achomhairc Choiriúil a chinn an cás ar achomharc in aghaidh chiontú ar díotáil.

Ciontuithe agus pianbhreitheanna ag an gCúirt, etc.

20. —(1) Más rud é, ar aon achomharc, go gcuirfidh an Chúirt, in ionad an chiontaithe, ciontú ina mhalairt de chion nó go malartóidh sí an phianbhreith ar phianbhreith eile, measfar, chun críocha na nAchtanna Cosanta, 1954 go 1979, agus aon ionstraim arna déanamh faoi na hAchtanna sin, gur cinneadh nó gur pianbhreith chuí-dhaingnithe ó armchúirt an ciontú nó an phianbhreith sin.

(2) D'ainneoin alt 206 d'Acht 1954, féadfaidh an Chúirt le hordú socrú a dhéanamh maidir leis an dáta a thosóidh pianbhreith a mhalartaigh sí, nó a ghearr armchúirt agus nár athraigh an Chúirt, nó a ghlacfaidh pianbhreith den sórt sin éifeacht.

Forghníomhú pianbhreithe báis a iarchur.

21. —I gcás pianbhreith bháis arna gearradh ag armchúirt—

(a) ní dhéanfar, in aon chás, an phianbhreith a fhorghníomhú go dtí go mbeidh an t-am caite ar laistigh de a fhéadfar fógra um achomharc chun na Cúirte a thabhairt de réir rialacha cúirte, agus

(b) má thugtar fógra den sórt sin amhlaidh, éistfear agus cinnfear an t-achomharc chomh luath agus is féidir, agus ní dhéanfar an phianbhreith a fhorghníomhú go dtí go mbeidh cinneadh déanta ar an achomharc.

Achomharc a chosaint.

22. —Is é an duine a chomóir an armchúirt ag ar triaileadh an t-achomharcóir, nó a chomharba oifige agus é curtha ar a chumas go cuí armchúirteanna a chomóradh, a ghabhfaidh air féin achomharc faoin gCuid seo den Acht seo a chosaint.

Rialacha cúirte.

23. —Déanfaidh Coiste Rialacha na nUaschúirteanna, le comhthoiliú an Aire Dlí agus Cirt, rialacha cúirte chun críocha na Coda seo den Acht seo.

Feidhm Chuid II.

24. —Beidh éifeacht le forálacha na Coda seo den Acht seo i ndáil le ciontuithe ag armchúirteanna a bhfuil nó a raibh a gcinntí fógartha cibé lá nó tar éis cibé lá (roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis) a shocróidh an tAire le hordú faoin alt seo.

CUID III

Cúnamh Dlíthiúil

Mínithe do Chuid III.

25. —Sa Chuid seo den Acht seo—

ciallaíonn “deimhniú um chúnamh dlíthiúil” deimhniú um chúnamh dlíthiúil (réamh-imeachtaí), deimhniú um chúnamh dlíthiúil (armchúirt), deimhniú um chúnamh dlíthiúil (an Chúirt Achomhairc Armchúirteanna) nó deimhniú um chúnamh dlíthiúil (an Chúirt Uachtarach);

ciallaíonn “an t-údarás forordaithe” an duine a bhforordaítear le rialacháin faoi alt 33 den Acht seo gurb é an t-údarás forordaithe é chun críocha na Coda seo den Acht seo.

Deimhniú um chúnamh dlíthiúil (réamh-imeachtaí).

26. —I gcás—

(a) ina gcúiseofar duine (dá ngairtear “an cúisí” san alt seo) i gcion in aghaidh an dlí mhíleata, agus

(b) ina gceadaíonn rialacha a rinne an tAire faoi alt 240 d'Acht 1954 don chúisí abhcóide nó aturnae a bheith ag feidhmiú dó le linn don chúiseamh a bheith á imscrúdú nó don fhianaise a bheith á breacadh síos de bhun na rialacha sin (nó le linn don imscrúdú sin a bheith á dhéanamh agus don fhianaise sin a bheith á breacadh síos),

ansin, má fheictear don údarás forordaithe—

(i) nach leor acmhainn an chúisí chun go mbeadh ar a chumas cúnamh dlíthiúil a fháil, agus

(ii) gur gá ar mhaithe leis an gceartas, mar gheall ar thromaíocht an chúisimh nó imthosca eisceachtúla, go mbeadh cúnamh dlíthiúil aige le linn don chúiseamh a bheith á imscrúdú nó don fhianaise a bheith á breacadh síos (nó le linn don imscrúdú sin a bheith á dhéanamh agus don fhianaise sin a bheith á breacadh síos),

déanfaidh an t-údarás forordaithe, ar iarratas a dhéanamh chuige chun na críche sin, deimhniú um chúnamh dlíthiúil in aisce (dá ngairtear “deimhniú um chúnamh dlíthiúil (réamh-imeachtaí)” sa Chuid seo den Acht seo) a dheonú i leith an chúisí agus as a aithle sin beidh an cúisí i dteideal an cúnamh dlíthiúil sin a fháil agus aturnae agus (i gcás é a bheith cúisithe i gcion báis nó i ndúnmharú agus gur oiriúnach leis an údarás forordaithe é) abhcóide a bheith ar sannadh dó don imscrúdú sin nó do bhreacadh síos sin na fianaise (nó don imscrúdú sin agus do bhreacadh síos sin na fianaise) i cibé slí a bheidh forordaithe le rialacháin faoi alt 33 den Acht seo.

Deimhniú um chúnamh dlíthiúil (armchúirt).

27. —(1) I gcás—

(a) ina ndéanfar ordú chun duine (dá ngairtear “an cúisí” san alt seo) a thriail ag armchúirt, agus

(b) ina ndéanfaidh an t-údarás forordaithe deimhniú um chúnamh dlíthiúil in aisce (dá ngairtear “deimhniú um chúnamh dlíthiúil (armchúirt)” sa Chuid seo den Acht seo) a dheonú i leith an chúisí,

beidh an cúisí i dteideal cúnamh dlíthiúil in aisce a fháil ag ullmhú agus ag stiúradh a chosanta ag an triail agus i dteideal aturnae agus (i gcás inar oiriúnach leis an údarás forordaithe é) abhcóide a bheith ar sannadh dó chun na críche sin i cibé slí a bheidh forordaithe le rialacháin faoi alt 33 den Acht seo.

(2) Féadfar deimhniú um chúnamh dlíthiúil (armchúirt) a dheonú i leith an chúisí más rud é (ach ar an gcuntar sin amháin)—

(a) go ndéanfar iarratas faoina choinne sin,

(b) go bhfeicfear don údarás forordaithe nach leor acmhainn an chúisí chun go mbeadh ar a chumas cúnamh dlíthiúil a fháil, agus

(c)    (i) gur triail i gcúis bháis nó i gcúis dúnmharaithe an triail, nó

(ii) go bhfeicfear don údarás forordaithe gur gá ar mhaithe leis an gceartas, ag féachaint d'imthosca uile an cháis (lena n-áirítear cineál na cosanta sin, más ann, atá bunaithe) go mbeadh cúnamh dlíthiúil ag an gcúisí ag ullmhú agus ag stiúradh a chosanta ag an triail dó.

Deimhniú um chúnamh dlíthiúil (an Chúirt Achomhairc Armchúirteanna).

28. —(1) I gcás—

(a) ina gciontóidh armchúirt duine (dá ngairtear “an cúisí” san alt seo), agus

(b) ina ndéanfaidh an t-údarás forordaithe, nó ina ndéanfar faoi fho-alt (3) den alt seo, deimhniú um chúnamh dlíthiúil in aisce (dá ngairtear “deimhniú um chúnamh dlíthiúil (an Chúirt Achomhairc Armchúirteanna)” sa Chuid seo den Acht seo) a dheonú i leith an chúisí,

beidh an cúisí i dteideal cúnamh dlíthiúil in aisce a fháil ag ullmhú agus ag stiúradh achomhairc in aghaidh chinneadh nó phianbhreith na harmchúirte nó in aghaidh an chinnidh sin agus na pianbhreithe sin agus i dteideal aturnae agus abhcóide a bheith ar sannadh dó chun na críche sin i cibé slí a bheidh forordaithe le rialacháin faoi alt 33 den Acht seo.

(2) Deonófar deimhniú um chúnamh dlíthiúil (an Chúirt Achomhairc Armchúirteanna) i leith an chúisí más rud é (ach ar an gcuntar sin amháin)—

(a) go ndéanfar iarratas faoina choinne sin,

(b) go bhfeicfear don údarás forordaithe nach leor acmhainn an chúisí chun go mbeadh ar a chumas cúnamh dlíthiúil a fháil, agus

(c)    (i) gur ciontú i gcion báis nó i ndúnmharú an ciontú, nó

(ii) go bhfeicfear don údarás forordaithe gur gá ar mhaithe leis an gceartas, mar gheall ar thromaíocht an chiona nó imthosca eisceachtúla, go mbeadh cúnamh dlíthiúil ag an gcúisí ag ullmhú agus ag stiúradh achomhairc dó.

(3) I gcás ina ndiúltóidh an t-údarás forordaithe deimhniú um chúnamh dlíthiúil (an Chúirt Achomhairc Armchúirteanna) don chúisí, féadfaidh sé an deimhniú a iarraidh ar an gCúirt—

(a) trí litir a sheolfar chuig cláraitheoir na Cúirte ina leagfar amach fíorais an cháis agus forais an iarratais, nó

(b) trí iarratas chun na Cúirte féin,

agus deonóidh an Chúirt an deimhniú más rud é (ach ar an gcuntar sin amháin)—

(i) go bhfeicfear don Chúirt nach leor acmhainn an chúisí chun go mbeadh ar a chumas cúnamh dlíthiúil a fháil, agus

(ii)  (I) gur ciontú i gcion báis nó i ndúnmharú an ciontú, nó

(II) go bhfeicfear don chúirt gur gá ar mhaithe leis an gceartas, mar gheall ar thromaíocht an chiona nó imthosca eisceachtúla, go mbeadh cúnamh dlíthiúil ag an gcúisí ag ullmhú agus ag stiúradh achomhairc dó.

Deimhniú um chúnamh dlíthiúil (an Chúirt Uachtarach).

29. —(1) I gcás—

(a) ina gcúiseofar duine (dá ngairtear “an cúisí” san alt seo) i gcion in aghaidh an dlí mhíleata,

(b) ina dtabharfar achomharc chun na Cúirte Uachtaraí in aghaidh chinneadh ón gCúirt i ndáil leis an gcion nó leis an bpionós a gearradh (má gearradh) ina leith, agus

(c) ina ndéanfaidh an Chúirt, nó ina ndéanfar faoi fho-alt (3) den alt seo, deimhniú um chúnamh dlíthiúil in aisce (dá ngairtear “deimhniú um chúnamh dlíthiúil (an Chúirt Uachtarach)” sa Chuid seo den Acht seo) a dheonú i leith an chúisí,

beidh an cúisí i dteideal cúnamh dlíthiúil in aisce a fháil ag ullmhú agus ag stiúradh a cháis dó i ndáil leis an achomharc agus i dteideal aturnae agus abhcóide a bheith ar sannadh dó chun na críche sin i cibé slí a bheidh forordaithe le rialacháin faoi alt 33 den Acht seo.

(2) Deonófar deimhniú um chúnamh dlíthiúil (an Chúirt Uachtarach) más rud é (ach ar an gcuntar sin amháin)—

(a) go ndéanfar iarratas faoina choinne sin, agus

(b) go bhfeicfear don Chúirt nach leor acmhainn an chúisí chun go mbeadh ar a chumas cúnamh dlíthiúil a fháil.

(3) I gcás ina ndiúltóidh an Chúirt deimhniú um chúnamh dlíthiúil (an Chúirt Uachtarach) don chúisí, féadfaidh sé an deimhniú a iarraidh ar an gCúirt Uachtarach—

(a) trí litir a sheolfar chuig cláraitheoir na Cúirte Uachtaraí ina leagfar amach fíorais an cháis agus forais an iarratais, nó

(b) trí iarratas chun na Cúirte Uachtaraí féin,

agus deonóidh an Chúirt Uachtarach an deimhniú más rud é (ach ar an gcuntar sin amháin) go bhfeicfear don chúirt sin nach leor acmhainn an chúisí chun go mbeadh ar a chumas cúnamh dlíthiúil a fháil.

Caiteachais a bhaineann le cúnamh dlíthiúil a íoc.

30. —(1) I gcás ina ndeonófar deimhniú um chúnamh dlíthiúil (réamh-imeachtaí) i leith duine, déanfar, faoi réir rialacháin faoi alt 33 den Acht seo, aon táillí, costais nó caiteachais eile faoina rachfar go cuí ag ullmhú agus ag stiúradh chás an duine i ndáil leis na himeachtaí lena mbaineann an deimhniú a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) I gcás ina ndeonófar deimhniú um chúnamh dlíthiúil (armchúirt) i leith duine, déanfar, faoi réir rialacháin faoi alt 33 den Acht seo, aon táillí, costais nó caiteachais eile faoina rachfar go cuí ag ullmhú agus ag stiúradh na cosanta lena mbaineann an deimhniú a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(3) I gcás ina ndeonófar deimhniú um chúnamh dlíthiúil (an Chúirt Achomhairc Armchúirteanna) nó deimhniú um chúnamh dlíthiúil (an Chúirt Uachtarach) i leith duine, déanfar, faoi réir rialacháin faoi alt 33 den Acht seo, aon táillí, costais nó caiteachais eile faoina rachfar go cuí ag ullmhú agus ag stiúradh chás an duine i ndáil leis an achomharc lena mbaineann an deimhniú a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Alt 18 a shrianadh.

31. —(1) I gcás ina ndeonófar deimhniú um chúnamh dlíthiúil (réamh-imeachtaí) nó deimhniú um chúnamh dlíthiúil (armchúirt) i leith duine, ní bheidh dlínse ag an gCúirt faoi alt 18 den Acht seo costais a dhámhachtain don duine i leith imeachtaí lena mbaineann an deimhniú.

(2) I gcás ina ndeonófar deimhniú um chúnamh dlíthiúil (an Chúirt Achomhairc Armchúirteanna) i leith duine, ní bheidh dlínse ag an gCúirt faoi alt 18 den Acht seo costais a dhámhachtain don duine i leith imeachtaí cúirte lena mbaineann an deimhniú.

Ráiteas maidir le hacmhainn.

32. —Sula ndeonófar deimhniú um chúnamh dlíthiúil do dhuine, féadfaidh an t-údarás forordaithe, an chúirt nó an breitheamh, de réir mar a bheidh, a bheidh ag deonú an deimhnithe a cheangal ar an duine sin ráiteas scríofa a thabhairt i cibé foirm a bheidh forordaithe ag an Aire le rialacháin faoi alt 33 den Acht seo maidir le hábhair is iomchuí chun a chinneadh cé acu is leor nó nach leor a acmhainn chun go mbeadh ar a chumas cúnamh dlíthiúil a fháil.

Rialacháin.

33. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don Chuid seo den Acht seo agus féadfar, go sonrach, na nithe seo a leanas a fhorordú sna rialacháin—

(a) foirm na ndeimhnithe um chúnamh dlíthiúil,

(b) rátaí nó scálaí íocaíochta aon táillí, costas nó caiteachas eile is iníoctha as airgead a sholáthróidh an tOireachtas de bhun na ndeimhnithe sin, agus

(c) an tslí ina sannfar aturnaetha agus abhcóidí de bhun na ndeimhnithe sin.

(2) Ní dhéanfar rialacháin faoin alt seo maidir leis na hábhair a shonraítear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo gan toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Pionós mar gheall ar ráitis atá bréagach nó míthreorach.

34. —(1) Aon duine a dhéanfaidh go feasach, chun cúnamh dlíthiúil in aisce a fháil faoin gCuid seo den Acht seo, cibé acu dó féin nó do dhuine éigin eile é, ráiteas bréagach nó uiríoll bréagach ó bhéal nó i scríbhinn nó aon fhíoras ábhartha a cheilt, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £100 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air.

(2) Ar dhuine a chiontú i gcion faoin alt seo, féadfaidh an chúirt a chiontóidh an duine, más oiriúnach leis an gcúirt é in imthosca an cháis, a ordú don duine, i gcás aon suim a íocadh faoi alt 30 den Acht seo maidir leis an gcúnamh dlíthiúil in aisce a ndearnadh an cion ina leith, an tsuim sin go léir nó cuid di (de réir mar is cuí leis an gcúirt) a íoc leis an Aire, agus aon suim a íocfar leis an Aire de bhun an ailt seo íocfar isteach sa Státchiste í nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste í de réir treoracha an Aire Airgeadais.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Cosanta, 1954

1954, Uimh. 18

Na hAchtanna Cosanta, 1954 go 1979