34 1983


Uimhir 34 de 1983


AN tACHT DEOCHANNA MEISCIÚLA (AN CEOLÁRAS NÁISIÚNTA), 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN CEADÚNAS A DHEONÚ Á ÚDARÚ DEOCHANNA MEISCIÚLA A DHÍOL AG DÁLAIS ÁIRITHE AG AN gCEOLÁRAS NÁISIÚNTA, BAILE ÁTHA CLIATH. [13 Nollaig, 1983]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1981;

ciallaíonn “an Chuideachta” Cuideachta an Cheolárais Náisiúnta;

ciallaíonn “an Ceoláras” an t-áitreabh dá ngairtear an Ceoláras Náisiúnta agus atá suite in Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath;

ciallaíonn “dálas” coirm cheoil nó comhdháil sa Cheoláras a ligtear daoine isteach chuici ar tháille a íoc nó trí chuireadh, agus, i gcás ina mairfidh dálas níos mó ná lá amháin, measfar, chun críocha an Achta seo, gur dálas ar leithligh an chuid den dálas a sheolfar aon lá.

Ceadúnas chun deochanna meisciúla a dhíol sa Cheoláras.

2. —(1) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna, deonóidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar iarratas chucu ón gCuideachta, ceadúnas don Chuideachta nó do dhuine a ainmneoidh an Chuideachta chun deochanna meisciúla a dhíol sa Cheoláras.

(2) Oibreoidh ceadúnas faoin alt seo, le linn an ama a mbeidh an Ceoláras á áitiú ag an gCuideachta, chun údarás a thabhairt, i gcaitheamh na tréimhse dar tosach 30 nóiméad sula dtosóidh dálas agus dar críoch uair an chloig tar éis dó críochnú, ach ní aon tráth eile, deochanna meisciúla a dhíol sa Cheoláras, chun a gcaite ann, le daoine a bheidh ag freastal ar an dálas nó ag glacadh páirt ann agus le daoine ar fostú sa Cheoláras,

(3) Duine a dhíolfaidh deochanna meisciúla sa Cheoláras ar shlí seachas de réir ceadúnais faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion, agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(4) Ar cheadúnas a dheonú faoin alt seo, scoirfidh aon cheadúnas faoi na hAchtanna a bhaineann leis an gCeoláras d'éifeacht a bheith leis.

Srian le forálacha áirithe de na hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1981.

3. —Ní bheidh feidhm i ndáil leis an gCeoláras ag ailt 4 agus 5 agus Cuid III den Acht Deocha Meisciúla, 1927 , ag alt 11 den Acht Deochanna Meisciúla, 1962 , ná ag forálacha na nAchtanna i ndáil le tráthanna toirmiscthe.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht Deochanna Meisciúla (An Ceoláras Náisiúnta), 1983 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1983, a ghairm de na hAchtanna agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Deocha Meisciúla, 1927

1927, Uimh. 15

An tAcht Deochanna Meisciúla, 1962

1962, Uimh. 21

Na hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1981