36 1983


Uimhir 36 de 1983


AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ), 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH FORÁIL CHUN LÍON COMH-ALTAÍ DHÁIL ÉIREANN A SHOCRÚ AGUS CHUN DÁILCHEANTAIR A ATHMHEAS AGUS DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE TOGHADH NA gCOMHALTAÍ SIN. [14 Nollaig, 1983]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil.

Líon comhaltaí Dháil Éireann.

2. —Tar éis an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith, is céad seasca is sé chomhalta an líon comhaltaí a bheidh i nDáil Éireann.

Dáilcheantair.

3. —(1) Tar éis an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith, beidh comhaltaí Dháil Éireann ina n-ionadóirí do na dáilcheantair a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Aon limistéar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo measfar gurb é an limistéar sin é mar a bhí sé an 1ú lá d'Eanáir, 1983, ach má éiríonn aon amhras cad é an dáilcheantar ina bhfuil aon bhaile fearainn nó aon chuid de bhaile fearainn, nó aon bhóthar nó sráid nó aon chuid de bhóthar nó de shráid, nó aon chuid de bharda, cinnfidh an tAire an t-amhras.

(3) Sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo déanfar tagairt do shean-tuathcheantar a fhorléiriú mar thagairt don cheantar sin mar a bhí sé díreach roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1925.

An líon comhaltaí a thoghfar do dháilcheantar.

4. —Toghfar do dháilcheantar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo an líon comhaltaí atá leagtha amach ina leith sa tríú colún den Sceideal sin.

Socruithe sealadacha maidir le clár na dtoghthóirí.

5. —(1) I gcás ceantar vótaíochta nó cuid de cheantar vótaíochta a bheith i ndáilcheantar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus nach ionann a achar agus achar aon dáilcheantair a bheidh ann ar dháta an Achta seo a rith, féadfaidh an tAire a fhoráil le hordú go dtaifeadfar ainm an dáilcheantair sin maidir leis an gceantar vótaíochta, nó leis an gcuid den cheantar vótaíochta, i ngach dréachtchlár, liosta éilitheoirí, clár toghthóirí agus liosta ceartuithe a ullmhófar faoi Chuid II den Acht Toghcháin, 1963 , agus a fhoilseoidh údarás clárúcháin roimh an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis dháta an Achta seo a rith.

(2) Murab ionann achar dáilcheantair a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus achar aon dáilcheantair a bheidh ann ar dháta an Achta seo a rith, déanfaidh an t-údarás clárúcháin nó na húdaráis chlárúcháin lena mbaineann liosta nó liostaí de phostvótálaithe a ullmhú ina leith a luaithe is féidir tar éis dháta an Achta seo a rith.

Aisghairm.

6. —(1) Aisghairtear leis seo an tAcht Toghcháin (Leasú), 1980 .

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh díreach ar an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis dháta an Achta seo a rith.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

7. —(1) Féadfar an tAcht Toghcháin (Leasú), 1983 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1973, an tAcht Toghcháin (Leasú) (Uimh. 2), 1980 agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1983, a ghairm díobh le chéile.

AN SCEIDEAL

Dáilcheantair

Ainm

Limistéar

An Líon Comhaltaí

Ceatharlach-Cill Chainnigh.           ...

Contaetha riaracháin Cheatharlach agus Chill Chainnigh.

Cúigear

An Cabhán-Muineachán         ...

Contaetha riaracháin an Chabháin agus Muineachán.

Cúigear

An Clár       ...       ...

Contae riaracháin an Chláir.

Ceathrar

Corcaigh Thoir      ...

Na toghranna ceantair seo a leanas:

An Cóbh (Tuath) i sean-Tuathcheantar Chorcaí;

Áth an Chairn, Baile Átha hÚlla, an Baile Nua, an Charraig, Dún Galláin, Carragán Éide, Caisleán O Liatháin, Baile Chaisleáin an Róistigh, Cúl Chollainge, Cora Ghlas, Mainistir Fhear Maí (Tuath), Gleannúir Thoir, Gleannúir Thiar, Gort na Sceiche, Gort an Rú, Coill na Corra, Cill Cumair, Cill Daighnin, Cill Aithche, Cill Uird, Cnoc Muirne, Liatroim, Ráth Chormaic, Cnocán na Biolraí, i sean-Tuathcheantar Mhainistir Fhear Maí;

Baile Cloch, Baile na Móna, Cill na Mallach, Cathair Dubhgáin, an Charraig, Claonabhar, Dún ar Aill, Cill Mac Leinín, Mala (Tuath), Móin an Ime, Rathain, an Seanbhaile Mór, Sceachanach, Baile an Fháltaigh, i sean-Tuathcheantar Mhala;

Baile an Teampaill, Baile Choitín, Baile Uí Spalláin, Carraig Thuathail, Baile na Martra, Cluain Molt, Cluain, Corcach Beag, Daingean Uí Dhonnabháin, Dún Guairne, Garraí Bhóithe, Íochtar Morogha, Inse, Lios Gúl, Mainistir na Corann (Tuath), Maigh Dhíle, Ros Tialláin, Teampall Buadán, Teampall na Carraige, i sean-Tuathcheantar Mhainistir na Corann;

Baile Artúir, Doire Ó bhFaoileáin, Fairche, Cill Dairbhre, Cill Gallán, Cill Faolán, Baile an Mharasclaigh, Baile Mhistéala, Teampall Molaga, i sean-Tuathcheantar Bhaile Mhistéala Uimh. 1;

Ardachadh, Cluain Príost, Cill Crónait, Cill Ia, Cill Modomhnóg, Eochaill (Tuath), i sean-Tuathcheantar Eochaille Uimh. 1;

agus ceantair uirbeacha an Chóibh, Mhainistir Fhear Maí, Mhala, Mhainistir na Corann agus Eochaille.

Ceathrar

Corcaigh Thuaidh-Lár           ...       ...

I gcontaebhuirg Chorcaí, na bardaí seo a leanas:

Baile an Locha A, an Linn Dubh A, an Linn Dubh B, an Lár A, an Lár B, Páirc an Teampaill, Halla na Cathrach A, Halla na Cathrach B, an Coimín, Cnocán an Aonaigh A, Cnocán an Aonaigh B, Cnocán an Aonaigh C, Fearann Phiarais A, Fearann Phiarais B, Fearann Phiarais C, Mainistir Ghiolla Aodha A, Mainistir Ghiolla Aodha B, Mainistir Ghiolla Aodha C, Garrán na mBráthar A, Garrán na mBráthar B, Garrán na mBráthar C, Garrán na mBráthar D, Garrán na mBráthar E, Cnoc an Aonaigh, an Mhuirdhíog, Baile na mBocht, Montenotte A, Montenotte B, Naomh Pádraig A, Naomh Pádraig B, Naomh Pádraig C, Seana-Choill, Seandún A, Seandún B, an Geata Theas A, an Geata Theas B, Tobar Rí an Domhnaigh A, Tobar Rí an Domhnaigh B, an Gleann A, an Gleann B, Tivoli A, Tivoli B;

agus, i gcontae riaracháin Chorcaí na toghranna ceantair seo a leanas:

Baile na gCloch, an Linn Dubh, an Bhlarna, Cathair Laga, Carraig na bhFear, Carraig Ruacháin (Beag), an Druipseach, Sliabh na Giúise, Gleann an Phréacháin, an Dún Glas, Cill Liath, Cnoc an Tóiteáin, Cnoc Rátha, Maigh Tuaith, Ráth Cuanna, Baile Roisín, Naomh Muire, an Teampall Geal, i sean-Tuathcheantar Chorcaí.

Cúigear

Corcaigh Thiar Thuaidh     ...       ...

Contae riaracháin Chorcaí, ach amháin na codanna de atá i ndáilcheantair Chorcaí Thoir, Chorcaí Thuaidh-Lár, Chorcaí Theas-Lár agus Chorcaí Thiar Theas.

Triúr

Corcaigh Theas-Lár

Contaebhuirg Chorcaí, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar Chorcaí Thuaidh-Lár;

agus, i gcontae riaracháin Chorcaí, na toghranna ceantair seo a leanas:

Baile an Chollaigh, Baile Garbháin, Baile an Easpaig, Carraig Uí Leighin, Dúglas, Dún Darú, Inis Cionaigh, Leithineach, Baile an Mhanaigh (Tuath), Baile an Mhanaigh (Uirbeach), na hUamhanna, i sean-Tuathcheantar Chorcaí;

Baile Feá Aird, Baile an Phoill, Baile an Mhoirtéalaigh, Carraig Uí Leighin, Cuillinn, Fearann Bhriain, Cill Mosheanóg, Cill Pádraig, Cinnabhair, Lios Cléirigh, Nuachabháil, Teampall Bríde, Teampall Michíl, i sean-Tuathcheantar Chionn tSáile.

Cúigear

Corcaigh Thiar Theas

Na toghranna ceantair seo a leanas:

Baile na Daibhche, Baile Muadán, Droichead na Bandan, Barr Liath, an Buailtín, Caiseal, Inis Eonáin, Cill Briotáin, Cill Brógáin, Cnoc Rua, Ráth Cláirín, i sean-Tuathcheantar Dhroichead na Bandan;

Beanntraí (Tuath), Beanntraí (Uirbeach), Dubhros Thoir, Dubhros Thiar, Gleannloch, an Gleann Garbh, Caolchoill, Cill Cascán, Maolach, Scairt, Suí Finn, Rinn Mhuintir Bháire, Faoide, i sean-Tuathcheantar Bheanntraí;

Eadargóil, Béarra, Cuailleach, Cora Ghlas, Cill Ceatigheirn, Cill Achadh nAoineach, Cill na Manach, i sean-Tuathcheantar Bhaile an Chaisleáin;

Mainistir Ó mBádhamhna, Ard Ó bhFicheallaigh, an Airgidín, Baile an Bhuitléirigh, an Chathair Mhór, Caisleán na Gaoithe, Cloich na Coillte (Tuath), Cúil Curraichín, Cúirt Mhic Shéafraidh, Doire, Cill Ciarán Mór, Cill Moloda Thoir, Cill Moloda Thiar, Cill Maidhlearán, Cill na gCros, na Cnoic, Ráth an Bharraigh, Ros Ó gCairbre, an Ros Mór, Teampall Ó Malghus, Tigh Molaige, i sean-Tuathcheantar Chloich na Coillte;

Baile an Ghoirtín, Baile Muine, Draighneach, Dún Mánmhaí Thuaidh, Dún Mánmhaí Theas, Meilleán, i sean-Tuathcheantar Dhún Mánmhaí;

Béal Átha an Spidéil, Baile Mhac Chéin, Cúl Méin, Cionn tSáile (Tuath), Leathfhearann, Liathmhuine, i sean-Tuathcheantar Chionn tSáile;

Achadh Dúin Thuaidh, Achadh Dúin Theas, an Bhréadach, Cathrach, Cléire, Carraig Bhán, Baile an Chaisleáin Thuaidh, Baile an Chaisleáin Theas, Cloch Dónaill, Cluain Chaoin, Draighneach, Drom Dhá Liag Thuaidh, Drom Dhá Liag Theas, na Garráin, Gort na Scríne, Cill Fachtna Beag, Cillín Liath, Cnoc Sceach, Maigh-Ros, Sraoilleán, an Sciobairín (Tuath), Tulach, na Doiríní, i sean-Tuathcheantar an Sciobairín;

Baile Bán, Béal an dá Chab, Cuailleach, an Cruachán, Dún Béacáin, Dún Mánais, an Góilín, Cill Cótha, Lubhghortán, an Scoil, an Tuar Mór, i sean-Tuathcheantar na Scoile;

agus na ceantair uirbeacha seo a leanas: Cloich na Coillte, Cionn tSáile agus an Sciobairín.

Triúr

Dún na nGall Thoir Thuaidh     ...       ...

Na toghranna ceantair seo a leanas:

Ard Mhálanna, Baile Lifín, Inis na nÉanlaithe, Bun Cranncha (Tuath), Droim na Bearta, Carn Domhnach, Carrthaigh, an Teampall Maol, Cill Mhic an Tréin, Cúil Dabhcha, Díseart Éigne, Dún Damh, Fathain, Gleann Ó gCanann, Gleann Daoile, Gleann Tóchair, an Caisleán Nua, na hUillí, Inis Cuileantraí, Cill Doire, Cill Aodha, Málainn, Mínteach, Bun an Phobail, an Baile Nua, Carraig Mhic Uidhilín, an tSráid, Ard an Chrainn, Tuar Móin, an Caiseal Bán, i sean-Tuathcheantar Inis Eoghain;

Baile Mac Cumhaill, an Caisleán Riabhach, Mín an Lábáin, Cor an Mhadaidh, Éadan an Charnáin, Gartán, Gort na bhFearn, Coillidh Masnaidh, Cinn Crathaigh, Leitir Ceanainn (Tuath), an Machaire Buí, Mainéar Uí Chuinneagáin, Suí Corr, Teampall Dúghlaise, i sean-Tuathcheantar Leitir Ceanainn;

Baile Átha Dhaire, Carraig Airt, an Cheathrú Chaol, Creamhghort, Fanad Thuaidh, Fanad Thiar, an Gleann, Gleann Eala, Dún Glas, Cill Uí Gharbháin, Cill Mhic Réanáin, Cnoc Eala, Loch Caol, Baile na nGallóglach, Ráth Mealtain, Ráth Maoláin, Ros Goill, Ros na Cille, an Tearmann, i sean-Tuathcheantar Bhaile na nGallóglach;

Cluain Lao Thuaidh, Cluain Lao Theas, Feada Glas, Fiadhghort, Mín Charraigeach, Ráth Bhoth, Baile Suingean, Triantach Muclach, i sean-Tuathcheantar Shrath an Urláir;

agus ceantair uirbeacha Bhun Cranncha agus Leitir Ceanainn.

Triúr

Dún na nGall Thiar Theas

Contae riaracháin Dhún na nGall, ach amháin an chuld de atá i ndáilcheantar Dhún na nGall Thoir Thuaidh.

Triúr

Baile Átha Cliath Láir

I gcontaebhuirg Bhaile Átha Cliath, na bardaí seo a leanas:

Cé Árann A, Cé Árann B, Cé Árann C, Cé Árann D, Cé Árann E, an Baile Bocht A, an Baile Bocht B, an Chabrach Thoir A, an Chabrach Thoir B, an Chabrach Thoir C, an Chabrach Thiar A, an Chabrach Thiar B, an Chabrach Thiar C, an Chabrach Thiar D, an Chabrach Thiar E, Cluain Tarbh Thiar D, Cluain Tarbh Thiar E, Droim Conrach Theas A, Droim Conrach Theas B, Droim Conrach Theas C, Glas Naíon A, Glas Naíon B, Cé na gCúir teanna A, Cé an gCúirteanna B, Cé na gCúirteanna C, Moinseo A, Moinseo B, an Chathair Thuaidh, an Duga Thuaidh A, an Duga Thuaidh B, an Duga Thuaidh C, an Rotunda A, an Rotunda B.

Cúigear

Baile Átha Cliath Thuaidh     ...       ...

I gcontae riaracháin Bhaile Átha Cliath, na toghranna ceantair seo a leanas:

Baile Brigín (Tuath), Baile Brigín (Uirbeach), Baile Bachaille, Baile na Scadán, Baile Bhlainséir (ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar), Cluain Meathan, Domhnach Bat, Fionnghlas (ach amháin na codanna de atá i ndáilceantair Bhaile Atha Cliath Thiar Thuaidh agus Bhaile Átha Cliath Thiar), Baile Gháire, Ráth Halabhóid, Inis Pádraig, Cill Shalcháin, Cill Sáile, Lusca, Mullach Íde, an Ros, na Sceirí, Sord Thoir agus Sord Thiar;

agus na bailte fearainn seo a leanas:

Baile Mhic Thorcail, Both Umair, an Bhuirgéiseach, an Chluainseach, Baile na Maighne, Cill Dúiligh, Snugborough, i dtoghroinn cheantair na Cúlóige;

Coltraí, Baile Munna, Baile Hunt, Saileog, i dtoghroinn cheantair Dhroim Conrach (Tuath) Uimhir a hAon;

Baile Munna, Baile Sruain, Baile Uí Choileáin, an Coimín, Coltraí, Baile Dardas, Baile Hunt, an Charraig, Seantrabh (an chuid de atá lastuaidh de líne arna tarraingt feadh lár Lána na Cúlóige), Diméin Sheantraibh, Tornapain Mór, Tornapain Beag, i dtoghroinn cheantair Dhroim Conrach (Tuath) Uimhir a Dó.

Triúr

Baile Átha Cliath Thuaidh-Lár

I gcontaebhuirg Bhaile Átha Cliath, na bardaí seo a leanas:

Ard Aidhin C, Ard Aidhin D, Ard Aidhin E, Ard Aidhin F, Ard Aidhin G, Ard Aidhin H, Cluain Tarbh Thoir A, Cluain Tarbh Thoir B, Cluain Tarbh Thoir C, Cluain Tarbh Thoir D, Cluain Tarbh Thoir E, Cluain Tarbh Thiar A, Cluain Tarbh Thiar B, Cluain Tarbh Thiar C, an Chúlóg C, an Chúlóg D, Droim Conrach Thuaidh A, Droim Conrach Thuaidh B;

agus, i gcontae riaracháin Bhaile Átha Cliath:

an chuid de bhaile fearainn Choill Mhór (Mór) i dtoghroinn cheantair na Cúlóige, laisteas de líne arna tarraingt feadh lár Lána na Cúlóige agus Bhóthar Oscair Mhic Thréinfhir;

an chuid de bhaile fearainn Sheantraibh, i dtoghroinn cheantair Dhroim Conrach (Tuath) Uimhir a Dó, laistigh de líne arna tarraingt mar a leanas:

ag tosú ag an bpointe is faide ó thuaidh inarb é lár Bhóthar Shoird teorainn chontaebhuirg Bhaile Átha Cliath, as sin ó thuaidh feadh lár Bhóthar Shoird go dtí a acomhal le Lána na Cúlóige, as sin soir feadh lár Lána na Cúlóige go dtí an áit a dtrasnaíonn teorainn thoir bhaile fearainn Sheantraibh í, as sin ó dheas feadh na teorann thoir sin go dtí an áit a dtrasnaíonn teorainn na contaebhuirge sin í, as sin ag tosú ó dheas agus ag gabháil ar aghaidh feadh na teorann sin is deireanaí a luadh go dtí an pointe is faide ó thuaidh a dúradh.

Ceathrar

Baile Átha Cliath Thoir Thuaidh         ...

I gcontaebhuirg Bhaile Átha Cliath, na bardaí seo a leanas:

Ard Aidhin A, Ard Aidhin B, Baile Dúill, Beann Éadair A, Beann Éadair B, an Chúlóg A, an Chúlóg B, Ráth Éanaigh A, Ráth Éanaigh B;

agus, i gcontae riaracháin Bhaile Átha Cliath, toghroinn cheantair na Cúlóige (ach amháin na codanna di atá i ndáilcheantair Bhaile Átha Cliath Thuaidh agus Bhaile Átha Cliath Thuaidh-Lár).

Ceathrar

Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh         ...

I gcontaebhuirg Bhaile Átha Cliath, na bardaí seo a leanas:

Droim Conrach Thuaidh C, Fionnghlas Thoir A, Fionnghlas

Thoir B, Fionnghlas Thoir C, Fionnghlas

Thoir D, Fionnghlas Thoir E, Fionnghlas

Thoir F, Fionnghlas Thiar A, Fionnghlas

Thiar B, Fionnghlas Thiar C, Seantrabh A, Seantrabh B;

agus, i gcontae riaracháin Bhaile Átha Cliath, na toghranna ceantair seo a leanas:

Droim Conrach (Tuath) Uimhir a hAon (ach amháin an chuid di atá i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thuaidh) agus Droim Conrach (Tuath) Uimhir a Dó (ach amháin na codanna di atá i ndáilcheantair Bhaile Átha Cliath Thuaidh agus Bhaile Átha Cliath Thuaidh-Lár);

agus na bailte fearainn seo a leanas: Baile Shéarlais, Baile Shéamais Mór, Baile Shéamais Beag, Baile Méic, Bile Phaipín i dtoghroinn cheantair Fhionnghlaise, agus an chuid sin de bhaile fearainn Chill Dónáin i dtoghroinn cheantair Fhionnghlaise, atá lastoir de líne shamhailteach a nascann—

(a) an pointe a dtrasnaíonn teorainn thiar Uimh. 114 Eastát Northway teorainn chontaebhuirg Bhaile Átha Cliath, agus

(b) an pointe, lámh le Corrán Phluincéid, a dtrasnaíonn imeall thiar Ascaill Cheapaí teorainn na contaebhuirge sin.

Ceathrar

Baile Átha Cliath Theas        ...     ...

I gcontaebhuirg Bhaile Átha Cliath, na bardaí seo a leanas:

Pembróc Thoir D, Ráth Fearnáin B, Ráth Fearnáin C, Ráth Fearnáin Theas;

agus, i gcontae riaracháin Bhaile Átha Cliath, na toghranna ceantair seo a leanas:

Dún Droma Uimhir a hAon, Dún Droma Uimhir a Dó, Dún Droma Uimhir a Trí, Dún Droma Uimhir a Ceathair, Dún Droma Uimhir a Cúig, Gleann Cuileann, Baile an Mhuilinn Uimhir a hAon, Baile an Mhuilinn Uimhir a Dó, Ráth Fearnáin Uimhir a hAon, Ráth Fearnáin Uimhir a Dó, Stigh Lorgan Uimhir a hAon, Teampall Geal;

agus an chuid sin de thoghroinn cheantair Thamhlacht Uimhir a hAon atá laisteas de lár Abhainn na Dothra.

Cúigear

Baile Átha Cliath Theas-Lár          ...

I gcontaebhuirg Bhaile Átha Cliath, na bardaí seo a leanas:

Baile Formaid G, Baile Formaid H, Cromghlinn A, Cromghlinn B, Cromghlinn C, Cromghlinn D, Cromghlinn E, Cromghlinn F, Caminse A, Caminse B, Caminse C, Caminse D, Caminse E, Cé na gCeannaithe A, Cé na gCeannaithe B, Cé na gCeannaithe C, Cé na gCeannaithe D, Cé na gCeannaithe E, Cé na gCeannaithe F, Ráth Fearnáin D, Tír an Iúir A, Tír an Iúir B, Tír an Iúir C, Cé Uiséar B, Cé Uiséar C, Cé Uiséar D, Cé Uiséar E;

agus, i gcontae riaracháin Bhaile Átha Cliath, na toghranna ceantair seo a leanas:

Tír an Iúir Uimhir a hAon, Tír an Iúir Uimhir a Dó, Tír an Iúir Uimhir a Trí.

Cúigear

Baile Átha Cliath Thoir Theas     ...

I gcontaebhuirg Bhaile Átha Cliath, na bardaí seo a leanas:

Teach an Ard-Mhéara A, Teach an Ard-Mhéara B, Pembróc Thoir A, Pembróc Thoir B, Pembróc Thoir C, Pembróc Thoir E, Pembróc Thiar A, Pembróc Thiar B, Pembróc Thiar C, Ráth Fearnáin A, Ráth Maonais Thoir A, Ráth Maonais Thoir B, Ráth Maonais Thoir C, Ráth Maonais Thoir D, Ráth Maonais Thiar A, Ráth Maonais Thiar B, Ráth Maonais Thiar C, Ráth Maonais Thiar D, Ráth Maonais Thiar E, Ráth Maonais Thiar F, an Malartán Ríoga A, an Malartán Ríoga B, Naomh Caoimhín, an Duga Theas, Cé na Coille A, Cé na Coille B.

Ceathrar

Baile Átha Cliath Thiar Theas         ...

I gcontae riaracháin Bhaile Átha Cliath, na toghranna ceantair seo a leanas:

Cluain Dolcáin Uimhir a hAon, Cluain Dolcáin Uimhir a Dó, an Caisleán Nua, Ráth Cúil, Teach Sagard, Tamhlacht Uimhir a Dó, Tamhlacht Uimhir a Trí, Tír an Iúir Uimhir a Ceathair;

agus an chuid sin de thoghroinn cheantair Thamhlacht Uimhir a hAon atá lastuaidh de lár Abhainn na Dothra.

Ceathrar

Baile Átha Cliath Thiar       ...     ...

I gcontaebhuirg Bhaile Átha Cliath, na bardaí seo a leanas:

Baile Formaid A, Baile Formaid B, Baile Formaid C, Baile Formaid D, Baile Formaid E, Baile Formaid F, Cill Mhaighneann A, Cill Mhaighneann B, Cill Mhaighneann C, Páirc an Fhionnuisce, Cé Uiséar A, Cé Uiséar F;

agus, i gcontae riaracháin Bhaile Átha Cliath, na toghranna ceantair seo a leanas:

Caisleán Cnucha, Cluain Saileach, Leamhcán Uimhir a hAon, Leamhcán Uimhir a Dó, Baile Phámar Uimhir a hAon, Baile Phámar Uimhir a Dó;

agus na bailte fearainn seo a leanas: Baile an Aba, Baile Bhlainséir, Cor Dubh, Baile an Deaghanaigh, Dún Sinche, Baile Hunt (i bparóiste Mhullach Eadrad), an Bealach Beag, Baile Scriobail, Cnoc na gCaorach, i dtoghroinn cheantair Bhaile Bhlainséir;

agus baile fearainn Dhroichead Chairdif i dtoghroinn cheantair Fhionnghlaise.

Cúigear

Dún Laoghaire       ...

I gcontae riaracháin Bhaile Átha Cliath, na toghranna ceantair seo a leanas:

an Baile Breac Uimhir a hAon, an Baile Breac Uimhir a Dó, Ráth Michíl, Stigh Lorgan Uimhir a Dó, Stigh Lorgan Uimhir a Trí, Stigh Lorgan Uimhir a Ceathair, Stigh Lorgan Uimhir a Cúig;

agus buirg Dhún Laoghaire.

Cúigear

Gaillimh Thoir

Na toghranna ceantair seo a leanas:

Mainistir Uí Ghormacáin, Áth Eascrach, Eachroim, Béal Átha na Sluaighe (Tuath), Baile Mhic an Bhaird, Cluain Fearta, Cluain Tuaiscirt, Baile an Ruáin, Cill Chonaill, Cill Aodhán, Cill Fhalachtán, Cill Odhráin, Cill Iúir, Cill Mac Seáin, Cill Tormóir, an Choill Mhóir, an Baile Mór, Lios Maine, Cúil an Choirce, i sean-Tuathcheantar Bhéal Átha na Sluaighe Uimh 1;

Currach Mór, Gleann na Madadh, Cill Tulach, Ráithín, Screig, Seanchill, i sean-Tuathcheantar Ghleann na Madadh;

an Aill, Baile na gCearr, Breaclach, Bollán, Ceapa Lusca, Cluain Chaoin, Baile Uí Chlúmhain, Doire Láir, Droim Caora, Mainistir na Gráige, an Ghráinseach, Cill Íomair, Cill Mian, Cill Rícill, Cill tSeiscill, Leaca Liath, Liatroim, Loch an Tóraic, Baile Locha Riach (Tuath), Baile Locha Riach (Uirbeach), an Creigin, Sliabh, Ráth Fulrach, Teach Dáchonna, an Ghráig, i sean-Tuathcheantar Bhaile Locha Riach;

Eanach, Baile na Cille, an Chealtrach, Gallach, Caisleán Frinseach, Cluain Broc, Cluain Chaoin, Baile Colbha, Doire an Ghlasáin, Cill Fhear Odhrán, Cill Liatháin, an Creagán, an Baile Íochtair, Teach Buí, i sean-Tuathcheantar an Chreagáin;

Rann na Mainistreach, an Baile Glas, an Cuas, Darú, Droman, Dún an Uchta, Cill Íomair, Cill Molingóg, Cill Cúán, Míleac, an Móta, Pailís, Port Omna, Tír Chinn Eascrach, Tíne, i sean-Tuathcheantar Phort Omna;

an Mhainistir Thoir, an Mhainistir Thiar, Eadarghóil, Baile na Páirce, Béal Chláir, Ceathrú na gCorr, Ceathrú Riach, Cluain Bheirn, Cluain Chaoin, Dúbhaile, Dún Mór Thuaidh, Dún Mór Theas, Poll an tSionnaigh, Leamhchoill, Cill Beanán, Cillín, Cill Fhear Éireann, Cill Seanbhotha, Leathbhaile, Baile an Mhuilinn, Muine Mheá, Maighean, Cnoc an tSeagail, Tobar an Dois, Tuaim (Tuath), Tuaim (Uirbeach), i sean-Tuathcheantar Thuama;

agus ceantar uirbeach Bhéal Átha na Sluaighe.

Triúr

Gaillimh Thiar     ...

Contae riaracháin na Gaillimhe, ach amháin na codanna de atá i ndáilcheantair na Gaillimhe Thoir agus Ros Comáin.

Cúigear

Ciarraí Thuaidh     ...

Na toghranna ceantair seo a leanas:

Cill Fheidhlim, i sean-Tuathcheantar Chill Airne;

Ardachadh, Eas Daoi, Baile an Chlochair, Baile Conraoi, an Baile Dubh, Baile Aogáin, Baile Uí Argáin, Béal, Carraig, an Tóchar, Cluain Tiobraid, Droim Mhártain, Dubháth, Inis Mhór, Gallán, Baile Uí Dhonncha, Cill Feichne, Cill Eithne, Cill Lamhraí, Cill Maighne, Cill Seanán, Cill Tóma, Liatroim, Lios Lachtín, Lios Eiltín, Lios Tuathail (Tuath), Leic Snámha, Maigh Inse, Maigh Mheáin, Ráth Aodha, Srón Abhann, Tairbeart, an Tearmann, Trian Iarthach, Urlaí, i sean-Tuathcheantar Lios Tuathail;

Mainistir Ó dTorna, Airibeile, Ard Fhearta, Baile Aogáin, Baile Uí Thaidhg, Baile na hEaglaise, Baile an Óraigh, Baile Ó Síoda, Banna, Cathair Uí Mhóráin, Brosnach, Oileán Ciarraí, Clochar Bhriain, Cordal, Crionna, Dún, na Gnímh, Ceann Duimhche, Cill Flainn, Cill Leathan, Cill Muire, Cnoc na gCaiseal, Leaca Bhán, Cnocán an Iolair, Nuachongbháil, Ó Braonáin, Ráth Teas, Trá Lí (Tuath), Tiobraid, i sean-Tuathcheantar Thrá Lí;

agus ceantair uirbeacha Lios Tuathail agus Thrá Lí.

Triúr

Ciarraí Theas     ...

Contae riaracháin Chiarraí ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar Chiarraí Thuaidh.

Triúr

Cill Dara     ...     ...

Contae riaracháin Chill Dara

Cúigear

Laois-Uíbh Fhailí     ...

Contaetha riaracháin Laoise agus Uíbh Fhailí.

Cúigear

Luimneach Thoir     ...

Na Toghranna ceantair seo a leanas:

Feadamair, an Ghráinsigh, Cill Péacán, an Ráth Mhór, i sean-Tuathcheantar Chromadh;

An Brú, Cathair Coirne, An tOspideéal, Cill Tíle, Cnoc Áine, Cnoc Loinge, Iúr Gearr, i sean-Tuathcheantar Chill Mocheallóg;

Mainistir Uaithne, Baile Bricin, Baile Cuimín, Béal Atha Síomóin, Baile Uí Mheadhra, Cathair Chinn Lis Thoir, Cathair Chinn Lis Thiar, Cathair Ailí, an Cheapach Mhór, Caisleán Uí Chonaill, Cluain Chaoin, an Dún Thiar, Gleann Státhail, Cill Muire, Luimneach Thuaidh (Tuath), Luimneach Theas (Tuath), Baile an Róistigh, i sean-Tuathcheantar Luimnigh Uimh. 1;

Bile Bua, an Dún Theas, Cnoc Gréine, Úlla, Teampall Uí Bhrídeáin, i sean-Tuathcheantar Thiobraid Árann Uimh. 2;

agus contaebhuirg Luimnigh.

Cúigear

Luimneach Thiar     ...

Contae riaracháin Luimnigh ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar Luimnigh Thoir.

Triúr

An Longfort-An Iarmhí     ...     ...

Contae riaracháin an Longfoirt agus contae riaracháin na hIarmhí, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar na Mí.

Ceathrar

Lú     ...     ...     ...

Contae riaracháin Lú.

Ceathrar

Maigh Eo Thoir     ...

Na toghranna ceantair seo a leanas:

Ardachadh, Ard na Ria Thuaidh, Ard na Ria Theas (Tuath), Áth Tí an Mheasaigh Thoir, Áth Tí an Mheasaigh Thiar, Béal an Átha (Tuath), Baile an Chaisil, Baile Easa Caoire, Béal Deirg Mór, Bun an Mhíle, an Cheathrú Mhór, Cros Mhaoilíona Thuaidh, Cros Mhaoilíona Theas, Caisleán na Daoile, an Doire, Port-Oileán, Cill Fian Thoir, Cill Fian Theas, Cill Fian Thiar, Cill Garbhán, Cill Ala, Leacain Thuaidh, Leacain Theas, an Leitir Bhric, Ard Faolchon, Ráth Coma, Cnoc na Saileach, an Sraithín, i sean-Tuathcheantar Bhéal an Átha;

Cuan Ard, Maolla, Cill Chomáin, i sean-Tuathcheantar Bhaile an Róba;

Baile an Daighin, Béal Átha hAmhnais, Baile Uí Amhalghaidh, Béacán, an Corrán, Clár Chlainne Mhuiris, an Clochar Mór, Cúrsa, Cros Baoithín, Cúil na Cleithe, an Garraí Mór, Cill Colmán, Cill Mhidheán, an Cnoc Thuaidh, an Cnoc Theas, Lochán Buí, Maigh Eo, Muirnín, Teach Chaoin, i sean-Tuathcheantar Chlár Chlainne Mhuiris;

Achadh Mór, Béal an Átha Móir, Both Chomhla, Breac-Chluain, an Caladh, Cluain Mhór, Cúl na hAithche, Cúil Dubh, Caisleán an Dumha, Coill Bheitheach, Cill Cheallaigh, Cill Aodán, Cill Mobhí, Coillte Mach, Míleac, Sonnach, Béal Átha na Muice, Tuath Canánach, Tuaim Mhór, Tuaim Geis, Urlár, i sean-Tuathcheantar Bhéal Átha na Muice;

Balla agus na bailte fearainn seo a leanas:

Ardchluain, Log an Phúca, Baile Átha Leathain, Ceathrú an Chaisleáin, Ceathrú an Ghabhann, Cluain Conra, Corr na nDamh, Goirtín, an Ghreallach, agus Uchtach, i dtoghroinn cheantair na Sráide, i sean-Tuathcheantar Chaisleán an Bharraigh;

agus ceantar uirbeach Bhéal an Átha.

Triúr

Maigh Eo Thiar     ...

Contae riaracháin Mhaigh Eo, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar Mhaigh Eo Thoir.

Triúr

An Mhí     ...     ...

Contae riaracháin na Mí;

agus, i gcontae riaracháin na hIarmhí, na toghranna ceantair seo a leanas:

Baile an Locha, Bealach Áth an Iúir, Baile na Sceach, Breaclainn, Cluain Earnan, Baile na gCailleach, Copperalley, Dealbhna, Baile Fachalta, Baile Fhobhair Thoir, Baile Fhobhair Thiar, Baile an Chnoic, Cill Cuimne, Cill Luatha, Cill Uailleach, Cill Pádraig, Cinn Toirc, Aibhneach, Ros Míde, i sean-Tuathcheantar Dhealbhna.

Cúigear

Ros Comáin     ...

Contae riaracháin Ros Comáin;

agus, i gcontae riaracháin na Gaillimhe, na toghranna ceantair seo a leanas:

Baile na Stac, Béal Átha Mó, Baile na Cille, Buíbheanach, na Creaga, Oileán Cheapaigh Dhónaill, Cill Cróine, Teampall an Tóchair, Tobar Rua, i sean-Tuathcheantar Ghleann na Madadh.

Triúr

Sligeach-Liatroim     ...

Contaetha riaracháin Shligigh agus Liatroma.

Ceathrar

Tiobraid Árann Thuaidh     ...     ...

Contae riaracháin Thiobraid Árann, an Trian Thuaidh.

Triúr

Tiobraid Árann Theas     ...     ...

Contae riaracháin Thiobraid Árann, an Trian Theas;

agus, i gcontae riaracháin Phort Láirge, na toghranna ceantair seo a leanas:

Baile Mhac Cairbre, Gráig na nGabhar, an Goirtín, Cill Mochoma, Cill Rónáin, Naomh Muire, i sean-Tuathcheantar Chluain Meala Uimh. 2.

Ceathrar

Port Láirge     ...

Contae riaracháin Phort Láirge, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar Thiobraid Árann Theas;

agus contaebhuirg Phort Láirge.

Ceathrar

Loch Garman     ...

Contae riaracháin Loch Garman.

Cúigear

Cill Mhantáin     ...

Contae riaracháin Chill Mhantáin.

Ceathrar

Na hAchtanna dá dTagraítear

Na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1973

An tAcht Toghcháin, 1963

1963, Uimh. 19

An tAcht Toghcháin (Leasú), 1980

1980, Uimh. 17

An tAcht Toghcháin (Leasú) (Uimh. 2), 1980

1980, Uimh. 40