18 1984

/images/harp.jpg


Uimhir 18 de 1984


AN tACHT UM MÍ-ÚSÁID DRUGAÍ, 1984


RIAR NA nALT

Alt

1.

Míniú.

2.

Mínithe nua ar “cannabas” agus ar “poipín óipiam” agus leasuithe eile ar alt 1 (1) den Phríomh-Acht.

3.

Imscrúdú ar chás má mheasann an tAire go bhfuil forais ann chun treoir speisialta a thabhairt.

4.

Treoir shealadach tráth imscrúdú faoi alt 8 a bheith ar feitheamh.

5.

É a bheith ina chion leabhair áirithe etc. a chur i gcló etc., faisnéis áirithe a thabhairt agus a bheith i seilbh doiciméad áirithe.

6.

Pionóis.

7.

Pionóis i leith cionta faoi na hAchtanna Custam a bhaineann le drugaí rialaithe.

8.

Cumhacht na cúirte chun duine a ciontaíodh i gcion lena mbaineann alt 7 a athchur agus chun tuarascáil a fháil agus i gcásanna áirithe socrú a dhéanamh le cóireáil liachta nó cóireáil eile nó aireachas a chur ar fáil don duine sin.

9.

Cionta lena mbaineann alt 7; toimhde, cosaintí, etc.

10.

Luach fianaiseach deimhnithe áirithe.

11.

Leasú ar ailt 17 agus 19 den Phríomh-Acht.

12.

Leasú ar alt 23 den Phríomh-Acht.

13.

Leasú ar alt 26 den Phríomh-Acht.

14.

Leasuithe ilghnéitheacha ar an bPríomh-Acht.

15.

Aisghairm.

16.

Gearrtheideal, tosach feidhme, comhlua agus forléiriú.

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Mí-Úsáid Drugaí, 1977

1977, Uimh. 12

Na hAchtanna Custam

/images/harp.jpg


Uimhir 18 de 1984


AN tACHT UM MÍ-ÚSÁID DRUGAÍ, 1984

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN DLÍ A BHAIN-EANN LE MÍ-ÚSÁID DRUGAÍ ÁIRITHE ATÁ CONT-ÚIRTEACH NÓ ATÁ DÍOBHÁLACH AR BHEALAÍ EILE. [18 Iúil, 1984]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Mí-Úsáid Drugaí, 1977.

Mínithe nua ar “cannabas” agus ar “poipín óipiam” agus leasuithe eile ar alt 1 (1) den Phríomh-Acht.

2. —Leasaítear leis seo alt 1 (1) den Phríomh-Acht—

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “cannabas”:

“ciallaíonn ‘cannabas’ (ach amháin i ‘roisín cannabais') aon phlanda den ghéineas Cannabis nó aon chuid d'aon phlanda den sórt sin (cibé ainm a thugtar air nó uirthi) ach ní fholaíonn sé roisín cannabais ná aon táirge de na táirgí seo a leanas tar éis a scartha ón gcuid eile d'aon phlanda den sórt sin, eadhon—

(a) gas lánaibí aon phlanda den sórt sin,

(b) snáth a tháirgtear ó ghas lánaibí den sórt sin, nó

(c) síol aon phlanda den sórt sin;”;

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “poipín óipiam”:

“ciallaíonn ‘poipín óipiam’ planda den speiceas Papaver somniferum LPapaver bracteatum Lindl;”;

(c) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “treoir shealadach”:

“ciallaíonn ‘treoir shealadach’ treoir faoi alt 9 den Acht seo;”; agus

(d) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “Comhairle na dTréidlianna”:

“folaíonn ‘árthach’ sciorrárthach;”.

Imscrúdú ar chás má mheasann an tAire go bhfuil forais ann chun treoir speisialta a thabhairt.

3. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 8 den Phríomh-Acht:

“8.—(1) Má mheasann an tAire go bhféadfadh forais a bheith ann chun treoir speisialta a thabhairt bunóidh sé coiste fiosrúcháin láithreach, a bheidh comhdhéanta de réir aon rialachán faoi alt 12 den Acht seo atá bainteach leis, agus a luaithe is feidir tar éis an coiste sin a bheith bunaithe tarchuirfidh sé an t-ábhar i gceist chuig an gcoiste lena imscrúdú agus cuirfidh sé ráiteas i dtaobh na bhforas sin chuig an gcoiste nuair a bheidh an tarchur á dhéanamh aige agus is é dualgas an choiste, de réir an ailt seo, an t-ábhar a bheidh tarchurtha chuige a imscrúdú agus tuarascáil air a thabhairt don Aire.

(2) Nuair a chuirfidh an tAire ráiteas i dtaobh foras chuig coiste fiosrúcháin arna bhunú de bhun an ailt seo, cuirfidh sé an tráth céanna cóip den ráiteas chuig an bhfreagróir agus tabharfaidh sé cuireadh dó aon uiríll i ndáil leis an ábhar a bheidh le himscrúdú agus is mian leis a dhéanamh an tráth sin a chur faoi bhráid an choiste i scríbhinn laistigh den tréimhse aon lá is fiche dar tosach an dáta a chuirfear an ráiteas chuig an gcoiste.

(3) (a) I gcás ina mbunófar coiste fiosrúcháin faoin alt seo tionólfaidh an tAire cruinniú den choiste fiosrúcháin agus déanfaidh sé an tráth céanna lá a shocrú don chruinniú ar lá é nach luaithe ná an seachtú lá tar éis dheireadh na tréimshe dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo ná nach déanaí ná an t-aonú lá is fiche tar éis an deiridh sin.

(b) I gcás ina dtionólfaidh an tAire cruinniú faoin bhfo-alt seo déanfaidh sé an tráth céanna fógra seacht lá ar a laghad i scríbhinn a chur chuig an bhfreagróir i dtaobh an dáta, na háite agus an ama a bheidh socraithe ag an Aire don chruinniú agus cuirfidh an fógra in iúl freisin don fhreagróir go bhféadfaidh sé uiríll a dhéanamh chuig an gcoiste fiosrúcháin lena mbaineann, agus, más mian leis, láithriú go pearsanta os comhair an choiste sin, cúnamh a fháil ó dhuine eile (cibé acu a láithríonn sé amhlaidh nó nach láithríonn) le linn dó na huiríll sin a dhéanamh nó go bhféadfaidh duine eile, ag gníomhú thar a cheann (cibé acu a láithríonn sé amhlaidh nó nach láithríonn) na huiríll sin a dhéanamh.

(4) Tabharfaidh coiste fiosrúcháin arna bhunú faoin alt seo tuarascáil ar a n-imscrúdú don Aire a luaithe is féidir agus luafaidh siad sa tuarascáil cibé acu a mholann nó nach molann siad treoir speisialta a thabhairt maidir leis an ábhar a bheidh á imscrúdú, agus i gcás go molann an coiste treoir den sórt sin a thabhairt cuirfidh siad in iúl ina dtuarascáil na drugaí rialaithe a mheasann an coiste ba chóir a shonrú sa treoir speisialta iomchuí nó go measann an coiste gur chóir go mbainfeadh an treoir sin le gach druga rialaithe.

(5) Tar éis don Aire tuarascáil an choiste fiosrúcháin a bunaíodh faoin alt seo a bhreithniú, féadfaidh sé—

(a) a chinneadh treoir speisialta a thabhairt i leith an fhreagróra ina sonrófar gach ceann nó aon cheann de na drugaí rialaithe a luadh i moladh ón gcoiste, nó

(b) a chinneadh gan treoir speisialta a thabhairt,

agus má chinneann an tAire de bhun an ailt seo gan treoir speisialta a thabhairt, cuirfidh sé é sin in iúl don fhreagróir.

(6) I gcás ina dtabharfaidh an tAire treoir speisialta, cuirfidh sé faoi deara, a luaithe is féidir, cóip den treoir speisialta a sheirbheáil ar an bhfreagróir agus cuirfidh sé faoi deara cóip den treoir a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus ar cibé dóigh eile (más ann) is cuí leis an Aire.

(7) I gcás ina dtabharfaidh an tAire treoir speisialta, déanfaidh sé cóip den tuarascáil a fuair sé ón gcoiste fiosrúcháin iomchuí agus an treoir speisialta a chur chuig an bhfreagróir agus, chomh maith leis sin—

(a) chuig Bord na bhFiaclóirí, más fiaclóir cláraithe an freagróir,

(b) chuig Comhairle na nDochtúirí Leighis, más lia-chleachtóir cláraithe an freagróir,

(c) chuig Comhairle na dTréidlianna, más tréidlia cláraithe an freagróir.”.

Treoir shealadach tráth imscrúdú faoi alt 8 a bheith ar feitheamh.

4. —Déanfar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 9 den Phríomh-Acht:

“9.—(1) I gcás ina dtarchuirfidh an tAire ábhar lena imscrúdú chuig coiste fiosrúcháin arna bhunú faoi alt 8 den Acht seo, féadfaidh sé treoir a thabhairt faoin alt seo i leith an fhreagróra á thoirmeasc air cibé drugaí rialaithe a bheidh sonraithe sa treoir a oideasú, a fhriotháil nó a sholáthar, nó a bhfriotháil nó a soláthar a údarú, agus tiocfaidh an treoir sin i bhfeidhm ar dhul in éag don tréimhse seacht lá dar tosach an lá a chuirfidh an tAire cóip den treoir chuig an bhfreagróir, mura rud é, tráth nach déanaí ná an seachtú lá tar éis an lae a chuirfear an chóip sin amhlaidh, go sásóidh an freagróir an tAire nár chóir don treoir teacht i bhfeidhm.

(2) I gcás ina gcuirfidh an tAire cóip de threoir shealadach déanfaidh sé an tráth céanna fógra i scríbhinn a chur chuig an bhfreagróir á rá go bhféadfaidh an freagróir, laistigh den teorainn ama a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, uiríll a dhéanamh chuig an Aire á lua cén fáth nár chóir don treoir shealadach teacht i bhfeidhm.

(3) Fanfaidh treoir shealadach i bhfeidhm go dtí deireadh na tréimhse ocht lá is fiche dar tosach an lá a thabharfar í nó go dtí go ndéanfaidh an tAire cinneadh faoi alt 8 (5) den Acht seo maidir leis an gcás iomchuí, cibé acu is túisce a tharlóidh.

(4) Féadfaidh an tAire an tréimhse a bhfanfaidh treoir shealadach áirithe i bhfeidhm lena linn a fhadú nó a fhadú tuilleadh go ceann tréimhse nach faide ná ocht lá is fiche i gceachtar cás.

(5) I gcás treoir shealadach a thabhairt, a fhadú nó a fhadú tuilleadh, cuirfidh an tAire faoi deara, a luaithe is féidir, fógra faoin treoir shealadach, faoina fadú nó faoina fadú tuilleadh, de réir mar is iomchuí, a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus ar cibé dóigh eile (más ann) is cuí leis an Aire.”.

É a bheith ina chion leabhair áirithe etc. a chur i gcló etc., faisnéis áirithe a thabhairt agus a bheith i seilbh doiciméad áirithe.

5. —(1) (a) Ní chuirfidh duine i gcló ná ní fhoilseoidh sé ná ní chuirfidh sé faoi deara, ná ní thabharfaidh sé chun críche go gcuirfear i gcló nó go bhfoilseofar, ná ní dhíolfaidh sé ná ní chuirfidh sé ar taispeáint ná ní thairgfidh ná ní choimeádfaidh sé lena dhíol, ná ní dháilfidh ná ní thairgfidh ná ní choimeádfaidh sé lena dháileadh, aon leabhar, tréimhseachán nó foilseachán eile—

(i) a mholann nó a spreagann, nó a bhféadfaí de réir réasúin a cheapadh go molann sé nó go spreagann sé, cibé acu go sainráite nó go hintuigthe, úsáid aon druga rialaithe a bheidh forordaithe chun críocha an ailt seo, nó úsáid aon táirge nó ullmhóide ina mbeidh aon druga rialaithe den sórt sin, seachas i gcúrsa cóireála gairmiúla ag cleachtóir, nó

(ii) ina mbeidh aon fhógrán a fhógróidh úsáid ar bith a bhaint as píopa, acra nó rud eile lena úsáid ag daoine, chun druga rialaithe a bheidh forordaithe amhlaidh, nó táirge nó ullmhóid den sórt sin, a úsáid, nó i dtaca lena n-úsáid, ar úsáid í seachas úsáid a thuairiscítear i mír (b) den fho-alt seo.

(b) An úsáid dá dtagraítear go deireanach i mír (a) den fho-alt seo is úsáid í (is é sin, úsáid píopa, acra nó rud eile)—

(i) a mbeidh tuairisc uirthi san fhógrán iomchuí, agus

(ii) a nglacfadh aon duine a léifeadh an fógrán iomchuí leis—

(I) gur úsáid í a bhaineann le druga rialaithe a bheidh forordaithe chun críocha an ailt seo nó le táirge nó ullmhóid ina mbeidh druga rialaithe den sórt sin, agus

(II) gur úsáid í, agus gur úsáid amháin í, a mbeidh leas le baint aisti i gcúrsa cóireála gairmiúla ag cleachtóir.

(2) Duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.

(3) Má thugann aon duine aon fhaisnéis do dhuine eile, d'fhonn a chumasú don duine eile sin, nó d'fhonn cuidiú leis, druga rialaithe a bheidh forordaithe chun críocha an ailt seo, nó táirge nó ullmhóid ina mbeidh druga den sórt sin, a fháil seachas ar scór oidis arna eisiúint ag cleachtóir, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.

(4) Má bhíonn aon doiciméad i seilbh duine nó faoina urláimh agus é ar intinn aige cion a dhéanamh faoi fho-alt (3) den alt seo nó cabhrú nó neartú le cion den sórt sin a dhéanamh nó a chur faoi deara nó a thabhairt chun críche cion den sórt sin a dhéanamh, agus más doiciméad é de chineál a d'fhágfadh gur cion den sórt sin cóipeanna de a scaipeadh, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.

(5) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoi fho-alt (2) den alt seo is cosaint don chosantóir a chruthú—

(a) go raibh, tráth an chiona líomhnaithe, gnó á sheoladh aige ag díol nó ag dáileadh leabhar, tréimhseachán nó foilseachán eile, agus

(b) go ndearna sé an gníomh, a líomhnaítear gurb é an cion sin é, i ngnáthchúrsa an ghnó sin dá chuid a dúradh, agus

(c) nach bhféadfadh sé, trí chúram réasúnach a fheidhmiú, fios a bheith aige, ná é féin a chur ar an eolas, maidir le hábhar an leabhair, an tréimhseacháin nó an fhoilseacháin eile ar ina leith a rinneadh an gníomh sin.

(6) Más rud é, in imeachtaí mar gheall ar chion faoi fho-alt (4) den alt seo, go gcruthófar go raibh, tráth an chiona líomhnaithe, doiciméad a thuairiscítear san fho-alt sin (4) i seilbh an chosantóra nó faoina urláimh, ansin, mura mbeidh dóthain fianaise eile ar fáil chun ceist a thógáil cé acu a bhí nó nach raibh an doiciméad ag an gcosantóir amhlaidh leis an intinn dá dtagraítear san fho-alt sin (4), measfar an doiciméad a bheith ina sheilbh nó faoina urláimh leis an intinn sin an tráth sin.

Pionóis.

6. —Leasaítear leis seo alt 27 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) go (11):

“(1) Faoi réir alt 28 den Acht seo, gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 3 den Acht seo dlífear—

(a) más cannabas nó roisín cannabais an druga rialaithe iomchuí agus gur deimhin leis an gcúirt go raibh an druga sin ina sheilbh ag an duine sin lena úsáid go pearsanta:

(i) i gcás an chéad chiona,

(I) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach nó ná £300 a chur air, nó

(II) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £500 a chur air,

(ii) i gcás an dara cion,

(I) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £400 a chur air, nó

(II) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air,

(iii) i gcás an tríú cion nó cion dá éis sin,

(I) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó

(II) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil de cibé méid is cuí leis an gcúirt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air;

(b) in aon chás eile—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil de cibé méid is cuí leis an gcúirt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná seacht mbliana, nó an fhíneáil agus an phríosunacht le chéile, a chur air.

(2) Faoi réir alt 28 den Acht seo, gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 6, 7, 16, 17, 19 nó 20 den Acht seo, dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil de cibé méid is cuí leis an gcúirt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná ceithre bliana déag, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(3) Faoi réir alt 28 den Acht seo, gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 15 den Acht seo, dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil de cibé méid is cuí leis an gcúirt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht saoil nó príosúnacht ar feadh cibé tréimhse is lú ná sin a chinnfidh an chúirt, nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil sin agus an tréimhse is lú príosúnachta sin le chéile, a chur air.

(4) Faoi réir alt 28 den Acht seo, gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 18 den Acht seo, dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £400 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil de cibé méid is cuí leis an gcúirt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(5) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 21 (1) den Acht seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair, é a phionósú amhail is dá mbeadh sé ciontach sa chion substainteach agus i gcás ina bhforáiltear leis an Acht seo pionós a chur ar dhuine ar é a chiontú ar díotáil i ndáil leis an gcion substainteach, dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne ar díotáil agus, má chiontaítear é, dlífear é a phionósú amhail is dá mba rud é gur ciontaíodh ar díotáil é sa chion substainteach.

(6) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 21 (2) den Acht seo dlífear—

(a) más é rialachán a ndearnadh an cion i ndáil leis rialachán arna dhéanamh de bhun alt 5 (1) (a) den Acht seo, seachas rialachán a rialaíonn iompar drugaí rialaithe,

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil de cibé méid is cuí leis an gcúirt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná ceithre bliana déag, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, agus

(b) más é rialachán a ndearnadh an cion i ndáil leis rialachán arna dhéanamh seachas faoin alt sin 5 (1) (a) nó rialachán a rialaíonn iompar drugaí rialaithe—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil de cibé méid is cuí leis an gcúirt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(7) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 21 den Acht seo, seachas cion a luaitear i bhfo-alt (1) nó i bhfo-alt (2) den alt sin dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £400 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(8) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi mhír (a) nó (b) d'fho-alt (1D) d'alt 23 den Acht seo, arna leasú le halt 12 den Acht um Mí-Úsáid Drugaí, 1984 , dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £200 a chur air.

(9) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 5 den Acht um Mí-Úsáid Drugaí, 1984 , dlífear ar é a chiontú go hachomair—

(a) i gcás gur cion faoi fho-alt (2) den alt sin an cion, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air,

(b) in aon chás eile, fíneáil nach mó ná £500 a chur air.”.

Pionóis i leith cionta faoi na hAchtanna Custam a bhaineann le drugaí rialaithe.

7. —(1) I gcás duine a chiontú i gcion lena mbaineann an t-alt seo dlífear, faoi réir alt 8 den Acht seo, in ionad na bpionós a shonraítear sna hachtacháin a bhaineann leis na custaim a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, na pionóis seo a leanas a chur air—

(a) más deimhin leis an gcúirt gur allmhairigh an duine an druga rialaithe iomchuí lena dhíol le duine eile, nó lena sholáthar dó ar shlí eile, de shárú ar rialacháin faoi alt 5 den Phríomh-Acht ar rialacháin iad a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire—

(i) ar é a chiontú go hachomair, an pionós a shonraítear i mír (a) d'fho-alt (3) (a cuireadh isteach le halt 6 den Acht seo) d'alt 27 den Phríomh-Acht,

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, an pionós a shonraítear i mír (b) den fho-alt sin (3),

(b) más cannabas nó roisín cannabais an druga rialaithe iomchuí agus gur deimhin leis an gcúirt gur allmhairigh an duine an druga sin lena úsáid go pearsanta:

(i) i gcás an chéad chiona,

(I) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £300, nó

(II) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £500,

(ii) i gcás an dara cion,

(I) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £400, nó

(II) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £1,000,

(iii) i gcás an tríú cion nó cion dá éis sin,

(I) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dheag, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, nó

(II) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil de cibé méid is cuí leis an gcúirt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile,

(c) in aon chás eile—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil de cibé méid is cuí leis an gcúirt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná seacht mbliana, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile.

(2) Baineann an t-alt seo le cion in aghaidh na nAchtanna Custam i ndáil le hallmhairiú nó onnmhairiú druga rialaithe.

Cumhacht na cúirte chun duine a ciontaíodh i gcion lena mbaineann alt 7 a athchur agus chun tuarascáil a fháil agus i gcásanna áirithe socrú a dhéanamh le cóireáil liachta nó cóireáil eile nó aireachas a chur ar fáil don duine sin.

8. —(1) I gcás duine a chiontú i gcion lena mbaineann alt 7 den Acht seo, féadfaidh an chúirt, má mheasann sí, ag féachaint d'imthosca an cháis, gurb iomchuí déanamh amhlaidh, an duine sin a athchur go ceann cibé tréimhse a mheasfaidh sí is gá chun críocha an ailt seo (is tréimhse nach faide ná ocht lá i gcás athchur i gcoimeád) agus a iarraidh ar bhord sláinte, ar oifigeach promhaidh agus leasa a fhostaítear i seirbhís promhaidh agus leasa na Roinne Dlí agus Cirt nó ar cibé duine nó comhlacht eile is iomchuí leis an gcúirt na tuarascálacha seo a leanas a sholáthar don chúirt—

(a) tuarascáil liachta a thuairiscítear i bhfomhír (i), arna leasú le halt 14 den Acht seo, d'alt 28 (1) (a) den Phríomh-Acht, agus

(b) tuarascáil a thuairiscítear i bhfomhír (ii), arna leasú amhlaidh, den alt sin 28 (1) (a).

(2) Má dhéanann an chúirt iarraidh faoi fho-alt (1) den alt seo, beidh feidhm, fara na modhnuithe is gá, maidir leis an gcás iomchuí, ag fo-ailt (2) go (9) d'alt 28, arna leasú le halt 14 den Acht seo, den Phríomh-Acht, agus gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo—

(a) déanfar gach tagairt de na tagairtí sna fo-ailt sin (2) go (9) do alt 27 den Phríomh-Acht a fhorléiriú mar thagairt don alt sin arna chur chun feidhme leis an bhfo-alt seo,

(b) déanfar gach tagairt de na tagairtí do thuarascáil i bhfo-ailt (3) agus (4) den alt sin 28 a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do thuarascáil arna soláthar faoi fho-alt (1) den alt seo,

(c) déanfar an tagairt i bhfo-alt (6) den alt sin 28 do dhuine a bheith faoi choinneáil faoin bPríomh-Acht a fhorléiriú mar thagairt do choinneáil a fhorchuirtear le bhua an fho-ailt seo,

(d) déanfar tagairtí i bhfo-alt (6) nó (7) den alt sin 28 do bhreith, cinneadh nó ordú faoi fho-alt (2) den alt sin a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do bhreith, cinneadh nó ordú faoin bhfo-alt sin (2) arna chur chun feidhme leis an bhfo-alt seo.

Cionta lena mbaineann alt 7; toimhde, cosaintí, etc.

9. —(1) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, in aon imeachtaí mar gheall ar chion lena mbaineann alt 7 den Acht seo, má chruthaítear gur allmhairigh duine druga rialaithe agus más deimhin leis an gcúirt, ag féachaint don chainníocht den druga rialaithe a d'allmhairigh an duine agus d'aon ní eile is iomchuí leis an gcúirt, go luíonn sé le réasún a mheas nach raibh sé beartaithe ag an duine sin an druga rialaithe a úsáid láithreach go pearsanta, ansin, chun críocha alt 7 (1) (a) den Acht seo, measfaidh an chúirt go dtí gur deimhin leis an gcúirt a mhalairt, gur allmhairigh an duine sin an druga rialaithe lena dhíol le duine eile nó lena sholáthar dó ar shlí eile de shárú ar rialacháin dá dtagraítear san alt sin.

(2) In aon imeachtaí mar gheall ar chion lena mbaineann alt 7 den Acht seo, ní éigiontófar an cosantóir sa chion inar cúisíodh é de bhíthin amháin gur chruthaigh sé nach raibh fios ná amhras aige ná cúis amhrais aige gurbh é an druga rialaithe áirithe a líomhnaítear a bhí sa tsubstaint, sa táirge nó san ullmhóid áirithe.

(3) In imeachtaí mar gheall ar chion lena mbaineann alt 7 den Acht seo ina gcruthófar gur allmhairigh nó gur onnmhairigh an cosantóir an druga rialaithe iomchuí de shárú ar na hAchtanna Custam, is cosaint é a chruthú—

(a) nach raibh a fhios aige ná nach raibh cúis réasúnach amhrais aige gurbh éard a d'allmhairigh nó a d'onnmhairigh sé amhlaidh, de réir mar is iomchuí, druga rialaithe, nó

(b) gur chreid sé gur dhruga rialaithe, nó gur dhruga rialaithe d'aicme nó de thuairisc áirithe, an tsubstaint, an táirge nó an ullmhóid iomchuí agus dá mba é an druga rialaithe sin nó druga rialaithe den aicme nó den tuairisc sin a bhí iarbhír sa tsubstaint, sa táirge nó san ullmhóid, nach mbeadh cion in aghaidh na nAchtanna Custam á dhéanamh aige san am áirithe sin.

(4) In aon imeachtaí mar gheall ar chion lena mbaineann alt 7 den Acht seo, féadfaidh cosantóir an toimhde a rinneadh de réir fho-alt (1) den alt sin a fhrisnéis trína shuíomh go raibh, tráth an chiona líomhnaithe, an druga rialaithe lena mbaineann na himeachtaí ina sheilbh go dleathach aige de bhua rialachán faoi alt 4 den Phríomh-Acht.

(5) In aon imeachtaí mar gheall ar iarracht chun cion a dhéanamh lena mbaineann alt 7 den Acht seo, féadfaidh na cosaintí a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo, arna modhnú mar is gá, a bheith ar fáil don chosantóir.

(6) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, ní choiscfidh aon ní san alt seo ar dhuine cosaint a ghabháil chuige a bheadh, ar leith ón alt seo, ar fáil dó lena gabháil chuige in imeachtaí mar gheall ar chion lena mbaineann alt 7 den Acht seo.

Luach fianaiseach deimhnithe áirithe.

10. —In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin bPríomh-Acht nó faoi alt 5 den Acht seo, má thugtar ar aird deimhniú a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach de chuid Shaotharlann Dlí-Eolaíochta na Roinne Dlí agus Cirt agus a bhaineann le scrúdú, iniúchadh, tástáil nó anailís, de réir mar a bheidh, a bheidh sonraithe sa deimhniú agus a rinneadh ar dhruga rialaithe nó ar shubstaint, táirge nó ullmhóid eile a bheidh sonraithe amhlaidh, beidh an tabhairt ar aird sin, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ina fhianaise ar aon ní a dheimhneofar leis sin gan cruthúnas ar aon síniú ar an deimhniú nó gur síniú oifigigh den sórt sin aon síniú den sórt sin.

Leasú ar ailt 17 agus 19 den Phríomh-Acht.

11. —(1) Déantar leis seo na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) agus (2) d'alt 17 den Phríomh-Acht:

“(1) Ní shaothróidh duine poipín óipiam, aon phlanda den ghéineas Cannabis, ná aon phlanda den ghéineas Erythroxylon ach amháin faoi réim agus de réir ceadúnais arna eisiúint ag an Aire chun na críche sin.

(2) Gach duine a shaothróidh poipín óipiam, planda den ghéineas Cannabis nó planda den ghéineas Erythroxylon de shárú ar fho-alt (1) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion.”.

(2) Forléireofar alt 19 den Phríomh-Acht, agus beidh éifeacht leis, amhail is dá bhfolódh an tagairt i bhfo-alt (1) (a) den alt sin do phoipín óipiam a shaothrú de shárú ar alt 17 den Acht sin tagairt d'aon phlanda den ghéineas Erythroxylon a shaothrú de sharú ar an alt sin 17 arna leasú le fo-alt (1) den alt seo.

Leasú ar alt 23 den Phríomh-Acht.

12. —Leasaítear leis seo alt 23 den Phríomh-Acht—

(a) trí “(agus aon substaint, earra nó rud eile ar an bhfeithicil, ar an árthach nó ar an aerárthach nó inti a chuardach)” a chur isteach roimh “agus d'fhonn” i mír (b) d'fho-alt (1);

(b) trí “a scrúdu (cibé trí oscailt nó ar shlí eile) agus” a chur isteach roimh “a urghabháil” i mír (c) d'fho-alt (1);

(c) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Má chinneann comhalta den Gharda Síochána ar dhuine a chuardach faoin alt seo, féadfaidh sé a cheangal ar an duine é a thionlacan go dtí Stáisiún Garda d'fhonn é a chuardach amhlaidh sa stáisiún sin.

(1B) Má chinneann comhalta den Gharda Síochána ar fheithicil, ar árthach nó ar aerárthach a chuardach faoin alt seo féadfaidh sé, maidir leis an duine ar dóigh leis gurb é is úinéir nó ceannasaí nó feighlí ar an bhfeithicil, ar an árthach nó ar an aerárthach, de thuras na huaire, aon cheanglas amháin nó níos mó nó gach ceanglas de na ceanglais seo a leanas a dhéanamh:

(a) a cheangal ar an duine sin gan aon substaint, earra ná rud eile a thógáil as an bhfeithicil, as an árthach nó as an aerárthach, de réir mar is iomchuí, fad a bheifear ag feitheamh go dtosófar ar an gcuardach,

(b) i gcás ina mbaineann an cinneadh le feithicil agus nach bhfuil, ina thuairim réasúnach, an áit ina bhfaigheann sé an fheithicil oiriúnach don chuardach sin, a cheangal ar an duine sin an fheithicil a thógáil láithreach, nó a chur faoi deara í a thógáil láithreach, go dtí áit a cheapfaidh sé a bheidh oiriúnach don chuardach sin agus a shonróidh sé,

(c) a cheangal ar an duine a bheith san fheithicil, san árthach nó san aerárthach, cibé acu is iomchuí, nó a bheith uirthi nó í a thionlacan, fad a fhanfaidh an ceanglas faoin mír seo i bhfeidhm.

(1C) Má mhainnítear déanamh de réir cheanglas faoin alt seo beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas—

(a) i gcás gur faoi fho-alt (1A) den alt seo a rinneadh an ceanglas, féadfaidh an comhalta den Gharda Síochána lena mbaineann, an duine ar ina leith a rinneadh an ceanglas a ghabháil gan bharántas, agus

(b) i gcás gur ceanglas a luaitear i mír (b) d'fho-alt (1B) den alt seo an ceanglas, féadfaidh an comhalta sin an fheithicil lena mbaineann a thógáil, nó a chur faoi deara í a thógáil, go dtí áit a cheapfaidh sé a bheidh oiriúnach do chuardach faoin alt seo.

(1D) Má dhéantar ceanglas i leith duine faoin alt seo—

(a) i gcás gur ceanglas a luaitear i mír (c) d'fho-alt (1B) den alt seo an ceanglas, má tharlaíonn, aon tráth fad a bheidh an ceanglas i bhfeidhm, nach mbeidh an duine ar ina leith a rinneadh an ceanglas san fheithicil, san árthach nó san aerárthach, cibé acu is iomchuí, ar i ndáil léi a rinneadh an ceanglas, ná nach mbeidh sé uirthi ná á tionlacan, beidh sé ciontach i gcion,

(b) i gcás aon cheanglas eile faoin alt seo beidh an duine a mhainneoidh déanamh de réir an cheanglais ciontach i cion.

(1E) Fanfaidh ceanglas a luaitear i mír (c) d'fho-alt (1B) den alt seo i bhfeidhm go dtí go mbeidh críoch leis an gcuardach ar i ndáil leis a rinneadh an ceanglas.

(1F) Nuair a dhéanfar ceanglas a thuairiscítear i mír (a) d'fho-alt (1B) den alt seo i leith duine déanfar an cuardach, ar i ndáil leis a rinneadh an ceanglas, a sheoladh a luaithe is féidir.”,

agus tá na míreanna sin (b) agus (c), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i míreanna 1 agus 2, faoi seach, den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

1. (b) aon fheithicil, árthach nó aerárthach a chuardach a bhfuil amhras aige go bhfaighfí an druga sin ann (agus aon substaint, earra nó rud eile ar an bhfeithicil, ar an árthach nó ar an aerárthach nó inti a chuardach) agus, d'fhonn an cuardach sin a dhéanamh, féadfaidh sé, más cuí leis é, a cheangal ar an duine i gceannas na feithicle, an árthaigh nó an aerárthaigh sin de thuras na huaire í a stopadh agus tar éis a stoptha gan í a ghluaiseacht nó, i gcás an fheithicil, an t-árthach nó an t-aerárthach sin a bheith ina stad cheana féin, gan í a ghluaiseacht, nó

2. (c) aon rud a scrúdú (cibé trí oscailt nó ar shlí eile) agus a urghabháil agus a choinneáil a gheofar i gcúrsa cuardaigh faoin alt seo más dóigh leis, ar an gcúis sin, gur rud í a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil mar fhianaise in imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo.

Leasú ar alt 26 den Phríomh-Acht.

13. —Leasaítear leis seo alt 26 den Phríomh-Acht—

(a) trí “nó talamh eile” a chur isteach i ndiaidh “áitreabh” i mír (a);

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(aa) go bhfuil poipín óipiam, planda den ghéineas Cannabis nó planda den ghéineas Erythroxylon á shaothrú de shárú ar alt 17 den Acht seo ar aon áitreabh nó talamh eile nó iontu, nó”;

(c) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Beidh sé sainráite i mbarántas cuardaigh a eiseofar faoin alt seo go n-údaraíonn sé, agus oibreoidh sé chun go n-údaróidh sé, do chomhalta ainmnithe den Gharda Síochána, maille le cibé comhaltaí eile den Gharda Síochána agus le cibé daoine eile is gá, dul isteach (le forneart más gá) san áitreabh nó sa talamh eile atá ainmnithe sa bharántas aon tráth nó tráthanna laistigh de mhí ó dháta an bharántais a eisiúint, chun an t-áitreabh nó an talamh eile sin agus aon daoine a gheofar ann a chuardach, chun aon substaint, earra nó rud eile a gheofar air nó ann a scrúdú, chun aon leabhar, taifead nó doiciméad eile a gheofar air nó ann a iniúchadh agus, má tá cúis réasúnach ann le bheith in amhras go bhfuil cion á dhéanamh, nó déanta, faoin Acht seo maidir le substaint, le hearra nó le rud eile a fuarthas san áitreabh nó ar an talamh eile sin nó gur doiciméad a luaitear i bhfo-alt (1) (b) den alt seo doiciméad a fuarthas amhlaidh nó gur taifead nó doiciméad eile a bhfuil cúis réasúnach ag an gcomhalta chun a chreidiúint gur doiciméad é a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil mar fhianaise in imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo, chun an tsubstaint, an t-earra, an doiciméad nó an rud eile, de réir mar a bheidh, a urghabháil agus a choinneáil.

(3) Má théitear isteach in aon áitreabh nó talamh eile de bhun barántais a eiseofar faoin alt seo, féadfaidh an comhalta den Gharda Síochána a bheidh ainmnithe sa bharántas ceachtar díobh seo a leanas, nó iad araon, a dhéanamh:

(a) aon duine nó aon daoine a gheofar san áitreabh nó ar an talamh eile sin a ghabháil gan bharántas d'fhonn é nó iad a chuardach,

(b) aon duine nó aon daoine den sórt sin a ghabháil amhlaidh agus é nó iad, de réir mar is iomchuí, a choimeád faoi ghabháil go dtí go mbeidh cibé cumhachtaí cuardaigh nó scrúdaithe feidhmithe aige is mian leis a fheidhmiú de bhun an bharántais.

(4) San alt seo—

folaíonn ‘talamh’ aon déanmhas ar thalamh;

ciallaíonn ‘déanmhas’ foirgneamh, déanmhas nó aon ní eile atá foirgnithe, tógtha, suite nó déanta ar aon talamh, in aon talamh nó faoi aon talamh.”,

agus tá an mhír sin (a), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(a) go bhfuil druga rialaithe, oideas brionnaithe, nó oideas arna eisiúint go cuí, a athraíodh go héagórach, ina sheilbh ag duine, de shárú ar an Acht seo, ar aon áitreabh nó talamh eile agus go bhfuil an druga nó an t-oideas sin in áitreabh nó talamh eile áirithe, nó

Leasuithe ilghnéitheacha ar an bPríomh-Acht.

14. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

(a) trí “nó 3” a chur isteach i ndiaidh “alt 2” i mír (a) d'alt 22 (1);

(b) trí “féadfaidh an chúirt, má mheasann sí, ag féachaint d'imthosca an cháis, gurb iomchuí déanamh amhlaidh, an duine sin a athchur” a chur in ionad “athchuirfidh an chúirt an duine sin” i mír (a) d'alt 28 (1);

(c) trí “de dhroim é bheith i dtuilleamaí drugaí” a chur isteach i ndiaidh “riachtanais an duine chiontaithe” i bhfomhír (i) d'alt 28 (1) (a) agus i bhfomhír (i) d'alt 28 (1) (b);

(d) trí “promhaidh agus leasa” a chur in ionad “leasa cúirte” in alt 28 (1) (a);

(e) trí “faoi bhannaí nó, mura mbeidh pionós le forchur ar an duine faoi mhír (a) d'alt 27 (1) den Acht seo, faoi choimeád” agus “promhaidh agus leasa” a chur in ionad “faoi bhannaí” agus “leasa cúirte”, faoi seach, in alt 28 (1) (b);

(f) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach in alt 28 (2) (a) i ndiaidh fhomhír (i):

“(ia) i gcás go gcuirfear an duine lena mbaineann faoi mhaoirseacht den sórt sin, coinníoll á cheangal ar an duine sin, ag an áit ina mbeidh gnáthchónaí air nó ag cibé áit eile a bheidh sonraithe san ordú agus i rith cibé tréimhse agus ag cibé eatraimh a bheidh sonraithe amhlaidh, cuairteanna a ghlacadh agus cuairteanna a cheadú—

(I) i gcás an duine sin a chur faoi mhaoirseacht comhlachta, ó oifigeach don chomhlacht sin,

(II) i gcás an duine sin a chur faoi mhaoirseacht duine, ón duine sin.”;

(g) trí “nó faoin gcóireáil eile” a chur isteach i ndiaidh ”liachta” i bhfomhír (ii) d'alt 28 (2) (a);

(h) trí “nó ón duine atá de thuras na huaire i bhfeighil na coimeádlainne sin” a chur isteach i ndiaidh ”údaraithe” i bhfo-alt (6) d'alt 28;

(i) trí ”cóireáil liachta nó cóireáil eile” a chur in ionad “cóireáil liachta” agus trí “lia-chleachtóir nó duine eile” a chur in ionad “lia-chleachtóir” gach áit ina bhfuil sé i bhfo-alt (8) d'alt 28; agus

(j) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach in alt 28 (11) i ndiaidh an mhínithe ar “lia-chleachtóir údaraithe”:

“ciallaíonn ‘oifigeach promhaidh agus leasa’ oifigeach a fhostaítear i seirbhís promhaidh agus leasa na Roinne Dlí agus Cirt;”,

agus tá an mhír sin (a) den alt sin 22 (1), an t-alt sin 28 (1), an fhomhír sin (ii), an fo-alt sin (6) agus an fo-alt sin (8), arna leasú leis an alt seo, leagtha amach i míreanna 1, 2, 3, 4 agus 5, faoi seach, den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

1. (a) aon ordú arna dhěanamh faoi alt 2 nó 3 den Acht seo.

2. (1) (a) Nuair a chiontófar duine i gcion faoi alt 3 den Acht seo seachas an chéad chion nó an dara cion a bhféadfaí pionós a fhorchur ina leith faoi alt 27 (1) (a) den Acht seo, nó i gcion faoi alt 15 nó 16 den Acht seo, nó as iarracht ar aon chion den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh an chúirt, má mheasann sí, ag féachaint d'imthosca an cháis, gurb iomchuí déanamh amhlaidh, an duine sin a athchur go ceann cibé tréimhse a mheasfaidh sí is gá chun críocha an ailt seo (is é sin, tréimhse nach faide ná ocht lá i gcás athchur faoi choimeád), agus iarrfaidh sí ar bhord sláinte, ar oifigeach promhaidh agus leasa nó ar chomhlacht nó duine eile is iomchuí leis an gcúirt—

(i) a chur faoi deara tuarascáil liachta i scríbhinn a sholáthar don chúirt i dtaobh an duine chiontaithe mar aon le cibé moltaí (más ann) maidir le cóireáil liachta a mheasfaidh an té atá ag tabhairt na tuarascála is iomchuí do riachtanais an duine chiontaithe de dhroim é bheith i dtuilleamaí drugaí, agus

(ii) tuarascáil i scríbhinn a sholáthar don chúirt ar imthosca gairme agus oideachais an duine chiontaithe agus a chúlra sóisialach, mar aon le cibé moltaí (más ann) faoi aireachas a mheasann an comhlacht nó an té atá ag tabhairt na tuarascála is iomchuí do na riachtanais sin.

(b) I gcás duine a chiontú sa chéad chion nó sa dara cion faoi alt 3 den Acht seo a bhféadfaí pionós a fhorchur ina leith faoin alt sin 27 (1) (a) nó i gcion faoi alt 17 nó 18 den Acht seo, nó as iarracht ar aon chion den sórt sin a dhéanamh, agus go measfaidh an chúirt, ag féachaint d'imthosca an cháis, gurb iomchuí déanamh amhlaidh, féadfaidh an chúirt an duine a athchur faoi bhannaí nó, mura mbeidh pionós le forchur ar an duine faoi mhír (a) d'alt 27 (1) den Acht seo, faoi choimeád go ceann cibé tréimhse a mheasfaidh sí is gá chun críocha an ailt seo, agus féadfaidh sí a iarraidh ar bhord sláinte, ar oifigeach promhaidh agus leasa nó ar chomhlacht nó duine eile, is iomchuí leis an gcúirt—

(i) a chur faoi deara tuarascáil liachta i scríbhinn a sholáthar don chúirt i dtaobh an duine chiontaithe mar aon le cibé moltaí (más ann) maidir le cóireáil liachta a mheasfaidh an té atá ag tabhairt na tuarascála is iomchuí do riachtanais an duine chiontaithe de dhroim é bheith i dtuilleamaí drugaí, agus

(ii) tuarascáil i scríbhinn a sholáthair don chúirt i dtaobh imthosca gairme agus oideachais an duine chiontaithe agus a chúlra sóisialach, mar aon le cibé moltaí (más ann) faoi aireachas a mheasann an comhlacht nó an té atá ag tabhairt na tuarascála is iomchuí do na riachtanais sin.

3. (ii) coinníoll á cheangal ar an duine sin dul faoin gcóireáil liachta nó faoin gcóireáil eile a moladh sa tuarascáil,

4. (6) Más léir leis an gcúirt am ar bith le linn tréimhse choinneála i gcoimeádlann chóireála ainmnithe, ar iarratas arna dhéanamh ag an ionchúisitheoir nó ag an duine atá faoi choinneáil nó thar a cheann, nó ar theachtaireacht a fháil, i bhfoirm a bheidh ceadaithe ag an Aire, ó lia-chleachtóir údaraithe nó ón duine atá de thuras na huaire i bhfeighil na coimeádlainne sin nach bhfuil nó go mb'fhéidir nach bhfuil ar ala na huaire gá a thuilleadh ag an duine faoi choinneáil faoin Acht seo leis an gcóireáil nó leis an aireachas a mheas an chúirt a bheith riachtanach dó roimhe sin nó nach bhfuil sé, nó go mb'fhéidir nach bhfuil sé, le barr a leasa féin nó le barr leasa daoine eile sa choimeádlann sin in ala na huaire sin é a choinneáil faoi choimeád níos faide sa choimeádlann chóireála ainmnithe sin, féadfaidh an chúirt, d'ainneoin na breithe a thug sí faoi fho-alt (2) den alt seo, a ordú an duine sin a thabhairt os comhair na cúirte.

5. (8) Ní thabharfaidh an chúirt, faoin alt seo—

(a) cead do dhuine dul i gcúirbhanna ina mbeidh coinníoll á cheanfal air fanacht le haghaidh cóireáil liachta nó cóireáil eile in ospidéal, i gclinic nó in áit eile a shonrófar, ná

(b) ordú an duine a choinneáil i gcoimeádlann chóireála, mura rud é, tar éis dul i gcomhairle leis an lia-chleachtóir nó duine eile i gceannas ar an ospidéal, ar an gclinic, ar an gcoimeádlann chóireála nó ar an áit áirithe eile nó le lia-chleachtóir nó duine eile arna ainmniú ag an liachleachtaoir nó duine eile atá i gceannas amhlaidh, nó tar éis breithniú a dhéanamh ar thuarascáil ó lia-chleachtóir nó duine eile acu sin, gur deimhin leis an gcúirt gur bheart iomchuí é an cead a thabhairt nó an t-ordú a dhéanamh ag féachaint do riachtanais an duine agus nár dhochar é do chumas an ospidéil, na clinice, na coimeádlainne cóireála nó na háite eile cóireáil nó aireachas a chur ar fáil do dhaoine.

Aisghairm.

15. —Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas den Phríomh-Acht—

(a) na focail “a allmhairiú, a onnmhairiú, a iompar,” in alt 5 (2) (b);

(b) na focail “, tar éis comhairle a ghlacadh leis an údarás clárúcháin lena mbaineann,” i bhfo-alt (3) agus i bhfo-alt (4) d'alt 7;

(c) alt 10;

(d) na focail “nó coistí comhairleacha nó painéil chomhairleacha” agus “nó 9” in alt 12 (1); agus

(e) na focail “nó painéal comhairleach” in alt 12 (2).

Gearrtheideal, tosach feidhme, comhlua agus forléiriú.

16. —(1) Féadfar an tAcht um Mí-Úsáid Drugaí, 1984 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó orduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe den Acht seo, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha nó forálacha éagsúla den sórt sin.

(3) Féadfar na hAchtanna um Mí-Úsáid Drugaí, 1977 agus 1984, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.