8 1985

/images/harp.jpg


Uimhir 8 de 1985


AN tACHT ÁRACHAIS (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1985


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe

2.

An tAire d'fháil scaireanna sa Chuideachta.

3.

An tAire do shealbhú agus do dhíol scaireanna sa Chuideachta.

4.

An tAire d'fheidhmiú cirt nó cumhachta is infheidhmithe ag sealbhóir scaireanna.

5.

Díbhinní, etc., a íoc isteach sa Státchiste.

6.

Srian le scaireanna a eisiúint.

7.

Srian le hathrú ar an meabhrán comhlachais agus ar na hairteagail chomhlachais.

8.

Meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na Cuideachta.

9.

Oibleagáid chun cláir chomhardaithe, etc., a thabhairt don Aire.

10.

Stiúrthóirí na Cuideachta.

11.

Oibleagáid ar scairshealbhóirí (seachas an tAire) scaireanna a shealbhú ar iontaobhas don Aire.

12.

Scair a shealbhaíonn stiúrthóir nó comhalta eile a dhílsiú don Aire ar an stiúrthóir sin nó ar an gcomhalta eile sin d'fháil bháis, etc.

13.

Stiúrthóirí, oifigigh nó seirbhísigh na Cuideachta a bheith ina gcomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas.

14.

An tAire do ráthú íocaíochtaí áirithe a dhéanfaidh Corparáid Árachais na hÉireann, cuideachta phoiblí theoranta.

15.

Airgead a sholáthar le haghaidh íocaíochtaí as an bPríomh-Chiste.

16.

Leasú ar ailt 2 agus 3 den Acht Árachais, 1964, agus ar alt 2 den Acht Árachais (Uimh. 2), 1983.

17.

Caiteachais.

18.

Gearrtheideal agus comhlua.

Na hAchtanna dá dTagraítear

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1983

An tAcht Árachais, 1964

1964, Uimh. 18

An tAcht Árachais (Uimh. 2), 1983

1983, Uimh. 29

Na hAchtanna Árachais, 1909 go 1983

/images/harp.jpg


Uimhir 8 de 1985


AN tACHT ÁRACHAIS (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1985

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ ÚDARÚ DON AIRE TIONSCAIL, TRÁDÁLA, TRÁCHTÁLA AGUS TURASÓIREACHTA SCAIREANNA A THÓGÁIL I SEALÚCHAIS ÁRACHAIS TEORANTA, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN AN tAIRE TIONSCAIL, TRÁDÁLA, TRÁCHTÁLA AGUS TURASÓIREACHTA DO RÁTHÚ ÍOCAÍOCHTAÍ ÁIRITHE AG CORPARÁID ÁRACHAIS NA hÉIREANN, CUIDEACHTA PHOIBLÍ THEORANTA, DO LEASÚ NA nACHTANNA ÁRACHAIS, 1909 GO 1983, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMHGHAOLMHARA.

[8 Aibreán, 1985]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Chuideachta” Sealúchais Árachais Teoranta (ar a dtugtaí Gebhard Limited);

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail, Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta.

An tAire d'fháil scaireanna sa Chuideachta.

2. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, na scaireanna go léir de chuid na Cuideachta a thógáil trí shuibscríobh nó trína gceannach ón sealbhóir.

(2) Déanfaidh an tAire Airgeadais an t-airgead go léir a theastóidh ón Aire ó am go ham faoi chomhair íocaíochtaí is gá dó a dhéanamh i leith aon scaireanna a thóg sé nó a fuair sé ar shlí eile a airleacan as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.

(3) Measfar gur tháinig an t-alt seo agus ailt 3 agus 11 den Acht seo i ngníomh an 15ú lá de Mhárta, 1985.

An tAire do shealbhú agus do dhíol scaireanna sa Chuideachta.

3. —(1) Féadfaidh an tAire aon scaireanna sa Chuideachta a bheidh dílsithe dó de thuras na huaire a shealbhú fad is cuí leis agus, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, féadfaidh sé, mar is cuí agus nuair is cuí leis, na scaireanna sin go léir nó aon chuid díobh a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile.

(2) Déanfar na glanfháltais ó dhíol a rinne an tAire ar scaireanna sa Chuideachta a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.

An tAire d'fheidhmiú cirt nó cumhachta is infheidhmithe ag sealbhóir scaireanna.

4. —Féadfaidh an tAire, maidir leis na scaireanna sa Chuideachta a bheidh dílsithe dó, cearta agus cumhachtaí uile shealbhóir na scaireanna sin a fheidhmiú agus, i gcás ceart nó cumhacht a bheith infheidhmithe trí aturnae, féadfaidh sé é nó í a fheidhmiú trína aturnae.

Díbhinní, etc., a íoc isteach sa Státchiste.

5. —Déanfar na díbhinní agus an t-airgead eile go léir a gheobhaidh an tAire i leith scaireanna sa Chuideachta a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.

Srian le scaireanna a eisiúint.

6. —Ní dhéanfar scaireanna sa Chuideachta a eisiúint mura mbeidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, i ndiaidh an eisiúint a údarú.

Srian le hathrú ar an meabhrán comhlachais agus ar na hairteagail chomhlachais.

7. —D'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1983, nó i meabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais na Cuideachta, ní bheidh athrú ar an meabhrán nó ar na hairteagail sin bailí ná ní bheidh éifeacht leis mura ndéanfar é le ceadú roimh ré ón Aire arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

Meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na Cuideachta.

8. —(1) Beidh meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na Cuideachta i cibé foirm ar comhréir leis an Acht seo a bheidh ceadaithe ag an Aire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

(2) Déanfaidh an Chuideachta cibé bearta is gá faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1983, chun meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na Cuideachta a athrú lena gcur ar comhréir leis an Acht seo.

Oibleagáid chun cláir chomhardaithe, etc., a thabhairt don Aire.

9. —(1) Déanfaidh an Chuideachta, a luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana airgeadais de chuid na Cuideachta, na nithe seo a leanas a thabhairt don Aire—

(a) clár comhardaithe amhail ag deireadh na bliana airgeadais sin agus é iniúchta go cuí ag iniúchóir na Cuideachta,

(b) cuntas sochair agus dochair don bhliain airgeadais agus é iniúchta amhlaidh, agus

(c) cóip den tuarascáil ó na stiúrthóirí chun na scairshealbhóirí don bhliain airgeadais sin.

(2) Déanfar na cláir chomhardaithe agus na cuntais sochair agus dochair a cheanglaítear le fo-alt (1) den alt seo a tharraingt suas i cibé foirm a ordóidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

(3) Déanfaidh an Chuideachta, ar an Aire á iarraidh, aon fhaisnéis a thabhairt don Aire a theastóidh uaidh i leith na gclár comhardaithe, na gcuntas sochair agus dochair nó na dtuarascálacha a cheanglaítear le fo-alt (1) den alt seo, nó i ndáil le polasaí agus oibríochtaí (seachas oibríochtaí ó lá go lá) na Cuideachta.

(4) Déanfaidh an tAire cóip de gach clár comhardaithe, de gach cuntas sochair agus dochair agus de gach tuarascáil a thabharfar dó faoi fho-alt (1) den alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis an clár comhardaithe, an cuntas sochair agus dochair agus an tuarascáil sin a thabhairt dó amhlaidh.

Stiúrthóirí na Cuideachta.

10. —(1) Is é líon stiúrthóirí na Cuideachta cibé líon daoine nach mó ná cúigear a chinnfidh an tAire ó am go ham tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

(2) Is é an tAire a cheapfaidh stiúrthóirí na Cuideachta, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

(3) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, stiúrthóir ar an gCuideachta a chur as oifig tráth ar bith.

(4) Beidh stiúrthóirí na Cuideachta i seilbh oifige ar feadh cibé tréimhse agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire agus iad á gceapadh aige, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

Oibleagáid ar scairshealbhóirí (seachas an tAire) scaireanna a shealbhú ar iontaobhas don Aire.

11. —Sealbhóidh gach comhalta den Chuideachta a chuid scaireanna sa Chuideachta ar iontaobhas don Aire agus, dá réir sin, beidh sé de cheangal ar chomhalta den sórt sin gach díbhinn agus gach airgead eile a gheobhaidh sé i leith na scaireanna sin a íoc leis an Aire chun tairbhe don Státchiste agus na scaireanna sin a aistriú, mar a éileoidh, agus nuair a éileoidh, an tAire, chuig an Aire nó chuig duine a bheidh ainmnithe chuige sin ag an Aire.

Scair a shealbhaíonn stiúrthóir nó comhalta eile a dhílsiú don Aire ar an stiúrthóir sin nó ar an gcomhalta eile sin d'fháil bháis, etc.

12. —(1) Ar stiúrthóir ar an gCuideachta do scor nó d'fháil bháis nó ar oifig stiúrthóra a theacht chun bheith folamh de réir airteagail chomhlachais na Cuideachta, dílseoidh aon scaireanna a shealbhaigh an stiúrthóir sin don Aire gan é bheith riachtanach iad a aistriú.

(2) Ar chomhalta den Chuideachta (seachas stiúrthóir) d'fháil bháis, dílseoidh aon scaireanna a shealbhaigh an comhalta sin don Aire gan é bheith riachtanach iad a aistriú.

Stiúrthóirí, oifigigh nó seirbhísigh na Cuideachta a bheith ina gcomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas.

13. —(1) I gcás ina ndéanfar stiúrthóir ar an gCuideachta a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Tionól na gComhphobal Eorpach nó ina gceapfar é chun an Tionóil sin, scoirfidh sé air sin de bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachta.

(2) I gcás ina ndéanfar duine is oifigeach nó seirbhíseach don Chuideachta a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Tionól na gComhphobal Eorpach nó ina gceapfar é chun an Tionóil sin, beidh sé ar iasacht ó fhostaíocht na Cuideachta agus ní íocfaidh an Chuideachta leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón gCuideachta, aon luach saothair ná liúntais—

(a) i gcás ina ndéanfar é a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó ina gceapfar é chun an Tionóil sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe nó a cheaptha (de réir mar a bheidh) agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de Sheanad Éireann nó den Tionól sin,

(b) i gcás ina ndéanfar é a ainmniú mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí acu sin nó chun an Tionóil sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó den Tionól sin (de réir mar a bheidh) nó a chinnfidh toghchán air nó a tharraingeoidh sé siar ó bheith ina iarrthóir, de réir mar is iomchuí.

(3) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Thionól na gComhphobal Eorpach beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachta.

An tAire do ráthú íocaíochtaí áirithe a dhéanfaidh Corparáid Árachais na hÉireann. cuideachta phoiblí theoranta.

14. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus modh agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an tAire, go n-íocfaidh an Chorparáid Árachais aon airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a bheidh dlite di agus iníoctha aici faoi aon pholasaí árachais arna shíniú agus arna eisiúint an 15ú lá de Mhárta. 1985, nó roimhe, ag an Institute of London Underwriters thar ceann na Corparáide Árachais nó thar ceann na Corparáide Árachais agus comhaltaí eile den institiúid sin nó aon airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a bheidh dlite den Chorparáid Árachais agus iníoctha aici leis an institiúid sin an 15ú lá de Mhárta, 1985, nó roimhe.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar dó leis an alt seo a fheidhmiú ar shlí gur mó ná £20,000,000 an méid, nó an méid comhiomlán, airgid a dhlífidh sé a íoc aon tráth áirithe ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, mar aon leis an méid airgid (más ann) a bheidh íoctha cheana féin aige ar scór aon ráthaíochta faoin alt seo agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCorparáid Árachais.

(3) A luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana airgeadais de chuid na Corparáide Árachais, leagfaidh an tAire faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas a inseoidh maidir le gach ráthaíocht faoin alt seo a tugadh i rith na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach, na bliana sin—

(a) i gcás aon íocaíocht a bheith déanta aige faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (más ann) a aisíocadh leis ar scór na híocaíochta.

(b) an méid iomlán airgid a d'íoc sé faoin ráthaíocht agus nár aisíocadh leis.

(4) Déanfaidh an Chorparáid Árachais airgead a d'íoc an tAire faoi ráthaíocht faoin alt seo a aisíoc leis (mar aon le hús ar an airgead sin de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh sé le toiliú an Aire Airgeadais) laistigh de dhá bhliain ó dháta an airgid a airleacan as an bPríomh-Chiste.

(5) I gcás an t-airgead go léir nó aon chuid den airgead a cheanglaítear le fo-alt (4) den alt seo a aisíoc leis an Aire a bheith gan íoc de réir an fho-ailt sin, déanfar an méid a bheidh gan íoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(6) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (5) den alt seo chun aon mhéid a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an Chorparáid Árachais faoi dhliteanas don Aire i leith an méid sin, agus déanfaidh an Chorparáid Árachais an méid sin, mar aon le hús air de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire, a aisíoc leis cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh sé agus, mura n-aisíocfar an méid sin mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, beidh sé inghnóthaithe ag an Aire ón gCorparáid Árachais mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(7) Déanfar airgead a íocfaidh an Chorparáid Árachais faoi fho-alt (4) nó (6) den alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí is cuí leis an Aire Airgeadais.

(8) Chun méid an airgid a ríomh a bheidh ráthaithe ag an Aire faoin alt seo faoi threoir na teorann le hairgead atá i bhfo-alt (2) den alt seo, déanfar coibhéis an méid sin in airgead reatha an Stáit a ríomh de réir an ráta iomlaoide tráth na ráthaíochta a thabhairt.

(9) San alt seo ciallaíonn “an Chorparáid Árachais” Corparáid Árachais na hÉireann, cuideachta phoiblí theoranta.

Airgead a sholáthar le haghaidh íocaíochtaí as an bPríomh-Chiste.

15. —(1) Déanfidh an tAire Airgeadais an t-airgead go léir a theastóidh ón Aire ó am go ham faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoi alt 14 den Acht seo a airleacan chuige as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.

(2) Chun soláthar a dhéanamh le haghaidh airleacan as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, féadfaidh an tAire Airgeadais aon suimeanna is gá chun na críche sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus féadfaidh sé, chun críche na hiasachta sin, urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi réir cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte nó aon ní eile is cuí leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste na suimeanna go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh.

(3) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc phríomhshuim agus ús na n-urrús go léir a eiseofar faoin alt seo agus an chaiteachais faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis a eisiúint.

Leasú ar ailt 2 agus 3 den Acht Árachais, 1964 , agus ar alt 2 den Acht Árachais (Uimh. 2), 1983 .

16. —(1) Leasaítear leis seo an tAcht Árachais, 1964

(a) in alt 2, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Féadfaidh an Cuntasóir, chun urrús a thabhairt maidir le haon iasachtaí don Chiste—

(a) an Ciste agus íocaíochtaí isteach sa Chiste a mhuirearú, agus

(b) an t-ord a chinneadh, agus gealltanais a thabhairt i ndáil leis an ord, ar dá réir a dhéanfar íocaíochtaí as an gCiste le creidiúnaithe sonraithe de chuid an Chiste agus le daoine sonraithe eile a mbeidh teideal acu chun íocaíochtaí den sórt sin agus méideanna na n-íocaíochtaí sin a chinneadh, agus gealltanais a thabhairt i ndáil leo, agus

(c) an t-ord a chinneadh, agus gealltanais a thabhairt i ndáil leis an ord, ar dá réir a dhéanfar íocaíochtaí as ioncam sonraithe todhchúil an Chiste le creidiúnaithe sonraithe de chuid an Chiste agus le daoine sonraithe eile a mbeidh teideal acu chun íocaíochtaí den sórt sin.”,

agus

(b) in alt 3, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) Le linn di a dlínse a fheidhmiú faoi fho-alt (2B) den alt seo, tabharfaidh an Ard-Chúirt aird ar na nithe seo a leanas—

(a) méid shócmhainní an Chiste, agus méid an ioncaim is infhionnta, an tráth sin, agus a fhaibhreoidh ina dhiaidh sin don Chiste, agus

(b) méid na suimeanna is iníoctha go cuí an tráth sin as an gCiste agus na suimeanna is infhionnta, an tráth sin, agus a bheidh le híoc go cuí ina dhiaidh sin as an gCiste.”.

(2) Beidh éifeacht le halt 2 den Acht Árachais (Uimh. 2), 1983 , agus measfar éifeacht a bheith leis riamh, amhail is dá gcuirfí “nó” isteach i bhfo-alt (8) roimh “ar aon dáta dá éis sin”.

Caiteachais.

17. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus comhlua.

18. —(1) Féadfar an tAcht Árachais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1985 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Árachais, 1909 go 1985, a ghairm d'alt 16 den Acht seo agus de na hAchtanna Árachais, 1909 go 1983, le chéile.