11 1985

/images/harp.jpg


Uimhir 11 de 1985


ACHT NA nAINMHITHE, 1985


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

An dualgas cúram a ghlacadh nach ndéanfaidh ainmhithe a rachaidh ar seachrán ar bhóthar poiblí damáiste.

3.

Leasú ar an Dogs Act, 1906.

4.

Ainmhithe áirithe a bheidh ag fánaíocht nó ag foghail a ghaibhniú ag an nGarda Síochána nó ag údaráis áitiúla.

5.

Gaibhniú seachas faoi Acht 1935.

6.

Forálacha a bhaineann le limistéir chónaithe áirithe.

7.

Leasuithe ilghnéitheacha.

8.

Aisghairm.

9.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.


Na hAchtanna Dá dTagraítear

An tAcht um Dhliteanas Sibhialta, 1961

1961, Uimh. 41

An tAcht um Airgead Reatha Deachúil, 1970

1970, Uimh. 21

Dogs Act, 1871

1871, c. 56

Dogs Act, 1906

1906, c. 32

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963

1963, Uimh. 28

An tAcht Rialtais Áitiúil (Dola-Bhóithre), 1979

1979, Uimh. 34

An tAcht Pónaí (Soláthar agus Cothabháil), 1935

1935, Uimh. 17

Reacht na dTréimhsí, 1957

1957, Uimh. 6

Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1851

1851, c. 92

Town Police Clauses Act, 1847

1847, c. 89

Towns Improvement (Ireland) Act, 1854

1854, c. 103

/images/harp.jpg


Uimhir 11 de 1985


ACHT NA nAINMHITHE, 1985

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE DLITEANAS I LEITH DAMÁISTE A DHÉANANN AINMHITHE AGUS AN DLÍ A BHAINEANN LE GAIBHNIÚ AINMHITHE, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOL-MHARA. [12 Meitheamh, 1985]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1851” an Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1851;

ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht Pónaí (Soláthar agus Cothabháil), 1935 ;

ciallaíonn “ainmhí” ach amháin in alt 2, bó-ainmhí, capall, asal nó each-ainmhí eile, caora nó gabhar;

folaíonn “damáiste” bás aon duine nó díobháil d'aon duine (lena n-áirítear aon ghalar agus aon mháchail ar staid coirp nó meabhrach duine) agus díobháil do mhaoin nó díothú iomlán nó páirteach ar mhaoin;

tá le “údarás áitiúil” an bhrí a shanntar dó le halt 1 d'Acht 1935;

ciallaíonn “An tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

ciallaíonn “bóthar poiblí” bóthar arb údarás bóithre atá freagrach ina chothabháil agus folaíonn sé dola-bhóthar de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil (Dola-Bhóithre), 1979 , agus, chun críocha alt 2, folaíonn sé freisin aon mhórbhealach;

ciallaíonn “údarás bóithre”—

(a) comhairle chontae,

(b) bardas contaebhuirge nó buirge eile, nó

(c) comhairle cheantair uirbigh.

(2) San Acht seo, is tagairt d'alt den Acht seo tagairt d'alt, mura léirítear gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(3) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt nó do mhír is tagairt í d'fho-alt nó do mhír na forála ina dtarlaíonn an tagairt, mura léirítear gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

An dualgas cúram a ghlacadh nach ndéanfaidh ainmhithe a rachaidh ar seachrán ar bhóthar poiblí damáiste.

2. —(1) Cuirtear deireadh leis seo leis an méid sin de rialacha an dlí choiteann a bhaineann le dliteanas i leith faillí a eisiann nó a shrianann an dualgas a dhlífeadh duine do dhaoine eile cibé cúram is réasúnach a ghlacadh lena chinntiú nach ndéanfaidh ainmhí a rachaidh ar seachrán ar bhóthar poiblí damáiste.

(2) (a) I gcás go ndéanfaidh ainmhí a rachaidh ar seachrán ar bhóthar poiblí ó thalamh neamhfhálaithe damáiste ní mheasfar maidir le duine a chuir an t-ainmhí ar an talamh, gur sháraigh sé an dualgas cúram a ghlacadh de bhíthin amháin gur chuir sé ann é más rud é—

(i) go bhfuil an talamh suite i limistéar mar nach gnách fálú a dhéanamh, agus

(ii) go raibh se i dteideal an t-ainmhí a chur ar an talamh sin.

(b) San fho-alt seo folaíonn “fálú” aon bhac a thógáil a bheidh deartha chun ainmhithe a chosc ó dhul ar seachrán agus forléireofar “neamhfhálaithe” dá réir.

Leasú ar an Dogs Act, 1906.

3. —Leasaítear leis seo an Dogs Act, 1906, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 1:

“1.—(1) The owner of a dog shall be liable in damages for damage caused in an attack on any person by the dog and for injury done by it to any cattle; and it shall not be necessary for the person seeking such damages to show a previous mischievous propensity in the dog, or the owner's knowledge of such previous propensity, or to show that such injury or damage was attributable to neglect on the part of the owner.

(2) Where any such damage or injury has been done by a dog, the occupier of any premises where the dog was kept or permitted to live or remain at the time of the damage or injury shall be presumed to be the owner of the dog, and shall be liable in damages for the damage or injury unless he proves that he was not the owner of the dog at that time: provided that where there is more than one dwelling in any house, the occupier of the particular dwelling in which the dog has been kept or permitted to live or remain at the time of the damage or injury shall be presumed to be the owner of the dog, unless the contrary is proved.

(3) Where a dog is proved to have caused damage in an attack on any person, or to have injured cattle or chased sheep, it may be dealt with under section 2 of the Dogs Act, 1871, as a dangerous dog.

(4) Where cattle are injured by a dog on land on to which they had strayed, and either the dog belonged to the occupier of the land or its presence on the land was authorised by the occupier, a person is not liable under this section in respect of injury done to the cattle, unless the person caused the dog to attack the cattle.

(5) A person is liable in damages for any damage caused by a dog kept on any premises or structure to a person trespassing thereon only in accordance with the rules of law relating to liability for negligence.

(6) (a) Any damage or injury for which a person is made liable under this section shall be deemed to be attributable to a wrong within the meaning of the Civil Liability Act, 1961, and the provisions of that Act shall apply accordingly.

(b) Paragraphs (a) and (b) of subsection (2) of section 11 of the Statute of Limitations, 1957, shall apply in relation to any such damage.

(7) In this section—

‘damage’ has the same meaning as in the Animals Act, 1985;

‘premises’ includes any house or land.”.

Ainmhithe áirithe a bheidh ag fánaíocht nó ag foghail a ghaibhniú ag an nGarda Síochána nó ag údaráis áitiúla.

4. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “áit phoiblí” aon sráid, bóthar nó áit eile ar a mbíonn rochtain ag an bpobal le feithiclí cibé acu an de cheart nó le cead é agus cibé acu ar faoi réir muirir nó saor ó mhuirear é; agus

ciallaíonn “údarás Stáit” Aire den Rialtas nó Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn.

(2) (a) Faoi réir mhír (b), féadfaidh comhalta den Gharda Síochána nó aon údarás áitiúil aon ainmhí a ghaibhniú a gheofar ag fánaíocht ar bhóthar poiblí nó in aon áit phoiblí, nó ag foghail ar aon pháirc phoiblí nó spás oscailte is le húdarás áitiúil nó le húdarás Stáit nó a áitíonn údarás acu sin.

(b) Maidir le haon pháirc phoiblí nó spás oscailte den sórt sin, ní fheidhmeofar an chumhacht chun gaibhniú a thugtar le mír (a) ach amháin ar iarratas ón údarás ar leis, nó ón údarás a áitíonn, an pháirc phoiblí nó an spás oscailte sin.

(3) Féadfaidh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn aon ainmhí a ghaibhniú a gheofar ag foghail ar aon pháirc phoiblí atá faoi rialú agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí.

(4) Ní bheidh feidhm ag mír 11 d'alt 10 d'Acht 1851 ná ag alt 20 den Acht sin i ndáil le hainmhí a ghaibhniú ag comhalta den Gharda Síochána nó ag údarás áitiúil nó ag Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn.

(5) I gcás ainmhí a ghaibhniú de bhun na gcumhachtaí a thugtar leis an alt seo, féadfaidh an t-údarás a ghaibhneoidh an t-ainmhí an costas a bhaineann leis an ainmhí a iompar go dtí an póna a ghnóthú ó úinéir an ainmhí mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Gaibhniú seachas faoi Acht 1935.

5. —(1) San alt seo ciallaíonn “póna príobháideach” póna nach póna a sholáthraítear faoi Acht 1935.

(2) D'ainneoin aon ní atá in Acht 1935 nó i rialacháin arna ndéanamh faoi, beidh sé dleathach ag aon údarás áitiúil comh-shocraíochtaí a dhéanamh chun go bhféadfaidh comhalta den Gharda Síochána nó údarás áitiúil nó Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn aon ainmhí a ghaibhniú i bpóna príobháideach.

(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh le haghaidh aon ní nó gach ní de na nithe seo a leanas i ndáil le hainmhithe a ghaibhneofar i bpónaí príobháideacha:—

(a) na fógraí a thabharfar nó a thaispeánfar maidir le gaibhniú na n-ainmhithe sin;

(b) na táillí a íocfaidh úinéir na n-ainmhithe sin;

(c) seirbhísí tréidliachta a chur ar fáil le haghaidh na n-ainmhithe sin;

(d) ainmhithe arna ngaibhniú amhlaidh a aistriú chuig pónaí a sholáthraítear faoi Acht 1935;

(e) ainmhithe arna ngaibhniú amhlaidh arb ainmhithe iad nach eol cé hé a n-úinéir nó nach féidir teacht air, a dhíol, a dhiúscairt nó a dhíothú de bhun ordú ón údarás áitiúil arb ina limistéar feidhme atá an póna príobháideach suite, agus an tráth ar dá éis a dhéanfar an díol, an diúscairt nó an díothú sin;

(f) ainmhithe arna ngaibhniú amhlaidh arb ainmhithe iad arb eol cé hé a n-úinéir a dhíol, a dhiúscairt nó a dhíothú, de bhun ordú ón údarás áitiúil ar ina limistéar feidhme atá an póna príobháideach suite, i gcás go mainneoidh an t-úinéir, ar an duine atá i gceannas an phóna phríobháidigh á iarraidh sin air, na táillí forordaithe a íoc nó na hainmhithe a aistriú ón bpóna;

(g) an t-airgead a gheofar ó aon díol faoi mhír (e) nó (f) a dhiúscairt;

(h) an caighdeán a bheidh le cur i bhfeidhm maidir le pónaí agus maidir le cúram na n-ainmhithe iontu.

(4) Is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais sin, a íocfar aon fhuílleach de na costais a thabhaigh údarás áitiúil i ndáil le póna príobháideach laistigh dá limistéar feidhme tar éis aon airgead a asbhaint a fuarthas ó aon díolacháin ainmhithe nach eol cé hé a n-úinéir nó nach féidir teacht air, ar díolacháin iad a seoladh de réir rialachán arna ndéanamh ag an Aire faoi fho-alt (3) agus tar éis táillí a asbhaint a d'íoc úinéirí ainmhithe de réir na rialachán sin.

(5) Aon duine a dhéanfaidh aon ghníomh (cibé acu trí ghníomh nó trí neamhghníomh) de shárú ar aon rialachán arna dhéanamh faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air.

(6) Gach duine—

(a) a dhamáisteoidh aon phóna príobháideach nó a bhrisfidh isteach ann,

(b) a dhéanfaidh aon ainmhithe a bheidh gaibhnithe go dleathach in aon phóna príobháideach a scaoileadh amach as nó a thógáil amach as, nó

(c) a úsáidfidh foréigean, bagairtí nó breabanna d'fhonn a áirithiú go ndéanfar aon ainmhithe a bheidh gaibhnithe go dleathach in aon phóna príobháideach a scaoileadh amach as nó a bhreith chun siúil as,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £750 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná naoi mí nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air.

Forálacha a bhaineann le limistéir chónaithe áirithe.

6. —(1) San alt seo—

tá le “forbairt” an bhrí a shanntar dó le halt 3 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 ;

ciallaíonn “cead pleanála” cead chun talamh a fhorbairt a dheonaítear faoi Chuid IV den Acht sin;

ciallaíonn “ceannfort” ceannfort den Gharda Síochána agus folaíonn sé cigire den Gharda Síochána ag gníomhú mar cheannfort.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le haon talamh arb amhlaidh ina leith—

(a) go mbeidh cead pleanála faighte d'aon fhorbairt chónaitheach, agus

(b) nach mbeidh an fhorbairt (lena n-áirítear bóithre a chothabháil go dtí go nglacfaidh an t-údarás áitiúil lena mbaineann ceannas orthu) curtha i gcrích.

(3) Féadfaidh údarás áitiúil le hordú aon talamh ina limistéar feidhme lena mbaineann an t-alt seo nó aon chuid de thalamh den sórt sin, a ainmniú chun bheith ina limistéar ainmnithe chun críocha an ailt seo, agus féadfaidh siad ainmniú faoin bhfo-alt seo a chúlghairm.

(4) In aon imeachtaí i leith damáiste a rinne ainmhí a d'imigh ar seachrán ó thalamh is limistéar ainmnithe de thuras na huaire, beidh áititheoir na talún, in aon chás nár thug an t-áititheoir sin cead an t-ainmhí a bheith ar an talamh, faoi dhliteanas i leith an damáiste amhail is dá mba eisean úinéir an ainmhí sin.

(5) D'ainneoin fho-alt (4) ní bheidh áititheoir talún is límistéar ainmnithe de thuras na huaire faoi dhliteanas i leith aon damáiste a rinneadh mar adúradh le linn na tréimhse a bheidh sonraithe i bhfógra a bheidh de réir fho-alt (6), in aon chás ina mbeidh fógra den sórt sin tugtha aige don údarás áitiúil arb ina limistéar feidhme atá an talamh suite agus do cheannfort an cheantair ina bhfuil an talamh suite.

(6) Is é ciall an fhógra dá dtagraítear i bhfo-alt (5) nach bhfuil sé i gceist ag áititheoir na talún, maidir leis an tréimhse a shonraítear san fhógra, cead a thabhairt d'aon duine, seachas cibé daoine a bheidh sonraithe san fhógra, ligean d'aon ainmhí a bheith ar an talamh agus údaróidh an fógra don údarás áitiúil a bhfuil an talamh ina limistéar feidhme agus don Gharda Síochána aon ainmhí nach bhfuil cead aige bheith ar an talamh a aistriú.

(7) Beidh feidhm ag alt 4 maidir le haon ainmhí a aistreofar ó limistéar ainmnithe de dhroim údarú a tugadh i bhfógra atá i gcomhréir le fo-alt (6) amhail is dá dtiocfaí ar an ainmhí agus é ag fánaíocht in áit phoiblí nó ag foghail ar spás oscailte ar le húdarás áitiúil é.

Leasuithe ilghnéitheacha.

7. —Déantar leis seo gach foráil d'Acht a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an alt seo a leasú ar an modh a luaitear i gcolún (2) den Tábla sin os coinne lua na forála sin i gcolún (1).

AN TÁBLA

An fhoráil den Acht a leasaítear

An Cineál Leasaithe

(1)

(2)

Mír 1 d'alt 10 d'Acht 1851 (arna leasú leis an Acht um Airgead Reatha Deachúil, 1970 ).

Cuirfear “shall be liable on summary conviction, in the case of a first offence under this paragraph, to a fine not exceeding £150 and, in the case of a second or subsequent such offence, to a fine not exceeding £350” in ionad “shall be liable to a fine not exceeding fifty new pence”.

Mír 11 d'alt 10 d'Acht 1851 (arna leasú leis an Acht um Airgead Reatha Deachúil, 1970 ).

Cuirfear “shall be liable on summary conviction, in the case of a first offence under this paragraph, to a fine not exceeding £150 and, in the case of a second or subsequent such offence, to a fine not exceeding £350” in ionad “shall be liable to a fine not exceeding ten new pence”.

Alt 8 (1) d'Acht 1935.

Cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (e):

“(e) ainmhithe a gheofar ag foghail, ag fánaíocht nó ar seachrán, nó airnéis, nach eol cé hé an t-úinéir orthu nó nach féidir teacht air, a dhíol, a dhiúscairt nó a dhíothú, de bhun ordú ón údarás áitiúil arb ina limistéar feidhme atá an póna suite, agus an tráth ar dá éis a dhéanfar an díol, an diúscairt nó an díothú sin;”

Cuirfear na míreanna seo a leanas isteach i ndiaidh na míre sin (e):

“(ee) ainmhithe gaibhnithe arb eol cé hé a n-úinéir a dhíol, a dhiúscairt nó a dhíothú de bhun ordú ón údarás áitiúil arb ina limistéar feidhme atá an póna suite, i gcás go mainneoidh an t-úinéir, ar choimeádaí an phóna á iarraidh sin air, na táillí forordaithe a íoc nó na hainmhithe a aistriú ón bpóna;

(eee) na fógraí a thabharfar nó a thaispeánfar i ndáil le gaibhniú ainmhithe;”

Cuirfear “faoi mhíreanna (e) agus (ee)” in ionad “fén mír dheiridh sin roimhe seo” i mír (f).

Alt 8 (2) d'Acht 1935.

Cuirfear “£500” in ionad “fiche púnt”.

Alt 9 d'Acht 1935.

Cuirfear “£750” in ionad “caoga púnt”.

Aisghairm.

8. —Aisghairtear leis seo ailt 24 agus 25 den Town Police Clauses Act, 1847, míreanna 7 agus 8 d'alt 19 d'Acht 1851 agus alt 71 den Towns Improvement (Ireland) Act, 1854.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

9. —Féadfar Acht na nAinmhithe, 1985 , a ghairm den Acht seo agus tiocfaidh sé i ngníomh cibé dáta a shocróidh an tAire le hordú.